EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018PC0381

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le hoibleagáidí tuairiscithe a ailíniú i réimse an bheartais comhshaoil agus lena leasaítear Treoracha 86/278/CEE, 2002/49/CE, 2004/35/CE, 2007/2/CE, 2009/147/CE agus 2010/63/AE, Rialacháin (CE) Uimh. 166/2006 agus (AE) Uimh. 995/2010, agus Rialacháin (CE) Uimh. 338/97 agus (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle

COM/2018/381 final - 2018/0205 (COD)

An Bhruiséil,31.5.2018

COM(2018) 381 final

2018/0205(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le hoibleagáidí tuairiscithe a ailíniú i réimse an bheartais comhshaoil agus lena leasaítear Treoracha 86/278/CEE, 2002/49/CE, 2004/35/CE, 2007/2/CE, 2009/147/CE agus 2010/63/AE, Rialacháin (CE) Uimh. 166/2006 agus (AE) Uimh. 995/2010, agus Rialacháin (CE) Uimh. 338/97 agus (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

I mí an Mheithimh 2017, d’fhoilsigh an Coimisiún meastóireacht chuimsitheach Seiceála Oiriúnachta ar an tuairisciú agus ar an bhfaireachán ar bheartas comhshaoil an Aontais Eorpaigh 1   (‘an mheastóireacht Seiceála Oiriúnachta’)  agus tharraing sé plean gníomhaíochta anuas. Tugadh faoi deara i nGníomh 1 gur trí na forálacha reachtacha ábhartha a leasú is fearr is féidir an tuairisciú a chuíchóiriú. Chun an gníomh sin a chur chun feidhme, is féidir leasuithe reachtacha a ullmhú ceann ar cheann nó iad a ghrúpáil ina dtogra amháin lena leasaítear roinnt píosaí reachtaíochta comhshaoil i ndáil lena bhforálacha tuairiscithe amháin (‘an togra ailíniúcháin’). Ullmhaíodh an togra ailíniúcháin sin ar bhonn na fianaise sa mheastóireacht Seiceála Oiriúnachta agus meastóireachtaí eile a rinneadh le déanaí ar phíosaí aonair reachtaíochta. Is iad cuspóirí an togra ailíniúcháin feabhas a chur ar an mbonn fianaise le haghaidh beartas an Aontais a chur chun feidhme, trédhearcacht a mhéadú don phobal agus an tuairisciú a shimpliú d’fhonn an tualach riaracháin a laghdú.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an togra mar chuid de na gníomhaíochtaí a bhaineann le reachtóireacht níos fearr i réimse an bheartais chomhshaoil. Cuid den mheastóireacht Seiceála Oiriúnachta ba ea comhsheasmhacht na gcineálacha cur chuige atá ann i leith an tuairiscithe comhshaoil agus an fhaireacháin chomhshaoil.

Toradh eile atá ar an togra is ea go rannchuidítear le cuspóir tosaíochta 4, mír 65, den 7ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol 2 a ghnóthú, rud lena gceanglaítear go mbeidh rochtain ag an bpobal ar fhaisnéis shoiléir ar an gcomhshaol ar leibhéal náisiúnta. Chomh maith leis sin, cabhrófar leis an bpobal forléargas a fháil ar a bhfuil ag tarlú i réimse an chomhshaoil san Eoraip ina hiomláine agus cabhrófar le húdaráis phoiblí náisiúnta saincheisteanna trasteorann a láimhseáil. Chuige sin, déantar crostagairt sa togra do cheanglais Threoir 2003/4/CE maidir le rochtain ar fhaisnéis ar an gcomhshaol 3 agus do cheanglais Threoir 2007/2/CE maidir le sonraí spásúla 4 agus áirithítear leis go mbeidh an Treoir comhsheasmhach leis na ceanglais sin.

I gcomhthéacs na meastóireachta Seiceála Oiriúnachta 5 , rinneadh anailís chuimsitheach leathan ar na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar síos i ngach píosa ábhartha reachtaíochta comhshaoil. Féachadh lena linn freisin ar chomhleanúnachas na noibleagáidí atá ann cheana. Mar thoradh air sin, sainaithníodh roinnt píosaí reachtaíochta 6 ina bhféadfaí na hoibleagáidí tuairiscithe a leasú chun iad a chuíchóiriú. Ullmhaíodh an togra chun cur chuige comhsheasmhach a áirithiú ar fud na bpíosaí éagsúla reachtaíochta ar na bealaí seo a leanas, de réir mar is cuí:

·trédhearcacht a mhéadú;

·bonn fianaise a sholáthar le haghaidh meastóireachtaí sa todhchaí;

·an tualach riaracháin a shimpliú agus a laghdú do na Ballstáit agus don Choimisiún.

Tá an togra comhsheasmhach freisin leis an togra ón gCoimisiún le déanaí le haghaidh leasú a dhéanamh ar an Treoir maidir le hUisce Óil 7 , rud ar cuireadh na torthaí ón meastóireacht Seiceála Oiriúnachta san áireamh ann.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Rinneadh anailís ar an gcomhleanúnachas le beartais eile de chuid an Aontais mar chuid den tSeiceáil Oiriúnachta ar an Tuairisciú Comhshaoil agus ar an bhFaireachán Comhshaoil 8 . Maidir le bainistíocht faisnéise a nuachóiriú i gcoitinne, tá an togra ar aon dul leis an Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach agus tá sé ag teacht leis an mbeartas um Reachtóireacht Níos Fearr, e.g. tríd an ualach riaracháin a laghdú.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Ar aon dul leis na píosaí bunaidh reachtaíochta atá á leasú, is iad Airteagail 114, 192(1) agus 207 an bunús dlí don togra seo.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Tá ag an Aontas agus ag na Ballstáit araon an inniúlacht chun an comhshaol a rialáil. Fágann sé sin nach bhféadfaidh an tAontas reachtaíocht a rith ach amháin a mhéid a cheadaítear dó leis na Conarthaí, agus ní mór dó prionsabail an riachtanais, na coimhdeachta agus na comhréireachta a urramú. Is é aidhm an togra an leas is fearr a bhaint as na hoibleagáidí atá ann cheana i reachtaíocht an Aontais maidir le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme, maidir leis an tuairisciú agus maidir le trédhearcacht chun an tualach ar na Ballstáit a laghdú, i measc nithe eile. Mar gheall ar chineál na gníomhaíochta a leagtar amach sa togra ailíniúcháin, ní féidir an méid sin a dhéanamh ach amháin ar leibhéal an Aontais, seachas ar leibhéal náisiúnta. Is é an toradh a bheidh ar an gcur chuige sin go neartófar coimhdeacht agus go dtabharfar rochtain níos éasca do shaoránaigh ar fhaisnéis ar chur chun feidhme.

Comhréireacht

Tá an togra ailíniúcháin ag teacht le fionnachtana na meastóireachtaí a rinneadh le déanaí agus aistrítear ann na fionnachtana sin ina leasuithe reachtacha chun a áirithiú go bhfaighidh an Coimisiún Eorpach an fhaisnéis cheart san fhoirm cheart ag an am ceart. Mar a fuarthas amach sa mheastóireacht Seiceála Oiriúnachta, tá stádas reatha an tuairiscithe éifeachtúil den chuid is mó agus tá an tualach riaracháin measartha agus comhréireach agus tá údar leis (meastar go mbaineann costas EUR 22 mhilliún sa bhliain leis an ualach riaracháin). Maidir leis na tairbhí atá i gceist, amhail cur chun feidhme feabhsaithe agus faisnéis níos fearr don phobal, is mó i bhfad iad ná na costais. Meastar go mbainfear gnóthachain éifeachtúlachta amach tríd an bpróiseas a chuíchóiriú ar bhealach níos leithne agus níos straitéisí ar mhaithe le hualaí a shimpliú agus a laghdú. Tá an togra comhréireach toisc go simplítear leis an tuairisciú i réimsí ina bhfuil an méid sin fiúntach, toisc go neartaítear leis trédhearcacht agus faisnéis don phobal i réimsí a raibh na nithe sin lag iontu roimhe seo agus/nó toisc go méadaítear leis an bonn fianaise i réimsí inar cruthaíodh nach leor an bonn fianaise le haghaidh meastóireacht a dhéanamh i gcomhréir leis na Treoirlínte maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

An rogha ionstraime

Is é Rialachán an ionstraim dlí a roghnaítear.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Tá an togra seo bunaithe ar thoradh na meastóireachta Seiceála Oiriúnachta a rinneadh ar an tuairisciú agus ar an bhfaireachán ar bheartas comhshaoil an Aontais 9 . Cumhdaíodh sa mheastóireacht sin 181 oibleagáid tuairiscithe a fhaightear i 58 bpíosa reachtaíochta comhshaoil de chuid an Aontais. Cé go gceanglaítear go soláthrófar faisnéis uimhriúil agus gheospásúil iontu, soláthraítear a bhformhór i bhformáid téacs, atá ar an bhformáid is deacra le tuairisciú, le struchtúrú agus le hanailísiú inti. Tá éagsúlacht ann maidir le minicíocht an tuairiscithe. Ceanglaítear geall lena leath a chur isteach gach dhá bhliain nó níos mó, agus is as thart ar a leath a ullmhaíonn an Coimisiún tuarascáil lena cur chuig na hinstitiúidí eile de chuid an Aontais. Tá éagsúlacht ann freisin maidir leis na próisis a úsáidtear, ach is cosúil gurb éifeachtaí iad nuair a phróiseálann an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil na sonraí. Fuarthas amach go bhféadfaí feabhsuithe a dhéanamh maidir le roinnt saincheisteanna leathana (amhail na próisis i ngach Ballstát a chuíchóiriú chun go mbeidh siad níos cosúla lena chéile) agus maidir le píosaí sonracha reachtaíochta. Tugadh sna meastóireachtaí aonair orthu seo tuilleadh faisnéise níos mionsonraithe ar na hoibleagáidí tuairiscithe atá sna píosaí reachtaíochta lena mbaineann:

·Treoir 2002/49/CE (an Treoir maidir le Torann Timpeallachta) 10 ;

·Treoir 2004/35/CE (an Treoir maidir le Dliteanas Comhshaoil) 11 ;

·Treoir 2007/2/CE (Treoir INSPIRE) — Bonneagar d’fhaisnéis spásúil 12 ;

·Treoir 2009/147/CE agus Treoir 92/43/CEE (i.e. an Treoir maidir le hÉin agus an Treoir maidir le Gnáthóga) 13 ;

·Treoir 2010/63/CE (an Treoir maidir le Tástáil Ainmhithe) 14 ;

·Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 (an Rialachán maidir le Clár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán (E-PRTR)) 15 .

