EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018PC0369

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear clár um malartú, cúnamh agus oiliúint chun an euro a chosaint ar ghóchumadh don tréimhse 2021-2027 (clár 'Pericles 2020')

COM/2018/369 final - 2018/0194 (COD)

An Bhruiséil,31.5.2018

COM(2018) 369 final

2018/0194(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear clár um malartú, cúnamh agus oiliúint chun an euro a chosaint ar ghóchumadh don tréimhse 2021-2027 (clár 'Pericles 2020')

{SWD(2018) 281 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Foráiltear leis an togra seo gurb é an 1 Eanáir 2021 an dáta teacht i bhfeidhm agus tá sé á thíolacadh d’Aontas ina mbeidh 27 mBallstát, i gcomhréir leis an bhfógra a fuair an Chomhairle Eorpach an 29 Márta 2017 ón Ríocht Aontaithe go bhfuil sé beartaithe ag an Ríocht Aontaithe tarraingt siar ón Aontas Eorpach agus ó Euratom bunaithe ar Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

·Forais agus cuspóirí

Mar airgeadra aonair an Aontais, is croíleas Eorpach é an euro, ar gá gach gné dá shláine a chosaint. Is fíorfhadhb don Aontas agus dá institiúidí í an góchumadh. Is suntasach iad na bagairtí a bhaineann leis, mar is léir ón méadú atá tagtha ar an oiread euro góchumtha agus gnéithe slándála bréige atá ar fáil ar an idirlíon/líon dorcha agus ós rud é go bhfuil ann do phríomhionaid ghóchumtha, mar shampla sa Cholóim, i bPeiriú agus sa tSín. Déanann nótaí bainc ghóchumtha dochar do shaoránaigh agus do ghnólachtaí, nach níoctar ar ais leo nótaí bainc ghóchumtha fiú más de mheon macánta a fuair siad iad. Go ginearálta, tá tionchar ag an ngóchumadh ar an stádas airgid dhlítháirgthe atá ag fíorbhillí agus fíormhonaí euro, chomh maith le tionchar ar an muinín atá ag saoránaigh agus gnólachtaí astu.

·Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana

Ó tugadh an euro isteach mar airgeadra aonair, is gá é a chosaint ar ghóchumadh ar leibhéal AE agus tá gá le clár sonrach ar mhaithe leis an gcuspóir sin a bhaint amach.
Tá an clár Pericles 2020 reatha beartaithe go sonrach chun nótaí bainc agus monaí euro a chosaint ar ghóchumadh
1 , ar bunaíodh é le Rialachán (AE) Uimh. 331/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 2 .

Déanann an cur chuige ar leith trasnáisiúnta agus ildisciplíneach 3 atá ag an gclár Pericles 2020 agus a dhíriú isteach ar acmhainn an phobail a fhorbairt chun an euro a chosaint gurb uathúil é i measc clár ar leibhéal AE. D’fhéadfaí breathnú ar bheartais eile de chuid an Aontais, amhail ionstraim phóilíneachta an Chiste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim um Chúnamh Teicniúil agus um Malartú Faisnéise (CTMF), mar nithe comhlántacha, mar atá dearbhaithe ag roinnt údaráis náisiúnta 4 .

Baineann an togra reachtach seo leis an tionscnamh leanúint ar aghaidh leis an gclár Pericles 2020 níos faide ná 2020.

·Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Is cuid bhunúsach í de shlándáil, ar ceann í de phointí fócasacha ghníomhaíocht AE, dlúthchosaint an euro ar ghóchumadh, mar a tugadh faoi deara sa pháipéar machnaimh ar thodhchaí airgeadas AE. Trí ghóchumadh agus calaois ghaolmhar a chosc agus a chomhrac caomhnaítear sláine an chórais euro, sa dóigh is go bhfeabhsaítear iomaíochas gheilleagar AE agus go ndaingnítear inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí. Dá bhrí sin tá sé ceangailte go díreach le cuspóir an Aontais feidhmiú éifeachtúil an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a fheabhsú.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

·Bunús dlí

Tagann reachtaíocht an Aontais a bhaineann leis an euro a chosaint ar ghóchumadh faoi réimse Airteagal 133 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Sonraíonn an fhoráil sin go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú i gcomhréir leis ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach, na bearta atá riachtanach chun an euro a úsáid mar an tairgeadra aonair a leagan síos. Trí bhíthin togra le haghaidh Rialacháin chomhthreomhair bunaithe ar Airteagal 352 den CFAE leathnófar infheidhmeacht chlár Pericles d'fhonn na Ballstáit nach é an euro a nairgeadra a chumhdach.

·Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Comhlíonann an togra seo prionsabal na coimhdeachta. Ós rud é go bhfuil gné shoiléir thrasnáisiúnta ag baint leis an airgeadra aonair Eorpach a chosaint mar earra poiblí, téann cosaint an euro níos faide ná leas agus freagracht Ballstát aonar AE. I bhfianaise chúrsaíocht thrasteorann an euro agus na dlúthbhainte atá ag coiriúlacht eagraithe idirnáisiúnta le góchumadh an euro (táirgeadh agus dáileadh), is gá creataí cosanta náisiúnta a chomhlánú le tionscnamh de chuid AE chun comhar náisiúnta agus idirnáisiúnta aonchineálach a áirithiú, agus chun dul i ngleic le rioscaí féideartha trasnáisiúnta éiritheacha.

De réir na meastóireachta meántéarmaí ar an gclár,“Is é luach breise an chláir go bunúsach gur féidir leis tacú le foirmeacha comhair idirnáisiúnta atá thar acmhainn údarás náisiúnta, a bhuíochas lena ghné uathúil thrasnáisiúnta 5 .” Is léir go bhfuil éirithe leis an gclár comhar trasnáisiúnta agus trasteorann laistigh de AE agus go hidirnáisiúnta a chur chun cinn, ag áirithiú cosaint dhomhanda an euro ar ghóchumadh, agus go háirithe, go bhfuil sé tar éis freagracht a ghlacadh as dul i gcoinne bagairtí sonracha éiritheacha (amhail an gréasán domhain/dorcha) agus an caidreamh (dúshlánach) le tíortha áirithe (an tSín mar shampla), toisc gur deacair do Bhallstáit aonair aghaidh a thabhairt ar na bagairtí seo ina naonar. Murach an clár, ní bheadh sé indéanta tionscnaimh amhail idirphlé a bhunú le húdaráis fhrithghóchumtha na Síne 6 nó tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí chun an euro a chosaint i Meiriceá Laidineach 7 a chur i gcrích. Tagann taighde ar ghnéithe slándála nuálacha bonn euro den dara ghlúin faoin gcatagóir téamaí trasnáisiúnta seo freisin

·Comhréireacht

Tá an Rialachán atá molta riachtanach, fóirsteanach agus oiriúnach chun an cuspóir inmhianaithe a bhaint amach. Molann sé comhar i measc na
mBallstát agus idir an Coimisiún agus na Ballstáit a neartú go héifeachtúil, gan srian a chur ar chumas Ballstát an euro a chosaint ar ghóchumadh. Tá údar le gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais toisc gur léir go gcuidíonn sé le Ballstáit an euro a chosaint go comhpháirteach agus go spreagann sé úsáid struchtúr coiteann de chuid an Aontais chun comhar agus malartú faisnéise idir údaráis inniúla a mhéadú
8 .

