EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018PC0213

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos rialacha lena n-éascaítear úsáid faisnéise airgeadais agus faisnéise eile le haghaidh cionta coiriúla áirithe a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2000/642/CGB ón gComhairle

COM/2018/213 final - 2018/0105 (COD)

Strasbourg,17.4.2018

COM(2018) 213 final

2018/0105(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos rialacha lena n-éascaítear úsáid faisnéise airgeadais agus faisnéise eile le haghaidh cionta coiriúla áirithe a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2000/642/CGB ón gComhairle

{SWD(2018) 114 final}

{SWD(2018) 115 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Oibríonn grúpaí coiriúla, lena n-áirítear sceimhlitheoirí, ar fud Ballstáit dhifriúla agus is minic a bhíonn a sócmhainní, lena n-áirítear cuntais bhainc, lonnaithe in áiteanna ar fud an Aontais Eorpaigh nó lasmuigh de fiú. Baineann siad úsáid as teicneolaíocht nua-aimseartha lena gcuirtear ar a gcumas airgead a aistriú idir roinnt cuntas bainc agus idir airgeadraí difriúla laistigh de roinnt bheag uaireanta.

Riachtanas atá i bhfaisnéis thráthúil chun gur féidir imscrúduithe coiriúla a dhéanamh ar choireanna tromchúiseacha. I gcás ina bhfuil faisnéis airgeadais in easnamh, is féidir go gcaillfear deiseanna le coireanna tromchúiseacha a imscrúdú, le cur isteach ar ghníomhaíochtaí coiriúla, le comhchealga sceimhlitheoireachta a chosc, agus le fáltais na coireachta a bhrath agus a chalcadh. I gcás ina bhfuil faisnéis in easnamh faoi na cuntais go léir ar le hamhrastach iad, is féidir nach ndéanfar sócmhainní a chalcadh ach go páirteach, rud a d’fhéadfadh an tamhrastach a chur san airdeall, agus beidh sé ábalta ansin na cistí neamhbhraite a bhaint de na cuntais eile. Teipeann ar a lán imscrúduithe mar gheall ar an mainneachtain rochtain atá tráthúil, cruinn agus cuimsitheach a fháil ar na sonraí airgeadais ábhartha 1 .

I gcomparáid leis an luas gasta ar ar féidir cistí a aistriú ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain, is mall atá na sásraí reatha le haghaidh faisnéis airgeadais a rochtain agus a mhalartú. Teastaíonn an iomarca ama chun faisnéis airgeadais a fháil, rud a laghdaíonn a éifeachtaí atá imscrúduithe agus ionchúisimh. Tá gá ann le teacht ar bhealaí níos tapa agus níos éifeachtaí le haghaidh faisnéis faoi chuntais bhainc, faisnéis airgeadais agus anailís airgeadais a rochtain agus a mhalartú. Má mhéadaítear an líon imscrúduithe coiriúla rathúla a dhéantar, beidh méadú ann ar an líon ciontuithe agus coigistithe sócmhainní. Cabhróidh sé sin le cur isteach ar ghníomhaíochtaí coiriúla agus leis an tslándáil a mhéadú sna Ballstáit agus ar fud an Aontais.

An 2 Feabhra 2016, ghlac an Coimisiún Plean Gníomhaíochta maidir leis an gcomhrac a neartú in aghaidh mhaoiniú na sceimhlitheoireachta 2 , rud inar cuireadh i láthair conas a d’fhéachfadh an Coimisiún leis an 4ú Treoir maidir le Sciúradh Airgid a Chomhrac 3 a uasghrádú. Ina theannta sin, iarradh sa phlean freisin go mapálfaí bacainní ar fhaisnéis a rochtain, a mhalartú agus a úsáid mar aon le bacainní ar an gcomhar oibríochtúil idir Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais a mbeidh tograí reachtacha mar ghníomh leantach air, más iomchuí.

I mí na Nollag 2017, chomhaontaigh comhreachtóirí an Aontais roinnt athruithe suntasacha ar an 4ú Treoir maidir le Sciúradh Airgid a Chomhrac (an 5ú Treoir maidir le Sciúradh Airgid a Chomhrac). Áirítear leo clárlanna láraithe náisiúnta cuntas bainc nó córais aisghabhála sonraí a bhunú mar bheart éigeantach sna Ballstáit go léir, ar nithe iad ar a mbeadh rochtain ag Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais agus údaráis um sciúradh airgid a chomhrac.

Mar sin féin, is amhlaidh, mar thoradh ar an mbunús dlí a thugtar dóibh in Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), nach leagtar amach sna Treoracha maidir le Sciúradh Airgid a Chomhrac na coinníollacha beachta faoina bhféadfaidh údaráis agus comhlachtaí na mBallstát atá inniúil ar chionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh (dá ngairtear údaráis inniúla ina dhiaidh seo) úsáid a bhaint as faisnéis airgeadais agus faisnéis eile le haghaidh cionta coiriúla áirithe a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh. Ina ionad sin, pléitear iontu go príomha leis na hiarrachtaí coisctheacha arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar sciúradh airgid, cionta preideacáide gaolmhara agus maoiniú sceimhlitheoireachta, agus tá formhór na n-oibleagáidí a leagtar síos iontu nasctha go díreach leis na “heintitis atá faoi oibleagáid”, i.e. oibreoirí eacnamaíocha, gnóthais agus gairmithe.

Faoi láthair, níl ag an gcuid is mó d’údaráis inniúla rochtain dhíreach ar an bhfaisnéis faoi aitheantas na sealbhóirí cuntais bhainc, rud a choimeádtar sna clárlanna láraithe cuntas bainc nó sna córais aisghabhála sonraí. Tá clárlanna agus córais den sórt sin i mbun feidhme faoi láthair i 15 Bhallstát, cé nach bhfuil rochtain dhíreach ag údaráis inniúla (agus ní gach ceann díobh) orthu ach i 6 Bhallstát. Dá bhrí sin, is minic a iarrann siad an fhaisnéis trí il-iarrataí a sheoltar chuig na hinstitiúidí airgeadais go léir ina mBallstát nó, i gcás inar tugadh rochtain indíreach dóibh, trí iarraidh a sheoltar chuig idirghabhálaí.

Tugtar le tuiscint le hil-iarraidh go mbeidh ar an údarás inniúil fanacht le freagra a fháil ó gach institiúid airgeadais. Cruthaíonn sé sin an fíor-riosca go mbeidh moilleanna suntasacha ann a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh d’imscrúduithe coiriúla. Tá impleachtaí aige sin do chomhar trasteorann freisin. Is gnách go mbíonn éagsúlacht ann san am a theastaíonn chun faisnéis airgeadais a fháil ó bhainc i mBallstáit dhifriúla agus is féidir go gcuirfidh sé sin moill bhreise ar chomhar. Le hAirteagal 32a(4) den 5ú Treoir maidir le Sciúradh Airgid a Chomhrac, ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoi mhí an Mheithimh 2020 lena measúnaítear an fhéidearthacht a bhaineann le clárlanna láraithe cuntas bainc a idirnascadh sa todhchaí. Cuirfidh an Coimisiún an measúnú agus na torthaí uaidh i láthair faoi lár na bliana 2019.

