EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0799

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i dtaca le tograí a thíolacadh chun Foscríbhinní II agus III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Caomhnú fhiadhúlra agus ghnáthóga nádúrtha na hEorpa a leasú ag féachaint don chruinniú a bheidh ag Buanchoiste an Choinbhinsiúin

COM/2023/799 final

An Bhruiséil,20.12.2023

COM(2023) 799 final

2023/0469(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i dtaca le tograí a thíolacadh chun Foscríbhinní II agus III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Caomhnú fhiadhúlra agus ghnáthóga nádúrtha na hEorpa a leasú ag féachaint don chruinniú a bheidh ag Buanchoiste an Choinbhinsiúin


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo le haghaidh Cinneadh ón gComhairle leis an togra atá le tíolacadh thar ceann an Aontais chun leasú a dhéanamh ar Fhoscríbhinní II agus III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le caomhnú fhiadhúlra agus ghnáthóga nádúrtha na hEorpa (Coinbhinsiún Bheirn) i leith an mhic tíre (Canis lupus), chomh maith leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i ndáil leis an togra sin ag cruinniú Bhuanchoiste an Choinbhinsiúin.

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Coinbhinsiún maidir le caomhnú fhiadhúlra agus ghnáthóga nádúrtha na hEorpa

Is é is aidhm do Choinbhinsiún 1979 maidir le caomhnú fhiadhúlra agus ghnáthóga nádúrtha na hEorpa (Coinbhinsiún Bheirn) (‘an Coinbhinsiún’) flóra agus fána fhiáin na hEorpa agus a ngnáthóga nádúrtha a chaomhnú, go háirithe iad siúd a dteastaíonn comhar idir roinnt Stát chun iad a chaomhnú. Is conradh idir-rialtasach é a tugadh i gcrích faoi choimirce Chomhairle na hEorpa. Tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm an 1 Meitheamh 1982. Tá an tAontas Eorpach ina Pháirtí Conarthach sa Choinbhinsiún sin ó bhí an 1 Meán Fómhair 1982 ann 1 . Ó mhí Aibreáin 2024 ar aghaidh, beidh 50 2 Páirtí Conarthach sa Choinbhinsiún, lena náirítear Ballstáit uile an Aontais.

2.2.An Buanchoiste

Is é an Buanchoiste comhlacht cinnteoireachta an Choinbhinsiúin a bhfuil cumhachtaí aige measúnú a dhéanamh ar stádas caomhantais speiceas 3 agus, ina dhiaidh sin, athbhreithniú a dhéanamh ar a liostú sna Foscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. Áirítear a fheidhmeanna in Airteagail 13-15 den Choinbhinsiún, lena náirítear a fheidhmeanna maidir le leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar théacs an Choinbhinsiúin nó ar na Foscríbhinní a ghabhann leis.

Tagann sé le chéile gach 2 bhliain ar a laghad agus aon uair a iarrann tromlach na bPáirtithe Conarthacha sin. Is é an cleachtas a bhí ag an mBuanchoiste le 40 bliain anuas teacht le chéile ag deireadh gach bliana féilire. Tionólfar an chéad ghnáthchruinniú eile den Bhuanchoiste (an 44ú cruinniú) ón 2 go dtí an 6 Nollaig 2024.

Má ghlacann an Chomhairle an cinneadh atá beartaithe, d’fhéadfadh an tAontas cruinniú eisceachtúil den Bhuanchoiste a iarraidh agus a fháil de bhun Airteagal 13(4) den Choinbhinsiún agus Riail 1B de Rialacha Nós Imeachta an Bhuanchoiste, ós rud é go bhfuil an tromlach is gá de na Páirtithe aige. D’fhéadfaí an cruinniú a reáchtáil ag deireadh an chéad seimeastair de 2024 agus ba cheart é a thionól 6 seachtaine ar a laghad roimh an dáta a bheidh socraithe chun tús a chur leis an gcruinniú.

2.3.Na gníomhartha atá beartaithe ag an mBuanchoiste

Is é is cuspóir don chinneadh atá beartaithe leasú a mholadh, thar ceann an Aontais, ar Fhoscríbhinní II agus III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, is é sin leibhéal cosanta an mhic tíre (Canis lupus) a ísliú trína aistriú ó Fhoscríbhinn II (speicis fána faoi dhianchosaint) go Foscríbhinn III (speicis fána faoi chosaint).

Tá sé beartaithe go dtíolacfaidh an tAontas an togra maidir le leasú i bhfianaise an 44ú cruinniú den Bhuanchoiste, nó i bhfianaise aon chruinnithe eisceachtúil níos luaithe a d’fhéadfadh an tAontas a iarraidh. I gcomhréir le hAirteagal 17 den Choinbhinsiún, is é 2 mhí ar a laghad roimh dháta chruinniú an Bhuanchoiste an sprioc-am chun tograí maidir le leasú a thíolacadh.

I gcomhréir le hAirteagal 17 den Choinbhinsiún, chun leasú a dhéanamh ar na Foscríbhinní, ní mór tromlach dhá thrian de na Páirtithe Conarthacha an leasú a ghlacadh. Mura mbeidh fógra tugtha ag trian de na Páirtithe Conarthacha faoi agóidí, tiocfaidh leasú i bhfeidhm 3 mhí tar éis dháta an ghlactha, i gcás na bPáirtithe Conarthacha sin nach mbeidh aon agóid curtha in iúl acu.

Bunaítear seasamh an Aontais maidir le leasuithe a mholadh ar na Foscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún (agus maidir lena nglacadh sa Bhuanchoiste) le cinneadh ón gComhairle, bunaithe ar thogra ón gCoimisiún, de bhun Airteagal 218(9) CFAE, ós rud é go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla ag na leasuithe sin ar an Aontas.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

3.1.Stádas dlíthiúil reatha an mhic tíre (Canis lupus) faoi Choinbhinsiún Bheirn

Bhí liostú tosaigh na speiceas ainmhithe i bhFoscríbhinní II nó III bunaithe ar na sonraí eolaíocha a bhí ar fáil tráth na caibidlíochta maidir leis an gCoinbhinsiún in 1979 agus ar na liostaí de mhamaigh, éin, amfaibiaigh agus reiptílí atá faoi bhagairt san Eoraip, arna ndréachtú ag an gCoiste Eorpach um Chaomhnú an Dúlra agus Acmhainní Nádúrtha faoi Chomhairle na hEorpa 4 . Foráiltear le hAirteagal 1(2) den Choinbhinsiún ‘go gcuirtear béim ar leith ar speicis atá i mbaol agus ar speicis leochaileacha 5 .. 

