EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0790

Togra leasaithe le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le sásra chun constaicí dlí agus riaracháin a réiteach i gcomhthéacs trasteorann

COM/2023/790 final

Strasbourg, 12.12.2023

COM(2023) 790 final

2018/0198(COD)

Togra leasaithe le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le sásra chun constaicí dlí agus riaracháin a réiteach i gcomhthéacs trasteorann


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Leasaítear leis an togra seo an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sásra chun constaicí dlí agus riaracháin a réiteach i gcomhthéacs trasteorann 1 (‘togra ECBM’) lena náirítear an teideal le haghaidh Rialachán maidir le Réitigh Trasteorann a Éascú a leasú.

Ghlac an Coimisiún togra ECBM i mí na Bealtaine 2018, ach níor thángthas ar aon chomhaontú idir an Pharlaimint agus an Chomhairle maidir leis an gcomhad, mar gheall gur ghlac an dá chomhreachtóir seasaimh éagsúla. Ghlac an Pharlaimint a chéad seasamh léitheoireachta an 14 Feabhra 2019. Ar an iomlán, thacaigh an seasamh sin go mór leis an togra ón gCoimisiún agus mhol sé roinnt breiseanna chun níos mó solúbthachta a thabhairt maidir le cur chun feidhme. Níor ghlac an Chomhairle seasamh foirmiúil, toisc gur ardaigh na Ballstáit roinnt ábhar imní maidir leis an togra ar leibhéal na meithle, agus scoir siad d’obair ar an gcomhad.

An 14 Meán Fómhair 2023, ghlac an Pharlaimint rún reachtach féintionscnaimh le moltaí don Choimisiún maidir le togra ECBM a leasú, i gcomhréir le hAirteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘an Conradh’).

Cuirtear san áireamh go hiomchuí sa togra leasaithe sin ón gCoimisiún na hábhair imní, na barúlacha agus na moltaí ón dá chomhreachtóir, agus an tráth céanna coinnítear ar bun fócas bunaidh thogra ECBM maidir leis na constaicí a réiteach a chuireann isteach ar shaol na bpobal trasteorann.

An gá le hacmhainneacht réigiúin trasteorann an Aontais a scaoileadh trí chreat dlíthiúil a mholadh chun constaicí trasteorann a réiteach, tá sé níos práinní fós ó ghlac an Coimisiún togra ECBM in 2018. Cruthaíonn constaicí dlíthiúla agus riaracháin trasteorann dúshláin shuntasacha do shaol laethúil 150 milliún saoránach a bhfuil cónaí orthu i réigiúin trasteorann, agus do ghnólachtaí agus d’institiúidí freisin, rud a chuireann bac ar a ngníomhaíochtaí agus a dhéanann dochar don fheidhmíocht eacnamaíoch. Meastar go gcuirfí borradh 2 % faoi OTI dá gcuirfí deireadh le 20 % de na constaicí agus go gcruthófaí níos mó ná milliún post i réigiúin trasteorann 2 . Lasmuigh de na tionchair mhaicreacnamaíocha, bíonn rochtain ar sheirbhísí poiblí amhail iompar, ospidéil agus ollscoileanna níos deacra de ghnáth i réigiúin trasteorann. Bíonn sé casta agus costasach go minic do bhealach a dhéanamh idir córais éagsúla riaracháin agus dlíthiúla.

I suirbhé a rinne an Coimisiún i mí Iúil 2020 3 , shainaithin 44 % de na saoránaigh i réigiúin trasteorann an Aontais difríochtaí dlíthiúla agus riaracháin mar na constaicí is tábhachtaí ar chomhar. Rinneadh tionchar na gconstaicí trasteorann i bhforbairt réigiún trasteorann a dhoiciméadú san Athbhreithniú Trasteorann, lena náirítear an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le ‘Borradh a chur faoin bhfás agus faoin gcomhtháthú i réigiúin teorann an Aontais Eorpaigh’ 4 .

Ina theannta sin, tá baol ann go ndéanfar difear díréireach do réigiúin trasteorann ag amanna géarchéime. Mar shampla, le linn phaindéim COVID19, bhí an tionchar eacnamaíoch do réigiúin trasteorann na mbeart a bhaineann le teorainneacha a rinne na Ballstáit níos mó ná dhá oiread an mheántionchair ar réigiúin uile an Aontais 5 .

Chun obair cheannródaíoch a dhéanamh chun constaicí trasteorann a shárú, sheol an Coimisiún b-solutions 6 in 2018, tionscnamh nuálach lena soláthraítear tacaíocht dhlíthiúil d’údaráis phoiblí i réigiúin trasteorann chun bunchúiseanna na gconstaicí dlíthiúla nó riaracháin a dhéanann difear dá nidirghníomhaíochtaí trasteorann a shainaithint agus chun réitigh fhéideartha a fhiosrú. Ó dheireadh mhí na Samhna 2023, roghnaíodh 154 chás leis an tionscnamh, agus tugadh 90 cás díobh sin chun críche trí chúis na constaice a aimsiú. Chlúdaigh na 90 cás sin 27 réigiún trasteorann i 21 Bhallstát agus chuaigh siad i ngleic le constaicí maidir le fostaíocht, iompar poiblí, cúram sláinte agus comhar institiúideach den chuid is mó. I níos mó ná an tríú cuid de na cásanna sin, bhí an bhunchúis ina noirm éagsúla dhlíthiúla agus riaracháin ar gach taobh den teorainn lena gceanglaítear ar na Ballstáit a bheith páirteach i réiteach a fháil. Bhí eispéireas an tionscnaimh b-solutions ríthábhachtach chun anailís a dhéanamh ar chonstaicí dlíthiúla agus riaracháin trasteorann agus chun iad a shainaithint agus léirigh sé acmhainneacht uirlise nua, a bunaíodh ar leibhéal an Aontais, chun cabhrú leis na constaicí sin a réiteach. Cé go raibh b-solutions ag cabhrú le constaicí a shainaithint, ní leor an tionscnamh sin chun uirlis a thairiscint ann féin, a d’fhéadfadh na Ballstáit a úsáid agus a bhféadfaidís brath uirthi dá bpróisis chomhfhreagracha, más mian leo deireadh a chur le constaic.

Ní thugann na hionstraimí maoinithe agus dlí atá ar fáil faoi láthair ar leibhéal an Aontais freagra cuimsitheach agus éifeachtach ar na constaicí a dhéanann difear do réigiúin trasteorann. Go háirithe, cé go bhfuil grúpálacha Eorpacha um chomhar críochach (EGTCanna) 7 éifeachtach maidir le comhar trasteorann a éascú trí eintitis dhlítheanacha a chruthú a théann trasna teorainneacha náisiúnta, níl cumhachtaí rialála acu chun constaicí a réiteach i gcásanna trasteorann. Ar an gcaoi chéanna, cé go soláthraíonn cláir Interreg tacaíocht airgeadais éifeachtach do thionscadail trasteorann a chuidíonn le réigiúin agus le saoránaigh a thabhairt níos cóngaraí dá chéile ar an dá thaobh den teorainn, ní féidir leo ina naonar dul i ngleic leis na bacainní dlíthiúla agus riaracháin toisc go néilíonn siad cinntí lasmuigh de raon feidhme na struchtúr bainistíochta clár agus tionscadal.

Dá bhrí sin, soláthraíonn an togra leasaithe creat dlíthiúil is infheidhme maidir leis na Ballstáit uile chun cabhrú le réitigh a fháil ar chonstaicí dlí agus riaracháin a d’fhéadfadh an bonn a bhaint den idirghníomhaíocht trasteorann agus d’fhorbairt réigiún trasteorann. Cuimsíonn an raon feidhme míreanna bonneagair a bhfuil tionchar acu ar réigiún trasteorann nó ar sheirbhís phoiblí a chuirtear ar fáil i réigiún trasteorann. Ní chumhdaítear leis an togra seo ach constaicí a eascraíonn as an dlí náisiúnta, lena n‑áirítear cásanna ina dtrasuíonn na Ballstáit treoracha an Aontais i gceart ach ar bhealach éagsúil. Tá constaicí a bhaineann le sárú féideartha ar dhlí an Aontais lasmuigh de raon feidhme an togra leasaithe seo, ós rud é go bhfuil ionstraimí sonracha eile ann atá saincheaptha chun na saincheisteanna sin a réiteach, amhail SOLVIT. Féadfaidh pointí comhordúcháin trasteorann comhoibriú le hionaid náisiúnta SOLVIT chun aistriú féideartha comhad a dhéanamh i gcás inarb iomchuí.

Ceanglaítear leis an togra leasaithe pointí comhordúcháin trasteorann a bhunú i ngach Ballstát chun constaicí trasteorann a thuairisciú agus chun measúnú a dhéanamh ar chomhaid a chuireann ‘tionscnóirí’ isteach. Is é is tionscnóirí ann ná eintitis dlí phoiblí nó eintitis dlí phríobháidigh nó daoine nádúrtha a ullmhaíonn comhad trasteorann tríd an idirghníomhaíocht trasteorann a leagan amach agus tuairisc a thabhairt ar na constaicí maidir le pointí comhordúcháin a bhreithniú. Féadfaidh na Ballstáit na comhlachtaí atá ann faoi láthair nó comhlachtaí nua a shainaithint agus féadfaidh siad a roghnú pointe comhordúcháin amháin nó níos mó a bhunú, lena n‑áirítear comhlachtaí comhpháirteacha leis na Ballstáit chomharsanachta, i gcomhréir lena gcreat agus lena roghanna institiúideacha.

Tá sé de chúram ar an bpointe comhordúcháin trasteorann measúnú a dhéanamh ar an gconstaic trasteorann a dtugann an tionscnóir tuairisc uirthi. Má thagann sé ar an gconclúid go bhfuil constaic ann, breathnaíonn sé ar na struchtúir chomhair atá ar fáil chun an chonstaic aitheanta a réiteach. Mura bhfuil aon struchtúr institiúideach ann maidir le comhar trasteorann chun an chonstaic a réiteach nó mura bhfuil na cinn atá ann cheana leordhóthanach chun í a réiteach, féadfaidh na Ballstáit a roghnú an Uirlis um Éascú Trasteorann a cuireadh ar bun faoin Rialachán seo a úsáid. Ag aon chéim den nós imeachta, féadfaidh an pointe comhordúcháin trasteorann a roghnú gan an chonstaic a réiteach, fiú má thagann sé ar an gconclúid gurb ann don chonstaic. Más amhlaidh, cuirfidh sé an tionscnóir ar an eolas dá réir sin agus míneoidh sé cén fáth nach dtabharfar aghaidh ar an gconstaic a thuairiscítear sa chomhad. Tar éis dó comhad trasteorann a mheasúnú, ní mór don phointe comhordúcháin trasteorann conclúid an mheasúnaithe a chur ar aghaidh chuig an tionscnóir laistigh de thréimhse ama réasúnach.

Is é atá san Uirlis um Éascú Trasteorann nós imeachta aonair chun dul i ngleic le constaicí de chineál reachtach nó riaracháin. Tar éis measúnú a dhéanamh ar an gconstaic agus cineál na forála ag bunphointe na constaice a shainaithint, tá an pointe comhordúcháin trasteorann freagrach as teagmháil a dhéanamh leis an údarás inniúil chun an leas agus an féidearthacht a bhaineann le réiteach na constaice a fhíorú ar dtús tríd an bhforáil nó na forálacha riaracháin nó dlí a sainaithníodh agus as an tionscnóir agus pointe comhordúcháin trasteorann an Bhallstáit chomharsanachta a chur ar an eolas dá réir. Maidir le constaicí trasteorann a d’éileodh an reachtaíocht atá faoi láthair a oiriúnú, níl an seasamh a ghlac an pointe comhordúcháin trasteorann chun a mholadh don rialtas náisiúnta nós imeachta reachtach a sheoladh ceangailteach ar aon bhealach ar an gcomhlacht reachtach inniúil. Leanann an cinneadh maidir le constaic riaracháin nó dhlíthiúil a réiteach de bheith deonach agus is ar na húdaráis inniúla náisiúnta atá sé.