Foráiltear leis an togra seo, dá bhrí sin, maidir le rochtain dhíreach a thabhairt d’údaráis inniúla ar na clárlanna láraithe náisiúnta cuntas bainc nó ar na córais aisghabhála sonraí. Áirítear leis na húdaráis inniúla a bhforáiltear maidir le rochtain a thabhairt dóibh údaráis chánach agus údaráis frithéillithe agus iad ag obair ina gcáil chun imscrúduithe coiriúla a dhéanamh faoin dlí náisiúnta. Áirítear leo freisin na hOifigí um Aisghabháil Sócmhainní atá freagrach as sócmhainní coiriúla a rianú agus a shainaithint ionas go bhféadfaí iad a chalcadh agus a choigistiú. Chun a áirithiú “nach fiú tabhairt faoin gcoireacht” agus go mbainfear a mbrabús de choirpigh 4 , is gá a áirithiú go dtabharfar uirlisí leordhóthanacha d’Oifigí um Aisghabháil Sócmhainní chun go mbeidh siad in ann rochtain a fháil ar an bhfaisnéis a theastaíonn le haghaidh a gcúraimí a chur i gcrích. Tabharfar rochtain indíreach do Europol freisin trí Aonaid Náisiúnta na mBallstát. Cé nach ndéanann Europol imscrúduithe coiriúla, tacaíonn sé leis na gníomhartha a dtugann na Ballstáit fúthu. Ós rud é nach bhfuil aon rochtain aige ar fhaisnéis airgeadais, lena n-áirítear an fhaisnéis atá sna clárlanna láraithe náisiúnta cuntas bainc agus sna córais aisghabhála sonraí, cuirtear cosc ar Europol leas a bhaint as acmhainneacht iomlán a chumais chun anailís a dhéanamh. Leagadh béim ar na laigí sin agus míníodh iad sa Tuarascáil “From suspicion to action” [Ó amhras go gníomhaíocht] ó Europol, a foilsíodh sa bhliain 2017.

Maidir leis an gcomhar idir Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais agus idir Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais agus údaráis inniúla, cé go rialáiltear é cheana féin faoin 4ú Treoir maidir le Sciúradh Airgid a Chomhrac, bíonn ar Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais agus údaráis inniúla araon dul i ngleic le bacainní ar a n-idirghníomhaíocht go fóill. Chuir na 28 nAonad um Fhaisnéis Airgeadais 5 san Aontas comhthuarascáil mapála i láthair i mí na Nollag 2016 chun na bacainní sin a shainaithint agus réitigh a mholadh orthu. Sa Doiciméad Inmheánach Oibre ón gCoimisiún maidir le comhar a fheabhsú idir Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais, a foilsíodh i mí an Mheithimh 2017 6 , déantar machnamh ar thorthaí na tuarascála mapála agus sainaithnítear saincheisteanna a bhféadfaí aghaidh a thabhairt orthu trí threoir agus comhar feabhsaithe mar chuid den obair a dhéanann Ardán an Aontais d’Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais, mar aon le saincheisteanna eile a mbeadh réitigh rialála ag teastáil ina leith.

De bhreis air sin, le linn di a chur in iúl gur trua léi go bhfuil “tuilleadh comhchuibhithe in easnamh sna cineálacha cur chuige atá á nglacadh ag na Ballstáit i leith an choireacht airgeadais a chomhrac”, d’iarr Parlaimint na hEorpa ar an Aontas dul i ngleic leis an ngá atá ann le malartú níos éifeachtaí faisnéise agus comhordú níos dlúithe idir na húdaráis náisiúnta lena mbaineann chun torthaí níos fearr a bhaint amach, lena n-áirítear tríd an reachtaíocht riachtanach a achtú ar leibhéal an Aontais.

Dá bhrí sin, foráiltear leis an togra seo maidir le bearta arb é is aidhm dóibh úsáid faisnéise airgeadais agus faisnéise eile a éascú chun an choireacht thromchúiseach a chosc agus a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí, lena n-áirítear thar theorainneacha. Rud ba shonraí fós, méadaítear leis an togra an rochtain thráthúil atá ag na húdaráis inniúla ar fhaisnéis atá ar fáil sna clárlanna láraithe cuntas bainc nó sna córais aisghabhála sonraí a bunaíodh leis an 4ú Treoir maidir le Sciúradh Airgid a Chomhrac. Ina theannta sin, coimeádtar leis ardleibhéal cosanta do chearta bunúsacha, go háirithe an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, agus laghdaítear leis an tualach riaracháin ar údaráis inniúla agus earnáil na baincéireachta araon a eascraíonn as an nós imeachta um il-iarrataí. Is é rochtain dhíreach an cineál is láithrí rochtana ar fhaisnéis airgeadais.

Ina theannta sin, éascaítear leis an togra an comhar idir Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais agus an comhar idir Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais agus údaráis inniúla. Sainítear leis cén saghas faisnéise (faisnéis airgeadais, anailís airgeadais, faisnéis forfheidhmithe dlí) a fhéadfaidh údaráis inniúla agus Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais faoi seach a iarraidh agus sainítear leis freisin an liosta uileghabhálach de chionta coiriúla a bhféadfaidh gach údarás faisnéis a mhalartú ina leith, ar bhonn cáis i dtólamh, mar atá cás sonrach atá faoi imscrúdú. Foráiltear leis an togra maidir le spriocdhátaí ar laistigh díobh ba cheart d’Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais an fhaisnéis a mhalartú agus ceanglaítear leis go n-úsáidfear bealach slán cumarsáide ar mhaithe lena malartuithe a fheabhsú agus a bhrostú. Ar deireadh, ceanglaítear leis ar na Ballstáit na húdaráis inniúla go léir atá i dteideal faisnéis a iarraidh a ainmniú. Áirithítear leis go mbeidh an malartú faisnéise níos leithne agus níos éifeachtaí ach, san am céanna, go mbeidh sé comhréireach.

Sa chomhthéacs sin, leagann an Coimisiún béim ar a riachtanaí atá sé acmhainní leordhóthanacha a thabhairt d’Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais chun go mbeidh siad in ann a gcúraimí a chomhlíonadh, mar a cheanglaítear leis an 4ú Treoir maidir le Sciúradh Airgid a Chomhrac. Ina theannta sin, mar a cheanglaítear le hAirteagal 65(2) den 5ú Treoir maidir le Sciúradh Airgid a Chomhrac, déanfaidh an Coimisiún measúnú faoi mhí an Mheithimh 2019 ar an gcreat le haghaidh chomhar na nAonad um Fhaisnéis Airgeadais le tríú tíortha agus ar bhacainní agus deiseanna i dtaca le comhar idir Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais san Aontas a fheabhsú, lena n-áirítear an fhéidearthacht a bhaineann le sásra comhordúcháin agus tacaíochta a bhunú.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an togra reatha le haghaidh Treorach ina chuid den Chlár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil a glacadh i mí Aibreáin 2015 7 , rud inar iarradh go ndéanfaí bearta breise chun cur isteach ar an gcoireacht thromchúiseach agus an choireacht eagraithe, agus tá sé ina chuid den Phlean Gníomhaíochta a tháinig sna sála ar an gClár Oibre sin, rud atá dírithe ar an gcomhrac a neartú in aghaidh mhaoiniú na sceimhlitheoireachta.

