Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Plean infheistíochta don Eoraip

Is práinneach an gá atá ag an Eoraip a bearna Infheistíochta a dhúnadh. Mar gheall ar an ngéarchéim gheilleagrach, tá laghdú suntasach tagtha ar leibhéal na hinfheistíochta san Aontas Eorpach (AE) agus táthar á thuar nach dtiocfaidh an leibhéal sin ar ais chuige féin ach go páirteach sna blianta atá romhainn. Tá bac á chur ar an téarnamh geilleagrach, ar chruthú post, ar an bhforás fadtéarmach agus ar an iomaíochas dá bharr sin.

GNÍOMH

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta: Plean Infheistíochta don Eoraip (COM(2014) 903 final, 26.11.2014).

ACHOIMRE

Is práinneach an gá atá ag an Eoraip a bearna Infheistíochta a dhúnadh. Mar gheall ar an ngéarchéim gheilleagrach, tá laghdú suntasach tagtha ar leibhéal na hinfheistíochta san Aontas Eorpach (AE) agus táthar á thuar nach dtiocfaidh an leibhéal sin ar ais chuige féin ach go páirteach sna blianta atá romhainn. Tá bac á chur ar an téarnamh geilleagrach, ar chruthú post, ar an bhforás fadtéarmach agus ar an iomaíochas dá bharr sin.

CÚLRA

Sa teachtaireacht, leagtar amach Plean Infheistíochta lena ndéanfar freastal ar thrí chuspóir beartais:

  • na treochtaí um laghdú na hinfheistíochta a aisiompú agus cuidiú le cruthú post agus leis an téarnamh geilleagrach, gan ualach a chur ar chórais náisiúnta airgeadais phoiblí ná fiachas nua a chruthú;
  • dul i dtreo freastal ar riachtanais fhadtéarmacha gheilleagar AE agus cur leis an iomaíochas;
  • neartú a dhéanamh ar ghné Eorpach an chaipitil dhaonna, na hacmhainne táirgiúla, an eolais agus an bhonneagair fhisiciúil, agus béim ar leith ar ghnéithe is ríthábhachtach maidir le margadh aonair AE.

CAD A DHÉANFAR FAOIN BPLEAN?

  • Spreagfar ar a laghad EUR 315 bhilliún in infheistíocht bhreise thar 3 bliana, lena ndéanfar uasmhéadú ar thionchar na n-acmhainní poiblí agus lena ndéanfar infheistíocht phríobháideach a dhíghlasáil.
  • Díreofar ar thionscnaimh lena chinntiú go mbeidh an infheistíocht bhreise sin ag freastal ar riachtanais an fhíorgheilleagair.
  • Cuirfear bearta i bhfeidhm chun rialáil níos simplí, níos fearr agus níos intuartha a sholáthar, agus go háirithe chun réidh a fháil le bacainní ar fhás.
  • Déanfar neartú ar chothrom na féinne i dtaobh iomaíochta agus gheofar réidh le bacainní ar infheistíocht sa mhargadh aonair.
  • Osclófar foinsí nua maoinithe fhadtéarmaigh.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá Ciste Eorpach nua um Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS) á bhunú i gcomhpháirtíocht idir an Coimisiún Eorpach (CE) agus an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI).

Ráthófar EUR 16 billiún ó bhuiséad AE sa chéad áit, agus cuirfidh an Banc Eorpach Infheistíochta EUR 5 billiún ar fáil. Beidh an deis ag na tíortha AE agus ag cuideachtaí príobháideacha in AE ranníocaíocht a dhéanamh, agus beidh ar a laghad EUR 20 billiún de chaipiteal ina thoradh ar gach EUR 1 billiún de chistiú.

Bunófar píblíne tionscadal ar leibhéal AE, agus bunófar “Mol” comhairleach infheistíochta d’fhonn an saineolas a thiomsú agus an cúnamh teicniúil a neartú ar gach leibhéal. Rachaidh an Coimisiún i mbun rannpháirtíochta le hinfheisteoirí, tionscnóirí tionscadail agus páirtithe leasmhara institiúideacha chun príomhthionscadail infheistíochta a éascú agus a chinntiú go ndéanfaidh tionscadail foinsí cuí cistiúcháin a rochtain.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

Nuashonraithe 20.05.2015

Top