Liostaítear an mac tíre (Canis lupus) i bhFoscríbhinn II den Choinbhinsiún (speicis faoi dhianchosaint) ó tháinig sé i bhfeidhm in 1982. Bhain 12 Pháirtí aonair (ar Ballstáit den Aontas naoi gcinn acu) leas as an bhféidearthacht forchoimeádais a chomhdú de bhun Airteagal 22 maidir le liostú an mhic tíre tráth shíniú nó dhaingniú an chonartha (an Bhulgáir, an tSeicia, an Fhionlainn, an Laitvia, an Liotuáin, an Mhacadóin Thuaidh, an Pholainn, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Spáinn, an Tuirc agus an Úcráin). Go sonrach maidir le Ballstáit an Aontais, chuir an Fhionlainn, an Laitvia, an Pholainn, an tSeicia, an tSlóvaic, an tSlóivéin agus an Bhulgáir forchoimeádais iomlána isteach i gcoinne aon chosaint a bheith ag an mac tíre, agus chuir an Liotuáin agus an Spáinn forchoimeádas isteach i gcoinne dhianchosaint an mhic tíre de bhun Fhoscríbhinn II, ach thug siad gealltanas maidir le cosaint de bhun Fhoscríbhinn III, lena gceadaítear bainistiú inbhuanaithe an mhic tíre.

Ó bhí 2006 ann, mhol an Eilvéis trí huaire (2006, 2018 agus 2022) go ndéanfaí an mac tíre agus, dá bhrí sin, gach pobal mac tíre a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún, a íos-athaicmiú ó Fhoscríbhinn II go Foscríbhinn III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. Níor ghlac an Buanchoiste na tograí sin, mar gheall ar thacaíocht neamhleor i measc na bPáirtithe Conarthacha.

Sa rún uaithi an 24 Samhain 2022 maidir le feirmeoireacht beostoic agus feoiliteoirí móra san Eoraip a chosaint 6 , ba dhíol sásaimh do Pharlaimint na hEorpa gur áiríodh an mhír ‘Togra le haghaidh leasaithe: An mac tíre (Canis lupus) a íos-athaicmiú ó Fhoscríbhinn II go Foscríbhinn III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún’ ar chlár oibre an 42ú cruinniú de Bhuanchoiste Choinbhinsiún Bheirn agus chuir sí i dtreis go bhfuil údar maith leis an stádas cosanta a mhaolú agus, dá bhrí sin, leis an leasú atá beartaithe a ghlacadh, mar gheall ar stádas cosanta an mhic tíre ar an leibhéal uile-Eorpach.

3.2.Breithnithe maidir leis an moladh go ndéanfaí an mac tíre (Canis lupus) a aistriú ó Fhoscríbhinn II (speicis fána faoi dhianchosaint) go Foscríbhinn III (speicis fána faoi chosaint) a ghabhann leis an gCoinbhinsiún

Ní leagtar amach go sainráite i gCoinbhinsiún Bheirn na critéir lena rialaítear an liostú i bhFoscríbhinní II nó III. Le Moladh Uimh. 56 (1997) 7 ó Bhuanchoiste an Choinbhinsiúin, soláthraítear treoirlínte le haghaidh liostaithe faoi Fhoscríbhinní I agus II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. Moltar sna treoirlínte sin do Pháirtithe Conarthacha an méid seo a leanas a chur san áireamh agus leasuithe ar Fhoscríbhinn II á moladh acu:

1. Bagairt. Cuirfear san áireamh catagóir na bagartha, leochaileacht an speicis i leith athruithe ar a ghnáthóg, an nasc ar leith atá aige le gnáthóg atá faoi bhagairt, na treochtaí agus na héagsúlachtaí i méid an phobail agus a leochaileacht i leith úsáid neamh-inbhuanaithe a d’fhéadfadh a bheith ann. Cuirfear san áireamh an bhfuil an speiceas ag meath i limistéar lárnach a dháilte, nó an bhfuil sé faoi bhagairt ag teorainn a raoin amháin.

2. Ról éiceolaíoch. Cuirfear san áireamh ról éiceolaíoch an speicis, amhail an suíomh nó an ról atá aige sa bhiashlabhra (i.e. éin chreiche, speicis feithiditeacha amhail ialtóga), a ról struchtúrach in éiceachórais (i.e. coiréil, fraochmhánna) nó go bhféadfadh sé go mbeidh speicis nó éiceachórais atá i mbaol ag brath go mór air (i.e. fanaragaim mhara amhail Posidonia oceanica) nó go bhféadfadh baol a bheith ann go mbeidh speicis nó éiceachórais atá i mbaol faoi bhagairt ag saothrú an speicis (amhail an moileasc Lithophaga lithophaga).

Tagraítear in Airteagal 2 den Choinbhinsiún don chuspóir méid pobail a bhaint amach ‘a chomhfhreagraíonn go háirithe do cheanglais éiceolaíocha, eolaíocha agus chultúrtha, agus ceanglais eacnamaíocha agus áineasa á gcur san áireamh (...)’.

Treochtaí atá ann faoi láthair i stádas caomhantais an mhic tíre san Eoraip

Tar éis stair fhada ghéarleanúna a rinneadh d’aon ghnó agus as ar eascair a dhíothú i bhformhór na dtíortha Eorpacha, bhí an mac tíre in ann teacht slán mar thoradh ar roinnt athruithe éiceolaíocha, sóisialta agus reachtacha (cosaint dhlíthiúil, tréigean talún, athfhoraoisiú nádúrtha, pobail chrúbacha fhiáine a mhéadú, athruithe i meon an phobail i leith an speicis) agus ansin chuaigh an líon mac tíre faoi théarnamh tapa i ndeireadh an 20ú haois agus go háirithe le 10 go 20 bliain anuas. Léiríonn comparáid idir léarscáileanna dáilte an speicis ó 2000 8 , 2005 9 agus 2016 10 gur tháinig méadú suntasach ar an raon a shroich na naoi bhfo-phobal mac tíre san Eoraip ar fho-phobail trasteorann iad den chuid is mó. Sa lá atá inniu ann, tá an speiceas le fáil i ngach tír ar mhórthír na hEorpa, agus i roinnt de na tíortha sin tá pobail mhóra ina bhfuil os cionn 1 000 mac tíre.

