AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,30.4.2024
COM(2024) 320 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA
maidir le cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme Threoir (AE) 2018/957 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 lena leasaítear Treoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar
{SWD(2024) 320 final}
Clár
1.
Réamhrá
2.
Anailís ar chur i bhfeidhm agus ar chur chun feidhme na Treorach ag na Ballstáit
2.1.
Postú dúbailte nó postú slabhrach
2.2.
Téarmaí agus coinníollacha fostaíochta
2.2.1.
Comhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme go huilíoch a chur i bhfeidhm i ngach earnáil
2.2.2.
Luach saothair
2.2.3.
Gnéithe nua de théarmaí agus de choinníollacha fostaíochta an Bhallstáit óstaigh
2.3.
Oibleagáidí faisnéise
2.4.
Rialacha i ndáil le postú fadtéarmach
2.5.
Cóir chomhionann d’oibrithe gníomhaireachta sealadacha ar postú
2.6.
Liúntais phostúcháin
2.7.
Comhaontuithe comhchoiteanna
2.8.
Comhar idir na Ballstáit
2.9.
Faireachán, rialú agus forfheidhmiú
3.
Fochonraitheoireacht agus oibrithe a phostú.
4.
Náisiúnaigh tríú tír a phostú
5.
Na príomhchonclúidí agus na gníomhaíochtaí breise a d’fhéadfaí a ghlacadh
1.Réamhrá
Treoir (AE) 2018/957 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 lena leasaítear Treoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (an Treoir), tháinig sí i bhfeidhm an 29 Iúil 2018 agus cuireadh i bhfeidhm í an 30 Iúil 2020. Bhí ar na Ballstáit an dlí, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Iúil 2020.
Is é is aidhm do na leasuithe a tugadh isteach leis an Treoir cothrom na Féinne a áirithiú agus cearta na n‑oibrithe ar postú a chosaint ag an am céanna. Áirítear ar na leasuithe sin tagairt do ‘luach saothair’ na n‑oibrithe ar postú a chur in ionad na tagartha do ‘rátaí pá íosta’; sraith fhadaithe téarmaí agus coinníollacha fostaíochta a leagan amach sa Bhallstát glactha le haghaidh postuithe fadtéarmacha; agus na téarmaí agus na coinníollacha bunúsacha céanna a ráthú d’oibrithe sealadacha ar postú a bhfuil feidhm acu maidir le hoibrithe sealadacha áitiúla arna bhfostú sa Bhallstát glactha.
Déantar athbhreithniú sa tuarascáil seo ar chur i bhfeidhm agus ar chur chun feidhme Threoir (AE) 2018/957 ag na Ballstáit lena leasaítear Treoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar, mar a cheanglaítear le hAirteagal 2 de. Tá doiciméad inmheánach oibre ag gabháil leis an tuarascáil seo ina bhfuil tuilleadh anailíse atá mar bhonn taca leis an tuarascáil seo.
.
Tá an tuarascáil seo agus an doiciméad inmheánach oibre a ghabhann léi neodrach ó thaobh earnála de. Le hAirteagal 2(2)(b) de Threoir (AE) 2018/957 ceanglaítear ar an gCoimisiún measúnú a áireamh sa tuarascáil maidir leis an ngá atá le bearta breise chun cothrom na Féinne a áirithiú agus chun oibrithe a chosaint maidir le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar. Áiríodh an fhoráil sin sa chás nár glacadh leis an reachtaíocht shonrach maidir le tiománaithe a phostú san earnáil sin. Ós rud é gur glacadh Treoir (AE) 2020/1057 in 2020, ní gá measúnú sonrach ar earnáil an iompair de bhóthar a áireamh a thuilleadh toisc go ndéanfar meastóireacht air sin sa tuarascáil ar chur chun feidhme Threoir (AE) 2020/1057.
Tugtar aird ar leith sa tuarascáil seo agus sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann léi ar staid na n‑oibrithe ar postú i slabhraí fochonraitheoireachta, i gcomhréir leis an sainordú a fuarthas ó na comhreachtóirí. I bhfianaise an mhéadaithe a tháinig le déanaí ar phostú oibrithe ar náisiúnaigh tríú tír iad agus an méadú a mheastar a thiocfaidh air mar bhealach tábhachtach soghluaisteachta laistigh den Aontas, dírítear sa tuarascáil freisin ar a staid. Scrúdaítear sa tuarascáil seo freisin an bhfuil gá le haon leasú ar an Treoir.
Sa tuarascáil seo agus sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann léi, déantar anailís ar an reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear forálacha na Treorach chun feidhme. Ní thugann siad cuntas uileghabhálach ar gach beart náisiúnta cur chun feidhme ná ní dhéanann siad réamhbhreith ar aon seasamh a d’fhéadfadh an Coimisiún a ghlacadh in aon imeachtaí dlíthiúla amach anseo.
Tá an fhaisnéis sa tuarascáil seo agus sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann léi bunaithe ar na bearta náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir atá curtha in iúl ag na Ballstáit don Choimisiún, mar a cheanglaítear faoi Airteagal 3(1) den Treoir. Bhailigh an Coimisiún faisnéis freisin maidir le cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme na Treorach trí fhoinsí éagsúla, cuir i gcás líonra na saineolaithe dlí na Saorghluaiseachta Oibrithe agus Comhordaithe Slándála Sóisialta (MoveS), Coiste Saineolaithe an Choimisiúin maidir le hOibrithe a Phostú agus staidéar lena dtacaítear le faireachán a dhéanamh ar an Treoir (AE) 2018/957 maidir le hOibrithe a Phostú agus ar Threoir 2014/67/AE maidir le Forfheidhmiú. Bhailigh an Coimisiún tuairimí na mBallstát agus na gcomhpháirtithe sóisialta freisin trí cheistneoir arna dháileadh ag an Údarás Eorpach Saothair.
