EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018PC0373

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le sásra chun constaicí dlí agus riaracháin a réiteach i gcomhthéacs trasteorann

COM/2018/373 final - 2018/0198 (COD)

Strasbourg, 29.5.2018

COM(2018) 373 final

2018/0198(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le sásra chun constaicí dlí agus riaracháin a réiteach i gcomhthéacs trasteorann

{SEC(2018) 268 final}
{SWD(2018) 282 final}
{SWD(2018) 283 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá sé ar cheann de phríomhchuspóirí an Aontais a fhorbairt chomhchuí fhoriomlán a chur chun cinn. Mar sin de, déanfaidh an tAontas a chuid gníomhaíochtaí a fhorbairt agus a shaothrú ar mhaithe lena chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú. Beidh sé mar aidhm ag an Aontas go háirithe na héagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil agus cúlmhaireacht na réigiún mídheisiúil a laghdú (Airteagal 174 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’), agus ina measc tabharfar “aird faoi leith ar (...) na réigiún trasteorann”. Faoi láthair tá daichead teorainn inmheánach talún ag an Aontas agus a chomharsana i gComhlachas Saorthrádála na hEorpa (‘CSTE’).

Tá maoiniú Interreg 1 ag tacú ó 1990 le cláir um chomhar trasteorann i réigiúin teorann an Aontais lena náirítear teorainneacha le tíortha CSTE. Tá na mílte tionscadal agus tionscnamh cistithe aige a chuidigh le feabhas a chur ar imeascadh na hEorpa. Ar phríomh-mhórghníomhartha chláir Interreg tá an méid seo a leanas: muinín mhéadaithe, níos mó nascachta, comhshaol feabhsaithe, sláinte níos fearr agus fás eacnamaíoch. Le creat dlíthiúil 2014-2020 tugadh deis do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (‘CFRE’) faoi chláir Interreg tacú le tionscadail chun “acmhainn institiúideach agus údarás poiblí agus geallsealbhóirí agus riarachán poiblí éifeachtúil a fheabhsú trí chomhar dlíthiúil agus comhar riaracháin a chur chun cinn mar aon leis an gcomhar idir saoránaigh agus institiúidí” 2 . Ó bunaíodh é tá Interreg ag tacú freisin le cur i gcrích an mhargaidh inmheánaigh 3 . Le roinnt blianta anuas, tá próiseas lánpháirtíochta na hEorpa ag cabhrú le réigiúin teorann inmheánacha iad féin a athrú ó cheantair imeallacha den chuid is mó go ceantair fáis ina bhfuil deiseanna ar fáil. A bhuí le tabhairt chun críche an Mhargaidh Aonair in 1992, tá borradh tagtha faoi tháirgiúlacht an Aontais agus laghdú ar chostais trí dheireadh a bheith curtha le foirmiúlachtaí custaim, trí rialacha teicniúla a bheith comhchuibhithe nó aitheanta go frithpháirteach agus trí phraghsanna níos ísle a bheith ann de bharr iomaíochais; tá méadú de 15% tagtha ar thrádáil laistigh den Aontas thar 10 mbliana; tá fás breise ginte agus cruthaíodh tuairim is 2.5 milliún post breise.

Bunaithe ar phróiseas “Athbhreithnithe trasteorann” 4 a mhair níos mó ná dhá bhliain, áfach, bhailigh an Coimisiún fianaise nach néiríonn le réigiúin teorann chomh maith le réigiúin eile sna Ballstáit ó thaobh na heacnamaíochta de. De ghnáth bíonn níos lú rochtana ar sheirbhísí poiblí amhail ospidéil agus ollscoileanna 5 sna réigiúin teorann. Go fóill, bíonn sé casta agus costasach go minic do bhealach a dhéanamh idir chórais éagsúla riaracháin agus dhlíthiúla. Tá a neispéiris roinnte ag daoine aonair, ag gnóthais, ag údaráis phoiblí agus ag eagraíochtaí leis an gCoimisiún i dtaca le hidirphlé trasna teorainneacha inmheánacha, eispéiris a bhí diúltach in amanna. Mar thoradh air sin, ghlac an Coimisiún a Theachtaireacht dar tAirteagail ‘Borradh a chur faoin bhfás agus faoin gcomhtháthú sóisialta i réigiún teorann an Aontais’ 6 (‘Teachtaireacht maidir le Réigiúin Teorann’). Aibhsítear ann na bealaí inar féidir leis an Aontas agus lena Bhallstáit an chastacht, an fad agus na costais a bhaineann le hidirphlé trasteorann a laghdú agus comhroinnt seirbhísí ar theorainneacha inmheánacha a chur chun cinn. Féachtar ann ar an méid is gá a fheabhsú lena áirithiú gur féidir le saoránaigh agus le gnóthais sna réigiúin teorann tairbhe iomlán a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil ar an dá thaobh den teorainn. Moltar sa Teachtaireacht plean gníomhaíochta 10 bpointe; tugtar aghaidh go sonrach i bpointe amháin ar bhacainní dlíthiúla agus riaracháin teorann 7 .

Tá sé réasúnta a mheas, dá bhrí sin, go bhfuil sé deacair ag na cláir aghaidh a thabhairt astu féin ar bhacainní dlíthiúla (go háirithe iad siúd a bhaineann le seirbhísí sláinte, rialú saothair, cánacha, forbairt ghnó), agus bacainní atá nasctha le héagsúlachtaí ó thaobh cultúir riaracháin agus creataí náisiúnta dlí de (ós rud é go bhfuil cinntí de dhíth a bhaineann le réimse níos fairsinge ná struchtúir bhainistithe na gclár agus na dtionscadal). Tá roinnt sásraí éifeachtacha le haghaidh comhar trasteorann ann cheana ar leibhéal idir-rialtasach, leibhéal réigiúnach agus leibhéal áitiúil 8 .

I bpointe sonrach amháin dá dtagraítear faoi phointe a naoi den Teachtaireacht maidir le Réigiúin Teorann, tagraítear do thionscnamh ar cuireadh tús leis faoi Uachtaránacht Lucsamburg in 2015. Tá roinnt Ballstát ag breathnú ar an bhfiúntas a bhainfeadh le hionstraim nua chun tionscadail trasteorann a shimpliú trí rialacha Bhallstát amháin a chur i bhfeidhm sa Bhallstát comharsanachta, ar bhonn deonach agus comhaontaithe ag na húdaráis inniúla atá i gceannas. Bheadh feidhm aige sin maidir le tionscadal sonrach nó gníomhaíocht atá teoranta ó thaobh ama de, lonnaithe i réigiún teorann agus tosaithe ag údaráis áitiúla agus/nó réigiúnacha 9 . Lean an Coimisiún an obair sin go dlúth, aontaíonn sé leis an gcoincheap agus dá bhrí sin tá sásra deonach á bheartú aige chun baic dlí a réiteach sna réigiúin teorann.

Le sonraí an togra seo a fheiceáil, féach Roinn 5 thíos.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana

Mar phríomhionstraim chistiúcháin an Bheartais Chomhtháthaithe, tacaíonn Interreg le cláir comhair trasteorann i réigiúin teorann an Aontais, lena náirítear iad siúd a bhfuil teorainn acu le tíortha de chuid CSTE. Mar a leagtar amach sa Teachtaireacht maidir le Réigiúin Teorann, áfach, ní éiríonn le réigiúin teorann chomh maith le réigiúin eile sna Ballstáit ó thaobh na heacnamaíochta de. Tá gá, dá bhrí sin, le bearta atá sa bhreis ar chistiú Eorpach ach a chomhlánaíonn cistiú an Aontais tuilleadh sna réigiúin teorann ós rud é nach féidir aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí leanúnacha sin le cistiú agus infheistíochtaí ar nós Interreg amháin.

Dá bhrí sin, is comhlánú riachtanach é sásra chun baic dlí a réiteach i réigiúin teorann don tacaíocht airgeadais faoi Interreg agus, ina theannta sin, do thacaíocht institiúideach amhail grúpálacha Eorpacha um chomhar críochach 10 , mar nach dtugtar cumhachtaí reachtacha do na grúpálacha sin chun baic dlí a shárú 11 .

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Mar a leagtar amach thuas, tacaíonn an Beartas Comhtháthaithe agus an Margadh Aonair lena chéile. Chuideodh an sásra a bhunófar faoin Rialachán seo le cuspóirí na Teachtaireachta maidir le Réigiúin Teorann a bhaint amach agus borradh a chur faoi acmhainneacht na réigiún teorann, acmhainneacht nár baineadh leas iomlán aisti mar gheall ar chórais éagsúla dlí. De réir staidéar 12 a choimisiúnaigh an Coimisiún le déanaí maidir leis an tionchar eacnamaíoch a bhíonn ag bacainní teorann ar olltáirgeacht intíre agus leibhéil fostaíochta i réigiúin atá ar theorainn inmheánach talún, mhéadódh réigiúin teorann a nolltáirgeacht intíre faoi 2% fiú mura mbainfí ach 20% de na bacainní atá ann. Dá bhrí sin, is comhlánú riachtanach é sásra chun baic dlí a réiteach i réigiúin teorann d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, ar príomhchuspóir de chuid an Aontais é (Airteagal 3 CAE agus Airteagal 3(1)(b) CFAE) 13 .

Na forálacha sa togra seo maidir le cosaint dhlíthiúil ar dhaoine a bhfuil cónaí orthu i réigiún trasteorann agus a mheasann go ndearnadh éagóir orthu le gníomhartha nó le neamhghníomhartha a eascraíonn as cur chun feidhme na núdarás den sásra, baineann na forálacha sin go príomha le dlí riaracháin/poiblí agus ní dhéanann siad difear do na dlíthe de chuid an Aontais atá ann cheana maidir le heasaontacht dlí a réiteach 14 , mar nach mbaineann an dlí sin de chuid an Aontais ach le dlí sibhialta amháin. Tá an Rialachán seo gan dochar don dlí sin (féadfaidh feidhm a bheith ag an dlí sin de chuid an Aontais maidir le díospóidí faoi chúrsaí conarthacha nó neamhchonarthacha).

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Déantar foráil sa tríú fomhír d’Airteagal 175 CFAE maidir le gníomhartha sonracha atá le cinneadh lasmuigh de na Cistí a liostaítear sa chéad fhomhír den Airteagal sin, chun an comhtháthú sóisialta agus eacnamaíoch atá beartaithe ag CFAE a bhaint amach. Tá comhar críochach níos déine de dhíth le forbairt chomhchuí chríoch iomlán an Chomhphobail a bhaint amach chomh maith le níos mó comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach. Chuige sin, is iomchuí na bearta a ghlacadh is gá leis na coinníollacha cur chun feidhme a fheabhsú le haghaidh gníomhartha comhair chríochaigh.

Coimhdeacht

Ba cheart na coinníollacha le haghaidh comhar críochach a chruthú i gcomhréir leis an bprionsabal coimhdeachta atá cumhdaithe in Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (‘CAE’). Tá na Ballstáit tar éis tabhairt faoi thionscnaimh aonair, dhéthaobhacha agus fiú iltaobhacha chun bacainní teorann dlí a réiteach. Níl na sásraí sin sna Ballstáit go léir, áfach, nó níl siad ann do gach teorainn i mBallstát faoi leith. Ní leor an maoiniú (Interreg den chuid is mó) agus na hionstraimí dlíthiúla (Grúpálacha Eorpacha um Chomhar Críche den chuid is mó) a chuirtear ar fáil ar leibhéal an Aontais go dtí seo chun bacainní teorann dlíthiúla a réiteach ar fud an Aontais. Dá réir sin ní féidir leis na Ballstáit cuspóir na gníomhaíochta beartaithe a bhaint amach ar leibhéal lárnach ná ar leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal áitiúil, ach is féidir, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta beartaithe, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, is gá tuilleadh gníomhaíochta ó reachtóir an Aontais.

Comhréireacht

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach in Airteagal 5(4) CAE, níor cheart inneachar agus foirm ghníomhaíocht an Aontais a dhul thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a ghnóthú. Is ar bhonn deonach a bhainfear úsáid as an sásra sonrach arna bhunú faoin Rialachán seo. Féadfaidh Ballstát cinneadh a dhéanamh, maidir le teorainn shonrach le Ballstát comharsanachta amháin nó níos mó, leanúint ar aghaidh ag réiteach baic dlí i réigiún sonrach trasteorann faoi na sásraí éifeachtacha arna mbunú aige ar leibhéal náisiúnta nó arna mbunú aige go foirmiúil nó go neamhfhoirmiúil, in éineacht le Ballstát comharsanachta amháin nó níos mó. Sa chás sin, féadfaidh an Ballstáit rogha a dhéanamh gan úsáid a bhaint as an sásra arna bhunú faoin Rialachán seo. Ar an gcaoi chéanna, féadfaidh Ballstát cinneadh a dhéanamh, maidir le teorainn shonrach le Ballstát comharsanachta amháin nó níos mó, bheith páirteach i sásra éifeachtach atá ann cheana arna bhunú go foirmiúil nó go neamhfhoirmiúil ag Ballstát comharsanachta amháin nó níos mó. Má thugtar cead dó bheith páirteach sa sásra sin, arís féadfaidh sé rogha a dhéanamh gan úsáid a bhaint as an sásra arna bhunú faoin Rialachán seo. Dá bhrí sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóirí a bhaint amach do na réigiúin trasteorann sin, réigiúin nach bhfuil aon sásraí éifeachtúla i bhfeidhm ag na Ballstáit ina leith chun baic dlí a réiteach.

An rogha ionstraime

Mar a leagtar amach i Roinn 1 thuas, tá na Ballstáit tar éis tabhairt faoi thionscnaimh aonair, dhéthaobhacha agus fiú iltaobhacha chun bacainní teorann dlí a réiteach.

Le Rialachán cuirtear oibleagáidí ar na Ballstáit sásra a chur ar bun, in aghaidh gach teorainn le Ballstát comharsanachta, chun baic dlí i gcomhréigiún trasteorann a réiteach, agus ag an am céanna deis a thabhairt sásraí éifeachtacha eile a chur chun feidhme.

Ní bheadh moladh ar an ionstraim is éifeachtaí, mar nach bhfuil feidhm cheangailteach ag moltaí (féach an cúigiú mír d’Airteagal 288 CFAE).