Tá an iliomad tairbhí ag baint leis an togra leasaithe seo. Tugann sé nós imeachta caighdeánach do na Ballstáit chun constaicí a réiteach agus áirithíonn sé go bhfaigheann saoránaigh an Aontais a chónaíonn i limistéir teorann freagra (dearfach nó diúltach) óna mBallstát laistigh de thréimhse ama réasúnach maidir leis an raon feidhme chun na constaicí a aithníodh a shárú. Tugann sé uirlis nua do na Ballstáit nach bhfuil a ndóthain struchtúr comhair acu chun na constaicí sin a réiteach. Ina theannta sin, cruthóidh pointí comhordúcháin trasteorann i ngach Ballstát líonra éifeachtúil chun eolas a chomhroinnt agus acmhainneachtaí a neartú, i gcuibhreann leis an gCoimisiún. Ar bhonn níos leithne, is féidir ról tábhachtach a bheith ag an togra leasaithe maidir le feidhmiú an mhargaidh aonair a chumasú agus comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a chothú. Is féidir leis an togra tionchar díreach a imirt ar shaol laethúil na ndaoine a chónaíonn i réigiúin trasteorann trína rochtain ar sheirbhísí agus ar dheiseanna eacnamaíocha a fheabhsú.

I gcomparáid le togra 2018 ECBM, oiriúnaíodh an togra leasaithe seo chun imní faoi choimhdeacht agus comhréireacht a chur san áireamh. Tá an Uirlis um Éascú Trasteorann roghnach agus níor cheart í a úsáid ach amháin mura bhfuil aon uirlis eile ó struchtúir chomhair atá ann cheana ar fáil nó mura bhfuil siad in ann an chonstaic a réiteach go sásúil.

Cé go mbeidh ar na Ballstáit anailís a dhéanamh an bhfuil constaic ann agus an féidir í a réiteach, is féidir leo a chinneadh, tar éis anailís a dhéanamh ar an gcomhad, an réiteoidh siad an chonstaic, agus an measúnú a rinne an pointe comhair trasteorann á chur san áireamh. Dá bhrí sin, tá an togra leasaithe bunaithe go hiomlán ar phrionsabal na coimhdeachta, agus sainchumais reachtacha an Bhallstáit á n‑urramú.

I gcomparáid le togra 2018 ECBM, simplítear leis an togra leasaithe na nósanna imeachta chun measúnú a dhéanamh ar chomhaid trasteorann a chuireann tionscnóirí isteach. Faoin Uirlis um Éascú Trasteorann, bunaítear aon nós imeachta amháin, lena ngabhann ceanglais theoranta do na Ballstáit agus atá infheidhme maidir le bacainní dlí agus riaracháin araon. Ina theannta sin, áirítear sa togra leasaithe ceanglais theoranta riaracháin, toisc gur féidir leis na Ballstáit comhlacht atá ann cheana a ainmniú mar phointe comhordúcháin trasteorann agus gur féidir leo cinneadh a dhéanamh maidir leis an mbealach is fearr chun a n‑acmhainní a eagrú. Ina theannta sin, is féidir leis na Ballstáit comhphointí comhordúcháin trasteorann a ainmniú feadh a gcomhtheorainneacha, agus ar an gcaoi sin a n‑acmhainní a bharrfheabhsú.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Is é Interreg príomhionstraim chistiúcháin an Bheartais Chomhtháthaithe chun tacú le cláir comhair trasteorann i réigiúin trasteorann an Aontais, lena náirítear iad siúd a bhfuil teorainn acu le tíortha CSTE agus Andóra. Cabhraíonn na cláir sin le réigiúin agus le saoránaigh ar an dá thaobh den teorainn a thabhairt níos cóngaraí dá chéile. Faoi Interreg VI (2021-2027) 8 , féadfaidh Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) tacú leis an gcuspóir a bhaineann go sonrach le hInterreg, maidir le ‘rialachas comhair níos fearr’ agus é d’aidhm aige éifeachtúlacht an riaracháin phoiblí a threisiú trí chomhar dlíthiúil agus riaracháin agus comhar idir saoránaigh, an tsochaí shibhialta agus institiúidí a chur chun cinn, go háirithe d’fhonn constaicí dlíthiúla agus constaicí eile i réigiúin trasteorann a réiteach 9 . Féadfaidh roinnt clár Interreg an rogha sin a úsáid chun cistiú a dhéanamh ar chruthú struchtúr ar féidir leo feidhmiú mar phointí comhordúcháin trasteorann. I gcás nach bhfuil an tacaíocht sin san áireamh cheana sna cláir Interreg lena mbaineann nó i gcás nach bhfuil an leithdháileadh substaintiúil go leor, féadfaidh na Ballstáit agus comhpháirtithe an chláir breithniú a dhéanamh ar CFRE a athchlárú chun pointí comhordúcháin trasteorann a chruthú agus a fheidhmiú. Taobh amuigh den tacaíocht chomhlántach sin agus de sholáthar an chistithe ón Aontas, ní féidir le cláir Interreg dul i ngleic leis na constaicí dlíthiúla agus riaracháin trasteorann ina naonar toisc go néilíonn siad cinntí lasmuigh de raon feidhme na struchtúr bainistíochta clár agus tionscadal.

Dá bhrí sin, soláthraíonn an togra leasaithe an creat dlíthiúil is infheidhme maidir leis na Ballstáit uile chun réitigh a fháil ar chonstaicí dlí agus riaracháin mar chomhlánú ar an tacaíocht airgeadais a sholáthraítear faoi Interreg agus ar thacaíocht institiúideach amhail EGTCanna, ós rud é nach bhfuil na cumhachtaí reachtacha is gá ag na grúpálacha sin chun baic dlí a shárú 10 .

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an Beartas Comhtháthaithe agus an margadh aonair ag treisiú a chéile. Chuideodh an sásra a chruthaítear faoin Rialachán seo le cuspóirí an mhargaidh aonair, go háirithe trí bhorradh a chur faoi acmhainneacht eacnamaíoch na réigiún trasteorann, acmhainneacht nár baineadh leas iomlán aisti mar gheall ar chórais éagsúla dlí agus riaracháin.

In 2017, measadh i staidéar a choimisiúnaigh an Coimisiún maidir leis an tionchar eacnamaíoch a bhíonn ag bacainní trasteorann ar olltáirgeacht intíre agus ar fhostaíocht i réigiúin inmheánacha trasteorann tíre go gcuirfeadh oiread is 20 % de na bacainní atá ann cheana a bhaint borradh 2 % faoin olltáirgeacht intíre sna réigiúin trasteorann 11 . Dá bhrí sin, is comhlánú riachtanach é creat dlíthiúil is infheidhme maidir leis na Ballstáit uile chun réitigh a fháil ar chonstaicí dlí agus riaracháin i réigiúin trasteorann d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, ar príomhchuspóir de chuid an Aontais é (Airteagal 3 CAE agus Airteagal 3(1)(b) den Chonradh) 12 .

Ní dhéanann raon feidhme ábhartha an togra leasaithe difear d’fheidhmiú inniúlachtaí agus beart eile arna gcinneadh faoi chuimsiú bheartais eile an Aontais ná ní dhéanann sé difear don chothromaíocht institiúideach mar a leagtar síos sna Conarthaí.

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear d’aon ghníomh dlí eile de chuid an Aontais, go háirithe iad siúd is infheidhme maidir le réiteach neamhbhreithiúnach na saincheisteanna dlí a eascraíonn as constaicí trasteorann nó atá ábhartha maidir le léirmhíniú ceart nó cur chun feidhme ceart dhlí an Aontais. Tá an Rialachán seo gan dochar do na sásraí comhordúcháin a bhunaítear don tslándáil shóisialta agus don chánachas.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Déantar foráil sa tríú fomhír d’Airteagal 175 den Chonradh maidir le gníomhartha sonracha atá le cinneadh lasmuigh de na Cistí a liostaítear sa chéad fhomhír, chun an chuspóir, is é sin, comhtháthú sóisialta agus eacnamaíoch atá beartaithe ag an gConradh a bhaint amach. Chun forbairt chomhchuí a bhaint amach ar an Aontas Eorpach ina iomláine agus níos mó comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, tá gá le comhar críochach níos déine. Chuige sin, is gá bearta a dhéanamh chun na coinníollacha cur chun feidhme maidir le comhar a fheabhsú ar fud na réigiún trasteorann, ar gá aird ar leith a thabhairt orthu, i gcomhréir le hAirteagal 174, mír 3, den Chonradh.

Coimhdeacht

Ba cheart na coinníollacha le haghaidh comhar críochach a chruthú i gcomhréir leis an bprionsabal coimhdeachta a chumhdaítear in Airteagal 5(3) CAE. Tá na Ballstáit tar éis tabhairt faoi thionscnaimh aonair, dhéthaobhacha agus fiú iltaobhacha chun bacainní teorann dlí a réiteach. Mar sin féin, níl struchtúir chomhair den sórt sin ag gach Ballstát, agus ní do gach teorainn i mBallstát ar leith.

Ar an gcaoi chéanna, níl pointí comhordúcháin trasteorann ag feidhmiú i ngach Ballstát a chumhdaíonn teorainneacha inmheánacha uile an Aontais, cé go bhfuil gá leo chun líonra éifeachtúil a chruthú chun eolas a chomhroinnt agus acmhainneachtaí a neartú, i gcuibhreann leis an gCoimisiún. Ina theannta sin, níor leor an cistiú ón Aontas (faoi chláir Interreg den chuid is mó) agus ionstraimí dlíthiúla (EGTCanna den chuid is mó) go dtí seo chun na bacainní trasteorann dlíthiúla a shainaithnítear ar fud an Aontais a réiteach.

Dá thoradh sin, ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an ghnímh atá beartaithe a ghnóthú go leordhóthanach, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal áitiúil. I bhfianaise fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, is fearr a bhaintear amach iad trí ghníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, tá gá le tuilleadh gníomhaíochta ó reachtóir an Aontais.

Comhréireacht

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach in Airteagal 5(4) CAE, níor cheart d’inneachar agus foirm ghníomhaíocht an Aontais dul thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a ghnóthú. Is ar bhonn deonach a bhainfear úsáid as an Uirlis um Éascú Trasteorann a cuireadh ar bun faoin Rialachán seo. Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh le Ballstát comharsanachta amháin nó níos mó leanúint ar aghaidh ag réiteach baic dlí i réigiún sonrach trasteorann faoi struchtúir chomhair atá ann cheana.

Is féidir leis na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir leis an mbealach is fearr chun a n‑acmhainní a eagrú agus pointe comhordúcháin trasteorann á ainmniú acu, lena n‑áirítear trí chomhlacht atá ann cheana nó trí chomhphointí comhordúcháin trasteorann a ainmniú leis na Ballstáit chomharsanachta.

Mura bhfuil uirlis den sórt sin ag an mBallstát nó mura bhfuil na struchtúir chomhair atá i bhfeidhm leordhóthanach chun constaic trasteorann ar leith a réiteach, féadfaidh sé a roghnú an Uirlis um Éascú Trasteorann a cuireadh ar bun faoin Rialachán seo a úsáid.

Dá bhrí sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóirí a bhaint amach. Tá an togra leasaithe gan dochar do na leigheasanna dlí a leagtar síos leis na Conarthaí chun dul i ngleic le sáruithe ar dhlí an Aontais ag na Ballstáit.

An rogha ionstraime

Mar a thuairiscítear i Roinn 1 thuas, tá na Ballstáit tar éis tabhairt faoi thionscnaimh aonair, dhéthaobhacha agus fiú iltaobhacha chun bacainní teorann dlí a réiteach; mar sin féin, ní gá gurb amhlaidh an cás do gach Ballstát agus is cinnte nach leor é chun na bacainní uile a chumhdach.