2.Anailís ar chur i bhfeidhm agus ar chur chun feidhme na Treorach ag na Ballstáit
2.1.Postú dúbailte nó postú slabhrach
Tugtar aghaidh sa Treoir ar an gcás ina n‑earcaíonn gnóthas fostaíochta sealadaí nó gníomhaireacht socrúcháin shealadaigh (gníomhaireacht fostaíochta sealadaí) oibrí agus go bhfostaítear é chun obair a dhéanamh do ghnóthas úsáideora. Tarlaíonn postú dúbailte nó postú slabhrach nuair a sheolann an gnóthas úsáideora an t‑oibrí chun gníomhaíochtaí a dhéanamh go sealadach i mBallstát seachas an Ballstát ina mbíonn an t‑oibrí ag obair de ghnáth don ghníomhaireacht fostaíochta sealadaí nó don ghnóthas úsáideora chuig Ballstát eile .
Soiléirítear leis an Treoir, sa chás sin, go meastar gurb í an ghníomhaireacht fostaíochta sealadaí an gnóthas a dhéanann an postú agus, dá bhrí sin, nach mór di na hoibleagáidí ábhartha uile a chomhlíonadh. Ina theannta sin, tá sé d’oibleagáid ar an ngnóthas úsáideora an ghníomhaireacht fostaíochta sealadaí a chur ar an eolas in am trátha má tá sé beartaithe aige an t‑oibrí atá ar postú ag an ngníomhaireacht fostaíochta sealadaí a sheoladh chun gníomhaíochtaí a dhéanamh i mBallstát eile.
Chuir beagnach gach Ballstát forálacha na Treorach maidir le gníomhaireachtaí fostaíochta sealadaí i staid postaithe dhúbailte nó shlabhraigh san áireamh ina reachtaíocht náisiúnta. Ní cheadaíonn roinnt Ballstát (an Ungáir, an tSlóvaic) do ghnóthais úsáideoirí oibrithe gníomhaireachta sealadacha a shannadh d’fhostóir eile. Ní cheadaíonn an Ungáir postú dúbailte ná postú slabhrach nuair is Ballstát bunaíochta na gníomhaireachta fostaíochta sealadaí í. Ní cheadaíonn an tSlóvaic postú dúbailte ná postú slabhrach ach amháin sna cásanna a chumhdaítear le hAirteagal 1(3)(a) (postú faoi chonradh seirbhísí) agus 1(3)(b) (postú laistigh den chuideachta) de Threoir 96/71/CE.
Sainaithníonn tromlach mór na mBallstát gníomhaireachtaí fostaíochta sealadaí mar an gnóthas a dhéanann an postú, go sainráite nó go hintuigthe. Tagraíonn formhór na mBallstát go sainráite d’oibleagáid an ghnóthais úsáideora an ghníomhaireacht fostaíochta sealadaí a chur ar an eolas faoin bpostú dúbailte nó faoin bpostú slabhrach. Níor chuir Éire, an Chróit, an Ungáir ná an tSlóivéin an ceanglas soláthair faisnéise sin san áireamh ina reachtaíocht.
Ní hionann an tréimhse ama atá ag an ngnóthas úsáideora chun an ghníomhaireacht fostaíochta sealadaí a chur ar an eolas faoin staid postaithe dhúbailte nó shlabhraigh (mar a léirítear sa choincheap ‘in am trátha’ sa Treoir) idir na Ballstáit. Éilíonn roinnt Ballstát go gcuirfí an fhaisnéis sin ar fáil roimh thús na hoibre, laistigh de thréimhse ama réasúnach roimh an bpostú nó gan mhoill.
2.2.Téarmaí agus coinníollacha fostaíochta
Tugtar isteach leis an Treoir na hathruithe seo a leanas ar Airteagal 3(1) de Threoir 96/71/CE maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta is infheidhme maidir le hoibrithe ar postú:
-na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta a chur i bhfeidhm i ngach earnáil ó chomhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme go huilíoch nó ó dhámhachtainí eadrána a bhfuil feidhm acu i gcomhréir le hAirteagal 3(8) de Threoir 96/71/CE;
-tagann coincheap an ‘luacha saothair’ in ionad an choincheapa ‘rátaí íosta pá’;
-cuirtear dhá ghné nua leis na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta: coinníollacha cóiríochta na n‑oibrithe, i gcás ina gcuireann na fostóirí ar fáil é d’oibrithe atá i bhfad óna ngnátháit oibre, agus liúntais nó aisíocaíocht ar chaiteachas d’oibrithe atá as baile i ngeall ar chúinsí gairmiúla;
-treisítear na hoibleagáidí faisnéise.
2.2.1.Comhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme go huilíoch a chur i bhfeidhm i ngach earnáil
Leathnaítear leis an Treoir raon feidhme cur i bhfeidhm comhaontuithe comhchoiteanna ar dearbhaíodh iad a bheith infheidhme go huilíoch in aon earnáil (agus ní hamháin in earnáil na tógála). Laistigh de raon feidhme na Treorach, cuireann 18 mBallstát na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta i bhfeidhm a eascraíonn as comhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme go huilíoch i ngach earnáil. Níl comhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme go huilíoch ag naoi mBallstát ach cuireann siad comhaontuithe comhchoiteanna earnála agus/nó comhaontuithe comhchoiteanna náisiúnta i bhfeidhm.