I mí Mheán Fómhair 2022, le nuashonrú ar stádas caomhantais an mhic tíre, a d’fhorbair an Tionscnamh Feoiliteoirí Móra don Eoraip (LCIE) le haghaidh Choinbhinsiún Bheirn 11 , léiríodh gur dócha go mbeadh líon iomlán na mac tíre san Aontas thart ar 19 000 (i gcomparáid le thart ar 14 300 in 2016) agus gur dócha go mbeadh líon na mac tíre san Eoraip (gan an Bhealarúis agus Cónaidhm na Rúise a áireamh) níos mó ná 21 500 (i gcomparáid le thart ar 17 000 in 2016) 12 . De réir staidéar LCIE, thuairiscigh 19 as 34 tír líon méadaitheach mac tíre agus níor thuairiscigh ach 3 thír líon laghdaitheach, iad go léir sa réigiún Dinearach/Balcánach 13 . Maidir leis an Aontas, bhí méadú ag teacht ar na pobail mac tíre in 17 as 24 Bhallstát den Aontas a bhfuil mic tíre acu, agus i gcás na 7 mBallstát eile, bhí an líon mac tíre cobhsaí nó ag athrú. Dá bhrí sin, mheas LCIE nach raibh an líon mac tíre ag meath in aon Bhallstát den Aontas.

Le measúnú LCIE do Choinbhinsiún Bheirn ó 2022, rinneadh nuashonrú freisin ar mheasúnuithe chritéir Liosta Dearg IUCN ó 2018 ar aghaidh 14 . Mheas LCIE gur cháiligh an mac tíre mar speiceas ‘is Ábhar Imní is Lú’ ar leibhéal na hEorpa agus ar leibhéal AE 27 araon, ar an gcaoi chéanna leis an measúnú ar an Liosta Dearg ó 2018. Is é conclúid mheasúnú LCIE 2022 ‘go bhfágann méid na líonta agus na nathruithe le blianta beaga anuas gur féidir teacht ar an gconclúid go bhfuil méadú tagtha ar an líon mac tíre san Eoraip le 10 mbliana anuas agus gur cosúil go bhfuil na treochtaí dearfacha foriomlána cobhsaí nó ag dul i méid. Ní féidir a shéanadh go bhfuil an stádas caomhantais ar an scála Eorpach dearfach, agus is féidir an speiceas a aicmiú mar speiceas ‘is Ábhar Imní is Lú’ i gcóras Liosta Dearg IUCN nuair a dhéantar an measúnú ar scála na mór-roinne.’

Maidir leis na naoi bhfo-phobal mac tíre san Eoraip, thug LCIE faoi deara go raibh siad ag méadú i ngach áit ar an mór-roinn, seachas fo-phobal na hIbéire a bhí cobhsaí agus an fo-phobal Dinearach/Balcánach a raibh an treocht ina leith anaithnid. Thángthas ar an gconclúid i measúnú LCIE 2022 go gcáilíonn trí fho-phobal mar phobail ‘is Ábhar Imní is Lú’, go mbaineann cúig fho-phobal leis an gcatagóir ‘i nGar do Bheith faoi Bhagairt’ agus go mbaineann ceann amháin – an fo-phobal Lochlannach – leis an gcatagóir ‘Leochaileach’. Is feabhas breise é sin i gcomparáid le measúnú Liosta Dhearg 2018, ar dá réir a measadh go raibh trí fho-phobal – an fo-phobal Lochlannach, fo-phobal Lár na hEorpa agus fo-phobal na nAlp Láir Thiar – ‘Leochaileach’ mar gheall ar a méid teoranta.

Ar leibhéal an Aontais, cumhdaíodh an tréimhse 2013-2018 sa mheasúnú is déanaí ar stádas caomhantais an mhic tíre 15 atá bunaithe ar na tuarascálacha a chuir na Ballstáit isteach in 2019 faoi chuimsiú Airteagal 17 den Treoir maidir le Gnáthóga. Tuairiscíodh go raibh an mac tíre i láthair in 21 Bhallstát, agus meastar go raibh pobal mac tíre iomlán an Aontais ag an am sin thart ar 11 000-17 000 (an luach is fearr: 13 492 mac tíre). Léiríodh sa tuairisciú go raibh stádas caomhantais fabhrach ag an speiceas in 18 as 39 gcuid náisiúnta de réigiúin bhithgheografacha ina raibh an speiceas i láthair. Fiú i gcás ina raibh an stádas caomhantais fós neamhfhabhrach, an tráth sin, i roinnt codanna náisiúnta de réigiúin bhithgheografacha, tugadh le fios freisin i dtuarascálacha na mBallstát faoi Airteagal 17 den Treoir maidir le Gnáthóga a cuireadh isteach in 2019 go raibh treocht chobhsaí nó dhearfach á léiriú go ginearálta ag méid an phobail, ag gnáthóg an speicis agus ag raon an speicis sna réigiúin bhithgheografacha go léir, rud a dheimhníonn go raibh an speiceas ag leanúint de bheith ag athchoilíniú codanna dá raon nádúrtha. Cé gur forbairt dhearfach é go bhfuil méid an phobail mac tíre, a ngnáthóg agus a raon ag méadú, ní hionann é sin agus measúnú fabhrach ar stádas caomhantais ar an leibhéal geografach ábhartha (leibhéal náisiúnta nó leibhéal bithgheografach an Aontais) mar is gá gnéithe eile a chur san áireamh freisin, amhail pobail agus raon atá sách mór (luachanna tagartha), gnáthstruchtúr pobail agus ionchais mhaithe amach anseo. Ar leibhéal réigiún bithgheografach an Aontais, léiríodh sa mheasúnú go raibh stádas caomhantais neamhleor neamhfhabhrach ag an speiceas i sé réigiún bhithgheografacha an Aontais agus go raibh stádas fabhrach aige i réigiún amháin, réigiún bithgheografach na nAlp.