·An rogha ionstraime

Is Rialachán atá san ionstraim atá beartaithe, atá leanúnach le Rialachán 331/2014 lena mbunaítear an clár Pericles 2020. Tá sé cruthaithe go bhfhorálann an rialachán an deimhneacht dhlíthiúil atá ag teastáil chun an euro a chosaint go héifeachtach ar ghóchumadh, cosaint nárbh fhéadfaí a thabhairt trí bhíthin ionstraimí dlí eile.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

·Meastóireachtaí siarghabhálacha/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Rinne conraitheoir neamhspleách meastóireacht mheántéarmach ar an gclár ar bhonn Airteagal 13(4) de Rialachán (AE) Uimh. 331/2014. Ghlac an Coimisiún Teachtaireacht COM(2017) 741 chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le torthaí na meastóireachta meántéarmaí ar an gclár an 6 Nollaig 2017. Sa teachtaireacht sin cuireann an Coimisiún in iúl an chonclúid gur cheart go leanfadh an clár ar aghaidh go dtí go dtéann sé in éag go nádúrtha in 2020, tacaíonn sé le leanúint ar aghaidh an chláir níos faide ná 2020, ós rud é go bhfuil breisluach AE agus tionchar fadtéarmach aige agus go bhfuil sé inbhuanaithe. Tagann an Coimisiún freisin le measúnú na meastóireachta ar leanúint ar aghaidh an chláir mar chlár aonair níos faide ná 2020 9 . Baineann an mheastóireacht neamhspleách de thátal go dtagann na torthaí ar fad le chéile i dtreo measúnaithe ghinearálta dhearfaí maidir lena bhreisluach AE, a shoiléire, a ábharthacht, a éifeacht, a inbhuanaitheacht agus a éifeachtúlacht. Chun éifeachtúlacht an chláir a neartú tuilleadh, mhol an mheastóireacht:

údaráis náisiúnta inniúla a spreagadh chun páirt níos mó a ghlacadh 10 : ba cheart machnamh a dhéanamh ar theagmhálacha a bhunú le cinneadóirí náisiúnta chun a áirithiú go dtuigtear go maith na deiseann a chuireann an clár ar fáil;

an próiseas iarratas a shimpliú: ba cheart an fhéidearthacht iarratais agus doiciméadacht ábhartha eile a chur isteach ar líne a fhiosrú;

an próiseas faireacháin a neartú; Moltar go bhféadfaí príomhtháscairí feidhmíochta an chláir a mhodhnú chun táscairí cáilitheacha a chuimsiú.

·Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Áiríodh an téama an euro a chosaint ar ghóchumadh agus an togra CAI maidir le leanúint leis an gclár Pericles 2020 sa chomhairliúchán poiblí ar chistí AE i réimse na slándála. An 10 Eanáir 2018 go dtí an 9 Márta 2018 an tréimhse chomhairliúcháin a bhí ann. Fuarthas 153 freagra san iomlán ó pháirtithe leasmhara príobháideacha agus poiblí, ar thagair 20 (13, 07%) díobh go sonrach don chlár Pericles 2020 11 . Leag na freagróirí sin béim ar a ábhartha is atá an clár Pericles 2020, ar aibhsigh 50% acu go sonrach breisluach AE an chláir toisc go náirithíonn sé comhar idirnáisiúnta. Bhí tuairimí éagsúla ag na freagróirí faoi ghá a bheith le cuspóirí na gclár/na gcistí sa réimse beartais seo a mhodhnú nó cur leo. Mhol ceathrar freagróirí leibhéal an chistithe a choimeád mar atá sé agus mhol triúr freagróir cistí a mhéadú.

·Measúnú tionchair

I gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha amach i Rialachán Airgeadais AE [insert reference], ní gá measúnú tionchair a dhéanamh ar chláir atá leanúnach ó thaobh ábhair agus struchtúir de nó a bhfuil buiséad cuíosach beag acu. Ina áit sin, ní mór meastóireacht ex ante a dhéanamh i bhfoirm Doiciméid Oibre Inmheánaigh. Comhlíonann an mheastóireacht ex ante SWD (SWD(2018) 281) a ghabhann leis an togra seo na ceanglais a bhaineann le rialáil níos fearr.

·Simpliú

Sa mheastóireacht mheántéarmach ar an gclár Pericles 2020, moltar mar bhearta simplithe chun leanúint ar aghaidh leis an gclár, an fhéidearthacht a chur ar fáil iarratais agus doiciméadacht ábhartha eile a chur isteach ar líne. Ina theannta sin, tugadh costas aonaid le haghaidh cothaithe 12 isteach in 2017, chun cur chun feidhme airgeadais deontas faoin gclár Pericles 2020 a shimpliú.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Is é EUR 7 700 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an chláir don tréimhse 2021-2027. Tá an tsuim seo i gcomhréir le togra an Choimisiúin maidir leis an gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile don tréimhse 2021-2027 13 . Déanann an ráiteas reachtach airgeadais atá i gceangal leis an togra seo le haghaidh Rialacháin na himpleachtaí buiséadacha agus na hacmhainní daonna agus riaracháin atá de dhíth a leagan amach.

5.EILIMINTÍ EILE

·Socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Sa Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le reachtóireacht níos fearr d’aontaigh na trí institiúid ceanglais thuairiscithe, fhaireacháin agus mheastóireachta a bhunú sa reachtaíocht, ach ag an am céanna rórialáil agus ualaí riaracháin a sheachaint, go háirithe ar Bhallstáit.

I gcomhréir leis an gComhaontú Idirinstitiúideach agus le hAirteagal 12 agus Airteagal 13 den togra:

soláthrófar faisnéis bhliantúil ar thorthaí, lena náirítear comhsheasmhacht agus comhlántacht le cláir eile AE, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, agus na táscairí atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an togra seo á gcur san áireamh;

déanfar meastóireacht eatramhach ar an gclár a luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ar chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana ó thosach chur chun feidhme an Chláir. agus

i ndeireadh chur chun feidhme an chláir, ach tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis dheireadh na tréimhse atá sonraithe in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gclár.

2018/0194 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear clár um malartú, cúnamh agus oiliúint chun an euro a chosaint ar ghóchumadh don tréimhse 2021-2027 (clár 'Pericles 2020')

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 133 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach 14 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach 15

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Tá an cuspóir curtha rompu ag an Aontas agus ag na Ballstáit na bearta is gá a leagan síos chun an euro a úsáid mar airgeadra aonair. Tá cosaint an euro ar ghóchumadh agus ar chalaois ghaolmhar ar cheann de na bearta sin, agus dá bharr sin éifeachtacht gheilleagar an Aontais a mhéadú agus inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí a áirithiú.

(2)I Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001 ón gComhairle, 16 foráiltear do mhalartuithe faisnéise, do chomhar agus do chúnamh frithpháirteach, lena mbunófar ar an dóigh sin creat comhchuibhithe chun an euro a chosaint. Leathnaíodh éifeachtaí an Rialacháin sin le Rialachán (CE) Uimh. 1339/2001 ón gComhairle 17 ionas go gcumhdófaí na Ballstáit sin nach bhfuil an euro glactha acu mar airgeadra aonair, chun go mbeadh leibhéal coibhéiseach cosanta ag an euro ar fud an Aontais.

(3)Gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh malartuithe faisnéise agus foirne, cúnaimh theicniúil agus eolaíoch agus oiliúna speisialaithe a chur chun cinn, is cuidiú mór iad chun airgeadra aonair an Aontais a chosaint ar ghóchumadh agus ar chalaois ghaolmhar agus, ar an dóigh sin, ardleibhéal de chosaint choibhéiseach a áirithiú ar fud an Aontais, agus léiriú a thabhairt ar chumas an Aontais dul i ngleic le coireacht thromchúiseach eagraithe.

(4)Cuireann clár chun an euro a chosaint ar ghóchumadh le feasacht saoránach de chuid AE a ardú, feabhas a chur ar chosaint an euro, go háirithe trí shíorscaipeadh thorthaí gníomhaíochtaí a dtacaíonn an clár sin leo.

(5)A bhuí le tacaíocht a tugadh san am a chuaigh thart do ghníomhaíochtaí den sórt sin, trí Chinneadh 2001/923/CE 18 ón gComhairle agus Chinneadh 2001/924/CE ón gComhairle 19 , arna leasú agus arna leathnú ina dhiaidh sin le Cinntí 2006/75/CE 20 , 2006/76/CE(849) 21 , 2006/849/CE 22 , 2006/850/CE 23 agus Rialachán (AE) Uimh. 331/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 24 , bhíothas in ann feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí an Aontais agus na mBallstát i réimse an euro a chosaint ar ghóchumadh. Tá cuspóirí an chláir chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (an clár Pericles) do na tréimhsí 2002-2006, 2007-2013 agus 2014 go dtí 2017 25 bainte amach.

(6)Sa Teachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an meastóireacht mheántéarmach ar an gclár Pericles 2020, bhain an Coimisiún de thátal gur cheart tacú le leanúint den chlár Pericles 2020 níos faide ná 2020, de bharr a bhreisluacha AE, a thionchair fhadtéarmaí agus inbhuanaitheacht a ghníomhaíochtaí.