2.2.2.Luach saothair
Leis an Treoir, cuirtear ‘luach saothair’ in ionad an choincheapa ‘rátaí íosta pá’. Áirítear le coincheap an ‘luacha saothair’ coincheap na ‘rátaí íosta pá’ ach téann sé thar an gcoincheap sin.
Dá bhrí sin, ní mór do na Ballstáit a áirithiú go mbainfidh oibrithe a phostaítear chuig a gcríoch tairbhe as ‘luach saothair’, a shainmhínítear mar gach gné den luach saothair atá éigeantach faoin dlí náisiúnta nó faoi chomhaontuithe comhchoiteanna ar dearbhaíodh iad a bheith infheidhme go huilíoch nó a bhfuil feidhm acu i gcomhréir le hAirteagal 3(8) de Threoir 96/71/CE.
Chuir beagnach gach Ballstát an fhoráil maidir le luach saothair a bunaíodh leis an Treoir san áireamh ina reachtaíocht náisiúnta. Roghnaigh roinnt Ballstát an rud is féidir a mheas mar shainmhíniú ginearálta nó leathan ar luach saothair, agus liostaíonn Ballstáit eile na gnéithe éigeantacha den luach saothair. Níor chuir dhá Bhallstát (Éire agus an Phortaingéil) ‘luach saothair’ in ionad an choincheapa ‘rátaí íosta pá’.
Go ginearálta, measann formhór na mBallstát go bhfuil feabhas tagtha ar chearta na n‑oibrithe ar postú mar gheall ar an athrú ó ‘rátaí íosta pá go dtí ‘luach saothair’. Mar sin féin, tugann an Coimisiún dá aire go léiríonn comhpháirtithe sóisialta, agus go háirithe fostóirí, roinnt deacrachtaí i dtaca leis an luach saothair is infheidhme maidir le hoibrithe ar postú a chinneadh lena eilimintí éigeantacha uile. Baineann na deacrachtaí sin go príomha leis an gcastacht a bhaineann leis an luach saothair a chinneadh sa chleachtas, mar shampla i ndáil le comhaontuithe comhchoiteanna (go háirithe luach saothair agus a eilimintí éigeantacha). Is deacair le fostóirí a thuiscint cé na gnéithe éigeantacha den luach saothair ba cheart dóibh a chur san áireamh.
2.2.3.Gnéithe nua de théarmaí agus de choinníollacha fostaíochta an Bhallstáit óstaigh
Leis an Treoir, cuirtear dhá ghné nua le liosta bhunthéarmaí agus bhunchoinníollacha fostaíochta an Bhallstáit ghlactha atá le deonú d’oibrí ar postú chuig an mBallstát sin: coinníollacha cóiríochta na n‑oibrithe, i gcás ina gcuireann na fostóirí ar fáil é d’oibrithe atá i bhfad óna ngnátháit oibre; agus liúntais nó aisíocaíocht ar chaiteachas chun speansais taistil, béilí agus lóistín a chumhdach d’oibrithe atá as baile ar chúiseanna gairmiúla.
Agus an Treoir á trasuí, tá éagsúlacht sna forálacha is infheidhme maidir leis an dá ghné thuas idir na Ballstáit, mar a shonraítear thíos. Tá feidhm ag na forálacha sin maidir le hoibrithe ar postú a mhéid is ann dóibh d’oibrithe náisiúnta sa Bhallstát óstach.
Ní leagann 12 Bhallstát síos ina reachtaíocht náisiúnta na coinníollacha cóiríochta nuair atá na hoibrithe i bhfad óna ngnátháit oibre. Mar sin féin, d’fhéadfadh na coinníollacha sin a bheith i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó i gconarthaí fostaíochta aonair, dá bhforáiltear leis na comhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme, agus chumhdófaí leo oibrithe ar postú (oibrithe gníomhaireachta sealadacha ar postú i gcás na Polainne), seachas sa Bheilg agus in Éirinn.
Ina theannta sin, cuireann 18 mBallstát forálacha náisiúnta san áireamh maidir le haisíocaíocht nó cúiteamh ar chaiteachas a bhaineann le speansais taistil, béilí agus lóistín d’oibrithe atá as baile ar chúiseanna gairmiúla. Tá na forálacha sin infheidhme freisin i ndáil le hoibrithe ar postú. Níl forálacha sonracha ag an tSlóivéin chun aisíocaíocht speansas taistil, béilí agus lóistín a chumhdach d’oibrithe a phostaítear as baile ar chúiseanna gairmiúla.
Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil roinnt ábhar imní ann a bhaineann le coinníollacha cóiríochta faoi bhun caighdeáin a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’oibrithe ar postú.
2.3.Oibleagáidí faisnéise
Foráiltear leis an Treoir nach mór do na Ballstáit (gan moill mhíchuí agus ar bhealach trédhearcach) an fhaisnéis a fhoilsiú maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta is infheidhme faoi Airteagal 3(1) de Threoir 96/71/CE, lena n‑áirítear na comhghnéithe den luach saothair chomh maith leis na téarmaí agus coinníollacha fostaíochta is infheidhme maidir le hoibrithe ar postú fadtéarmach. Sa chomhthéacs sin, ní mór do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear ar an láithreán gréasáin náisiúnta oifigiúil aonair cruinn agus cothrom le dáta.
Mura léirítear san fhaisnéis sin na téarmaí agus coinníollacha fostaíochta atá le cur i bhfeidhm, cuirfear sin san áireamh agus pionóis á gcinneadh, de réir an dlí náisiúnta agus/nó de réir an chleachtais náisiúnta, i gcás sárú ar na forálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach, a mhéid is gá chun a gcomhréireacht a áirithiú.