In 2023, le mionanailís ar stádas an mhic tíre san Aontas, 16 rinneadh athbhreithniú ar na sonraí eolaíocha atá ar fáil maidir leis an speiceas, ar na sonraí a thuairiscigh na húdaráis náisiúnta ó Bhallstáit an Aontais agus ar na sonraí ábhartha a bailíodh ó chleachtadh bailithe sonraí spriocdhírithe. Dearbhaíonn toradh na hanailíse sin an treocht aníos i méid an phobail chomh maith leis an leathnú leanúnach ar raon an mhic tíre. Measadh go raibh thart ar 20 300 mac tíre san iomlán san Aontas in 2023 17 . Tá an meastachán sin níos airde ná an tuairim agus 19 000 mac tíre a mheas LCIE a bheith ann i mí Mheán Fómhair 2022 agus níos airde ná an pobal a mheastar a bheith thart ar 11 000-17 000 a tuairiscíodh faoi Airteagal 17 den Treoir maidir le Gnáthóga don tréimhse 2013-2018. Tá sé níos airde freisin ná meastachán a rinneadh roimhe sin ó 2012 inar thángthas ar an gconclúid go raibh 11 193 mac tíre san Aontas 18 . Thángthas ar an gconclúid sa mhionanailís go bhfuil méadú ag teacht ar na pobail i bhformhór Bhallstáit an Aontais. Léiríonn sonraí ó 10 mBallstát den Aontas a bhfuil torthaí faireacháin ar fáil ina leith le blianta beaga anuas gur tháinig méadú suntasach ar an bpobal i ngach ceann de na Ballstáit sin seachas ceann amháin le dhá bhliain go trí bliana anuas 19 . Thairis sin, in 2023, braitheadh conairteacha pórúcháin i ngach ceann de 24 Bhallstát den Aontas ina bhfuil pobail mac tíre, cé is moite de Lucsamburg.

Léirítear freisin le téarnamh rathúil pobal mac tíre agus raon an mhic tíre ar fud mhór-roinn na hEorpa le roinnt mhaith blianta anuas inoiriúnaitheacht láidir an speicis. Déantar taifead soiléir ar chumas mac tíre réigiúin a athchoilíniú trí mhéaduithe tapa an phobail ag tosú le líon íseal agus léirítear freisin go bhfuil an speiceas athléimneach 20 . Thug LCIE faoi deara gur tuairiscíodh go raibh na hionchais dearfach 21 , agus tá coinne le leathnú breise do bheagnach gach ceann de na naoi bhfo-phobal.

Bagairtí agus stádas cosanta dlíthiúil

Tá bagairtí do mhic tíre iomadúil agus éagsúil. Is é ‘lámhach/marú neamhdhleathach’ an brú is minice a thuairiscigh na Ballstáit 22 don tréimhse (2013-2018). Tá an brú sin agus an brú ‘Nimhniú ainmhithe’, a tuairiscíodh sa cheathrú háit, nasctha le fadhb na bpóitseáil mac tíre. Tá ‘tionchar na mbóithre, na gcosán, na niarnród agus an bhonneagair lena mbaineann’ sa dara háit, lena gcumhdaítear an bhásmhaireacht dhíreach arb iad tionóiscí tráchta is cúis léi agus an ilroinnt a d’fhéadfadh a bheith ann i measc pobal de bharr na dtionchar sin. Tuairiscítear freisin gur brúnna tráthrialta iad ‘Idirghníomhaíochtaí le gníomhaíochtaí talmhaíochta’ agus ‘Fiach’. I measc na mbagairtí nua atá ag teacht chun cinn tá fálta teorann agus hibridiú idir an madra agus an mac tíre.

Tugtar aghaidh go díreach ar chuid de na brúnna sin leis na toirmisc ar mharú agus suaitheadh d’aon ghnó, agus ar dhamáiste d’aon ghnó do láithreáin phórúcháin agus láithreáin scíthe speiceas atá faoi dhianchosaint faoi Fhoscríbhinn II agus ar scriosadh láithreán den sórt céanna, mar a leagtar amach in Airteagal 6 den Choinbhinsiún.

De bhrí nach bhfuil speicis a liostaítear i bhFoscríbhinn III faoi réir na dtoirmeasc sin, tá siad faoi réir cosaint speiceas de bhun Airteagal 7 den Choinbhinsiún agus faoi réir oibleagáid ghinearálta Airteagal 2.

Foráiltear le hAirteagal 7(1) den Choinbhinsiún go ndéanfaidh na Páirtithe Conarthacha ‘na bearta reachtacha agus riaracháin is iomchuí agus is gá chun a áirithiú go gcosnófar na speicis fána fhiáin a liostaítear i bhFoscríbhinn III’. De bhun Airteagal 7(2) den Choinbhinsiún, ‘déanfar saothrú na speiceas sin a rialú chun na pobail a chosaint ar chontúirt, agus ceanglais Airteagal 2 á gcur san áireamh’. Sonraítear in Airteagal 7(3) den Choinbhinsiún go n‑áirítear sa chosaint sin ‘(a) séasúir choiscthe agus/nó nósanna imeachta eile lena rialaítear an saothrú; (ii) toirmeasc sealadach nó áitiúil ar shaothrú chun méid pobail sásúil a athbhunú; (iii) rialáil a dhéanamh ar dhíol ainmhithe fiáine beo agus ainmhithe fiáine marbha, iad a choimeád lena ndíol, iad a iompar lena ndíol nó iad a thairiscint lena ndíol’.

De réir na Tuarascála Míniúcháin 23 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Caomhnú Fhiadhúlra agus Ghnáthóga Nádúrtha na hEorpa, le hAirteagal 7 ‘cuirtear d’oibleagáid ar na Páirtithe Conarthacha cosaint an fhána a liostaítear i bhFoscríbhinn III a áirithiú. Mar sin féin, ós rud é go bhféadfadh na speicis sin, ar leibhéil éagsúla, a bheith faoi réir saothrú dlisteanach i Stát áirithe, ní eisiatar leis an gCoinbhinsiún an fhéidearthacht atá ag gach Páirtí Conarthach saothrú den sórt sin a údarú ar choinníoll nach ndéanann sé difear ach do na speicis sin nach bhfuil i mbaol ar a chríoch agus nach gcuirfidh saothrú den sórt sin an pobal ainmhithe lena mbaineann i mbaol. Agus é sin á dhéanamh aige, ní mór don Pháirtí Conarthach maoirseacht a dhéanamh ar an saothrú agus, más gá, bearta níos déine a fhorchur. Dréachtaíodh an tairteagal ar an mbealach sin chun solúbthacht a thabhairt do Stáit maidir le speicis nach mbeidh faoi bhagairt dhíreach ó am go ham. Agus an fhoráil sin á cur i gcrích, ní mór do na Páirtithe Conarthacha, i gcomhréir le hAirteagal 2, aird a thabhairt ar fhospeicis agus cineálacha atá i mbaol go háitiúil, gan bheith faoi bhagairt ar an leibhéal Eorpach.