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Áiríodh leis an meastóireacht Seiceála Oiriúnachta raon leathan gníomhaíochtaí comhairliúcháin, amhail comhairliúchán poiblí 16 inar chuir daoine den phobal, údaráis phoiblí, gnólachtaí agus eagraíochtaí neamhrialtasacha ar fud an Aontais freagraí isteach. Bhí na Ballstáit an-ghníomhach ar fud an phróisis agus thacaigh siad leis na cuspóirí a bhaineann leis an tuairisciú a chuíchóiriú agus a shimpliú. Fuarthas rannchuidiú suntasach ón tionscadal Make It Work 17 freisin, ar tionscnamh sonrach atá faoi stiúir ag na Ballstáit é. Rinne Coiste na Réigiún Tuairim a ullmhú agus a ghlacadh an 7 Aibreán 2016, rud inar iarradh ar an gCoimisiún gnóthachain éifeachtúlachta a iniúchadh agus dul i ngleic leis an ualach riaracháin neamhriachtanach ar an bhfaireachán comhshaoil agus ar an tuairisciú comhshaoil, go háirithe trí uirlisí tuairiscithe a uathoibriú agus trí fhéachaint ar na sineirgí atá ann idir oibleagáidí tuairiscithe ó ionstraimí difriúla 18 . Chomh maith leis sin, d’eagraigh an Coimisiún roinnt imeachtaí chun an tuairisciú comhshaoil a phlé le páirtithe leasmhara, lenar áiríodh eagraíochtaí neamhrialtasacha, gnólachtaí agus údaráis phoiblí, i mí na Samhna 2015, i mí Aibreáin 2016, i mí Mheán Fómhair 2016 agus i mí na Nollag 2016. Léiríodh sna comhairliúcháin sin gurbh amhlaidh, i dtaca le prionsabail agus cuspóirí an tuairiscithe, gur mheas na freagróirí gurb é an prionsabal is tábhachtaí díobh gur cheart an fhaisnéis a bhailiú uair amháin sa tuairisciú agus í a chomhroinnt ansin chun cuid mhór críoch éagsúil, nuair is féidir. Maidir le cé acu ba cheart nó nár cheart ‘oibleagáidí tuairiscithe a leagan síos i reachtaíocht aonair’, chuir formhór na ngrúpaí páirtithe leasmhara uile, i.e. eagraíochtaí neamhrialtasacha (56 %), údaráis phoiblí (75 %), daoine den phobal (85 %), gnólachtaí (75 %), in iúl gur cheart oibleagáidí a leagan síos. Maidir leis an leibhéal rialachais is cuí le haghaidh na próisis tuairiscithe a chomhchuibhiú, meastar gur fearr déanamh amhlaidh ar leibhéal an Aontais. Tríd is tríd, mheas na freagróirí go bhfuil acmhainneacht shuntasach ag córais teicneolaíochta faisnéise tacú le próisis tuairiscithe a chuíchóiriú agus an tualach riaracháin a laghdú 19 . Ba trí na grúpaí téamacha éagsúla a bhíonn ag plé leis na hoibleagáidí tuairiscithe sonracha a chomhlíonadh a rinneadh an comhairliúchán le saineolaithe na mBallstát. Tríd is tríd, bhí na saineolaithe sin i bhfách leis na nithe sonracha a bheartaítear a dhéanamh ina réimse féin. Chuaigh roinnt réimsí téamacha i mbun tionscnaimh réamhghníomhacha cheana féin chun an tuairisciú a chuíchóiriú thar a bhfuil sa reachtaíocht leasaitheach (e.g. clár suiteálacha tionsclaíocha a fhorbairt faoin Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha, rud a théann chun tairbhe do chuid mhór réimsí tuairiscithe eile).

Toisc gurb amhlaidh, le linn na ngníomhaíochtaí comhairliúcháin sin, gur cumhdaíodh na saincheisteanna ábhartha uile, ní raibh aon údar ann le tuilleadh comhairliúchán poiblí ar líne a dhéanamh ar shonraí an togra reatha. Rinneadh comhairliúcháin spriocdhírithe leis na saineolaithe a bhíonn ag plé leis na píosaí éagsúla reachtaíochta, áfach, roimh an togra seo a ghlacadh.

Bailiú agus úsáid saineolais

Neamhbhainteach.

Measúnú tionchair

Ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair toisc gur trí na meastóireachtaí thuasluaite a bailíodh an chuid is mó den fhianaise.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Ós rud é gur faoi Chlár an Choimisiúin um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála ( REFIT ) a thagann an togra seo le haghaidh roinnt píosaí reachtaíochta atá ann cheana a leasú, d’fhéach an Coimisiún ar na deiseanna atá ann ualaí a shimpliú agus a laghdú. Léirítear san anailís go bhféadfaí feabhsuithe próisis a bhaint amach maidir leis an tuairisciú sa réimse seo. A bhuí leis na feabhsuithe sin, laghdófar na costais a bhíonn i gceist nó méadófar na tairbhí a bhaintear amach, go háirithe trí na próisis is éifeachtúla a chur i bhfeidhm ar bhonn níos leithne agus trí úsáid mhéadaithe a bhaint as uirlisí agus teimpléid leictreonacha. Cé go bhféadfadh go mbeadh infheistíocht tosaigh ag teastáil ina leith sin, d’fhritháireofaí an infheistíocht sin sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Mar thoradh ar an easpa sonraí atá ann, mar a mhínítear sa mheastóireacht Seiceála Oiriúnachta ar an tuairisciú 20 , níor cainníochtaíodh na costais mhionsonraithe agus na tairbhí mionsonraithe a thiocfadh as na bearta simplithe a bheartaítear. In Iarscríbhinn 9 a ghabhann leis an tuarascáil tionscadail deiridh dar teideal ‘Tacaíocht don tSeiceáil Oiriúnachta ar na hoibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe a eascraíonn as reachtaíocht chomhshaoil an Aontais’ 21 , áfach, féachadh ar na tairbhí a bhaineann le hoibleagáidí tuairiscithe comhshaoil an Aontais a chuíchóiriú i ndáil le roinnt tionscnamh cuíchóirithe a bhí ar siúl le déanaí nó atá ar siúl go fóill thar an tréimhse 2012-2020. Táthar ag súil gur as sin a thiocfaidh laghdú ar an ualach a bhaineann leis na hoibleagáidí tuairiscithe faoi reachtaíocht chomhshaoil an Aontais. Ní rabhthas in ann tairbhí uile na laghduithe ar ualaí a chainníochtú i dtéarmaí airgeadais. Bunaithe ar na figiúirí atá ar fáil, áfach, measadh sa tionscadal 22 gurbh amhlaidh, mar thoradh ar na hathruithe sin ar fad, go mbeadh laghdú idir EUR 1.4 milliún agus EUR 2.0 mhilliún ar a laghad ann ar na hualaí riaracháin bliantúla ar na Ballstáit ar fud Aontas an 28. Mar sin, meastar gur dócha go dtiocfaidh laghdú den chineál céanna ar ualaí as an togra seo.

Na saincheisteanna a dtugtar aghaidh orthu sa togra:

·ní soiléir a thuilleadh atá an ábharthacht a bhaineann le hoibleagáidí tuairiscithe áirithe agus an gá atá leis na hoibleagáidí sin;

·ní fhreastalaíonn uainiú agus minicíocht na noibleagáidí tuairiscithe ar mhór-riachtanais an timthrialla beartais;

·rochtain ar fhaisnéis a leathnú agus faisnéis a chomhroinnt leis an bpobal;

·ní follasach soiléir i ngach cás a bhíonn róil an Choimisiúin agus na ngníomhaireachtaí Eorpacha;

·an tábhar, an tuainiú agus na nósanna imeachta a ailíniú leis an timthriall meastóireachta faoin gclár oibre maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

Dá bhrí sin, ba chun críche oiriúnachta agus simplithe rialála a dearadh an togra.

Cearta bunúsacha

D’fhéadfadh na córais faisnéise lena dtacaítear le tuairisciú níos fearr dul i bhfeidhm ar chearta difriúla faoin gCairt, amhail an ceart chun dea-riaracháin agus an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil (Airteagail 41 agus 47). Níor cheart aon ní sa togra seo a léiriú ná a chur chun feidhme ar bhealach nach bhfuil ag teacht leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Neamhbhainteach.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Ullmhaíodh plean mionsonraithe cur chun feidhme ar mhaithe le cur chun feidhme na leasuithe a bheartaítear a éascú. Tarraingítear aird ann ar na príomhfhadhbanna agus ar na príomhdhúshláin atá ann agus ar na gníomhaíochtaí sonracha a bheartaítear chun aghaidh a thabhairt orthu.

Ní bheartaítear aon fhaireachán sonrach a dhéanamh don togra seo, toisc go moltar ann sraith leasuithe ar phíosaí éagsúla reachtaíochta agus toisc go bhfuiltear ag súil leis go ndéanfar meastóireacht ar na forálacha nua faoi chuimsiú na ngníomhartha dlí aonair arna leasú.



Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Tábla 1. Forléargas ar na gníomhartha agus na topaicí a chumhdaítear leis an togra le haghaidh Rialacháin

Na gníomhartha dlí a chumhdaítear

Trédhearcacht agus coimhdeacht a fheabhsú

Deireadh a chur leis an tuairisciú/é a shimpliú

Uainiú an tuairiscithe a ailíniú

Forléargais ar an Aontas ina iomláine a shimpliú/ról na nInstitiúidí a shoiléiriú

Ullmhú le haghaidh meastóireachtaí sa todhchaí

1) Treoir 86/278/CEE (an Treoir maidir le Sloda Séarachais)

ü

ü

2) Treoir 2002/49/CE (an Treoir maidir le Torann)

ü

ü

ü

ü

3) Treoir 2004/35/CE (an Treoir maidir le Dliteanas Comhshaoil)

ü

ü

4) Treoir 2007/2/CE (Treoir INSPIRE)

ü

ü

ü

ü

5) Treoir 2009/147/CE (an Treoir maidir le hÉin)

ü

6) Treoir 2010/63/CE (an Treoir maidir le Tástáil Ainmhithe)

ü

ü

ü

ü

7) Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 (Rialachán E-PRTR)

ü

ü

ü

ü

8) Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 (Rialachán Adhmaid an Aontais Eorpaigh (EUTR))

ü

ü

ü

ü

9) Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle (Rialachán CITES)

ü

10) Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle (Rialachán FLEGT)

ü

ü

ü

ü

An líon gníomhartha a chumhdaítear

8

7

3

8

5


·Míniúcháin ar na téarmaí ginearálta a úsáidtear i dTábla 1

Trédhearcacht agus coimhdeacht a fheabhsú in 8 ngníomh dlí:

I gcomhthéacs an togra seo, ciallaíonn sé sin trédhearcacht a fheabhsú agus deis a thabhairt don phobal faisnéis ar an gcomhshaol a rochtain ar bhealach atá níos áisiúla don úsáideoir, ar aon dul le ceanglais Threoir 2007/2/AE agus Threoir 2003/4/CE, ceanglais i dtaca le rochtain phoiblí, agus díolúintí féideartha atá bunaithe ar rúndacht agus cosaint sonraí pearsanta (féach Airteagal 4(1) agus (2) de Threoir 2003/4/CE go háirithe). Is é an toradh a bheidh ar thrédhearcacht mhéadaithe go bhfreastalófar níos fearr ar institiúidí an Aontais Eorpaigh, na Ballstáit, daoine den phobal agus páirtithe leasmhara eile. Beidh tionchar aici sin ar choimhdeacht freisin toisc go gcumasófar do na Ballstáit faisnéis a sholáthar go díreach do dhaoine den phobal ar chur chun feidhme reachtaíocht chomhshaoil an Aontais, agus déanamh amhlaidh ar bhealaí eile seachas trí chórais chomhroinnte faisnéise ar leibhéal an Aontais ina naonar, mar atá an scéal faoi láthair. Leis an gcomparáid sonraí ar leibhéal an Aontais, cuirtear leis an bhfaisnéis a fhoilsíonn na Ballstáit, rud a threisíonn coimhdeacht agus cuntasacht ar leibhéal náisiúnta.

Deireadh a chur leis an tuairisciú/é a shimpliú i 7 ngníomh dlí:

Chun an tualach riaracháin a laghdú le linn tuilleadh faisnéise a chur ar fáil don phobal, agus ar bhonn na bhfionnachtana sa mheastóireacht Seiceála Oiriúnachta, bheadh sé ina chabhair dá laghdófaí méid an tuairiscithe théacsúil chun go laghdófaí moilleanna ar fhaisnéis a phróiseáil. I roinnt cásanna, bhainfí tairbhe as deireadh a chur leis an bpróiseas um fhaisnéis théacsúil a thuairisciú nó an próiseas a shimpliú agus as díriú a chur ar an rochtain phoiblí ar fhaisnéis a fheabhsú.

Uainiú an tuairiscithe a ailíniú i 3 ghníomh dlí:

I roinnt cásanna, bunaíodh na sásraí tuairiscithe gan na ceanglais dhifriúla a ailíniú laistigh den aon ghníomh dlí amháin nó idir gníomhartha difriúla dlí. Chabhrófaí leis an ualach riaracháin a laghdú dá nailíneofaí dátaí agus uainiú na sruthanna difriúla tuairiscithe sin. Dá mba rud é go laghdófaí an mhinicíocht nó go dtabharfaí níos mó ama do na Ballstáit idir na céimeanna difriúla tuairiscithe, mhaolófaí an tualach riaracháin agus/nó d’fheabhsófaí a éifeachtaí atá an próiseas freisin.

