EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An chaoi a bhfuil a bhuiséad don bhliain 2014 á chaitheamh ag an Aontas Eorpach

Cuireann buiséad an Aontais Eorpaigh (AE) le beartais AE a chur i bhfeidhm i raon leathan réimsí, amhail fostaíocht, forbairt réigiúnach, taighde agus oideachas, an comhshaol, cabhair dhaonnúil agus tacaíocht do thíortha i mbéal forbartha.

ACHT

Buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain 2014 a ghlacadh go críochnúil (2014/67/AE, Euratom).

ACHOIMRE

CÉARD É PRÍOMHCHUSPÓIR BHUISÉAD AN AONTAIS EORPAIGH?

Cuireann buiséad an Aontais Eorpaigh (AE) le beartais AE a chur i bhfeidhm i raon leathan réimsí, amhail fostaíocht, forbairt réigiúnach, taighde agus oideachas, an comhshaol, cabhair dhaonnúil agus tacaíocht do thíortha i mbéal forbartha.

Chun tionscadail a mhaoiniú ina leithéid de réimsí, sainítear buiséad AE bunaithe ar chreat airgeadais ilbhliantúil a chuimsíonn tréimhse seacht mbliana. Is é buiséad na bliana 2014 an chéad bhuiséad faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil 2014-20 nua.

PRÍOMHTHOSAÍOCHTAÍ

Is príomhuirlis é an buiséad AE chun fás agus dlúthpháirtíocht atá cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a chur ar bun idir thíortha AE agus réigiúin AE. Maidir leis seo, bhí buiséad AE na bliana 2014 dírithe ar an bhfás agus ar fhostaíocht, agus tugadh aird ach go háirithe ann ar an dífhostaíocht i measc an ógra.

Laistigh de theorainneacha an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil 2014-20 (leithreasaí gealltanais a bhfuil luach EUR 960 billiún orthu (féach thíos) don tréimhse 7 mbliana, ag praghsanna na bliana 2011), is é méid iomlán an bhuiséid 2014 ná gealltanais de thimpeall EUR 143 bhilliún (praghsanna reatha).

Roinntear an buiséad sin de réir réimsí, mar seo a leanas (gealltanais, praghsanna reatha):

  • 1.

    Fás cliste uilechuimsitheach: 44.9 % - EUR 63.986 billiún lena n-áirítear:

    • iomaíochas le haghaidh fáis agus fostaíochta 11.6 % - EUR 16.484 billiún
    • comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach : 33.3 % - EUR 47.502 billiún
  • 2.

    Fás inbhuanaithe: acmhainní nádúrtha: 41.6 % - EUR 59.267 billiún (caitear EUR 43.778 billiún den tsuim sin ar an margadh agus ar íocaíochtaí díreacha le feirmeoirí)

  • 3.

    Slándáil agus saoránacht: 1.5 % - EUR 2.172 billiún

  • 4.

    Eoraip dhomhanda: 5.8 % - EUR 8.325 billiún

  • 5.

    Riarachán: 5.9 % - EUR 8.405 billiún (caiteachas na n-institiúidí AE den chuid is mó).

Caitear an t-airgead ar na nithe seo a leanas:

  • fás agus fostaíochtchun an dífhostaíocht a chomhrac, chun acmhainní daonna a fhorbairt agus chun comhtháthú sa mhargadh saothair a chur chun cinn . Is é an Ciste Sóisialta Eorpach (CSE) an phríomhuirlis sa réimse seo;
  • forbairt réigiúnacha mhaoinítear go príomha trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus tríd an gCiste Comhtháthaithe (CC) chun an comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta laistigh den Aontas Eorpach a neartú agus chun éagothromaíochtaí forbartha idir réigiúin AE a laghdú;
  • forbairt tuaithe agus gníomhaíocht chomhshaoil tríd an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETF) do bhearta agra-chomhshaoil agus do nuachóiriú sócmhainní talmhaíochta;
  • talmhaíocht le cabhair ón gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT), ar ceann d’ionstraimí chomhbheartas talmhaíochta AE é. Caitear an chuid is mó den airgead ar íocaíochtaí le feirmeoirí AE;
  • caidreamh seachtrach agus cabhair dhaonnúilchun cabhrú leis angcomhar eacnamaíoch le tíortha de chuid na hÁise, Mheiriceá Laidinigh, na hAfraice , Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin nó na Meánmhara agus chun an comhar sin a chur chun cinn;
  • beartais shonracha eileamhail taighde leis an g clár Fís 2020 , Erasmus+ um shoghluaisteacht daoine óga nó beart a dhírítear ar na fiontair bheaga agus mheánmhéide (COSME). Cruthaítear beart sonrach freisin chun deiseanna nua a chur ar fáil do dhaoine óga dífhostaithe (an tionscnamh um fhostaíocht don aos óg).

CATHAIN A CHUIRFEAR BUISÉAD AE 2014 I BHFEIDHM?

Ón 1.1.2014 go dtí an 31.12.2014.

CÚLRA

Is ionann buiséad AE agus timpeall 1 % de shaibhreas eacnamaíoch AE (ollioncam náisiúnta - OIN). Molann an Coimisiún buiséad gach bliain, a thagann laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil, agus glacann Parlaimint na hEorpa agus Comhairle AE leis an mbuiséad sin.

EOCHAIRFHOCAIL

  • Leithreasaí gealltanais: suim i mbliain áirithe airgeadais, lena n-áirítear an t-airgead a ghealltar do chláir AE a chuimsíonn blianta éagsúla, ach nach gá go n-íocfaí í le linn na bliana airgeadais sin;
  • Leithreasaí íocaíochta: an tsuim a bhfuil súil leis go n-íocfar í le linn na bliana airgeadais sin.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach láithreán Gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid agus gluais bhuiséid an Choimisiúin Eorpaigh.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

2014/67/AE, Euratom

1.1.2014

-

IO L 51, 20.2.2014, lgh. 1-1982

Nuashonraithe 02.03.2015

Top