Dá bhrí sin, ba cheart aghaidh a thabhairt freisin ar na brúnna thuasluaite maidir le fiach agus póitseáil trí bhearta arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 7 den Choinbhinsiún (trí rialáil a dhéanamh ar fhiach agus trí fhorfheidhmiú in aghaidh na póitseála). Is é an phríomhdhifríocht idir an dá chóras i ndáil leis na bagairtí sin go gcoimeádann an córas cosanta le haghaidh speicis a liostaítear i bhFoscríbhinn III níos mó solúbthachta ar bun maidir leis na bearta iomchuí a chuirfidh na Páirtithe Conarthacha i bhfeidhm. Ba cheart a chur i dtábhacht gur cheart a áirithiú go fóill leis na bearta iomchuí sin cosaint an speicis agus é a chosaint ar chontúirt, mar a cheanglaítear le hAirteagal 7(1) agus (2) den Choinbhinsiún. Dá bhrí sin, maíonn an Coimisiún, fad a chomhlíontar Airteagal 7 den Choinbhinsiún i dtéarmaí bearta iomchuí arna ndéanamh ag na Páirtithe, go dtabharfaí aghaidh leordhóthanach fós ar na bagairtí ar an mac tíre amhail fiach agus póitseáil tar éis an speiceas a aistriú go Foscríbhinn III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. Ina theannta sin, faoi Airteagal 8 den Choinbhinsiún, tá an toirmeasc ar mhodhanna gabhála agus maraithe áirithe a shonraítear i bhFoscríbhinn IV a ghabhann leis an gCoinbhinsiún infheidhme maidir le speicis a liostaítear i bhFoscríbhinní II agus III araon a ghabhann leis an gCoinbhinsiún araon.

Ní thugtar aghaidh ar bhagairtí eile, amhail básmhaireacht dhíreach arb iad tionóiscí tráchta is cúis léi, le bearta a cheanglaítear faoin gcóras dianchosanta is infheidhme maidir le speicis a liostaítear i bhFoscríbhinn II, ná le bearta a cheanglaítear faoin gcóras cosanta is infheidhme maidir le speicis a liostaítear i bhFoscríbhinn III.

Thairis sin, mar a fhoráiltear i Moladh Choinbhinsiún Bheirn Uimh. 163 (2012) ón mBuanchoiste, a glacadh an 30 Samhain 2012, maidir le pobail feoiliteoirí móra atá ag leathnú san Eoraip a bhainistiú, moltar do na Páirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Bheirn comhoibriú de réir mar is iomchuí le stáit eile a bhfuil na pobail chéanna acu, agus de chuspóir acu iad a choinneáil sláintiúil agus ar stádas caomhantais fabhrach. Tá comhar den sórt sin, lena mbaineann cómhaireachtáil agus bearta cosanta, riachtanach agus ábhartha i gcónaí má tá an mac tíre liostaithe i bhFoscríbhinn III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.

3.3.Breithnithe socheacnamaíocha

Mar thoradh ar an leathnú leanúnach atá ag teacht ar raon an mhic tíre agus ar a athchoilíniú ar chríocha nua, tá méadú tagtha ar choinbhleachtaí le gníomhaíochtaí daonna, go háirithe maidir le damáiste do bheostoc arb é an mac tíre is cúis leis. Tá leibhéil arda chreachóireachta bainte amach anois, a dhéanann difear do níos mó agus níos mó réigiún, laistigh de Bhallstáit an Aontais agus de Pháirtithe Conarthacha Bheirn nach bhfuil san Aontas araon. Is é creachóireacht mac tíre ar bheostoc is mó a spreagann coinbhleachtaí le daoine, chomh maith le raon agus leathnú pobail an speicis. Tá na costais airgeadais agus shóisialta a bhaineann le leathnú raon an mhic tíre agus a athchoilíniú ar chríocha nua ag méadú de réir a chéile agus beidh siad tábhachtach i gcónaí chun damáiste beostoic mar gheall ar an mac tíre a bheith ann a chosc agus a chúiteamh.

Léiríonn sonraí a bailíodh maidir le dlús teagmhas sa mhionanailís ar stádas an mhic tíre ó 2023 go bhfuil an damáiste arb é an mac tíre is cúis leis ag méadú san Aontas. Go sonrach, de réir na sonraí is déanaí atá ar fáil ó na Ballstáit 24 , meastar go maraíonn mic tíre 65 500 ceann beostoic ar a laghad gach bliain san Aontas, ar caora agus gabhair 73 % díobh, ar eallach 19 % díobh agus ar capaill agus asail a phóraítear le haghaidh feola 6 % díobh. Maraítear réinfhianna leath-chlóis freisin san Fhionlainn (1 261 in 2022) agus sa tSualainn (figiúr anaithnid). Tá na figiúirí sin níos airde ná na figiúirí a léirítear i staidéar LCIE 2022, is é sin 53 530 ceann beostoic a mharaítear in aghaidh na bliana san Aontas 25 ; mar sin féin, d’fhéadfadh an tathrú suntasach a bheith ag brath go pointe áirithe ar na roghanna éagsúla a dhéantar maidir le cúiteamh caillteanas – agus, dá bhrí sin, maidir le clárú caillteanas – i gcás creachadóireacht mac tíre in 2022.   

Cé nach bhfuil na sonraí sin inchomparáide go díreach, dealraíonn sé, go ginearálta, go bhfuil méadú tagtha ar an damáiste do bheostoc de réir mar atá méadú tagtha ar mhéid phobal an mhic tíre, rud a dhearbhaíonn a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh i mbearta coisctheacha éifeachtacha. Mar thoradh ar an damáiste méadaithe do bheostoc, tá laghdú tagtha ar an nglacadh leis an speiceas i roinnt réigiún san Aontas. Cé go bhfuil tionchar an mhic tíre ar bheostoc beag ar leibhéal an Aontais agus go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil an damáiste foriomlán do bheostoc inghlactha ar leibhéal na tíre, d’fhéadfadh sé go léiríonn a chomhchruinniú ar leibhéal áitiúil brú láidir ar limistéir áirithe, agus mar thoradh air sin d’fhéadfadh iarmhairtí mothúchánacha a bheith ann d’úinéirí beostoic chomh maith le caillteanais eacnamaíocha indíreacha atá deacair a chainníochtú. I limistéir áirithe, d’fhéadfadh damáiste athfhillteach do bheostoc a bheith ina dhúshlán breise don tréadachas, oidhreacht chultúrtha agus modh maireachtála na bpobal tuaithe, rud a éilíonn tacaíocht thiomnaithe le haghaidh bearta coisctheacha éifeachtacha 26 . Go deimhin, tá feirmeoireacht fhairsing beostoic ríthábhachtach chun éiceachórais talmhaíochta ardéagsúlachta, amhail féarthailte buana, a chothabháil agus a chaomhnú. Ina theannta sin, is gníomhaíocht thraidisiúnta é an tréadachas, is cuid dár noidhreacht shóisialta é agus tá sé ríthábhachtach do gheilleagar na gceantar tuaithe sléibhtiúla agus imeallacha.