Ní bheadh Treoir ar an ionstraim is éifeachtaí ach an oiread, mar go bhfuil sé ceangailteach, i leith an toradh atá le baint amach, ar gach Ballstát dá bhfuil sé dírithe, ach go bhfágann sé rogha na foirme agus na modhanna faoi na húdaráis náisiúnta (féach an tríú mír d’Airteagal 288 CFAE). Mar a leagtar amach i Roinn 3.2 de Theachtaireacht na Réigiún Teorann, dá ndéanfaí Treoir ón Aontas Eorpach a thrasuí in dhá Bhallstát comharsanachta d’fhéadfaí dhá chóras éagsúla a chruthú a chastar ar a chéile ar theorainneacha inmheánacha. D’fhéadfadh sé sin castacht a chruthú - agus in amanna éiginnteacht dhlíthiúil fiú - agus costais a bhoilsciú 15 . Is go díreach le haghaidh sásra chun modh a bhunú ar leibhéal an Aontais atá an togra seo, mar nach bhfuil modh éagsúil bunaithe ach ag roinnt bheag Ballstát. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh Treoir eisréimneachtaí nua a chruthú i réigiúin teorann.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ SIARGHABHÁLACHA, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí siarghabhálacha/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

N/B: reachtaíocht nua

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

D’eascair coincheap an bheartais trasteorann ar dtús ó obair a rinne Uachtaránach Lucsamburgar Chomhairle an Aontais in 2015, ar bunaíodh grúpa neamhfhoirmiúil oibre de Bhallstáit mar thoradh air, grúpa atá ag teacht le chéile go rialta ó shin. Tá an grúpa neamhfhoirmiúil oibre tar éis féachaint ar roghanna chun réiteach ar chonstaicí leanúnacha teorann a éascú, go háirithe agus tionscadail trasteorann á gcur chun feidhme. Ba é an grúpa sin a cheap an smaoineamh maidir le rialacha (dlíthe, rialacháin, caighdeáin) Ballstáit amháin a chur i bhfeidhm trasna na teorann sa Bhallstát comharsanachta. De ghnáth bíonn idir 10 agus 15 Ballstát bailithe le chéile ag cruinnithe an ghrúpa. Tá grúpálacha de Bhallstáit tar éis a bheith gníomhach freisin, go háirithe Aontas Benelux agus Comhairle na nAirí Nordacha.

Tá páirtithe leasmhara eile, go háirithe réigiúin teorann agus institiúidí, ag lorg ionstraim den sórt sin le tamall fada. Bhí sé sin le feiceáil go háirithe le linn an Athbhreithnithe Trasteorann a rinne AS REGIO idir 2015 agus 2017. Le linn an Athbhreithnithe sin, rinneadh comhairliúchán poiblí a reáchtáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais agus fuarthas níos mó ná 620 freagra. Maidir leis an gceist a bhain le réiteach féideartha ar shaincheisteanna teorann, d’iarr roinnt freagróirí go sainráite go bhféachfadh an Coimisiún le tuilleadh solúbthachta a chur chun cinn i dtaca le cur chun feidhme na reachtaíochta náisiúnta/réigiúnaí i réigiúin teorann. Moladh roinnt uaireanta réigiún teorann a “shaoradh” ó reachtaíocht náisiúnta nó é a chur in oiriúint do choinníollacha teorann.

Ar deireadh, i ndréacht-tuairimí Choiste na Réigiún agus Pharlaimint na hEorpa mar fhreagairt don Teachtaireacht dar teideal “Boosting Growth and Cohesion in EU Border Regions” [Borradh a chur faoin bhFás agus faoin gComhtháthú i Réigiúin atá lonnaithe ar Theorainneacha an Aontais Eorpaigh, cuirtear fáilte go sonrach roimh an togra maidir le hionstraim dá leithéid a fhorbairt. Glacfar an dá thuairim le linn samhradh 2018.

Measúnú tionchair

Tá aitheantas forleathan ann don tionchar agus don bhreisluach Eorpach a bhaineann le cláir Interreg. I roinnt mhaith cásanna, áfach, eascraíonn bacainní trasteorann (go háirithe i dtaca le seirbhísí sláinte, rialú saothair, iompar poiblí áitiúil agus forbairt gnó) as difríochtaí i gcleachtais riaracháin agus i gcreataí náisiúnta dlí. Tá sé deacair ag cláir aghaidh a thabhairt orthu sin astu féin, agus bíonn gá le cinntí a bhaineann le réimse níos fairsinge ná struchtúir na gclár.

Chun aghaidh a thabhairt air sin, in 2015 rinne Uachtaránacht Lucsamburg agus roinnt Ballstát scrúdú ar rialacha Bhallstát amháin a úsáid i mBallstát comharsanachta. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún réiteacha den sórt sin a éascú le hionstraim dlí réamhdhéanta.

Tá dhá rogha ann: Gealltanas Trasteorann Eorpach (“Gealltanas”) (lena gcumasaítear maolú ó ghnáthrialacha) nó Ráiteas Trasteorann Eorpach (“Ráiteas”) (tugann sínitheoirí go foirmiúil faoi reachtaíocht a rith le gnáthrialacha a leasú). Beidh an méid seo i gceist leis an sásra:

beidh sé deonach: Féadfaidh na Ballstáit an sásra a roghnú nó sásraí éifeachtacha eile a úsáid chun constaicí teorann dlí a réiteach;

díreofar é ar theorainneacha talún laistigh den Aontas, agus ag an am céanna ceadóidh sé do na Ballstáit an sásra a chur i bhfeidhm ar theorainneacha muirí agus seachtracha freisin;

cumhdófar comhtionscadail leis i dtaca le haon mír bonneagair a bhfuil tionchar aige i réigiún trasteorann nó aon seirbhís ar mhaithe leis an leas ginearálta eacnamaíoch a chuirfear ar fáil i réigiún trasteorann.

Dá dtabharfaí aghaidh ar 20% de na constaicí dlí agus riaracháin atá le fáil ar theorainneacha inmheánacha, mhéadódh réigiúin teorann a nolltáirgeacht intíre faoi 2%. Cuireann an Gealltanas leis an méid sin trí chreat dlí saor ó chostas a sholáthar chun costais agus aga tionscnaimh thionscadail trasteorann ar leith a laghdú.

Chabhródh an creat chun castachtaí costasacha ar leith a réiteach agus tionscadail trasteorann á gcur chun feidhme. Ní réiteach ar gach cás é, áfach. Tugann sé an rogha do na Ballstáit réitigh a cheapadh a oireann do chomhthéacs an réigiúin.

Simpliú

N/B: reachtaíocht nua

Cearta bunúsacha

De réir Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, aithníonn an tAontas na cearta, saoirsí agus prionsabail a leagtar amach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, atá ar chomhéifeacht dlí leis na Conarthaí. Ina theannta sin, is prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais a bheidh sna cearta bunúsacha mar atá siad ráthaithe leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus mar a thagann siad as na traidisiúin bhunreachtúla is coiteann do na Ballstáit.

Baineann an togra seo le sásra dlí chun constaicí teorann dlí a réiteach agus dá bhrí sin tá sé dírithe ar údaráis sna Ballstáit den chuid is mó. Ba cheart do dhaoine bheith in ann leas a bhaint as na réitigh a chomhaontófar. Ba cheart go gcuideodh réiteach ar chonstaicí teorann dlí faoin togra seo le daoine a bhfuil cónaí orthu i réigiúin teorann leas a bhaint as a gceart bunúsacha. Tagraíonn sé sin go háirithe don cheart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8), an ceart chun oideachais lena náirítear rochtain ar ghairmoiliúint agus oiliúint leantach (Airteagal 14), an tsaoirse chun gairm bheatha a roghnú agus an ceart chun dul i mbun oibre (Airteagal 15), go háirithe an tsaoirse chun fostaíocht a lorg, chun obair a dhéanamh, agus chun an ceart chun gnóthas a chur ar bun agus seirbhísí a sholáthar nó a fháil in aon Bhallstát a fheidhmiú; an tsaoirse chun gnó a sheoladh (Airteagal 16 ); rochtain ar an tslándáil shóisialta agus ar an gcúnamh sóisialta (Airteagal 34); rochtain ar chúram sláinte (Airteagal 35); agus rochtain ar sheirbhísí ar mhaithe leis an leas ginearálta eacnamaíoch (Airteagal 36).

Dá bhrí sin, cumhdaíonn an togra freisin cosaint éifeachtach dhlíthiúil ar dhaoine atá ina gcónaí i réigiúin teorann.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níltear ag súil leis go mbeidh impleachtaí láithreacha don bhuiséad ag an togra seo, sa mhéid is go bhfuil sé ann chun sásra a bhunú agus nach ionstraim airgeadais é.

Níl aon impleachtaí láithreacha don bhuiséad ag baint an Phointe Fócais Teorann arna bhunú laistigh den Choimisiún, sa mhéid is go bhfuil sé bunaithe cheana agus go bhfuil a fhoireann féin sannta dó.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Amhail aon Rialachán de chuid an Aontais, beidh an Rialachán atá beartaithe ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. I gcomhréir le hAirteagal 291(1) de CFAE, glacfaidh na Ballstáit bearta uile an dlí náisiúnta is gá chun gníomhartha Aontais atá ina gceangal de réir dlí a chur chun feidhme. Mar a leagtar amach i Roinn 3.2 den Teachtaireacht maidir le Réigiúin Teorann, fiú i gcás ina bhfuil reachtaíocht Eorpach ann, tá méid áirithe solúbthachta agus rogha ag na Ballstáit ó thaobh an bealach ina gcuireann siad an reachtaíocht i bhfeidhm ina gcórais náisiúnta agus ó thaobh na rialacha mionsonraithe maidir le Rialacháin an Aontais a chur chun feidhme. Mar thoradh air sin, nuair a chastar dhá chóras éagsúla ar a chéile ar theorainneacha inmheánacha, d’fhéadfadh sé sin castacht a chruthú - agus in amanna éiginnteacht dhlíthiúil fiú - agus costais a bhoilsciú. Dá réir sin, tá gá le coinníollacha aonfhoirmeacha chun gníomhartha Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí a chur chun feidhme. Mar atá ceadaithe faoi Airteagal 291(2) CFAE, d’fhéadfadh an Rialachán atá beartaithe cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Amhail an modh chun cur chun feidhme ionstraimí dlíthiúla eile ar leibhéal an Aontais a rialú 16 , tá an togra seo teoranta do cheangal a chur ar na Ballstáit a rialacha náisiúnta cur chun feidhme a chur in iúl don Choimisiún, ar an mbealach sin ag cur ar chumas an Choimisiúin a mheas cé acu an bhfuil an Rialachán seo á chur chun feidhme go héifeachtach leis na rialacha náisiúnta sin.

Chun a mheas cé acu an ionstraim bhreise éifeachtach é an sásra arna bhunú faoin Rialachán atá beartaithe i dtaca le baic dlí a réiteach i réigiúin teorann, ba cheart don Choimisiún, i gcomhréir leis an gClár Oibre maidir le Rialáil Níos Fearr 17 , luacháil a dhéanamh ar an reachtaíocht atá ann cheana. Tá sé beartaithe, dá bhrí sin, maidir le GECC, go gcuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste na Réigiún maidir le cur chun feidhme an Rialacháin atá beartaithe, ag úsáid táscairí le meastóireacht a dhéanamh ar a éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, breisluach Eorpach agus scóip le haghaidh simpliú laistigh de 5 bliana ó chur chun feidhme an Rialacháin atá beartaithe.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Caibidil 1 - Forálacha ginearálta (Airteagal 1 go hAirteagal 7)

Leagtar amach le Teideal 1 ábhar agus raon feidhme an Rialacháin, sainmhínithe agus soiléirithe, rogha na mBallstát úsáid a bhaint as an sásra a bhunaítear faoin togra seo nó gan é a úsáid, Pointí Comhordúcháin Trasteorann náisiúnta agus réigiúnacha sna Ballstáit agus pointe comhordúcháin ar leibhéal an Aontais.

Is éard atá san ábhar (Airteagal 1) sásra chun forálacha dlí ó Bhallstát comharsanachta a chur i bhfeidhm i mBallstát eile, i gcás réigiún trasteorann idir an dá Bhallstát, dá mba rud é go gcruthófaí baic dlí maidir le comhthionscadal (ítim bhonneagair, b’fhéidir, nó aon seirbhís ar mhaithe leis an leas ginearálta eacnamaíoch) a chur chun feidhme dá gcuirfí dlíthe an Bhallstáit féin i bhfeidhm.

Is éard atá sa sásra sin Gealltanas Trasteorann Eorpach (“Gealltanas”) is infheidhme go díreach, nó Ráiteas Trasteorann Eorpach (“Ráiteas”) óna dteastódh nós imeachta reachtach sa Bhallstát, a thabhairt i gcrích.

Le raon feidhme an Rialacháin atá beartaithe (Airteagal 2) cumhdaítear reigiúin chomhtheorainneacha ar theorainneacha talún. Bunaithe ar an bhfianaise arna bailiú faoin Athbhreithniú Trasteorann agus mar atá leagtha amach sa Teachtaireacht maidir le Réigiúin Teorann, is ag daoine a bhíonn ag idirghníomhú ar theorainneacha talún is mó a bhíonn baic dlí le sárú, mar go dtrasnaíonn daoine teorainneacha ar bhonn laethúil nó ar bhonn seachtainiúil chun obair, foghlaim nó siopadóireacht a dhéanamh nó chun úsáid a bhaint as áiseanna agus seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, nó cumasc de na cúiseanna sin.

In Airteagal 3 liostaítear sainmhínithe atá de dhíth chun an Rialachán atá beartaithe a chur chun feidhme mar aon le roinnt soiléirithe, go háirithe i dtaca le Ballstáit a chumhdaíonn eintitis chríochacha a bhfuil cumhachtaí reachtacha acu, chun a áirithiú go mbeidh gach leibhéal ábhartha de Bhallstát faoi leith in ann baic dlí a leasú faoina inniúlacht féin i gcás inarb ábhartha.

Chun prionsabal na coimhdeachta a urramú, féadfaidh na Ballstáit an Sásra arna bhunú faoin Rialachán atá beartaithe a roghnú nó leanúint ar aghaidh ag baint úsáide as sásraí éifeachtacha eile chun baic dlí a réiteach, nó, maidir le teorainneacha faoi leith, páirt a ghlacadh i sásraí éifeachtacha eile (Airteagal 4). Is dócha gur gá do mhórchuid na mBallstát reachtaíocht a ghlacadh ar dtús lena chur ar chumas na núdarás inniúil Gealltanas a thabhairt i gcrích, lena dtabharfaí deis don Bhallstát, mar thoradh ar a thabhairt i gcrích, forálacha dlí a “tharraingt thar an teorainn anall” ón Bhallstát comharsanachta de mhaolú ar na rialacha náisiúnta is infheidhme “de ghnáth”. Féadfaidh roinnt Ballstát cead a thabhairt dá núdaráis inniúla a nainmneacha a chur le Ráiteas, ag tabhairt gealltanas go rithfidh siad reachtaíocht le haghaidh maolú ó na rialacha náisiúnta is infheidhme “de ghnáth” trí bhíthin gníomh foirmiúil reachtach. I gcás an Ghealltanais is infheidhme go díreach, beidh na rialacha náisiúnta is infheidhme “de ghnáth” fós ann, ach cruthófar maolú de thairbhe an Ghealltanais. I gcás an Ráitis, déanfar na rialacha náisiúnta is infheidhme “de ghnáth” a leasú go foirmiúil chun maolú sainráite a cheadú.

Tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit a roghnaíonn an Sásra arna bhunú faoin Rialachán atá beartaithe Pointí Comhordúcháin Trasteorann náisiúnta a bhunú nó, i gcás na stát cónaidhme, Pointí Comhordúcháin Trasteorann réigiúnacha (Airteagal 5). Ar deireadh, liostaítear in Airteagal 6 tascanna an phointe comhordúcháin ar leibhéal an Aontais, de réir mar atá fógartha sa Teachtaireacht maidir le Réigiúin Teorann agus atá leagtha amach cheana ag Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh an Choimisiúin. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, tugtar cumhachtaí cur chun feidhme le hAirteagal 7 don Choimisiún i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  18 le bunachar sonraí a bhunú chomh maith leis na rialacha lena choinneáil, maidir le cosaint sonraí agus an tsamhail a bheidh le húsáid nuair a dhéanfaidh Pointí Comhordúcháin Trasteorann faisnéis a chur isteach maidir le cur chun feidhme agus úsáid an tSásra. Ní mór don bhunachar sonraí na forálacha maidir le cosaint sonraí faoi Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhlíonadh 19 .

Caibidil 2 - Nós imeachta chun Gealltanas nó Ráiteas a thabhairt i gcrích (Airteagal 8 go hAirteagal 17)

Cuimsíonn an nós imeachta chun Gealltanas nó Ráiteas a thabhairt i gcrích ullmhú agus cur isteach an doiciméid tionscnaimh (Airteagal 8 agus Airteagal 9) atá le dréachtú ag an “tionscnóir”, réamhanailís ag an mBallstát a bhfuil iarrtha air forálacha dlí an Bhallstáit comharsanachta a “tharraingt thar an teorainn anall” (Airteagal 10 agus Airteagal 11), dréachtú an Ghealltanais nó an Ráitis atá le tabhairt i gcrích (Airteagal 12 go hAirteagal 15) agus ar deireadh tabhairt i gcrích an Ghealltanais nó an Ráitis agus a shíniú ag údaráis inniúla an dá Bhallstát (Airteagal 16 agus Airteagal 17).

Go sonrach, leagtar síos le hAirteagal 8 na daoine ar féidir leo bheith ina “dtionscnóirí”: (a) an comhlacht poiblí nó príobháideach atá freagrach as comhthionscadal a thionscnamh nó é a thionscnamh agus a chur chun feidhme (e.g. an comhlacht a eagraíonn iompar poiblí i Strasbourg ag beartú síneadh a chur le trambhealach trasna na teorann go Kehl na Gearmáine); nó (b) údarás áitiúil nó réigiúnach amháin nó níos mó atá lonnaithe i réigiún trasteorann ar leith nó a fheidhmíonn cumhacht phoiblí sa réigiún trasteorann sin (e.g. cathair Strasbourg nó struchtúr idirchomúnach Strasbourg Eurométropole nó cathair Kehl); nó (c) comhlacht, bíodh pearsantacht dhlítheanach aige nó ná bíodh, arna bhunú le haghaidh comhar trasteorann agus atá lonnaithe i réigiún trasteorann ar leith nó a chumhdaíonn réigiún trasteorann ar leith go páirteach ar a laghad, lena náirítear grúpálacha Eorpacha um chomhar críochach faoi Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Euro-réigiúin, Euregio agus comhlachtaí comhchosúla (e.g. GECC Eurodistrict Strasbourg-Ortenau); nó (d) eagraíocht arna bunú thar ceann réigiúin trasteorann a bhfuil sé mar aidhm léi leasa na gcríoch trasteorann a chur chun cinn agus líonrú gníomhaithe agus roinnt eispéireas a éascú, amhail Chomhlachas Réigiúin Theorann na hEorpa, an Mission Opérationnelle Transfrontalière nó Seirbhís Lár na hEorpa do Thionscnaimh Trasteorann; nó (e) cuid de na heintitis dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d).

Ullmhóidh an tionscnóir doiciméad tionscnaimh lena gclúdófar na heilimintí atá liostaithe in Airteagal 9. Tá an maolú ar an dlí náisiúnta is infheidhme “de ghnáth” teoranta a oiread is féidir i ndáil leis an gcríoch a chumhdaíonn sé agus i ndáil lena fhad.

Is iad na príomhghníomhaithe sna Ballstáit ar iarradh orthu Gealltanas nó Ráiteas a thabhairt i gcrích na Pointí Comhordúcháin Trasteorann náisiúnta nó réigiúnacha a dhéanfaidh idirchaidreamh le gach údarás inniúil sa Bhallstát agus lena gcontrapháirtí nó lena gcontrapháirtithe sa Bhallstát comharsanachta (Airteagal 10 agus Airteagal 11). Faoi sprioc-am ar leith, ní mór don Phointe ComhordúcháinTrasteorann gníomhú agus cinneadh a dhéanamh an seolfaidh sé nós imeachta lena dtabharfar i gcríoch Gealltanas nó Ráiteas, an bhfuil an bac dlí “fíor” agus ar aimsíodh, i gcás constaic amháin nó níos mó, réiteach a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm. Féadfar iarraidh ar an tionscnóir a dhoiciméad a athbhreithniú nó cur leis (Airteagal 12).

Nuair a mheasfar go bhfuil an doiciméad tionscnaimh iomlán, ní mór don Phointe Comhordúcháin Trasteorann dréacht-Ghealltanas nó dréacht-Ráiteas a ullmhú agus, faoi sprioc-am ar leith freisin, teacht ar chomhaontú leis an mBallstát eile maidir leis an téacs (Airteagal 13 go hAirteagal 15) agus ansin é a thabhairt i gcrích (Airteagal 16 go hAirteagal 17). Ní mór na heilimintí a liostaítear in Airteagal 14(1) a bheith leagtha amach sa Ghealltanas nó Ráiteas sínithe. Ní mór an Gealltanas nó an Ráiteas sínithe a tharchur ní amháin chuig an tionscnóir, ach ina theannta sin, chuig Pointe Comhordúcháin Trasteorann an Bhallstát comharsanachta, údarás inniúil a Bhallstát féin, lárionad comhordúcháin an Aontais agus chuig an údarás nó an comhlacht arna ainmniú ag Ballstát an ghealltanais le haghaidh foilsiú oifigiúil (Airteagal 17(2)(e)).

Caibidil 3 - Gealltanais nó Ráitis a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu (Airteagal 18 go hAirteagal 20)

Déantar an Gealltanas a chur chun feidhme, i gcás inarb ábhartha, trí leasú a dhéanamh ar ghníomhartha riaracháin atá ann cheana bunaithe ar an dlí is infheidhme “de ghnáth” nó trí ghníomhartha riaracháin nua a ghlacadh bunaithe ar an dlí “arna tharraingt thar an teorainn anall” (Airteagal 18). I gcás ina bhfuil údaráis éagsúla inniúil maidir le gnéithe éagsúla de bhac casta dlí, ba cheart clár ama do gach ceann de na gnéithe sin a bheith ag gabháil leis an nGealltanas. Chun prionsabal na coimhdeachta a urramú, ba cheart glacadh agus tarchur na ngníomhartha riaracháin leasaithe sin nó na ngníomhartha riaracháin nua sin a rialú faoin dlí náisiúnta maidir le nósanna imeachta riaracháin (Airteagal 18(5)).

Ní mór an Ráiteas a bheith curtha chun feidhme trí thogra amháin nó níos mó a chur faoi bhráid an chomhlachta inniúil reachtaigh chun leasú a dhéanamh ar an dlí náisiúnta leis na maoluithe riachtanacha a chumhdach (Airteagal 19).

Sa dá chás, nuair atá na céimeanna beartaithe go léir curtha i bhfeidhm, ní mór don Phointe Comhordúcháin Trasteorann é a chur in iúl dá chontrapháirtí sa Bhallstát eile agus don phointe comhordúcháin ar leibhéal an Aontais (Airteagal 18(4) agus (5) agus Airteagal 19(6) agus (7)).

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gur féidir leis an bPointe Comhordúcháin Trasteorann a mheabhrú don údarás inniúil cloí leis na spriocanna agus na cláir ama dá dtagraítear in Airteagal 14(3) agus in Airteagal 18(1) agus gur féidir aon spriocanna nó cláir ama arna leagan síos in aon Ghealltanas nó Ráiteas agus nár cloíodh leo a chur in iúl don údarás atá ag déanamh maoirseachta ar údarás inniúil an ghealltanais nó don chomhalta inniúil rialtais (Airteagal 6(2)(e)).

Ba cheart do Bhallstáit cinneadh a dhéanamh faoi na húdaráis a bheidh ag déanamh faireacháin ar chomhlíonadh Gealltanais ar leith agus ar chomhlíonadh na bhforálacha leasaithe arna nglacadh de bhun Ráitis (Airteagal 20). Bunaithe ar na gníomhartha riaracháin ba cheart faireachán a dhéanamh ar urramú oibleagáidí agus chearta na seolaithe luaite ann. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh an bhfuil an faireachán sin le déanamh ag údaráis an Bhallstáit a d’aistrigh a fhorálacha dlí ós rud é go bhfuil na húdaráis sin níos eolaí ar na rialacha sin nó an bhfuil sé le déanamh ag údaráis an Bhallstáit ina bhfuil na forálacha sin le cur i bhfeidhm ós rud é go bhfuil na húdaráis sin níos eolaí ar chóras dlí Bhallstáit an ghealltanais agus leis an dlí lena rialaítear na seolaithe.

Caibidil 4 - Cosaint dhlíthiúil faoi Ghealltanas agus faoi Ráiteas (Airteagal 21 agus Airteagal 22)

Bunaithe ar an taithí ar Rialachán GECC a chaibidliú, agus mar fhreagairt ar ábhair shonracha imní atá ag roinnt Ballstáit, is iomchuí aghaidh a thabhairt ar chosaint dhlíthiúil ar dhaoine a bhfuil cónaí orthu i réigiún trasteorann agus a mheasann go ndearnadh éagóir orthu le gníomhartha nó le neamhghníomhartha a d’eascair as cur chun feidhme na núdarás, faoi Ghealltanas nó faoi Ráiteas, d’fhoráil dlí Bhalstát eile (Airteagal 21(1)).

Maidir le Gealltanais agus Ráitis araon, cuirtear dlí an Bhallstáit comharsanachta i bhfeidhm i mBallstát an ghealltanais de réir mar atá sé ionchorpraithe ina reachtaíocht féin agus dá bhrí sin ba cheart don chosaint dhlíthiúil a bheith faoi chúram cúirteanna Bhallstáit an ghealltanais fiú i gcás ina bhfuil cónaí orthu go dlíthiúil i mBallstáit an aistrithe. Ba cheart feidhm a bheith ag an méid sin freisin maidir le sásamh dlíthiúil ón mBallstát a bhfuil agóid á dhéanamh in aghaidh a ghníomh riaracháin (Airteagal 21(2)). Mar shampla, níor cheart agóid a dhéanamh in aghaidh gníomh riaracháin lena gceadaítear do thram feidhmiú ar chríoch na Gearmáine faoi dhlí na Fraince ach amháin i gcúirteanna na Gearmáine.

Ba cheart feidhm a bheith ag cur chuige éagsúil maidir le sásamh dlíthiúil in aghaidh an bhfaireachán ar chur i bhfeidhm an Ghealltanais agus an Ráitis. Má ghlacann údarás ón mBallstát comharsanachta (e.g. an Fhrainc) leis go ndéanfaidh sé faireachán ar chur i bhfeidhm an dlí leasaithe sa Ghearmáin (trí fhorálacha de chuid na Fraince a thabhairt anall agus maolú a dhéanamh ar fhorálacha de chuid na Gearmáine is infheidhme “de ghnáth”) agus más féidir leis gníomhú ina ainm féin maidir le daoine atá ina gcónaí sa réigiún trasteorann, is iad cúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil cónaí dlíthiúil na ndaoine sin na cúirteanna inniúla (Airteagal 22(1)). Mar sin de, más féidir le húdarás de chuid na Fraince, ag gníomhú dó in ainm féin, gníomh riaracháin a ghlacadh atá dírithe ar an oibreoir tram a bhfuil a chónaí dlíthiúil sa Fhrainc (agus ina sonraítear nár chloígh an toibreoir tram le dlí na Fraince maidir le ceanglais theicniúla i ndáil le comharthaí leictreacha ar chríoch na Gearmáine), is iad cúirteanna na Fraince atá inniúil. Ach murar féidir le húdarás inniúil an aistrithe gníomhú ina ainm féin, agus nach féidir leis gníomhú ach in ainm údarás inniúil an ghealltanais, ba cheart cúirteanna Bhallstát an ghealltanais a bheith inniúil, beag beann ar an áit a bhfuil cónaí dlíthiúil an duine (Airteagal 22(2)). Mar sin, má dhéanann an túdarás de chuid na Fraince faireachán ar an gcomhlíonadh le dlí na Fraince, ach gur in ainm an údaráis de chuid na Gearmáine atá an gníomh riaracháin, is iad cúirteanna n Gearmáine atá inniúil.

Caibidil 5 - Forálacha cur chun feidhme agus forálacha críochnaitheacha (Airteagal 23 go hAirteagal 26)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, go háirithe i ndáil le malartú faisnéise idir na Pointí Comhordúcháin Trasteorann agus an Coimisiún trí bhíthin bhunachar sonraí arna bhunú agus arna choinneáil ag an gCoimisiún, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt i gcomhréir leis an reachtaíocht maidir le nós imeachta coiste. Chun críocha praiticiúla agus comhordúcháin, is ‘Coiste Comhordúcháin i gcomhair Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa’ a bheidh ann (Airteagal 23).

Leis na forálacha críochnaitheacha 20 leagtar síos oibleagáid na mBallstát na forálacha náisiúnta a dhéanamh is gá chun cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin atá beartaithe a áirithiú (Airteagal 24(1)) agus an Coimisiún a chur ar an eolas laistigh de bhliain ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin atá beartaithe maidir leis an dá riail chur chun feidhme náisiúnta sin agus maidir le cur ar bun Pointí Comhordúcháin Trasteorann náisiúnta agus réigiúnacha (Airteagal 24(2)).

Ós rud é go sonrófar sna forálacha sin na reigiúin trasteorann de Bhallstát ar leith a chumhdófar leis an Sásra, beidh an Coimisiún in ann a mheas an bhfuil an Ballstát tar éis sásra éagsúil eile a roghnú i leith na teorann nach bhfuil luaite. Mar sin fein, ba cheart do na Ballstáit rogha mar sin a chur in iúl go sainráite faoi Airteagal 4, ach gan spriocdháta (Airteagal 24(3)).

