Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Comhphobal Iompair

 

ACHOIMRE AR:

Conradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair

Cinneadh (AE) 2019/392 — tabhairt i gcrích, thar ceann AE, an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair

CAD IS AIDHM LEIS AN GCONRADH AGUS LEIS AN GCINNEADH?

  • Tá sé mar aidhm leis an gconradh comhphobal iompair a chruthú idir AE agus sé thír na mBalcán Thiar in oirdheisceart na hEorpa, Poblacht na hAlbáine, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Poblacht na Macadóine Thuaidh (ar a dtugtaí Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine roimhe seo), an Chosaiv*, Montainéagró agus Poblacht na Seirbia.
  • Cumhdaítear ann iompar de bhóthar, iompar d’iarnród, iompar uiscebhealaí intíre agus iompar muirí agus forbraítear leis gréasán iompair.
  • Tugtar ceadú dlíthiúil leis an gcinneadh don chonradh a ndearna an Coimisiún Eorpach idirbheartaíocht ina leith le comhpháirtithe Eorpacha oirdheisceart AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Liostaítear sa chonradh reachtaíocht iompair AE (iarnróid, bóithre, muirí, uiscebhealaí intíre agus bonneagar) agus na rialacha comhshaoil, soláthair phoiblí, iomaíochta agus nós imeachta nach mór do gach páirtí a chur chun feidhme;

Maidir le AE agus sé thír oirdheisceart na hEorpa:

  • tugann siad rochtain ar bhonneagar chuideachtaí iarnróid na dtíortha a luadh a oibríonn seirbhísí idirnáisiúnta paisinéirí agus lastais;
  • cuireann siad iompar ar uiscebhealaí intíre agus iompar muirí atá éifeachtach, sábháilte agus slán chun cinn;
  • éascaíonn siad nósanna imeachta agus foirmiúlachtaí riaracháin agus iad ag trasnú ó dhlínse amháin go dlínse eile;
  • cuireann siad cosc ar idirdhealú náisiúnta;
  • aontaíonn siad díospóidí dlíthiúla ar bith a chur ar aghaidh chuig Chúirt Bhreithiúnais AE;
  • tugann siad ranníocaíocht i gcomhair an Chomhphobail Iompair (íocann AE 80 % agus íocann a chomhpháirtithe 20 %);
  • téann siad i gcomhairle lena chéile maidir le saincheisteanna iompair a láimhseáiltear in eagraíochtaí idirnáisiúnta agus maidir le tionscnaimh réigiúnacha.

Ní mór do shé thír oirdheisceart na hEorpa:

  • corp dhlí coiteann acquis sóisialta, comhshaoil agus soláthair phoiblí ábhartha AE a chur chun feidhme;
  • córais éifeachtacha bainistíochta tráchta a fhorbairt;
  • iompar de bhóthar atá éifeachtach, sábháilte agus slán i gcomhréir le caighdeáin agus beartais oibriúcháin AE a chur chun cinn;
  • a áirithiú go ndéanfar a státchabhair agus reachtaíocht iomaíochta a ailíniú de réir a chéile le acquis AE.

Maidir leis an gComhphobal Iompair:

  • déanann sé idirphlé sóisialta, cearta bunúsacha oibrithe, dlíthe maidir le saothar, sláinte agus sábháilteacht ag an obair, comhdheiseanna agus rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta a neartú agus a chur chun cinn;
  • tacaíonn sé leis an ngréasán tras-Eorpach iompair (TEN-T)* agus soláthraíonn sé plean oibre rollach 5 bliana gach 2 bhliain chun a fhorbairt a spreagadh agus tionscadail tosaíochta a shainaithint.

Bunaítear an méid seo a leanas leis an gconradh:

  • comhairle aireachta chun treoirlínte ginearálta beartas a sholáthar agus chun dul chun cinn a athbhreithniú;
  • coiste stiúrtha réigiúnach chun an conradh a riar ag a bhfuil an chumhacht coistí teicniúla a bhunú;
  • rúnaíocht bhuan bunaithe sa Bhéalgrád chun tacaíocht riaracháin a sholáthar agus chun gníomhú mar réadlann iompair;
  • socruithe idirthréimhseacha do gach tír de shé thír oirdheisceart na hEorpa;
  • athbhreithniú i ndiaidh 5 bliana.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHONARTHA?

Tá feidhm shealadach ag an gconradh ón 9 Deireadh Fómhair 2017 leis an Albáin, leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin agus leis an gCosaiv* agus ón 29 Samhain 2017 leis an tSeirbia.

Tháinig sé i bhfeidhm ar an 1 Bealtaine 2019.

CÚLRA

  • Is príomhghné é comhar réigiúnach leis na Balcáin Thiar a neartú maidir le cobhsaíocht pholaitiúil, slándáil, rachmas eacnamaíoch agus forbairt shóisialta sa réigiún.
  • Cuidíonn an comhphobal iompair le hiomaíochas na dtíortha a chur chun cinn trí fheabhas a chur ar na córais náisiúnta agus ar bhonneagar náisiúnta, méadaíonn sé éifeachtacht an ghréasáin agus cáilíocht na seirbhíse agus, go ginearálta, cothaíonn sé dea-chaidreamh comharsana.
  • Ní chumhdaítear rialacha maidir le hearraí a iompraítear de bhóthar sa chonradh. Déantar an trácht a rialáil i gcomhaontuithe déthaobhacha idir AE agus tíortha oirdheisceart na hEorpa.
  • Le haghaidh breis faisnéis, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

TEN-T: i ngréasáin tras-Eorpacha iompair (TEN-T) cumhdaítear iompar de bhóthar agus iompar idirmhódúil (i.e. úsáid a bhaint as ilmhodhanna amhail iarnród/uisce, bóthar/iarnród), uiscebhealaí agus calafoirt agus an gréasán Eorpach iarnróid ardluais.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Conradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (IO L 278, 27.10.2017, lgh. 3-53)

Cinneadh (AE) 2019/392 ón gComhairle an 4 Márta 2019 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (IO L 71, 13.3.2019, lgh. 1-4)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Faisnéis maidir le dáta theacht i bhfeidhm an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (IO L 176, 1.7.2019, lch. 1)

Faisnéis maidir le dáta theacht shíniú agus chur i bhfeidhm sealadach an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompairidir AE agus na Balcáin Thiar (IO L 17, 23.1.2018, lch. 1)


*Ní dochar an t–ainmniú seo do sheasaimh ar stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244 (1999) agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

Nuashonraithe 07.01.2020

Top