Mar a luaitear thuas, tá an 4ú Treoir maidir le Sciúradh Airgid a Chomhrac agus an 5ú Treoir maidir le Sciúradh Airgid a Chomhrac bunaithe ar bhunús dlí margaidh inmheánaigh agus pléitear iontu le hiarrachtaí coisctheacha arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar sciúradh airgid, cionta preideacáide gaolmhara agus maoiniú sceimhlitheoireachta. Leis an togra seo, déantar comhlánú agus forbairt ar an ngné choisctheach de na Treoracha maidir le Sciúradh Airgid a Chomhrac agus treisítear an creat dlíthiúil ó thaobh comhar póilíneachta de.

Ina theannta sin, déantar leis an togra seo le haghaidh Treorach treisiú agus forbairt ar chreat dlí choiriúil an Aontais maidir leis an gcomhrac i gcoinne cionta tromchúiseacha, go háirithe Rialachán (AE) 2016/794 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) 8 .

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an Treoir a bheartaítear ar aon dul le haidhmeanna beartais a saothraíonn an tAontas iad, go háirithe an córas athchóirithe cosanta sonraí a eascraíonn as Treoir (AE) 2016/680, agus tá sí ar aon dul le cásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Tá an tionscnamh reachtach seo comhsheasmhach le haidhmeanna fhorbairt margaidh inmheánaigh an Aontais freisin, go háirithe an margadh aonair le haghaidh íocaíochtaí lena mbunaítear seirbhísí íocaíochta níos sábháilte agus níos nuálaí ar fud an Aontais, mar atá na rialacha a leagtar síos i dTreoir (AE) 2015/2366 9 .

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tugtar an chumhacht chun gníomhú le hAirteagal 87(2) CFAE, rud lena gcuirtear ar chumas an Aontais Eorpaigh bearta a bhunú maidir le comhar póilíneachta a mbeidh baint ag údaráis inniúla uile na mBallstát leis (lena n-áirítear seirbhísí póilíneachta, seirbhísí custaim agus sainseirbhísí eile forfheidhmithe dlí), go háirithe i ndáil le faisnéis a bhailiú, a stóráil agus a mhalartú atá ábhartha do chionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú (litir a) agus teicnící comhchoiteanna imscrúdaithe i ndáil le saghsanna tromchúiseacha coireachta eagraithe a bhrath
(litir b).

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

De réir Airteagal 67 CFAE, is é cuspóir an Aontais ardleibhéal slándála a thabhairt do shaoránaigh tríd an gcoireacht a chosc agus a chomhrac. Níor cheart gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais a dhéanamh sa réimse sin ach mura féidir, agus a mhéid nach féidir, leis na Ballstáit an cuspóir sin a ghnóthú go leordhóthanach agus más amhlaidh gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais.

I gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a ghnóthú go leordhóthanach agus is fearr, dá bhrí sin, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais. Ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. Ar aon dul leis na rialacha reatha, tá de cheart ag na Ballstáit faoin togra seo bearta a ghlacadh nó a choinneáil atá níos déine ná iad sin a leagtar amach i ndlí an Aontais.

Is minic a bhíonn déantóirí cionta coiriúla gníomhach ar fud Ballstáit dhifriúla. Go háirithe, is minic a bhíonn cumraíocht idirnáisiúnta ag grúpaí coireachta eagraithe agus a oibríonn siad le sócmhainní airgeadais thar theorainneacha. De bharr a gcineáil thrasnáisiúnta, is ar an Aontas ina iomláine a théann na bagairtí sceimhlitheoireachta agus coiriúla i bhfeidhm agus, dá bhrí sin, teastaíonn freagairt Eorpach dóibh. Tá seans ann go ndéanfaidh coirpigh dúshaothrú ar an easpa faisnéise airgeadais atá ag údaráis inniúla nó go mbainfidh siad tairbhe as an easpa úsáide éifeachtúla a bhaineann na húdaráis sin as an bhfaisnéis sin.

Is é is aidhm don ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais breisluach a ghiniúint trí chur chuige comhchuibhithe a sholáthar lena neartófaí comhar intíre agus trasteorann in imscrúduithe airgeadais ar choireanna tromchúiseacha agus ar an sceimhlitheoireacht. De bhreis air sin, cabhróidh gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais le forálacha comhchuibhithe a áirithiú, lena n-áirítear maidir le cosaint sonraí, ach beidh sé doiligh leibhéal comhchuibhithe coimircí a ghnóthú má bhíonn sé faoi na Ballstáit reachtaíocht a rith go neamhspleách.

Comhréireacht

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5(4) CAE, tá an togra seo teoranta dá bhfuil riachtanach agus comhréireach chun cabhrú leis na húdaráis phoiblí a bhfuil dualgas orthu saoránaigh an Aontais a chosaint faisnéis airgeadais ábhartha agus faisnéis ábhartha eile a úsáid agus a chomhroinnt.

Is é is aidhm don tionscnamh a bheartaítear rochtain dhíreach ar na clárlanna láraithe náisiúnta cuntas bainc agus ar na córais aisghabhála sonraí a dheonú d’údaráis inniúla áirithe. Ceanglaítear leis ar na Ballstáit údaráis inniúla a bhfuil sé de chumhacht acu na clárlanna sin a rochtain agus a chuardach a ainmniú as measc a gcuid údarás atá inniúil ar chionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh. Áireofar leo na hOifigí um Aisghabháil Sócmhainní agus Aonaid Náisiúnta Europol. De bhreis air sin, deonófar rochtain indíreach, ach ní dhéanfar sin ach amháin ar bhonn cáis, do Europol ar an bhfaisnéis a choimeádtar sna clárlanna láraithe náisiúnta cuntas bainc agus sna córais aisghabhála sonraí chun go mbeidh sé in ann a chúraimí a chomhlíonadh i gcomhréir lena shainordú.

Maidir le rochtain ar na clárlanna láraithe náisiúnta cuntas bainc agus ar na córais aisghabhála sonraí, ní dheonófar í ach amháin ar thacar teoranta faisnéise (e.g. ainm, dáta breithe, uimhir chuntais bhainc an úinéara) atá fíor-riachtanach chun a shainaithint cé na bainc a bhfuil cuntais bhainc ag an duine is ábhar d’imscrúdú iontu. Ní bheidh na húdaráis in ann ábhar na gcuntas bainc a rochtain; áireofar leis sin iarmhéid na gcuntas agus sonraí faoi na hidirbhearta. Nuair a shainaithneoidh na húdaráis inniúla cén institiúid airgeadais a bhfuil cuntas bainc ag an duine is ábhar d’imscrúdú inti, beidh ceangal orthu, i bhformhór na gcásanna, dul i dteagmháil leis an institiúid atá i gceist agus tuilleadh faisnéise a iarraidh, e.g. liosta idirbheart (de ghnáth, déanfaidh siad amhlaidh tar éis údarú breithiúnach a fháil).

