EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018PC0277

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le bearta cuíchóirithe chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an ngréasán tras-Eorpach iompair a chur i gcrích

COM/2018/277 final - 2018/0138 (COD)

An Bhruiséil,17.5.2018

COM(2018) 277 final

2018/0138(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le bearta cuíchóirithe chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an ngréasán tras
x001e
Eorpach iompair a chur i gcrích

{SEC(2018) 228 final}
{SWD(2018) 178 final}
{SWD(2018) 179 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá athrú teicneolaíochta ag dul i bhfeidhm ar gach cuid den tsochaí agus den gheilleagar agus ag cur athrú ó bhonn ar shaol shaoránaigh AE. Tá cúrsaí iompair ag teacht leis an treocht chéanna sin. Tá athrú ollmhór ag teacht ar chúrsaí soghluaisteachta de bharr na teicneolaíochta nua. I gcoinne an chúlra sin, ní mór do AE agus dá thionscail aghaidh a thabhairt ar an dúshlán chun a bheith ina cheannaire domhanda i leith na nuála, an digitithe agus an dícharbónaithe. Dá bhrí sin, tá cur chuige cuimsitheach glactha ag an gCoimisiún lena áirithiú go léirítear i mbeartais shoghluaisteachta AE na tosaíochtaí polaitiúla sin i bhfoirm trí cinn de phacáistí soghluaisteachta 'An Eoraip ag Bogadh'.

Agus an Straitéis Soghluaisteachta Íseal-Astaíochtaí á leanúint aige, ghlac an Coimisiún dhá phacáiste soghluaisteachta i mí na Bealtaine agus i mí na Samhna 2017. Sna pacáistí sin, leagtar amach clár oibre dearfach chun an straitéis soghluaisteachta íseal-astaíochtaí a sheachadadh agus lena áirithiú go ndéanfar aistriú réidh i dtreo soghluaisteacht ghlan, iomaíoch, nasctha do chách. Ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle a áirithiú go nglacfar na tograí sin go gasta.

Tá an tionscnamh seo ina chuid den Tríú Pacáiste 'An Eoraip ag Bogadh', lena ndéantar an straitéis nua um beartas tionsclaíoch ó Mheán Fómhair 2017 a sheachadadh, agus tá sé ceaptha chun an próiseas a thabhairt chun críche lena gcuirfear ar a cumas don Eoraip na sochair iomlána a bhaint as nuachóiriú na soghluaisteachta. Tá sé fíor-riachtanach go mbeidh córas soghluaisteachta na todhchaí slán, glan agus éifeachtúil do gach duine de shaoránaigh AE. Is é is aidhm leis an tsoghluaisteacht san Eoraip a bheith níos sábháilte agus níos inrochtana, earnáil tionsclaíochta na hEorpa a bheith níos iomaíche, poist na hEorpa a bheith níos sábháilte, agus a bheith níos glaine agus níos mó in oiriúint don chuspóir fíor-riachtanach i dtaobh dul i ngleic leis an athrú aeráide. Beidh tiomantas iomlán de dhíth chuige sin ó AE, ó na Ballstáit agus ó pháirtithe leasmhara, go háirithe maidir le neartú a dhéanamh ar infheistíochtaí sa bhonneagar iompair.

Tá sé i gcroílár thosaíochtaí an Choimisiúin an fás geilleagrach a spreagadh agus borradh a chur faoin infheistíocht san fhíorgheilleagar. Trí chuspóir atá ag an bPlean Infheistíochta don Eoraip 1 , lena ndéantar an sprioc uileghabhálach sin a aistriú ina téarmaí oibríochtúla: maoiniú a chur ar fáil don fhíorgheilleagar, infheictheacht agus cúnamh teicniúil a sholáthar do thionscadail infheistíochta agus feabhas a chur ar an gcreat rialála maidir le hinfheistíocht.

Cuidíonn an infheistíocht sa bhonneagar iompair go mór le baint amach na gcuspóirí sin. Go háirithe, le tabhairt chun críche chroíghréasán an Ghréasáin Thras-Eorpaigh Iompair (TENT) agus a chuid conairí, meastar go nginfear EUR 4 500 billiún breise nó 1.8 % de OTI AE agus go mbeidh sé ina chúis le 13 mhilliún bliain fostaíochta go dtí 2030 2 . Meastar gur infheistíocht thart ar EUR 500 billiún a theastóidh idir 2021 agus 2030 chun croíghréasán TENT a thabhairt chun críche, agus thart ar EUR 1,500 billiún má chuirtear san áireamh gréasán cuimsitheach TENT agus infheistíocht eile san iompar 3 .

Is léir ón taithí atá faighte go dtí seo go dtéitear i gcion ar chur chun feidhme thionscadail chroíghréasáin TENT de bharr nósanna imeachta casta riaracháin agus éiginnteacht i dtaobh rialála, rudaí ar féidir leo a bheith ina gcúis le costais níos mó agus le moilleanna 4 .

Sa Phlean Gníomhaíochta de chuid Christophersen-Bodewig-Secchi 5 a tugadh cothrom le dáta le déanaí Plean Gníomhaíochta – An úsáid is fearr a bhaint as scéimeanna airgeadais nua i gcomhair tionscadail bhonneagair i leith iompar san Eoraip (2015), aithníodh go bhfuil simpliú na núdaruithe riaracháin, na rialacha maidir le deonú ceadanna agus nósanna imeachta riaracháin eile ar cheann de na moltaí lena bhféachtar le tabhairt chun críche TENT a éascú. Ba iad na Comhordaitheoirí Eorpacha TENT Bodewig agus Secchi a thíolaic an Plean Gníomhaíochta sin chomh maith leis an iar-Leas-Uachtarán H. Christophersen.

Tá sé fíor-riachtanach TENT a thabhairt chun críche go héifeachtach ar mhaithe le feidhmiú an mhargaidh aonair, le digitiú iompair agus leis an aistriú chuig soghluaisteacht ísealcharbóin 6 . Sna Teachtaireachtaí uaidh le déanaí, leag an Coimisiún béim ar an ngá atá le hinfheistíochtaí príobháideacha a spreagadh in earnálacha atá ríthábhachtach i dtaobh thodhchaí AE 7 agus ina mbíonn teipeanna margaidh i gceist go fóill 8 . D'áitigh sé arís go bhfuil an comhar trasteorann agus iompar inbhuanaithe agus bonneagar TENT ríthábhachtach chun AE a chur i dtreo geilleagar ísealcharbóin, atá tíosach ar acmhainní 9 .

Is dúshlán é timpeallacht rialála thacúil a chruthú agus nósanna imeachta éifeachtúla a thabhairt isteach, agus ní hamháin ar an leibhéal Eorpach é. Tá aitheantas tugtha ag G7 freisin do chastacht na rialála a dhéanann difear don éifeachtúlacht maidir le nósanna imeachta deonaithe ceadanna, go sonrach sa Dearbhú ó na hAirí Iompair a glacadh ag Cruinniú Airí Iompair G7 in Cagliari i mí an Mheithimh 2017. Leagadh béim sa Dearbhú ar an tábhacht a bhaineann le cur le glacadh an phobail le tionscadail bhonneagair, le nósanna imeachta riaracháin éifeachtúla agus leis an timpeallacht rialála a chuíchóiriú 10 . Tá iarrachtaí déanta ag Ballstáit de chuid AE freisin nósanna imeachta a chuíchóiriú ar an leibhéal náisiúnta 11 .

Is é is aidhm leis an tionscnamh seo laghdú a dhéanamh ar na moilleanna a tharlaíonn maidir le tionscadail bhonneagair TENT a chur chun feidhme. Faoin tionscnamh, cuirtear uasteorainn trí bliana ar an bpróiseas iomlán um cheadú. Tá sé ina aidhm leis freisin cur le soiléireacht na bpróiseas is gá do thionscnóirí tionscadail a leanúint, go háirithe maidir le deonú ceadanna, soláthar poiblí agus nósanna imeachta eile.

