Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Beartais fostaíochta thíortha AE: treoirlínte

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh (AE) 2015/1848 — treoirlínte maidir le beartais fostaíochta i dtíortha AE in 2015

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

Leagtar amach ann tosaíochtaí agus spriocanna an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le beartais náisiúnta fostaíochta. Tá siad ina gcuid de threoirlínte straitéise fáis Eoraip 2020 agus tacaíonn siad le haidhmeanna an tSeimeastair Eorpaigh maidir le comhordú beartas eacnamaíoch.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cur chuige úr

Príomhréimsí

Leagtar amach sa chinneadh treoirlínte ina ndírítear ar cheithre phríomhréimse:

  • 1.

    Borradh a chur faoin éileamh ar shaothar — ag díriú ar chruthú post, ar chánachas saothair agus ar shocrú pá.

  • 2.

    Soláthar, scileanna agus inniúlachtaí saothair a fheabhsú — feabhsuithe struchtúracha a dhéanamh ar chórais oideachais agus oiliúna agus dul i ngleic le dífhostaíocht na hóige agus dífhostaíocht fhadtéarmach.

  • 3.

    Margaí saothair a chur ag obair ar bhealach níos fearr — fostaíocht ardchaighdeáin a chinntiú (e.g. oideachas agus oiliúint, cothromaíocht oibre is saoil) agus á dhéanamh níos éasca d’oibrithe aistriú idir tíortha AE.

  • 4.

    Cothroime, an bhochtaineacht a chomhrac agus comhdheiseanna a chur chun cinn — e.g. seirbhísí inacmhainne, inrochtana agus ardchaighdeáin amhail seirbhísí cúram leanaí, oideachais oiliúna agus sláinte a sholáthar.

Tá na treoirlínte seo ina gcuid de mholtaíníos sainiúla ón gComhairle ina ndírítear ar thíortha AE aonair.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tá sé i bhfeidhm ón 9 Deireadh Fómhair 2015.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh (AE) 2015/1848 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2015 maidir le treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát do 2015 (IO L 268, 15.10.2015, lgh. 28-32)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Moladh (AE) 2015/1184 ón gComhairle an 14 Iúil 2015 maidir leis na treoirlínte ginearálta a bhaineann le beartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais Eorpaigh (IO L 192, 18.7.2015, lgh. 27-31)

Nuashonraithe 17.01.2017

Top