Ní dhéanfar leis na bearta a bheartaítear aon athruithe ar phríomhfheidhmeanna nó stádas eagraíochtúil na nAonad um Fhaisnéis Airgeadais, a leanfaidh ar aghaidh ag comhlíonadh na bhfeidhmeanna sin a leagtar amach sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais atá i bhfeidhm cheana féin.

Éascaítear leis an togra an comhar idir Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais agus an comhar idir Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais agus údaráis inniúla. Is faoi choinníollacha sonracha a dheonaítear an creat sin le haghaidh malartú faisnéise agus tá sé teoranta do choireanna sonracha (sciúradh airgid agus cionta preideacáide, maoiniú na sceimhlitheoireachta) agus do choireanna tromchúiseacha. Cuimsítear ann roinnt coimircí le haghaidh príobháideacht agus sonraí pearsanta a chosaint arb é is aidhm dóibh i gcónaí feabhas a chur ar chomhar agus malartú faisnéise intíre agus trasteorann agus cosc a chur ar choirpigh dúshaothrú a dhéanamh ar dhifríochtaí sna reachtaíochtaí náisiúnta lena leas féin. Is teoranta do liosta uileghabhálach údarás inniúil freisin atá na cásanna agus na dálaí inar ceadmhach sonraí airgeadais a mhalartú. Ní chuirfear ar chumas na n-údarás inniúil sin sonraí airgeadais a rochtain agus a mhalartú ach amháin i ndáil le liosta socraithe cionta coiriúla agus faoi réir coimircí nós imeachta náisiúnta agus coimircí príobháideachta náisiúnta.

An rogha ionstraime

Tá an togra seo i riocht Treorach chun nach leagfar amach ann ach sprioc nach mór do na Ballstáit í a bhaint amach, agus deis á tabhairt dóibh ag an am céanna a ndlíthe féin a cheapadh ar mhaithe leis an sprioc sin a bhaint amach. Ní leordhóthanach a bheadh aon mhodh eile toisc gurb é aidhm an bhirt comhfhogasú a dhéanamh ar reachtaíocht na mBallstát maidir le cé na húdaráis a ndeonófar rochtain dóibh ar na clárlanna láraithe náisiúnta cuntas bainc agus ar na córais aisghabhála sonraí. Dá bhrí sin, is í Treoir an taon ionstraim amháin a bheadh iomchuí.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Maidir leis an rochtain a bheidh ag na húdaráis inniúla ar na clárlanna láraithe cuntas bainc:

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na húdaráis seo a leanas i dtaca leis an togra seo: údaráis forfheidhmithe dlí, na hOifigí um Aisghabháil Sócmhainní, na húdaráis náisiúnta a imscrúdaíonn cásanna éillithe agus cásanna coireachta airgeadais, Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais, OLAF agus Europol, Údaráis Chosanta Sonraí náisiúnta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, bainc, institiúidí airgeadais, comhlachais bhaincéireachta ar leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais, na húdaráis atá freagrach as na clárlanna láraithe cuntas bainc agus as na córais aisghabhála sonraí atá ann cheana a bhainistiú (nó ar cuireadh de chúram orthu iad a fhorbairt i gcás nár bunaíodh ceann ar bith díobh go fóill), agus an pobal i gcoitinne.

Áiríodh na nithe seo leis na modhanna agus na huirlisí a úsáideadh:

·an comhairliúchán ar an Measúnú ar Thionchar Tionscanta (a bhí ar siúl idir an 9 Lúnasa 2017 agus an 6 Meán Fómhair 2017, ar lena linn a bhí páirtí leasmhar ar bith in ann aiseolas a thabhairt);

·comhairliúchán poiblí (a bhí ar oscailt le haghaidh aiseolas a fháil ó pháirtí leasmhar ar bith ar feadh 12 sheachtain ón 17 Deireadh Fómhair 2017 go dtí an 9 Eanáir 2018);

·suirbhé spriocdhírithe a seoladh chuig na hOifigí um Aisghabháil Sócmhainní agus na hÚdaráis Frithéillithe de chuid na mBallstát i mí an Mheithimh 2016;

·cruinniú saineolaithe ina ndearnadh plé ar rochtain na n-údarás forfheidhmithe dlí ar chlárlanna láraithe cuntas bainc a leathnú, rud a bhí ar siúl an 25-26 Deireadh Fómhair 2017;

·mar ghníomh leantach ar an gcruinniú saineolaithe ina ndearnadh plé ar rochtain na n-údarás forfheidhmithe dlí ar chlárlanna láraithe cuntas bainc a leathnú, sheol an Coimisiún ceisteanna breise chuig roinnt toscaireachtaí;

·comhairliúchán leis na hOifigí um Aisghabháil Sócmhainní le linn chruinniú Ardán an Aontais d’Oifigí um Aisghabháil Sócmhainní an 12-13 Nollaig 2017;

·cruinniú ardleibhéil inar measúnaíodh an gá atá ann le bearta breise ar mhaithe le rochtain a éascú ar fhaisnéis airgeadais, a bhí ar siúl an 20 Samhain 2017;

·cruinniú inar pléadh comhar idir Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais agus údaráis forfheidhmithe dlí, a bhí ar siúl an 6-7 Márta 2018.

Maidir le rochtain ar chlárlanna láraithe cuntas bainc, thug na húdaráis forfheidhmithe dlí tacaíocht iomlán don tionscnamh agus dheimhnigh siad na nithe seo:

·baineann ríthábhacht le rochtain mhear ar fhaisnéis faoi chuntais bhainc chun go mbeidh siad in ann a gcuid cúraimí a chomhlíonadh go héifeachtach;

·is rí-mhíshásúil ó thaobh “éifeachtúlachta” de atá an cleachtas reatha um “il-iarrataí” a eisiúint; is é an toradh atá air go gcuirtear ualach mór riaracháin ar na bainc agus na húdaráis iad féin agus go gcuirtear moill ar imscrúduithe;

·baintear úsáid as cineálacha difriúla cur chuige sna Ballstáit i dtaca le rochtain a thabhairt d’údaráis forfheidhmithe dlí. I roinnt Ballstát, tá rochtain ag roinnt údarás póilíneachta, Oifigí um Aisghabháil Sócmhainní agus gníomhaireachtaí frithéillithe, cé nach bhfuil rochtain ag a macasamhail i mBallstáit eile.