Forléargais ar an Aontas ina iomláine a shimpliú/ról na nInstitiúidí a shoiléiriú in 8 ngníomh dlí:

Tá roinnt sruthanna tuairiscithe ann faoi láthair faoi acquis an chomhshaoil. Mar thoradh air sin, ba cheart soiléiriú a thabhairt ar na róil a chomhlíonann an Coimisiún agus, i roinnt cásanna, an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil cheana féin sna próisis tuairiscithe faoi seach. Beidh sé níos simplí forléargas rialta a sholáthar ar fhaisnéis fhíorasach ar chur chun feidhme na reachtaíochta agus staid an chomhshaoil san Aontas má fhoilsítear faisnéis atá cothrom le dáta trí theicneolaíocht faisnéise nua-aimseartha a úsáid (e.g. trí leathanaigh Ghréasáin) in ionad tuarascálacha páipéarbhunaithe arna nglacadh ag an gCoimisiún a ullmhú. Ina ionad sin, ba cheart ról foirmiúil an Choimisiúin a dhíriú ar mheastóireachtaí a dhéanamh nuair is iomchuí (féach thíos). Na cúraimí a bheartaítear a leagan síos sa reachtaíocht, ní bheidh aon tionchar acu ar an mbuiséad don Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil i dtaca le cúraimí a chomhlíonann an Ghníomhaireacht i réimsí eile amhail an beartas aeráide. Ní ath-leithdháilfear ar na cúraimí a leagtar amach sa togra na hacmhainní i leith obair na Gníomhaireachta i réimsí eile amhail gníomhú ar son na haeráide. I gcás píosaí eile reachtaíochta nach gcumhdaítear faoi láthair, is tar éis an mheastóireacht atá ar siúl faoi láthair a thabhairt chun críche a thabharfar aghaidh ar ról na Gníomhaireachta agus ar na hacmhainní a sholáthrófar di i dtaca le tacú leis an gCoimisiún tuairisciú comhshaoil a dhéanamh.

Ullmhú le haghaidh meastóireachtaí sa todhchaí i 5 ghníomh dlí:

Ar aon dul leis na Treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr, ba cheart meastóireacht rialta a dhéanamh ar fheidhmiú an acquis sa réimse seo. Chun go mbeadh faisnéis aige ar chur chun feidhme reachtaíocht an Aontais sa réimse seo agus ar chomhlíonadh chuspóirí na reachtaíochta, ba cheart don Choimisiún meastóireachtaí a dhéanamh agus iarraidh ar na Ballstáit an fhaisnéis riachtanach a sholáthar le haghaidh na meastóireachtaí sin.

·Míniúcháin ar an ngá le reachtaíocht a leasú sa togra seo

Treoir 86/278/CEE

Is gá leasú a dhéanamh ar na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar síos in Airteagail 10 agus 17 de Threoir 86/278/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1986 maidir le cosaint an chomhshaoil, agus go háirithe cosaint na hithreach, agus sloda séarachais á úsáid sa talmhaíocht. Cé gur cheart do na Ballstáit leanúint leis na sonraí ábhartha a bhailiú agus a fhoilsiú gach bliain, ba cheart an oibleagáid atá ann tuairisciú don Choimisiún a shimpliú. Ag an am céanna, ba cheart ceangal a chur ar na Ballstáit leibhéal níos airde trédhearcachta a áirithiú, trína gcuirfear an fhaisnéis ábhartha ar fáil ar bhealach sorochtana, is é sin, go leictreonach, ar aon dul le ceanglais Threoir 2003/4/CE agus Threoir 2007/2/CE, go háirithe maidir le rochtain phoiblí, comhroinnt sonraí agus seirbhísí.

Treoir 2002/49/CE

Beartaítear roinnt leasuithe a dhéanamh ar na forálacha tuairiscithe agus faireacháin faoi Threoir 2002/49/CE 23 , bunaithe ar an toradh ar na meastóireachtaí a rinneadh le déanaí 24 , an dara tuarascáil ar chur chun feidhme 25 , na ceanglais faoi Airteagal 11(4) den Treoir í féin, agus an gá atá ann le forálacha Threoir 2002/49/CE a ailíniú le ceanglais Threoir 2007/2/CE 26 .

Le linn na meastóireachta, mhol ionadaithe ó údaráis inniúla na mBallstát go bhfadófaí, ó bhliain amháin go dhá bhliain, an tréimhse ama idir an tuairisciú ar mhapáil torainn agus an tuairisciú ar phleananna gníomhaíochta. Dá ndéanfaí an coigeartú sin, chabhrófaí leis na Ballstáit a bpleananna gníomhaíochta a ullmhú ar bhealach níos fearr, ar pleananna iad nach mór a bheith bunaithe ar na mapaí torainn, agus dul i gcomhairle leis an bpobal ina leith go héifeachtach, mar a cheanglaítear leis an Treoir.

Ní thugtar le fios san aiseolas a fuarthas mar chuid den mheastóireacht gurb ionann próiseas an tuairiscithe é féin agus ualach suntasach riaracháin, toisc go bhfuil sé i gceist leis go príomha doiciméid atá ann cheana (mapaí torainn agus pleananna gníomhaíochta) a sheoladh go leictreonach chuig an gCoimisiún. Maidir leis an sásra tuairiscithe é féin, bainistíonn an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil é agus baineann geall le gach ceann de na Ballstáit úsáid as chun faisnéis a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Trí na sásraí tuairiscithe a dhéanamh éigeantach do na Ballstáit, cuirfear ar chumas an Choimisiúin agus na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil, a mheasúnaíonn na sonraí don Choimisiún, forléargas níos fearr agus níos tapa a ghnóthú ar neamhchosaint daoine san Aontas ar thorann, rud a shábhálfaidh am agus a laghdóidh obair neamhriachtanach riaracháin. Cabhróidh sé sin le cuspóirí na Treorach a ghnóthú. Maidir leis an gcumhacht chun sonraíochtaí teicniúla mionsonraithe a dhéanamh ar an modheolaíocht atá le leanúint agus na sonraí á dtuairisciú, tarmligtear chuig an gCoimisiún í agus is leis an nós imeachta coiste a ghlacfar í.

Ceanglaítear le Treoir 2007/2/AE gur féidir sonraí geospásúla atá ábhartha do thorann agus a bhfuil airí geospásúil acu a aimsiú agus go gcuirtear ar fáil iad trí sheirbhísí meiteashonraí agus líonraí ar gheothairseacha náisiúnta. Ag an am céanna, ceanglaítear le Treoir 2002/49/CE go gcuirtear sonraí ar fáil don phobal. Leis na hathruithe a bheartaítear, soiléirítear an oibleagáid atá ann sonraí faoi gheothairseacha náisiúnta a fhoilsiú, rud a áiritheoidh ailíniú an dá Threoir.

Treoir 2004/35/CE

Fuarthas amach i meastóireacht REFIT a rinneadh ar an Treoir 27 go bhféadfaí an fháil ar fhaisnéis a fheabhsú tuilleadh, go háirithe maidir le heochairshonraí áirithe a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar an gcomhshaol agus sláinte an duine. Mar thoradh air sin:

·thabharfaí eolas don phobal ar chásanna ina ndéantar damáiste don chomhshaol, go háirithe nuair is dóigh do na cásanna sin dul i bhfeidhm ar dhaoine;

·chuirfí ar chumas oibreoirí agus údarás an ghníomhaíocht choisctheach agus feabhais a theastaíonn sna cásanna sin a dhéanamh; agus

·thabharfaí don Choimisiún an bonn fianaise a theastaíonn chun go mbeifí in ann meastóireacht chuí a dhéanamh ar chuspóir agus feidhmíocht na Treorach.

Chun an tualach riaracháin a íoslaghdú, ba cheart díriú a leagan ar an bhfáil leictreonach nó ar líne ar fhaisnéis a áirithiú agus ar a áirithiú freisin go mbeidh an fhaisnéis ag comhlíonadh chaighdeáin ábhartha an Aontais agus go mbeidh sí éasca le húsáid, ar chaighdeán leordhóthanach agus inchomparáide. Agus an méid sin á dhéanamh, ba cheart go mbeadh faisnéis ar an gcomhshaol a bhfuil rochtain phoiblí uirthi ag comhlíonadh cheanglais Threoir 2007/2/CE, go háirithe i dtaca le seirbhísí agus inrochtaineacht sonraí don phobal agus do na húdaráis.

Treoir 2007/2/CE

Ba sa bhliain 2016 a rinneadh cur i gcrích ar an tuarascáil ón gCoimisiún ar chur chun feidhme Threoir INSPIRE chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa agus meastóireacht REFIT 28 . Moladh sa tuarascáil ar chur chun feidhme go ndéanfadh an Coimisiún athbhreithniú ar na rialacha faoi Threoir 2007/2/CE, agus go bhféadfadh go ndéanfadh sé leasú orthu. Chun cur chun feidhme na Treorach a shimpliú agus an tualach riaracháin a bhaineann le faireachán ag na Ballstáit a laghdú, cuirfear deireadh leis an oibleagáid atá ann tuairisciú gach trí bliana agus ní choinneofar ach an ceanglas faireacháin atá bunaithe ar tháscairí faireacháin arna ríomh go díreach ó mheiteashonraí na dtacar sonraí spásúla agus na seirbhísí sonraí sásúla atá le soláthar ag na Ballstáit, mar a leagtar síos le Treoir 2007/2/CE. Cabhróidh sé sin lena áirithiú gur níos cothroime le dáta a bheidh an fhaisnéis ar chur chun feidhme agus go mbeidh sí ar fáil don phobal ar bhealach trédhearcach. Ó thaobh na praiticiúlachta de, iarrfar ar na Ballstáit an teolas is deireanaí a thabhairt gach bliain, más gá, ar an bhfaisnéis atá sonrach don tír a fhoilsíonn an Coimisiún cheana féin 29 . Soláthróidh an Coimisiún uirlisí simplí agus nósanna imeachta do na Ballstáit chun go mbeidh siad in ann an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta.

Ós rud é go mbeartaítear go dtabharfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil forléargas bliantúil, níl aon ghá breise ann le tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa a ullmhú toisc go mbeidh an fhaisnéis ábhartha ar fáil go poiblí ar líne agus go dtabharfar cothrom le dáta í ar bhonn bliantúil. Dá bhrí sin, cuirfear deireadh leis an oibleagáid tuairiscithe. De bhreis air sin, moltar go ndéanfadh an Coimisiún meastóireacht rialta atá bunaithe ar na táscairí faireacháin, ar aon dul leis na Treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr, in ionad tuarascáil ar chur chun feidhme a ullmhú.

Treoir 2009/147/CE

Ba sa bhliain 2016 a rinneadh cur i gcrích ar Sheiceáil Oiriúnachta ar Reachtaíocht Dúlra an Aontais, inar cumhdaíodh Treoracha 2009/147/CE 30 agus 92/43/CEE 31 . 32 Thángthas ar an gconclúid inti go gceanglaítear timthriall tuairiscithe trí bliana faoin Treoir maidir le hÉin, cé gurb amhlaidh sa chleachtas gur lean an tuairisciú timthriall tuairiscithe sé bliana, mar a cheanglaítear faoin Treoir maidir le Gnáthóga, agus príomhdhíriú den chineál céanna á leagan ar fhaisnéis atá cothrom le dáta a thabhairt ar stádas agus treochtaí speiceas. Tá an gá leis an dá Threoir a chur chun feidhme ar bhealach níos cuíchóirithe ina údar leis an ngá leis an reachtaíocht a oiriúnú chun go mbeidh sí ag teacht níos fearr leis an gcleachtas atá i bhfeidhm sna Ballstáit. Chomh maith leis sin, cabhróidh sé sin leis na tuarascálacha ar chur i bhfeidhm na dTreoracha a chuireann na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin gach sé bliana a ullmhú. De réir an struchtúir thuairiscithe atáthar ag úsáid faoi láthair, ceanglaítear ar na Ballstáit sonraí ábhartha a thabhairt sa tuarascáil, ar sonraí iad atá riachtanach le haghaidh an dul chun cinn ar an gcur chun feidhme a mheasúnú. Ní mór tuairisc a thabhairt go háirithe ar fhaisnéis ar stádas agus treochtaí speiceas éan fiáin, ar na bagairtí agus na brúnna atá orthu, ar na bearta caomhnaithe a rinneadh ina leith agus ar an rannchuidiú a rinne líonra na Limistéar faoi Chosaint Speisialta le cuspóirí na Treorach.