Leis an tionscnamh seo, cosnaítear an rochtain ar cheartas maidir le tionscadail bhonneagair TENT a chur chun feidhme. Ní dhéanann sé difear do nósanna imeachta achomhairc riaracháin ná do leigheasanna riaracháin os comhair cúirte nó binse. Dá ainneoin sin, féadfaidh na Ballstáit rialacha sonracha nós imeachta a leagan síos, amhail neamh-inghlacthacht argóna arna cur isteach le teann mí-úsáide nó de mheon mímhacánta, arb éard atá iontu sásraí iomchuí chun éifeachtúlacht na nimeachtaí dlíthiúla a áirithiú. Bíonn deacrachtaí sonracha le sárú ag tionscadail trasteorann maidir le soláthar poiblí, a eascraíonn go háirithe as an ngá a bhíonn ann reachtaíocht éagsúil a chur i bhfeidhm, rud ar dhírigh na páirtithe leasmhara aird air. Cuireann sé sin le castacht na dtionscadal agus cruthaítear costais dá bharr. Is é is aidhm leis an tionscnamh a fhágáil gur féidir cur i bhfeidhm córasach a dhéanamh ar aon chreat aonair amháin i gcás tionscadail trasteorann arna gcur chun feidhme ag eintiteas comhpháirteach, mura rud é go gcinnfidh na Ballstáit rannpháirteacha a mhalairt. Tá an méid sin i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach sa Teachtaireacht le déanaí maidir le fás agus comhtháthú a spreagadh i réigiúin teorann AE 12 .

Le cois infheistíocht bhreise a ghiniúint agus caipiteal príobháideach a mhealladh chuig bonneagar lena mbaineann ard-bhreisluach AE, meastar go bhfágfaidh an tionscnamh seo go gcuirfear leis an tsoiléireacht do shaoránaigh agus don tsochaí shibhialta trí neartú a dhéanamh ar an gcreat trédhearcachta maidir lena rannpháirtíocht i dtionscadail TENT a phleanáil.

Meastar gurb iad seo a leanas na buntáistí sonracha a bhfuiltear ag súil leo:

·Spáráil ama: beifear ag súil go seasfaidh nósanna imeachta deonaithe ceadanna ar feadh suas le trí bliana ar a mhéad, rud atá ina fheabhas mór ar an staid faoi láthair.

·Costais á spáráil ar úsáideoirí: costas níos mó ná EUR 5 bhilliún á spáráil ar úsáideoirí.

·Infheistíocht: tabharfar ar aghaidh 84 % den infheistíocht iomlán i gcroíghréasán TENT go dtí roimh 2025.

·Laghdú ar éifeachtaí seachtracha an iompair: laghdú costais EUR 700 milliún i dtéarmaí astaíochtaí CO2, maolú torainn, truailliú aeir, brú tráchta agus líon níos lú tionóiscí. Meastar gur laghdú 2 686 mhíle tona ar astaíochtaí CO2 a bheidh i gceist i leith na tréimhse 2018-2030.

·Costais riaracháin: laghdú glan EUR 150 milliún ar chostais do thionscnóirí tionscadail agus d'údaráis phoiblí.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Ní ann faoi láthair d'aon forálacha sonracha a bhaineann le deonú ceadanna agus nósanna imeachta rialúcháin i réimse TENT. Is ann d'fhorálacha comhchosúla, áfach, atá infheidhme i réimse an Ghréasáin Thras-Eorpaigh Fuinnimh (GTE-F) 13 .

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá cuspóirí an tionscnaimh seo i gcomhréir le beartais ábhartha an Aontais i réimse an iompair, i réimse an mhargaidh aonair agus i réimsí eile. Faoin tionscnamh, rannchuidítear le hinfheistíocht a spreagadh agus poist a chruthú trí chuíchóiriú a dhéanamh ar an infheistíocht san fhíorgheilleagar.

Beidh sé ina thoradh ar thabhairt chun críche TENT go gcruthófar margadh inmheánach níos doimhne agus níos cothroime, toisc gurb é is aidhm dó TENT nascadh fisiceach a dhéanamh idir na Ballstáit agus go bhfuil breisluach soiléir aige don Aontas de bharr go bhfuil sé dírithe ar naisc thrasteorann.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 172 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an bunús dlí atá leis an togra seo.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Ar mhaithe le forbairt chomhordaithe TENT chun tacú le sreafaí iompair laistigh den mhargadh aonair Eorpach agus le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach laistigh den Aontas, is gá gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais. Is mór a bhíonn idir nósanna imeachta deonaithe ceadanna ar fud na mBallstát i dtéarmaí líon na gceadanna atá de dhíth agus na gcinntí is gá a fháil; fágann sé sin é deacair forbairt an ghréasáin a shioncrónú. Ní féidir leis an ngréasán TENT feidhmiú go cuí ina iomláine, ná ní féidir leis a chuid sochair a chomhlíonadh ar leibhéal an Aontais, go dtí go mbeidh gach gné de tugtha chun críche

Comhréireacht

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta. Tagann sé faoin raon feidhme maidir le gníomhaíocht i réimse an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair, mar a shainítear in Airteagal 170 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Tá an ghníomhaíocht a bheartaítear leis an togra seo teoranta go sonrach do ghné Eorpach an bhonneagair iompair.

Bheadh rialachán ina ionstraim éifeachtach toisc go mbeadh sé infheidhme go díreach i ndlíchóras na mBallstát tráth a ghlactha agus nach mbeadh gá le tréimhse thrasuí roimh an éifeacht dhlíthiúil iomlán a bheith aige. Tá sé sin i gcomhréir leis an gcuspóir i dtaobh fáil réidh le neamhréireacht a eascraíonn as treoracha a thrasuí agus leis an gcuspóir i dtaobh dul chun cinn a dhéanamh i leith nósanna imeachta maidir le hullmhú agus údarú tionscadal.

3.TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Rinneadh neartú nach beag ar bheartas TENT in 2013 le glacadh rialacháin nua lenar sainíodh straitéis iomlánaíoch atá bunaithe ar an gcroíghréasán a bhunú faoi 2030 agus an gréasán cuimsitheach a bhunú faoi 2050. Is ann do bheartas TENT le 25 bliana, áfach, agus an tráth a ullmhaíodh an creat TENT atá ann faoi láthair, bhí fianaise ann cheana maidir le moilleanna a bheith ar cheadú agus ar nósanna imeachta rialála eile agus maidir lena dtionchar. Bhí bearta simplithe pleanáilte ar dtús i leith chreat TENT, ach measadh sa deireadh go raibh sé róluath tabhairt fúthu i ngeall ar thosca éagsúla. Eadhon, airíodh le creat athmhúnlaithe TENT cheana sraith uaillmhianach beart nuálach, go háirithe i dtaca le sásra cistiúcháin nua a fhorbairt, an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa.

Mar thoradh air sin, ní dhéantar foráil le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 atá ann faoi láthair maidir le réitigh shonracha i ndáil le nósanna imeachta deonaithe ceadanna, murab ionann agus Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair thras-Eorpaigh fuinnimh 14 . Mar thoradh air sin, níorbh fhéidir an tionscnamh seo a fhorbairt mar chuid den chlár REFIT; ba í an taithí a fuarthas le TENT a thug spreagadh dó, áfach.

Comhairliúchán, bailiú sonraí agus úsáid saineolais

Áiríodh leis na gníomhaíochtaí comhairliúcháin iad seo a leanas:

(1)Reáchtáladh comhairliúchán poiblí oscailte ar an idirlíon ar feadh 13 seachtaine ón 1 Lúnasa 2017 go dtí an 9 Lúnasa 2017. Fuarthas 99 bhfreagra san iomlán, agus ba iad na cinn lena ndearnadh ionadaíocht ar 23 Bhallstát éagsúla coibhéis 94 % den ionchur ar fad. Ba iad údaráis réigiúnacha, údaráis áitiúla nó údaráis bhardasacha (20 %), tionscnóirí tionscadail (19 %) agus comhlachais tionsclaíocha, comhlachais ghnó nó comhlachais earnála (20 %) na catagóirí riaracháin a ndearnadh an ionadaíocht ba mhó orthu, agus bhí rialtais náisiúnta (16 %) sna sála orthu siúd.

(2)Reáchtáladh sraith ceardlann a bhí eagraithe ar bhonn comhpháirteach ag seirbhísí an Choimisiúin atá freagrach as réimsí an tionscnaimh, i.e. soláthar poiblí (an 15 Meitheamh 2017), Státchabhair agus maoiniú (an 21 Meán Fómhair 2017) agus measúnuithe comhshaoil agus deonú ceadanna (an 17 Deireadh Fómhair 2017).