D’athdhearbhaigh na comhlachais bhaincéireachta go bhfuil siad tiomanta go hiomlán don chomhrac i gcoinne sciúradh airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta agus d’áitigh siad na nithe seo:

·is ar leibhéal náisiúnta ba cheart a chinneadh cé acu ba cheart córas a bheith láraithe nó díláraithe;

·ba cheart cúram iomchuí a thabhairt sa tionscnamh gan dochar a dhéanamh do chearta bunúsacha na ndaoine aonair chun príobháideacht sonraí.

Leag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus na húdaráis chosanta sonraí náisiúnta béim orthu seo:

·ní sásúil ó thaobh cosaint sonraí de atá an cleachtas um il-iarrataí a sheoladh;

·tá gá ann le húdar láidir a thabhairt le rochtain a leathnú agus ní mór na coimircí riachtanacha a sholáthar;

·ní mór aon togra reachtach sa todhchaí a bheith i gcomhréir go hiomlán leis an gcreat Eorpach um chosaint sonraí.

Cuireadh an tionchur sin san áireamh go hiomchuí agus an togra á ullmhú.

Maidir leis an malartú faisnéise idir Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais agus údaráis inniúla:

Comhairliúchán le hAonaid um Fhaisnéis Airgeadais agus le húdaráis inniúla

D’eagraigh an Coimisiún cruinniú i mí an Mhárta 2018 chun comhar idir Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais agus údaráis forfheidhmithe dlí a phlé. Chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit agus sholáthair siad ionchur maidir leis na saincheisteanna seo a leanas:

(i) rochtain na nAonad um Fhaisnéis Airgeadais ar fhaisnéis na n-údarás forfheidhmithe dlí ar leibhéal intíre, áit a bhfuil an chuma air go bhfuil rochtain, bíodh sí díreach nó indíreach, ag gach Aonad um Fhaisnéis Airgeadais (trí oifigigh idirchaidrimh na bpóilíní a bheith ag fónamh ar na hAonaid um Fhaisnéis Airgeadais). Is leis an saghas faisnéise a bhfuil rochtain ag Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais air a bhaineann an phríomhdhifríocht idir na Ballstáit. Ghlac Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais leis go mbeadh sé tábhachtach na saghsanna faisnéise a bhfuil rochtain acu orthu a chomhchuibhiú;

(ii) rochtain na n-údarás inniúil ar fhaisnéis airgeadais trí na hAonaid um Fhaisnéis Airgeadais, áit a bhfuil an chuma air nach dtugann aon Aonad um Fhaisnéis Airgeadais rochtain dhíreach d’údaráis inniúla ar a bhunachair shonraí. Mar sin féin, tá na hAonaid phóilíneachta um Fhaisnéis Airgeadais in ann freagairt go héasca d’iarrataí ó údaráis inniúla. Níl sé chomh héasca céanna do na hAonaid riaracháin um Fhaisnéis Airgeadais;

(iii) comhar trasnánach, i.e. comhar idir Aonad um Fhaisnéis Airgeadais i mBallstát amháin agus údaráis inniúla i mBallstát eile, ar comhar é a fhéadann a bheith díreach nó indíreach (i.e. tríd an Aonad um Fhaisnéis Airgeadais i mBallstát na n-údarás inniúil is iarrthóir), áit ar chuir gach Ballstát in aghaidh comhar trasnánach díreach agus a raibh gach ceann díobh i bhfabhar comhar trasnánach indíreach;

(iv) comhar le Europol, áit a malartaíonn 8 nAonad um Fhaisnéis Airgeadais faisnéis le Europol cheana féin. Chuir formhór na nAonad um Fhaisnéis Airgeadais in iúl gur spéis leo faisnéis a mhalartú le Europol, ar an gcoinníoll go malartaíonn Europol faisnéis leo freisin.

Bailiú agus úsáid saineolais

Rinneadh cleachtadh mapála laistigh d’Ardán an Aontais d’Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais chun sainaithint a dhéanamh ar bhacainní praiticiúla ar fhaisnéis a rochtain, a mhalartú agus a úsáid agus ar dhul i mbun comhair oibríochtúil, d’fhonn torthaí a sholáthar roimh dheireadh na bliana 2016.

Tosaíodh an comhairliúchán le suirbhé ar líne de chuid EUSurvey a seoladh an 14 Aibreán 2016 chun faisnéis a bhailiú ó Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais. Roinneadh an suirbhé sin ina naoi réimse théamacha, lenar áiríodh gnéithe intíre na nAonad um Fhaisnéis Airgeadais agus an acmhainn atá ann páirt a ghlacadh i gcomhar idir Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais ina chineálacha difriúla, agus bhí sé comhdhéanta de 290 ceist.

Maidir leis an tuarascáil deiridh a glacadh i mí na Nollag 2016, tá sí ar fáil don phobal ar an suíomh gréasáin don “Chlár de ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin agus d’eintitis eile den saghas céanna” mar iarscríbhinn leis na miontuairiscí cruinnithe ón 31ú cruinniú de chuid Ardán an Aontais d’Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais, atá ar fáil ag http://ec.europa.eu/transparency/regexpert/ .

Ina theannta sin, chuaigh an Coimisiún i muinín Tuarascála ó Ghrúpa Europol um Fhaisnéis Airgeadais dar teideal “From suspicion to action: converting financial intelligence into greater operational impact” [Ó amhras go gníomhaíocht: tionchar oibríochtúil níos fearr a bhaint as faisnéis airgeadais], a eisíodh sa bhliain 2017.

Measúnú tionchair

Mar thaca ag an togra seo, tá measúnú tionchair inar measúnaíodh na bealaí a d’fhéadfaí rochtain ar fhaisnéis airgeadais d’údaráis inniúla a leathnú le haghaidh coireanna a imscrúdú, agus aird á tabhairt ar dhá shaincheist: an tsaincheist um rochtain na n-údarás inniúil ar chlárlanna láraithe cuntas bainc nó ar chórais aisghabhála sonraí, agus an tsaincheist um fheabhas a chur ar chomhar idir Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais agus údaráis inniúla.

Cuireadh tuarascáil ar an measúnú tionchair faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála an 31 Eanáir 2018. D’eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach an 26 Márta 2018, cé gur chuir sé ábhair imní in iúl inti.

Scrúdaíodh na roghanna seo a leanas sa Mheasúnú Tionchair:

(1)An Rogha bhonnlíne.

(2)Rogha neamhreachtach – Rogha 0.

(3)Roghanna reachtacha:

·Bhain Rogha A leis na saghsanna coireanna ar lena gcosc agus lena gcomhrac a bheadh na húdaráis inniúla in ann faisnéis a rochtain agus a mhalartú.

Bhí Rogha A.1 teoranta do sciúradh airgid, na cionta preideacáide gaolmhara agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac.

Bhí Rogha A.2 teoranta do choireanna Eorpacha a chosc agus a chomhrac.

Bhí Rogha A.3 teoranta do choireanna tromchúiseacha a chosc agus a chomhrac i gcomhréir leis an Rialachán maidir le Europol.

·Scrúdaíodh i Rogha B na módúlachtaí maidir le rochtain ar na sonraí.