Leis an togra seo, cruthófar solúbthacht bhreise do na Páirtithe i gCoinbhinsiún Bheirn maidir le conas déileáil le damáistí méadaithe agus coinbhleachtaí socheacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann leis an mac tíre i limistéir áirithe, agus an cuspóir á choinneáil an tráth céanna chun stádas caomhantais fabhrach a bhaint amach do gach pobal mac tíre san Aontas.

3.4.Conclúid

Dealraíonn sé go bhfuil údar maith leis na Foscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún Bheirn a leasú tríd an mac tíre (Canis lupus) a aistriú ó Fhoscríbhinn II (speicis fána faoi dhianchosaint) go Foscríbhinn III (speicis fána faoi chosaint) a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. Dealraíonn sé gurb iomchuí an t‑aistriú sin a dhéanamh i bhfianaise na dtreochtaí atá ann faoi láthair maidir le stádas an phobail agus i bhfianaise an leibhéil cosanta dá bhforáiltear leis an gcóras cosanta speiceas de bhun Fhoscríbhinn III i ndáil le hAirteagail 2, 7 agus 8 den Choinbhinsiún.

Den chuid is mó, comhfhreagraíonn an togra sin don seasamh a chuir Parlaimint na hEorpa in iúl i rún uaithi an 24 Samhain 2022 27 .

A luaithe a thiocfaidh an leasú ar na Foscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún Bheirn (lena n‑aistrítear an mac tíre ó Fhoscríbhinn II go Foscríbhinn III) i bhfeidhm, bheadh cead ag an Aontas na hIarscríbhinní comhfhreagracha a ghabhann leis an Treoir maidir le Gnáthóga a mhodhnú chun an leibhéal cosanta níos ísle don mhac tíre a léiriú ina dhlíchóras inmheánach.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí nós imeachta

4.1.1.Na prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunófar ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le Coinbhinsiún nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Áirítear freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a fhéadfaidh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh 28 .

4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é an Buanchoiste arna chur ar bun ag an gCoinbhinsiún.  

Is gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla acu iad na gníomhartha a iarrtar ar an mBuanchoiste a ghlacadh. Beidh na gníomhartha atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagail 6 agus 7 den Choinbhinsiún. Ní dhéantar creat institiúideach an Choinbhinsiúin a fhorlíonadh ná a leasú de thoradh na ngníomhartha atá beartaithe.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós imeachta atá leis an gcinneadh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Na prionsabail

Braitheann an bunús dlí substainteach atá le cinneadh áirithe faoi Airteagal 218(9) CFAE go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chuid de ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na codanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó príomhchuid agus an ceann eile mar aidhm nó cuid theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear faoin bpríomhaidhm nó faoin bpríomhchuid.

4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is leis an gcomhshaol a bhaineann príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 192(1) CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Ba cheart Airteagal 192(1) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith ina mbunús dlí don chinneadh atá beartaithe.

5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

Ós rud é go leasófaí leis na gníomhartha ón mBuanchoiste Foscríbhinní II agus III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, b’iomchuí iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, má ghlactar iad.

2023/0469 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i dtaca le tograí a thíolacadh chun Foscríbhinní II agus III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Caomhnú fhiadhúlra agus ghnáthóga nádúrtha na hEorpa a leasú ag féachaint don chruinniú a bheidh ag Buanchoiste an Choinbhinsiúin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Thug an tAontas an Coinbhinsiún maidir le caomhnú fhiadhúlra agus ghnáthóga nádúrtha na hEorpa (Coinbhinsiún Bheirn) (‘an Coinbhinsiún’) i gcrích le Cinneadh 82/72/CEE ón gComhairle 29 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 1982.

(2)De bhun Airteagal 17 den Choinbhinsiún, féadfaidh an Buanchoiste cinneadh a ghlacadh chun na Foscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú.

(3)I gcomhréir le hAirteagal 17 den Choinbhinsiún, is é 2 mhí ar a laghad roimh chruinniú an Bhuanchoiste an sprioc-am chun tograí maidir le leasú a thíolacadh. Féadfaidh an tAontas, mar Pháirtí sa Choinbhinsiún, leasuithe ar na Foscríbhinní sin a mholadh.

(4)I bhfianaise Mholadh Uimh. 56 (1997) ón mBuanchoiste maidir leis na treoirlínte atá le cur san áireamh agus tograí á ndéanamh chun Foscríbhinní I agus II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú agus le linn leasuithe a ghlacadh 30 , áirítear tosca éiceolaíocha agus eolaíocha, amhail stádas caomhantais, treochtaí pobail agus bagairtí, ar na breithnithe ábhartha maidir le speicis a liostú sna Foscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.

(5)Leagtar amach in Airteagal 2 cuspóir an Choinbhinsiúin maidir le méid pobail a bhaint amach ‘a chomhfhreagraíonn go háirithe do cheanglais éiceolaíocha, eolaíocha agus chultúrtha, agus ceanglais eacnamaíocha agus áineasa á gcur san áireamh (…)’ agus leagtar amach ann an comhthéacs níos leithne le haghaidh bearta a dhéanann na Páirtithe sa Choinbhinsiún. Is féidir an cuspóir sin a chur san áireamh agus leasú ar Fhoscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún Bheirn á mholadh.