(7)Is í an chomhairle a thugtar sa mheastóireacht mheántéarmach ná gur cheart leanúint de ghníomhaíochtaí atá maoinithe faoin gclár Pericles 2020, agus na féidearthachtaí á gcur san áireamh maidir le cur isteach iarratas a shimpliú, idirdhealú idir tairbhithe a spreagadh, leanúint de dhíriú isteach ar bhagairtí góchumtha eiritheacha agus athfhillteacha agus na heochairtháscairí feidhmíochta a shruthlíniú.

(8)Dá bhrí sin ba cheart clár nua don tréimhse 2021-2027 (an clár Pericles IV) a ghlacadh. Ba cheart a áirithiú go bhfuil an clár Pericles IV i gcomhréir le cláir agus gníomhaíochtaí ábhartha eile agus ina chomhlánú orthu. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún gach comhairliúchán is gá a dhéanamh leis na príomhpháirtithe ábhartha go háirithe leis na húdaráis náisiúnta inniúla arna nainmniú ag na Ballstáit, leis an mBanc Ceannais Eorpach agus le Europol chun meastóireacht a dhéanamh ar na riachtanais atá ann ó thaobh an euro a chosaint, laistigh den choiste dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001, go háirithe maidir le malartuithe, cúnamh agus oiliúint, chun críche an clár Pericles IV a chur i bhfeidhm.

(9)Tá feidhm ag rialacha cothrománacha a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an Rialachán seo. Tá na rialacha sin leagtha síos sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta chun an buiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, sholáthar, dhuaiseanna agus chur chun feidhme indíreach, agus déantar foráil leo chun freagracht gníomhaithe airgeadais a sheiceáil. Na rialacha a ghlactar ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, baineann siad freisin le cosaint bhuiséad an Aontais i gcás easnaimh ghinearálaithe maidir le smacht reachta sna Ballstáit, ós rud é gur réamhchoinníoll riachtanach urramú an smachta reachta i dtaca le bainistiú fónta airgeadais agus cistiú éifeachtach de chuid an Aontais Eorpaigh.

(10)Comhlíonann an Rialachán seo prionsabal an bhreisluacha agus prionsabal na comhréireachta. Ba cheart go néascódh an clár Pericles IV comhar i measc na mBallstát agus comhar idir an Coimisiún agus na Ballstáit d'fhonn an euro a chosaint ar ghóchumadh, gan cur isteach ar fhreagrachtaí na mBallstát, agus úsáid á baint aige as acmhainní ar bhealach níos éifeachtúla ná mar a d'fhéadfaí úsáid a bhaint astu ar an leibhéal náisiúnta. Is gá gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais agus tá údar leis toisc gur léir go gcuidíonn sé leis na Ballstáit an euro a chosaint go comhpháirteach agus go spreagann sé úsáid struchtúir choiteanna de chuid an Aontais chun comhar agus malartú faisnéise idir údaráis inniúla a mhéadú.

(11)The Pericles IV programme should be implemented in accordance with the multiannual financial framework laid down in [tagairt don Rialachán maidir leis an CAI iar-2020 Rialachán ón gComhairle (AE, Euratom) …/2018].

(12)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun an clár Pericles IV a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart don Choimisiún cláir oibre bhliantúla a ghlacadh lena leagtar amach na tosaíochtaí, an miondealú buiséid agus na critéir mheastóireachta maidir le deontais le haghaidh gníomhaíochtaí. Ba cheart go mbeadh na cásanna eisceachtúla agus cuíréasúnaithe, ina bhfuil méadú ar chómhaoiniú riachtanach d'fhonn níos mó solúbthachta eacnamaíche a thabhairt do na Ballstáit, rud a chuirfidh ar a gcumas tionscadail a chur i gcrích agus a chríochnú chun an euro a chosaint agus a chumhdach ar bhealach sásúil, mar chuid de na cláir oibre bhliantúla.

(13)Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don chlár Pericles IV arb éard a bheidh ann an príomhmhéid tagartha, de réir bhrí [tagairt le nuashonrú de réir mar is iomchuí de réir an chomhaontaithe nua idirinstitiúideach: phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais], do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(14)I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 26 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle 27 agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle 28 , déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena náirítear trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 féadfaidh an Oifig Eorpach FrithChalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena náirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) calaois agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a fhiosrú agus a ionchúiseamh, de réir mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d'aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do OIPE agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE).

(15)Ba cheart don Choimisiún tuarascáil mheastóireachta meántéarmaí maidir le cur chun feidhme an chláir Pericles IV agus tuarascáil mheastóireachta deiridh maidir le baint amach chuspóirí an chláir, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

(16)Ar an ábhar sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 331/2014 a aisghairm.

(17)Is iomchuí trasdul rianúil gan briseadh a áirithiú idir an clár Pericles 2020 agus an clár Pericles IV agus is iomchuí ré an chláir Pericles IV a ailíniú le [tagairt don Rialachán maidir leis an CAI iar-2020] Rialachán (AE, Euratom) .../2018 29 ]. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag an gclár Pericles IV ó 1 Eanáir 2021,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1
Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo an clár Pericles IV, clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (‘an clár’).

Leagtar síos leis cuspóirí an chláir, an buiséad don tréimhse ó 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2
Cuspóirí an chláir

1.Ag seo cuspóir ginearálta an chláir:

Góchumadh agus calaois ghaolmhar a chosc agus a chomhrac sa dóigh is go bhfeabhsófar iomaíochas gheilleagar an Aontais agus go ndaingneofar inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí.

2.Tá an cuspóir sonrach seo a leanas ag an gclár:

Nótaí bainc agus monaí euro a chosaint ar ghóchumadh agus ar chalaois ghaolmhar, trí thacú leis na bearta arna ngabháil de láimh ag na Ballstáit agus trí chur leo, agus trí chúnamh a thabhairt d'údaráis inniúla náisiúnta agus d'údaráis inniúla an Aontais agus iad ag iarraidh dlúthchomhar tráthrialta agus malartú an chleachtais is fearr a fhorbairt eatarthu féin agus leis an gCoimisiún lena náirítear, i gcás inarb iomchuí, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta.

Airteagal 3
Buiséad

1.Is é EUR 7 700 000 (i bpraghsanna reatha) a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an chláir don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

2.Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe bliantúla a údarú laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil.

3.Féadfar an méid dá dtagraítear i mír 1 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus cúnamh riaracháin chun an clár a chur chun feidhme, cuir i gcás gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena náirítear córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha.

Airteagal 4
Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas Eorpach

1.Is tríd an mbainistíocht dhíreach a chuirfear an clár chun feidhme i gcomhréir leis [an leagan is deireanaí den Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.]

2.Déanfaidh an Coimisiún an clár a chur chun feidhme i gcomhar leis na Ballstáit, trí chomhairliúcháin rialta a chur ar bun ag amanna éagsúla le linn chur chun feidhme an chláir, agus na bearta ábhartha atá déanta ag eintitis eile inniúla, go háirithe ag an mBanc Ceannais Eorpach agus ag Europol, á gcur san áireamh.

3.Is i bhfoirmeacha aon cheann den méid seo a leanas a bheidh tacaíocht airgeadais faoin gclár le haghaidh gníomhaíochtaí incháilithe a liostaítear in Airteagal 6:

deontais; nó

soláthar poiblí.

Airteagal 5
Gníomhaíochtaí comhpháirteacha

1.Féadfaidh an Coimisiún agus comhpháirtithe eile a bhfuil saineolas ábhartha acu, amhail na comhpháirtithe seo a leanas, gníomhaíochtaí a eagrú i gcomhpháirt faoin gclár:

(a)na bainc cheannais náisiúnta agus an Banc Ceannais Eorpach (BCE);

(b)na Lárionaid Náisiúnta um Anailísiú (LNAanna) agus na Lárionaid Náisiúnta um Anailísiú Monaí (LNAManna);

(c)an Lárionad Eorpach Teicniúil agus Eolaíoch (LETE) agus na miontaí;

(d)Europol, Eurojust agus Interpol;

(e)na lároifigí náisiúnta frithghóchumtha dá bhforáiltear in Airteagal 12 den Choinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Deireadh a Chur le Góchumadh Airgeadra a síníodh sa Ghinéiv an 20 Aibreán 1929 30 agus gníomhaireachtaí eile arb é góchumadh a chosc, a bhrath agus an dlí a fhorfheidhmiú ina leith a speisialtacht;

(f)sainchomhlachtaí a mbíonn baint acu le réimse na dteicneolaíochtaí macasamhlaithe agus deimhnithe, clódóirí agus greanadóirí;

(g)comhlachtaí seachas na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a) go (f) a thairgeann saineolas sonrach, lena náirítear, i gcás inarb iomchuí, comhlachtaí den sórt sin ó thríú tíortha agus go háirithe ó Stáit aontacha agus ó thíortha is iarrthóirí; agus

(h)eintitis phríobháideacha a d'fhorbair agus a sholáthair fianaise ar eolas teicniúil agus fhoirne a speisialaíonn i nótaí bainc agus monaí góchumtha a bhrath.