(3)Rinneadh agallaimh le páirtithe leasmhara i gcomhthéacs an mheasúnaithe tionchair, idir an 6 Nollaig 2017 agus an 17 Eanáir 2018;

(4)Rinneadh gníomhaíochtaí comhairliúcháin mar chuid den staidéar taiscéalaíoch a rinneadh roimhe sin mar aon le comhairliúchán poiblí oscailte a bhí ar siúl ar feadh 12 sheachtain chomh maith le ceardlanna tiomnaithe;

(5)Áiríodh sásra aiseolais sa mheasúnú tionchair tionscnaimh a foilsíodh ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin i mí an Mheithimh 2017.

Pléadh an tionscnamh ar an leibhéal aireachta faoi dhó freisin, mar aon le saincheisteanna eile a bhaineann le forbairt agus maoiniú TENT: ag an gComhdháil um Infheistíocht san Iompar Réigiúnach an 23 Márta 2017 i Sóifia agus ag Comhdháil Neamhfhoirmiúil na nAirí Iompair an 21 Meán Fómhair 2017 i dTaillinn.

Achoimre ar an ionchur a fuarthas agus ar úsáid torthaí

Chuathas i gcomhairle le gach grúpa ábhartha páirtithe leasmhara a ionadaíonn na Ballstáit uile agus thug a bhformhór a gcuid tuairimí, mar aon le roinnt faisnéis chainníochtúil, nuair a bhí sí ar fáil, a bhaineann le saincheisteanna atá ann cheana agus leis na bearta beartais atá faoi bhreithniú. Léiríodh sa chomhairliúchán, i dtaobh na bpríomh-shaincheisteanna a aithníodh i leith na nósanna imeachta deonaithe ceadanna i ndáil le tionscadail TENT, go mbaineann siad le céimeanna ar an leibhéal straitéiseach d'ullmhú tionscadail, lena náirítear ceadanna um pleanáil spáis, ceadanna pleanála agus measúnuithe comhshaoil a fháil.

Léirigh tionscnóirí tionscadail, daoine aonair agus grúpaí sainleasa tionsclaíocha, go háirithe, gur thacaigh siad le comhtháthú nósanna imeachta faoi eintiteas náisiúnta aonair, in ionad ilfhreastail. Chuir rialtais náisiúnta agus rialtais réigiúnacha tuairimí nach raibh chomh dearfach in iúl, ar dearbhaíodh iad in agallaimh dhéthaobhacha freisin.

Bhí líon suntasach rialtas náisiúnta agus rialtas réigiúnach ann a léirigh go raibh imní orthu faoi ionad ilfhreastail. San anailís cháilíochtúil ar leithligh ar a gcuid barúlacha, áfach, léiríodh go neascraíonn an teasaontas dealraitheach sin, i roinnt cásanna, as nósanna imeachta comhtháite a bheith ag roinnt tíortha laistigh d'eintiteas aonair cheana (lena náirítear nósanna imeachta meara). Is féidir féachaint ar na heintitis náisiúnta aonair sin arb ann dóibh cheana mar shampla den dea-chleachtas maidir le hionaid ilfhreastail a chur chun feidhme.

De réir tionscnóirí tionscadail agus daoine aonair, ba cheart acmhainn chinnteoireachta shínte a bheith ag gach ionad ilfhreastail lena ndéanfaí bainistíocht ar na measúnuithe comhshaoil go léir ar leibhéal tionscadail, ar cheadanna pleanála spáis agus ar cheadanna tógála. Ar an lámh eile, bhí éagsúlacht tuairimí ag rialtais náisiúnta agus rialtais réigiúnacha maidir le méid an chomhtháthaithe ar nósanna imeachta agus maidir leis an leibhéal údaráis. Shonraigh líon suntasach ionadaithe náisiúnta nár cheart ach cumhachtaí comhordaithe a bheith ag ionaid ilfhreastail.

D'aontaigh freagróirí – tionscnóirí tionscadail, daoine aonair agus grúpaí sainleasa tionsclaíocha go príomha – nár cheart go seasfadh na nósanna imeachta deonaithe ceadanna ní b'fhaide ná dhá bhliain, agus go gcuideodh bunú teorann ama den sórt sin chun moilleanna iomarcacha a laghdú. Ní raibh barúlacha chomh dearfach ag údaráis áitiúla ná údaráis réigiúnacha, ná ag roinnt rialtais náisiúnta, faoin tsaincheist sin.

Aithníodh sraith choiteann rialacha ar leibhéal an Aontais a bhfuil feidhm acu maidir le tionscadail trasteorann mar an réiteach is éifeachtaí i leith saincheisteanna soláthair phoiblí a fheabhsú, go háirithe ag tionscnóirí tionscadail agus grúpaí tionsclaíocha. Shonraigh údaráis náisiúnta gur mhó an éifeacht a bheadh ag sraith rialacha den sórt sin agus iad á gcur i bhfeidhm ar thionscadail trasteorann ina mbaintear leas as cistiú ón Aontas.

As measc na nionstraimí atá ar fáil chun bearta a ghlacadh d'fhonn éascú do thionscadail TENT a ullmhú agus ceadanna a dheonú, léiríodh de bharra an chomhairliúcháin gurbh fhearr leis na freagróirí, tríd is tríd, rialachán maidir le nósanna imeachta deonaithe ceadanna agus gnéithe eile d'ullmhú thionscadail TENT, a bheadh infheidhme go díreach sna Ballstáit.

Bailiú sonraí agus úsáid saineolais

Tagann an tionscnamh seo i ndiaidh próiseas fada machnaimh agus is freagra é ar an gcuireadh polaitiúil chun gníomh a ghlacadh. Bhí sainiú na faidhbe bunaithe go príomha ar thaithí an Choimisiúin ar bhainistiú a dhéanamh ar thabhairt chun críche TENT 15 , ar ghníomhaíochtaí comhairliúcháin agus ar na staidéir sheachtracha:

Staidéar maidir le tionscadail chroíghréasán TENT a cheadú agus éascú dá nullmhú, Milieu et al., Nollaig 2016 16 ;

Staidéar tacaíochta i gcomhair Measúnú Tionchair ar bhearta maidir le cuíchóiriú TENT, Panteia, PwC, M-FIVE, Feabhra 2018 17 .

Measúnú tionchair

Tá measúnú tionchair ag gabháil leis an tionscnamh seo. Chuir an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach in iúl ina leith, a raibh cuntair áirithe ag dul léi. Rinne an Bord moltaí lenar éilíodh go ndéanfaí coigeartuithe agus soiléirithe ar na nithe seo a leanas:

Breis fianaise a sholáthar maidir leis an gcaoi a dtéann nósanna imeachta soláthair phoiblí agus nósanna imeachta deonaithe ceadanna i gcion ar mhoilleanna sa tógáil. Tuilleadh faisnéise a chur leis i dtaobh na gcúinsí éagsúla ar fud earnálacha agus ar fud na mBallstát chomh maith le tuairisc ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó GTE-F, ar an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, agus ar an ngníomhaíocht a rinneadh sna Ballstáit chun próisis a chuíchóiriú.

Tuilleadh faisnéise a sholáthar ar thuairimí na bpáirtithe leasmhara i leith na roghanna, go háirithe tuairimí de chuid Ballstát agus saoránach.

Anailís íogaireachta a chur leis mar aon le míniú ar na toimhdí a rinneadh i ndáil le ríomh na dtorthaí, go háirithe maidir lena mhéid a d'fhéadfadh na bearta cuidiú i ndáiríre chun moilleanna a sheachaint.

Cuireadh na barúlacha sin san áireamh sa mheasúnú tionchair athbhreithnithe, mar a léirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Tuarascáil Measúnaithe Tionchair. Rinneadh na mionathruithe seo a leanas chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a luaitear thuas:

Rinneadh samplaí a léiriú ar shlí ní b'fheiceálaí chun a thaispeáint an tionchar a bhíonn ag moilleanna sna próisis deonaithe ceadanna agus ag moilleanna soláthair ar thionscadail aonair agus mar a dhéanann sé sin difear do thabhairt chun críche TENT, chomh maith le héifeachtaí gréasáin eile. Rinneadh breis tagairtí do na torthaí a bheadh ar thabhairt chun críche TENT agus do chóir thosaíochta don rialú Státchabhrach 18 . Cuireadh míreanna sonracha leis chun cur síos a dhéanamh ar an taithí a bhí faighte ag na Ballstáit, lena náirítear na bearta a ghlac siad chun a bpróisis a chuíchóiriú. Neartaigh na gnéithe sin go léir gráinneacht na hanailíse.

