EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhlíonadh agus forfheidhmiú an Choinbhinsiún Saothair Mhuirí ag Ballstáit AE a áirithiú

Leagtar amach sa treoir seo de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) freagrachtaí na mbratstát (tíortha ina chláraítear longa) maidir le forfheidhmiú an Choinbhinsiún Saothair Mhuirí (CSM), coinbhinsiún arna chomhaontú sa bhliain 2006 ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS).

ACHT

Treoir 2013/54/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le freagrachtaí áirithe bratstát chun cloí leis an gCoinbhinsiún Saothair Mhuirí, 2006 agus chun an Coinbhinsiún Saothair Mhuirí a chur i bhfeidhm.

ACHOIMRE

Iarrtar leis an treoir a áirithiú go gcloíonn Ballstáit AE lena n-oibleagáidí mar bhratstáit i ndáil le codanna ábhartha de Threoir 2009/13/CE a chur i bhfeidhm ag longa a chuireann a mbratach ar foluain, treoir lena corpraíodh i ndlí AE cuid thábhachtach de CSM 2006.

Leagtar amach in CSM 2006 na híoschaighdeáin dhomhanda riachtanacha le ceart na maraithe chun dálaí cuibhiúla maireachtála agus oibre a áirithiú, beag beann ar a náisiúntacht agus ar bhratach na long ar a mbíonn siad ag obair. Iarrtar leis chomh maith dumpáil shóisialta a theorannú chun iomaíocht chóir a bhaint amach do na longúinéirí a mbíonn meas acu ar chearta na maraithe.

Seo a leanas príomhphointí na treorach nua:

1.

Faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh

Bíonn ar Bhallstáit AE meicníochtaí éifeachtacha cuí um fhorfheidhmiú agus um fhaireachán a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear imscrúduithe ag eatraimh shainiúla lena áirithiú go gcomhlíonann dálaí maireachtála agus oibre na maraithe, ar na longa a bhfuil a mbratach ar foluain acu, ceanglais an CSM 2006, agus go leanfar leis na ceanglais sin a chomhlíonadh.

Féadfar na meicníochtaí seo a oiriúnú chun na dálaí sainiúla a chur san áireamh a bhaineann le longa a bhfuil meáchan níos lú ná 200 olltonáiste orthu, longa nach dtéann ar aistear thar lear. Féadfaidh Ballstáit AE, agus iad freagrach go fóill as imscrúdú a dhéanamh, eagraíochtaí a údarú a bhfuil saineolas réimse acu (eagraíochtaí aitheanta) chun a leithéid d’imscrúduithe a dhéanamh.

2.

Cigirí

Ní mór go mbeadh an inniúlacht ghairmiúil agus an neamhspleáchas riachtanach ag pearsanra atá údaraithe chun imscrúduithe a dhéanamh agus atá i gceannas ar fhorfheidhmiú ceart a fhíorú.

Mura bhfuil ceanglais CSM 2006 á gcomhlíonadh, féadfaidh cigirí long a stopadh de chalafort a fhágáil go dtí go ndéantar na bearta riachtanacha.

3.

Nósanna imeachta um ghearán

Ní mór go n-áiritheodh Ballstáit AE go bhfuil fáil ar nósanna imeachtaí cuí um ghearán ar bord. Pearsanra a bhíonn ag plé le gearáin nó a gcuirtear gearáin in iúl dóibh, ní mór go gcoimeádfadh sé foinse na casaoide nó an ghearáin faoi rún.

Cuimsíonn Treoir 2013/38/AE arna glacadh léi sa bhliain 2013 freagrachtaí stáit an chalafoirt maidir le CSM 2006 a chur i bhfeidhm.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2013/54/AE

30.12.2013

31.3.2015

IO L 329, 10.12.2013, lgh. 1-4

ACHTANNA GAOLMHARA

Treoir 2009/13/CE ón gComhairle an 16 Feabhra 2009 lena gcuirtear i bhfeidhm an Comhaontú arna chur i gcrích ag Comhlachais Longúinéirí an Chomhphobail Eorpaigh (ECSA) agus Cónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa (ETF) maidir leis an gCoinbhinsiún Saothair Mhuirí, 2006, agus lena leasaítear Treoir 1999/63/CE (IO L 124, 20 Bealtaine 2009, lgh. 30-50).

Treoir 2013/38/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Lúnasa 2013 lena leasaítear Treoir 2009/16/CE maidir le rialú Stáit ar chalafoirt (IO L 218, 14 Lúnasa 2013, lgh. 1-7).

Nuashonraithe 10.08.2014

Top