2.I gcás ina mbeidh gníomhaíochtaí incháilithe á neagrú i gcomhpháirt leis an gCoimisiún agus le BCE, le Eurojust, le Europol nó le Interpol, déanfar na caiteachais dá éis a roinnt eatarthu. In aon chás, seasfaidh gach ceann díobh costais taistil agus lóistín a chuid aoichainteoirí féin.

CAIBIDIL II
INCHÁILITHEACHT

Airteagal 6
Gníomhaíochtaí incháilithe

1.Déanfaidh an clár, faoi na coinníollacha a leagtar amach sna cláir oibre bhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 10, tacaíocht airgeadais a sholáthar do na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)malartú agus scaipeadh faisnéise, go háirithe trí cheardlanna, cruinnithe agus seimineáir lena náirítear oiliúint, socrúcháin spriocdhírithe agus malartuithe foirne de chuid údarás inniúil náisiúnta agus gníomhaíochtaí eile comhchosúla a eagrú. Beidh an malartú faisnéise dírithe ar na nithe seo a leanas, i measc nithe eile:

modheolaíochtaí chun faireachán agus anailís a dhéanamh ar an tionchar eacnamaíoch agus airgeadais atá ag góchumadh;

bunachair shonraí agus córas réamhrabhaidh a fheidhmiú;

uirlisí braith a bhfuil cúltaca ríomhaire acu a úsáid;

modhanna fiosrúcháin agus imscrúdaithe;

cúnamh eolaíoch, lena náirítear faireachán ar fhorbairtí nua;

an euro a chosaint lasmuigh den Aontas;

gníomhaíochtaí taighde;

saineolas oibríochtúil sonrach a sholáthar;

(b)cúnamh teicniúil, eolaíoch agus oibríochtúil is cosúil a bheith riachtanach mar chuid den chlár, lena náirítear an méid seo a leanas go háirithe:

aon bheart iomchuí a bhunaíonn acmhainní múinteoireachta ar leibhéal an Aontais , amhail lámhleabhar maidir le reachtaíocht an Aontais, bullaitíní eolais, lámhleabhair phraiticiúla, gluaiseanna agus foclóirí, bunachair shonraí, go háirithe i réimse an chúnaimh eolaíoch nó na faire teicneolaíochta nó feidhmchlár tacaíochta ríomhaire, amhail bogearraí;

staidéir ábhartha a bhfuil gné ildisciplíneach agus thrasnáisiúnta acu, lena náirítear taighde ar ghnéithe slándála nuálacha;

uirlisí agus modhanna tacaíochta teicniúla a fhorbairt chun gníomhaíochtaí braith a éascú ar leibhéal an Aontais;

tacaíocht do chomhar i gcás oibríochtaí ina bhfuil ar a laghad dhá Stát páirteach nuair nach bhfuil tacaíocht den sórt sin ar fáil ó chláir eile de chuid institiúidí agus comhlachtaí Eorpacha;

(c)ceannach trealaimh, ar trealamh é atá le húsáid ag údaráis frithghóchumtha speisialaithe tríú tíortha chun an euro a chosaint ar ghóchumadh, i gcomhréir le hAirteagal 10(3).

2.Déanfaidh an clár gnéithe trasnáisiúnta agus ildisciplíneacha an chomhraic i gcoinne góchumtha a chur san áireamh trí dhíriú ar rannpháirtíocht na ngrúpaí seo a leanas:

(a)foireann gníomhaireachtaí a bhíonn ag gabháil do ghóchumadh a bhrath agus a chomhrac, go háirithe fórsaí póilíneachta agus riaracháin chustaim agus airgeadais, de réir a bhfeidhmeanna sonracha ar an leibhéal náisiúnta;

(b)pearsanra faisnéise;

(c)ionadaithe de chuid na mbanc ceannais náisiúnta, na miontaí, na mbanc tráchtála agus idirghabhálaithe airgeadais eile, go háirithe maidir le hoibleagáidí institiúidí airgeadais;

(d)oifigigh bhreithiúnacha, saindlíodóirí agus comhaltaí den bhreithiúnacht sa réimse seo;

(e)aon ghrúpa eile saineolaithe lena mbaineann, amhail comhlachais tráchtála agus tionscail nó struchtúir inchomparáide a bheadh in ann rochtain a sholáthar ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide, miondíoltóirí agus cuideachtaí iompair airgid.

3.Féadfar na grúpaí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo rannpháirtithe ó thríú tíortha a áireamh, más tábhachtach é sin chun na cuspóirí dá bhforáiltear in Airteagal 2 a bhaint amach.

CAIBIDIL III
DEONTAIS

Airteagal 7
Deontais

Dámhfar agus bainisteofar deontais faoin gclár i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

I gcás gníomhaíochtaí a chuirfear chun feidhme trí dheontais, ní ceannach trealaimh an taon chomhpháirt amháin a bheidh sa chomhaontú deontais.

Airteagal 8
Rátaí cómhaoinithe

Ní sháróidh an ráta cómhaoinithe do dheontais arna ndámhachtain faoin gclár 75 % de na costais incháilithe. In imthosca eisceachtúla atá cuíréasúnaithe, arna sainiú sna cláir oibre bhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 10, ní sháróidh an ráta cómhaoinithe 90 % de na costais incháilithe.

Airteagal 9
Eintitis incháilithe

Is iad na húdaráis inniúla náisiúnta, arna sainiú i bpointe (b) d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001, a bheidh ina neintitis incháilithe le haghaidh cistiúcháin faoin gclár.

CAIBIDIL IV
CLÁREAGRÚ, FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS RIALÚ

Airteagal 10
Cláir oibre

1.Is leis na cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais a chuirfear an clár chun feidhme.

2.I gcás deontas, sa bhreis ar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 108 den Rialachán Airgeadais, sonrófar sa chlár oibre na critéir roghnúcháin agus dámhachtana sár-riachtanacha agus an tuasráta cómhaoinithe.

Airteagal 11
Tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 12(2) a thabhairt don Choimisiún ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 12(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na gcumhachtaí a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

6.Tiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 12(2) i bhfeidhm mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh trí mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 12
Faireachán

1.Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an togra seo na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an chláir maidir le baint amach an chuspóra shonraigh a leagtar amach in Airteagal 2.

2.          Chun a áirithiú go measfar go héifeachtach dul chun cinn an chláir i dtreo bhaint amach a chuspóirí, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11 chun na forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a fhorbairt, lena náirítear le leasuithe san Iarscríbhinn chun na táscairí a athbhreithniú nó a fhorlíonadh, i gcás inar gá chun críocha na meastóireachta.

3.Soláthróidh an Coimisiún faisnéis bhliantúil ar thorthaí an chláir do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, agus na táscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an togra seo á gcur san áireamh acu.

4.Déanfaidh na tíortha rannpháirteacha agus tairbhithe eile na sonraí uile agus an fhaisnéis uile is gá a sholáthar don Choimisiún chun go bhféadfar faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an gclár.

Airteagal 13
Meastóireacht

1.Déanfar meastóireacht eatramhach ar an gclár nuair a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ar chur chun feidhme an chláir, ach déanfar í tráth nach déanaí ná ceithre bliana ó thosach chur chun feidhme an chláir.

2.Ag deireadh chur chun feidhme an chláir, ach tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis dheireadh na tréimhse atá sonraithe in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gclár.

3.Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha féin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Bhanc Ceannais Eorpach.

CAIBIDIL V
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 14
Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe (go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú) trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena náirítear na meáin agus an pobal.