Tá suíomhanna gréasáin náisiúnta i ndáil le postú curtha ar bun ag na Ballstáit chun oibleagáidí treisithe faisnéise na Treorach a chomhlíonadh.
Tá a reachtaíocht náisiúnta curtha in oiriúint agformhór na mBallstát chun comhréireacht na smachtbhannaí a bhunú mura léirítear san fhaisnéis a chuirtear ar fáil ar na suíomhanna gréasáin náisiúnta sin na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta atá le cur i bhfeidhm.
Níl comhréireacht smachtbhannaí den sórt sin go sonrach ag Éirinn, ag an Spáinn, ag an bhFrainc, ag an gCipir, ag an tSlóivéin ná ag an tSlóvaic. I roinnt de na Ballstáit sin, áfach, cuirtear comhréireacht i bhfeidhm sa chleachtas trí fhorálacha ginearálta dhlí an tsaothair (an Fhrainc) nó trí chigirí saothair (an tSlóvaic).
Tugann an Coimisiún dá aire easnaimh in ábhar na faisnéise a fhoilsíonn na Ballstáit, amhail deacrachtaí maidir le faisnéis a fháil faoi chomhaontuithe comhchoiteanna agus faisnéis neamhiomlán nó as dáta ar shuíomhanna gréasáin náisiúnta. I gcás na bhfostóirí, tá sé ríthábhachtach, áfach, go mbeidh an fhaisnéis i dtaca leis na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta (luach saothair agus a ghnéithe éigeantacha uile ach go háirithe) is infheidhme maidir le hoibrithe ar postú (lena n‑áirítear maidir le comhaontuithe comhchoiteanna agus maidir le cásanna postaithe fhadtéarmaigh) iomlán agus cothrom le dáta.
Le Treoir (AE) 2019/1152 maidir le coinníollacha oibre trédhearcacha agus intuartha, tugadh isteach ceanglais faisnéise nua d’fhostóirí chun a áirithiú go gcuirfear oibrithe ar postú ar an eolas mar is ceart faoi bhunchoinníollacha oibre agus fostaíochta a sannacháin oibre sa Bhallstát óstach. Tá faisnéis ar na suíomhanna gréasáin náisiúnta le fáil ar an suíomh gréasáin ‘An Eoraip Agatsa’.
2.4.Rialacha i ndáil le postú fadtéarmach
Tugtar isteach leis an Treoir rialacha nua lena dtugtar aghaidh ar phostú fadtéarmach, i gcás ina maireann ré iarbhír an phostaithe níos mó ná 12 mhí, nó 18 mí i gcás ina dtíolacann an gnóthas fógra réasúnaithe. I gcásanna den sórt sin, na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta uile is infheidhme sa Bhallstát óstach, a leagtar síos le dlí nó le comhaontú comhchoiteann de réir bhrí Airteagal 3(8) de Threoir 96/71/CE, ní mór iad a ráthú, cé is moite de dhá eisceacht.
Ráthaíonn beagnach gach Ballstát d’oibrithe fadtéarmacha ar postú gach téarma agus coinníoll fostaíochta breise is infheidhme de réir an dlí agus/nó trí chomhaontuithe comhchoiteanna nó dámhachtainí eadrána ar dearbhaíodh iad a bheith infheidhme go huilíoch. In Éirinn, tá feidhm ag na téarmaí agus na coinníollacha céanna i ndáil le hoibrí ar postú gan beann ar fhad an phostaithe. Thairis sin, ceanglaíonn gach Ballstát eile ar chuideachta fógra réasúnaithe a thíolacadh chun síneadh a chur le tréimhse postaithe fhadtéarmaigh ó 12 mhí go 18 mí.
Tugann an Coimisiún dá aire go sonraítear na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta breise is infheidhme maidir le hoibrithe ar postú i gcásanna postaithe fadtéarmacha; agus tá éagsúlacht idir na Ballstáit maidir leis an tréimhse ama chun an fógra réasúnaithe a thíolacadh. Tugann an Coimisiún dá aire freisin gur gá a áirithiú go n‑áirítear ar shuíomhanna gréasáin náisiúnta faisnéis i dtaca le postuithe fadtéarmacha, rud nach raibh amhlaidh i gcónaí go dtí seo. Is le faisnéis iomlán amháin a áirithítear go mbeidh tuiscint iomchuí ag fostóirí i ndáil leis na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta is infheidhme.
2.5.Cóir chomhionann d’oibrithe gníomhaireachta sealadacha ar postú
Foráiltear leis an Treoir go gcaithfear le hoibrithe gníomhaireachta sealadacha ar postú ar an mbealach céanna maidir leis na hábhair a chumhdaítear le hAirteagal 5 de Threoir 2008/104/CE i ndáil le hobair ghníomhaireachta shealadach mar oibrithe arna bhfruiliú amach ag gníomhaireachtaí fostaíochta sealadaí atá bunaithe sa Bhallstát ina ndéantar an obair.
D’achtaigh beagnach gach Ballstát (seachas Éire agus an tSlóivéin) oibleagáid chun na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta a bhfuil feidhm acu de bhun Airteagal 5 de Threoir 2008/104/CE a ráthú d’oibrithe ar postú.