Leagtar síos le hAirteagal 25 oibleagáid an Choimisiúin tuarascáil a chur ar fáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin atá beartaithe laistigh de chúig bliana tar eis a ghlacadh.

Ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin a chur siar aon bhliain amháin tar éis a theacht i bhfeidhm chun bliain a thabhairt do na Ballstáit lena fhorálacha cur chun feidhme náisiúnta a ghlacadh (Airteagal 26).

2018/0198 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le sásra chun constaicí dlí agus riaracháin a réiteach i gcomhthéacs trasteorann

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 175 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 21 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 22 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Déantar foráil sa tríú fomhír d’Airteagal 175 den Chonradh maidir le gníomhartha sonracha atá le cinneadh lasmuigh de na Cistí is ábhar don chéad fhomhír den Airteagal sin, chun an comhtháthú sóisialta agus eacnamaíoch atá beartaithe ag an gConradh a bhaint amach. Is gá an comhar críochach a neartú ar mhaithe le forbairt chomhchuí chríoch iomlán an Aontais agus níos mó comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach. Chuige sin, is iomchuí na bearta a ghlacadh is gá leis na coinníollacha cur chun feidhme a fheabhsú le haghaidh gníomhartha comhair chríochaigh.

(2)In Airteagal 174 den Chonradh tugtar aitheantas do na dúshláin atá le sárú ag réigiúin teorann agus déantar foráil ann gur cheart don Aontas aird faoi leith a thabhairt ar na réigiúin sin, agus gníomhaíochtaí á bhforbairt agus á saothrú aige, gníomhartha a mbeidh neartú ar chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais mar thoradh orthu. Mar gheall ar an méadú ar líon na dteorainneacha talún agus muirí, tá daichead teorainn inmheánach talún ag an Aontas agus a chomharsana i gComhlachas Saorthrádála na hEorpa (‘CSTE’).

(3)Ina Theachtaireacht dar teideal ‘Borradh a chur faoin bhfás agus faoin gcomhtháthú i réigiúin atá lonnaithe ar theorainneacha an Aontais Eorpaigh’ 23 (‘Teachtaireacht maidir le Réigiúin Teorann’), tá sé á leagan amach ag an gCoimisiún go bhfuil próiseas lánpháirtíochta na hEorpa ag cabhrú, le roinnt mhaith blianta anuas, le réigiúin teorann inmheánacha iad féin a athrú ó cheantair imeallacha den chuid is mó go ceantair fáis ina bhfuil deiseanna ar fáil. A bhuí le tabhairt chun críche an Mhargaidh Aonair in 1992, tá borradh tagtha faoi tháirgiúlacht an Aontais agus laghdú ar chostais trí dheireadh a bheith curtha le foirmiúlachtaí custaim, trí rialacha teicniúla a bheith comhchuibhithe nó aitheanta go frithpháirteach agus trí phraghsanna níos ísle a bheith ann de bharr iomaíochais; tá méadú de 15% tagtha ar thrádáil laistigh den Aontas thar 10 mbliana; tá fás breise ginte agus cruthaíodh tuairim is 2.5 milliún post breise.

(4)Tá fianaise tugtha sa Teachtaireacht maidir le Réigiúin Teorann freisin go bhfuil bacainní go fóill i réigiúin teorann, go háirithe iad siúd a bhaineann le seirbhísí sláinte, rialú saothair, cánacha, forbairt ghnó, chomh maith le bacainní atá nasctha le héagsúlachtaí ó thaobh cultúir riaracháin agus creataí náisiúnta dlí de. Ní leor cistiú an Chomhair Chríochaigh Eorpaigh ná an tacaíocht institiúideach don chomhar ó ghrúpálacha Eorpacha um chomhar críochach (GECCanna) astu féin chun aghaidh a thabhairt ar réiteach na mbacainní sin atá ina bhfíorbhaic ar chomhar éifeachtach.

(5)Ó 1990 tá cláir faoi sprioc an Chomhair Chríochaigh Eorpaigh, nó ‘Interreg’ 24 mar is fearr aithne air, tá siad ag tacú le cláir um chomhar trasteorann i réigiúin teorann an Aontais, lena náirítear na teorainneacha le tíortha CSTE. Tá na mílte tionscadal agus tionscnamh cistithe aige a chuidigh le feabhas a chur ar imeascadh na hEorpa. Ar phríomh-mhórghníomhartha chláir Interreg tá an méid seo a leanas: muinín mhéadaithe, níos mó nascachta, comhshaol feabhsaithe, sláinte níos fearr agus fás eacnamaíoch. Ó thionscadail idir daoine trí bhíthin infheistíochtaí sa bhonneagar agus tacaíocht do thionscnaimh institiúideacha chomhair, tá fíordhifríocht déanta ag Interreg i réigiúin teorann agus tá sé tar éis cabhrú lena gclaochlú. Tá tacaíocht tugtha ag Interreg do chomhar ar theorainneacha muirí ar leith freisin. Is fadhb i bhfad níos lú iad na baic dlí i réigiúin na dteorainneacha muirí, áfach, mar nach féidir go fisiciúil an teorainn a thrasnú gach lá nó cúpla uair sa tseachtain chun obair, foghlaim agus oiliúint, nó siopadóireacht a dhéanamh nó chun úsáid a bhaint as áiseanna agus seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch ginearálta, nó meascán de na cúiseanna sin nó le haghaidh idirghabhálacha éigeandála pras.

(6)Comhlánaíodh tacaíocht airgeadais ó Interreg do chomhar trasteorann leis na GECCanna, atá ar bun ó 2006 faoi Rialachán (AE) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 25 . De bhun an chéad fhomhír d’Airteagal 7(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006, áfach, ní féidir le GECCanna cumhachtaí rialála a fheidhmiú chun baic dlí agus riaracháin a réiteach i gcomhthéacs trasteorann.

(7)Sa Teachtaireacht maidir le Réigiúin Teorann ón gCoimisiún, tagraíodh i measc bearta eile do thionscnamh ar cuireadh tús leis faoi Uachtaránacht Lucsamburg in 2015: Tá roinnt Ballstát ag breathnú ar an bhfiúntas a bhainfeadh le hionstraim nua chun tionscadail trasteorann a shimpliú trí rialacha Bhallstát amháin a chur i bhfeidhm sa Bhallstát comharsanachta, ar bhonn deonach agus comhaontaithe ag na húdaráis inniúla atá i gceannas. Bheadh feidhm aige sin maidir le tionscadal aonair nó gníomhaíocht atá teoranta ó thaobh ama de, lonnaithe i réigiún teorann agus tosaithe ag údaráis áitiúla nó réigiúnacha.

(8)Cé go bhfuil roinnt sásraí éifeachtacha le haghaidh comhar trasteorann ann cheana ar leibhéal idir-rialtasach, leibhéal réigiúnach agus leibhéal áitiúil i réigiúin áirithe de chuid an Aontais, ní chumhdaíonn siad gach réigiún teorann san Aontas. Chun na córais atá ann cheana a chomhlánú, is gá sásraí deonacha a chur ar bun chun constaicí dlí agus riaracháin a réiteach i ngach réigiún teorann (‘an Sásra’).

(9)Chun leagan amach bunreachtúil agus institiúideach na mBallstát a urramú, ba cheart úsáid an tSásra a bheith ar bhonn deonach i ndáil leis na réigiúin teorann sin de chuid Bhallstáit ina bhfuil sásra éifeachtach eile nó ina bhféadfaí ceann a bhunú leis an mBallstát comharsanachta. Ba cheart dhá bheart a bheith ann: síniú agus tabhairt i gcrích Gealltanais Trasteorann Eorpaigh (an ‘Gealltanas’) nó síniú Ráitis Trasteorann Eorpaigh (an ‘Ráiteas’).

(10)Ba cheart an Gealltanas a bheith infheidhme go díreach, is é sin go bhfuil forálacha dlí áirithe de chuid Ballstáit amháin le cur i bhfeidhm ar chríoch an Bhallstáit comharsanachta nuair atá an Gealltanas tugtha i gcrích. Ba cheart é a bheith inghlactha go bhfuil gníomh reachtach le glacadh ag na Ballstáit chun tabhairt i gcrích Gealltanais a cheadú, ionas nach bhféadfaidh aon údarás maolú, de shárú ar an tsoiléireacht dlí agus ar an trédhearcacht nó orthu araon, ar reachtaíocht náisiúnta arna glacadh go foirmiúil ag comhlacht reachtach ach amháin an comhlacht reachtach áirithe sin.

(11)Bheadh gá le nós imeachta reachtach go fóill sa Bhallstát i dtaca leis an Ráiteas. Ba cheart don údarás atá ag tabhairt an Ráiteas i gcrích ráiteas foirmiúil a thabhairt go spreagfaidh sé, faoi spriocdháta faoi leith, an nós imeachta reachtach is gá chun an dlí náisiúnta is infheidhme de ghnáth a leasú agus dlí Ballstáit comharsanachta a chur i bhfeidhm, de mhaolú sainráite.

(12)Is ag daoine a bhíonn ag idirghníomhú ar theorainneacha talún is mó a bhíonn baic dlí le sárú, mar go dtrasnaíonn daoine teorainneacha ar bhonn laethúil nó ar bhonn seachtainiúil. Chun éifeacht an Rialacháin seo a dhíriú ar na réigiúin is gaire don teorainn agus leis an leibhéal is airde lánpháirtíochta agus idirphlé idir Ballstáit chomharsanachta, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le réigiúin trasteorann de réir bhrí na críche a chumhdaítear le réigiúin teorann chomharsantacha talún in dhá Bhallstát nó níos mó ag réigiúin leibhéal NUTS 3 26 . Níor cheart don mhéid sin cosc a chur ar Bhallstáit an Sásra a chur i bhfeidhm freisin maidir le teorainneacha muirí agus teorainneacha seachtracha seachas na teorainneacha le tíortha CSTE.

(13)Chun tascanna na núdarás éagsúil a chomhordú, a mbeidh comhlachtaí reachtacha náisiúnta agus réigiúnacha ina meas i roinn Ballstát, laistigh de Bhallstát ar leith agus idir údaráis i mBallstáit chomharsanachta, ba cheart go mbeadh sé d’oibleagáid ar gach Ballstát a roghnaíonn an Sásra Pointí Comhordúcháin Trasteorann náisiúnta agus, nuair is infheidhme, réigiúnacha a bhunú agus a dtascanna agus a ninniúlachtaí a shainiú le linn chéimeanna éagsúla an tSásra lena gcumhdaítear tionscnamh, tabhairt chun críche, cur chun feidhme agus faireachán na nGealltanas agus na Ráiteas.

(14)Ba cheart don Choimisiún pointe comhordúcháin a bhunú ar leibhéal an Aontais, mar a fógraíodh sa Teachtaireacht maidir le Réigiúin Teorann. Ba cheart don phointe comhordúcháin idirchaidreamh a dhéanamh leis na Pointí Comhordúcháin Trasteorann náisiúnta éagsúla agus, i gcás inarb ábhartha, leis na Pointí Comhordúcháin Trasteorann réigiúnacha. Ba cheart don Choimisiún bunachar sonraí maidir le Gealltanais agus Ráitis a bhunú agus a choinneáil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 27 .

(15)Ba cheart don Rialachán seo an nós imeachta a leagan amach chun Gealltanas nó Ráiteas a thabhairt i gcrích agus tuairisc mhionsonraithe a thabhairt ar na céimeanna éagsúla; ullmhú agus cur isteach doiciméid tionscnaimh, réamhanailís ag an mBallstát atá chun forálacha dlí an Bhallstáit comharsanachta a chur i bhfeidhm, ullmhú an Ghealltanais nó an Ráitis atá le tabhairt i gcrích agus ar deireadh an próiseas tabhairt i gcrích don Ghealltanas agus don Ráiteas araon. Ba cheart na gnéithe atá le cumhdach sa doiciméad tionscnaimh, sa dréacht agus sna Gealltanais deiridh agus sna Ráitis dheiridh a bheith leagtha amach go mion freisin, chomh maith leis na spriocdhátaí infheidhme.

(16)Go sonrach, ba cheart don Rialachán seo sainmhíniú a thabhairt ar na daoine is féidir bheith ina thionscnóir ar chomhthionscadal. Ós rud é gur cheart don Sásra feabhas a chur ar chur chun feidhme comhthionscadal trasteorann, ba cheart don chéad ghrúpa a bheith comhdhéanta de chomhlachtaí a bhfuil comhthionscadal den sórt sin á thionscnamh acu nó á thionscnamh agus á chur chun feidhme acu. Ba cheart an téarma ‘tionscadal’ a thuiscint sa chiall is leithne, a chumhdaíonn mír bonneagair nó roinnt gníomhaíochtaí i ndáil le críoch ar leith nó iad araon. Ar an dara dul síos, ba cheart an chumhacht a thabhairt d’údarás áitiúil nó údarás réigiúnach atá lonnaithe i réigiún trasteorann ar leith nó a fheidhmíonn cumhacht phoiblí sa réigiún trasteorann sin dlí náisiúnta atá ina bhac, ach a bhfuil leasú ar an dlí sin nó maolú air lasmuigh dá inniúlacht institiúideach, a chur i bhfeidhm as a stuaim féin. Ar an tríú dul síos, ba cheart do chomhlachtaí arna mbunú le haghaidh comhar trasteorann agus atá lonnaithe i réigiún trasteorann ar leith nó a chumhdaíonn réigiún trasteorann ar leith go páirteach ar a laghad, lena náirítear GECCanna, nó comhlachtaí comhchosúla chun forbairt trasteorann a eagrú ar bhealach struchtúrtha a bheith ina dtionscnóirí. Ar deireadh, maidir le comhlachtaí atá speisialaithe i gcomhar trasteorann agus a d’fhéadfadh a bheith ar an eolas freisin maidir le réitigh éifeachtacha atá le fáil in áiteanna eile san Aontas le haghaidh saincheist inchomparáide, ba cheart iad a bheith cumasaithe chun tionscnamh a thosú. Chun sineirgíocht a chruthú idir comhlachtaí a bhfuil tionchar díreach ag an gconstaic orthu agus na daoine sin a bhfuil saineolas acu maidir le comhar trasteorann go ginearálta, féadfaidh gach grúpa an Sásra a chomhthionscnamh.