Cuireadh i láthair torthaí na gcomhairliúchán poiblí oscailte agus an chomhairliúcháin le páirtithe leasmhara eile ar shlí i bhfad ní ba mhionshonraithe. Cuireadh rannán sonrach maidir le comparáid idir na roghanna beartais le Caibidil 7.

Rinneadh anailís íogaireachta agus cuireadh i láthair í ar fud an mheasúnaithe tionchair sna rannáin ábhartha.

Cuimsíonn na roghanna beartais a ndearnadh measúnú orthu pacáistí de bhearta beartais lena dtugtar aghaidh ar na cuspóirí sonracha agus, rud is sonraí fós, ar na príomhchúiseanna le fadhbanna a sainaithníodh:

céimeanna agus údaráis éagsúla a bheith i gceist sna nósanna imeachta deonaithe ceadanna;

teorainneacha ama nár leagadh síos nó nach ndearnadh forfheidhmiú orthu;

nósanna imeachta éagsúla maidir le soláthar poiblí i gcás thionscadail trasteorann TENT;

dúshláin chomhordúcháin maidir le tionscadail trasteorann a sheachadadh; agus

ábhair éiginnteachta bhraite a bhaineann le nósanna imeachta um rialú Státchabhrach.

Léirigh an anailís an chonclúid shoiléir nach gá an leibhéal uaillmhéine céanna a bheith i gceist i ngach réimse, agus gurb iomchuí cur chuige céim ar chéim a ghlacadh.

Maidir le nósanna imeachta deonaithe ceadanna, ní hionann an cás ar fud na mBallstát agus níl aon chur chuige comhchuibhithe glactha fós ar leibhéal an Aontais. Tá gá le leibhéal níos airde idirghabhála chun sioncrónú a dhéanamh ar nósanna imeachta thar theorainneacha agus a fhágáil gur féidir cur chun feidhme níos comhordaithe, níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla a dhéanamh ar thionscadail.

Maidir le soláthar poiblí, tá creat nuachóirithe tosaithe ag teacht i bhfeidhm le blianta beaga anuas 19 . Tá bearna fós i réimse an tsoláthair trasteorann agus na dtionscadal arna bhforbairt go comhpháirteach ag dhá Bhallstát nó níos mó, áfach. Sa réimse sin, ní thugtar aghaidh leis an idirghabháil ach ar an mbearna shonrach sin.

Maidir le rialú Státchabhrach, de bharr soiléirithe nuaghlactha táthar tar éis fáil réidh cheana, ar aon chuma, le cuid mhór den éiginnteacht a líomhnaítear a d'fhéadfadh a bheith tar éis cur isteach ar fhorbairt tionscadal san am atá caite. I gcás tionscadal casta lena ngabhann struchtúir shofaisticiúla airgeadais, dealraíonn sé, áfach, gur gá cur le cáilíocht na bhfógraí chomh maith trí bhíthin comhar feabhsaithe idir seirbhísí an Choimisiúin, údaráis na mBallstát agus an lucht dlí agus gnó. I gcomhréir leis an gCód Dea-Chleachtais maidir le seoladh nósanna imeachta i dtaobh rialú Státchabhrach, féadfar tosaíocht a thabhairt do thionscadail leasa choitinn ar chroíghréasán TENT de réir amchlár arna chomhaontú go frithpháirteach idir na Ballstáit agus an Coimisiún, ina leagtar amach go soiléir na garspriocanna agus an fhaisnéis a bheidh le seachadadh ag na Ballstáit. Fágfaidh sé sin go mbeidh na nósanna imeachta ag an gCoimisiún in ann feidhmiú go réidh ionas gur tapa a ghlacfar an cinneadh.

Bhí na roghanna beartais bunaithe ar leibhéil mhéadaitheacha idirghabhála, uaillmhéine agus tionchair charnaigh ionchais:

Rogha bheartais 1 (RB1): An tathrú is lú is féidir ar na hionstraimí atá ann cheana agus reachtaíocht bhog a fhorbairt chomh maith le bearta tionlacain.

Rogha bheartais 2 (RB2): Gníomh ceangailteach teoranta lena dhílárú agus lena chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta.

Rogha bheartais 3 (RB3) Creat AE maidir le tionscadail chroíghréasán TENT a údarú, lena chur i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta (RB3a) nó ar leibhéal AE (RB3b).

Moladh rogha bheartais 2 sa mheasúnú tionchair agus leantar an moladh sin sa tionscnamh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bheidh aon chostas breise i leith bhuiséad an Aontais i gceist leis an togra.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Liostaítear sa Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair sraith táscairí ba cheart a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht na mbeart arna ndéanamh chun na príomhchuspóirí beartais a ghnóthú:

Íoslaghdú a dhéanamh ar an mbaol go gcuirfí moill ar thionscadail aonair TENT:

Cur chun feidhme TENT a chur chun cinn i dtéarmaí chomhlíonadh na gcaighdeán agus na gceanglas.

Dul chun cinn leis an infheistíocht arna tacú ag AE i mbonneagar iompair TENT arna tomhas ar bhonn líon na dtionscadal a thagann faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (nó na dtionscadal arna dtacú ag a comharba) a cuireadh chun feidhme in am agus /nó nár cuireadh moill orthu de bharr saincheisteanna a bhaineann le ceadú/soláthar.

Cur leis an deimhneacht dhlíthiúil do thionscnóirí tionscadail, rud lena meallfar tuilleadh infheisteoirí príobháideacha chuig bonneagar iompair

Méadú ar líon thionscadail bhonneagair TENT arna maoiniú le hionstraimí airgeadais arna dtacú ag AE (e.g. an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha agus a chomharbaí).

Leis an bhfaireachán, tógfar ar bhearta atá ann cheana chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme TENT dá réir sin. Dá bharr sin, bainfear leas, go feadh an méid is mó is féidir, as an gcreat atá ann cheana, ar bhealach simplí, trédhearcach, ionas go mbeidh rochtain éasca air ag páirtithe leasmhara a bhfuil suim ach ann. Níl sé i gceist córas casta nua táscairí feidhmíochta a chruthú.

   Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Le teideal an Rialachán, tugtar aghaidh ar raon feidhme agus cuspóirí an ghnímh, a bhfuil sé ina chuspóir leis éascú don ghréasán tras-Eorpach iompair a thabhairt chun críche.

Airteagal 1 – Ábhar agus raon feidhme

Leis an airteagal seo, cuirtear i láthair ábhar agus cuspóirí an Rialacháin, eadhon TENT a thabhairt chun críche go héifeachtach, tráthúil ar fud an Aontais, tríd an mbaol a laghdú go dtarlóidh moilleanna agus trí chur leis an leibhéal deimhneachta dlíthiúla do thionscnóirí tionscadail agus d'infheisteoirí maidir le fad ama na nósanna imeachta is infheidhme. Cuspóir eile is ea é éascú do rannpháirtíocht infheisteoirí príobháideacha agus tuilleadh soiléireachta a sholáthar i dtaobh comhairliúcháin phoiblí.

Airteagal 3 – ‘Stádas tosaíochta’ tionscadal leasa choitinn

Tá Ballstáit áirithe ann, ina gcuid creataí dlíthiúla náisiúnta faoi seach, a dheonaíonn nósanna imeachta meara agus cóir chuíchóirithe speisialta do chatagóirí tionscadal ar bhonn na tábhachta a bhaineann leo i dtaobh fhorbairt na tíre nó ar chúiseanna eile. D’fhonn na cuspóirí a chomhlíonadh maidir le TENT a thabhairt chun críche, dar thiomnaigh na Ballstáit trí ghlacadh sa Chomhairle an rialachán ina sainítear an gréasán sin agus spriocdhátaí ceangailteacha maidir lena thabhairt chun críche, ba cheart feidhm a bheith ag cóir fhabhrach dá samhail maidir le tionscadail leasa choitinn de chuid an Aontais.