San Eastóin, maidir leis an oibleagáid atá ar an ngnóthas úsáideora an ghníomhaireacht fostaíochta sealadaí a chur ar an eolas faoi na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta a bhfuil feidhm acu i dtaca le hoibrithe gníomhaireachta sealadacha, níl feidhm aici ach amháin maidir le postú fadtéarmach agus le postú slabhrach, agus ní fhorchuireann Málta an oibleagáid faisnéise sin ach amháin i dtaca le tréimhsí postaithe níos faide ná 4 seachtaine i ndiaidh a chéile. Ní fhorchuireann an tSualainn an oibleagáid sin ach amháin nuair a iarrann an ghníomhaireacht fostaíochta sealadaí í. Éilíonn an Chróit ar an ngníomhaireacht fostaíochta sealadaí a dhearbhú i scríbhinn gur cuireadh na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta in iúl di.
Tugann an Coimisiún dá aire freisin roinnt ábhar mór imní go bhféadfadh cur i bhfeidhm praiticiúil fhorálacha na Treorach a bhaineann le hoibrithe gníomhaireachta sealadacha ar postú a bheith ina gcúis le cásanna ina bhféadfaí coinníollacha is lú fabhar a chur i bhfeidhm maidir leis na hoibrithe sin. D’fhéadfadh sé sin a bheith mar thoradh ar rún iarbhír dul timpeall ar na rialacha, ach d’fhéadfadh sé a bheith mar thoradh freisin ar fheasacht theoranta ar thaobh na ngníomhaireachtaí fostaíochta sealadaí agus ar ghnóthas úsáideora nó gnóthais úsáideora na rialacha ábhartha a bhfuil feidhm acu i mBallstáit eile, go háirithe i ndáil le comhaontuithe comhchoiteanna. Thuairiscigh fostóirí go bhféadfadh neamh-chomhlíontacht neamhbheartaithe, go háirithe i measc cuideachtaí níos lú, teacht chun cinn mar gheall ar chastacht an chórais dhlíthiúil lena rialaítear obair shealadach thrasteorann (e.g., postú). Dá bhrí sin, teastaíonn faisnéis dhlíthiúil atá inrochtana go héasca agus intuigthe.
2.6.Liúntais phostúcháin
Sonraíonn go leor Ballstát cé na codanna de na liúntais i leith an phostaithe a íoctar mar aisíocaíocht ar chaiteachas arna thabhú iarbhír mar gheall ar an bpostú, agus ar cuid den luach saothair iad.
De réir na Treorach, mura gcinnfear leis na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta is infheidhme maidir leis an gcaidreamh fostaíochta an mar aisíocaíocht ar chaiteachas arna thabhú iarbhír mar gheall ar an bpostú a dhéantar gnéithe den liúntas a íoc agus, sa chás sin, mura gcinnfear leo cé na gnéithe atá i gceist, measfar gur mar aisíocaíocht ar chaiteachas a dhéantar an liúntas ar fad a íoc. Chuir tromlach mór na mBallstát an riail sin san áireamh ina reachtaíocht náisiúnta.
Tugann an Coimisiún dá aire nár chuir roinnt Ballstát foráil shonrach san áireamh ina reachtaíocht náisiúnta go bhfuil liúntais phostúcháin mar chuid de luach saothair ach amháin má íoctar iad mar aisíocaíocht ar chaiteachas arna thabhú iarbhír mar gheall ar an bpostú. Ina theannta sin, ní áirítear nó ní shonraítear go soiléir i reachtaíocht náisiúnta roinnt Ballstát gur i gcomhréir le dlí náisiúnta agus/nó le cleachtas náisiúnta an Bhallstáit baile a dhéantar aisíocaíocht ar chaiteachas taistil, béilí agus lóistín don oibrí ar postú.
2.7.Comhaontuithe comhchoiteanna
Leis an Treoir, leathnaítear an rogha feidhm a bheith ag comhaontuithe comhchoiteanna maidir le hoibrithe ar postú nach bhfuil infheidhme go huilíoch i mBallstáit a bhfuil córas acu cheana chun comhaontuithe comhchoiteanna a bhfuil feidhm uilíoch acu a dhearbhú. As na 18 mBallstát a chuireann comhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme go huilíoch i bhfeidhm, d’úsáid ceithre Bhallstát ar a laghad an rogha dá bhforáiltear leis an Treoir feidhm a bheith acu freisin maidir le comhaontuithe comhchoiteanna d’oibrithe ar postú nach bhfuil infheidhme go huilíoch.
2.8.Comhar idir na Ballstáit
Ceanglaítear leis an Treoir go ndéanfaidh na Ballstáit foráil maidir le comhar idir na húdaráis nó na comhlachtaí atá inniúil chun faireachán a dhéanamh ar na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta a luaitear in Airteagal 3 de Threoir 96/71/CE. Tá forálacha maidir le comhar idir a n‑údaráis agus a gcomhlachtaí náisiúnta inniúla curtha san áireamh ina reachtaíocht náisiúnta ag gach Ballstát.
2.9.Faireachán, rialú agus forfheidhmiú
Ceanglaítear leis an Treoir, inter alia, go leagfaidh na Ballstáit síos rialacha éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha i dtaca leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach. I ngach Ballstát (seachas Éire) is le fíneálacha riaracháin a ghearrtar pionós ar sháruithe ar fhorálacha náisiúnta lena gcuirtear an Treoir i bhfeidhm. Cuireann sé Bhallstát fíneálacha coiriúla i bhfeidhm. Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil éagsúlacht sna pionóis idir na Ballstáit. Mar shampla, tá na fíneálacha uasta idir EUR 1 100 sa Laitvia agus EUR 400 000 san Ostair agus EUR 500 000 sa Ghearmáin.
3.Fochonraitheoireacht agus oibrithe a phostú.
Le hAirteagal 2(2) den Treoir ceanglaítear ar an gCoimisiún measúnú a áireamh ina anailís ar chur i bhfeidhm agus ar chur chun feidhme na Treorach i dtaobh an bhfuil gá le bearta breise chun cothrom na Féinne a áirithiú agus oibrithe a chosaint i gcás fochonraitheoireachta.