Le rialachán, bunaítear oibleagáidí ar na Ballstáit pointí comhair trasteorann a ainmniú agus a áirithiú go bhfaighidh tionscnóirí freagra uathu tar éis measúnú a dhéanamh ar chomhad trasteorann, laistigh de sprioc-am réasúnach (a fhéadfar a shocrú faoin dlí náisiúnta). Tá rialachán ar aon dul le huirlis dheonach réamhdhéanta (an Uirlis um Éascú Trasteorann) a mholadh agus le saincheart na mBallstát an ionstraim iomchuí a roghnú. Tá rogha an Rialacháin leasaithe seo comhsheasmhach le togra 2018 ECBM an Choimisiúin agus le comhthéacs idirinstitiúideach an chomhaid seo (féach Roinn 1).

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Ní bhaineann le hábhar: reachtaíocht nua

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

D’eascair coincheap an bheartais trasteorann ar dtús ón obair a rinne Uachtaránacht Lucsamburg ar an gComhairle in 2015. Mar thoradh air sin, bunaíodh grúpa oibre neamhfhoirmiúil de Bhallstáit agus de ghrúpálacha de Bhallstáit a tháinig le chéile go dtí mí na Nollag 2018. Tá an grúpa neamhfhoirmiúil oibre tar éis féachaint ar roghanna chun réiteach ar chonstaicí teorann leanúnacha a éascú, go háirithe agus tionscadail trasteorann á gcur chun feidhme.

D’iarr páirtithe leasmhara eile, go háirithe réigiúin agus institiúidí trasteorann, ionstraim lena dtugtar aghaidh ar bhacainní trasteorann le tamall fada. Bhí sé sin le feiceáil go háirithe le linn an Athbhreithnithe Trasteorann a rinne an Coimisiún idir 2015 agus 2017. Fuair na comhairliúcháin phoiblí a rinneadh le linn an Athbhreithnithe i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais níos mó ná 620 freagra. Maidir leis an gceist a bhain le réitigh fhéideartha ar shaincheisteanna teorann, d’iarr na freagróirí go sainráite ar an gCoimisiún tuilleadh solúbthachta a chur chun cinn i dtaca le cur chun feidhme na reachtaíochta náisiúnta/réigiúnaí i réigiúin teorann.

Leis an tuairim a d’eisigh Coiste na Réigiún agus an rún ó Pharlaimint na hEorpa mar fhreagairt don Teachtaireacht dar teideal ‘Borradh a chur faoin bhfás agus faoin gcomhtháthú i réigiúin teorann an Aontais Eorpaigh’, cuireadh fáilte roimh thogra 2018 chun an ionstraim seo a fhorbairt. Glacadh leis an dá dhoiciméad i samhradh 2018. Ag freagairt do thogra 2018, an 5 Nollaig 2018, ghlac Coiste na Réigiún tuarascáil eile (Rapóirtéir: Bouke Arends, NL/PES) chun tacú leis an togra. Ghlac Coiste na Réigiún tuairim nua maidir le ‘Sásra Trasteorann Eorpach 2.0’ an 10 Deireadh Fómhair 2023 (Rapóirtéir: Magali Altounian, FR/ ATHNUACHAN).

Léirigh an tionscnamh b-solutions dá dtagraítear i Roinn 1 a thuilleadh an gá atá le huirlis dhlíthiúil a bunaíodh faoi dhlí an Aontais chun cabhrú le constaicí trasteorann a réiteach. I suirbhé 2020 a rinne an Coimisiún (féach freisin Roinn 1), shainaithin 44 % de na saoránaigh i réigiúin teorann an Aontais difríochtaí dlíthiúla agus riaracháin mar na constaicí is tábhachtaí ar chomhar trasteorann.

Measúnú tionchair

Tá aitheantas forleathan ann don tionchar agus don bhreisluach Eorpach a bhaineann le cláir Interreg 13 . Mar sin féin, i roinnt mhaith cásanna eascraíonn bacainní trasteorann (go háirithe i dtaca le seirbhísí sláinte, rialú saothair, iompar poiblí áitiúil agus forbairt gnó) as difríochtaí i gcleachtais riaracháin agus i gcreataí náisiúnta dlí. Tá sé deacair ag cláir aghaidh a thabhairt orthu sin astu féin agus teastaíonn cinntí uathu atá lasmuigh de raon feidhme struchtúir na gclár.

Bhí togra 2018 ECBM mar chuid de phacáiste reachtach an Bheartais Chomhtháthaithe 2021-2027, a raibh measúnú tionchair ag gabháil leis 14 , rud atá fós i bhfeidhm. Baineann an measúnú tionchair seo leas as an staidéar thuasluaite ó 2017 a chuir an Coimisiún amach ar conradh. Tá na torthaí fós ábhartha agus bailí sa lá atá inniu ann agus níl aon ghá le measúnú tionchair nuashonraithe don togra leasaithe. Tugann an togra seo simplithe nach beag do thogra 2018 ECBM, agus an tráth céanna coinníonn sé a aird ar an tasc bunaidh i dtaca le constaicí dlí agus riaracháin lena gcuirtear isteach ar fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta réigiúin trasteorann an Aontais a réiteach.

Tháinig staidéar níos déanaí a rinne Seirbhís Taighde Parlaiminteach na hEorpa dar teideal ‘Sásra chun constaicí dlí agus riaracháin a réiteach i gcomhthéacs trasteorann - measúnú breisluacha Eorpach’ 15 ar an gconclúid go bhféadfadh buntáistí eacnamaíocha de EUR 123 bhilliún in aghaidh na bliana laistigh den Aontas a bheith mar thoradh ar ionstraim reachtach nua a ghlacadh ar leibhéal an Aontais chun dul i ngleic le constaicí dlí agus riaracháin trasteorann agus go mbeadh tionchar dearfach sóisialta aici ar réigiúin teorann.

Sheol an Coimisiún glao ar fhianaise ar an ngá atá le gníomh dlíthiúil ar leibhéal an Aontais chun constaicí trasteorann a réiteach. Iarradh ar na páirtithe leasmhara go léir aiseolas agus fianaise eimpíreach a sholáthar ar na constaicí atá rompu, a dtionchair agus an raibh uirlisí malartacha ann chun réitigh a aimsiú. Tháinig deireadh leis an tréimhse comhairliúcháin an 16 Samhain 2023. Chuir os cionn 50 pháirtí leasmhar freagraí agus fianaise isteach. Léiríonn barúlacha go bhfuil go leor bacainní riaracháin agus dlíthiúla ar chomhar idir réigiúin teorann an Aontais ann i gcónaí. Cuireann siad i dtábhacht an gá atá le huirlis nua lasmuigh den tseilf a chruthú faoi dhlí an Aontais chun na constaicí sin a shárú, agus ar an gcaoi sin feabhas a chur ar an gcomhar trasteorann agus cur le réigiúin teorann a fhorbairt.

Is é is aidhm don togra leasaithe seo na tionchair dhearfacha a d’fhéadfadh a bheith ag idirghníomhaíocht trasteorann níos mó ar fud an Aontais a scaoileadh. Soláthraíonn sé creat cuimsitheach is infheidhme maidir leis na Ballstáit uile chun réitigh a fháil ar na constaicí dlí agus riaracháin a chuireann teorainn leis an idirghníomhaíocht trasteorann sin agus a chuireann srian ar acmhainneacht réigiúin teorann an Aontais.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Ní bhaineann le hábhar: reachtaíocht nua.

Cearta bunúsacha

Cruthaíonn an togra leasaithe seo sásra dlí chun constaicí dlí agus riaracháin a réiteach i réigiúin trasteorann agus dá bhrí sin tá sé dírithe ar na húdaráis sna Ballstáit den chuid is mó. Ba cheart do dhaoine a bheith in ann leas a bhaint as na réitigh a fhaightear trí úsáid a bhaint as an sásra atá beartaithe. Ba cheart tionchar dearfach a bheith ag constaicí dlí a réiteach i réigiúin trasteorann faoin togra seo ar shaol laethúil na ndaoine a chónaíonn sna réigiúin sin trína rochtain ar sheirbhísí agus ar dheiseanna eacnamaíocha a fheabhsú. Cloíonn an togra leis na prionsabail a aithnítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus níl aon tionchar diúltach aige ar aon Cheart Bunúsach. Go háirithe, agus mar gheall ar a aidhm constaicí dlí a bhaint i gcomhthéacs trasteorann, cothaítear leis an Rialachán an ceart chun rochtain a fháil ar sheirbhísí poiblí (Airteagal 36) agus an tsaoirse chun gnó a dhéanamh (Airteagal 16). Mar sin féin, ós rud é go gcuimsíonn seirbhísí poiblí trasteorann raon níos leithne gníomhaíochtaí, cothóidh an togra rochtain ar chúram sláinte freisin (Airteagal 35). Ar bhealach níos ginearálta, féadfaidh seirbhísí iompair phoiblí trasteorann tairbhe a bhaint as an Uirlis um Éascú Trasteorann, chomh maith leis an tsaoirse gluaiseachta agus cónaithe (Airteagal 45).

Cumhdaíonn an togra leasaithe freisin cosaint éifeachtach dhlíthiúil ar dhaoine atá ina gcónaí i réigiúin trasteorann.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl tionchar buiséadach ag an togra leasaithe toisc nach mbaineann sé le hacmhainní airgeadais a sholáthar i bhfoirm ar bith.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Amhail aon Rialachán de chuid an Aontais, beidh an Rialachán atá beartaithe ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. In Airteagal 291(1) den Chonradh, cuirtear de cheangal ar na Ballstáit bearta uile an dlí náisiúnta is gá chun gníomhartha de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí a chur chun feidhme a ghlacadh. Mar a leagtar amach i Roinn 3.2 den Teachtaireacht maidir le Réigiúin Teorann, fiú i gcás ina bhfuil reachtaíocht Eorpach ann, tá méid áirithe solúbthachta agus rogha ag na Ballstáit maidir leis an mbealach ina gcuireann siad an reachtaíocht i bhfeidhm ina gcórais náisiúnta agus ó thaobh na rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme. Mar thoradh air sin, nuair a chastar dhá chóras éagsúla ar a chéile ar theorainneacha inmheánacha, d’fhéadfadh sé sin castacht a chruthú - agus éiginnteacht dhlíthiúil fiú uaireanta - agus costais a bhoilsciú.

Chun a mheas cé acu an ionstraim bhreise éifeachtach é an sásra arna bhunú faoin Rialachán atá beartaithe chun constaicí dlí a réiteach i réigiúin trasteorann, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an reachtaíocht, de réir an Chláir Oibre maidir le Rialáil Níos Fearr 16 . Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh agus tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste na Réigiún, agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin atá beartaithe. Ina thuarascáil, úsáidfidh sé táscairí chun meastóireacht a dhéanamh ar a éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, breisluach Eorpach agus raon feidhme le haghaidh simplithe laistigh de 5 bliana ó chur chun feidhme an Rialacháin atá beartaithe.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Ó léirigh an chaibidlíocht chomhreachtach ar thogra 2018 ECBM imní láidir ón gComhairle, rinneadh grinnscrúdú, athbhreithniú, simpliú agus athstruchtúrú cuimsitheach ar na forálacha mionsonraithe chun aghaidh a thabhairt ar na príomhábhair imní. Is é a bhí i gceist leis an bpróiseas seo líon na bhforálacha a laghdú ó 26 alt go 14 alt. Leis an togra leasaithe, comhcheanglaítear eilimintí den togra tosaigh ón gCoimisiún le heilimintí nua a tugadh isteach i ndiaidh rún reachtach ón bParlaimint ar a tionscnamh féin.

Caibidil I - Forálacha ginearálta (Airteagal 1 go hAirteagal 3)

I gCaibidil I, leagtar amach ábhar agus raon feidhme an Rialacháin atá beartaithe agus sainmhínítear príomhthéarmaí.