2.Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gclár, agus a bhaineann le gníomhaíochtaí agus torthaí an chláir. Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar an gclár ina gcuidiú freisin maidir le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a fhad a bhaineann siad sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 2.

Airteagal 15
Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 331/2014 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

Airteagal 16
Forálacha idirthréimhseacha

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúnachas ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí lena mbaineann, faoi Rialachán (AE) Uimh. 331/2014, a mbeidh feidhm aige maidir leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

Airteagal 17
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa            Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán            An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimse/réimsí beartais lena mbaineann i struchtúr ABM/ABB

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

1.4.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.Fad agus tionchar airgeadais

1.6.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteideal/ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus an líne/na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an gclár Pericles chun gníomhaíochtaí a chur chun cinn i réimse chosaint an euro ar ghóchumadh

1.2.Réimse/réimsí beartais lena mbaineann 

Slándáil; An tAontas Airgeadaíochta Eorpach a dhoimhniú; An euro a chosaint ar ghóchumadh

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

Baineann an togra/tionscnamh le beart nua 

Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 31  

X Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua 

1.4.Forais an togra/tionscnaimh

1.4.1.An ceanglas/na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Foráiltear sa Chonradh gurb iad Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a leagfaidh síos na bearta is gá chun an euro a úsáid mar airgeadra aonair (Airteagal 133 CFAE). Tá cosaint an euro ar ghóchumadh ar na bearta sin freisin. Bunaithe ar an Airteagal sin, is ar an AE atá an mhortabháil an euro a chosaint mar airgeadra aonair. Go comhthreomhar leis sin, eisíonn na húdaráis náisiúnta nótaí bainc agus monaí euro i gcomhréir le hAirteagal 128 CFAE. Tá reachtaíocht náisiúnta glactha agus rialacha inmheánacha bunaithe ag Ballstáit leis an euro a chosaint.

1.4.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an luach breise a bheith mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, éifeachtacht mhéadaithe nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn “luach breise a bhaineann le rannpháirteachas AE” an luach a bhíonn mar thoradh ar idirghabháil an Aontais atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann murach sin ag na Ballstáit dá mbeidís ag feidhmiú leo féin.

Cúiseanna le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (ex ante)

Ós rud é go bhfuil gné shoiléir thrasnáisiúnta ag baint leis an airgeadra aonair Eorpach a chosaint mar earra poiblí, téann cosaint an euro níos faide ná leas agus freagracht Ballstát aonar AE. I bhfianaise chúrsaíocht thrasteorann an euro agus na dlúthbhainte atá ag coireacht eagraithe idirnáisiúnta le góchumadh an euro (táirgeadh agus dáileadh), is gá creataí cosanta náisiúnta a chomhlánú le tionscnamh de chuid AE chun comhar náisiúnta agus idirnáisiúnta aonchineálach a áirithiú, agus chun dul i ngleic le rioscaí féideartha trasnáisiúnta éiritheacha.

An luach breise ar leibhéal an Aontais a mheastar a ghinfear (ex post)

Is léir go bhfuil éirithe leis an gclár comhar trasnáisiúnta agus trasteorann laistigh den AE agus go hidirnáisiúnta a chur chun cinn, ag áirithiú cosaint dhomhanda an euro ar ghóchumadh, agus go háirithe, go bhfuil sé tar éis freagracht a ghlacadh as dul i gcoinne bagairtí sonracha éiritheacha (amhail an gréasán domhain/dorcha) agus an caidreamh (dúshlánach) le tíortha áirithe (an tSín mar shampla), toisc gur deacair do Bhallstáit aonair aghaidh a thabhairt ar na bagairtí seo ina naonar. Murach an clár, ní bheadh sé indéanta tionscnaimh amhail idirphlé a bhunú le húdaráis fhrithghóchumtha na Síne nó tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí chun an euro a chosaint i Meiriceá Laidineach a chur i gcrích. Tagann taighde ar ghnéithe slándála nuálacha bonn euro den dara ghlúin faoin gcatagóir téamaí trasnáisiúnta seo freisin

1.4.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile chosúil san am a chuaigh thart

Rinneadh meastóireacht ar chlár Pericles faoi thrí, in 2004, 2011 agus 2017. Léiríodh sna meastóireachtaí sin gur bhain an clár a chuspóirí amach agus chuir a thairbhithe in iúl nár mhór leanúint den chlár. Go háirithe, baineann an mheastóireacht mheántéarma ar an gclár Pericles 2020 in 2017 de thátal go dtagann na torthaí ar fad le chéile i dtreo measúnaithe ghinearálta dhearfaí maidir lena bhreisluach AE, a shoiléire, a ábharthacht, a éifeacht, a inbhuanaitheacht agus a éifeachtúlacht.

Is iad seo a leanas na ceachtanna a foghlaimíodh ón gclár roimhe seo:

- An gá údaráis náisiúnta inniúla a spreagadh chun páirt níos mó a ghlacadh: ba cheart machnamh a dhéanamh ar theagmhálacha a bhunú le cinneadóirí náisiúnta chun a áirithiú go dtuigtear go maith na deiseanna a chuireann an clár ar fáil.

- Ba cheart an fhéidearthacht iarratais agus doiciméadacht ábhartha eile a chur isteach ar líne a fhiosrú.

- Agus páipéar straitéise bliantúil Pericles á úsáid aige, ina sainaithneofar bagairtí agus tosaíochtaí éiritheacha agus athfhillteacha araon, beidh gá ag an gclár le bheith in ann leanúint de dheileáil leis na bagairtí agus na tosaíochtaí sin go solúbtha agus go héifeachtach.

1.4.4.Comhoiriúnacht d’ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d’fhéadfadh a bheith ann

Déanann an cur chuige ar leith trasnáisiúnta agus ildisciplíneach 32 atá ag an gclár Pericles 2020 agus a dhíriú isteach ar acmhainn an phobail a fhorbairt chun an euro a chosaint gurb uathúil é i measc clár ar leibhéal AE. Is féidir breathnú ar an dá chlár seo a leanas de chuid an Choimisiúin mar chláir a chomhlánann a chéile. Cumhdaíonn Ionstraim Póilíneachta an Chiste Slándála Inmheánaí (CSI Póilíneacht) de chuid DG HOME cosc na coireachta agus an comhrac ina coinne go ginearálta, ach ní áirítear inti ach iarrachtaí (indíreacha) chun góchumadh an euro (nó airgeadra) a chosc nó a chomhrac má tá sé nasctha le cineálacha eile coireanna a dtugann an ionstraim tosaíocht dóibh (is é sin le rá sceimhlitheoireacht, coireacht eagraithe, cibearchoireacht agus coireacht chomhsaoil). Sa bhreis air sin, thug ionstraim Cúnaimh Theicniúil agus Malartaithe Faisnéise de chuid DG NEAR tacaíocht do ghníomhaíochtaí a bhaineann le góchumadh an euro, ach tá scála, fad agus cineál na ngníomhaíochtaí sin éagsúil ó ghníomhaíochtaí Pericles 2020 agus is minic a thacaíonn siad le hidirbheartaíocht aontachais. Tá an chomhlántacht éifeachtach seo deimhnithe ag roinnt údaráis náisiúnta agus údaráis de chuid tríú tíortha 33 .

1.5.Fad agus tionchar airgeadais

X Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse teoranta

X    Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón 1/1/2021 go dtí an 31/12/2027

X     Tionchar airgeadais ó 2021 go 2030

1.6.Modh/modhanna bainistíochta atá beartaithe 34  

X  Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

X ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn “Nótaí” le do thoil.

Nótaí

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

Féach Airteagal 12 agus Airteagal 13 den togra ina sonraítear an méid a leanas:

déanfar tuarascálacha bliantúla ar thorthaí, lena náirítear na torthaí a bhaineann le comhsheasmhacht agus le comhlántacht maidir le cláir eile de chuid an Aontais, a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle;

foráiltear maidir le measúnú ar chur chun feidhme chuspóirí an chláir (faoin 31 Nollaig 2024 ar a dhéanaí);

thairis sin, cuirfear tuarascáil chríochnaitheach ar bhaint amach chuspóirí an chláir chuig an údarás buiséid faoi cheann dheireadh 2027.

2.2.Córais bhainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, na sásraí cur chun feidhme, na módúlachtaí íocaíochta agus an straitéis atá beartaithe

Mód bainistíochta.