Maidir le fochonraitheoireacht, leagtar amach in Airteagal 12 den Treoir um Fhorfheidhmiú sásra dliteanais. De réir an tsásra dliteanais sin, is féidir le hoibrí ar fochonraitheoir díreach é an fostóir, sa bhreis ar an bhfostóir nó in ionad an fhostóra, a bheith faoi dhliteanas maidir le haon luach saothair glan gan íoc nó ranníocaíochtaí le comhchistí nó le hinstitiúidí comhpháirtithe sóisialta a mhéid a chumhdaítear iad le hAirteagal 3 de Threoir 96/71/CE.
Ceanglaítear ar na Ballstáit dliteanas fochonraitheoireachta den sórt sin a thabhairt isteach ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach in earnáil na tógála agus féadfaidh siad foráil a dhéanamh dó in earnálacha eile freisin. Féadfaidh siad freisin rialacha dliteanais níos déine a thabhairt isteach i dtéarmaí an raon feidhme (mar shampla, níos mó cuideachtaí atá páirteach sa slabhra fochonraitheoireachta a chumhdach, seachas an conraitheoir díreach amháin) agus an raon feidhme (mar shampla, níos mó coinníollacha oibre a chumhdach faoi Airteagal 3 de Threoir 96/71/CE) ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach. Féadfaidh na Ballstáit bearta forfheidhmiúcháin eile a chur i bhfeidhm freisin in ionad na rialacha dliteanais sin ar choinníoll go bhfuil údar leo agus go bhfuil siad comhréireach i gcomhréir le dlí an Aontais.
I bhfianaise an chreata dhlíthiúil sin chomh maith leis an bhfaisnéis a bailíodh agus a ndearnadh anailís uirthi i gcomhthéacs na tuarascála seo, tugann an Coimisiún dá aire gur slabhraí fochonraitheoireachta fada ceann de na príomhdhúshláin a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chearta oibrithe ar postú, chomh maith le cothrom na Féinne idir cuideachtaí. Sna slabhraí fochonraitheoireachta fada sin, mar gheall ar an easpa trédhearcachta agus cuntasachta, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé an‑deacair na rialacha is infheidhme a fhorfheidhmiú mar gheall ar fhadhbanna a bhaineann leis an gcuideachta faoi dhliteanas a shainaithint. Dá bhrí sin, d’fhéadfaí freagracht agus dliteanas díreach an chonraitheora a laghdú go mór. D’fhéadfadh sé sin difear a dhéanamh d’aisghabháil pá neamhíoctha freisin.
Leis an sásra dliteanais dá bhforáiltear sa Treoir maidir le Forfheidhmiú, ceadaítear do na Ballstáit slabhraí níos faide a chumhdach. Mar sin féin, tá an chuid is mó de na Ballstáit tar éis an dliteanas sin a theorannú don chonraitheoir díreach agus níor leathnaigh siad é chuig páirtithe eile sa slabhra fochonraitheoireachta. Tá 10 mBallstát tar éis dliteanas slabhra iomlán a thabhairt isteach (i.e. dliteanas fochonraitheoireachta nach bhfuil teoranta do nasc amháin sa slabhra). Thug ceithre Bhallstát (an Bheilg, an Spáinn, an Fhrainc agus an Iodáil) bearta breise isteach freisin, amhail uasteorainn ar líon na leibhéal fochonraitheoireachta laistigh de shlabhraí fochonraitheoireachta.
Ina theannta sin, féadfaidh cur i bhfeidhm comhaontuithe comhchoiteanna cosaint dhifriúil a sholáthar d’oibrithe ar postú i slabhraí fochonraitheoireachta agus féadfar iad a úsáid chun na hoibrithe sin a íoc de réir comhaontuithe nach bhfuil chomh fabhrach
.
Maidir leis na dúshláin a sainaithníodh, dá nglacfaí dea-chleachtais, chuideofaí leis na Ballstáit agus/nó leis na comhpháirtithe sóisialta trédhearcacht agus dliteanas i slabhraí fochonraitheoireachta a mhéadú. Áirítear ar na dea-chleachtais sin teorainn a chur le líon na leibhéal i slabhraí fochonraitheoireachta agus/nó an dliteanas fochonraitheoireachta a leathnú chuig an slabhra iomlán; agus feabhas a chur ar an gcomhar idir na Ballstáit chun cigireachtaí a éascú agus chun dul i ngleic le cleachtais drochúsáide.
Chuige sin agus mar obair leantach ar an tuarascáil sin, d’fhéadfadh an Coimisiún, le tacaíocht ón Údarás Eorpach Saothair, machnamh a dhéanamh ar mhapáil a dhéanamh ar an staid reatha sna Ballstáit i dtaca le cumhdach dliteanais fochonraitheoireachta (i.e., earnálacha, leibhéil agus coinníollacha oibre a chumhdaítear). D’fhéadfaí a áireamh leis sin treoir a thabhairt maidir le rialacha níos déine a chur i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta i ndáil le raon feidhme an dliteanais fochonraitheoireachta (i.e. dliteanas slabhra iomlán a fhorchur nó dliteanas a leathnú chuig téarmaí agus coinníollacha fostaíochta eile), ar bhonn comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach. Ní fheictear don Choimisiún faoi láthair gur gá an Treoir maidir le fochonraitheoireacht a leasú go sonrach.