Is nós imeachta é an t‑ábhar (Airteagal 1) chun réiteach ar chonstaicí trasteorann a éascú. Chun an uirlis iomchuí a roghnú, cuirfidh na Ballstáit pointí comhordúcháin trasteorann (CBCP) ar bun agus eagróidh siad iad. Sonraítear sa togra cúraimí na CBCPanna sin chomh maith le cúraimí comhordaithe an Choimisiúin.

Le raon feidhme an togra (Airteagal 2) cumhdaítear idir ghnéithe geografacha agus ghnéithe substainte. Mar gheall ar an mbunús dlí, beidh feidhm ag an Rialachán maidir le constaicí trasteorann faoin dlí náisiúnta i ngach réigiún teorann inmheánach talún agus muirí idir Ballstáit chomharsanachta. Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear d’aon ghníomh dlí eile de chuid an Aontais, go háirithe iad siúd is infheidhme maidir le réiteach neamhbhreithiúnach na saincheisteanna dlí a eascraíonn as constaicí trasteorann agus maidir le léirmhíniú ceart nó cur chun feidhme ceart dhlí an Aontais.

In Airteagal 3 liostaítear na sainmhínithe is gá chun an togra a chur chun feidhme. A mhéid a bhaineann leis an sainmhíniú ar thionscnóirí, tá an togra leathan trí aon eintiteas príobháideach nó poiblí a chuimsiú a bhfuil baint aige le soláthar, oibriú, bunú nó feidhmiú aon seirbhíse poiblí nó bonneagair phoiblí trasteorann, nó aon duine nádúrtha a bhfuil leas aige i réiteach na constaice trasteorann. Féadfaidh roinnt daoine dlítheanacha nó nádúrtha comhad trasteorann a chur isteach go comhpháirteach.

Caibidil II – Pointí comhordúcháin trasteorann (Airteagal 4 agus Airteagal 5)

Leagtar amach sa togra roinnt roghanna chun CBCPanna a chur ar bun (Airteagal 4) agus liostaítear a gcúraimí (Airteagal 5). Cuireann na roghanna ar chumas na mBallstát an oibleagáid sin a chur chun feidhme ar shlí chomh solúbtha agus is féidir agus i gcomhréir iomlán lena gcreataí inmheánacha institiúideacha agus dlí (CBCP amháin nó níos mó, ar an leibhéal náisiúnta agus/nó ar an leibhéal réigiúnach, údarás nó comhlacht dlí phoiblí ar leithligh nó atá ann cheana). Féadfaidh na Ballstáit chomharsanachta na roghanna sin a chur i bhfeidhm freisin maidir le CBCP comhpháirteach lena gcumhdaítear an dá thaobh de theorainn choiteann.

Ba cheart go bhfeidhmeodh pointí comhordúcháin trasteorann mar ‘ionaid ilfhreastail’ do na tionscnóirí agus ba cheart go mbeadh siad mar phointe teagmhála faoi phribhléid acu sa Bhallstát faoi seach. Má chuireann Ballstát ar leith roinnt CBCPanna ar bun, ba cheart do cheann amháin ról an phríomh‑CBCP a ghlacadh agus ba cheart do na Ballstáit eile tacú lena chúraimí agus an fhaisnéis is gá a tharchur.

Caibidil III – Comhaid trasteorann (Airteagail 6 go 9)

I gcroílár an togra tá bainistiú ar chomhad trasteorann lena sainaithnítear constaic trasteorann. Leagtar amach sa togra gnéithe de chomhad trasteorann (Airteagal 7), na réamhchéimeanna measúnaithe sna Ballstáit (Airteagal 8) agus roinnt gnéithe nós imeachta (Airteagal 9).

Bunaithe ar thaithí le b-solutions, níor cheart é a bheith d’oibleagáid ar thionscnóirí an fhoráil riaracháin agus dhlíthiúil a shainaithint ag bunphointe na constaice, ach féadfaidh eagraíochtaí a bhfuil saineolas acu ar chonstaicí trasteorann tacú leo agus sin á dhéanamh acu (e.g. Comhlachas Réigiúin Theorann na hEorpa, Mission Opérationnelle Transfrontalière, nó Seirbhís Lár na hEorpa do Thionscnaimh Trasteorann). Ní féidir le tionscnóirí comhaid trasteorann a chur isteach ach aon uair amháin, i.e., sa Bhallstát ina bhfuil an tionscnóir lonnaithe nó ina bhfuil a oifig chláraithe (Airteagal 6(2)).

Chomh maith le cur síos a thabhairt ar na heilimintí atá riachtanach do na CBCPanna chun an comhad a mheasúnú, ba cheart cur síos a dhéanamh sa chomhad trasteorann freisin ar raon feidhme aon mhaolaithe nó aon eisceachta ó na forálacha nó ón gcleachtas is infheidhme de ghnáth chun iad a theorannú go dtí an t‑íosmhéid.

Is é is cuspóir don réamh‑mheasúnaithe a fháil amach an bhfuil constaic trasteorann ann nó an féidir an comhad a dhúnadh. Fiú má thagtar ar an gconclúid sa réamh‑mheasúnú go bhfuil constaic trasteorann ann, tá an sásra réitigh le haghaidh constaicí trasteorann deonach, agus mar sin is féidir an nós imeachta a dhúnadh ag céim ar bith ar choinníoll go dtugtar míniú cuí don tionscnóir.

Tagraíonn Airteagal 8(5) do liosta na n‑uirlisí atá ar fáil do na Ballstáit. Déanann an comhlacht inniúil measúnú i dtaobh an bhfuil uirlis amháin nó níos mó ar fáil chun iad a chur i bhfeidhm maidir leis an gconstaic trasteorann ar leith agus chun í a réiteach i gcomhar le páirtithe eile a úsáideann na huirlisí sin. Agus na huirlisí sin á gcur i bhfeidhm acu, leanann na Ballstáit nósanna imeachta agus gnéithe na n‑uirlisí sin. Mar sin féin, i gcás ina ndéanann an comhlacht inniúil measúnú nach bhfuil feidhm ag aon cheann de na huirlisí atá ar fáil maidir leis an gconstaic trasteorann ar leith nó nach leor aon cheann díobh chun í a réiteach, féadfaidh an Ballstát an Uirlis um Éascú Trasteorann a mholtar i gCaibidil IV a chur i bhfeidhm mar uirlis bhreise a bunaíodh faoi dhlí an Aontais.

Chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar don tionscnóir, leagtar amach in Airteagal 9 creat nós imeachta don réamh‑mheasúnú: spriocdhátaí, an gá atá le cúiseanna cinnidh a leagan amach ar cheart bacainn trasteorann ar leith a réiteach, agus na modhanna sásaimh dhlíthiúil in aghaidh na gcinntí sin.

Caibidil IV – An Uirlis um Éascú Trasteorann (Airteagail 10 go 13)

Leagtar amach in Airteagal 10 an nós imeachta cur i bhfeidhm má úsáideann CBCP nó an t‑údarás inniúil an Uirlis um Éascú Trasteorann (Airteagal 8(6)) tar éis measúnú a dhéanamh ar an gconstaic trasteorann faoi Airteagal 8(1) agus ar na huirlisí eile atá ar fáil cheana chun an chonstaic a sainaithníodh a réiteach (Airteagal 8(5)). Tarchuirfidh an CBCP nó an t‑údarás inniúil an fhaisnéis chuig an tionscnóir faoin gconstaic trasteorann a sainaithníodh, faoi chineál na forála ag bunphointe na constaice agus faoi na chéad chéimeanna eile, rud a fhágann go mbainfear í nó nach mbainfear í (Airteagal 10(2)). Áirithítear comhordú leis an mBallstát comharsanachta freisin mura bhfuil CBCP comhpháirteach ann a luaithe a shainaithnítear an chonstaic sa chóras dlí náisiúnta (Airteagal 10(3)). Cibé an bhfuil an chonstaic de chineál riaracháin nó dlíthiúil, tá an CBCP freagrach as teagmháil a dhéanamh leis an údarás inniúil chun an leas agus an fhéidearthacht a bhaineann le réiteach na constaice a fhíorú ar dtús tríd an bhforáil nó na forálacha nó an cleachtas riaracháin nó dlí náisiúnta a sainaithníodh (Airteagal 10 (4) agus (5)). Féadfar a chur in iúl don tionscnóir go bhfuil níos mó ama ag teastáil le haghaidh anailís dlí, comhairliúcháin laistigh den Bhallstát, nó comhordú leis an mBallstát comharsanachta (Airteagal 10(7)).

Má dhéantar cinneadh an chonstaic a sainaithníodh a réiteach, féadfaidh an nós imeachta athrú ag brath ar chineál na forála ag bunphointe na constaice trasteorann. I gcomhthéacs foráil riaracháin, féadfaidh an t‑údarás a ndéanann an CBCP teagmháil leis a chinneadh an fhoráil nó an cleachtas a athrú, a léirmhíniú san áireamh (Airteagal 10(4)). Sa chás sin, tugann an CBCP fógra i scríbhinn don tionscnóir (Airteagal 11(1), pointe (a)). I gcomhthéacs foráil reachtaíochta, ní fhéadfaidh an t‑údarás a ndéanann an CBCP teagmháil leis a mholadh ach an creat reachtach a oiriúnú chun an chonstaic a réiteach (Airteagal 10(5)), i gcomhréir le rialacha bunreachtúla an Bhallstáit. Sa chás sin, cuirfidh an CBCP an tionscnóir ar an eolas i scríbhinn faoi chéimeanna an nós imeachta reachtaigh a d’fhéadfaí a bheartú. Má thagann dhá Bhallstát chomharsanachta nó níos mó ar an gconclúid gur mian leo araon nós imeachta reachtach a sheoladh nó foráil riaracháin maidir le cleachtas a athrú chun an chonstaic chéanna a réiteach, beidh orthu é sin a dhéanamh i ndlúthchomhordú, lena n‑áirítear uainiú comhthreomhar agus bunú comhchoiste, b’fhéidir, i gcomhréir lena gcreataí reachtacha faoi seach (Airteagal 11(3)).

Leanann an cinneadh maidir le constaic riaracháin nó dhlíthiúil a réiteach de bheith deonach.

Caibidil V – Forálacha críochnaitheacha (Airteagal 12 go hAirteagal 14)

I gCaibidil V, leagtar amach cúraimí comhordúcháin an Choimisiúin (Airteagal 12), cúraimí faireacháin agus tuairiscithe (Airteagal 13) agus an dáta a dtiocfaidh sé i bhfeidhm agus a gcuirfear i bhfeidhm é (Airteagal 14).

Ceanglaítear le hAirteagal 13(1) go gcuirfidh gach Ballstát in iúl don Choimisiún go bhfuil a CBCPanna á mbunú (sé mhí tar éis don Rialachán atá beartaithe teacht i bhfeidhm).

Leagtar síos le hAirteagal 13(2) oibleagáid an Choimisiúin tuairisc a thabhairt ar chur i bhfeidhm an Rialacháin atá beartaithe laistigh de chúig bliana tar éis a theacht i bhfeidhm.

2018/0198 (COD)

Togra leasaithe le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le sásra chun constaicí dlí agus riaracháin a réiteach i gcomhthéacs trasteorann

Leasaítear togra COM(2018) 373 final ón gCoimisiún mar seo a leanas:

(1)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le
Réitigh Trasteorann a éascú’;

(2)cuirtear an méid seo a leanas in ionad aithrisí 1 go 28:

(1)‘Déantar foráil le hAirteagal 175, an tríú mír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘an Conradh’) maidir le gníomhartha sonracha atá le cinneadh lasmuigh de na Cistí 17 is ábhar don chéad mhír den Airteagal sin, chun an chuspóir maidir le comhtháthú sóisialta agus eacnamaíoch atá beartaithe ag an gConradh a bhaint amach. Sa chomhthéacs sin, rannchuidíonn an comhar críochach freisin leis na spriocanna a leagtar amach san Airteagal sin. Chuige sin, is iomchuí na bearta is gá a ghlacadh chun feabhas a chur ar na coinníollacha cur chun feidhme le haghaidh gníomhaíochtaí um chomhar críochach.