Bhain Rogha B.1 le módúlachtaí maidir le rochtain na n-údarás inniúil ar na clárlanna láraithe cuntas bainc, áit ar foráladh maidir le rochtain dhíreach le Rogha B.1.a agus ar foráladh maidir le rochtain indíreach le Rogha B.1.b.

Bhain Rogha B.2 le módúlachtaí maidir le rochtain na n-údarás inniúil ar an bhfaisnéis airgeadais ar fad, áit ar foráladh maidir le rochtain dhíreach ar fhaisnéis ó institiúidí airgeadais le Rogha B.2.a agus ar foráladh maidir le rochtain indíreach trí na hAonaid um Fhaisnéis Airgeadais le Rogha B.2.b.

Bhain Rogha B.3 leis an malartú faisnéise idir Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais agus le hiarrataí ar fhaisnéis ó Údaráis um Fhaisnéis Airgeadais chuig na húdaráis inniúla, áit ar scrúdaíodh comhar díreach i Rogha B.3.a agus ar scrúdaíodh i Rogha B.3.b an rogha atá ann Aonad lárnach um Fhaisnéis Airgeadais de chuid an Aontais a bhunú.

·Scrúdaíodh i Rogha C na catagóirí údaráis a bhainfeadh tairbhe as rochtain ar fhaisnéis agus malartuithe faisnéise. Áiríodh le Rogha C.1 údaráis inniúla na Treorach maidir le Cosaint Sonraí le haghaidh Póilíní agus leathnaíodh le Rogha C.2 an comhar le húdaráis eile, mar atá na hOifigí um Aisghabháil Sócmhainní, Europol agus OLAF.

Measúnaíodh na roghanna i gcomparáid leis an tionchar eacnamaíoch, an tionchar sóisialta agus an tionchar ar chearta bunúsacha.

Comhfhreagraíonn an togra seo do na roghanna beartais tosaíochta a breithníodh sa Mheasúnú Tionchair.

A mhéid a bhaineann le clárlanna láraithe cuntas bainc, is é an rogha thosaíochta go nglacfaí ionstraim reachtach de chuid an Aontais lena dtabharfaí rochtain dhíreach d’údaráis inniúla. Ba cheart an rochtain sin a thabhairt chun críocha imscrúduithe coiriúla ar gach saghas coireachta tromchúisí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Rialachán maidir le Europol. Ba cheart rochtain indíreach a bheith sa rochtain a bheidh ag Europol, cé go mbainfeadh imscrúduithe a dtacaíonn Europol leo tairbhe as rochtain ar fhaisnéis a choimeádtar i gclárlanna láraithe cuntas bainc freisin.

Ceadaítear rochtain dhíreach ar na clárlanna láraithe cuntas bainc agus ar na córais aisghabhála sonraí faoin rogha thosaíochta ós rud é go bhfuil faisnéis theoranta iontu. Faoin rogha thosaíochta, íoslaghdófar an cur isteach a bheidh ann ar an gceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint. Is teoranta atá na cearta rochtana agus ní thugtar iad ach amháin do na húdaráis atá riachtanach i ngach cás, rud a áirithíonn comhréireacht sa chur isteach ar chosaint sonraí pearsanta.

D’áireofaí leis an rogha thosaíochta freisin forálacha chun malartuithe sonraí a éascú idir Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais agus idir Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais agus údaráis inniúla. Chomh maith leis sin, rialálfaí an deis atá ag Europol faisnéis a iarraidh ó Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais. Mar thoradh ar a íogaire atá an fhaisnéis, bheartófaí coimircí diana cosanta sonraí leis an rogha thosaíochta.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

I mí Dheireadh Fómhair 2000, glacadh Cinneadh 2000/642/CGB ón gComhairle maidir le socruithe le haghaidh comhar idir Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais sna Ballstáit i dtaca le faisnéis a mhalartú. Is le gníomhartha eile ón Aontas a rialáiltear ábhar an Chinnidh sin ón gComhairle agus, mar sin de, níl aon bhreisluach ag an gCinneadh ón gComhairle faoi láthair. Dá bhrí sin, aisghairtear an Cinneadh leis an togra seo.

Cearta bunúsacha

Leis an tionscnamh seo, tabharfar rochtain d’údaráis inniúla ar shásraí lena láraítear sonraí pearsanta a bhaineann le daoine nádúrtha nó ónar féidir sonraí pearsanta a aisghabháil. Beidh tionchar aige sin ar chearta bunúsacha na n-ábhar sonraí. Cuirfidh sé isteach go háirithe ar an gceart chun príobháideachta agus an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, a leagtar síos faoi Airteagal 7 agus Airteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais faoi seach.

I dtaca leis an gceart chun príobháideachta faoi Airteagal 7 den Chairt, ní bheidh ach cur isteach measartha beag ann ó thaobh tromchúise de toisc nach gcumhdaítear idirbhearta airgeadais ná iarmhéid na gcuntas leis na sonraí atá inrochtana agus inchuardaithe, cé gur suntasach atá scála an tionchair mar thoradh ar an líon daoine a rachfaí i bhfeidhm orthu. Ní chumhdófar leo ach tacar teoranta faisnéise (e.g. ainm, dáta breithe, uimhir chuntais bhainc an úinéara) atá fíor-riachtanach chun a shainaithint cé na bainc a bhfuil cuntais bhainc ag an duine is ábhar d’imscrúdú iontu.

Maidir leis an gceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint faoi Airteagal 8 den Chairt, is ionann nó is féidir gurb ionann faisnéis cuntas bainc, chomh maith le saghsanna eile faisnéise airgeadais, agus sonraí pearsanta agus is ionann rochtain ar na sonraí sin i gcomhréir leis an tionscnamh reachtach seo agus próiseáil sonraí pearsanta. Tá feidhm ag gach foráil den Treoir maidir le Cosaint Sonraí le haghaidh Póilíní anseo.

Sonraítear sa togra na cuspóirí ar chucu a phróiseálfar sonraí pearsanta agus ceanglaítear leis liosta d’údaráis inniúla ainmnithe atá i dteideal faisnéis a iarraidh. Is teoranta ar bhonn cáis a bheidh malartuithe faisnéise, rud a fhágann nach ndéanfar iad ach amháin nuair is ábhartha do chás ar leith chun críche liosta uileghabhálach de chionta coiriúla tromchúiseacha sonraithe a chomhrac.

Leagtar amach sa togra freisin forálacha sonracha maidir le logáil, taifid d’iarrataí ar fhaisnéis, srianta ar chearta agus próiseáil catagóirí speisialta sonraí pearsanta (“sonraí íogaire”).