(6)Tá treocht dhearfach léirithe ag stádas caomhantais an mhic tíre le blianta beaga anuas. Tá téarnamh rathúil tagtha ar an mac tíre ar fud na Mór-Roinne, tá leathnú suntasach tagtha ar raon an speicis agus tá leibhéil thábhachtacha bainte amach ag méid a phobail, agus meastar gur tháinig méadú beagnach faoi dhó ar leibhéil phobail san Aontas le 10 mbliana anuas (ó 11 193 in 2012, sa raon 11 000-17 000 in 2019 go 20 300 in 2023). Tuairiscítear chomh maith go bhfuil méadú leanúnach ag teacht ar na pobail ar fud na Mór-Roinne 31 . In ainneoin na mbagairtí atá fós ann ar an mac tíre, léiríonn téarnamh rathúil a phobal agus a raon méadaithe ar fud mhór-roinn na hEorpa le blianta beaga anuas inoiriúnaitheacht agus athléimneacht láidir an speicis.

(7)San am céanna, mar thoradh ar an méadú leanúnach atá ag teacht ar raon an mhic tíre san Eoraip agus ar a athchoilíniú ar chríocha nua, tá méadú tagtha ar na dúshláin shocheacnamaíocha maidir le cómhaireachtáil le gníomhaíochtaí daonna, go háirithe mar gheall ar dhamáiste do bheostoc atá ag leibhéil thábhachtacha anois, a bhfuil tionchar aige ar níos mó agus níos mó réigiún agus Ballstát den Aontas agus níos faide i gcéin.

(8)Leis na sonraí is déanaí maidir le méid an phobail ó mheasúnú 2022 ar stádas an mhic tíre a d’fhorbair an Tionscnamh Feoiliteoirí Móra don Eoraip (LCIE) le haghaidh Choinbhinsiún Bheirn agus ón mionanailís ar stádas an mhic tíre san Aontas Eorpach ó 2023, cuirtear fianaise leordhóthanach ar fáil chun tacú le stádas cosanta an mhic tíre (Canis lupus) faoin gCoinbhinsiún a oiriúnú.

(9)Dá bhrí sin, is iomchuí leibhéal cosanta an mhic tíre a oiriúnú. Ba cheart an mac tíre a bheith faoi réir na cosanta speiceas a eascraíonn as liostú i bhFoscríbhinn III i dtaca le hAirteagal 7 den Choinbhinsiún.

(10)Leis an oiriúnú sin ar an leibhéal cosanta, chuirfí le solúbthacht chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shocheacnamaíocha mhéadaitheacha a bhaineann leis an mac tíre atá nasctha le leathnú leanúnach raon an mhic tíre san Eoraip agus lena athchoilíniú ar chríocha nua.

(11)Mar a fhoráiltear i Moladh Choinbhinsiún Bheirn Uimh. 163 (2012) ón mBuanchoiste, a glacadh an 30 Samhain 2012, maidir le pobail feoiliteoirí móra atá ag leathnú san Eoraip a bhainistiú, moltar do na Páirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Bheirn comhoibriú de réir mar is iomchuí le stáit eile a bhfuil na pobail chéanna acu, agus é de chuspóir acu na pobail a choinneáil sláintiúil agus ar stádas caomhantais fabhrach. Tá comhar den sórt sin, lena mbaineann cómhaireachtáil agus bearta cosanta, riachtanach agus ábhartha i gcónaí má tá an mac tíre liostaithe i bhFoscríbhinn III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.

(12)Dá bhrí sin, i bhfianaise an 44ú cruinniú de Bhuanchoiste an Choinbhinsiún in 2024, nó aon chruinniú eisceachtúil níos luaithe a d’fhéadfadh an tAontas a iarraidh, ba cheart don Aontas togra a thíolacadh chun Foscríbhinn II agus Foscríbhinn III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú tríd an mac tíre (Canis lupus) a bhaint d’Fhoscríbhinn II agus é a liostú faoi Fhoscríbhinn III.

(13)Is iomchuí freisin an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag cruinniú den Bhuanchoiste a bhunú, mar beidh na cinntí lena leasaítear na Foscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún ina gceangal ar an Aontas.

(14)Ba cheart an togra a chur in iúl don Rúnaíocht lena bhreithniú ag an gcéad chruinniú eile de Bhuanchoiste an Choinbhinsiúinag aon chruinniú eisceachtúil níos luaithe a fhéadfaidh an tAontas a iarraidh.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.Údaraítear leis seo don Choimisiún togra a chur faoi bhráid Bhuanchoiste an Choinbhinsiúin, thar ceann an Aontais, chun an mac tíre (Canis lupus) a aistriú ó Fhoscríbhinn II maidir le ‘speicis fána faoi dhianchosaint’ go Foscríbhinn III maidir le ‘speicis fána faoi chosaint’.

2.Déanfaidh an Coimisiún an togra sin a chur in iúl do Rúnaíocht an Choinbhinsiúin.

Airteagal 2

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i mBuanchoiste Choinbhinsiún Bheirn tacú leis an mac tíre (Canis lupus) a bhaint d’Fhoscríbhinn II agus é a chur le Foscríbhinn III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.

Airteagal 3

I bhfianaise forbairtí sa Bhuanchoiste, féadfaidh ionadaithe ón Aontas, i gcomhairle leis na Ballstáit le linn cruinnithe comhordaithe ar an láthair, mionchoigeartú a chomhaontú ar na seasaimh dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2, gan aon chinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 3