(2)In Airteagal 174, an tríú mír, den Chonradh, tugtar aitheantas do na dúshláin atá le sárú ag réigiúin trasteorann agus déantar foráil ann gur cheart don Aontas aird faoi leith a thabhairt ar na réigiúin sin, agus gníomhaíochtaí á bhforbairt agus á saothrú aige a mbeidh neartú ar chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais mar thoradh orthu.

(3)I dteachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Borradh a chur faoin bhfás agus faoin gcomhtháthú i réigiúin teorann an Aontais Eorpaigh’ 18 aithníodh an dul chun cinn atá déanta go dtí seo maidir le réigiúin den sórt sin a athrú ó limistéir imeallacha den chuid is mó go réimsí fáis ina bhfuil deiseanna ar fáil, ach an tráth céanna cuireadh i dtábhacht na bacainní leanúnacha dlíthiúla agus eile sna réigiúin sin, go háirithe constaicí a bhaineann le seirbhísí sláinte, rialú saothair, cánacha, forbairt ghnó, agus constaicí atá nasctha le héagsúlachtaí i gcultúir riaracháin agus i gcreataí náisiúnta dlí. Ní leor cistiú an Chomhair Chríochaigh Eorpaigh, a sholáthraítear go háirithe i gcomhthéacs na gclár ‘Interreg’ 19 , ná an tacaíocht institiúideach don chomhar ó ghrúpálacha Eorpacha um chomhar críochach (‘EGTCanna’) a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 20 ná leis an tionscnamh b-solutions a sheol an Coimisiún 21 in 2018 chun aghaidh a thabhairt ar réiteach a fháil ar roinnt de na constaicí riaracháin agus dlíthiúla a chuireann bac ar chomhar éifeachtach.

(4)Tá baol ann go ndéanfar difear díréireach do réigiúin trasteorann ag amanna géarchéime. Mar shampla, le linn phaindéim COVID19, bhí an tionchar eacnamaíoch ar réigiúin trasteorann na mbeart a bhaineann le teorainneacha a ghlac na Ballstáit níos mó ná dhá oiread an mheántionchair ar réigiúin uile an Aontais. Treisíonn an taithí sin an gá atá le bealaí a sholáthar chun aghaidh a thabhairt ar chonstaicí trasteorann.

(5)Cé go bhfuil roinnt uirlisí dlí ann cheana chun constaicí trasteorann a réiteach ar leibhéal idir-rialtasach, ar leibhéal náisiúnta, ar leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal áitiúil i réigiúin áirithe de chuid an Aontais, ní chumhdaíonn siad gach réigiún teorann san Aontas ná ní thugann siad aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann le comhtháthú críochach a fhorbairt agus a neartú ar shlí chomhsheasmhach. Chun na huirlisí atá ann cheana a chomhlánú, tá gá, dá bhrí sin, le huirlis bhreise a bunaíodh le dlí an Aontais, is é sin, an Uirlis um Éascú Trasteorann.

(6)Chun an struchtúr riaracháin a bhunú chun aghaidh a thabhairt go leordhóthanach ar iarrataí a bhaineann le constaicí trasteorann, ba cheart do gach Ballstát pointe comhordúcháin trasteorann amháin nó níos mó a bhunú atá freagrach as iarratais maidir le constaicí trasteorann a fháil agus a mheasúnú. Ba cheart dóibh idirchaidreamh a dhéanamh leis an gCoimisiún agus tacú lena ról comhordúcháin.

(7)D’ainneoin go bhfuil réigiúin teorann muirí éagsúil ó thaobh nádúir de mar gheall ar fhéidearthachtaí níos teoranta maidir le hidirghníomhaíochtaí trasteorann agus maidir le húsáid seirbhísí poiblí trasteorann, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le teorainneacha muirí.

(8)Ar leibhéal an Aontais, tá roinnt uirlisí neamhbhreithiúnacha ann chun faireachán agus forfheidhmiú a dhéanamh ar urramú dhlí an Aontais, go háirithe na cinn atá nasctha leis an margadh aonair, amhail SOLVIT 22 . Leis an Rialachán seo, níor cheart difear a dhéanamh d’uirlisí den sórt sin atá ann cheana. Ní bheidh feidhm ag an uirlis bhreise a chruthófar ach amháin maidir le constaicí trasteorann a ghintear faoin dlí náisiúnta, lena náirítear cur i bhfeidhm ceart dhlí an Aontais, bíodh is gur ar shlí éagsúil, a d’fhéadfadh bac neamhbheartaithe a chur ar phleanáil nó ar chur chun feidhme seirbhísí poiblí trasteorann agus míreanna bonneagair trasteorann. Níor cheart feidhm a bheith aige maidir le comhaid a bhaineann le sárú féideartha ar dhlí an Aontais lena rialaítear an margadh inmheánach, ag údarás poiblí i mBallstát eile. Tá an Rialachán seo gan dochar do na sásraí comhordúcháin a bhunaítear don tslándáil shóisialta agus don chánachas. 

(9)D’fhonn constaicí trasteorann féideartha a d’fhéadfadh a bheith cumhdaithe faoin Rialachán seo a shainaithint, is gá na cásanna a shainiú a cháilíonn mar idirghníomhaíochtaí trasteorann. Chuige sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le bonneagar le haghaidh gníomhaíochtaí trasteorann agus maidir le seirbhísí poiblí trasteorann. Agus na ‘seirbhísí poiblí trasteorann’ sin á gcur ar fáil ar bhonn fadtéarmach, ba cheart é a bheith mar aidhm acu sochair a ghiniúint don phobal i gcoitinne nó do spriocghrúpa sonrach sa réigiún teorann ina gcuirtear an tseirbhís ar fáil, agus ar an gcaoi sin dálaí maireachtála agus comhtháthú críochach a fheabhsú sna réigiúin sin. Ar an dara dul síos, d’fhéadfadh constaicí teorann dul i bhfeidhm ar mhíreanna bonneagair a theastaíonn le haghaidh gníomhaíochtaí trasteorann, amhail caighdeáin theicniúla éagsúla le haghaidh foirgneamh nó feithiclí, lena náirítear le haghaidh trealamh gaolmhar. Ba cheart do thionscnóir, is é sin, eintiteas dlí poiblí nó eintiteas dlí príobháideach nó duine nádúrtha amháin, comhad trasteorann a chur isteach agus a mhéid atá leas dlisteanach aige nó aici i seirbhís phoiblí trasteorann nó i míreanna áirithe bonneagair.

(10)Chun an cumas riaracháin leordhóthanach a bhunú ar an leibhéal náisiúnta chun déileáil leis na hiarratais maidir le constaic trasteorann agus chun foráil a dhéanamh do líonra comhlachtaí náisiúnta atá in ann idirchaidreamh a dhéanamh le chéile chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit pointe comhordúcháin trasteorann amháin nó níos mó a bhunú ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach. Ba cheart freisin cead a bheith ag dhá Bhallstát chomharsanachta nó níos mó comhlachtaí comhpháirteacha atá ann cheana a aithint mar phointe comhordúcháin trasteorann ar theorainn ar leith nó údarás comhpháirteach nó comhlacht comhpháirteach atá ann cheana a chumhachtú le cúraimí breise an phointe comhordúcháin trasteorann dá dteorainneacha uile. 

(11)Chun creat a bhunú chun déileáil le hiarratais maidir le constaic trasteorann a bhaineann le gach pointe comhordúcháin trasteorann, is gá na cúraimí ba cheart do gach pointe comhordúcháin trasteorann a chur i gcrích a shainiú. Ba cheart go bhfeidhmeodh pointí comhordúcháin trasteorann mar ‘ionaid ilfhreastail’ do na tionscnóirí agus ba cheart go mbeadh siad mar phointe teagmhála faoi phribhléid acu. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil faisnéis teagmhála le haghaidh pointí comhordúcháin trasteorann ar fáil go poiblí agus a ninfheictheacht agus a ninrochtaineacht a áirithiú. I gcás ina bhfuil níos mó ná pointe comhordúcháin trasteorann amháin i mBallstát, aithneoidh siad go soiléir pointe teagmhála aonair do gach tionscnóir. Chun gur féidir obair leantach a dhéanamh ar thoradh na niarratas trasteorann agus chun trédhearcacht a mhéadú maidir le constaicí trasteorann a réiteach, ba cheart do phointí comhordúcháin trasteorann a bheith freagrach freisin as clár poiblí a bhunú agus a choinneáil ar bun lena gcumhdaítear na comhaid trasteorann uile a chuireann tionscnóirí atá lonnaithe sa Bhallstát sin isteach. Thairis sin, is gá a leagan amach sa Rialachán seo oibleagáidí maidir le comhordú, comhar agus malartú faisnéise idir na pointí comhordúcháin trasteorann éagsúla i mBallstát amháin agus idir pointí comhordúcháin trasteorann na mBallstát comharsanachta.

(12)Níor cheart do thionscnóir ar leith a chomhad trasteorann a chur isteach ach aon uair amháin. Mar sin féin, i gcás ina gcuireann tionscnóir difriúil i mBallstát eile comhad scáthánach trasteorann isteach sa Bhallstát eile sin freisin, ba cheart do phointí comhordúcháin trasteorann na mBallstát sin comhaid cosúla a sheachaint trína gcomhordú a eagrú dá réir.

(13)D’fhéadfadh sé a bheith deacair, mar gheall ar shraitheanna éagsúla an dlí náisiúnta is infheidhme, an fhoráil shonrach is constaic trasteorann a shainaithint. Bunaithe freisin ar an taithí le b-solutions, níor cheart don tionscnóir, dá bhrí sin, ach cur síos a dhéanamh ar an staid agus ar an bhfadhb atá le réiteach.

(14)Chun foráil a dhéanamh do chreat nós imeachta lena ndeonaítear deimhneacht dhlíthiúil an tráth céanna do thionscnóir comhaid trasteorann, ba cheart don phointe comhordúcháin trasteorann measúnú a dhéanamh ar chomhaid trasteorann agus ba cheart réamhfhreagra agus freagra deiridh a thabhairt don tionscnóir laistigh de spriocdhátaí réasúnacha, ar cheart, i bprionsabal, gurb ionann iad agus iad siúd atá bunaithe sa dlí náisiúnta. I gcás nár shainaithin an tionscnóir na constaicí trasteorann, ba cheart do na húdaráis inniúla nó do na comhlachtaí dlí poiblí é sin a dhéanamh. D’fhéadfadh an anailís ar chomhad trasteorann teacht ar an gconclúid nach bhfuil aon chonstaic trasteorann ann i ndáiríre, toisc go bhfuil an tuairisc ar an gconstaic líomhnaithe bunaithe ar fhaisnéis neamhleor, ar mhíthuiscint ar na forálacha dlí nó riaracháin is infheidhme, nó toisc go gcumhdaítear le forálacha dlí nó riaracháin cheana féin na ceanglais is gá chun aghaidh a thabhairt ar an gconstaic. Sa chás sin, ba cheart a mheas go bhfuil an chonstaic trasteorann réitithe agus ba cheart an comhad trasteorann a dhúnadh. A luaithe a dheimhnítear gurb ann do chonstaic trasteorann, ba cheart do na Ballstáit a bheith saor i gcónaí chun a chinneadh cén uirlis iomchuí a bheadh ann chun aghaidh a thabhairt ar an gcás i measc na nuirlisí atá ar fáil sa réigiún trasteorann lena mbaineann, ag brath ar an gcéad dul síos ar shásraí atá ann cheana, i gcás inarb iomchuí, chun an chonstaic a réiteach. I gcás ina gcinneann na Ballstáit gan constaicí trasteorann a réiteach, ba cheart dóibh na cúiseanna a thabhairt go cuí agus roghanna féideartha sásaimh dhlíthiúil a léiriú, go háirithe, i gcás ina gcinneann an Ballstát nach dtagann an chonstaic a shainaithnítear faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(15)I gcás nach bhfuil uirlis iomchuí atá ann cheana aimsithe ag an údarás inniúil, féadfaidh sé an Uirlis um Éascú Trasteorann a roghnú nó na cúiseanna a leagan amach a gcinneann sé gan an chonstaic trasteorann a réiteach. Ós rud é go bhféadfadh toradh an nós imeachta a bheith beagán difriúil ag brath ar chineál na constaice dlí trasteorann, riaracháin nó reachtach a d’fhéadfadh a bheith ann, is gá foráil a dhéanamh maidir le sainiúlachtaí den sórt sin faoin Uirlis um Éascú Trasteorann.