(17)Ba cheart gur na príomhghníomhaithe sna Ballstáit ar iarradh orthu Gealltanas nó Ráiteas a thabhairt i gcrích a bheidh mar na Pointí Comhordúcháin Trasteorann náisiúnta nó réigiúnacha faoi seach atá le hidirchaidreamh a dhéanamh le gach údarás inniúil ina Bhallstát agus lena chontrapháirtí sa Bhallstát comharsanachta. Ba cheart a leagan síos go soiléir freisin gur féidir leis an bPointe Comhordúcháin Trasteorann cinneadh a dhéanamh an bhfuil nós imeachta lena dtabharfar i gcrích Gealltanas nó Ráiteas le seoladh nó an bhfuil réiteach aimsithe cheana a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm maidir le bac dlí amháin nó níos mó. Ar an taobh eile, ba cheart a leagan síos freisin, maidir leis an mBallstát a bhfuil a fhorálacha dlí le cur i bhfeidhm sa Bhallstát eile, go bhféadfadh an Ballstát sin an cur i bhfeidhm sin lasmuigh dá chríoch a dhiúltú. Ba cheart údar a bheith le haon chinneadh agus é a chur in iúl.

(18)Ba cheart don Rialachán rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le cur chun feidhme, chur i bhfeidhm agus faireachán ar na Gealltanais agus na Ráitis atá le tabhairt i gcrích agus a shíniú.

(19)Is éard ba cheart a bheidh i gcur chun feidhme Gealltanais is infheidhme go díreach forálacha náisiúnta Ballstáit eile a chur i bhfeidhm. Is éard ba cheart a bheith i gceist leis sin leasú a dhéanamh ar ghníomh reachtach atá ceangailteach ó thaobh dlí de agus a glacadh cheana i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme de ghnáth nó, murab ann don ghníomh sin, gníomh reachtach nua a ghlacadh bunaithe ar reachtaíocht Ballstáit eile. I gcás ina bhfuil údaráis éagsúla inniúil maidir le gnéithe éagsúla de bac casta dlí, ba cheart clár ama do gach ceann de na gnéithe sin a bheith ag gabháil leis an nGealltanas. Chun prionsabal na coimhdeachta a urramú, ba cheart do ghlacadh agus tarchur na ngníomhartha riaracháin leasaithe sin nó na ngníomhartha riaracháin nua sin an dlí náisiúnta maidir le nósanna imeachta riaracháin a leanúint.

(20)Is éard ba cheart a bheith go príomha i gcur chun feidhme Ráiteas a ullmhú agus cur isteach togra reachtaigh chun an dlí náisiúnta atá ann cheana a leasú nó chun maolú air. Tar éis do na leasuithe nó maoluithe sin a bheith glactha, ba cheart iad a phoibliú agus a chur chun feidhme ar nós na nGealltanas le leasú agus glacadh gníomhartha riaracháin atá ceangailteach ó thaobh dlí de.

(21)Bunaithe ar na gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí de, ba cheart faireachán a dhéanamh ar urramú oibleagáidí agus chearta na seolaithe. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh an bhfuil an faireachán sin le déanamh ag údaráis an Bhallstáit a d’aistrigh a fhorálacha dlí ós rud é go bhfuil na húdaráis sin níos eolaí ar na rialacha sin nó an bhfuil an faireachán sin le déanamh ag údaráis an Bhallstáit ina bhfuil na forálacha sin le cur i bhfeidhm ós rud é go bhfuil na húdaráis sin níos eolaí ar chóras dlí Bhallstáit an ghealltanais agus leis an dlí lena rialaítear na seolaithe.

(22)Ba cheart soiléiriú a thabhairt ar chosaint ar dhaoine a bhfuil cónaí orthu i réigiúin trasteorann a bhfuil tionchar díreach nó indíreach orthu ag cur i bhfeidhm agus faireachán Gealltanais agus ag an reachtaíocht arna leasú de bhun Ráitis, daoine a mheasann go ndearnadh éagóir orthu le gníomhartha nó le neamhghníomhartha a d’eascair as an gcur i bhfeidhm. Maidir le Gealltanais agus Ráitis araon, chuirfí dlí an Bhallstáit comharsanachta i bhfeidhm i mBallstát an ghealltanais de réir mar atá sé ionchorpraithe ina reachtaíocht féin agus dá bhrí sin ba cheart don chosaint dhlíthiúil a bheith faoi chúram cúirteanna Bhallstáit an ghealltanais fiú i gcás ina bhfuil cónaí orthu go dlíthiúil i mBallstát an aistrithe. Ba cheart feidhm a bheith ag bprionsabal céanna maidir le sásamh dlíthiúil ón mBallstát a bhfuil agóid á dhéanamh in aghaidh a ghníomh riaracháin. Ba cheart feidhm a bheith ag cur chuige éagsúil, áfach, maidir le sásamh dlíthiúil in aghaidh an bhfaireachán ar chur i bhfeidhm an Ghealltanais agus an Ráitis. Má ghlacann údarás ó Bhallstát an aistrithe leis go ndéanfaidh sé faireachán ar chur i bhfeidhm forálacha leasaithe dlí Bhallstát an ghealltanais agus más féidir leis gníomhú i leith daoine a bhfuil cónaí orthu sa cheantar trasteorann thar ceann údaráis Bhallstát an ghealltanais, ach ina ainm féin, ba cheart cúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil cónaí dlíthiúil ar na daoine sin a bheith inniúil. Ar an taobh eile, i gcás nach féidir le húdarás inniúil an aistrithe gníomhú ina ainm féin, ach in ainm údaráis inniúil an ghealltanais, ba cheart cúirteanna Bhallstát an ghealltanais a bheith inniúil, beag beann ar an áit ina bhfuil cónaí dlíthiúil ar an duine.

(23)Ba cheart rialacha a bheith leagtha amach sa Rialachán maidir lena chur chun feidhme, le faireachán ar a chur i bhfeidhm agus le hoibleagáidí na mBallstát i ndáil lena rialacha náisiúnta cur chun feidhme.

(24)Chun bunachar sonraí a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 8, ba chóir cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún le rialacha a leagan síos maidir lena reáchtáil, maidir le cosaint sonraí agus maidir leis an tsamhail a bheidh le húsáid nuair a dhéanfaidh Pointí Comhordúcháin Trasteorann faisnéis a chur isteach maidir le cur chun feidhme agus úsáid an tSásra. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin faoi Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 28 . Chun críocha praiticiúla agus comhordúcháin, ba cheart don ‘Choiste Comhordúcháin do Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa’ a bheith ina choiste is inniúil don phróiseas chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh.

(25)Ní mór do na rialacha náisiúnta cur chun feidhme na réigiúin teorann de Bhallstát ar leith atá cumhdaithe leis an nGealltanas nó leis an Ráiteas a shonrú. Dá bhrí sin, beidh an Coimisiún in ann a mheas an bhfuil an Ballstát tar éis sásra éagsúil eile a roghnú i leith na teorann nach bhfuil luaite.

(26)Urramaítear na cearta bunúsacha leis an Rialachán seo mar aon leis na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8), an ceart chun oideachais (Airteagal 14), an tsaoirse chun gairm bheatha a roghnú agus an ceart chun dul i mbun oibre (Airteagal 15), go háirithe an tsaoirse chun fostaíocht a lorg, chun obair a dhéanamh, agus chun an ceart chun gnóthas a chur ar bun agus seirbhísí a sholáthar in aon Bhallstát a fheidhmiú, an tsaoirse chun gnó a sheoladh (Airteagal 16 ), rochtain ar an tslándáil shóisialta agus ar an gcúnamh sóisialta (Airteagal 34), rochtain ar chúram sláinte (Airteagal 35) agus rochtain ar sheirbhísí ar mhaithe leis an leas ginearálta eacnamaíoch (Airteagal 36).

(27)Ba cheart na coinníollacha le haghaidh comhar críochach a chruthú i gcomhréir leis an bprionsabal coimhdeachta atá cumhdaithe in Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Tá na Ballstáit tar éis tabhairt faoi thionscnaimh aonair, dhéthaobhacha agus fiú iltaobhacha chun constaicí teorann dlí a réiteach. Níl na sásraí sin sna Ballstáit go léir, áfach, nó níl siad ann do gach teorainn i mBallstát faoi leith. Ní leor na hionstraimí maoiniúcháin (Interreg den chuid is mó) agus na hionstraimí dlíthiúla (Grúpálacha Eorpacha um Chomhar Críche den chuid is mó) a chuirtear ar fáil ar leibhéal an Aontais go dtí seo chun bacainní teorann dlíthiúla a réiteach ar fud an Aontais. Dá réir sin ní féidir leis na Ballstáit cuspóir na gníomhaíochta beartaithe a bhaint amach ar leibhéal lárnach ná ar leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal áitiúil, ach is féidir, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta beartaithe, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, is gá tuilleadh gníomhaíochta ó reachtóir an Aontais.

(28)I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach in Airteagal 5(4) CAE, níor cheart inneachar agus foirm ghníomhaíocht an Aontais a dhul thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a ghnóthú. Is ar bhonn deonach a bhainfear úsáid as an sásra sonrach arna bhunú faoin Rialachán seo. I gcás ina ndéanfaidh Ballstát cinneadh, maidir le teorainn shonrach le Ballstát comharsanachta amháin nó níos mó, leanúint de bhaic dlí i réigiún sonrach trasteorann a réiteach faoi na sásraí éifeachtacha atá curtha ar bun aige ar an leibhéal náisiúnta nó atá curtha ar bun aige go foirmiúil nó go neamhfhoirmiúil, in éineacht le Ballstát comharsanachta amháin nó níos mó, ní gá an Sásra atá curtha ar bun faoin Rialachán seo a roghnú. Ar an gcaoi chéanna, i gcás ina ndéanann Ballstát cinneadh, maidir le teorainn shonrach le Ballstát comharsanachta amháin nó níos mó, bheith páirteach i sásra éifeachtach atá ann cheana arna bhunú go foirmiúil nó go neamhfhoirmiúil ag Ballstát comharsanachta amháin nó níos mó, ar choinníoll go gceadaítear aontachas leis an sásra sin, arís, ní gá an Sásra arna bhunú faoin Rialachán seo a roghnú. Dá bhrí sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóirí a bhaint amach do na réigiúin trasteorann sin, réigiúin nach bhfuil aon sásraí éifeachtúla i bhfeidhm ag na Ballstáit ina leith chun baic dlí a réiteach.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1
Ábhar

1.Leis an Rialachán seo cuirtear ar bun sásra le gur féidir forálacha dlí ó Bhallstát amháin a chur i bhfeidhm i mBallstát eile, maidir le réigiún trasteorann, i gcás ina gcruthófaí bac dlí ar chur chun feidhme comhthionscadail dá gcuirfí forálacha dlí an dara Ballstáit i bhfeidhm (‘an Sásra’).

2.Cuimseofar ceann de na bearta seo a leanas leis an Sásra:

(a)tabhairt i gcrích Gealltanais Trasteorann Eorpaigh, is infheidhme go díreach,

(b)tabhairt i gcrích Ráitis Trasteorann Eorpaigh, óna dteastódh nós imeachta reachtach sa Bhallstát.

3.Sa Rialachán seo leagtar síos an méid seo a leanas freisin

(a)eagrúchán agus tascanna Pointí Comhordúcháin Trasteorann sna Ballstáit,

(b)ról comhordaithe an Choimisiúin i ndáil leis an Sásra,

(c)cosaint dhlíthiúil ar dhaoine a bhfuil cónaí orthu i réigiún trasteorann i ndáil leis an Sásra.

Airteagal 2
Raon feidhme

1.Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le réigiúin trasteorann mar atá siad sainmhínithe i bpointe (1) d’Airteagal 3.

2.I gcás ina gcuimsíonn Ballstát roinnt eintiteas críochach ag a bhfuil cumhachtaí reachtacha, beidh feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir leis na heintitis chríochacha sin lena náirítear a núdaráis nó a bhforálacha dlí faoi seach.

Airteagal 3
Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘réigiún trasteorann’ an críoch arna chumhdú ag réigiúin chomharsanachta teorann talún in dhá Bhallstát nó níos mó ag réigiúin leibhéal NUTS 3;

(2)ciallaíonn ‘comhthionscadal’ aon mír bonneagair ag a bhfuil tionchar i réigiún trasteorann ar leith nó aon seirbhís ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch ginearálta a sholáthraítear i réigiún trasteorann ar leith;

(3)ciallaíonn ‘foráil dlí’ aon fhoráil dlí nó riaracháin, aon riail nó aon chleachtas riaracháin is infheidhme maidir le comhthionscadal, beag beann ar cibé acu an bhfuil sé glactha nó curtha chun feidhme ag comhlacht reachtach nó feidhmiúcháin;

(4)ciallaíonn ‘bac dlí’ aon fhoráil dlí maidir le pleanáil, forbairt, soláthar foirne, maoiniú nó feidhmiú comhthionscadail, a chuireann bac ar phoitéinseal dúchasach réigiúin teorann agus idirphlé trasna na teorann ar siúl;

(5)ciallaíonn ‘tionscnóir’ an gníomhaí a shainaithníonn an baic dlí agus a chuireann an Sásra i ngnímh trí dhoiciméad tionscnaimh a chur isteach;

(6)ciallaíonn ‘doiciméad tionscnaimh’ an doiciméad arna ullmhú ag tionscnóir amháin nó níos mó chun an Sásra a ghníomhú;

(7)ciallaíonn ‘Ballstát an ghealltanais’ an Ballstát a mbeidh feidhm ag foráil dlí amháin nó níos mó ó Bhallstát an aistrithe ar a chríocha faoi Ghealltanas Trasteorann Eorpach ar leith (an “Gealltanas”) nó faoi Ráiteas Trasteorann Eorpach ar leith (an “Ráiteas”) nó i gcás ina mbunófar réiteach dlíthiúil ad hoc in éagmais foráil iomchuí dlí;

(8)ciallaíonn ‘Ballstát an aistrithe’ an Ballstát a mbeidh feidhm ag a fhorálacha dlí i mBallstát an ghealltanais faoi Ghealltanas nó Ráiteas ar leith;

(9)ciallaíonn ‘údarás inniúil an ghealltanais’ an túdarás i mBallstát an ghealltanais atá inniúil chun glacadh le cur i bhfeidhm forálacha dlí Bhallstát an aistrithe ar a chríoch faoi Ghealltanas ar leith nó, i gcás Ráitis, gealltanas a thabhairt go gcuirfidh sé tús leis an nós imeachta reachtach is gá le haghaidh maolú ar a fhorálacha dlí baile;

(10)ciallaíonn ‘údarás inniúil an aistrithe’ an túdarás i mBallstát an aistrithe atá inniúil chun glacadh leis na forálacha dlí a bheidh i bhfeidhm i mBallstát an ghealltanais agus as a gcur i bhfeidhm ar a chríoch féin nó ar an dá chríoch;

(11)ciallaíonn ‘limistéar cur i bhfeidhm’ an limistéar i mBallstát an ghealltanais ina mbeidh feidhm le foráil dlí Bhallstát an aistrithe nó ina mbeidh feidhm ag réiteach dlíthiúil ad hoc.