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Cinneadh 82/72/CEE ón gComhairle an 3 Nollaig 1981 i ndáil le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir le Caomhnú Fhiadhúlra agus Ghnáthóga Nádúrtha na hEorpa thar ceann an Chomhphobail, IO L 38, 10.2.1982, lch. 1.
(2)    An 5 Meán Fómhair 2023, chuir an Bhealarúis in iúl go séanann sí Coinbhinsiún Bheirn. Agus Airteagal 23.2 den Choinbhinsiún á chur i bhfeidhm, tiocfaidh an séanadh i bhfeidhm ón 1 Aibreán 2024.
(3)    Airteagal 14.1 de Choinbhinsiún Bheirn: ‘…. forálacha an Choinbhinsiúin seo a choimeád faoi bhreithniú, lena náirítear na foscríbhinní a ghabhann leis, agus scrúdú a dhéanamh ar aon mhodhnú is gá’.
(4)    Féach an Tuarascáil Mhíniúcháin a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le caomhnú fhiadhúlra agus ghnáthóga nádúrtha na hEorpa ( https://rm.coe.int/16800ca431 )
(5)    Airteagal 1(2) de Choinbhinsiún Bheirn ( https://www.coe.int/en/web/conventions/full-list?module=treaty-detail&treatynum=104 )
(6)    Rún 2022/2952(RSP) ó Pharlaimint na hEorpa ( https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-9-2022-0423_GA.html )
(7)    Moladh Uimh. 56 (1997) ó Bhuanchoiste an Choinbhinsiúin ( https://rm.coe.int/168074680c )
(8)    Plean Gníomhaíochta um chaomhnú na mac tíre (Canis lupus) san Eoraip, Comhairle na hEorpa, 2000 - T-PVS(2000)23 ( https://rm.coe.int/1680746b76 )
(9)    Tuarascáil ar stádas caomhantais na mac tíre (Canis lupus) san Eoraip agus ar na bagairtí orthu, Comhairle na hEorpa, 2005, T-PVS/Inf (2005) 16 ( Microsoft Word - inf16e_2005 Conservation Threats Wolf.doc (coe.int) )
(10)    Measúnú ar stádas caomhantais an Mhic tíre (Canis lupus) san Eoraip, Comhairle na hEorpa, 2022, T-PVS/Inf(2022)45 ( https://rm.coe.int/inf45e-2022-wolf-assessment-bern-convention-2791-5979-4182-1-2/1680a7fa47 )
(11)    Measúnú ar stádas caomhantais an Mhic tíre (Canis lupus) san Eoraip, Comhairle na hEorpa, 2022, T-PVS/Inf(2022)45 ( https://rm.coe.int/inf45e-2022-wolf-assessment-bern-convention-2791-5979-4182-1-2/1680a7fa47 )
(12)    Measúnú ar stádas caomhantais an Mhic tíre (Canis lupus) san Eoraip, Comhairle na hEorpa, 2022, T-PVS/Inf(2022)45 ( https://rm.coe.int/inf45e-2022-wolf-assessment-bern-convention-2791-5979-4182-1-2/1680a7fa47 )
(13)    An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Montainéagró agus an Mhacadóin Thuaidh
(14)    Measúnú Liosta Dearg IUCN ar an mac tíre, 2018 ( Canis lupus (Grey Wolf) (iucnredlist.org) )
(15)     https://nature-art17.eionet.europa.eu/article17/species/summary/?period=5&group=Mammals&subject=Canis+lupus&region
(16)    Blanco agus Sundseth (2023), Staid an mhic tíre (Canis lupus) san Aontas Eorpach – Mionanailís. Tuarascáil ó Ghrúpa N2K d’Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil, an Coimisiún Eorpach  http://data.europa.eu/doi/10.2779/187513
(17)    Blanco agus Sundseth (2023), Staid an mhic tíre (Canis lupus) san Aontas Eorpach – Mionanailís. Tuarascáil ó Ghrúpa N2K d’Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil, an Coimisiún Eorpach  http://data.europa.eu/doi/10.2779/187513
(18)    Boitani et al. 2015. Príomhghníomhaíochtaí le haghaidh pobal Feoiliteoirí Móra san Eoraip, an Institiúid um Éiceolaíocht Fheidhmeach (An Róimh, an Iodáil) https://circabc.europa.eu/ui/group/3f466d71-92a7-49eb-9c63-6cb0fadf29dc/library/7858bea4-148d-461d-9ad0-e8736da91b5a/details
(19)    Tábla 2.4.2. Treochtaí an mhic tíre le blianta beaga anuas i roinnt Ballstát den Aontas, Blanco agus Sundseth (2023), Staid an mhic tíre (Canis lupus) san Aontas Eorpach – Mionanailís. Tuarascáil ó Ghrúpa N2K d’Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil, an Coimisiún Eorpach  http://data.europa.eu/doi/10.2779/187513
(20)    Féach samplaí den mhéadú tapa (i méid an phobail agus sa réimse araon) sa Fhrainc ( https://www.loupfrance.fr/suivi-du-loup/situation-du-loup-en-france/ ) agus sa Ghearmáin (https://www.dbb-wolf.de/wolf-occurrence/confirmed-territories/map-of-territories).
(21)    Measúnú ar stádas caomhantais an Mhic tíre (Canis lupus) san Eoraip, Comhairle na hEorpa, 2022, T-PVS/Inf(2022)45 ( https://rm.coe.int/inf45e-2022-wolf-assessment-bern-convention-2791-5979-4182-1-2/1680a7fa47 ) agus Tuairisciú faoi Airteagal 17 den Treoir maidir le Gnáthóga
(22)     https://nature-art17.eionet.europa.eu/article17/species/summary/?period=5&group=Mammals&subject=Canis+lupus&region
(23)    An Tuarascáil Mhíniúcháin a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Caomhnú Fhiadhúlra agus Ghnáthóga Nádúrtha na hEorpa https://rm.coe.int/16800ca431
(24)    Sonraí comhiomlánaithe ó na Ballstáit a bailíodh in 2023, a bhaineann le blianta difriúla idir 2017 agus 2022 ag brath ar an mBallstát.
(25)    Sonraí comhiomlánaithe ó na Ballstáit a bailíodh in 2023, a bhaineann le blianta difriúla idir 2017 agus 2021 ag brath ar an mBallstát.
(26)     Blanco agus Sundseth (2023), Staid an mhic tíre (Canis lupus) san Aontas Eorpach – Mionanailís. Tuarascáil ó Ghrúpa N2K d’Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil, an Coimisiún Eorpach  http://data.europa.eu/doi/10.2779/187513
(27)     https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-9-2022-0423_GA.html
(28)    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, mír 61 go mír 64 
(29)    IO L 38, 10.2.1982, lch. 1.
(30)    Moladh Uimh. 56 (1997) maidir leis na treoirlínte atá le cur san áireamh agus tograí á ndéanamh chun Foscríbhinní I agus II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú agus le linn leasuithe a ghlacadh (le fáil ag https://rm.coe.int/168074680c ).
(31)    Measúnú ar stádas caomhantais an Mhic tíre (Canis lupus) san Eoraip, Comhairle na hEorpa, 2022, T-PVS/Inf(2022)45 ( https://rm.coe.int/inf45e-2022-wolf-assessment-bern-convention-2791-5979-4182-1-2/1680a7fa47 ) agus Blanco agus Sundseth (2023), Staid an mhic tíre (Canis lupus) san Aontas Eorpach – Mionanailís. Tuarascáil ó Ghrúpa N2K d’Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil, an Coimisiún Eorpach  http://data.europa.eu/doi/10.2779/187513  
Top