Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

I dtreo Limistéar Eorpach Taighde bríomhar

Is í an teachtaireacht ar an Limistéar Eorpach Taighde (LET) ó mhí Mheán Fómhair 2014 ná an dara tuarascáil ar dhul chun cinn ar LET. Dírítear aird sa tuarascáil ar an dul chun cinn atá déanta ag comhpháirtíocht LET — tíortha an Aontais Eorpaigh (AE), eagraíochtaí taighde agus an Coimisiún Eorpach — maidir le margadh aonair um thaighde a chur ar bun. Tugtar faoi deara inti freisin na dúshláin atá le sárú sular féidir LET a chur i gcrích.

GNÍOMH

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa: An Limistéar Eorpach Taighde — Tuarascáil ar dhul chun cinn 2014 (COM(2014) 575 final an 15.9.2014).

ACHOIMRE

Is í an teachtaireacht ar an Limistéar Eorpach Taighde (LET) ó mhí Mheán Fómhair 2014 ná an dara tuarascáil ar dhul chun cinn ar LET. Dírítear aird sa tuarascáil ar an dul chun cinn atá déanta ag comhpháirtíocht LET — tíortha an Aontais Eorpaigh (AE), eagraíochtaí taighde agus an Coimisiún Eorpach — maidir le margadh aonair um thaighde a chur ar bun. Tugtar faoi deara inti freisin na dúshláin atá le sárú sular féidir LET a chur i gcrích.

CÉARD A DHÉANANN AN TEACHTAIREACHT?

Cinntítear go príomha sa teachtaireacht go bhfuil na coinníollacha chun LET a chur i gcrích, ina mbeidh taighdeoirí in ann bogadh timpeall go héasca ina mbeifear in ann an t-eolas eolaíochta a chur timpeall go héasca, curtha i bhfeidhm ar leibhéal AE. Cuirfear LET i gcrích de réir a chéile áfach agus, mar sin, ní mór athchóirithe a chur i bhfeidhm go príomha ag leibhéal tíre anois chun go bhfeidhmeoidh LET.

Deimhnítear sa tuarascáil go bhfuil na coinníollacha seo a leanas maidir leis an LET a chur i gcrích, arna bhfógairt sa teachtaireacht LET 2012, curtha ar bun go dlúth anois:

  • Tá méadú ag teacht ar líon na mbeart atá á nglacadh ag tíortha AE chun tacú leis an LET, agus léirítear na bearta sin i gcáir náisiúnta athchóirithe na dtíortha;
  • Tá LET curtha san áireamh i seimeastar Eorpach (comhordú bliantúil an bheartais eacnamaíoch) ag AE. Cuireann AE a lán cistiúcháin ar fáil freisin le haghaidh bearta LET, m.sh. earcaíocht oscailte, rochtain oscailte ar fhoilseacháin agus comhionannais inscne a chur chun cinn tríd an gclár Fís 2020;
  • Thacaigh eagraíochtaí taighde amhail maoinitheoirí taighde agus institiúidí taighde go mór le clár oibre LET;
  • Cuireadh sásra monatóireachta LET ar bun, a bhfuil sonraí níos láidre á soláthar aige i gcónaí, chun feidhmíocht ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal institiúideach a mheas.

Laigí taighde ar gá dul i ngleic leo

  • Cé gur ghlac beagnach gach uile thír den AE le straitéisí náisiúnta taighde, tá difríochtaí móra ann go fóill sa chaoi a leithdháiltear cistiúchán taighde. Chomh maith leis sin, níl dóthain caighdeán comhaontaithe san Eoraip chun piarathbhreithnithe idirnáisiúnta a dhéanamh.
  • Tá tuilleadh oiliúna de dhíth ar iarrthóirí dochtúireachta AE, chun na scileanna cearta a chur ar fáil dóibh chun go mbeidh siad in ann obair i réimsí eile freisin.
  • Cé go bhfuil cleachtais earcaíochta oscailte le haghaidh post in institiúidí taighde poiblí á gcleachtadh ag níos mó tíortha, ní bhaintear úsáid chothrom as na cleachtais sin thar raon na dtíortha, na n-institiúidí taighde agus na ngrád.
  • Tá tionscnaimh ag breis is leath de na tíortha AE a thacaíonn le comhionannas inscne sa taighde, ach tá luas an fhíorathraithe ró-mhall.
  • Tá ag éirí níos fearr le tíortha AE anois agus rochtain oscailte ar thorthaí taighde (foilseacháin agus sonraí) á cinntiú acu agus straitéisí maidir le haistriú eolais náisiúnta á bhforbairt acu, ach tá níos mó le déanamh acu go fóill sna réimsí sin.

Tugtar faoi deara sa tuarascáil ar dhul chun cinn gur gá do thíortha AE Treochlár LET a fhorbairt faoi lár na bliana 2015. Ba cheart go leanfadh tionscnaimh as seo a dhírítear ar riachtanais shonracha na spriocthíortha.

Dúshláin thodhchaíocha

Chun cumas chórais taighde oscailte na hEorpa a uasmhéadú agus chun nuálaíocht a chothú, ní mór don LET glacadh le tosaíochtaí nua beartais agus le forbairtí taighde agus ní mór dó réitigh inbhuanaithe a sheachadadh do na dúshláin atá os comhair na sochaí. Tá riachtanas níos mó ann le haghaidh ardchaighdeán agus cuntasacht taighde, agus tá móid nua ann chun taighde a dhéanamh agus a chomhroinnt (.i. eolaíocht oscailte) agus, mar sin, braithfidh a rathúnas ar pháirtithe leasmhara nua.

Nuashonraithe 13.05.2015

Top