(16)Chun struchtúr nós imeachta éifeachtach a sholáthar chun déileáil le comhaid i dtaca le constaicí trasteorann, ba cheart na céimeanna nós imeachta riachtanacha a leagan amach sa Rialachán seo, i gcás comhad ina bhfuil an chonstaic de chineál riaracháin agus i gcás ina bhfuil sí de chineál reachtach. Ba cheart a shoiléiriú freisin go bhféadfadh na constaicí trasteorann a cháilíonn mar fhoráil riaracháin i mBallstát amháin, ach mar fhoráil dhlíthiúil sa Bhallstát eile agus a mhalairt a bheith mar thoradh ar na córais dlí éagsúla i mBallstáit chomharsanachta. Dá bhrí sin, ba cheart do gach Ballstát an nós imeachta iomchuí a chur i bhfeidhm. Ba cheart do na Ballstáit chomharsanachta a nósanna imeachta faoi seach a chomhordú chomh gar dá chéile agus is féidir. I gcás ina nglactar seasamh deiridh ar chomhad, ba cheart na cúiseanna leis sin a chur in iúl don tionscnóir in éineacht leis an gcinneadh.

(17)D’fhonn a áirithiú go ndéanfar faireachán ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar leibhéal an Aontais agus chun tacaíocht a sholáthar do na Ballstáit, i dtéarmaí fothú acmhainneachta freisin, ba cheart na cúraimí ábhartha a chur ar an gCoimisiún chun na spriocanna sin a bhaint amach. Ba cheart don phointe comhordúcháin ar leibhéal an Aontais go háirithe, tacú leis na pointí comhordúcháin trasteorann trí mhalartú taithí idir na pointí comhordúcháin sin a chur chun cinn. D’fhéadfadh uirlisí atá bunaithe ar theicneolaíocht amhail b-solutions a bheith i gceist leis an tacaíocht sin freisin.

(18)Chun gur féidir beartais atá bunaithe ar fhianaise a cheapadh, ba cheart tuairisciú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart aghaidh a thabhairt sa tuarascáil sin ar na príomhcheisteanna meastóireachta lena náirítear éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, breisluach Eorpach, raon feidhme le haghaidh simplithe agus inbhuanaitheachta agus an gá le tuilleadh gníomhaíochta ar leibhéal an Aontais. Ba cheart don Choimisiún an tuarascáil sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus, de bhun Airteagal 307, an chéad mhír den Chonradh, Choiste na Réigiún agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Chun bonn fianaise leathan a áirithiú maidir le húsáid an Rialacháin seo agus na hUirlise um Éascú Trasteorann, ba cheart an tuarascáil a chur isteach 5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(19)Urramaíonn an Rialachán seo na cearta bunúsacha, cloíonn sé leis na prionsabail a aithnítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus níl aon tionchar diúltach aige ar aon Cheart Bunúsach. Mar gheall ar a aidhm constaicí dlí a bhaint i gcomhthéacs trasteorann, féadfar a chothú leis an Rialachán an ceart chun rochtain a fháil ar sheirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne (Airteagal 36) agus an tsaoirse chun gnó a dhéanamh (Airteagal 16). D’fhéadfadh raon leathan an chineáil sin seirbhísí rochtain ar chúram sláinte a chothú freisin (Airteagal 35). Ar shlí níos ginearálta, toisc gur cosúil go bhfuil andóchúlacht ann go mbainfidh seirbhísí iompair phoiblí trasteorann tairbhe as an Uirlis um Éascú Trasteorann, féadfaidh an Rialachán seo tionchar dearfach a imirt ar an tsaoirse gluaiseachta agus cónaithe (Airteagal 45).

(20)Ba cheart na coinníollacha le haghaidh comhar críochach a chruthú i gcomhréir leis an bprionsabal coimhdeachta a chumhdaítear in Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Léiríonn taithí go bhfuil na Ballstáit tar éis tabhairt faoi thionscnaimh aonair, dhéthaobhacha agus fiú iltaobhacha chun constaicí trasteorann dlí a réiteach. Mar sin féin, níl na sásraí sin sna Ballstáit go léir nó níl siad ann do gach teorainn i mBallstát faoi leith. Dá réir sin ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí na gníomhaíochta atá beartaithe a bhaint amach ar leibhéal lárnach ná ar leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal áitiúil, ach, de bharr rannpháirtíocht riachtanach dhá Bhallstát chomharsanachta ar a laghad, is fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, is gá tuilleadh gníomhaíochta ó reachtóir an Aontais.

(21)I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach in Airteagal 5(4) de Chonradh an Aontais Eorpaigh, níor cheart go rachadh ábhar agus foirm ghníomhaíocht an Aontais thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a bhaint amach. Tá úsáid na hUirlise um Éascú Trasteorann faoin Rialachán seo roghnach do gach Ballstát. Ba cheart do Bhallstát cinneadh a dhéanamh, maidir le teorainn ar leith le Ballstát comharsanachta amháin nó níos mó, constaicí trasteorann a réiteach trí uirlisí atá ann cheana atá curtha ar bun aige ar leibhéal náisiúnta nó le Ballstát comharsanachta amháin nó níos mó. Dá bhrí sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóirí a bhaint amach do na réigiúin trasteorann sin, réigiúin nach bhfuil aon sásra éifeachtúil i bhfeidhm ag na Ballstáit ina leith chun constaicí dlí a réiteach.’

(3)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1 go 26:

CAIBIDIL I

Forálacha Ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

1.Bunaítear leis an Rialachán seo nós imeachta chun réiteach ar chonstaicí trasteorann a éascú, ar constaicí iad a chuireann bac ar bhunú agus ar fheidhmiú aon mhír bonneagair atá riachtanach do ghníomhaíochtaí trasteorann poiblí nó príobháideacha nó d’aon seirbhís phoiblí trasteorann a chuirtear ar fáil i réigiún trasteorann ar leith agus ar choinníoll go gcothaíonn sé comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach sa réigiún trasteorann (an ‘Uirlis um Éascú Trasteorann’).

2.Leis an Rialachán seo leagtar rialacha síos maidir leis an méid seo a leanas:

(a)eagrúchán agus cúraimí pointí comhordúcháin trasteorann sna Ballstáit;

(b)cúraimí comhordaithe an Choimisiúin.

Airteagal 2

Raon Feidhme

1.Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le constaicí trasteorann i réigiúin teorann talún nó muirí i mBallstáit chomharsanachta.

Ní bheidh feidhm aige maidir le constaicí trasteorann i réigiúin teorann idir na Ballstáit agus na tríú tíortha.

2.Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear d’aon ghníomh dlí eile de chuid an Aontais, go háirithe iad siúd is infheidhme maidir le réiteach neamhbhreithiúnach ar shaincheisteanna dlí a eascraíonn as constaicí trasteorann agus maidir le léirmhíniú ceart nó cur chun feidhme ceart dhlí an Aontais. Beidh sé gan dochar do na sásraí comhordúcháin a bhunaítear don tslándáil shóisialta agus don chánachas.

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘idirghníomhaíocht trasteorann’:

(a)aon mhír bonneagair atá riachtanach do ghníomhaíochtaí trasteorann poiblí nó príobháideacha,

(b)bunú, feidhmiú nó soláthar aon seirbhíse poiblí trasteorann i réigiún trasteorann;

(2)ciallaíonn ‘constaic trasteorann’ aon fhoráil nó cleachtas reachtach nó riaracháin ag údarás poiblí i mBallstát a d’fhéadfadh difear diúltach a dhéanamh d’idirghníomhaíocht trasteorann agus, ar an gcaoi sin, do réigiún trasteorann a fhorbairt agus nach mbaineann sárú féideartha ar dhlí an Aontais lena rialaítear an margadh inmheánach;

(3)ciallaíonn ‘údarás inniúil’ comhlacht ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil a bhfuil sé de chumhacht aige gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí agus is infhorfheidhmithe a ghlacadh;

(4)ciallaíonn ‘comhad trasteorann’ an doiciméad arna ullmhú ag tionscnóir amháin nó níos mó lena chur faoi bhráid pointe comhordúcháin trasteorann;

(5)ciallaíonn ‘seirbhís phoiblí trasteorann’ gníomhaíocht a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail chun seirbhís a sholáthar, nó chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna roinnte nó ar acmhainneachtaí forbartha réigiún teorann atá lonnaithe ar thaobhanna éagsúla de theorainn Bhallstáit chomharsanachta amháin nó níos mó, ar choinníoll go gcothaíonn sí comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach sa chríoch trasteorann;

(6)ciallaíonn ‘tionscnóir’ aon eintiteas príobháideach nó poiblí a bhfuil baint aige le soláthar, oibriú, bunú nó feidhmiú aon seirbhíse poiblí nó bonneagair phoiblí trasteorann nó aon duine nádúrtha a bhfuil leas dlisteanach aige i réiteach constaice trasteorann.

2.Chun críche an Rialacháin seo, cumhdófar freisin leis an tagairt do ‘an túdarás inniúil’ cásanna ina bhfuil níos mó ná údarás inniúil amháin laistigh den Bhallstát céanna inniúil nó a gcaithfear dul i gcomhairle leis.

3.Chun críche an Rialacháin seo, cumhdófar leis an téarma ‘constaic trasteorann’ ceann amháin nó níos mó de na constaicí trasteorann atá nasctha le comhad trasteorann.

CAIBIDIL II

pointí comhordúcháin trasteorann

Airteagal 4

pointí comhordúcháin trasteorann a chur ar bun

1.Bunóidh gach Ballstát pointe comhordúcháin trasteorann amháin nó níos mó i gcomhréir lena gcreat institiúideach agus dlíthiúil, ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach nó orthu araon, i gcomhréir le mír 3.

2.Féadfaidh dhá Bhallstát chomharsanachta nó níos mó a chinneadh pointe comhordúcháin trasteorann comhpháirteach atá inniúil ar cheann amháin nó níos mó de na réigiúin trasteorann faoi seach a bhunú.

3.Cuirfear gach pointe comhordúcháin trasteorann ar bun ar cheann de na bealaí seo a leanas:

(a)mar údarás ar leithligh nó mar chomhlacht dlí phoiblí;

(b)mar chuid d’údarás atá ann cheana nó de chomhlacht dlí phoiblí atá ann cheana, lena náirítear trí chúraimí breise an phointe comhordúcháin trasteorann a chur ar iontaoibh údaráis nó comhlachta dlí phoiblí atá ann cheana.

4.Áiritheoidh na Ballstáit, laistigh de 2 mhí tar éis an chinnidh lena mbunaítear an pointe comhordúcháin trasteorann, go mbeidh a shonraí teagmhála agus an fhaisnéis a bhaineann lena chúraimí ar fáil ar shuíomh gréasáin na gclár Interreg dá dtagraítear in Airteagal 36(2) den Rialachán (AE) 2021/1059. Áiritheoidh na Ballstáit infheictheacht agus inrochtaineacht an phointe chomhordúcháin trasteorann.

Airteagal 5

Príomhchúraimí na bpointí comhordúcháin trasteorann

1.Saineoidh na Ballstáit, ina naonar sa chás dá dtagraítear in Airteagal 4(1) nó go comhpháirteach sa chás dá dtagraítear in Airteagal 4(2), na cúraimí a dhéanfaidh gach pointe comhordúcháin trasteorann agus na cúraimí a thabharfar don údarás inniúil.