Airteagal 4-Airteagal 6 – Na nósanna imeachta deonaithe ceadanna a chomhtháthú

Is é is cuspóir don airteagal seo comhtháthú a dhéanamh ar na próisis éagsúla deonaithe ceadaithe i leith thionscadail leasa choitinn TENT. Ceanglaítear le hAirteagal 4 go mbeidh údarú na dtionscadal de chuid TENT á láimhseáil ag údarás aonair amháin a dhéanann bainistiú ar an bpróiseas foriomlán agus a ghlacann úinéireacht air, agus a ghníomhaíonn mar phointe iontrála aonair do thionscnóirí tionscadail agus d'infheisteoirí eile. Bunaítear in Airteagal 5 ainmniú agus ról an údaráis sin. Sainítear in Airteagal 6 na céimeanna nós imeachta as a dtiocfaidh cinneadh cuimsitheach lena núdarófar don infheisteoir dul ar aghaidh leis an tionscadal.

Airteagal 7 – Comhordú ar nósanna imeachta trasteorann um dheonú ceadanna

Leis an airteagal seo, sonraítear an tábhacht a bhaineann le comhordú thar theorainneacha a dhéanamh ar nósanna imeachta deonaithe ceadaithe agus neartaítear ról na gComhordaitheoirí Eorpacha maidir le faireachán a dhéanamh ar an nós imeachta deonaithe ceadanna.

Airteagal 8 – Soláthar poiblí i dtionscadail trasteorann leasa choitinn

Foráiltear leis an airteagal seo nach gcuirfear i bhfeidhm ach aon chreat dlíthiúil amháin maidir le soláthar poiblí i leith tionscadail trasteorann. Mura sonraítear a mhalairt i gcomhaontú idir-rialtasach, cuirfidh eintitis chomhpháirteacha a bhfuil tionscadail den sórt sin á bhforbairt acu aon reachtaíocht náisiúnta amháin i bhfeidhm chun oibreacha agus seirbhísí a fháil agus an tionscadal á chur chun feidhme acu.

Airteagal 9 – Cúnamh teicniúil

Beidh na scéimeanna cúnaimh theicniúil atá ann cheana atá bunaithe ar reachtaíocht an Aontais ar oscailt do na tionscadail leasa choitinn lena mbaineann an tionscnamh seo, faoi réir infhaighteacht acmhainní arna mbainistiú ag na seirbhísí faoi seach.

2018/0138 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le bearta cuíchóirithe chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an ngréasán trasEorpach iompair a chur i gcrích

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 172 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 20 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 21 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 creat coiteann maidir le gréasáin idir-inoibritheacha, úrscothacha a chruthú ar mhaithe le forbairt an mhargaidh inmheánaigh. Struchtúr dhá shraith atá ag na gréasáin thras-Eorpacha iompair (TENT): áirithítear leis an ngréasán cuimsitheach nascacht idir réigiúin uile an Aontais agus is éard atá sa chroíghréasán na gnéithe sin den ghréasán ar mó a dtábhacht straitéiseach don Aontas. I Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, sainítear spriocanna ceangailteacha maidir leis an gcur chun feidhme: tá an croíghréasán le bheith tugtha chun críche faoi 2030 agus an gréasán cuimsitheach faoi 2050.

(2)D'ainneoin an ghá atá ann agus na namlínte ceangailteacha, is léir ón taithí a fuarthas roimhe seo, i gcás a lán infheistíochtaí a bhfuil sé ina chuspóir leo TENT a thabhairt chun críche, go mbíonn nósanna imeachta casta le sárú acu maidir le deonú ceadanna, soláthar trasteorann agus eile. Fágann sin go mbíonn an baol ann nach gcuirfear tionscadail chun feidhme in am agus is minic moilleanna suntasacha agus ardú costais ann dá bharr sin. D'fhonn dul i ngleic leis na saincheisteanna sin agus ionas go bhféadfar TENT a thabhairt chun críche ar shlí shioncrónaithe, tá gá le gníomhaíocht chomhchuibhithe ar leibhéal an Aontais.

(3)Faoi chuimsiú creat dlíthiúil cuid mhaith de na Ballstáit, tugtar tosaíocht do chatagóirí áirithe tionscadal ar bhonn a dtábhachta straitéisí don gheilleagar. Saintréithe de chuid na tosaíochta sin is ea amchláir níos giorra, nósanna imeachta comhuaineacha nó tréimhsí teoranta ama le haghaidh achomharc, agus é á áirithiú go mbaintear amach cuspóirí na mbeartas cothrománach eile freisin. Sa chás ina bhfuil foráil déanta maidir leis sin faoi chuimsiú creat dlíthiúil náisiúnta, ba cheart feidhm a bheith aige go huathoibríoch i leith tionscadail de chuid an Aontais arna sainaithint mar thionscadail leasa choitinn faoi Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013.

(4)D’fhonn feabhas a chur ar éifeachtacht na measúnuithe comhshaoil agus cuíchóiriú a dhéanamh ar an bpróiseas cinnteoireachta, i gcás ina neascraíonn an oibleagáid measúnuithe a dhéanamh i ndáil le saincheisteanna comhshaoil tionscadal croíghréasáin go comhuaineach as Treoir 2011/92/AE, arna leasú le Treoir 2014/52/AE, agus as reachtaíocht eile de chuid an Aontais amhail Treoir 92/43/CEE, Treoir 2009/147/CE, Treoir 2000/60/CE, Treoir 2008/98/CE, Treoir 2010/75/AE, Treoir 2012/18/AE agus Treoir 2011/42/CE, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéantar foráil maidir le nós imeachta comhpháirteach lena gcomhlíontar ceanglais na dTreoracha sin.

(5)Ba cheart nósanna imeachta comhtháite um dheonú ceadanna a bheith ann chun tacú le tionscadail chroíghréasán ionas gur féidir bainistíocht shoiléir a dhéanamh ar an nós imeachta foriomlán agus chun pointe iontrála aonair a sholáthar d'infheisteoirí. Ba cheart do na Ballstáit údarás inniúil a ainmniú i gcomhréir lena gcreataí dlíthiúla náisiúnta agus lena gcórais riaracháin.

(6)Ach údarás inniúil aonair a bhunú ar an leibhéal náisiúnta a dhéanfaidh comhtháthú ar na nósanna imeachta go léir um dheonú ceadanna (ionad ilfhreastail), ba cheart go laghdófaí castacht na nósanna imeachta, go bhfeabhsófaí a néifeachtúlacht agus go gcuirfí lena dtrédhearcacht. Ina theannta sin, ba cheart go bhfeabhsódh sé an comhar idir na Ballstáit i gcás inarb iomchuí. Ba cheart go gcuirfeadh na nósanna imeachta chun cinn comhar ceart idir infheisteoirí agus an túdarás inniúil aonair agus dá bhrí sin go bhfágfaidís gur féidir an scóip a mheas sa chéim réamhiarratais den nós imeachta deonaithe ceadanna. Ba cheart an staidéar scóipe sin a chomhtháthú sa chur síos mionsonraithe ar an iarratas agus ba cheart é a bheith i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 5(2) de Threoir 2011/92/AE, arna leasú le Treoir 2014/52/AE.

(7)Ba cheart an nós imeachta a leagtar amach sa Rialachán seo a bheith gan dochar do chomhlíonadh na gceanglas a shainítear sa dlí idirnáisiúnta agus i ndlí an Aontais, lena náirítear forálacha chun an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint.

(8)I bhfianaise na práinne a bhaineann le tabhairt chun críche chroíghréasán TENT, ba cheart teorainn ama a bheith ag gabháil leis an simpliú ar na nósanna imeachta deonaithe ceadanna, faoinar cheart do na húdaráis inniúla atá freagrach cinneadh cuimsitheach a dhéanamh maidir le tógáil an tionscadail. Ba cheart don teorainn ama sin láimhseáil níos éifeachtúla ar nósanna imeachta a spreagadh, agus níor cheart di, ar chúinse ar bith, an bonn a bhaint d'ardchaighdeáin an Aontais maidir le cosaint an chomhshaoil agus rannpháirtíocht phoiblí.

(9)Ba cheart do na Ballstáit gach iarracht a dhéanamh lena áirithiú go ndéileálfar ar an mbealach is éifeachtúla is féidir le hachomhairc lena ndéantar dlíthiúlacht shubstainteach nó dlíthiúlacht ghnásúil cinnidh chuimsithigh a agóid.