Airteagal 4
Roghanna na mBallstát chun baic dlí a réiteach

1.Roghnóidh Ballstát an Sásra nó roghnóidh sé bealaí atá ann cheana chun baic dlí a réiteach atá ag cur bac ar chur chun feidhme comhthionscadail i réigiúin trasteorann ar theorainn shonrach le Ballstát comharsanachta amháin nó níos mó.

2.Féadfaidh Ballstát cinneadh a dhéanamh freisin, maidir le teorainn shonrach le Ballstát comharsanachta amháin nó níos mó, bheith páirteach i mbealach éifeachtach atá ann cheana arna bhunú go foirmiúil nó go neamhfhoirmiúil ag Ballstát comharsanachta amháin nó níos mó.

3.Féadfaidh na Ballstáit an Sásra a úsáid i réigiúin trasteorann ar theorainneacha muirí nó i réigiúin trasteorann idir Ballstát amháin nó níos mó agus tríú tír amháin nó níos mó nó tír agus críoch amháin nó níos mó thar lear. 

4.Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le haon chinneadh a dhéanfar faoin Airteagal seo.

Airteagal 5
Pointí Comhordúcháin Trasteorann

1.I gcás ina roghnóidh Ballstát an Sásra, bunóidh sé Pointe Comhordúcháin Trasteorann amháin nó níos mó ar cheann de na bealaí seo a leanas:

(a)Pointe Comhordúcháin Trasteorann a ainmniú, ar leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal réigiúnach nó ag an dá leibhéal sin, mar chomhlacht ar leithligh;

(b)Pointe Comhordúcháin Trasteorann a chur ar bun laistigh d’údarás nó de chomhlacht atá ann cheana, ar leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal réigiúnach;

(c)na cúraimí breise a thabhairt d’údarás iomchuí nó do chomhlacht iomchuí mar Phointe Comhordúcháin Trasteorann náisiúnta nó réigiúnach.

2.Cinnfidh Ballstáit an ghealltanais agus Ballstáit an aistrithe an méid seo a leanas freisin:

(a)an é an Pointe Comhordúcháin Trasteorann nó údarás inniúil gealltanais/aistrithe is féidir Gealltanas a thabhairt i gcrích agus a shíniú agus cinneadh a dhéanamh go maolófar an dlí náisiúnta is infheidhme ó dháta theacht i bhfeidhm an Ghealltanais sin; nó

(b)an é an Pointe Comhordúcháin Trasteorann nó údarás inniúil gealltanais/aistrithe is féidir Ráiteas a shíniú agus a shonrú go foirmiúil sa Ráiteas sin go ndéanfaidh an túdarás inniúil gealltanais an méid is gá i ndáil le gníomhartha reachtacha nó gníomhartha eile a dhéanfaidh na comhlachtaí reachtacha inniúla sa Bhallstát sin faoi spriocam ar leith.

3.Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir leis na Pointí Comhordúcháin Trasteorann faoin dáta a gcuirfear tosach feidhme leis an Rialachán seo.

Airteagal 6
Cúraimí na bPointí Comhordúcháin Trasteorann

1.Beidh na cúraimí seo a leanas ar a laghad ar gach Pointe Comhordúcháin Trasteorann:

(a)an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 10 agus Airteagal 11 a chur chun feidhme;

(b)an tullmhú, síniú, cur chun feidhme agus faireachán a chomhordú le haghaidh gach Gealltanas agus Ráiteas a bhaineann le críoch a Bhallstáit;

(c)bunachar sonraí a thógáil agus a choinneáil lena chlúdaítear gach Pointe Comhordúcháin Trasteorann a bhaineann le críoch a Bhallstáit;

(d)idirchaidreamh a dhéanamh leis na Pointí Comhordúcháin Trasteorann, i gcás inarb ann dóibh, sa Bhallstát comharsanachta nó sna Ballstáit chomharsanachta agus leis na Pointí Comhordúcháin Trasteorann in eintitis chríochacha eile le cumhachtaí reachtacha a Bhallstáit féin nó Bhallstát eile;

(e)idirchaidreamh a dhéanamh leis an gCoimisiún;

(f)tacú leis an gCoimisiún i dtaca lena bhunachar sonraí maidir le Ráitis agus Gealltanais.

2.Féadfaidh gach Ballstát nó gach eintiteas críochach ag a bhfuil cumhachtaí reachtacha sa Bhallstát sin cinneadh a dhéanamh na cúraimí seo a leanas a thabhairt don Phointe Comhordúcháin Trasteorann lena mbaineann:

(a)i gcás inarb infheidhme, Gealltanais nó Ráitis a thabhairt i gcrích de bhun Airteagal 16(2) agus Airteagal 17(2);

(b)ar iarratas ó thionscnóir ar leith, tacú leis an tionscnóir sin tríd an údarás inniúil gealltanais sa Bhallstát céanna a shainaithint nó an túdarás inniúil aistrithe i mBallstát eile, i measc nithe eile;

(c)ar iarratas ó údarás inniúil áirithe an ghealltanais atá lonnaithe i mBallstát eile nach bhfuil a Phointe Comhordúcháin Trasteorann féin aige, réamhanailís a dhéanamh ar dhoiciméad tionscnaimh;

(d)faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme gach Gealltanais agus gach Ráitis a bhaineann le críoch a Bhallstáit;

(e)meabhrú don údarás inniúil gealltanais cloú leis na spriocdhátaí arna leagan síos i nGealltanas nó Ráiteas ar leith agus freagra a iarraidh faoi spriocdháta ar leith;

(f)aon spriocdhátaí arna leagan síos i nGealltanas nó Ráiteas ar leith agus nár cloíodh leo a chur in iúl don údarás atá i mbun faireacháin ar an údarás inniúil gealltanais.

3.I gcás ina mbaineann ar a laghad bac dlí amháin i measc roinnt eile le hinniúlacht reachtach ar an leibhéal náisiúnta, glacfaidh an Pointe Comhordúcháin Trasteorann náisiúnta na cúraimí arna leagan síos in Airteagal 9 go hAirteagal 17 agus rachaidh sé i mbun comhordú leis an bPointe Comhordúcháin Trasteorann réigiúnach ábhartha nó na Pointí Comhordúcháin Trasteorann réigiúnacha ábhartha, ach amháin má tá cinneadh déanta ag an mBallstát go bhfuil na cúraimí arna leagan amach in Airteagal 14 go hAirteagal 17 á gcur ar iontaoibh údarás inniúil an ghealltanais ar an leibhéal náisiúnta.

4.I gcás nach mbaineann aon cheann de na baic dlí le hinniúlacht reachtach ar an leibhéal náisiúnta, glacfaidh an Pointe Comhordúcháin Trasteorann réigiúnach na cúraimí arna leagan síos in Airteagal 9 go hAirteagal 17 agus rachaidh sé i mbun comhordú leis an bPointe Comhordúcháin Trasteorann réigiúnach eile nó na Pointí Comhordúcháin Trasteorann réigiúnacha eile sna Ballstáit chéanna, i gcásanna ina bhfuil níos mó ná eintiteas críochach amháin ag baint leis an gcomhthionscadal, ach amháin má tá cinneadh déanta ag an mBallstát go bhfuil na cúraimí arna leagan amach in Airteagal 14 go hAirteagal 17 á gcur ar iontaoibh Pointe Comhordúcháin Trasteorann náisiúnta. Coinneoidh an Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil réigiúnach an Pointe Comhordúcháin Trasteorann náisiúnta ar an eolas maidir le haon nós imeachta a bhaineann le Gealltanas nó le Ráiteas.

Airteagal 7
Tascanna comhordúcháin an Choimisiúin

1.Déanfaidh an Coimisiún na tascanna comhordúcháin seo a leanas:

(a)idirchaidreamh a dhéanamh leis na Pointí ComhordúcháinTrasteorann;

(b)liosta de Pointí Comhordúcháin Trasteorann uile idir náisiúnta agus réigiúnach a fhoilsiú agus a choinneáil cothrom le dáta;

(c)bunachar sonraí maidir le gach Gealltanas agus Ráiteas a bhunú agus a choinneáil.

2.Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme i leith feidhmiú an bhunachair sonraí dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 agus na foirmeacha a bheidh le húsáid nuair a dhéanfaidh Pointí Comhordúcháin Trasteorann faisnéis a chur isteach maidir le cur chun feidhme agus úsáid an tSásra. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

CAIBIDIL II
Nós imeachta chun Gealltanas a thabhairt i gcrích agus a shíniú nó chun Ráiteas a shíniú

Airteagal 8
An doiciméad tionscnaimh a ullmhú agus a chur isteach

1.Sainaithneoidh an tionscnóir an bac dlí i ndáil le pleanáil, forbairt, soláthar foirne, maoiniú nó feidhmiú comhthionscadail.

2.Is ceann amháin díobh seo a bheidh mar thionscnóir:

(a)an comhlacht poiblí nó príobháideach atá freagrach as comhtionscadal a thionscnamh nó a thionscnamh agus a chur chun feidhme araon;

(b)údarás áitiúil nó réigiúnach amháin nó níos mó atá lonnaithe i réigiún trasteorann ar leith nó a fheidhmíonn cumhacht phoiblí sa réigiún trasteorann sin;

(c)comhlacht, bíodh pearsantacht dhlítheanach aige nó ná bíodh, arna bhunú le haghaidh comhair trasteorann agus atá lonnaithe i réigiún trasteorann ar leith nó a chumhdaíonn réigiún trasteorann ar leith go páirteach ar a laghad, lena náirítear grúpálacha Eorpacha um chomhar críochach faoi Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Euro-réigiúin, Euregio agus comhlachtaí comhchosúla;

(d)eagraíocht arna bunú thar ceann réigiún trasteorann a bhfuil sé mar aidhm léi leasa na gcríoch trasteorann a chur chun cinn agus líonrú gníomhaithe agus roinnt eispéireas a éascú, amhail Chomhlachas Réigiúin Theorann na hEorpa, an Mission Opérationnelle Transfrontalière nó Seirbhís Lár na hEorpa do Thionscnaimh Trasteorann; nó

(e)roinnt de na heintitis dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d).

3.Ullmhóidh an tionscnóir doiciméad tionscnaimh a bheidh dréachtaithe i gcomhréir le hAirteagal 9.

4.Cuirfidh an tionscnóir an doiciméad tionscnaimh faoi bhráid Phointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstáit an ghealltanais agus seolfaidh sé cóip chuig Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstát an aistrithe.

Airteagal 9
Inneachar an doiciméid tionscnaimh

1.Beidh na heilimintí seo a leanas, ar a laghad, sa doiciméad tionscnaimh:

(a)tuairisc ar an gcomhthionscadal agus ar a chomhthéacs, ar an mbac dlí comhfhreagrach i mBallstát an ghealltanais chomh maith leis réasúnaíocht leis an mbac dlí a réiteach;

(b)liosta d’fhorálacha sonracha dlí Bhallstát an aistrithe lean réitítear an bac dlí nó, i gcás nach bhfuil aon fhoráil iomchuí dlí ann, togra le haghaidh réiteach dlí ad hoc;

(c)an túdar le réimhse an chur i bhfeidhm;

(d)an fad atá tuartha nó, i gcás ina mbeidh údar leis, a fhad neamhtheoranta;

(e)liosta na núdarás inniúil gealltanais;

(f)liosta na núdarás inniúil aistrithe.

2.Beidh an limistéar cur i bhfeidhm teoranta don íosmhéid is gá chun an comhthionscadal a chur chun feidhme go héifeachtach.

Airteagal 10
Réamhanailís Bhallstáit an ghealltanais ar an doiciméad tionscnaimh

1.Déanfaidh an Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil anailís ar an doiciméad tionscnaimh. Déanfaidh sé idirchaidreamh le gach údarás inniúil gealltanais agus leis an bPointe Comhordúcháin Trasteorann náisiúnta nó, i gcás inarb ábhartha, leis na Pointí Comhordúcháin Trasteorann réigiúnacha eile sa Bhallstát agus leis an bPointe Comhordúcháin Trasteorann náisiúnta i mBallstát an aistrithe.

2.Laistigh de thrí mhí tar éis an doiciméad tionscnaimh a fháil, déanfaidh an Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil ceann amháin nó níos mó de na gníomhartha seo a leanas, a bheidh le tarchur chuig an tionscnóir i scríbhinn:

(a)a chur in iúl don tionscnóir gur ullmhaíodh an doiciméad tionscnaimh i gcomhréir le hAirteagal 9 agus dá bhrí sin go bhfuil sé inghlactha;

(b)a iarraidh, más gá, go seolfar isteach doiciméad leasaithe tionscnaimh nó faisnéis shonrach bhreise, ag leagan amach an fáth nach meastar gur leor an doiciméad tionscnaimh agus an ghné den doiciméad tionscnaimh nach leor;

(c)an tionscnóir a chur ar an eolas faoina mheasúnú nach bhfuil aon bhac dlí ann, ag leagan amach na fáthanna agus ag déanamh tagairt freisin do na modhanna sásaimh dhlíthiúil atá ann in aghaidh an chinnidh sin faoi dhlí Bhallstát an ghealltanais;

(d)an tionscnóir a chur ar an eolas faoina mheasúnú go gcuimsítear an bac dlí i gceann de na cásanna atá liostaithe in Airteagal 12(4) agus tuairisc ar ghealltanas an údaráis inniúil ghealltanais an bac dlí sin a athrú nó a chur in oiriúint;

(e)an tionscnóir a chur ar an eolas faoina mheasúnú go gcuimsítear an bac dlí i gceann de na cúinsí faoi Airteagal 12(4), ag leagan amach na cúiseanna le diúltú an bac dlí sin a athrú nó a chur in oiriúint agus ag tagairt do na modhanna sásaimh dhlíthiúil atá ann in aghaidh an chinnidh sin faoi dhlí Bhallstát an ghealltanais;

(f)gealltanas a thabhairt, i leith an tionscnóra, go naimseoidh sé réiteach ar an mbac dlí nó ar na baic dlí laistigh de shé mhí, tríd an nGealltanas a shíniú le Pointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstát an aistrithe nó leis an údarás inniúil aistrithe, de réir mar a ainmneoidh Ballstát an aistrithe é, nó trí réiteach dlíthiúil ad hoc a mholadh laistigh de chreat dlí Bhallstát an ghealltanais.

3.I gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo, d’fhéadfadh an túdarás inniúil gealltanais an spriocdháta dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 2 a shíneadh uair amháin, de shé mhí ar a mhéad, agus cuirfidh sé é sin in iúl don tionscnóir agus do Bhallstát an aistrithe dá réir, ag leagan amach i scríbhinn na cúiseanna atá leis.