Trí na hAonaid Náisiúnta Eorpacha, deonófar rochtain indíreach do Europol freisin ar an bhfaisnéis a choimeádtar sna clárlanna láraithe náisiúnta cuntas bainc agus sna córais aisghabhála sonraí agus tairgfear an deis dóibh sonraí a mhalartú le hAonaid um Fhaisnéis Airgeadais chun críche a chúraimí a chomhlíonadh (tacú le gníomhaíocht ag na Ballstáit chun cionta sonracha atá faoi chuimsiú a inniúlachta a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh agus an ghníomhaíocht sin a neartú) i gcomhréir lena shainordú. Tá feidhm ag na coimircí go léir a bheartaítear i gCaibidlí VI agus VII de Rialachán (AE) 2016/794.

Maidir le cearta nós imeachta, bheadh tionchar an-tromchúiseach ann dá gcuirfí deireadh leis an ngá le húdarú breithiúnach a fháil, rud atá i bhfeidhm i roinnt Ballstát. Dá bhrí sin, is faoi réir coimircí nós imeachta náisiúnta a bheidh na malartuithe faisnéise idir Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais agus údaráis inniúla.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleachtaí ag an togra do bhuiséad an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Foráiltear leis an togra maidir le tuairisc ar chur chun feidhme na Treorach a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle trí bliana tar éis an dáta trasuí agus gach trí bliana ina dhiaidh sin.

Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar a éifeachtaí, a éifeachtúla, a ábhartha agus a chomhleanúnaí atá an creat dlíthiúil iarmhartach agus ar an mbreisluach atá aige don Aontas tráth nach luaithe ná sé bliana tar éis an dáta trasuí chun a áirithiú go mbeidh go leor sonraí ann a bhaineann le feidhmiú na Treorach. Áireofar leis an meastóireacht na comhairliúcháin le páirtithe leasmhara le haghaidh aiseolas a bhailiú faoi thionchar na n-athruithe reachtacha. Is é an cás bonnlíne tráth theacht i bhfeidhm an ghnímh reachtaigh an tagarmharc a dtomhaisfear dul chun cinn i gcomparáid leis. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar fheidhmiú na Treorach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Áireofar leis an tuarascáil freisin meastóireacht ar an dóigh ar urramaíodh na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

Chun cur chun feidhme éifeachtach na mbeart a bheartaítear a áirithiú agus chun faireachán a dhéanamh ar thorthaí na Treorach, oibreoidh an Coimisiún i ndlúthchomhar le páirtithe leasmhara ábhartha ó údaráis náisiúnta na mBallstát. Glacfaidh an Coimisiún clár le haghaidh faireachán a dhéanamh ar aschuir, torthaí agus tionchar na Treorach seo. Leagfar amach sa chlár faireacháin na modhanna trína mbaileofar na sonraí agus fianaise riachtanach eile agus na heatraimh ag a ndéanfar amhlaidh. Ba cheart do na Ballstáit tuairisc a thabhairt don Choimisiún gach bliain ar an bhfaisnéis sin a mheastar a bheith riachtanach le haghaidh faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart a chumhdach go háirithe sa tuairisciú bliantúil ag na Ballstáit an líon cuardach a rinne na húdaráis inniúla náisiúnta ainmnithe chun críocha faisnéis cuntas bainc a fháil ó na clárlanna láraithe náisiúnta cuntas bainc agus/nó ó na córais aisghabhála sonraí, agus na coinníollacha le haghaidh iarraidh a eisiúint, na forais le diúltú, na coinníollacha le haghaidh úsáid bhreise, na teorainneacha ama le haghaidh freagra a thabhairt ar iarraidh, na coimircí a cuireadh i bhfeidhm agus sonraí pearsanta á bpróiseáil, agus cuntas ar an gcomhar idirnáisiúnta agus an malartú faisnéise idir Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais agus údaráis inniúla.

Chun críocha tuairisciú, tabharfaidh an Coimisiún aird ar na staitisticí sonracha a gceanglófar ar na Ballstáit iad a chur isteach.

Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

Ní éilítear leis an togra seo aon doiciméid mhíniúcháin le haghaidh trasuí.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Leagtar an tábhar amach in Airteagal 1, áit a dtugtar le fios go n-éascaítear leis an ngníomh an rochtain atá ag údaráis inniúla ar fhaisnéis airgeadais agus faisnéis cuntas bainc le haghaidh cionta coiriúla tromchúiseacha a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh. Leagtar amach ann freisin go n-éascaítear leis an ngníomh an rochtain atá ag Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais ar fhaisnéis forfheidhmithe dlí.

Tugtar in Airteagal 2 sainmhínithe ar na téarmaí a úsáidtear sa togra.

Foráiltear le hAirteagal 3 maidir le hoibleagáid a chur ar na Ballstáit a ainmniú cé na húdaráis inniúla dá gcuid a bhfuil sé de chumhacht acu na clárlanna láraithe náisiúnta cuntas bainc a rochtain agus a chuardach agus faisnéis a iarraidh agus a fháil. Foráiltear leis an Airteagal freisin maidir le hainm na n-údarás inniúil sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Foráiltear le hAirteagal 4 maidir le rochtain dhíreach ar na clárlanna a thabhairt do na húdaráis inniúla ainmnithe agus leagtar amach ann na cuspóirí ar chucu a sholáthrófar rochtain dhíreach agus cuardach, mar atá cosc, brath, imscrúdú nó ionchúiseamh a dhéanamh ar na cionta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/794, an Rialachán maidir le Europol, lena n-áirítear na sócmhainní a bhaineann le himscrúduithe den sórt sin a shainaithint, a rianú, a chalcadh agus a choigistiú.

Leagtar síos in Airteagal 5 na coinníollacha don rochtain agus don chuardach ag na húdaráis inniúla ainmnithe.

Ceanglaítear le hAirteagal 6 ar na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar an rochtain agus ar an gcuardach ag na húdaráis inniúla ainmnithe. Ní mór do na húdaráis a oibríonn na clárlanna láraithe cuntas bainc aon rochtain i gcomhréir leis an Treoir seo a logáil, agus liostaítear eilimintí ar leith de na logaí.

Foráiltear le hAirteagal 7 maidir le hoibleagáid chun a áirithiú go gceanglófar ar gach Aonad um Fhaisnéis Airgeadais freagra a thabhairt ar iarrataí ar fhaisnéis airgeadais nó anailís airgeadais arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla ainmnithe de chuid Ballstáit. Tá feidhm ag coimircí nós imeachta náisiúnta maidir leis an nós imeachta sin.

Foráiltear le hAirteagal 8 maidir le hoibleagáid chun a áirithiú go gceanglófar ar na húdaráis inniúla ainmnithe de chuid Ballstáit freagra a thabhairt ar iarrataí ar fhaisnéis forfheidhmithe dlí arna n-eisiúint ag Aonad um Fhaisnéis Airgeadais. Tá feidhm ag coimircí nós imeachta náisiúnta maidir leis an nós imeachta sin.

Foráiltear le hAirteagal 9 maidir leis an malartú faisnéise idir Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais de chuid Ballstát difriúil, lena n-áirítear teorainneacha ama le haghaidh freagra a thabhairt agus bealaí slána le haghaidh an fhaisnéis a mhalartú.