(10)Baineann dúshláin ar leith le tionscadail bhonneagair trasteorann TENT maidir le comhordú na nósanna imeachta deonaithe ceadanna. Ba cheart cumhacht a thabhairt do na Comhordaitheoirí Eorpacha chun faireachán a dhéanamh ar na nósanna imeachta sin agus chun sioncrónú agus tabhairt chun críche na nósanna imeachta a éascú.

(11)Ba cheart soláthar poiblí i dtionscadail trasteorann leasa choitinn a dhéanamh i gcomhréir leis an gConradh agus le Treoir 2014/25/AE agus/nó le Treoir 2014/24/AE. D’fhonn a áirithiú go gcuirfear i gcrích go héifeachtúil tionscadail trasteorann leasa choitinn an chroíghréasáin, ba cheart soláthar poiblí arna dhéanamh ag eintiteas comhpháirteach a bheith faoi réir ag aon reachtaíocht náisiúnta amháin. De mhaolú ar reachtaíocht an Aontais maidir le soláthar poiblí, ba cheart, i bprionsabal, gurb iad na rialacha náisiúnta is infheidhme rialacha an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe ag an eintiteas comhpháirteach. Ba cheart é a bheith fós indéanta an reachtaíocht is infheidhme a shainiú i gcomhaontú idir-rialtasach.

(12)Ní bhíonn baint chórasach ag an gCoimisiún le húdarú tionscadal aonair. I gcásanna áirithe, áfach, bíonn gnéithe áirithe d'ullmhú tionscadail faoi réir imréiteach ar leibhéal an Aontais. I gcás ina bhfuil an Coimisiún páirteach sna nósanna imeachta, tabharfaidh sé tosaíocht do thionscadail leasa choitinn de chuid an Aontais agus áiritheoidh sé cinnteacht do thionscnóirí tionscadail. I roinnt cásanna, d’fhéadfadh gá a bheith le formheas Státchabhrach. I gcomhréir leis an gCód Dea-Chleachtais maidir le seoladh nósanna imeachta i dtaobh rialú Státchabhrach, féadfaidh Ballstáit a iarraidh ar an gCoimisiún déileáil le tionscadail leasa choitinn a bhaineann le croíghréasán TENT a mheasann siad ar cinn tosaíochta iad lena mbaineann amlínte níos intuartha faoi réir an chur chuige um punann cásanna nó pleanáil arna comhaontú go frithpháirteach.

(13)Ba cheart tacú le cur chun feidhme tionscadail bhonneagair a bhaineann le croíghréasán TENT freisin le treoirlínte ón gCoimisiún lena soláthraítear soiléireacht bhreise i dtaobh cur chun feidhme cineálacha áirithe tionscadal agus urraim á thabhairt d’acquis an Aontais an tráth céanna. Mar shampla, sa Phlean Gníomhaíochta maidir leis an dúlra, le daoine agus leis an ngeilleagar 23 déantar foráil maidir le treoirlínte den sórt sin chun soiléireacht bhreise a sholáthar i dtaobh urramú na Treorach maidir le hÉin agus na Treorach maidir le Gnáthóga. Ba cheart tacaíocht dhíreach a bhaineann le soláthar poiblí a chur ar fáil i leith tionscadail leasa choitinn lena áirithiú go mbainfear an luach is fearr as airgead poiblí 24 . Ina theannta sin, ba cheart cúnamh teicniúil iomchuí a chur ar fáil faoi na sásraí a forbraíodh i gcomhair an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027, d'fhonn tacaíocht airgeadais a sholáthar do thionscadail leasa choitinn TENT.

(14)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit féin cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, toisc gur gá na cuspóirí sin a chomhordú, gur fearr is féidir é sin a dhéanamh ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(15)Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, níor cheart na nósanna imeachta riaracháin ar cuireadh tús leo roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a bheith faoi réir fhorálacha an Rialacháin seo.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Leis an Rialachán seo, leagtar amach na ceanglais is infheidhme maidir leis na nósanna imeachta riaracháin a leanann údaráis inniúla na mBallstát i ndáil le húdarú agus le cur chun feidhme na dtionscadal leasa choitinn go léir a bhaineann le croíghréasán an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013. Beidh feidhm freisin ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)ciallaíonn "cinneadh cuimsitheach" an cinneadh nó an bailiúchán cinntí a ghlacann údarás nó údaráis de chuid Ballstáit, gan cúirteanna ná binsí san áireamh, lena gcinntear cibé acu atá nó nach bhfuil údarú le deonú do thionscnóir tionscadail chun an bonneagar iompair a thógáil is gá chun tionscadal a thabhairt chun críche, gan dochar d’aon chinneadh a ghlacfar i gcomhthéacs nós imeachta achomhairc riaracháin;

(b)ciallaíonn "nósanna imeachta deonaithe ceadanna" gach nós imeachta nach mór a leanúint nó gach beart nach mór a dhéanamh os comhair údaráis Bhallstáit, faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, sular féidir leis an tionscnóir tionscadail an tionscadal a chur chun feidhme;

(c)ciallaíonn "tionscnóir tionscadail" an tiarratasóir ar údarú le haghaidh tionscadal príobháideach nó an túdarás poiblí a dhéanann tionscadal a thionscnamh;

(d)ciallaíonn "údarás inniúil aonair" an túdarás arna ainmniú ag an mBallstát mar údarás atá freagrach as comhlíonadh na ndualgas a eascróidh as an Rialachán seo;

(e)ciallaíonn "tionscadal trasteorann leasa choitinn" tionscadal leasa choitinn de réir Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 lena gcumhdaítear cuid trasteorann mar a shainmhínítear í i bpointe (m) d'Airteagal 3 den Rialachán sin arna chur chun feidhme ag eintiteas comhpháirteach.

CAIBIDIL II – DEONÚ CEADANNA

Airteagal 3

‘Stádas tosaíochta’ tionscadal leasa choitinn

1.Beidh gach tionscadal leasa choitinn a bhaineann le croíghréasán TENT faoi réir nós imeachta comhtháite um dheonú ceadanna arna bhainistiú ag údarás inniúil aonair arna ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 5 agus Airteagal 6.

2.I gcás ina dtugtar stádas tosaíochta faoin dlí náisiúnta, deonófar do thionscadail leasa choitinn an stádas leis an tábhacht náisiúnta is mó is féidir, agus déanfar iad a láimhseáil amhlaidh i nósanna imeachta deonaithe ceadanna, de réir mar a fhoráiltear sa reachtaíocht náisiúnta is infheidhme maidir leis na cineálacha comhfhreagracha bonneagair iompair.

3.Chun nósanna imeachta riaracháin éifeachtúla a áirithiú maidir le tionscadail leasa choitinn, áiritheoidh tionscnóirí tionscadail agus gach údarás lena mbaineann go ndéanfar na tionscadail sin a láimhseáil chomh gasta is féidir ó thaobh an dlí de, lena náirítear maidir le leithdháileadh na nacmhainní.

Airteagal 4

Na nósanna imeachta deonaithe ceadanna a chomhtháthú

1.D’fhonn cloí leis na teorainneacha ama a leagtar amach in Airteagal 6 agus laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin a bhaineann le tionscadail leasa choitinn a thabhairt chun críche, déanfar comhtháthú ar na nósanna imeachta riaracháin go léir a eascraíonn as an dlí is infheidhme, idir an dlí náisiúnta agus dlí an Aontais, agus ní bheidh ach aon chinneadh cuimsitheach amháin ina thoradh orthu.

2.I gcás tionscadail leasa choitinn lena mbaineann an oibleagáid measúnuithe a dhéanamh ar an tionchar ar an gcomhshaol, ar oibleagáid í a eascraíonn go comhuaineach as Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus as dlí eile de chuid an Aontais, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar foráil maidir le nósanna imeachta comhpháirteacha de réir bhrí Airteagal 2(3) de Threoir 2011/92/AE.

Airteagal 5

Údarás inniúil aonair um dheonú ceadanna

1.Faoin…. (OP cuir isteach an dáta ar a mbeidh bliain caite ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo le do thoil), ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil aonair amháin a bheidh freagrach as an bpróiseas deonaithe ceadanna a éascú lena náirítear freagracht as an gcinneadh cuimsitheach a dhéanamh.