Airteagal 11
Réamhanailís Bhallstáit an aistrithe ar an doiciméad tionscnaimh

Nuair a fhaigheann Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstát an aistrithe doiciméad tionscnaimh, déanfaidh sé na cúraimí a liostaítear in Airteagal 10(2) freisin agus féadfaidh sé a réamhthuairimí chuig Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstáit an ghealltanais.

Airteagal 12
Bearta leantacha ar réamhanailís an doiciméid tionscnaimh

1.I gcás ina niarrfaidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstáit an ghealltanais doiciméad tionscnaimh leasaithe nó faisnéis shonrach bhreise, déanfaidh sé anailís ar an doiciméad tionscnaimh leasaithe nó ar an bhfaisnéis shonrach bhreise nó orthu araon agus déanfaidh sé na bearta, laistigh de thrí mhí ón doiciméad a fháil, oiread is go raibh an doiciméad tionscnaimh á sheoladh isteach den chéad uair.

2.I gcás ina measann Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstáit an ghealltanais nach bhfuil an doiciméad tionscnaimh leasaithe go fóill ullmhaithe i gcomhréir le hAirteagal 10 nó nach leor go fóill an fhaisnéis shonrach bhreise, déanfaidh sé a chinneadh deireadh a chur leis an nós imeachta a chur in iúl don tionscnóir laistigh de thrí mhí tar éis an doiciméad tionscnaimh leasaithe a fháil. Tabharfar bonn cirt cuí leis an gcinneadh sin.

3.I gcás inarb é conclúid na hanailíse a dhéanfaidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstát an ghealltanais nó an túdarás gealltanais go bhfuil an bac dlí a bhfuil tuairisc air sa doiciméad tionscnaimh bunaithe ar mhíthuiscint nó ar mhíléiriú ar an reachtaíocht ábhartha nó ar easpa faisnéis ábhartha faoin reachtaíocht ábhartha, cuirfear deireadh leis an nós imeachta tríd an tionscnóir a chur ar an eolas faoin measúnú nach bhfuil aon bhac dlí ann.

4.I gcás nach bhfuil sa bhac dlí ach foráil riaracháin, riail nó cleachtas riaracháin de chuid Bhallstát an ghealltanais nó foráil riaracháin, riail nó cleachtas riaracháin ar soiléir nach foráil arna glacadh faoi nós imeachta reachta é agus, dá bhrí sin, is féidir a athrú nó a oiriúnú gan nós imeachta reachtach, déanfaidh údarás inniúil an ghealltanais an tionscnóir a chur ar an eolas laistigh d’ocht mí go ndiúltaíonn sé nó go bhfuil sé toilteanach an fhoráil riaracháin, riail nó cleachtas riaracháin ábhartha a athrú nó a oiriúnú.

5.I gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo, d’fhéadfadh an túdarás inniúil gealltanais an spriocdháta dá dtagraítear i mír 4 a shíneadh uair amháin, de ocht mhí ar a mhéad, agus cuirfidh sé é sin in iúl don tionscnóir agus do Bhallstát an aistrithe dá réir, ag leagan amach i scríbhinn na cúiseanna atá leis.

Airteagal 13
Ullmhú an dréacht-Ghealltanais nó an dréacht-Ráitis

Déanfaidh an Pointe Comhordúcháin Trasteorann nó údarás inniúil an ghealltanais i mBallstát an ghealltanais dréacht-Ghealltanas nó dréacht-Ráiteas a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 14 bunaithe ar an doiciméad tionscnaimh.

Airteagal 14
Inneachar an dréacht-Ghealltanais agus an dréacht-Ráitis

1.Beidh na heilimintí seo a leanas, ar a laghad, sa dréacht-Ghealltanas:

(a)tuairisc ar an gcomhthionscadal agus ar a chomhthéacs, ar an mbac dlí chomhfhreagrach agus ar an réasúnaíocht leis an mbac dlí a réiteach;

(b)liosta de na forálacha sonracha dlíthiúla atá sa bhac dlí agus nach mbeidh feidhm acu dá réir sin maidir leis an gcomhthionscadal;

(c)an limistéar cur i bhfeidhm;

(d)fad an chur i bhfeidhm agus bonn cirt leis an bhfad sin;

(e)an túdarás inniúil gealltanais nó na húdaráis inniúla gealltanais;

(f)foráil shonrach dlí Bhallstát an aistrithe, a mbeidh feidhm aige maidir leis an gcomhthionscadal;

(g)an moladh maidir leis an réiteach ad hoc dlíthiúil, sa chás nach bhfuil aon fhoráil iomchuí dlí i gcreat dlíthiúil Bhallstát an aistrithe;

(h)an túdarás inniúil aistrithe nó na húdaráis inniúla aistrithe;

(i)an túdarás nó na húdaráis ó Bhallstát an ghealltanais atá inniúil i leith an chur chun feidhme agus an fhaireacháin;

(j)an túdarás nó na húdaráis ó Bhallstát an aistrithe atá molta le bheith ainmnithe i gcomhar lena chéile don chur chun feidhme agus don fhaireacháin;

(k)an dáta a dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

Is é an dáta a shíneoidh an duine deiridh den dá Phointe Comhordúcháin Trasteorann nó den dá údarás inniúil nó an dáta a bheidh sé curtha in iúl don tionscnóir an dáta theacht i bhfeidhm dá dtagraítear i bpointe (k).

2.I dteannta na neilimintí a liostaítear i mír 1, beidh dáta chur i bhfeidhm sa dréacht-Ghealltanas, ar dáta é is féidir

(a)a shocrú don dáta céanna lena theacht i bhfeidhm:

(b)a shocrú le héifeacht chúlghabhálach;

(c)a chur siar go dáta sa todhchaí.

3.De bhreis ar na heilimintí a liostaítear i mír 1, cuimseoidh an dréacht-Ráiteas ráiteas foirmiúil maidir leis an dáta nó na dátaí faoina gcuirfidh gach údarás inniúil gealltanais togra foirmiúil faoi bhráid an chomhlachta reachtaigh lena mbaineann chun leasú a dhéanamh dá réir ar na forálacha dlí náisiúnta.

Ní bheidh an dáta dá dtagraítear sa chéad fhomhír níos mó ná dhá mhí dhéag tar éis tabhairt i gcrích an Ráitis.

Airteagal 15
Tarchur an dréacht-Ghealltanais nó an dréacht-Ráitis

1.I gcás ina bhfuil an dréacht-Ghealltanas nó an dréacht-Ráiteas ullmhaithe ag an údarás inniúil gealltanais, déanfaidh sé an dréacht sin a tharchur chuig Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstáit an ghealltanais:

(a)laistigh de thrí mhí ar a mhéad tar éis faisnéis a bheith tarchurtha aige faoi Airteagal 10(2) nó Airteagal 12(1) agus (2);

(b)laistigh d’ocht mí ar a mhéad de bhun Airteagal 12(4) agus (5).

2.I gcás ina bhfuil an dréacht-Ghealltanas nó an dréacht-Ráiteas ullmhaithe ag Pointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstát an ghealltanais nó i gcás ina bhfuil sé faighte aige ón údarás inniúil gealltanais, déanfaidh sé an dréacht sin a tharchur chuig Pointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstát an aistrithe laistigh de na tréimhsí dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) de mhír 1.

3.Sa dá chás, seolfar cóip chuig an tionscnóir freisin mar eolas.

Airteagal 16
Cúraimí Bhallstát an aistrithe maidir leis an nGealltanas a thabhairt i gcrích agus a shíniú nó maidir leis an Ráiteas a shíniú

1.Déanfaidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstát an aistrithe an dréacht-Ghealltanas nó an dréacht-Ráiteas arna fháil de bhun Airteagal 15 a scrúdú agus, laistigh de thrí mhí ar a mhéad tar éis dó an dréacht a fháil agus tar éis dó dul i gcomhairle le húdaráis inniúla an aistrithe, déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas:

(a)aontú leis an dréacht-Ghealltanas nó an dréacht-Ráiteas, dhá chóip bhunaidh a shíniú agus ceann acu a chur ar ais chuig Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstát an ghealltanais;

(b)aontú leis an dréacht-Ghealltanas nó an dréacht-Ráiteas, tar éis dó an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (f) agus i bpointe (h) d’Airteagal 14(1) a cheartú nó a fhorlíonadh, dhá chóip bhunaidh den dréacht athbhreithnithe a shíniú agus ceann acu a chur ar ais chuig Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstát an ghealltanais;

(c)diúltú an dréacht-Ghealltanas nó an dréacht-Ráiteas a shíniú agus réasúnú mionsonraithe a chur chuig Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstát an ghealltanais;

(d)diúltú an dréacht-Ghealltanas nó an dréacht-Ráiteas a shíniú agus dréacht atá leasaithe maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (c) agus i bpointe (d) agus, más ábhartha, i bpointe (g) d’Airteagal 14(1), agus i gcás an dréacht-Ghealltanais an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14(2), maille le réasúnú ar na leasuithe, a chur ar ais chuig Pointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstát an ghealltanais.

2.Sna Ballstáit ina síneoidh údarás inniúil an aistrithe Gealltanas nó Ráiteas, déanfaidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstát an aistrithe, i gcomhréir le pointe (a) agus pointe (b) de mhír 1, an dá chóip bhunaidh arna síniú ag údarás inniúil an aistrithe a sheoladh.

3.I gcás ina naontóidh Ballstát an aistrithe i gcomhréir le pointe (a) nó pointe (b) de mhír 1 Gealltanas nó Ráiteas a shíniú, déanfaidh sé, ina theannta sin, a dhearbhú nó a dhiúltú go sainráite go nglacfaidh an túdarás inniúil nó na húdaráis inniúla atáthar a bheartú a ainmniú go comhpháirteach le haghaidh chur chun feidhme agus fhaireachán an Ghealltanais nó an Ráitis de bhun phointe (j) d’Airteagal 14(1), go nglacfaidh an túdarás nó na húdaráis sin orthu féin na cúraimí atá le déanamh sa réimse cur i bhfeidhm.

Airteagal 17
Cúraimí Bhallstáit an ghealltanais maidir leis an nGealltanas a thabhairt i gcrích agus a shíniú nó maidir leis an Ráiteas a shíniú

1.Déanfaidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstát an ghealltanais an freagra arna tharchur ag Pointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstát an aistrithe a scrúdú agus déanfaidh, laistigh d’aon mhí amháin ar a mhéad tar éis dó é a fháil, ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas, nach mór a tharchur chuig údarás inniúil an aistrithe i scríbhinn:

(a)i gcás phointe (a) de mhír 2, bailchríoch a chur ar an dréacht-Ghealltanas nó an dréacht-Ráiteas, dhá chóip bhunaidh a shíniú agus ceann acu a chur ar ais chuig Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstát an ghealltanais;

(b)i gcás phointe (b) de mhír 2, leasú a dhéanamh dá réir ar an nGealltanas nó an Ráiteas, maidir leis an bhfaisnéis sa dréacht-Ghealltanas nó sa dréacht-Ráiteas a chumhdaítear i bpointe (f) agus i bpointe (h) d’Airteagal 14(1), bailchríoch a chur ar an nGealltanas nó an Ráiteas, dhá chóip bhunaidh a shíniú agus ceann acu a chur ar ais chuig Pointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstát an aistrithe lena síniú.

(c)i gcás phointe (c) de mhír 2, an tionscnóir agus an Coimisiún a chur ar an eolas, agus an réasúnú arna leagan amach ag údarás inniúil an aistrithe a chur leis;

(d)i gcás phointe (d) de mhír 2, na leasuithe a mheas agus, an nós imeacht faoi phointe (b) den mhír seo a leanúint nó an dara nós imeachta faoi Airteagal 9 a sheoladh ag leagan amach cén fáth nárbh fhéidir le húdarás inniúil an ghealltanais glacadh le roinnt de na leasuithe nó leis na leasuithe ar fad.

2.Nuair a gheobhaidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstát an ghealltanais an Gealltanas nó an Ráiteas, arna shíniú freisin ag an bPointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil nó ag údarás inniúil an aistrithe i gcás phointe (a) nó phointe (b) de mhír 1 nó, i gcás ina bhfuil freagra dearfach tugtha ag Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstát an aistrithe faoin dara nós imeachta faoi phointe (d) de mhír 1, déanfaidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstát an ghealltanais an méid seo a leanas:

(a)an Gealltanas nó an Ráiteas deireadh a tharchur chuig an tionscnóir;

(b)an dara cóip bhunaidh a tharchur chuig Pointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstát an aistrithe;

(c)cóip a chur chuig údaráis inniúla uile an aistrithe;

(d)cóip a chur chuig an bpointe comhordúcháin ar leibhéal an Aontais; agus

(e)iarraidh ar an tseirbhís inniúil i mBallstát an ghealltanais atá freagrach as foilseacháin oifigiúla an Gealltanas nó an Ráiteas a fhoilsiú.

CAIBIDIL III
Cur chun feidhme agus faireachán ar Ghealltanais agus Ráitis

Airteagal 18
Cur chun feidhme an Ghealltanais

1.An fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 17(2) agus a chuirtear chuig údaráis inniúla an ghealltanais lena mbaineann, beidh clár ama ag gabháil léi, lena gcloífidh gach ceann de na húdaráis sin, i gcás inarb ábhartha, chun leasú a dhéanamh ar aon ghníomh riaracháin arna nglacadh faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomhthionscadal agus chun aon ghníomh riaracháin a ghlacadh is gá chun an Gealltanas a chur i bhfeidhm maidir leis an gcomhthionscadal d’fhonn forálacha dlí Bhallstát an aistrithe nó réiteach dlíthiúil ad hoc a chur i bhfeidhm maidir leis.

2.Seolfar cóip den chlár ama sin chuig Pointe Comhordúcháin Trasteorann náisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, Pointe Comhordúcháin Trasteorann réigiúnach Bhallstáit an ghealltanais.

3.Glacfar aon ghníomh riaracháin dá dtagraítear i mír 1 agus cuirfear in iúl don tionscnóir é, go háirithe don chomhlacht poiblí nó príobháideach atá freagrach as comhthionscadal a thionscnamh nó a thionscnamh agus a chur chun feidhme araon, i gcomhreir leis an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le gníomhartha riaracháin den sórt sin.

4.Nuair a ghlacfar gach gníomh riaracháin i ndáil le comhthionscadal ar leith, cuirfidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstáit an ghealltanais é sin in iúl do Phointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstát an aistrithe agus don phointe comhordúcháin ar leibhéal an Aontais.

5.Cuirfidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstát an aistrithe na húdaráis inniúla ábhartha ar an eolas i gcás inarb ábhartha.

Airteagal 19
Cur chun feidhme an Ráitis

1.Déanfaidh gach údarás inniúil an ghealltanais a liostaítear i Ráiteas faoi Airteagal 14(3), faoin dáta ábhartha a shocrófar sa Ráiteas sínithe, togra foirmiúil a chur faoi bhráid an chomhlachta reachtaigh ábhartha chun na forálacha náisiúnta dlí a leasú dá réir.