Treoir 2010/63/AE

Is é aidhm na noibleagáidí reatha maidir le trédhearcacht agus tuairisciú faoi Threoir 2010/63/AE 33 feabhas a chur ar an tuiscint ar na cúiseanna le hainmhithe beo a úsáid chun críoch taighde, tástála agus oideachasúil, agus ar a luachmhaire atá an úsáid sin, agus cabhrú le measúnú níos oibiachtúla a dhéanamh ar an dochar iarbhír a dhéantar do leas na nainmhithe. Áirítear leis na hoibleagáidí sin faisnéis a bhailiú ar chur chun feidhme na Treorach, sonraí staidrimh, díolúintí i leith modhanna maraithe, agus go háirithe achoimrí ar thionscadail neamhtheicniúla a fhoilsiú ar thionscadail údaraithe a núsáidtear ainmhithe beo iontu.

Ceanglaítear ar na Ballstáit measúnú siarghabhálach a dhéanamh freisin ar thionscadail áirithe chun na gcríoch seo:

·a dhéanamh amach cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh gur chumasaigh an úsáid ainmhithe gnóthú na gcuspóirí a socraíodh don tionscadal;

·an dochar iarbhír a dhéantar d’ainmhithe a mheas; agus

·sainaithint a dhéanamh ar aon eilimintí a fhéadann cur tuilleadh le cur chun feidhme an cheanglais um úsáid ainmhithe a ionadú, a laghdú agus a bheachtú.

Féadfaidh na Ballstáit torthaí na measúnuithe siarghabhálacha tionscadail sin a fhoilsiú.

Mar sin féin, ní cheanglaíonn trian amháin de na Ballstáit faoi láthair go gcuirtear na torthaí sin le hachoimrí ar thionscadail neamhtheicniúla. Cuireann sé sin bac mór ar rochtain níos leithne a thabhairt don phobal eolaíoch, an pobal i gcoitinne agus an lucht déanta beartas ar fhaisnéis riachtanach ar na buntáistí iarbhír, na torthaí taighde agus an dochar a eascraíonn as ainmhithe beo a úsáid. Rud eile de, d’fhéadfadh, toisc scaipeadh córasach a bheith in easnamh, go moilleofaí an glacadh le bealaí nua chun ionadú, laghdú agus beachtú a chur chun feidhme, rud a thiocfadh salach ar an gcúis leis an oibleagáid atá ann measúnuithe siarghabhálacha a dhéanamh.

Léiríodh na saincheisteanna sin freisin sa tuarascáil ón gCoimisiún ar an Treoir, a foilsíodh an 8 Samhain 2017 34 , áit a ndearnadh moltaí sonracha maidir le trédhearcacht agus achoimrí ar thionscadail neamhtheicniúla sa doiciméad inmheánach oibre a bhí ag gabháil leis 35 , go háirithe na moltaí seo a leanas:

41. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfoilseofar achoimrí ar thionscadail neamhtheicniúla go pras.

43. Ba cheart don Choimisiún, na Ballstáit agus páirtithe leasmhara iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht a bhaineann le stór lárnach de na hachoimrí ar thionscadail neamhtheicniúla go léir a bhunú ar leibhéal an Aontais (nó rochtain réidh inchuardaithe orthu sin a thabhairt), agus aird á tabhairt ar cheanglais dhlíthiúla agus ar shrianta teangeolaíocha.

Tá oibleagáid bhliantúil ann sonraí staidrimh náisiúnta a fhoilsiú faoi ainmhithe beo a úsáid agus na sonraí sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ní mór tuarascálacha ar chur chun feidhme a chur faoi bhráid an Choimisiúin gach 5 bliana. Ba cheart na tuarascálacha sin a chur ar fáil ar leibhéal an Aontais ar bhealach níos tapa, agus úsáid á baint as uirlisí leictreonacha agus bunachair sonraí atá inrochtana agus inchuardaithe go lárnach.

Áirítear leis na hoibleagáidí atá ar an gCoimisiún tuarascáil staidrimh fhoirmiúil a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle gach 3 bliana agus tuairisc a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle gach 5 bliana, bunaithe ar na tuarascálacha ar chur chun feidhme ó na Ballstáit. Ba cheart na hoibleagáidí sin a ionadú trí shonraí a chur isteach go leictreonach chuig stórtha lárnacha sonraí. Ba cheart na sonraí staidrimh sin a thabhairt cothrom le dáta gach bliain, ag teacht in ionad an cheanglais dhocht reatha atá ann sonraí atá suas le 5 bliana d’aois a thuairisciú.

Rialachán (CE) Uimh. 166/2006

Ní mór na hoibleagáidí tuairiscithe i Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 36 a leasú chun na hoibleagáidí tuairiscithe sa réimse seo a chuíchóiriú agus a shimpliú agus an cuspóir um rialáil níos fearr a shaothrú, 37 agus is mar a leanas atá na hathruithe atá ag teastáil ina leith:

·Ní mór na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar síos in Airteagal 7 a athrú trí dheireadh a chur leis an tagairt don fhormáid tuairiscithe in Iarscríbhinn III agus, ina hionad sin, cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun an fhormáid sin a shocrú trí ghníomhartha cur chun feidhme (nós imeachta coiste) a dhéanamh agus chun Iarscríbhinn III a aisghairm dá réir. Chuirfeadh sé sin feabhas ar an gcomhleanúnachas leis an tuairisciú faoi Threoir 2010/75/AE maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha 38 , rud lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí céanna, beagnach. Is é an toradh a bheidh air sin go néascófar cur chuige níos cuíchóirithe agus idir-inoibritheacht mhéadaithe na sonraí arna mbailiú faoi Threoir 2010/75/AE agus faoi Rialachán (CE) Uimh. 166/2006, ar aon dul le forálacha Threoir 2007/2/CE. Toradh eile a bheidh air is ea go mbeifear in ann uirlisí tuairiscithe leictreonaigh níos éifeachtúla agus níos comhsheasmhaí a fhorbairt agus a úsáid, ar uirlisí iad a fhorbrófar agus a choimeádfar le cúnamh ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil.

·Ba cheart na hoibleagáidí sonracha tuairiscithe ar na Ballstáit in Airteagal 16 agus an oibleagáid tuairiscithe chomhfhreagrach ar an gCoimisiún in Airteagal 17 a aisghairm freisin, toisc nach bhfuil ach beagán luacha ag baint leis an bhfaisnéis dá dtagraítear agus/nó nach bhfreastalaíonn an fhaisnéis ar riachtanais bheartais. Sheachnófaí ualach iomarcach riaracháin mar thoradh air sin.

·An comhleanúnachas leis na hoibleagáidí tuairiscithe ar shaoráidí den chineál eile faoi phíosaí eile de dhlí an Aontais (e.g. Treoir 2010/75/AE maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha agus Treoir 2012/18/AE maidir le rialú guaiseacha mórthionóiscí a bhaineann le substaintí contúirteacha), ní mór é a fheabhsú trí leasú a dhéanamh ar Airteagal 11 maidir le rúndacht chun a shoiléiriú nach mór faisnéis rúnda a thuairisciú don Choimisiún freisin agus nach bhfoilseofar go poiblí í.

Rialachán (AE) Uimh. 995/2010

Chun rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar chur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 39 a fheabhsú agus a éascú, ba cheart na sonraí a sholáthraíonn na Ballstáit faoi chur chun feidhme an Rialacháin a chur ar fáil go poiblí trí fhorléargas ar an Aontas ina iomláine a mbainisteoidh an Coimisiún é. Leis an togra seo, athraítear an mhinicíocht nach mór sonraí a sholáthar faoi chur chun feidhme an Rialacháin chun go dtabharfar cothrom le dáta iad gach bliain le haghaidh an bhliain féilire roimhe a chumhdach, ar aon dul le Rialachán FLEGT. Fágfaidh sé sin go mbeidh na sonraí inchomparáide le tacair sonraí eile atá ar fáil, amhail na tacair sonraí sin lena soláthraítear faisnéis ar an trádáil adhmaid idir tíortha san Aontas agus tíortha nach bhfuil san Aontas. Le cabhair ón gCoiste a bhunófar faoi Airteagal 18 den Rialachán, tabharfar cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún chun an fhormáid riachtanach agus an nós imeachta riachtanach a shocrú trína gcuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil i gcomhréir leis an Rialachán. Foráiltear leis an togra freisin go bhfoilseoidh an Coimisiún forléargais bhliantúla ar an Aontas ina iomláine ar chur chun feidhme an Rialacháin. Tabharfaidh an Coimisiún tuairisciú foirmiúil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle uair amháin ar a laghad gach 6 bliana, agus tuairisc á tabhairt aige ar thorthaí an athbhreithnithe rialta ar fheidhmiú agus éifeachtacht an Rialacháin.

Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle

Le Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle, cuirtear chun feidhme i ndlí an Aontais forálacha an Choinbhinsiúin maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (‘Coinbhinsiún CITES’), ar páirtithe ann iad an tAontas agus gach Ballstát den Aontas. In Airteagal VIII(7), foráiltear le Coinbhinsiún CITES nach mór do na páirtithe sa Choinbhinsiún tuairisc a thabhairt gach bliain ar thrádáil i speicis atá liostaithe ag CITES agus nach mór dóibh tuairisc a thabhairt gach dhá bhliain ar roinnt beart a rinneadh chun Coinbhinsiún CITES a chur chun feidhme (‘tuarascálacha ar chur chun feidhme’). Cuireadh na forálacha sin chun feidhme i ndlí an Aontais trí Airteagal 15(4) de Rialachán 338/97 ón gComhairle.

Ag an 17ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol sa bhliain 2016, chinn na páirtithe ann 40 na nithe seo a leanas:

·ba cheart minicíocht na dtuarascálacha ar chur chun feidhme a leasú chun go gcuirfidh na páirtithe in CITES na tuarascálacha sin isteach bliain amháin roimh gach Comhdháil de chuid na bPáirtithe, a chuirtear ar siúl gach trí bliana de ghnáth, in ionad iad a chur isteach gach dhá bhliain roimh an gComhdháil;

·ba cheart do gach páirtí in CITES tuarascáil bhliantúil nua ar thrádáil neamhdhleathach a chur isteach faoin 31 Deireadh Fómhair gach bliain chuig Rúnaíocht CITES, ar tuarascáil í ina bpléifear na gníomhaíochtaí a rinneadh sa bhliain roimhe sin.

Dá bhrí sin, ní mór Airteagal 15(4) de Rialachán 338/97 ón gComhairle a leasú chun na cinntí sin a léiriú, chun go nathrófar an mhinicíocht a chuirfear na tuarascálacha ar chur chun feidhme isteach agus go ndéanfar cur chun feidhme i ndlí an Aontais ar an gceanglas ar na Ballstáit den Aontas tuarascáil bhliantúil ar thrádáil neamhdhleathach a chur isteach.

Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle

Chun rochtain an phobail ar fhaisnéis ar chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle 41 a fheabhsú agus a éascú, ba cheart na sonraí a sholáthraíonn na Ballstáit faoi chur chun feidhme an Rialacháin a chur ar fáil go poiblí ar leibhéal náisiúnta agus trí fhorléargas ar an Aontas ina iomláine ón gCoimisiún ar na sonraí sin.

Eisíodh ceadúnais FLEGT den chéad uair i mí na Samhna 2016. Léirítear sa taithí a ghnóthaigh an Coimisiún agus na Ballstáit ón gcéad bhliain de cheadúnú FLEGT gur imithe as feidhm atá roinnt d’fhorálacha an Rialacháin ar an tuairisciú. Go háirithe, is débhríoch, neamh-chomhsheasmhach go hinmheánach agus tugtha do léirithe difriúla atá an tuairisc ar ábhar na dtuarascálacha ó na Ballstáit in Airteagal 8(1)(a), (b) agus (c). Fiú i gcás ina bhfuil na tuairiscí sin neamh-uileghabhálach, soláthraítear leo bonn neamhiomlán le haghaidh faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn ar an scéim ceadúnúcháin agus ar chur chun feidhme an Rialacháin. Dá bhrí sin, scriostar na míreanna sin leis an togra seo. Ina ionad sin, tugtar sásra isteach leis an togra chun seiceálacha a dhéanamh tríd an gCoiste a bhunófar faoi Airteagal 11 den Rialachán, rud a chuirfidh ar chumas an Choimisiúin a chumhachtaí cur chun feidhme a fheidhmiú chun an fhormáid agus an nós imeachta a shocrú trína gcuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis riachtanach ar fáil. Leis an togra seo freisin, déanfar athbhreithniú rialta ar Rialachán FLEGT gach 6 bliana (rud atá ailínithe leis sin a cheanglaítear faoin Rialachán maidir le hAdhmad), in ionad an athbhreithnithe aonuaire reatha a cheanglaítear in Airteagal 9, agus áirítear oibleagáid leis tuairisc fhoirmiúil a thabhairt ar na torthaí do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

Príomhfhorálacha dlíthiúla an Rialacháin a bheartaítear

Ar aon dul leis na fionnachtana sin agus le cuspóirí ginearálta an togra um thuairisciú a chuíchóiriú agus a nuachóiriú, an fháil ar shonraí a luathú agus an tualach riaracháin a laghdú, tá na leasuithe a bheartaítear teoranta go docht d’oibleagáidí tuairiscithe agus, dá bhrí sin, tá siad mar a leanas:

Airteagal 1

Leasaítear leis Treoir 86/278/CEE ón gComhairle trí leasú a dhéanamh ar Airteagal 10 agus Airteagal 17 maidir le ceanglais faisnéise agus tuairiscithe.

