This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Scoilteadh hiodrálach: íosphrionsabail maidir le scoilteadh hiodrálach ardtoirte a úsáid chun hidreacarbóin a chuardach agus a tháirgeadh
Seoladh tionscnamh um ghás scealla ag an Aontas Eorpach (AE), moladh le haghaidh íoschoimircí san áireamh, de bharr na rioscaí a bhaineann le scoilteadh hiodrálach.
ACHT
Moladh ón gCoimisiún maidir le híosphrionsabail i ndáil le húsáid scoilte hiodrálaigh ardtoirte chun hidreacarbóin (amhail gás scealla) a chuardach agus a tháirgeadh (2014/70/AE).
ACHOIMRE
Cad is scoilteadh hiodrálach ann?
Sáinnítear gás scealla i struchtúir charraige, agus ní mór na struchtúir charraige seo a bhriseadh chun an gás a bhaint amach. Baintear feidhm as scoilteadh hiodrálach chun é seo a dhéanamh. Bristear an charraig trí uisce, trí ghaineamh nó trí cheimiceáin a chur isteach i dtollpholl.
Níl ach taithí theoranta ar scoilteadh hiodrálach againn san AE agus, mar sin, tá ann do chúraimí sábháilteachta agus comhshaoil toisc go mb’fhéidir go mbeidh tionchair thrasteorann ag na rioscaí a bhaineann le hacmhainní gáis scealla.
Moladh ón Choimisiún
De bhun na gcúraimí seo, eisíodh moladh ag an Choimisiún i mí Eanáir 2014 a bhfuil mar aidhm aige a chinntiú go gcuirfear coimircí cearta sábháilteachta agus comhshaoil i bhfeidhm ag na Ballstáit den AE a mbeidh scoilteadh hiodrálach ar siúl acu. Ba cheart go gcuideodh seo le trédhearcacht fheabhsaithe do shaoránaigh agus go mbunófaí leis creat níos soiléire le haghaidh infheisteoirí agus machaire réidh maidir le rialú an tionscail.
Teachtaireacht
D’fhoilsigh an Coimisiún teachtaireacht maidir le scoilteadh hiodrálach mar chuid dá thionscnamh um ghás scealla chomh maith. Féachtar sa teachtaireacht seo ar na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith bainteach le scoilteadh hiodrálach ó thaobh slándála fuinnimh, iomaíochais agus ioncaim de. Pléitear inti chomh maith le dúshláin chomhshaoil a bhaineann le huisce, le truailliú aeir agus le tógáil talún. Rinneadh measúnú tionchair ar na tionchair shocheacnamaíocha agus chomhshaoil a bhaineann le roghanna éagsúla beartais.
Freagrachtaí
Cuireann an moladh le reachtaíocht reatha an AE agus leagtar amach ann chomh maith freagrachtaí Bhallstáit an AE a mbeidh scoilteadh hiodrálach ar siúl acu.
Áirítear leis na freagrachtaí seo:
Na chéad chéimeanna eile
Ba cheart prionsabail an mholta a chur i bhfeidhm laistigh de 6 mhí tar éis tús a chur le scoilteadh hiodrálach sna tíortha sin. Ó mhí na Nollag 2014 ar aghaidh, ba cheart do na tíortha sin tuairisc a chur faoi bhráid an Choimisiúin gach bliain maidir leis na bearta a chuirtear i bhfeidhm. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar na bearta agus déanfaidh sé athbhreithniú ar éifeachtúlacht an mholta laistigh de 18 mí tar éis a fhoilsithe.
TAGAIRTÍ
Acht |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
Moladh 2014/70/AE ón gCoimisiún |
- |
- |
IO L 39, 8.2.2014, lch. 72 |
ACHTANNA GAOLMHARA
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa maidir le feidhm a bhaint as scoilteadh hiodrálach ardtoirte san Aontas Eorpach chun hidreacarbóin (amhail gás scealla) a chuardach agus a tháirgeadh [COM(2014) 23 final/2 an 17.3.2014 - gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil].
Nuashonrú is déanaí: 16.06.2014