4.Náisiúnaigh tríú tír a phostú
Sa roinn seo agus sa roinn ghaolmhar den doiciméad inmheánach oibre a ghabhann léi, cuirtear na príomhdhúshláin a dhéanann difear do na coinníollacha oibre a bhaineann le náisiúnaigh tríú tír a phostú i láthair chomh maith le roinnt dea-chleachtas chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin. Ní thugtar cuntas inti ar an gcreat dlíthiúil is infheidhme i ndáil le teacht isteach agus fanacht náisiúnach tríú tír i mBallstát óstach.
Tá feidhm chomhionann ag na treoracha maidir le hoibrithe ar postú ar saoránaigh den Aontas iad agus i dtaca le hoibrithe ar postú ar náisiúnaigh tríú tír iad. Sa chomhthéacs sin, is féidir oibrithe ar náisiúnaigh tríú tír iad agus atá fostaithe go rialta agus de ghnáth ag soláthraí seirbhíse atá bunaithe i mBallstát a phostú chuig Ballstát eile gan bheith faoi réir foirmiúlachtaí riaracháin míchuí sa Bhallstát eile, amhail an oibleagáid cead oibre a fháil.
I bhformhór na mBallstát, tá feidhm ag na rialacha ginearálta céanna maidir le postú, lena dtrasuitear reachtaíocht ábhartha an Aontais, maidir le náisiúnaigh ar tríú tír iad a phostú. Tá trí Bhallstát tar éis forálacha sonracha a thabhairt isteach maidir le náisiúnaigh tríú tír a phostú ina gcreat dlíthiúil náisiúnta. Luann an Chróit agus an Ísiltír go sainráite ina reachtaíocht nach n‑éilíonn duine atá fostaithe go dlíthiúil i mBallstát ina bhfuil a bhfostóir bunaithe cead oibre. Ar an gcuma chéanna, ceanglaítear le Dlí Saothair na Laitvia ar fhostóir a dhearbhú go bhfuil oibrí fostaithe go dlíthiúil sa Bhallstát seolta.
Tugann an Coimisiún dá aire go mbíonn náisiúnaigh tríú tír ar postú níos neamhchosanta ar chleachtais drochúsáide i gcoitinne, amhail postú calaoiseach, sáruithe ar chearta saothair, coinníollacha oibre forbhásacha, íocaíocht neamhrialta agus neamhíoc ranníocaíochtaí sóisialta. Is dócha freisin go nglacfaidh náisiúnaigh tríú tír ar postú le luach saothair faoi bhun an mhéid ba cheart a íoc. Is cosúil freisin go bhfuil na rioscaí a bhaineann le coinníollacha maireachtála agus oibre forbhásacha níos airde i gcás náisiúnaigh tríú tír atá ar postú.
Ina theannta sin, tá náisiúnaigh tríú tír ar postú níos leochailí ná oibrithe ar postú san Aontas toisc go bhféadfaidís a bheith ag brath ar a bhfostóir chun athnuachan a dhéanamh ar cheadanna oibre agus/nó ceadanna cónaithe. Is minic nach mbíonn siad ar an eolas faoina gcearta agus go mbíonn bacainní teanga rompu.
D’fhéadfadh roinnt beart aghaidh a thabhairt ar na cásanna a sainaithníodh, amhail rochtain níos fearr ar fhaisnéis maidir le cearta saothair a sholáthar a bheadh dírithe ar phostú oibrithe ar náisiúnaigh tríú tír iad; comhar trasnáisiúnta idir comhlachtaí forfheidhmithe agus údaráis imirce a fheabhsú; agus forfheidhmiú na rialacha maidir le postú a threisiú in earnálacha ar leith ina bhfuil líon ard náisiúnach tríú tír ar postú.
5.Na príomhchonclúidí agus na gníomhaíochtaí breise a d’fhéadfaí a ghlacadh
Le trasuí na Treorach ag na Ballstáit uile, tá feabhas tagtha ar choinníollacha oibre na n‑oibrithe ar postú, go háirithe maidir lena luach saothair, cóir chomhionann oibrithe gníomhaireachta sealadacha ar postú agus aisíocaíocht caiteachais arna thabhú mar gheall ar an bpostú (e.g., caiteachas taistil, béilí agus lóistín).
Comhlíonann reachtaíocht na mBallstát ceanglais na Treorach go substaintiúil. Mar sin féin, tá saincheisteanna éagsúla ag an gCoimisiún i dtaca le neamh-chomhréireacht na mbeart náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir a d’fhéadfadh a bheith faoi réir gníomhaíochtaí breise. Baineann na saincheisteanna sin le forálacha éagsúla na Treorach, amhail postú dúbailte nó slabhrach, luach saothair, an dá ghné nua de théarmaí agus coinníollacha fostaíochta an Bhallstáit óstaigh, postú fadtéarmach, cóir chomhionann d’oibrithe gníomhaireachta sealadacha, liúntais phostúcháin nó faireacháin, rialú agus forfheidhmiú. Leanfaidh an Coimisiún ag obair leis na Ballstáit chun a áirithiú go ndéanfar an Treoir a thrasuí agus a chur i bhfeidhm i gceart.
Tugann an Coimisiún dá aire roinnt deacrachtaí maidir leis an luach saothair is infheidhme i ndáil le hoibrithe ar postú a chinneadh lena eilimintí éigeantacha uile. I ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus leis na comhpháirtithe sóisialta, d’fhéadfadh an tÚdarás Eorpach Saothair oibriú ar uirlis chun ríomh luach saothair oibrithe ar postú a éascú agus chun trédhearcacht an luacha saothair sin a mhéadú. D’úsáidfí uirlis den sórt sin, a bhféadfadh an tÚdarás Eorpach Saothair na gnéithe ginearálta a bhunú di, agus chuirfí chun feidhme í ar an leibhéal náisiúnta.