Airteagal 2

Leasaítear leis Airteagal 8 de Threoir 2002/49/CE maidir leis na spriocdhátaí le haghaidh pleananna gníomhaíochta a chur isteach, Airteagal 9 chun trédhearcacht a mhéadú trí thagairt a dhéanamh do Threoir 2003/4/CE agus Treoir 2007/2/CE, agus Airteagal 10 maidir leis an bhfáil leictreonach ar fhaisnéis sna stórtha sonraí, agus tugtar Iarscríbhinn VI cothrom le dáta leis chun an sásra le haghaidh faisnéis ar chur chun feidhme a sholáthar a chur ar bun.

Airteagal 3

Leasaítear leis Treoir 2004/35/CE trí na nithe seo a dhéanamh:

Airteagal 14(2) a scriosadh;

Airteagal 18 a ionadú trína cheangal go soláthraítear faisnéis ar chur chun feidhme agus an bonn fianaise;

Iarscríbhinn VI a thabhairt cothrom le dáta leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 18(1) maidir le cásanna ina ndéantar damáiste don chomhshaol agus cásanna dliteanais.

Airteagal 4

Leasaítear leis Treoir 2007/2/CE 42 trí na nithe seo a dhéanamh:

leasú a dhéanamh ar Airteagal 21(2) maidir leis an bhfaireachán;

scriosadh a dhéanamh ar Airteagal 21(3) maidir leis an tuairisciú; agus

Airteagal 23 a ionadú le forálacha chun forléargas rialta ar an Aontas ina iomláine a chruthú agus ullmhú le haghaidh meastóireacht a dhéanamh sa todhchaí ar an Treoir.

Airteagal 5

Leasaítear leis Airteagal 12 de Threoir 2009/147/CE tríd an timthriall tuairiscithe a fhadú ó thrí bliana go sé bliana.

Airteagal 6

Scriostar leis Airteagal 57 de Threoir 2010/63/AE agus leasaítear leis na forálacha seo a leanas:

Airteagal 43(2)–(4) maidir le forálacha a bhaineann le hachoimrí ar thionscadail agus bunachar sonraí ar líne a bhunú;

Airteagal 51 maidir le feidhmiú cumhachtaí tarmligthe; agus

Airteagal 54 maidir le faisnéis ar fhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus maidir leis an soláthar sonraí staidrimh.

Airteagal 7

Leasaítear leis Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 chun na nithe seo a dhéanamh:

na ceanglais in Airteagail 16 agus 17 chun tuairisc a thabhairt gach trí bliana a scriosadh;

Airteagal 7 a leasú chun tuairisciú comhtháite níos fearr a éascú faoin Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha;

an fhormáid tuairiscithe in Iarscríbhinn III a aisghairm chun cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun formáid agus minicíocht an tuairiscithe faoi E-PRTR a shocrú tríd an nós imeachta coiste a leagtar amach in Airteagal 19(2); agus

leasú a dhéanamh ar Airteagal 11 maidir le rúndacht, chun a áirithiú go dtuairisceofar na sonraí ábhartha go léir don Choimisiún, agus nochtadh don phobal á sheachaint ag an am céanna.

Airteagal 8

Leasaítear leis Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 trí ionadú a dhéanamh ar Airteagal 20(1)-(4) maidir le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus rochtain ar fhaisnéis, trí fhorléargais ar an Aontas ina iomláine a thabhairt gach bliain, agus trí fhorálacha maidir leis an Rialachán a mheas a thabhairt cothrom le dáta.

Airteagal 9

Leasaítear leis Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle chun ionadú a dhéanamh ar Airteagal 15(4)(b), (c) agus (d), lena gceanglaítear go bhfoilsítear forléargas ar an Aontas ina iomláine.

Airteagal 10

Leasaítear leis Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 chun ionadú a dhéanamh ar Airteagail 8 agus 9 maidir le ceanglais faisnéise agus lena gceanglaítear forléargas ar an Aontas ina iomláine a thabhairt ar bhonn na sonraí arna mbailiú ag na Ballstáit. Tugtar cothrom le dáta leis freisin na forálacha maidir leis an Rialachán a mheas.

Airteagal 11

Achtaítear leis teacht i bhfeidhm an dréacht-togra le haghaidh Rialacháin.

2018/0205 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le hoibleagáidí tuairiscithe a ailíniú i réimse an bheartais comhshaoil agus lena leasaítear Treoracha 86/278/CEE, 2002/49/CE, 2004/35/CE, 2007/2/CE, 2009/147/CE agus 2010/63/AE, Rialacháin (CE) Uimh. 166/2006 agus (AE) Uimh. 995/2010, agus Rialacháin (CE) Uimh. 338/97 agus (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114, Airteagal 192(1) agus Airteagal 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 43 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 44 ,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Chun aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le faisnéis ar chur chun feidhme agus ar chomhlíonadh, ba cheart leasuithe ar roinnt píosaí reachtaíochta comhshaoil a thabhairt isteach, agus aird á tabhairt ar thorthaí na Tuarascála ón gCoimisiún ar Ghníomhaíochtaí chun an Tuairisciú Comhshaoil a Chuíchóiriú 45 agus torthaí a Seiceála Oiriúnachta gaolmhaire 46 .

(2)Is gá a áirithiú ó thaobh inrochtaineacht sonraí go bhfuil an tualach riaracháin ar na heintitis uile chomh beag agus is féidir. Teastaíonn scaipeadh gníomhach ar an leibhéal náisiúnta i gcomhréir le Treoracha 2003/4/CE 47 agus 2007/2/CE 48 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena rialacha cur chun feidhme, chun an bonneagar cuí a áirithiú le haghaidh rochtain phoiblí, tuairisciú agus comhroinnt sonraí idir údaráis phoiblí.

(3)Teastaíonn na sonraí a thuairiscíonn na Ballstáit chun go bhféadfaidh an Coimisiún faireachán, athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na reachtaíochta ó thaobh ghnóthú na gcuspóirí a shaothraítear léi, chun bonn eolais a thabhairt le haon mheastóireacht a dhéanfar sa todhchaí ar an reachtaíocht sin i gcomhréir le mír 22 den Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach 49 . Is iomchuí forálacha a chur le roinnt gníomhartha reachtacha in earnáil an chomhshaoil chun meastóireacht a dhéanamh orthu sa todhchaí, bunaithe ar shonraí arna mbailiú le linn an chur chun feidhme, agus d’fhéadfaí sonraí eolaíocha agus anailíseacha breise a úsáid chun na sonraí sin a chomhlánú. Sa chomhthéacs sin, tá gá ann le sonraí ábhartha a fhágfaidh go bhféadfar measúnú níos fearr a dhéanamh ar a éifeachtúla, a éifeachtaí, a ábhartha agus a chomhleanúnaí atá reachtaíocht an Aontais agus an breisluach don Aontas atá aici, agus is é sin an fáth nach mór a áirithiú go bhfuil sásraí cuí tuairiscithe ann a fhéadfar a úsáid mar tháscairí chun na críche sin freisin.

(4)Is gá na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar síos in Airteagal 10 agus Airteagal 17 de Threoir 86/278/CEE ón gComhairle a leasú. Ba cheart an oibleagáid atá ann tuairisciú a dhéanamh don Choimisiún a shimpliú agus, ag an am céanna, ba cheart ceangal a chur ar na Ballstáit leibhéal níos airde trédhearcachta a áirithiú, tríd an bhfaisnéis riachtanach a chur ar fáil ar bhealach sorochtana, is é sin, go leictreonach, ar aon dul le ceanglais Threoir 2003/4/CE agus Threoir 2007/2/CE, go háirithe maidir le rochtain phoiblí, comhroinnt sonraí agus seirbhísí.

(5)I gcomhréir leis an meastóireacht ar Threoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 50 , is gá na spriocdhátaí tuairiscithe a chuíchóiriú do mhapaí torainn agus pleananna gníomhaíochta chun go leor ama a thabhairt le haghaidh comhairliúchán poiblí a reáchtáil ar phleananna gníomhaíochta. Chuige sin, cuirtear an spriocdháta le haghaidh na pleananna gníomhaíochta a athbhreithniú nó a leasú bliain amháin siar, rud nach ndéanfar ach aon uair amháin, chun gurb é an 18 Iúil 2024, agus ní an 18 Iúil 2023, an spriocdháta don chéad bhabhta eile de phleananna gníomhaíochta (an ceathrú babhta). Dá bhrí sin, ón gceathrú babhta ar aghaidh, beidh thart ar dhá bhliain ag na Ballstáit idir na mapaí torainn a dhéanamh agus an tathbhreithniú nó an leasú ar na pleananna gníomhaíochta a chur i gcrích, in ionad bliain amháin a bheith acu, mar atá an scéal faoi láthair. I gcás na mbabhtaí ina dhiaidh sin de phleanáil gníomhaíochta, atosófar ansin an timthriall cúig bliana le haghaidh athbhreithniú nó leasú. Ina theannta sin, chun cuspóirí Threoir 2002/49/CE a ghnóthú ar bhealach níos fearr agus chun bunús a sholáthar do bhearta a fhorbairt ar leibhéal an Aontais, ba cheart do na Ballstáit an tuairisciú a dhéanamh go leictreonach. Is gá freisin rannpháirtíocht an phobail a mhéadú trína cheangal go gcuirfear faisnéis áirithe ar fáil go poiblí agus tríd an oibleagáid sin a ailíniú le reachtaíocht eile ón Aontas, amhail Treoir 2007/2/CE, gan ceanglais phraiticiúla a dhúbláil.

(6)De réir thorthaí na meastóireachta REFIT a rinneadh ar Threoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, 51 is féidir an rochtain ar fhaisnéis a fheabhsú tuilleadh, go háirithe maidir le heochairshonraí áirithe. Is é an toradh a bheidh air sin go dtabharfar eolas don phobal ar chásanna ina ndéantar damáiste don chomhshaol, go háirithe i gcás inar dócha go rachaidh na cásanna sin i bhfeidhm ar an bpobal, chun cur ar chumas oibreoirí agus údarás an ghníomhaíocht choisctheach agus feabhais is gá a dhéanamh sna cásanna sin, agus chun an bonn fianaise a theastaíonn a thabhairt don Choimisiún chun meastóireachtaí rialta a dhéanamh ar an Treoir. Bonn eile leis an ngá leibhéal níos airde trédhearcachta a áirithiú is ea ceanglais Threoir 2003/4/CE, mar atá faisnéis a chur ar fáil don phobal dá bhféadfadh garbhagairt a bheith ann ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol. I gcás faisnéis ar líne, ba cheart ceanglais Threoir 2007/2/CE a chomhlíonadh freisin, go háirithe i dtaca le seirbhísí agus inrochtaineacht sonraí don phobal agus do na húdaráis.

(7)Bunaithe ar an tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa maidir le cur chun feidhme Threoir 2007/2/CE agus an mheastóireacht REFIT 52 , is iomchuí, d’fhonn cur chun feidhme na Treorach sin a shimpliú agus laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin a bhaineann le faireachán ag na Ballstáit, deireadh a chur leis an gceangal atá ar na Ballstáit tuarascálacha a sheoladh chuig an gCoimisiún gach trí bliana agus deireadh a chur leis an gceangal atá ar an gCoimisiún tuarascáil achomair a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, toisc gur deimhníodh sa tSeiceáil Oiriúnachta nach mbaintear ach beagán úsáide as na tuarascálacha sin 53 .