2.I gcás nach féidir an dáta faoi seach a shocrófar sa Ráiteas sínithe a urramú, go háirithe ag féachaint do thoghcháin a bheidh le teacht don chomhlacht inniúil reachtach, cuirfidh an túdarás inniúil gealltanais an tionscnóir, chomh maith le Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstáit an ghealltanais agus Bhallstát an aistrithe araon, ar an eolas i scríbhinn.

3.Nuair a bheidh togra foirmiúil curtha faoi bhráid an chomhlachta reachtaigh ábhartha, déanfaidh údarás inniúil an ghealltanais ábhartha an tionscnóir agus Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstát an ghealltanais agus Bhallstát an aistrithe araon a thabhairt cothrom le dáta i scríbhinn maidir leis an bhfaireachán sa chomhlacht reachtach lena mbaineann, agus déanfaidh sé amhlaidh gach sé mhí tar éis an dáta a chuirfear an togra isteach.

4.Ar theacht i bhfeidhm don ghníomh reachtach leasaitheach nó ar a fhoilsiú san Iris oifigiúil nó ar dhéanamh an dá rud sin, leasóidh gach údarás inniúil an ghealltanais aon ghníomh riaracháin arna ghlacadh faoin dlí náisiúnta is infheidhme maidir leis an gcomhthionscadal agus glacfaidh sé aon gníomh riaracháin is gá chun na forálacha dlí leasaithe a chur i bhfeidhm maidir leis an gcomhthionscadal.

5.Glacfar aon ghníomh riaracháin dá dtagraítear i mír 4 agus cuirfear in iúl don tionscnóir é, go háirithe i gcás inar comhlacht poiblí nó príobháideach é an tionscnóir atá freagrach as comhthionscadal a thionscnamh nó a thionscnamh agus a chur chun feidhme araon, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le gníomhartha riaracháin den sórt sin.

6.Nuair a ghlacfar gach gníomh riaracháin i ndáil le comhthionscadal ar leith, cuirfidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstáit an ghealltanais é sin in iúl do Phointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstát an aistrithe agus don phointe comhordúcháin ar leibhéal an Aontais.

7.Cuirfidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstát an aistrithe na húdaráis inniúla aistrithe ar an eolas i gcás inarb ábhartha.

Airteagal 20
Faireachán ar Ghealltanais agus ar Ráitis

1.Bunaithe ar na gníomhartha riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 18(1) agus Airteagal 19(4), cinnfidh Ballstát an ghealltanais agus Ballstát an aistrithe an gcuirfear faireachán ar chur i bhfeidhm Gealltanais nó na reachtaíochta náisiúnta leasaithe de bhun Ráitis ar iontaoibh údaráis Bhallstát an aistrithe, go háirithe mar gheall ar a gcuid saineolais i dtaca leis na forálacha dlí arna naistriú, nó an gcuirfear ar iontaoibh údaráis Bhallstáit an ghealltanais é.

2.I gcás ina ndéanfar an faireachán ar chur i bhfeidhm na bhforálacha dlí arna naistriú a chur faoi chúram údaráis Bhallstát an aistrithe, cinnfidh Ballstát an ghealltanais, i gcomhaontú le Ballstát an aistrithe, an ngníomhóidh údaráis Bhallstát an aistrithe maidir le seolaithe na gcúraimí faireacháin thar ceann agus in ainm údaráis Bhallstát an ghealltanais nó thar a cheann sin ach ina nainm féin.

CAIBIDIL IV
Cosaint dlí in aghaidh cur i bhfeidhm agus faireachán Gealltanas agus Ráiteas

Airteagal 21
Cosaint dlí in aghaidh cur i bhfeidhm Gealltanas agus Ráiteas

1.Aon duine atá ina chónaí ar an gcríoch a chumhdaítear le Gealltanas nó le Ráiteas nó aon duine, bíodh is nach bhfuil sé ina chónaí ar an gcríoch sin, is úsáideoir seirbhíse de leas eacnamaíoch ginearálta a sholáthraítear ar an gcríoch sin (‘duine a bhfuil cónaí air sa réigiún trasteorann’), a mheasann go ndearnadh éagóir air de dheasca gníomhartha nó faillí a bhaineann cur i bhfeidhm fhorálacha dlí Bhallstát an aistrithe, de bhun Gealltanais nó Ráitis, beidh an duine sin i dteideal sásamh dlí a lorg os comhair chúirteanna Bhallstát an ghealltanais.

2.Mar sin féin, i gcás sásamh dlí i gcoinne aon ghníomh riaracháin arna ghlacadh faoi Airteagal 18(3) agus Airteagal 19(5), is iad cúirteanna an Bhallstáit ar eisigh a údarás an gníomh riaracháin, agus na cúirteanna sin amháin, a bheidh inniúil.

3.Ní chuirfidh aon rud sa Rialachán seo cosc ar dhaoine a gcearta bunreachtúla náisiúnta achomhairc a fheidhmiú i gcoinne údaráis ar páirtithe i nGealltanas iad, maidir leis an méid seo a leanas:

(a)cinntí riaracháin maidir le gníomhaíochtaí atá á ndéanamh de bhun Gealltanais;

(b)rochtain ar sheirbhísí ina dteanga féin; agus

(c)rochtain ar fhaisnéis.

Sna cásanna sin is iad na cúirteanna a bheidh inniúil cúirteanna an Bhallstáit ar faoina bhunreacht is ann do na cearta achomhairc.

Airteagal 22
Cosaint dlí in aghaidh faireachán Gealltanas agus Ráiteas

1.Má ghlacann údarás inniúil an aistrithe leis go ndéanfaidh sé faireachán ar chur i bhfeidhm fhorálacha dlí Bhallstáit an aistrithe sa réimse ábhartha agus más féidir leis gníomhú ina ainm féin maidir le daoine atá ina gcónaí i réigiún trasteorann Bhallstát an ghealltanais, is iad cúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil cónaí dlíthiúil na ndaoine sin a bheidh inniúil maidir le sásamh dlí i gcoinne aon ghníomh nó aon fhaillí a dhéanann an túdarás sin

2.Má ghlacann údarás inniúil an aistrithe leis go ndéanfaidh sé faireachán ar chur i bhfeidhm fhorálacha dlí Bhallstáit an ghealltanais ar chríoch Bhallstát an ghealltanais, ach murar féidir leis gníomhú ina ainm féin maidir le daoine atá ina gcónaí sa réigiún trasteorann, is iad cúirteanna Bhallstáit an ghealltanais, agus na cúirteanna sin amháin, a bheidh inniúil maidir le sásamh dlí i gcoinne aon ghníomh nó aon fhaillí a dhéanann an túdarás sin, lena náirítear i gcás daoine a bhfuil a cónaí dlíthiúil i mBallstát an aistrithe.

CAIBIDIL V
Forálacha deiridh

Airteagal 23
Nós imeachta Coiste

1.Déanfaidh an Coiste Comhordúcháin do Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa a bunaíodh Airteagal 108(1) de Rialachán (AE) [RFC nua] cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 24
Forálacha cur chun feidhme sna Ballstáit

1.Déanfaidh na Ballstáit na forálacha is iomchuí chun cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú.

2.Faoin dáta a thosóidh cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas dá réir maidir le haon fhorálacha arna nglacadh faoi mhír 1.

3.Poibleoidh an Coimisiún an fhaisnéis a gheobhaidh sé ó na Ballstáit.

Airteagal 25
Tuairisciú

Faoin ll mm bbb [i.e. an 1ú den mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo + cúig bliana; le líonadh isteach ag Oifig na bhFoilseachán], tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste na Réigiún ina mbeidh measúnú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo bunaithe ar tháscairí maidir lena éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, breisluach Eorpach agus scóip le haghaidh simpliú.

Airteagal 26
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón [an 1ú den mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo +aon bhliain amháin; le líonadh isteach ag Oifig na bhFoilseachán] 

Beidh feidhm ag Airteagal 24, áfach, ón [an 1ú den mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo; le líonadh isteach ag Oifig na bhFoilseachán]

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Tá Comhar Críochach Eorpach (‘CCE’), nó Interreg mar is fearr aithne air, ar cheann den dá sprioc atá ag an mbeartas comhtháthaithe agus cuireann sé creat ar fáil chun gníomhaíochtaí comhpháirteacha agus malartuithe beartais a chur chun feidhme idir gníomhaithe náisiúnta, gníomhaithe réigiúnacha agus gníomhaithe áitiúla ó Bhallstáit éagsúla. Is é cuspóir uileghabhálach CCE forbairt chomhchuibhithe eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais ina iomláine a chur chun cinn. Tá Interreg tógtha ar thrí shraith comhair, mar seo a leanas: comhar trasteorann (Interreg A), trasnáisiúnta (Interreg B) agus idir-réigiúnach (Interreg C). Bhí cúig chlárthréimhse Interreg ann i ndiaidh a chéile: INTERREG I (1990-1993), INTERREG II (1994-1999), INTERREG III (2000-2006), INTERREG IV (2007-2013) agus INTERREG V (2014-2020).
(2)    Pointe (a)(iv) d’Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) Uimh.1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le forálacha sonracha i dtaca le tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa do sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (IO L 347, 20.12.2013, lch. 259).
(3)    Pointe 3 agus pointe 13 d’Fhógra C(90) 1562/3 do na Ballstáit, lena leagtar síos treoirlínte le haghaidh cláir oibríochtúla a dtugtar cuireadh do na Ballstáit a bhunú i gcreat thionscnamh Comhphobail maidir le réigiúin teorann (Interreg) (IO C 2015, 30.8.1990, lch.4).
(4)    Féach: http://ec.europa.eu/regional_policy/en/policy/cooperation/european-territorial/cross-border/review/  .
(5)    ‘Territories with specific geographical features’, An Coimisiún Eorpach, AS REGIO (2009), Doiciméad Oibre Uimh.:XXX 02/2009: http://ec.europa.eu/regional_policy/en/information/publications/working-papers/2009/territories-with-specific-geographical-features .
(6)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa, ‘Borradh a chur faoin bhfás agus faoin gcomhtháthú i réigiúin atá suite ar theorainneacha an Aontais Eorpaigh’, - COM(2017) 534 final, 20.9.2017.
(7)    Ní do shrian ar shaorghluaiseacht arna bhunú ag Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa amháin a thagraíonn bacainn teorann i gcomhthéacs na Teachtaireachta sin, ach freisin do dhlí, riail nó cleachtas riaracháin lena gcuirtear bac ar dhlúthinniúlacht réigiún teorann le linn idirphlé trasna na teorann.
(8)    Chun sonraí a fháil, féach SWD(2017) 307 final, pointe 3.1, lch. 24, 25, 32, 36 agus 48.
(9)    Páipéar Ionchuir don Chruinniú Neamhfhoirmiúil Aireachta maidir le Comhtháthú Críochach faoi Uachtaránacht Lucsamburg, féach: http://www.amenagement-territoire.public.lu/fr/eu-presidency/Informal-Ministerial-Meetings-on-Territorial-Cohesion-and-Urban-Policy-_26-27-November-2015_-Luxembourg-City_.html# ; féach freisin SWD(2017) 307, pointe 3.9, lch. 49-50.
(10)    Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le grúpáil Eorpach um chomhar críochach (IO L 210, 31.7.2006, lch. 19).
(11)    Féach an chéad fhomhír d’Airteagal 7(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006.
(12)    Politecnico di Milano (2017) ‘Quantification of the effects of legal and administrative border obstacles in land border regions’; féach COM(2017) 534 final, lch. 6; Tá tuilleadh sonraí le fáil in SWD(2017) 307 final, pointe 2.2, lch. 20-22 a ghabhann leis.
(13)    Féach freisin an 9ú de bhrollach CAE (cló trom curtha leis):XXX “AR A BHEITH DE RÚN DAINGEAN ACU dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta a chur ar aghaidh dá bpobail, ag tabhairt aird ar phrionsabal na forbartha inbhuanaithe agus faoi chuimsiú ghnóthú an mhargaidh inmheánaigh agus athneartú ar chomhtháthú agus ar chosaint an chomhshaoil, agus beartais a chur chun feidhme a áiritheoidh go mbeidh dul chun cinn comhthreomhar i réimsí eile ag gabháil le haon dul chun cinn sa lánpháirtíocht eacnamaíoch,...”.
(14)    Rialachán (AE) Uimh 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1) (‘Athmhúnlú An Bhruiséil I’),    
Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 an 27 Samhain 2003 ón gComhairle maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus le freagracht tuismitheora, lena n
aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1347/2000 (IO L 338, 23.12.2003, lch. 1) (‘An Bhruiséil II’),
Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (
An Róimh I) (IO L 177, 4.7.2008, lch. 6), agus    
Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha (
An Róimh II) (IO L 199, 31.7.2007, lch. 40).
(15)    E.g. I dTreoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí tá 19 gcás ina bhfuil feidhm ag caighdeáin íosta, mar shampla maidir le teorainneacha sonracha ama a shocrú. Cruthaíonn sé sin 19 gcás féideartha inar féidir soláthar trasteorann poiblí bheith deacair go háirithe, mar go gcuirfidh Ballstáit faoi leith sprioc-amanna níos faide i bhfeidhm ná mar a dhéanfaidh Ballstáit eile.
(16)    Féach an tríú fomhír d’Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1082/2006. “Cuirfidh an Ballstát aon fhorálacha arna nglacadh faoin Airteagal seo faoi bhráid an Choimisiúin, mar aon le haon leasuithe orthu.”
(17)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach agus chuig an gComhairle ‘Better Regulation: Delivering better results for a stronger Union’ [Rialáil Níos Fearr: Torthaí níos fearr a bhaint amach le haghaidh Aontas níos láidre], COM(2016) 615 final an 14.9.2016).
(18)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(19)    Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).
(20)    Bunaithe ar an taithí le forálacha comhfhreagracha Rialachán (AE) Uimh. 1082/2006 (Airteagal 16 go hAirteagal 18).
(21)    Nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil.
(22)    Nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil.
(23)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa, ‘Borradh a chur faoin bhfás agus faoin gcomhtháthú i réigiúin atá suite ar theorainneacha an Aontais Eorpaigh’, - COM(2017) 534 final, 20.9.2017.
(24)    Bhí cúig chlárthréimhse Interreg ann i ndiaidh a chéile: INTERREG I (1990-1993), INTERREG II (1994-1999), INTERREG III (2000-2006), INTERREG IV (2007-2013) agus INTERREG V (2014-2020).
(25)    Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le grúpáil Eorpach um chomhar críochach (IO L 210, 31.7.2006, lch. 19).
(26)    Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú coiteann d’aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003. lch. 1).
(27)    Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).
(28)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
Top