Tugann an Coimisiún dá aire freisin roinnt ábhar imní a bhaineann leis na coinníollacha cóiríochta a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’oibrithe ar postú. D’fhéadfadh na húdaráis náisiúnta chigireachta agus na comhpháirtithe sóisialta (ceardchumainn ach go háirithe) feachtais ardaithe feasachta spriocdhírithe a fhorbairt, in éineacht leis an Údarás Eorpach Saothair, chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna amhail na coinníollacha cóiríochta atá faoi bhun na gcaighdeán a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’oibrithe ar postú, lena n‑áirítear faisnéis níos sonraí maidir leis an gceart atá ag oibrithe ar phostú chun coinníollacha cóiríochta sna Ballstáit óstacha (i gcás ina gcuirtear ar fáil d’oibrithe náisiúnta iad) agus smachtbhannaí as gan an ceart sin a urramú.
Tá sé ríthábhachtach freisin go mbeidh rochtain ag fostóirí agus ag oibrithe ar fhaisnéis iomlán agus cothrom le dáta i dtaca leis na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta (luach saothair agus a gnéithe éigeantacha uile ach go háirithe) is infheidhme maidir le hoibrithe ar postú (lena n‑áirítear maidir le comhaontuithe comhchoiteanna agus maidir le postú fadtéarmach). Dá bhrí sin, d’fhéadfadh an tÚdarás Eorpach Saothair leanúint dá chuid oibre leis na Ballstáit agus í a threisiú maidir leis an bhfaisnéis sin a dhéanamh níos trédhearcaí, níos cuimsithí, níos cothroime le dáta agus níos inrochtana d’oibrithe ar postú agus do sholáthraithe seirbhíse.
Tá ábhair mhóra imní sainaitheanta ag an gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm praiticiúil fhorálacha na Treorach maidir le hoibrithe gníomhaireachta sealadacha ar postú. D’fhéadfadh an tÚdarás Eorpach Saothair aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní sin, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, trí chomhar trasteorann agus trí iarrachtaí forfheidhmiúcháin níos éifeachtaí agus níos fairsinge lena ndírítear ar obair ghníomhaireachta shealadach. D’fhéadfadh na comhpháirtithe sóisialta machnamh a dhéanamh freisin ar thacaíocht a thabhairt d’obair na gcigireachtaí saothair. Ina theannta sin, d’fhéadfadh na Ballstáit athbhreithnithe a dhéanamh ar an reachtaíocht atá ann cheana agus ar a cur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta; agus/nó seirbhísí cúnaimh a chur ar bun, le tacaíocht ón Údarás Eorpach Saothair, do ghníomhaireachtaí fostaíochta sealadaí agus do ghnóthais úsáideoirí maidir le cur i bhfeidhm na rialacha i ndáil le postú.
Tugann an Coimisiún dá aire nár chuir roinnt Ballstát roinnt forálacha sonracha i dtaca le liúntais phostúcháin san áireamh ina reachtaíocht náisiúnta. Sa chomhthéacs sin, agus maidir le forálacha eile na Treorach freisin, rachaidh an Coimisiún i mbun idirphlé leis na Ballstáit chun trasuí a áirithiú i gcomhréir leis an Treoir. Ina theannta sin, d’fhéadfadh an tÚdarás Eorpach Saothair trédhearcacht na faisnéise maidir le liúntais phostúcháin agus aisíocaíocht na gcostas a bhaineann le postú a éascú sna Ballstáit.
Maidir le fochonraitheoireacht, dá gcuirfí teorainn le líon na leibhéal i slabhraí fochonraitheoireachta agus/nó an dliteanas fochonraitheoireachta a leathnú chuig an slabhra iomlán, d’fhéadfaí cabhrú leis na Ballstáit (mar na príomhghníomhaithe atá freagrach as forfheidhmiú na rialacha maidir le hoibrithe a phostú) agus, i gcás inarb infheidhme, le comhpháirtithe sóisialta, trédhearcacht agus dliteanas i slabhraí fochonraitheoireachta a mhéadú, ar bhonn comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach. Ina theannta sin, d’fhéadfadh an Coimisiún, le tacaíocht ón Údarás Eorpach Saothair, machnamh a dhéanamh ar mhapáil a dhéanamh ar an staid reatha sna Ballstáit maidir le dliteanas fochonraitheoireachta a chumhdach (lena n‑áirítear treoir a thabhairt maidir le rialacha níos déine a chur i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta i ndáil le raon feidhme an dliteanais fochonraitheoireachta).
Ar deireadh, maidir le postú oibrithe ar náisiúnaigh tríú tír iad, d’fhéadfadh ról lárnach a bheith ag an Údarás Eorpach Saothair i ndáil le rochtain ar fhaisnéis a éascú agus tacú leis na Ballstáit trí fheabhas a chur ar an gcomhar trasnáisiúnta idir comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe.
I bhfianaise na bpríomhchonclúidí agus na ngníomhaíochtaí breise a cuireadh i láthair thuas, ní fheictear don Choimisiún gur gá leasuithe ar an Treoir seo ná ar Threoir 96/71/CE a mholadh ag an gcéim seo.
I gcomhar lena ról níos leithne mar chaomhnóir na gConarthaí agus gan dochar dó, leanfaidh an Coimisiún ag obair leis na Ballstáit chun a áirithiú go ndéanfar an Treoir a thrasuí agus a chur i bhfeidhm i gceart.
Leanfaidh an Coimisiún ag obair leis na Ballstáit freisin, le tacaíocht ón Údarás Eorpach Saothair, chun na rialacha maidir le postú a fhorfheidhmiú.