(8)Thángthas ar an gconclúid sa tSeiceáil Oiriúnachta a rinneadh ar Threoir 2009/147/CE 54 agus Treoir 92/43/CEE 55 go néilítear timthriall tuairiscithe trí bliana faoi Threoir 2009/147/CE, cé gurb amhlaidh sa chleachtas go raibh timthriall tuairiscithe sé bliana mar a cheanglaítear faoi Threoir 92/43/CEE á chur i bhfeidhm, de réir an phríomhchuspóra chéanna, is é sin faisnéis atá cothrom le dáta a thabhairt ar stádas agus treochtaí speiceas. An gá atá ann cur chun feidhme an dá Threoir a chuíchóiriú, fágann sé gur gá an reachtaíocht a oiriúnú don chleachtas, trína áirithiú go ndéanfar measúnú ar stádas gach sé bliana, agus trína aithint ag an am céanna gurb iad na Ballstáit a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí faireacháin is gá le haghaidh roinnt speiceas leochaileach. Ba cheart go gcabhródh an cleachtas comhpháirteach sin le hullmhú na dtuarascálacha ar chur i bhfeidhm na dTreoracha a chuireann na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin gach sé bliana. Chun a áirithiú go ndéanfar measúnú ar an dul chun cinn beartais, ba cheart ceangal a chur ar na Ballstáit faisnéis a sholáthar, go háirithe, ar stádas agus treochtaí speiceas éan fiáin, ar na bagairtí agus na brúnna atá orthu, ar na bearta caomhnaithe a rinneadh ina leith agus ar an rannchuidiú a rinne líonra na Limistéar faoi Chosaint Speisialta le cuspóirí na Treorach.

(9)Is gá na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar síos in Airteagal 43, Airteagal 54 agus Airteagal 57 de Threoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 56 a leasú. Áirítear ar na leasuithe sin, a bhfuil mar chuspóir acu trédhearcacht a fheabhsú agus an tualach riaracháin a laghdú, bunachar sonraí lárnach inchuardaithe rochtana oscailte a bhunú le haghaidh achoimrí ar thionscadail neamhtheicniúla agus measúnuithe siarghabhálacha gaolmhara; cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun formáid choiteann a bhunú le haghaidh cur isteach achoimrí ar thionscadail neamhtheicniúla agus measúnuithe siarghabhálacha gaolmhara; faisnéis ar chur chun feidhme; an tuairisciú staidrimh a dhéanann an Coimisiún gach trí bliana a ionadú leis an gceanglas bunachar sonraí lárnach dinimiciúil arna óstáil ag an gCoimisiún a chur ar bun; agus faisnéis a eisiúint ar bhonn bliantúil.

(10)De réir thorthaí na meastóireachta REFIT 57 a rinneadh ar Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 58 , is gá deireadh a chur leis na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar síos sa Rialachán sin nó iad a leasú. Chun comhleanúnachas leis an tuairisciú faoi Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 59 a mhéadú, is gá cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun cineál, formáid agus minicíocht na faisnéise is gá a chur ar fáil faoi Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 a shocrú agus chun deireadh a chur leis an bhformáid tuairiscithe a leagtar síos sa Rialachán sin faoi láthair. Is gá freisin leasú a dhéanamh ar Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 maidir le rúndacht chun tuilleadh trédhearcachta a áirithiú sa tuairisciú don Choimisiún. Chun an tualach riaracháin ar na Ballstáit agus an Coimisiún a íoslaghdú, is gá freisin deireadh a chur leis na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar síos in Airteagal 16 agus Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 166/2006, toisc go soláthraítear leo faisnéis nach bhfuil ach fiúntas teoranta ag baint léi nó nach gcomhfhreagraíonn do riachtanais bheartais.

(11)Chun rochtain an phobail ar fhaisnéis ar chur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 60 a fheabhsú agus a éascú, ba cheart don Choimisiún na sonraí a sholáthraíonn na Ballstáit ar chur chun feidhme an Rialacháin sin a chur ar fáil go poiblí trí fhorléargas ar an Aontas ina iomláine a thabhairt ar na sonraí sin; chun comhsheasmhacht na faisnéise a mhéadú agus chun an faireachán ar fheidhmiú an Rialacháin a éascú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun an fhormáid agus an nós imeachta a leagan síos trína gcuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil, agus ba cheart minicíocht agus tréimhse an tsoláthair faisnéise a ailíniú leo sin a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle 61 .

(12)Ní mór an tuairisciú faoi Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle 62 a chuíchóiriú agus a ailíniú leis na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos faoin gCoinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES), a síníodh in Washington, D.C, an 3 Márta 1973, agus ar páirtithe ann iad an tAontas agus gach Ballstát den Aontas. Leasaíodh na ceanglais tuairiscithe faoi CITES ag an 17ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol, a bhí ar siúl sa bhliain 2016, chun coigeartú a dhéanamh ar mhinicíocht an tuairiscithe ar bhearta ar chur chun feidhme CITES agus chun sásra tuairiscithe nua a chruthú ar thrádáil neamhdhleathach i speicis atá liostaithe ag CITES. Ní mór na hathruithe sin a léiriú i Rialachán (CE) Uimh. 338/97.

(13)Chun rochtain an phobail ar fhaisnéis ar chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 a fheabhsú agus a éascú, ba cheart na sonraí a sholáthraíonn na Ballstáit faoi chur chun feidhme an Rialacháin sin a chur ar fáil go poiblí trí fhorléargas ón gCoimisiún ar an Aontas ina iomláine. Bunaithe ar an taithí a ghnóthaigh an Coimisiún agus na Ballstáit ón gcéad bhliain d’fheidhmiú an chórais ceadúnúcháin i ndáil le Forghníomhú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí, ní mór na forálacha den Rialachán a bhaineann le tuairisciú a thabhairt cothrom le dáta. Maidir leis an gCoimisiún, agus a chumhachtaí cur chun feidhme á bhfeidhmiú aige chun an fhormáid agus an nós imeachta a leagan síos trína gcuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil, ba cheart dó cúnamh a fháil ón gCoiste a bhunaítear in Airteagal 11 den Rialachán sin. Ní mór na forálacha maidir le meastóireacht ar an Rialachán a thabhairt cothrom le dáta.

(14)Tá an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil ag comhlíonadh cúraimí tábhachtacha cheana féin maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar reachtaíocht chomhshaoil an Aontais, ar nithe iad ba cheart a thabhairt isteach go sainráite sa reachtaíocht ábhartha. I gcás píosaí eile reachtaíochta, is tar éis an mheastóireacht atá ar siúl faoi láthair a thabhairt chun críche a thabharfar aghaidh ar ról na Gníomhaireachta agus ar na hacmhainní a sholáthrófar di i dtaca le tacú leis an gCoimisiún tuairisciú comhshaoil a dhéanamh.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir 86/278/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1986 maidir le cosaint an chomhshaoil, agus go háirithe cosaint na hithreach, agus sloda séarachais á úsáid sa talmhaíocht

Leasaítear Treoir 86/278/CEE mar a leanas:

1.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

“Airteagal 10

1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcoimeádfar taifid atá cothrom le dáta agus ar fáil go poiblí, ina gcláraítear:

(a) cainníochtaí an tsloda arna dtáirgeadh agus na cainníochtaí arna soláthar lena núsáid sa talmhaíocht;

(b) comhdhéanamh agus airíonna an tsloda i ndáil leis na paraiméadair dá dtagraítear in Iarscríbhinn II A;

(c) an cineál cóireála arna dhéanamh, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(b);

(d) ainm agus seoladh fhaighteoirí an tsloda agus an áit a núsáidfear an sloda;

(e) aon fhaisnéis eile a bhaineann le trasuí agus cur chun feidhme na Treorach seo arna soláthar ag na Ballstáit don Choimisiún de bhun Airteagal 17.

Úsáidfear seirbhísí sonraí spásúla mar a shainmhínítear in Airteagal 3(4) de Threoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* chun na tacair sonraí spásúla a áirítear san fhaisnéis a chláraítear sna taifid sin a thabhairt le fios.

2. Cuirfear na taifid dá dtagraítear i mír 1 ar fáil don phobal do gach bliain féilire, laistigh de thrí mhí ó dheireadh na bliana féilire ábhartha, i bhformáid chomhdhlúite mar a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 94/741/CE ón gCoimisiún** nó i bhformáid eile dá bhforáiltear de bhun Airteagal 17.

Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin láthair leictreonach na faisnéise arna cur ar fáil go poiblí faoi mhír 1.

3. Cuirfear faisnéis ar na modhanna cóireála agus ar thorthaí na nanailísí a eisiúint ar fáil do na húdaráis inniúla arna hiarraidh sin.

*    Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).

**    Cinneadh ón gCoimisiún (94/741/CE) an 24 Deireadh Fómhair 1994 maidir le ceistneoirí do na tuarascálacha ó na Ballstáit maidir le cur chun feidhme Treoracha áirithe in earnáil na dramhaíola (cur chun feidhme Threoir 91/692/CEE ón gComhairle) (IO L 296, 17.11.1994, lch. 42).”;

2.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17:

“Tugtar de chumhacht don Choimisiún formáid a leagan síos, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, ar i gcomhréir léi a sholáthróidh na Ballstáit faisnéis ar chur chun feidhme Threoir 86/278/CEE mar a cheanglaítear le hAirteagal 10 den Treoir seo. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2). Foilseoidh seirbhísí an Choimisiúin forléargas ar an Aontas ina iomláine, lena náireofar mapaí, ar bhonn na sonraí a chuirfidh na Ballstáit ar fáil de bhun Airteagal 10 agus Airteagal 17.”.

Airteagal 2
Leasuithe ar Threoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir le torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú

Leasaítear Treoir 2002/49/CE mar a leanas:

1.In Airteagal 3, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘ (x) ciallaíonn ‘stór sonraí’ córas faisnéise, atá á bhainistiú ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, ina bhfuil faisnéis agus sonraí ar thorann timpeallachta a chuirtear ar fáil trí nóid náisiúnta tuairiscithe agus malartaithe sonraí atá faoi rialú ag na Ballstáit. ’.

2.    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8(5):

“Déanfar na pleananna gníomhaíochta a athbhreithniú, agus a leasú más gá, nuair a thagann mórfhorbairt chun cinn a théann i bhfeidhm ar an staid torainn reatha, agus gach cúig bliana ar a laghad tar éis dháta a gceadaithe.

I gcás na nathbhreithnithe agus na leasuithe sin, a bheadh le déanamh sa bhliain 2023 i gcomhréir le fomhír 1, cuirfear an tathbhreithniú agus an leasú siar go tráth nach déanaí ná an 18 Iúil 2024.”

3.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9(1):

‘1. Maidir leis na mapaí torainn straitéiseacha a dhéanfaidh na Ballstáit, agus a ghlacfaidh siad i gcás inarb iomchuí, agus maidir leis na pleananna gníomhaíochta a tharraingeoidh siad suas, áiritheoidh siad go gcuirfear iad ar fáil don phobal agus go scaipfear iad ar an bpobal i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais, go háirithe Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* agus Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**, agus i gcomhréir le hIarscríbhinn IV agus Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2002/49/CE, lena náirítear trí bhíthin na dteicneolaíochtaí faisnéise atá ar fáil.

*    Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26).

**    Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).”.

4.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10(2):

‘2. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis ó na mapaí torainn straitéiseacha agus ó na hachoimrí ar na pleananna gníomhaíochta dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI a sheoladh chuig an gCoimisiún laistigh de shé mhí ó na dátaí a leagtar síos in Airteagal 7 agus Airteagal 8 faoi seach. Chun na críche sin, is go leictreonach amháin a thuairisceoidh na Ballstáit an fhaisnéis don stór sonraí arna bhunú i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 13(3). I gcás inar mhaith le Ballstát faisnéis a thabhairt cothrom le dáta, cuirfidh sé síos ar na difríochtaí idir an fhaisnéis atá tugtha cothrom le dáta agus an fhaisnéis bhunaidh agus ar na cúiseanna lena tabhairt cothrom le dáta nuair a bheidh an fhaisnéis atá tugtha cothrom le dáta á cur ar fáil aige don stór sonraí.”