2.Déanfaidh na Ballstáit cinneadh an féidir le pointí comhordúcháin trasteorann gníomhú ar chomhad trasteorann thar a gceann féin nó an bhfuil siad freagrach as cumarsáid a dhéanamh le tionscnóirí thar ceann an údaráis inniúil amháin.

3.Is é a bheidh sa phointe comhordúcháin trasteorann an taon phointe teagmhála de chuid an tionscnóra, ag brath ar eagrú na bpointí teagmhála a chuir na Ballstáit i bhfeidhm, ar an mbealach seo a leanas:

(a)gach pointe comhordúcháin trasteorann náisiúnta le haghaidh na gcomhad trasteorann uile arna gcur isteach ag tionscnóir atá lonnaithe i gcríoch an Bhallstáit faoi seach;

(b)gach pointe comhordúcháin trasteorann réigiúnach le haghaidh na gcomhad trasteorann arna gcur isteach ag tionscnóir atá lonnaithe i réigiún teorann nó i réigiúin teorann an Bhallstáit faoi seach;

(c)gach comhphointe comhordúcháin trasteorann le haghaidh na gcomhad trasteorann arna gcur isteach ag tionscnóir atá lonnaithe i gceann de na réigiúin teorann lena mbaineann.

4.Anuas ar a gcúraimí dá dtagraítear in Airteagail 8, 10 agus 11, déanfaidh pointí comhordúcháin trasteorann na cúraimí seo a leanas:

(a)clár poiblí a bhunú agus a choinneáil ar bun lena gcumhdaítear na comhaid trasteorann uile a chuireann tionscnóirí atá lonnaithe sa Bhallstát sin isteach;

(b)idirchaidreamh a dhéanamh leis an gCoimisiún agus tacú le cúraimí comhordúcháin an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 12, tríd an bhfaisnéis is gá a sholáthar, lena náirítear aicmiú NUTS le haghaidh gach comhaid.

I gcás inarb ann do roinnt pointí comhordúcháin trasteorann i mBallstát, déanfaidh comhordú trasteorann amháin (‘an príomhphointe comhordúcháin trasteorann’) na cúraimí a leagtar amach i bpointe (a) agus i bpointe (b).

5.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an clár faoi mhír 4 fós ar fáil don phobal i bhformáidí oscailte atá inléite do mheaisín mar a leagtar amach in Airteagal 5(1) de Threoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 23 , lenar féidir sonraí a shórtáil, a chuardach, a asbhaint, a chur i gcomparáid agus a úsáid; agus déantar é a nuashonrú trí huaire ar a laghad sa bhliain. Féadfaidh an pointe comhordúcháin trasteorann faisnéis rochtana oscailte a chomhtháthú nó an clár a nascadh leis an tairseach aonair gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 46, pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/1060, leis an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 49(1) den Rialachán sin, nó leis an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 36(2) de Rialachán (AE) 2021/1059.

6.I mBallstát ina bhfuil níos mó ná pointe comhordúcháin trasteorann amháin, tarchuirfidh na pointí comhordúcháin trasteorann an fhaisnéis is gá chuig an bpríomhphointe comhordúcháin trasteorann chun é a chur ar a chumas a chúraimí faoi mhír 4 agus faoi mhír 5 a chur chun feidhme.

7.I gcás inar chinn dhá Bhallstát chomharsanachta nó níos mó comhphointe comhordúcháin trasteorann a chur ar bun, tarchuirfidh an pointe sin an fhaisnéis is gá chuig na príomhphointí comhordúcháin trasteorann, más ann dóibh, de chuid na mBallstát faoi seach.

CAIBIDIL III

Comhaid trasteorann

Airteagal 6

Comhaid trasteorann a ullmhú agus a chur isteach

1.Ullmhóidh an tionscnóir comhad trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 7.

2.Cuirfidh an tionscnóir an comhad trasteorann faoi bhráid pointe comhordúcháin trasteorann an Bhallstáit ina bhfuil an tionscnóir lonnaithe nó ina bhfuil a oifig chláraithe.

3.I gcás ina dtionscnaítear comhaid trasteorann maidir leis an gconstaic trasteorann chéanna in dhá Bhallstát chomharsanachta nó níos mó, beidh idirchaidreamh idir a bpointí comhordúcháin trasteorann faoi seach lena chéile chun a réiteach cén ceann a dhéileálfaidh go príomha leis an gcomhad.

Airteagal 7

Ábhar na gcomhad trasteorann

1.Beidh na gnéithe seo a leanas ar a laghad san áireamh sa chomhad trasteorann:

(a)tuairisc ar an idirghníomhaíocht trasteorann, ar a comhthéacs agus ar an bhfadhb a eascraíonn as constaic trasteorann ba cheart a réiteach;

(b)bonn cirt leis an ngá leis an gconstaic trasteorann a réiteach;

(c)i gcás ina mbeidh sé ar fáil, tuairisc ar thionchar diúltach na constaice trasteorann ar fhorbairt an réigiúin teorann;

(d)an limistéar geografach lena mbaineann;

(e)i gcás ina mbeidh sé ar fáil agus i gcás inarb ábhartha, an fad a mheastar a bheidh gá le cur i bhfeidhm maolaithe nó eisceachta ón gconstaic trasteorann nó, i gcás ina mbeidh údar cuí leis, í a bhaint.

2.Féadfaidh an tionscnóir an chonstaic trasteorann a shainaithint freisin agus, más féidir, an téacs a mholadh le haghaidh maolaithe nó eisceachta ón gconstaic trasteorann nó le haghaidh réiteach dlí ad hoc.

3.Beidh an limistéar geografach dá dtagraítear i mír 1, pointe (d), teoranta don íosmhéid is gá chun comhad trasteorann a réiteach go héifeachtach.

Airteagal 8

Réamhchéimeanna measúnaithe

1.Déanfaidh an pointe comhordúcháin trasteorann nó an túdarás inniúil measúnú ar gach comhad trasteorann a chuirtear isteach i gcomhréir le hAirteagail 6 agus 7 agus sainaithneoidh sé an chonstaic trasteorann nó na constaicí trasteorann.

2.Laistigh de spriocdháta 2 mhí ó cuireadh an comhad isteach, féadfaidh an pointe comhordúcháin trasteorann nó an túdarás inniúil iarraidh ar an tionscnóir an comhad trasteorann a shoiléiriú nó faisnéis shonrach bhreise a chur isteach. Leagfar amach in iarratas den sórt sin an fáth agus an ghné de, nach meastar gur leordhóthanach é an comhad trasteorann chun é a scrúdú.

Mura dtugtar aghaidh sa chomhad trasteorann athbhreithnithe ar na gnéithe a mheastar a bheith neamhleor, féadfaidh an pointe comhordúcháin trasteorann nó an t‑údarás inniúil deireadh a chur leis an nós imeachta agus cuirfidh sé an tionscnóir ar an eolas dá réir sin ina leagfar amach na cúiseanna.

3.I gcás ina gcinneann an pointe comhordúcháin trasteorann nó an túdarás inniúil, tar éis dó comhad trasteorann a mheasúnú, nach ann do chonstaic trasteorann líomhnaithe, féadfaidh an pointe comhordúcháin trasteorann deireadh a chur leis an nós imeachta agus cuirfidh sé an tionscnóir ar an eolas dá réir sin ina leagfar amach na cúiseanna.

4.I gcás ina gcinneann an pointe comhordúcháin trasteorann nó an túdarás inniúil, tar éis dó comhad trasteorann a mheasúnú, gurb ann don chonstaic trasteorann líomhnaithe, féadfaidh sé, ag aon chéim den nós imeachta, a roghnú gan í a réiteach agus cuirfidh sé an tionscnóir ar an eolas dá réir sin ina leagfar amach na cúiseanna.

5.Sula dtabharfar an measúnú i gcrích, déanfaidh an pointe comhordúcháin trasteorann nó an túdarás inniúil measúnú breise i dtaobh an féidir, i gcás gach constaic trasteorann líomhnaithe, brath ar chomhaontú comhair idirnáisiúnta atá i bhfeidhm cheana, bíodh sé déthaobhach nó iltaobhach, ilearnálach nó sonrach d’earnáil ar leith, lena soláthrófar sásra dá cuid féin chun constaicí trasteorann a réiteach idir na Ballstáit lena mbaineann an chonstaic sin nó na constaicí sin. I gcás ina mbeidh comhaontú idirnáisiúnta den sórt sin ann, is le forálacha an chomhaontaithe sin amháin a rialófar réiteach ceann amháin nó níos mó de na constaicí trasteorann, lena náirítear na gníomhaithe lena mbaineann agus an nós imeachta a gcloífear leis, go háirithe, chun idirchaidreamh a dhéanamh leis an mBallstát comharsanachta agus chun comhoibriú leis.

6.I gcás ina gcinneann an Ballstát an chonstaic a réiteach agus in éagmais aon chomhaontú idirnáisiúnta den chineál a luaitear i mír 5, nó i gcás inar dealraitheach nach rannchuidíonn na comhaontuithe idirnáisiúnta atá ar fáil go sásúil le réiteach na constaice a leagtar amach sa chomhad trasteorann, féadfaidh an pointe comhordúcháin trasteorann nó an túdarás inniúil an Uirlis um Éascú Trasteorann a chur i bhfeidhm, ina haonar nó, más gá agus má chomhaontaítear, i gcomhpháirt leis an mBallstát comharsanachta.

Airteagal 9

Faisnéis don tionscnóir

1.Tar éis comhad trasteorann nó comhad trasteorann athbhreithnithe a fháil, cuirfidh an pointe comhair trasteorann nó an túdarás inniúil an tionscnóir ar an eolas i scríbhinn faoi aon réamhchéim mheasúnaithe a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 8, laistigh den spriocdháta caighdeánach dá bhforáiltear sa reachtaíocht náisiúnta le haghaidh freagraí ar iarraidh choibhéiseach a cuireadh faoi bhráid an riaracháin.

2.I gcás nach bhforáiltear do spriocdháta den sórt sin sa reachtaíocht náisiúnta, beidh feidhm ag na spriocdhátaí seo a leanas:

(a)3 mhí le haghaidh na réamhchéimeanna measúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(2), an dara fomhír;

(b)6 mhí le haghaidh na réamhchéimeanna measúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus (4).

3.Léireoidh an fhaisnéis a sholáthrófar faoi mhír 1 ar an méid seo a leanas:

(a)na réamhchéimeanna measúnaithe a rinneadh, an bonn cirt atá leo agus na conclúidí, má tá siad ar fáil cheana;

(b)na bealaí agus na nósanna imeachta um shásamh dlíthiúil dá bhforáiltear sa reachtaíocht náisiúnta i gcoinne na réamhchéimeanna measúnaithe sin, más ann dóibh.

4.Sa chéad teagmháil leis an tionscnóir faoi Airteagal 8(2), an chéad fhomhír, féadfar a lua freisin go bhfuil níos mó ama ag teastáil le haghaidh anailís dlí nó le haghaidh comhairliúcháin laistigh den Bhallstát nó le haghaidh comhordú leis an mBallstát comharsanachta.



CAIBIDIL IV

An Uirlis um Éascú Trasteorann

Airteagal 10

Nós imeachta

1.I gcás inar chinn an pointe comhordúcháin trasteorann nó an túdarás inniúil de bhun Airteagal 8(6) an Uirlis um Éascú Trasteorann a chur i bhfeidhm, cuirfidh sé an nós imeachta dá bhforáiltear san Airteagal seo i bhfeidhm.

2.Tar éis don phointe comhordúcháin trasteorann nó don údarás inniúil an chonstaic trasteorann a shainaithint ina chóras dlí náisiúnta, cuirfidh sé an méid seo a leanas in iúl don tionscnóir:

(a)an chonstaic trasteorann a sainaithníodh;

(b)cineál na forála ag bunphointe na constaice trasteorann ba ghá a leasú chun an chonstaic a réiteach;

(c)na chéad chéimeanna eile as a dtiocfaidh deireadh a chur leis an gconstaic trasteorann nó gan í a bhaint agus cé acu de na nósanna imeachta faoi mhíreanna 4 nó 5 den Airteagal seo ar cheart feidhm a bheith acu.