Déanfaidh an Coimisiún an Clár a chur chun feidhme tríd an gCoimisiún. Áiritheoidh sé sin go bhfuil (AS ECFIN) i gceannas ar bhainistíocht dhíreach an Chláir agus ar bheartas agus reachtaíocht an Aontais a dhearadh agus a chur chun feidhme chun an euro a chosaint, ag clúdach coiscthe, forfheidhmithe agus comhair, rud a chumasaíonn méid optamach sineirge. Áirithíonn sé sin baint amach éifeachtach chuspóirí an Chláir, ós rud é go nascann se reachtaíocht agus beartas le cur chun feidhme an Chláir. Tacaíonn rannpháirtíocht an Choimisiúin i mbeagach gach gníomh le hullmhú agus le cur i láthair ghnéithe reachtacha agus beartais an Aontais Eorpaigh.

Sásra cur chun feidhme maoinithe

Beidh tacaíocht airgeadais faoin gClár le haghaidh gníomhartha incháilithe i gceachtar den dá fhoirm a leanas:

(a) deontais (‘gníomhartha arna gcur chun feidhme ag Údaráis Náisiúnta Inniúla (CNAnna)’); nó

(b) soláthar poiblí (‘gníomhartha díreacha’).

Baineann an Coimisiún/AS ECFIN úsáid as ‘gníomhartha díreacha’ agus é mar aidhm na gníomhartha deontais a chomhlánú agus dá réir sin dul i ngleic leis an líon is airde bagairtí agus tosaíochtaí éiritheacha.

Ní sháróidh an ráta cómhaoiniúcháin do dheontais arna ndámhachtain faoin gClár 75 % de na costais incháilithe. In imthosca eisceachtúla atá cuíréasúnaithe, arna sainiú sna cláir oibre bhliantúla, ní sháróidh an ráta cómhaoinithe 90 % de na costais incháilithe. Sonraítear na cásanna cuíúdaraithe sa chlár oibre bliantúil agus déantar iad a nuashonrú ar bhonn bliantúil.

Na cineálacha maoiniúcháin agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear faoin Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a thabhairt a roghnófar iad, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar na rioscaí a mheastar a thiocfadh de neamhchomhlíonadh. Maidir le deontais, áireofar leis seo breithniú ar úsáid cnapshuimeanna, rátaí comhréidh agus ar scálaí costas aonaid.

Léireoidh an clár oibre bliantúil an leithdháileadh buiséadach idir deontais agus soláthar poiblí ar bhonn bliantúil, agus áiritheofar solúbthacht 20% ag brath ar an éileamh le haghaidh deontas agus an gá le haghaidh gníomhartha arna soláthar ag an gCoimisiún. Ní bhreithnítear gur athrú suntasach iad athruithe carnacha ar an leithdháileadh leis na gníomhartha sainiúla dá dtagraítear sa chlár oibre bliantúil nach sáraíonn 20% de bhuiséad bliantúil iomlán, de réir bhrí Airteagal 9494) den Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012, ar an gcoinníoll nach gcuireann siad isteach go suntasach ar nádúr ná ar chuspóirí an chláir oibre.

Módúlachtaí íocaíochta.

Déanann an Coimisiún na híocaíochtaí a leanas leis an tairbhí:

- aon íocaíocht réamhmhaoiniúcháin;

- aon íocaíocht den iarmhéid, ar bhonn na hiarrata le haghaidh an tiarmhéid a íoc.

Is é aidhm an réamhmhaoiniúcháin comhlúthacht a chur ar fáil don tairbhí. Is maoin de chuid an Aontais an réamhmhaoiniú i gcónaí go dtí go ndéantar é a imréiteach in aghaidh íoc an iarmhéid.

Aisíocann nó clúdaíonn íoc an iarmhéid an chuid eile de na costais incháilithe arna dtabhú ag an tairbhí le haghaidh an gníomh a chur chun feidhme.

Straitéis rialaithe.

Tá na nósanna imeachta rialaithe i gcomhair an dá chuid den chlár (deontais agus soláthair) i gcomhréir leis an Rialachán Foirne.

Fíoruithe ex-ante (oibleagáid agus íocaíochtaí)

Tá rogha an Choimisiúin de chiorcad airgeadais le haghaidh samhail atá díláraithe i bpáirt, le tionscnamh agus fíorú airgeadais socraithe leis an láraonad airgeadais agus an tionscnamh oibriúcháin, fíorú agus údarú deiridh socraithe leis na haonaid oibriúcháin. Déanfaidh 4 gníomhairí (gníomhaire tionscanta airgeadais agus an gníomhaire fíoraithe airgeadais san aonad buiséid agus an gníomhaire tionscanta oibriúcháin agus an gníomhaire fíoraithe san aonad atá freagrach as an gcaiteachas) ar a laghad gach comhad a fhíorú sula nglacfaidh an tOifigeach um Údarú iad trí fhotharmligean.

Dheonaigh an tArdStiúrthóir fotharmligean do gach ceann aonaid, dá thoradh sin tá gach ceann aonaid freagrach as a chuid féin den chlár a chur chun feidhme.

- déanfaidh an gníomhaire fíoraithe airgeadais (FVA) agus an gníomhaire fíoraithe oibriúcháin (OVA) rialuithe ex-ante ar gach idirbheart óna dteastaíonn formheas ón oifigeach um údarú fotharmligthe (AOSD).

- Déantar rialuithe ar athróga íogaire tar éis thorthaí an mheasúnaithe

riosca arna chur i gcrích i gcomhthéacs na Tuarascála maidir le Cáilíocht na Cuntasaíochta (amhail: LE

agus BA, cuntais G/L, línte buiséid, méideanna agus ríomhanna, srl...).

I gcás gach comhad soláthair Pericles, beidh ionadaí ó ECFIN i láthair ar lá an ghnímh chun dea-chur chun feidhme na gcistí a mhaoirsiú (e.g. comhdhálacha agus oiliúint).

Deontais

- Sa chomhaontú deontais arna shíniú ag na tairbhithe saineofar na coinníollacha is infheidhme maidir leis an gcistiú agus gníomhaíochtaí a bhaineann leis an deontas, lean náirítear caibidil maidir le modhanna rialaithe.

- I gcás thromlach dheontais Pericles, bíonn ionadaí ó ECFIN i láthair ar lá an ghnímh d’fhonn rannchuidiú leis an imeacht (e.g.: cainteoirí, traenálaithe) agus dea-chur chun feidhme an ghnímh a sheiceáil (e.g. comhdhálacha agus seisiúin oiliúna).

Soláthar

- déantar téarmaí tagartha mionsonraithe a dhréachtú agus is iad a bhíonn mar bhonn leis an gconradh sonrach. Déantar foráil maidir le bearta frithchalaoise i ngach conradh a thabharfar i gcrích idir ECFIN agus an páirtí seachtrach.

- déanfaidh ECFIN rialuithe ar na torthaí ar fad agus maoirsiú ar na hoibriúcháin agus na seirbhísí ar fad arna gcur i gcrích ag an gconraitheoir creatlaí.

Ina theannta sin, i gcomhréir le haithris 14 den togra, forálfar maidir le bearta ar leibhéal na dtairbhithe (cuirfear doiciméid tacaíochta ar fáil don Choimisiún). Féadfaidh iniúchtaí a dhéanamh le linn an chonartha nó an chomhaontaithe agus ar feadh tréimhse cúig bliana tar éis na híocaíochta deiridh ionas go ndéanfaidh an Coimisiún cinntí maidir le gnóthú, más iomchuí. Saineofar cearta rochtana fhoireann an Choimisiúin agus pearsanra sheachtraigh údaraithe agus beidh na cearta céanna ag Cúirt na nIniúchóirí agus ag OLAF.

Leis na rialuithe arna mbunú beidh ráthú leormhaith ag ECFIN maidir le cáilíocht agus rialtacht an chaiteachais agus laghdófar an riosca nach gcomhlíonfar na coinníollacha.

Leis na rialuithe thuasluaite laghdófar an riosca go nialas nach mór agus sroichfear 100% de na tairbhithe.

Meastar go mbeidh straitéis rialaithe an chláir éifeachtúil maidir leis an riosca a theorannú nach gcomhlíonfar coinníollacha agus meastar go bhfuil sí i gcoibhneas leis an riosca atá i gceist i bhfianaise an bhuiséid bhig

lena mbaineann.