5.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3 d’Iarscríbhinn VI:

‘3. Sásra malartaithe faisnéise

“Déanfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, sásra éigeantach digiteach malartaithe faisnéise a fhorbairt chun an fhaisnéis ó na mapaí torainn straitéiseacha agus ó na hachoimrí ar phleananna gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 10(2) a chomhroinnt i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 13(3).”.

Airteagal 3
Leasuithe ar Threoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste don chomhshaol a chosc agus a leigheas

Leasaítear Treoir 2004/35/CE mar a leanas:

1.Scriostar Airteagal 14(2);

2.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18:

‘Airteagal 18

Faisnéis ar chur chun feidhme agus an bonn fianaise

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh faisnéis leordhóthanach cothrom le dáta, ar a laghad maidir le haon bhaol láidir go ndéanfaí damáiste, ar fáil don phobal i bhformáid sonraí oscailte ar líne, i gcomhréir le hIarscríbhinn VI a ghabhann leis an Treoir seo agus i gcomhréir le hAirteagal 7(4) de Threoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*. I gcás gach teagmhais, soláthrófar, ar a laghad, an fhaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Treoir seo.

2. Úsáidfear seirbhísí sonraí spásúla mar a shainmhínítear in Airteagal 3(4) de Threoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle** chun na tacair sonraí spásúla, amhail láthair spásúil na dteagmhas, a áirítear san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thabhairt le fios.

3. Foilseoidh seirbhísí an Choimisiúin forléargas ar an Aontas ina iomláine, lena náirítear mapaí, ar bhonn na sonraí arna gcur ar fáil ag na Ballstáit de bhun mhír 1.

4. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht go tráthrialta ar an Treoir seo. Beidh an mheastóireacht sin bunaithe, i measc nithe eile, ar na heilimintí seo a leanas:

(a)an taithí a gnóthaíodh le linn chur chun feidhme na Treorach seo;

(b)na tacair sonraí spásúla ó na Ballstáit arna mbunú i gcomhréir leis an Airteagal seo agus na forléargais ghaolmhara ar an Aontas ina iomláine faoi mhír 3.

*    Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26).

**    Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).’;

3.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn VI:

‘IARSCRÍBHINN VI

AN FHAISNÉIS AGUS NA SONRAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 18(1)

Tagrófar san fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 18(1) d’astaíochtaí, d’eachtraí nó do theagmhais is cúis le damáiste don chomhshaol nó le baol láidir go ndéanfaí damáiste den sórt sin, agus soláthrófar an fhaisnéis agus na sonraí seo a leanas do gach cás:

1. scála agus cineál an damáiste don chomhshaol, dáta an tarlaithe agus/nó aimsiú an damáiste. Aicmeofar scála an damáiste don chomhshaol mar dhamáiste beag, measartha, mór nó an-mhór. Aicmeofar cineál an damáiste don chomhshaol mar dhamáiste don uisce, don mhuirthimpeallacht, don ithir, don dúlra/d’éiceachórais nó mar dhamáiste do shláinte an duine de bharr truaillithe;

2. an ghníomhaíocht ba chúis leis an damáiste don chomhshaol, lena náirítear, i gcás ina dtagann an damáiste faoi raon feidhme na Treorach seo, aicmiú na gníomhaíochta i gcomhréir le hIarscríbhinn III;

3. cé acu a tionscnaíodh nó nár tionscnaíodh imeachtaí dliteanais agus cén uair a tionscnaíodh iad, lena náirítear cén córas dlí (an dlí riaracháin, an dlí sibhialta, an dlí dliteanais choiriúil) faoinar tionscnaíodh iad, go háirithe cé acu ba faoin Treoir seo a tionscnaíodh na himeachtaí dliteanais nó nárbh ea;

4. cé acu a tionscnaíodh nó nár tionscnaíodh gníomhaíocht choisctheach agus/nó gníomhaíocht feabhais agus cén uair a tionscnaíodh í, go háirithe cé acu ba faoin Treoir seo a tionscnaíodh an ghníomhaíocht choisctheach agus/nó an ghníomhaíocht feabhais nó nárbh ea;

5. a luaithe a bheidh siad ar fáil, na dátaí ar ar dúnadh nó ar ar críochnaíodh na himeachtaí agus na gníomhaíochtaí coisctheacha agus/nó na gníomhaíochtaí feabhais faoi phointe 3 agus pointe 4;

6. toradh an phróisis feabhais, agus aird ar leith á tabhairt ar aon fheabhsúchán príomhúil, aon fheabhsúchán comhlántach agus/nó aon fheabhsúchán cúiteach faoin Treoir seo, nuair is infheidhme;

7. na costais a tabhaíodh i ndáil leis na nithe seo a leanas:

(a) bearta coisctheacha agus bearta feabhais, i gcás inar tharla ceachtar díobh seo a leanas:

(i) d’íoc an páirtí a bhí faoi dhliteanas as costais na mbeart nó aisghabhadh na costais uaidh;

(ii) níor aisghabhadh costais na mbeart ón bpáirtí a bhí faoi dhliteanas;

(b) bearta réamhchúraim de chuid oibreoirí i leith ceann ar bith díobh seo a leanas:

(i) cumhdach slándála airgeadais;

(ii) córais bainistíochta comhshaoil nó córais sábháilteachta comhshaoil;

(iii) teicneolaíocht laghdaithe truaillithe nó teicneolaíocht maolaithe truaillithe a thabhairt isteach;

(c) riachtanais riaracháin:

(i) de chuid oibreoirí;

(ii) de chuid údarás inniúil.’.

Airteagal 4
Leasuithe ar Threoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE)

Leasaítear Treoir 2007/2/CE mar a leanas:

1.Leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:

(a)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

“2. Tráth nach déanaí ná an 31 Márta gach bliain, déanfaidh na Ballstáit an tuarascáil achomair uathu a thabhairt cothrom le dáta agus a fhoilsiú. Sa tuarascáil sin, a chuirfidh seirbhísí an Choimisiúin ar fáil le cúnamh ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, beidh cur síos achomair ar na nithe seo a leanas:”;

(b)scriostar mír 3;

2.cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23:

‘Déanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil an forléargas ar an Aontas ina iomláine a fhoilsiú agus a thabhairt cothrom le dáta gach bliain ar bhonn na meiteashonraí agus na sonraí a chuirfidh na Ballstáit ar fáil trí sheirbhísí líonra i gcomhréir le hAirteagal 21. Beidh ar áireamh san fhorléargas ar an Aontas ina iomláine, de réir mar is iomchuí, táscairí aschuir, torthaí agus tionchair na Treorach seo, mapaí forléargais ar an Aontas ina iomláine agus tuarascálacha forléargais ar na Ballstáit.

Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht go tráthrialta ar an Treoir seo. Beidh an mheastóireacht sin bunaithe, i measc nithe eile, ar na heilimintí seo a leanas:

(a)an taithí a gnóthaíodh le linn chur chun feidhme na Treorach seo;

(b)an fhaisnéis a bhailigh na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 21 agus na forléargais ar an Aontas ina iomláine a thiomsaigh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil;

(c)sonraí eolaíocha agus anailíseacha ábhartha;

(d)    aon fhaisnéis eile, lena náirítear sonraí eolaíocha agus anailíseacha ábhartha a cheanglaítear ar bhonn na dtreoirlínte maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, go háirithe trína bheith ag brath ar phróisis bainistíochta faisnéise atá éifeachtach agus éifeachtúil.’.

Airteagal 5
Leasuithe ar Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú

Leasaítear Airteagal 12 de Threoir 2009/147/CE mar a leanas:

1.cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1. Cuirfidh na Ballstáit ar aghaidh chuig an gCoimisiún gach sé bliana, i gcomhthráth leis an tuarascáil a tharraingeofar suas de bhun Airteagal 17 de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle*, tuarascáil ar chur chun feidhme na mbeart arna ndéanamh faoin Treoir seo agus ar phríomhthionchair na mbeart sin. Áireofar leis an tuarascáil sin go háirithe faisnéis ar stádas agus treochtaí na speiceas éan fiáin a chosnaítear leis an Treoir seo, ar na bagairtí agus na brúnna atá orthu, ar na bearta caomhnaithe a rinneadh ina leith agus ar an rannchuidiú a rinne líonra na Limistéar faoi Chosaint Speisialta leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2 den Treoir seo.”;

*Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7.)”;

2.i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

“2. Déanfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, tuarascáil ilchodach a ullmhú gach sé bliana bunaithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1.”.

Airteagal 6
Leasuithe ar Threoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir le cosaint ainmhithe a úsáidtear chun críoch eolaíoch

Leasaítear Treoir 2010/63/AE mar a leanas:

1.Leasaítear Airteagal 43 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:

‘2. Ón 1 Eanáir 2021, ceanglóidh na Ballstáit go sonrófar san achoimre ar thionscadal neamhtheicniúil cé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar measúnú siarghabhálach ar an tionscadal agus an spriocdháta faoina ndéanfar an measúnú sin. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear torthaí an mheasúnaithe shiarghabhálaigh leis an achoimre ar thionscadal neamhtheicniúil laistigh de 6 mhí ón measúnú a chríochnú.

3.    Go dtí an 31 Nollaig 2020, foilseoidh na Ballstáit na hachoimrí ar thionscadail neamhtheicniúla údaraithe agus aon nuashonrú a dhéantar orthu. Ón 1 Eanáir 2021, déanfaidh na Ballstáit na hachoimrí ar thionscadail neamhtheicniúla, agus aon nuashonrú a dhéantar orthu, a chur isteach agus a fhoilsiú trí bhíthin aistriú leictreonach chuig an gCoimisiún laistigh de 6 mhí ar a dhéanaí ó údarú na dtionscadal lena mbaineann.’

(b)cuirtear an mhír 4 nua seo a leanas isteach:

‘4.    Bunóidh an Coimisiún formáid choiteann le haghaidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 a chur isteach i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 56(3). Déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin bunachar sonraí inchuardaithe rochtana oscailte a bhunú agus a chothabháil ina mbeidh na hachoimrí ar thionscadail neamhtheicniúla agus aon nuashonrú a dhéantar orthu.’;

2.Leasaítear Airteagal 54 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal an Airteagail agus in ionad mhír 1 agus mhír 2:

‘Faisnéis ar chur chun feidhme agus ar sholáthar sonraí staidrimh

1.    Faoin 30 Meán Fómhair 2023, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, seolfaidh na Ballstáit an fhaisnéis ar chur chun feidhme na Treorach seo agus go háirithe ar chur chun feidhme Airteagail 10(1), 26, 28, 34, 38, 39, 43 agus 46 den Treoir.

Déanfaidh na Ballstáit na sonraí sin a chur isteach agus a fhoilsiú trí bhíthin aistriú leictreonach i bhformáid arna bunú ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 4.

Foilseoidh seirbhísí an Choimisiúin forléargas ar an Aontas ina iomláine ar bhonn na sonraí arna gcur isteach ag na Ballstáit.

2.    Déanfaidh na Ballstáit faisnéis staidrimh ar an úsáid ainmhithe i ngnáthaimh a bhailiú agus a chur ar fáil go poiblí ar bhonn bliantúil, lena náirítear faisnéis ar dhéine iarbhír na ngnáthamh agus ar bhunadh agus speiceas na bpríomhach neamhdhaonna a úsáideadh sna gnáthaimh.

Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis staidrimh sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 30 Meán Fómhair den bhliain dár gcionn ar a dhéanaí, trí bhíthin aistriú leictreonach, i bhformáid neamhachoimrithe arna bunú ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 4.

Déanfaidh an Coimisiún bunachar sonraí inchuardaithe rochtana oscailte a bhunú agus a chothabháil ina mbeidh an fhaisnéis staidrimh sin. Ar bhonn bliantúil, cuirfidh seirbhísí an Choimisiúin ar fáil go poiblí an fhaisnéis staidrimh arna cur isteach ag na Ballstáit i gcomhréir leis an mír seo agus tuarascáil achomair ar an bhfaisnéis sin.”

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.    Bunóidh an Coimisiún formáid choiteann agus ábhar faisnéise coiteann le haghaidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, mír 2 agus mír 3 a chur isteach i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 56(3).”;

3.Scriostar Airteagal 57.