2.Féadfar freagracht an údaráis inniúil aonair dá dtagraítear i mír 1 agus/nó na cúraimí a bhaineann léi a tharmligean chuig údarás eile ar an leibhéal iomchuí riaracháin nó féadfaidh údarás eile na cúraimí sin a thabhairt chun críche, do gach tionscadal leasa choitinn ar leith nó gach catagóir tionscadal leasa choitinn ar leith, faoi na coinníollacha seo a leanas:

(a) nach bhfuil ach údarás amháin freagrach as aon tionscadal leasa choitinn amháin;

(b) gurb é an túdarás sin an taon phointe teagmhála atá ag an tionscnóir tionscadail sa nós imeachta as a neascraíonn an cinneadh cuimsitheach i leith tionscadal leasa choitinn áirithe, agus

(c) go gcomhordaíonn an túdarás cur isteach na ndoiciméad agus na faisnéise ábhartha ar fad.

Féadfaidh an túdarás inniúil aonair an fhreagracht a choimeád as teorainneacha ama a bhunú, gan dochar do na teorainneacha ama a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 6.

3.Eiseoidh an túdarás inniúil aonair an cinneadh cuimsitheach laistigh de na teorainneacha ama a shocraítear in Airteagal 6. Déanfaidh sé amhlaidh agus nósanna imeachta comhpháirteacha á leanúint aige.

Is é an cinneadh cuimsitheach a eiseoidh an túdarás inniúil an taon chinneadh ceangailteach ó thaobh dlí de a thig ón nós imeachta reachtúil deonaithe ceadanna. I gcás ina mbaineann údaráis eile leis an tionscadal, is féidir leo a dtuairim a thabhairt i ndáil leis an nós imeachta, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta. Cuirfidh an túdarás inniúil aonair an tuairim sin san áireamh.

4.Agus an cinneadh cuimsitheach á dhéanamh aige, áiritheoidh an túdarás inniúil aonair go nurramófar na ceanglais ábhartha faoin dlí náisiúnta agus faoi dhlí an Aontais agus tabharfaidh sé údar cuí leis an gcinneadh.

5.Má cheanglaítear le tionscadal leasa choitinn gur gá cinntí a dhéanamh in dhá Bhallstát nó níos mó, déanfaidh na húdaráis inniúla faoi seach gach beart is gá chun comhar agus comhordú éifeachtúil agus éifeachtach a áirithiú eatarthu féin. Gan dochar d'oibleagáidí a eascraíonn as dlí an Aontais agus as an dlí idirnáisiúnta is infheidhme, féachfaidh na Ballstáit le foráil a dhéanamh maidir le nósanna imeachta comhpháirteacha, go háirithe maidir le measúnú ar thionchair chomhshaoil.

Airteagal 6

Fad tréimhse agus cur chun feidhme an nós imeachta deonaithe ceadanna

1.Is éard a bheidh sa nós imeachta deonaithe ceadaithe an chéim réamhiarratais, an chéim ina ndéanfar measúnú ar an iarratas agus cinnteoireacht an údaráis inniúil aonair.

2.I bprionsabal, ní bheidh níos mó ná dhá bhliain i gceist leis an gcéim réamhiarratais, ó thús an nós imeachta deonaithe ceadanna go dtí cur isteach an chomhaid iarratais iomláin chuig an údarás inniúil aonair.

3.    Chun tús a chur leis an nós imeachta deonaithe ceadanna, tabharfaidh an tionscnóir tionscadail fógra faoin tionscadal i scríbhinn d’údarás inniúil aonair na mBallstát lena mbaineann, agus áireofar ann cur síos mionsonraithe ar an tionscadal. Tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis dó an fógra thuasluaite a fháil, admhóidh an túdarás inniúil é, nó, má mheasann sé nach bhfuil an tionscadal sách forbartha le dul isteach sa nós imeachta deonaithe ceadanna, diúltóidh sé don fhógra i scríbhinn. Má chinneann an túdarás inniúil aonair diúltú don fhógra, tabharfaidh sé údar leis an gcinneadh. Is é an dáta ar a síníonn an túdarás inniúil admháil an fhógra dáta tosaigh an nós imeachta deonaithe ceadanna. Más rud é go bhfuil dhá Bhallstát nó níos mó i gceist, is é an dáta ar a nglacann an túdarás inniúil lena mbaineann leis an bhfógra deiridh dáta tosaigh an nós imeachta deonaithe ceadanna.

4.Laistigh de thrí mhí ó thús an nós imeacht deonaithe ceadanna, déanfaidh an túdarás inniúil aonair, i ndlúthchomhar leis an tionscnóir tionscadail agus le húdaráis eile lena mbaineann, agus aird á tabhairt ar an bhfaisnéis arna cur isteach ag an tionscnóir tionscadal ar bhonn an fhógra dá dtagraítear i mír 3, cur síos mionsonraithe ar an iarratas a ullmhú agus a chur in iúl don tionscnóir tionscadail, ina mbeidh:

(a)raon feidhme an ábhair agus leibhéal mionsonraithe na faisnéise atá le cur isteach ag an tionscnóir tionscadail, mar chuid den chomhad iarratais i gcomhair an chinnidh chuimsithigh

(b)sceideal i leith an phróisis deonaithe ceadanna, ina sainaithneofar an méid seo a leanas ar a laghad:

(i)na cinntí agus na tuairimí atá le fáil;

(ii)na húdaráis, na páirtithe leasmhara agus an pobal ar dóigh dóibh a bheith i gceist;

(iii)na céimeanna aonair den nós imeachta agus an fad tréimhse a bhaineann leo;

(iv)garspriocanna móra atá le baint amach agus na spriocdhátaí a bhaineann leo i bhfianaise an chinnidh chuimsithigh atá le déanamh;

(v)na hacmhainní atá pleanáilte ag na húdaráis agus riachtanais acmhainní breise a d’fhéadfadh a bheith ann.

5.D'fhonn a áirithiú go bhfuil an comhad iarratais iomlán agus leormhaith ó thaobh na cáilíochta de, iarrfaidh an tionscnóir tionscadail tuairim an údaráis inniúil aonair maidir leis an iarratas uaidh a luaithe is féidir le linn an nós imeachta réamhiarratais. Oibreoidh an tionscnóir tionscadail go hiomlán i gcomhar leis an údarás inniúil aonair chun spriocdhátaí a bhaint amach agus chun an cur síos mionsonraithe ar an iarratas mar a shainítear i mír 4 a chomhlíonadh.

6.Cuirfidh an tionscnóir tionscadail isteach an comhad iarratais ar bhonn an chur síos mionsonraithe ar an iarratas laistigh de 21 mhí ón gcur síos mionsonraithe sin ar an iarratas a fháil. Tar éis don tréimhse sin dul in éag, ní mheasfar go bhfuil an cur síos mionsonraithe ar an iarratas infheidhme a thuilleadh, mura rud é go gcinnfidh an túdarás inniúil aonair síneadh a chur leis an tréimhse sin, ar bhonn iarraidh réasúnaithe ón tionscnóir tionscadail.

7.Ar a dhéanaí laistigh de thréimhse dhá mhí ón dáta a chuirtear isteach an comhad iarratais iomlán, admhóidh an túdarás inniúil i scríbhinn iomláine an chomhaid iarratais agus cuirfidh sé sin in iúl don tionscnóir tionscadail. Measfar gurb iomlán é an comhad iarratais arna chur isteach ag an tionscnóir tionscadail ach amháin má iarrann an túdarás inniúil ar an tionscnóir tionscadail, laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh an comhad isteach, faisnéis atá ar iarraidh a chur isteach. Beidh an iarraidh sin teoranta, maidir le raon feidhme an ábhair agus an leibhéal mionsonraí, do na gnéithe atá aitheanta sa chur síos mionsonraithe ar an iarratas. Is as imthosca eisceachtúla nua gan choinne amháin a eascróidh aon iarraidh bhreise ar fhaisnéis, agus tabharfaidh an túdarás inniúil aonair údar cuí léi.

8.Déanfaidh an túdarás inniúil aonair measúnú ar an iarratas agus glacfaidh sé cinneadh cuimsitheach laistigh de thréimhse bliana amháin ón dáta a chuirtear isteach an comhad iarratais iomlán i gcomhréir le mír 7. Féadfaidh na Ballstáit teorainn ama níos luaithe a leagan síos, i gcás inarb iomchuí.

