EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Reachtaíocht um chineálcheadú AE maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe (1)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2019/26 — lena gcomhlánaítear reachtaíocht maidir le cineálcheadú an Aontais Eorpaigh i ndáil le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe (1) ón Aontas Eorpach

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Bunaítear leis rialacha úra chun aistriú réidh a áirithiú maidir le cineálcheadú* mótarfheithiclí, chomh maith le córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe do na feithiclí sin, nuair a fhágfaidh an Ríocht Aontaithe (1) an tAontas Eorpach.

PRÍOMHPHOINTÍ

Comhthéacs dlíthiúil

  • Faoi dhlí AE, tá ceadú cineáil feithicle i dtír amháin AE bailí ar fud AE gan gá le tuilleadh tástálacha agus athdheimhniú i dtíortha eile AE.
  • I ndiaidh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe (1) ó AE (nó ag deireadh na hidirthréimhse, má dhaingneofar an Comhaontú um Tharraingt Siar), ní bheidh údarás um chineálcheadú na Ríochta Aontaithe (1) ina údarás náisiúnta thír AE a thuilleadh.
  • Dá réir sin, gan comhaontú maidir le caidreamh úr idir an dá pháirtí, ní fhéadfaidh monaróirí feithiclí a chur ar mhargadh an 27 tír AE atá fágtha (AE-27) a thuilleadh ar bhonn an chineálcheadaithe a dheonaítear in AE.

Cineálcheadú AE-27

  • Féadfaidh monaróirí iarratas a dhéanamh chuig údarás um chineálcheadú AE-27 le haghaidh na gcineálacha a cheadaigh údarás na Ríochta Aontaithe (1) roimhe seo.
  • Ní mór do mhonaróirí:
    • táillí a íoc don údarás um chineálcheadú AE as a fheidhmeanna agus a dhualgais a dhéanamh;
    • doiciméid agus faisnéis a sholáthar d’údarás AE má iarrtar é sin.

Coinníollacha maidir le ceadú

  • Ní mór don chineál cloí leis na rialacha maidir le feithiclí úra, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla is infheidhme a chur ar an margadh, a chlárú nó a chur i seirbhíse nuair a thiocfaidh cineálcheadú AE i bhfeidhm.
  • Féadfar cineálcheadú a dheonú ar bhonn na dtuairiscí tástála céanna a úsáidtear chun cineálcheadú na Ríochta Aontaithe (1) a dheonú i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, beag beann ar cibé an ndearna tír AE a dheonaigh cineálcheadú AE an tseirbhís theicniúil a d’eisigh an tuairisc thástála a ainmniú nó nach ndearna nó ar thug sí fógra di nó nár thug.
  • Féadfaidh údarás AE a iarraidh go ndéanfaí na tástálacha faoi leith arís. Ní mór seirbhís theicniúil a d’aimnigh an t–údarás sin agus ar chuir an t–údarás sin fógra chuici iad sin a dhéanamh.
  • Tiocfaidh cineálcheadú AE i bhfeidhm an lá a dheonófar é mura sonraítear a mhalairt. Tiocfaidh cineálcheadú na Ríochta Aontaithe (1) chun bheith neamhbhailí an lá roimhe an lá a thiocfaidh cineálcheadú AE i bhfeidhm.
    • I gcás ar bith, tiocfaidh cineálcheadú na Ríochta Aontaithe (1) chun bheith neamhbhailí ar a dhéanaí an lá a thiocfaidh deireadh le feidhm a bheith ag reachtaíocht um chineálcheadú AE maidir leis an Ríocht Aontaithe (1) agus sa Ríocht Aontaithe (1).

Údarás um chineálcheadú AE

  • Ón am sin a thiocfaidh cineálcheadú AE i bhfeidhm, beidh údarás AE lena mbaineann freagrach as feithiclí, córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh a monaraíodh ar bhonn chineálcheadú na Ríochta Aontaithe (1) agus a chuirfear nó a bheidh le cur ar an margadh, a chlárú nó a chur i seirbhís in AE.
  • Ní mór don mhonaróir chomh maith a iarraidh go nglacfaidh údarás AE lena mbaineann oibleagáidí údarás um chineálcheadú na Ríochta Aontaithe (1) i ndáil le feithiclí, córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leithligh de chuid an mhonaróra a cuireadh ar an margadh, a cláraíodh nó a cuireadh i seirbhísí in AE ar bhonn chineálcheadú na Ríochta Aontaithe (1) atá tagtha chun bheith neamhbhailí, nó nach lorgaíodh cineálcheadú AE ar bith ina leith faoin rialachán seo.
  • Ní mór an t–iarratas sin a dhéanamh maidir le gach feithicil, gach córas, gach comhpháirt agus gach aonad teicniúil ar leithligh atá bunaithe ar chineálcheadú na Ríochta Aontaithe (1) i seilbh an mhonaróra a deonaíodh i ndiaidh an 1 Eanáir 2008 mura rud é go bhféadfaidh an monaróir cruthúnas a sholáthar ar chomhaontú le húdarás eile um chineálcheadú AE a chlúdaíonn na feithiclí, na córais, na comhpháirteanna nó na haonaid theicniúla ar leithligh sin.
  • Níl údarás AE freagrach as gníomhartha nó neamhghníomhartha de chuid údarás na Ríochta Aontaithe (1).

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 13 Eanáir 2019.

CÚLRA

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Cineálcheadú: an nós imeachta trína ndeimhníonn údarás ceadúcháin go gcomhlíonann cineál feithicle, córas, comhpháirt nó aonad teicniúil faoi leith ceanglais dhlíthiúla áirithe.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2019/26 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Eanáir 2019 lena gcomhlánaítear reachtaíocht maidir le cineálcheadú an Aontais i ndáil le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe (1) ón Aontas (IO L 8I, 10.1.2019, lgh. 1-7). Téacs arna athfhoilsiú mar cheartúchán (IO L 851, 27.3.2019, lgh. 69-71)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir le ceanglais a bhaineann le teorainneacha astaíochtaí le haghaidh truailleáin ghásacha agus cháithníneacha agus cineálcheadú i dtaca le hinnill dócháin inmheánaigh le haghaidh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 agus Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, agus lena leasaítear agus lena n–aisghairtear Treoir 97/68/CE (IO L 252, 16.9.2016, lgh. 53-117)

Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat le haghaidh mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá beartaithe d’fheithiclí den sórt sin (Creat-Treoir) (IO L 263, 9.10.2007, lgh. 1-160)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2007/46/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Feabhra 2013 maidir le ceadú agus faireachas margaidh feithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta (IO L 60, 2.3.2013, lgh. 1-51)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (IO L 60, 2.3.2013, lgh. 52-128)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 16.05.2019



(1) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus rinneadh tríú tír (tír neamh-AE) di ón 1 Feabhra 2020.

Top