Airteagal 7
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le Clár Eorpach um Scaoileadh Amach agus Aistriú Truailleán a bhunú agus lena leasaítear Treoracha 91/689/CEE agus 96/61/CE ón gComhairle

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 mar a leanas:

1.in Airteagal 5(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Déanfaidh oibreoir gach saoráide a thugann faoi cheann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí a shonraítear in Iarscríbhinn I, agus a dhéanann amhlaidh os cionn na dtairseach acmhainne is infheidhme a shonraítear san Iarscríbhinn sin, déanfaidh sé an fhaisnéis ina sainaithnítear an tsaoráid a chur in iúl trí mheán leictreonach dá údarás inniúil i gcomhréir leis an bhformáid dá dtagraítear in Airteagal 7(2), ach amháin i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil cheana féin don údarás inniúil.’;

2.cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7(2) agus (3):

2. Gach bliain, soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún, trí bhíthin aistriú leictreonach, tuarascáil ina mbeidh na sonraí uile dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus (2) i bhformáid agus faoi dháta arna mbunú ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 19(2). In aon chás, ní bheidh an dáta tuairiscithe níos déanaí ná 9 mí tar éis dheireadh na bliana tuairiscithe.

3. Déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin, le cúnamh ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, an fhaisnéis arna tuairisciú ag na Ballstáit a chuimsiú sa Chlár Eorpach um Scaoileadh agus Aistriú Truailleán laistigh de 2 mhí ó chríochnú an tuairiscithe ag na Ballstáit i gcomhréir le mír 2.”;

3.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

Airteagal 11

Rúndacht

Nuair a mheasfaidh Ballstát, i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, gur rúnda atá faisnéis, is amhlaidh, sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 7(2) den Rialachán seo don bhliain tuairiscithe lena mbaineann, go léireofar ar leithligh do gach saoráid an fhaisnéis nach féidir a chur ar fáil go poiblí agus an chúis nach féidir í a chur ar fáil go poiblí. Poibleofar an chúis sin. 

*Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26).”;

4.Scriostar Airteagal 16 agus Airteagal 17;

5.Scriostar Iarscríbhinn III.

Airteagal 8
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 lena leagtar síos oibleagáidí na n
oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh

In Airteagal 20, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil agus in ionad mhír (1), mhír (2) agus mhír (3):

“Airteagal 20

Faireachán ar chur chun feidhme agus an rochtain ar fhaisnéis

1. Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don phobal agus don Choimisiún, faoin 30 Aibreán gach bliain, faisnéis ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo le linn na bliana féilire roimhe. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an fhormáid agus an nós imeachta a bhunú trína gcuirfidh na Ballstáit faisnéis den sórt sin ar fáil. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).

2. Bunaithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh seirbhísí an Choimisiúin forléargas ar an Aontas ina iomláine ar fáil go poiblí gach bliain ar bhonn na sonraí arna gcur isteach ag na Ballstáit. Agus an forléargas á ullmhú, tabharfaidh seirbhísí an Choimisiúin aird ar an dul chun cinn atá déanta i ndáil le tabhairt i gcrích agus oibriú na VPAanna FLEGT, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005, agus i leith an méid a baineadh amach dá mbarr chun íoslaghdú a dhéanamh ar adhmad arna lománú go neamhdhleathach, agus ar tháirgí adhmaid a dhíorthaíonn ó adhmad den sórt sin, a bheith ar an margadh inmheánach.

3. Faoin 3 Nollaig 2015, agus gach sé bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn faisnéis agus táithí ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, feidhmiú agus éifeachtacht an Rialacháin seo a athbhreithniú, lena náirítear éifeachtacht maidir le cosc a chur ar adhmad arna lománú go neamhdhleathach nó ar tháirgí adhmaid a dhíorthaíonn ó adhmad den sórt sin a bheith á gcur ar an margadh. Breithneoidh sé go háirithe na hiarmhairtí riaracháin d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus do chumhdach táirgí. Tabharfaidh an Coimisiún tuairisc do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar thoradh an athbhreithnithe, agus cuirfear tograí reachtacha iomchuí leis na tuairiscí sin más gá.”

Airteagal 9
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle an 20 Nollaig 2005 maidir le scéim ceadúnúcháin FLEGT a bhunú i gcás allmhairí adhmaid isteach sa Chomhphobal Eorpach

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 mar a leanas:

1.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

“Airteagal 8

1. Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don phobal agus don Choimisiún, faoin 30 Aibreán gach bliain, faisnéis ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo le linn na bliana féilire roimhe.

2. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an fhormáid agus an nós imeachta a bhunú trína gcuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar fáil. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(3).

3. Bunaithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh seirbhísí an Choimisiúin forléargas ar an Aontas ina iomláine ar fáil go poiblí gach bliain ar bhonn na sonraí arna gcur isteach ag na Ballstáit.

2.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

“Airteagal 9

Faoi mhí na Nollag 2021, agus gach 6 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn faisnéis agus táithí ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, feidhmiú agus éifeachtacht an Rialacháin seo a athbhreithniú. Agus é sin á dhéanamh aige, ba cheart dó aird a thabhairt ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme na gComhaontuithe Comhpháirtíochta deonacha. Tabharfaidh an Coimisiún tuairisc do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar thoradh an athbhreithnithe, agus cuirfear tograí le haghaidh scéim ceadúnúcháin FLEGT a fheabhsú leis na tuairiscí sin más iomchuí.”

Airteagal 10
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle an 9 Nollaig 1996 maidir le speicis fauna agus flóra fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialáil

Leasaítear Airteagal 15(4) de Rialachán (CE) Uimh. 338/97 mar a leanas:

1.cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b), phointe (c) agus phointe (d):

“(b) Ar bhonn na sonraí arna gcur isteach ag na Ballstáit dá dtagraítear i bpointe (a), cuirfidh seirbhísí an Choimisiúin, faoin 31 Deireadh Fómhair gach bliain, forléargas ar an Aontas ina iomláine ar fáil go poiblí ar thabhairt isteach san Aontas agus onnmhairiú agus ath-onnmhairiú ón Aontas eiseamail de na speicis a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo, agus cuirfidh siad ar aghaidh chuig Rúnaíocht an Choinbhinsiúin faisnéis ar na speicis a bhfuil feidhm ag an gCoinbhinsiún maidir leo.

(c) Gan dochar d’Airteagal 20, cuirfidh údaráis bhainistíochta na mBallstát in iúl don Choimisiún, bliain amháin roimh gach Comhdháil de chuid na bPáirtithe sa Choinbhinsiún, an fhaisnéis ar fad a bhaineann leis an tréimhse ábhartha roimhe sin agus a theastaíonn chun na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal VIII.7 (b) den Choinbhinsiún a tharraingt suas agus faisnéis choibhéiseach ar na forálacha den Rialachán seo nach dtagann faoi raon feidhme an Choinbhinsiúin. An fhaisnéis a chuirfear in iúl agus an fhormáid ina dtabharfar le fios í, sonróidh an Coimisiún iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).

(d) Ar bhonn na sonraí arna gcur isteach ag na Ballstáit dá dtagraítear i bpointe (c), cuirfidh an Coimisiún forléargas ar an Aontas ina iomláine ar fáil go poiblí ar chur chun feidhme agus forfheidhmiú an Rialacháin seo.”;

2.cuirtear an pointe (e) nua seo a leanas isteach:

“(e) Cuirfidh údaráis bhainistíochta na mBallstát in iúl don Choimisiún, faoin 15 Aibreán gach bliain, an fhaisnéis ar fad a bhaineann leis an mbliain roimhe sin agus a theastaíonn chun an tuarascáil bhliantúil ar an trádáil neamhdhleathach dá dtagraítear i Rún 11.17 ó Chomhdháil CITES (ath. CoP17) a tharraingt suas.”.

Airteagal 11

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón XXX.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    SWD(2017) 230.
(2)    IO L 354, 28.12.2013, lgh. 171–200.
(3)    Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol agus lena naisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26) lena gcuirtear chun feidhme na ceanglais maidir le rochtain ar fhaisnéis faoin gCoinbhinsiún maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil (Coinbhinsiún Aarhus).
(4)    Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).
(5)    COM(2017) 312 agus SWD(2017) 230.
(6)    Iarscríbhinn VI a ghabhann le SWD(2017) 230.
(7)    COM/2017/0753 final
(8)    Ní bhaineann an togra leis an tuairisciú i réimse an athraithe aeráide. I réimsí an bheartais aeráide agus fuinnimh, mhol an Coimisiún cheana go ndéanfaí na hoibleagáidí pleanála, tuairiscithe agus faireacháin a shimpliú: “Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh” COM(2016) 759.
(9)    SWD(2017) 230.
(10)    SWD(2016) 454.
(11)    SWD(2016) 0121.
(12)    COM(2016) 478 agus SWD(2016) 273).
(13)     SWD(2016) 472 final
(14)    COM(2017) 631 agus SWD(2017) 353.
(15)    SWD(2017) 0711.
(16)     http://ec.europa.eu/environment/consultations/reporting_en.htm
(17)     http://minisites.ieep.eu/work-areas/environmental-governance/better-regulation/make-it-work/
(18)    http://cor.europa.eu/en/activities/opinions/pages/opinion-factsheet.aspx?OpinionNumber=CDR 5660/2015.
(19)    Féach Iarscríbhinn IV a ghabhann le SWD (2017) 230.
(20)    Féach Caibidil 6 go háirithe.
(21)    Féach http://ec.europa.eu/environment/legal/reporting/fc_overview_en.htm.
(22)    Féach fonóta 19.
(23)    Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir le torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú, IO L 189, 18.7.2002.
(24)    SWD(2016) 454 final agus SWD(2017) 230.
(25)    COM(2017) 151 final.
(26)    Treoir 2007/2/CE an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE), IO L 108, 25.4.2007, lgh. 1–14.
(27)    SWD(2016) 121.
(28)    COM(2016) 478 agus SWD(2016) 273.
(29)    Féach an achoimre tíre 2016 atá ar fáil do gach Ballstát den Aontas ag http://inspire.ec.europa.eu/INSPIRE-in-your-Country.
(30)    IO L 20, 26.1.2010, lgh. 7–25.
(31)    IO L 206, 22.7.1992, lgh. 7–50
(32)    SWD(2016) 472 final.
(33)    Treoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir le cosaint ainmhithe a úsáidtear chun críoch eolaíoch.
(34)    COM (2017) 631.
(35)    SWD (2017) 353.
(36)    Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le Clár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán a bhunú agus lena leasaítear Treoracha 91/689/CEE agus 96/61/CE ón gComhairle.
(37)    SWD(2017) 710.
(38)    IO L 334, 17.12.2010, lgh. 17–119.
(39)    Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 lena leagtar síos oibleagáidí na noibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh.
(40)    Lena náirítear an tAontas agus na 28 mBallstát de.
(41)    Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle an 20 Nollaig 2005 maidir le scéim ceadúnúcháin FLEGT a bhunú i gcás allmhairí adhmaid isteach sa Chomhphobal Eorpach.
(42)    Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE).
(43)    IO C […], […], lch. […].
(44)    IO C […], […], lch. […].
(45)    COM(2017) 312.
(46)    SWD(2017) 230.
(47)    Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol agus lena naisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26).
(48)    Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).
(49)    IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(50)    Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir le torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú (IO L 189, 18.7.2002).
(51)    SWD(2016) 0121.
(52)    COM(2016) 478 agus SWD(2016) 273.
(53)    COM(2017) 312.
(54)    Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).
(55)    SWD(2016) 472 final.
(56)    Treoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir le cosaint ainmhithe a úsáidtear chun críoch eolaíoch (IO L 276, 20.10.2010, lch. 33).
(57)    SWD(2017) 710.
(58)    Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le Clár Eorpach um Scaoileadh agus Aistriú Truailleán a bhunú agus lena leasaítear Treoracha 91/689/CEE agus 96/61/CE ón gComhairle (IO L 33, 4.2.2006, lch. 1).
(59)    Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).
(60)    Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 lena leagtar síos oibleagáidí na noibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh (IO L 295, 12.11.2010, lch. 23).
(61)    Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle an 20 Nollaig 2005 maidir le scéim ceadúnúcháin FLEGT a bhunú i gcás allmhairí adhmaid isteach sa Chomhphobal Eorpach (IO L 347, 30.12.2005, lch. 1).
(62)    Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle an 9 Nollaig 1996 maidir le speicis fauna agus flora fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialáil (IO L 61, 3.3.1997, lch. 1).
Top