3.Tar éis measúnú a dhéanamh ar an gcomhad trasteorann agus an chonstaic trasteorann a shainaithint, malartóidh an pointe comhordúcháin trasteorann inniúil faisnéis ábhartha maidir leis an gconstaic trasteorann leis an bpointe comhordúcháin trasteorann inniúil sa Bhallstát comharsanachta. Féachfaidh na pointí comhordúcháin trasteorann le nósanna imeachta comhthreomhara a bhaineann leis an gconstaic trasteorann chéanna a sheachaint.

4,5.I gcás ina bhfuil foráil nó cleachtas riaracháin i gceist leis an gconstaic trasteorann, nach néilíonn athrú ar fhoráil dlí, rachaidh an pointe comhordúcháin trasteorann i dteagmháil leis an údarás inniúil atá freagrach as an bhforáil riaracháin chun a sheiceáil an leor leasú ar an bhforáil nó ar an gcleachtas riaracháin sin chun an chonstaic trasteorann a réiteach agus an bhfuil an túdarás toilteanach í a athrú dá réir sin. Cuirfear an tionscnóir ar an eolas i scríbhinn laistigh de 8 mí ón tráth a gcuirfear an comhad trasteorann isteach.

5,6.I gcás ina bhfuil foráil dlí i gceist leis an gconstaic trasteorann, rachaidh an pointe comhordúcháin trasteorann i dteagmháil leis an údarás inniúil chun a sheiceáil an réiteodh leasú, lena náirítear eisceacht nó maolú ar an bhforáil dlí is infheidhme, an chonstaic trasteorann agus an ndéanfaidh an túdarás inniúil na bearta is gá chun nós imeachta reachtach a thionscnamh i gcomhréir leis an gcreat institiúideach agus dlíthiúil. Cuirfear an tionscnóir ar an eolas i scríbhinn laistigh de 8 mí ón tráth a gcuirfear an comhad trasteorann isteach.

6.I gcás inar cuireadh comhad trasteorann faoi bhráid an pointe comhordúcháin trasteorann nó faoi bhráid dhá Bhallstát chomharsanachta nó níos mó, cinnfidh gach ceann acu an cineál nós imeachta a bheidh le leanúint ina Bhallstát.

7.I gcás ina bhfuil athrú ar fhoráil riaracháin á thionscnamh ag anailís dlí, ag comhairliúcháin laistigh den Bhallstát, ag comhordú leis an mBallstát comharsanachta, nó ag údarás inniúil an Bhallstáit chomharsanachta nó ina bhfuil nós imeachta reachtach á sheoladh aige lena gcuirtear cosc ar an bpointe comhordúcháin trasteorann freagra a thabhairt ar an tionscnóir laistigh de 8 mí de bhun mhíreanna 4 agus 5, cuirfear an tionscnóir ar an eolas i scríbhinn faoin gcúis atá le moill agus faoi amlíne an fhreagra.

Airteagal 11

Na céimeanna deiridh chun an chonstaic trasteorann a réiteach

1.Déanfaidh an pointe comhordúcháin trasteorann nó an túdarás inniúil, ar bhonn a mheasúnaithe a rinneadh de bhun Airteagal 8 agus i gcomhréir leis an bhfaisnéis a fuarthas faoi Airteagal 10(3), an tionscnóir a chur ar an eolas i scríbhinn faoi thoradh an chomhaid, is é sin:

(a)toradh nós imeachta faoi Airteagal 10(4), lena náirítear i gcás inarb ábhartha, leasú ar aon fhoráil riaracháin;

(b)toradh nós imeachta faoi Airteagal 10(5), lena náirítear i gcás inarb ábhartha, seoladh nós imeachta reachtaigh nó leasú ar aon fhoráil dlí;

(c)nach dtabharfar aghaidh ar an gconstaic trasteorann;

(d)na cúiseanna atá mar bhonn agus mar thaca ag an seasamh a glacadh faoi phointí (a), (b) nó (c);

(e)an spriocdháta le haghaidh sásaimh dhlíthiúil faoin dlí náisiúnta más ann dó. In éagmais aon spriocdháta faoin dlí náisiúnta, deonófar sé mhí don tionscnóir chun athbhreithniú ar an gcinneadh a iarraidh.

2.I gcás inar chinn an pointe comhordúcháin trasteorann nó an túdarás inniúil an chonstaic trasteorann a réiteach tríd an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 10(5), déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)pointe comhordúcháin trasteorann an Bhallstáit chomharsanachta a chur ar an eolas;

(b)an tionscnóir a chur ar an eolas faoi na céimeanna is tábhachtaí den leasú ar an bhforáil dlí, lena náirítear i gcás inarb ábhartha, faoin nós imeachta reachtach a seoladh chun dul ar aghaidh chuig leasú reachtach lena réitítear an chonstaic trasteorann nó an cinneadh deiridh lena ndíbhtear an nós imeachta.

Ba cheart an tionscnóir a chur ar an eolas freisin i gcás inar sheol údaráis inniúla an Bhallstáit chomharsanachta an leasú ar fhoráil dlí freisin.

3.I gcás ina dtagann an Ballstát lena mbaineann agus an Ballstát comharsanachta ar an gconclúid go bhfuil gach ceann acu toilteanach nós imeachta reachtach dá chuid féin nó athrú ar a bhforálacha nó ar a gcleachtais riaracháin a sheoladh, déanfaidh siad amhlaidh i ndlúthchomhordú, i gcomhréir lena gcreat institiúideach agus dlíthiúil faoi seach. Féadfaidh an comhordú sin uainiú na nósanna imeachta a chumhdach agus d’fhéadfadh bunú comhchoiste le hionadaithe na bpointí comhordúcháin trasteorann a bheith mar thoradh air.

CAIBIDIL V

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 12

Tascanna comhordúcháin an Choimisiúin

Déanfaidh an Coimisiún na tascanna comhordúcháin seo a leanas:

(a)idirchaidreamh a dhéanamh leis na pointí comhordúcháin trasteorann;

(b)tacú le feabhas a chur ar an acmhainneacht institiúideach sna Ballstáit atá riachtanach chun an Rialachán seo a chur chun feidhme go héifeachtúil;

(c)an malartú taithí idir na Ballstáit agus go háirithe idir na pointí comhordúcháin trasteorann a chur chun cinn;

(d)liosta de pointí comhordúcháin trasteorann uile idir náisiúnta agus réigiúnach a fhoilsiú agus a choinneáil cothrom le dáta;

(e)clár poiblí de chomhaid trasteorann a bhunú agus a choinneáil ar bun.

Airteagal 13

Faireachán agus tuairisciú

1.Faoin ll mm bbbb [i.e. an 1ú den mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo + 6 mhí; le líonadh isteach ag Oifig na bhFoilseachán], cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoi bhunú a phointe nó a phointí comhordúcháin trasteorann agus faoi na sonraí teagmhála a bhaineann leo.

2.Faoin ll mm bbbb [i.e. an 1ú den mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo + 5 bliana; le líonadh isteach ag Oifig na bhFoilseachán], déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus tuairisceoidh sí do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste na Réigiún agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

Airteagal 14

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.’

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    COM(2018) 373 final, 29.5.2018.
(2)    An Coimisiún Eorpach, ArdStiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh, Caragliu, A., Capello, R., Camagni, R. et al., Quantification of the effects of legal and administrative border obstacles in land border regions – Tuarascáil chríochnaitheach, Oifig na bhFoilseachán, 2017,  https://data.europa.eu/doi/10.2776/25579 ’; COM(2017) 534 final, 20.9.2017 ‘Borradh a chur faoin bhfás agus faoin gcomhtháthú i réigiúin teorann an Aontais Eorpaigh’, lch. 6.
(3)     https://ec.europa.eu/regional_policy/sources/policy/cooperation/european‑territorial/survey-2020/cross‑border-survey-2020-report_en.pdf .
(4)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa, ‘Borradh a chur faoin bhfás agus faoin gcomhtháthú i réigiúin atá suite ar theorainneacha an Aontais Eorpaigh’, - COM(2017) 534 final, 20.9.2017.
(5)    An Coimisiún Eorpach, ArdStiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh, Capello, R., Caragliu, A., Analysis of the economic impacts of border-related measures taken by Member States in the fight against COVID19 – Tuarascáil chríochnaitheach, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2022,  ttps://data.europa.eu/doi/10.2776/973169 .
(6)     https://www.b-solutionsproject.com/ .
(7)    Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le grúpáil Eorpach um chomhar críochach (EGTC) (IO L 210, 31.7.2006, lch. 19).
(8)    Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh (IO L 231, 30.6.2021, lch. 94).
(9)    Airteagal 14(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/1059.
(10)    Féach an chéad fhomhír d’Airteagal 7(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006.
(11)    An Coimisiún Eorpach, ArdStiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh, Caragliu, A., Capello, R., Camagni, R. et al., Quantification of the effects of legal and administrative border obstacles in land border regions – Tuarascáil chríochnaitheach, Oifig na bhFoilseachán, 2017,  https://data.europa.eu/doi/10.2776/25579 ’; COM(2017) 534 final, lch. 6; tá tuilleadh sonraí le fáil in SWD(2017) 307 final, pointe 2.2, lgh. 20-22 a ghabhann leis.
(12)    Féach freisin an 9ú breithniú de bhrollach an Chonartha ar an Aontas Eorpach (cló trom curtha leis): ‘AR A BHEITH DE RÚN DAINGEAN ACU dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta a chur ar aghaidh dá bpobail, ag tabhairt aird ar phrionsabal na forbartha inbhuanaithe agus faoi chuimsiú ghnóthú an mhargaidh inmheánaigh agus athneartú ar chomhtháthú agus ar chosaint an chomhshaoil, agus beartais a chur chun feidhme a áiritheoidh go mbeidh dul chun cinn comhthreomhar i réimsí eile ag gabháil le haon dul chun cinn sa lánpháirtíocht eacnamaíoch’.
(13)    An Coimisiún, ‘Comhar Críochach Eorpach, Pacáiste Oibre 11, Meastóireacht ex-post ar chláir an Bheartais Chomhtháthaithe 2007-2013, lena ndírítear ar Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus ar an gCiste Comhtháthaithe (CC )’, Iúil 2016.
(14)    SWD(2018) 282 final - 2018/0197 (COD).
(15)    EPRS, Sásra chun constaicí dlí agus riaracháin a réiteach i gcomhthéacs trasteorann: Measúnú breisluacha Eorpaigh, PE 740.233, 2023.
(16)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach agus chuig an gComhairle ‘Better Regulation: Delivering better results for a stronger Union’ [Rialáil Níos Fearr: Torthaí níos fearr a bhaint amach le haghaidh Aontas níos láidre], COM(2016) 615 final an 14.9.2016).
(17)    Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir (CUAC), an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID), an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF), an Ciste Slándála Inmheánaí (CSI) agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (BMVI); Féach Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1060/oj).
(18)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa, ‘Borradh a chur faoin bhfás agus faoin gcomhtháthú i réigiúin teorann an Aontais Eorpaigh’ - COM(2017) 534 final, 20.9.2017.
(19)    Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ó ionstraimí maoinithe sheachtraigh (IO L 231, 30.6.2021, lch. 94, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1059/oj).
(20)    Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le grúpáil Eorpach um chomhar críochach (EGTC) (IO L 210, 31.7.2006, lch. 19 - ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1082/oj).
(21)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa, ‘Borradh a chur faoin bhfás agus faoin gcomhtháthú i réigiúin teorann an Aontais Eorpaigh’ - COM(2017) 534 final, 20.9.2017.
(22)    Moladh ón gCoimisiún 2013/461/AE an 17 Meán Fómhair 2013 (IO L 249, 19.9.2013, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2013/461/oj).
(23)    Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56, ELI : http ://data.europa.eu/eli/dir/2019/1024/oj).
Top