2.2.2.Faisnéis maidir leis na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Meastar go bhfuil an leibhéal riosca íseal i gcás na gcomhaontuithe deontais, ós rud é i 90% de na cásanna gur údaráis phoiblí nó seirbhísí forfheidhmithe dlí sna Ballstáit iad na tairbhithe. I gcás na gconarthaí arna ndámhachtain ar bhonn próisis soláthair is lú na rioscaí ós rud é go bhfuil cuid shuntasach den chaiteachas cumhdaithe ó thaobh dlí agus airgeadais de ag creatchonradh arna thabhairt i gcríoch i gcomhair 1 bhliain leis an deis é a shíneadh 3 huaire.

I gcomhréir le ceanglais an Choimisiúin, déanfar measúnú riosca gach bliain.

Riosca tábhachtach a shainaithnítear sna comhaid deontais is ea go ndéanann an tairbhí léirléamh rófhlaithiúil ar na coinníollacha deontais maidir le hincháilitheacht costas arna dtabhú agus an gníomh á chur chun feidhme. D’fhonn an riosca sin a mhaolú bíonn na Treoirlínte Airgeadais le haghaidh Iarratasóirí i gceangal leis na Glaonna ar Thograí.

Speansais arna ndearbhú ag an tairbhí nach bhfuil faoi scóip an chomhaontaithe deontais.

Costais foirne nach bhfuil cuíréasúnaithe go leordhóthanach.

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis (ar an íocaíocht a dhéanamh agus ar dhúnadh an chláir)

Is ionann na costais a bheidh i gceist chun an straitéis rialaithe a chur chun feidhme agus 1,15% den bhuiséad. Tá an meastachán sin bunaithe ar na bearta rialaithe atá i bhfeidhm cheana i gcomhair chlár Pericles 2020.

Déanfar tomhas ar éifeachtúlacht costais rialuithe maidir le speansais Pericles de réir chomhréir chostais fhoriomlána na rialuithe ar na híocaíochtaí. Ba cheart a chur san áireamh d’ainneoin go mbeidh cóimheas na gcostas rialaithe thar an meán beidh an cur chun feidhme éifeachtúil agus costéifeachtach. Is féidir cóimheas ard na gcostas rialaithe a mhíniú tríd an méid a leanas:

Is aonad gnó gníomhach é freisin an taonad atá freagrach a bhfuil a ghníomhaíochtaí fite fuaite le cur chun feidhme ghníomhartha Pericles arna gcur i gcrích ag Ballstáit agus ag údarais náisiúnta inniúla. Baintear é sin amach trí phlé Ghrúpa Saineolaithe na mBallstát, trína chomhordú agus trí fhreastal a dhéanamh ar gach imeacht/ceardlann/seisiún oiliúna a eagraíonn na tairbhithe. Ráthaíonn an réamhphlé ardcháilíocht na naschur atá le húsáid le haghaidh obair an aonaid. Baineann rannpháirtíocht fhoireann ECFIN i ngach imeacht go príomha lena ghníomhaíochtaí mar aonad gnó (cathaoirleacht, láithreoireachtaí a chur i láthair, ceardlanna a threorú, conclúidí a chomhdhréachtú agus úsáid aschur dá réir sin) agus, san am céanna, tugtar an deis faireachán agus measúnú a dhéanamh ar an láthair ar cháilíocht na ngníomhartha go léir arna gcur chun feidhme (15% ar a mhéad den am caite ar an láthair). Sa chomhthéacs céanna, cuireann ECFIN fáilte roimh rannpháirtithe mhalairtuithe foirne Pericles ar a áitreamh. Baineann méid suntasach ama an aonaid leis na tascanna sin, agus an chuid is mó acu bainteach le beartas.

Tá buiséad measartha beag ag Pericles, nach bhfuil a chur chun feidhme agus rialuithe i gcomhréir leis na deontais cuibheasach íseal a dhámhtar, mar an gcéanna, mar gheall ar an mbuiséad íseal lena mbaineann, ní féidir leis an gclár tairbhe a bhaint as barainneachtaí scála.

Cuirtear an clár i gcrích trí aon ghlao ar thogra, lena mbaineann dhá spriocdháta; dá réir sin bainistítear dhá nós imeachta dámhachtana in aghaidh na bliana

Tá an spriocráta earráidí iarmharacha níos lú ná 2% de na híocaíochtaí.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Féach aithris 14 den togra. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 35 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle 36 agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle 37 , déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena náirítear trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 féadfaidh an Oifig Eorpach FrithChalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena náirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) calaois agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a fhiosrú agus a ionchúiseamh, de réir mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d'aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE).

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteideal/ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus an líne/na línte buiséid atá molta

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir 06 02
Ceannteideal 2 Comhtháthú agus Luachanna

LD/LN 38 .

ó thíortha de chuid CSTE 39

ó thíortha is iarrthóirí 40

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

[XX.YY.YY.YY]

Difreáilte

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

2

Uimhir 06.02

Ceannteideal 2 – Comhtháthú agus Luachanna

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

2028 -2030

IOMLÁN

Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(1)

1,037

1,057

1,078

0,950

1,122

1,144

1,012

0

7,400

Íocaíochtaí

(2)

0,256

0,767

0,951

0,843

1,015

1,032

0,895

1,641

7,400

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach an chláir 41  

Oibleagáidí = íocaíochtaí

(3)

0,150

0,150

0.300



IOMLÁN leithreasuithe d’imchlúdach an Chláir

Gealltanais

=1+3

1,037

1,057

1,078

1,100

1,122

1,144

1,162

0

7,700

Íocaíochtaí

=2+3

0,256

0,767

0,951

0,993

1,015

1,032

1,045

1,641

7,700





Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

7

“Caiteachas riaracháin”

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2021 42

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

Acmhainní daonna

0,272

0,272

0,272

0,272

0,272

0,272

0,272

 1,904

Caiteachas riaracháin eile

0,015

0,015

0,015

0,015

0,015

0,015

0,015

0,105

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Oibleagáidí iomlána = íocaíochtaí iomlána)

0,287

0,287

0,287

0,287

0,287

0,287

0,287

2,009

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2021 43

2022

2023

2024

2025

2026

2027

2028 -2030

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
ar fud na gCEANNTEIDEAL
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

Gealltanais

1,324

1,344

1,365

1,387

1,409

1,431

1,449

9,709

Íocaíochtaí

0,543

1,054

1,238

1,280

1,302

1,319

1,332

1,641

9,709

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.2.1.Achoimre

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

X    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)



2021 44



2022



2023



2024



2025



2026



2027

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

0,272

0,272

0,272

0,272

0,272

0,272

0,272

1,904

Caiteachas riaracháin eile

0,015

0,015

0,015

0,015

0,015

0,015

0,015

0,405

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

0,287

0,287

0,287

0,287

0,287

0,287

0,287

2,009

lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 45
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile
de chineál riaracháin

Fo-iomlán
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

0,287

0,287

0,287

0,287

0,287

0,287

0,287

2,009

Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón ArdStiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá athimlonnaithe laistigh den ArdStiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don ArdStiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.2.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

X Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha



2021 46



2022



2023



2024



2025



2026



2027

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

1,9

1,9

1,9

1,9

1,9

1,9

1,9

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

10 01 05 01 (Taighde díreach)

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 47

XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón gclúdach iomlánaíoch)

XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí)

XX 01 04 bb  48

- sa cheanncheathrú

- toscaireachtaí

XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – Taighde indíreach)

10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

1,9

1,9

1,9

1,9

1,9

1,9

1,9

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón ArdStiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a athimlonnófar laistigh den ArdStiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don ArdStiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

1,9 (0,95 AD, 0.95 AST)

Pearsanra seachtrach

3.2.3.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

X Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamhmheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

X    Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

ar acmhainní dílse

ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 49

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a nimreofar tionchar orthu.