9.Beidh na teorainneacha ama sna forálacha thuas gan dochar d’oibleagáidí a eascraíonn as gníomhartha dlí idirnáisiúnta agus as gníomhartha dlí de chuid an Aontais, agus gan dochar do nósanna imeachta achomhairc riaracháin agus leigheasanna breithiúnacha os comhair cúirte nó binse.

Airteagal 7

Comhordú ar nósanna imeachta trasteorann um dheonú ceadanna

1.I gcás tionscadail a bhfuil baint ag dhá Bhallstát nó níos mó leo, cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann a gcuid amchlár ar chomhréim agus comhaontóidh siad sceideal comhpháirteach.

2.Tabharfar de chumhacht don Chomhordaitheoir Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 45 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 súil ghéar a choinneáil ar an nós imeachta deonaithe ceadanna maidir le tionscadail trasteorann leasa choitinn agus an comhar idir na húdaráis inniúla lena mbaineann a éascú.

3.Gan dochar don oibleagáid na teorainneacha ama faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, mura ndéanfar an teorainn ama i leith an chinnidh chuimsithigh a urramú, cuirfidh an túdarás inniúil an Comhordaitheoir Eorpach lena mbaineann ar an eolas láithreach faoi na bearta a glacadh nó a ghlacfar chun an nós imeachta deonaithe ceadanna a thabhairt chun críche a luaithe is féidir. Féadfaidh an Comhordaitheoir Eorpach a iarraidh ar an údarás inniúil tuairisc rialta a thabhairt ar an dul chun cinn atá á dhéanamh.

CAIBIDIL III SOLÁTHAR POIBLÍ

Airteagal 8
Soláthar Poiblí i dtionscadail trasteorann leasa choitinn

1.Déanfar soláthar poiblí i dtionscadail trasteorann leasa choitinn i gcomhréir leis an gConradh agus le Treoir 2014/25/AE agus/nó le Treoir 2014/24/AE.

2.I gcás ina bhfuil na nósanna imeachta soláthair á seoladh ag eintiteas comhpháirteach a chuir na Ballstáit rannpháirteacha ar bun, cuirfidh an teintiteas sin i bhfeidhm forálacha náisiúnta ceann de na Ballstáit sin agus, de mhaolú ar na Treoracha sin, is éard a bheidh sna forálacha sin na forálacha arna gcinneadh i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 57(5) de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó pointe (a) d'Airteagal 39(5) de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, de réir mar is infheidhme, mura mbeidh comhaontú ann idir na Ballstáit rannpháirteacha lena bhforáiltear a mhalairt. Déanfar foráil i gcomhaontú den sórt sin, ar chaoi ar bith, go mbeidh feidhm ag aon reachtaíocht náisiúnta amháin i gcás na nósanna imeachta soláthair arna seoladh ag eintiteas comhpháirteach.

CAIBIDIL IV CÚNAMH TEICNIÚIL

Airteagal 9
Cúnamh teicniúil

Arna iarraidh sin do thionscnóir tionscadail nó do Bhallstát, i gcomhréir leis na cláir chistiúcháin ábhartha de chuid an Aontais agus gan dochar don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil, cuirfidh an tAontas cúnamh teicniúil ar fáil do chur chun feidhme an Rialacháin seo agus chun cur chun feidhme tionscadal leasa choitinn a éascú.

CAIBIDIL V FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 10
Forálacha idirthréimhseacha

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nósanna imeachta riaracháin ar cuireadh tús leo roimh dháta a theachta i bhfeidhm.

Airteagal 11
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    COM(2014) 903 final.
(2)    TENT a Sheachadadh, Fíorais agus Figiúirí, https://ec.europa.eu/transport/sites/transport/files/delivering_ten_t.pdf, Meán Fómhair 2017
(3)    Bunaithe ar aiseolas a fuarthas ó na Ballstáit i mí na Bealtaine 2017. Tá na pleananna oibre i gcomhair chonairí an chroíghreasáin mar aon leis na staidéir thacaíochta a ghabhann leo ar fáil ag: https://ec.europa.eu/transport/themes/infrastructure/downloads_ga
(4)    Tá feidhm aige sin freisin maidir leis an 30 tionscadal tosaíochta TENT a aithníodh roimhe seo. Tá roinnt acu tugtha chun críche ach tá roinnt eile ar siúl fós agus is léir freisin ón taithí atá faighte go dtí seo ar Thionscadail Tosaíochta go raibh tionchar ag saincheisteanna a bhain le nósanna imeachta deonaithe ceadanna ar thabhairt chun críche roinnt tionscadal (e.g. PP17, PP18/30, PP24), Cur Chun Feidhme na dTionscadal Tosaíochta, Samhain 2012; AS MOVE, bunaithe ar shonraí ó na Ballstáit, https://ec.europa.eu/transport/sites/transport/files/themes/infrastructure/TENT-policy/priority-projects/doc/pp_report_nov2012.pdf
(5)    Iar-Leas-Uachtarán an Choimisiúin, H. Christophersen, an tOllamh K. Bodewig, Comhordaitheoir Eorpach, an tOllamh C. Secchi, Comhordaitheoir Eorpach sa cháipéis "Plean Gníomhaíochta – An úsáid is fearr a bhaint as scéimeanna airgeadais nua i gcomhair tionscadail bhonneagair i leith iompar san Eoraip" ("Tuarascáil CBS"), Meitheamh 2015, ar fáil ag http://ec.europa.eu/transport/themes/infrastructure/TENT-guidelines/doc/2015_06_03_cbs_action_plan_final.pdf Tuarascáil ar an Dul Chun Cinn maidir leis an bPlean Gníomhaíochta – An úsáid is fearr a bhaint as scéimeanna airgeadais nua i gcomhair tionscadail bhonneagair i leith iompar san Eoraip, Eanáir 2018, https://ec.europa.eu/transport/sites/transport/files/cbs2_report_final.pdf, (feasta: Tuarascáil ar an Dul Chun Cinn maidir le Tuarascáil CBS).
(6)    Sna conclúidí a glacadh an 5 Nollaig 2017, d'áitigh an Chomhairle arís a tiomantas láidir do chur chun feidhme TENT agus don ghá atá ann coinneáil leis an mbeartas sin chun borradh a chur faoin infheistíocht san iompar agus rannchuidiú le cuspóirí domhanda, go háirithe ó thaobh na gníomhaíochta ar son na haeráide. 15425/17 TRANS 541.
(7)    COM(2016) 359 final.
(8)    Torthaí agus Éifeachtacht an Mhaoinithe ar Bhonneagar Iarnróid san Aontas Eorpach, Staidéar i gcomhair Pharlaimint na hEorpa, Deireadh Fómhair 2015
(9)    COM(2016) 501 final.
(10)     http://www.g7italy.it/sites/default/files/documents/Final%20Declaration_0.pdf  
(11)    Straitéis Ghearmánach chun dlús a chur leis an bpróiseas pleanála: https://www.bmvi.de/SharedDocs/DE/Publikationen/G/innovationsforum-planungsbeschleunigung-abschlussbericht.pdf?_ _blob=publicationFile  
(12)    COM(2017) 534 final
(13)    Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair thras-Eorpaigh fuinnimh agus lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 713/2009, Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (IO L 115, 25.4.2013, lch. 39).
(14)    Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair thras-Eorpaigh fuinnimh agus lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 713/2009, Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (IO L 115, 25.4.2013, lch. 39–75)
(15)    Tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme ghréasán TENT in 2014-2015, Feabhra 2017
(16)     https://ec.europa.eu/transport/sites/transport/files/permitting_TENT_final_report.pdf  
(17)    Cuir nasc leis nuair a bheidh sé foilsithe.
(18)    Tionscadail arna dtacú ag an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha de réir Rialachán (AE) 2017/2396 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 2015/1017 i ndáil le síneadh a chur le ré an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha chomh maith le feabhsuithe teicniúla ar an gCiste sin agus ar an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht a thabhairt isteach, IO L 345, 27.12.2017, lch. 34–52
(19)    Go háirithe, Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena naisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243) agus Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena naisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
(20)    IO C , , lch. .
(21)    IO C , , lch. .
(22)    Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).
(23)    COM(2017) 198 final.
(24)    COM(2017) 573 final
Top