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

(1)    Glacann sé áit an chláir Pericles a bunaíodh in 2001 agus a bhí i bhfeidhm sa tréimhse 2002-2013, agus leathnaíodh a fheidhm go dtí na Ballstáit neamhpháirteacha le Rialachán (AE) Uimh. 2015/768 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2015.
(2)    Rialachán (AE) Uimh. 331/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár "Pericles") (IO L 103, 5.4.2014, lch. 1). Rinneadh Cinntí 2001/923/EC, 2006/75/CE agus 2006/849/EC ón gComhairle a aisghairm leis an Rialachán sin.
(3)    Is féidir póilíní, údaráis bhreithiúnacha, bainc cheannais náisiúnta, saotharlanna anailíse teicniúla agus institiúidí eolaíochta ar fad a áireamh i ngníomhaíochtaí an chláir Pericles 2020.
(4)    Doiciméad Oibre Foirne de chuid an Choimisiúin SWD(2017) 443 leagan deiridh ag gabháil leis an dTeachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa maidir leis an meastóireacht mheántéarma ar an gclár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár Pericles 2020), an 6 Nollaig 2017. 
(5)    Economisti Associati, Meastóireacht Mheántéarma ar an gClár Pericles 2020 - Tuarascáil deiridh, an 27 Meitheamh 2017, lth. 64-70.
(6)    Dul i ngleic le bagairt gnéithe slándála góchumtha (amhail holagraim) de nótaí bainc euro.
(7)    Dul i ngleic le fadhb príomhionad góchumtha sa Cholóim agus i bPeiriú.
(8)    Mar atá ráite in aithris 13 de Rialachán (AE) Uimh. 331/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár “Pericles 2020”) (IO L 103, 5.4.2014, lch. 1).
(9)    Doiciméad Oibre Inmheánach de chuid an Choimisiúin SWD(2017) 741 leagan deiridh - Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa maidir leis an meastóireacht mheántéarmach ar an gclár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár Pericles 2020), an 6 Nollaig 2017.
(10)    Is iad na húdaráis náisiúnta inniúla na húdaráis atá ainmnithe ag na Ballstáit chun an góchumadh a chomhrac, agus áirithítear iontu póilíní, údaráis bhreithiúnacha, bainc cheannais náisiúnta agus miontaí. Tá an liosta iomlán san Iris Oifigiúil (2015/C 264/02).
(11)    Ceist 6 den cheistneoir: “Abair linn le do thoil má tá taithí agat ar cheann amháin nó níos mó de na cistí nó na cláir seo a leanas”.
(12)    Tá costas aonaid don liúntas chothaithe laethúla beartaithe chun costais chothaithe do thír ar leith (lón agus dinnéar, iompar áitiúil agus costais phearsanta eile) a chumhdach.
(13)    Insert reference once available.
(14)     IO C 137, 12.5.2012, lch. 7 .
(15)    Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Nollaig 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 11 Márta 2014.
(16)    Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2001 lena leagtar síos na bearta is gá chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (  IO L 181, 4.7.2001, lch. 6 ).
(17)    Rialachán (CE) Uimh. 1339/2001 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2001 lena leathnaíear éifeachtaí Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001 lena leagtar síos na bearta is gá chun an euro a chosaint ar ghóchumadh go dtí na Ballstáit sin nach bhfuil an euro glactha acu mar airgeadra aonair ( IO L 181, 4.7.2001, lch. 11 ).
(18)    Cinneadh 2001/923/CE ón gComhairle an 17 Nollaig 2001 lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (an clár Pericles) ( IO L 339, 21.12.2001, lch. 50 ).
(19)    Cinneadh 2001/924/CE ón gComhairle an 17 Nollaig 2001 lena leathnaítear éifeachtaí an Chinnidh lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (an clár Pericles) go dtí na Ballstáit nach bhfuil an euro glactha acu mar airgeadra aonair ( IO L 339, 21.12.2001, lch. 55 ).
(20)    Cinneadh 2006/75/CE ón gComhairle an 30 Eanáir 2006 lena leasaítear agus lena síntear Cinneadh 2001/923/CE lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (an clár Pericles) ( IO L 36, 8.2.2006, lch. 40 ).
(21)    Cinneadh 2006/76/CE ón gComhairle an 30 Eanáir 2006 lena síntear cur i bhfeidhm Chinneadh 2006/75/CE lena leasaítear agus lena síntear Cinneadh 2001/923/CE lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (an clár Pericles) go dtí na Ballstáit neamhrannpháirteacha ( IO L 36, 8.2.2006, lch. 42 ).
(22)    Cinneadh 2006/849/CE ón gComhairle an 20 Samhain 2006 lena leasaítear agus lena síntear Cinneadh 2001/923/CE lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (an clár Pericles) ( IO L 330, 28.11.2006, lch. 28 ).
(23)    Cinneadh 2006/850/CE ón gComhairle an 20 Samhain 2006 lena síntear cur i bhfeidhm Chinneadh 2006/849/CE lena leasaítear agus lena síntear Cinneadh 2001/923/CE lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (an clár Pericles) do na Ballstáit neamhrannpháirteacha ( IO L 330, 28.11.2006, lch. 30 ).
(24)    Rialachán (AE) Uimh. 331/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (an clár Pericles 2020) agus lena naisghairtear Cinntí 2001/923/CE, 2001/924/CE, 2006/75/CE, 2006/76/CE, 2006/849/CE agus 2006/850/CE ón gComhairle ( OJ L 103, 5.4.2014, p. 1).  
(25)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an meastóireacht mheántéarmach ar an gclár Pericles 2020 an 6.12.2017 ( COM (2017) 741 final).  
(26)     IOL 248, 18.9.2013, lch. 1.
(27)     IOL 292, 15.11.1996, lch. 2.  
(28)     IOL 283, 31.10.2017, lch. 1.  
(29)    Féach an Iris Oifigiúil. 
(30)    Conradh na Náisiún, Sraith Conarthaí Uimh. 2623 (1931), lch. 372.
(31)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(32)    Is féidir póilíní, údaráis bhreithiúnacha, bainc cheannais náisiúnta, saotharlanna anailíse teicniúla agus institiúidí eolaíochta ar fad a áireamh i ngníomhaíochtaí an chláir Pericles 2020.
(33)    Doiciméad Oibre Foirne de chuid an Choimisiúin SWD(2017) 443 leagan deiridh ag gabháil leis an dTeachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa maidir leis an meastóireacht mheántéarma ar an gclár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár Pericles 2020), an 6 Nollaig 2017.
(34)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin ArdStiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
(35)     IOL 248, 18.9.2013, lch. 1.
(36)     IOL 292, 15.11.1996, lch. 2.  
(37)     IOL 283, 31.10.2017, lch. 1.  
(38)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(39)    CSTA: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(40)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, iarrthóirí féideartha ó na Balcáin Thiar.
(41)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(42)    Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(43)    Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(44)    Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(45)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(46)    Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(47)    CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE= Saineolaí Náisiúnta ar Iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht.
(48)    Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
(49)    A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
Top

An Bhruiséil,31.5.2018

COM(2018) 369 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear clár um malartú, cúnamh agus oiliúint chun an euro a chosaint ar ghóchumadh don tréimhse 2021-2027 (clár 'Pericles 2020')

{SWD(2018) 281 final}


IARSCRÍBHINN

TÁSCAIRÍ LE hAGHAIDH MHEASTÓIREACHT AN CHLÁIR

Déanfar faireachán grinn ar an gClár ar bhonn tacar táscairí arb é is feidhm dóibh baint amach chuspóra ghinearálta agus chuspóra shonraigh an Chláir a thomhas agus costais agus ualaí riaracháin a íoslaghdú. Chuige sin, baileofar sonraí a bhaineann leis an tacar príomhtháscairí seo a leanas:

(a)an líon euro góchumtha a braitheadh;

(b)an líon ceardlann neamhdhleathach a cuireadh ó mhaith; agus

(c)aiseolas a fuarthas ó rannpháirtithe sna gníomhaíochtaí a mhaoinítear leis an gClár.

Ag seo na sonraí agus an teolas le haghaidh na bpríomhtháscairí feidhmíochta a bhaileoidh na gníomhaithe gach bliain:

·is é an Coimisiún a bhaileoidh na sonraí a bhaineann leis an líon nótaí bainc agus monaí euro góchumtha;

·is é an Coimisiún a bhaileoidh na sonraí a bhaineann leis an líon ceardlann góchumtha a cuireadh ó mhaith;

·is é an Coimisiún agus tairbhithe an Chláir a bhaileoidh na sonraí a bhaineann leis an aiseolas a fuarthas ó rannpháirtithe sna gníomhaíochtaí a mhaoinítear leis an gClár.

Top