Leagtar síos in Airteagal 10 na coinníollacha do rochtain a bheith ag Europol ar fhaisnéis cuntas bainc agus don mhalartú faisnéise idir Europol agus Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais.

Foráiltear le hAirteagal 11 maidir le hoibleagáid a fhágann gurb iad na daoine sin laistigh de Europol ar ainmníodh agus ar údaraíodh go sonrach iad chun sonraí pearsanta a phróiseáil, agus na daoine sin amháin, a chomhlíonfaidh na cúraimí sin.

Leagtar raon feidhme chur i bhfeidhm Chaibidil V amach in Airteagal 12.

Foráiltear le hAirteagal 13 maidir leis na coinníollacha do shonraí pearsanta íogaire a phróiseáil.

Foráiltear le hAirteagal 14 maidir le hoibleagáid a chur ar na Ballstáit taifid a choinneáil ar na hiarrataí uile a fuarthas faoin togra.

Leagtar amach in Airteagal 15 na coinníollacha do shrian a chur le cearta an ábhair sonraí chun sonraí pearsanta a rochtain i gcásanna áirithe.

Leagtar amach in Airteagal 16 go mbunóidh an Coimisiún clár mionsonraithe le haghaidh faireachán a dhéanamh ar aschuir, torthaí agus tionchar na Treorach seo. Ceanglaítear leis go soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis sin don Choimisiún d’fhonn cabhrú leis an gCoimisiún na dualgais faoi Airteagal 18 a chur i gcrích. Foráiltear leis an bhforáil sin freisin maidir le hoibleagáid a chur ar na Ballstáit staitisticí sonracha a bhaineann leis an togra seo a choinneáil agus na staitisticí sin a chur in iúl don Choimisiún.

Foráiltear le hAirteagal 17 maidir leis an gcaidreamh idir an togra seo agus comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha atá i bhfeidhm ag na Ballstáit nó ag an Aontas.

Foráiltear le hAirteagal 18 maidir le hoibleagáid a chur ar an gCoimisiún tuairisc ar chur chun feidhme na Treorach seo a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle trí bliana tar éis thrasuí na Treorach agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin.

Leagtar amach in Airteagal 19 na tréimhsí le haghaidh thrasuí na Treorach seo.

Aisghairtear Cinneadh 2000/642/CGB ón gComhairle le hAirteagal 20, ar cinneadh é nach bhfuil ag teastáil faoi láthair mar gheall ar an 4ú Treoir maidir le Sciúradh Airgid a Chomhrac.

2018/0105 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos rialacha lena n-éascaítear úsáid faisnéise airgeadais agus faisnéise eile le haghaidh cionta coiriúla áirithe a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2000/642/CGB ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 87(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 10 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 11 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Tá sé riachtanach úsáid faisnéise airgeadais a éascú chun coireanna tromchúiseacha a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.

(2)Chun slándáil a mhéadú sna Ballstáit agus ar fud an Aontais, tá sé riachtanach rochtain níos fearr ar fhaisnéis a thabhairt d’Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais agus údaráis phoiblí atá freagrach as saghsanna tromchúiseacha coireachta a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, chun cur leis an gcumas atá acu imscrúduithe airgeadais a sheoladh agus chun feabhas a chur ar an gcomhar eatarthu.

(3)Sa Phlean Gníomhaíochta uaidh chun an comhrac a neartú in aghaidh mhaoiniú na sceimhlitheoireachta 12 , gheall an Coimisiún go ndéanfadh sé iniúchadh ar an bhféidearthacht atá ann ionstraim dlí thiomnaithe a thabhairt isteach chun rochtain níos leithne ar chlárlanna láraithe cuntas bainc a thabhairt d’údaráis na mBallstát, mar atá údaráis atá inniúil ar chionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, Oifigí um Aisghabháil Sócmhainní, údaráis chánach agus údaráis frithéillithe. Ina theannta sin, iarradh sa Phlean Gníomhaíochta 2016 freisin go mapálfaí na bacainní atá ann ar fhaisnéis a rochtain, a mhalartú agus a úsáid agus ar an gcomhar oibríochtúil idir Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais.

(4)Ceanglaítear le Treoir (AE) 2015/849 13 ar na Ballstáit clárlanna láraithe cuntas bainc nó córais aisghabhála sonraí a bhunú lena gcumasaítear sainaithint thráthúil na ndaoine a shealbhaíonn cuntais bhainc, cuntais íocaíochta agus taisceadáin.

(5)De bhun Threoir (AE) 2015/849, tá an fhaisnéis a choimeádtar sna clárlanna sin inrochtana go díreach ag Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais agus ag údaráis náisiúnta atá inniúil ar sciúradh airgid, cionta preideacáide an sciúrtha airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc.

(6)Rochtain dhíreach láithreach ar an bhfaisnéis a choimeádtar i gclárlanna láraithe cuntas bainc, is minic a bhíonn sí riachtanach chun go n-éireoidh le himscrúdú coiriúil nó chun na sócmhainní gaolmhara a shainaithint, a rianú agus a chalcadh go tráthúil ar mhaithe lena gcoigistiú. Is é rochtain dhíreach an cineál is láithrí rochtana ar an bhfaisnéis a choimeádtar i gclárlanna láraithe cuntas bainc. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha a leagan síos sa Treoir seo lena dtugtar rochtain dhíreach ar fhaisnéis a choimeádtar i gclárlanna láraithe cuntas bainc d’údaráis ainmnithe na mBallstát agus do chomhlachtaí eile atá inniúil ar chionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.

(7)Ós rud é gurb ann i ngach Ballstát do roinnt údarás nó comhlachtaí atá inniúil ar chionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, agus chun rochtain chomhréireach a áirithiú ar fhaisnéis airgeadais agus faisnéis eile faoin Treoir reatha, ba cheart ceangal a chur ar na Ballstáit a ainmniú cé na húdaráis ar cheart iad a chumhachtú chun rochtain a bheith acu ar na clárlanna láraithe cuntas bainc agus faisnéis a iarraidh ó Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais chun críocha na Treorach seo.

(8)Ba cheart Oifigí um Aisghabháil Sócmhainní a ainmniú i measc na n-údarás inniúil agus ba cheart rochtain dhíreach a bheith acu ar an bhfaisnéis a choimeádtar i gclárlanna láraithe cuntas bainc le linn dóibh cion coiriúil tromchúiseach ar leith a chosc, a bhrath nó a imscrúdú nó le linn dóibh tacú le himscrúdú coiriúil ar leith, lena n-áirítear sócmhainní a shainaithint, a rianú agus a chalcadh.

(9)A mhéid atá údaráis chánach agus gníomhaireachtaí frithéillithe inniúil ar chionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh faoin dlí náisiúnta, ba cheart a mheas gur údaráis iad a fhéadfar a ainmniú chun críocha na Treorach seo freisin. Níor cheart imscrúduithe riaracháin a chumhdach faoin Treoir reatha.

(10)Oibríonn déantóirí cionta coiriúla, go háirithe grúpaí coiriúla agus sceimhlitheoirí, ar fud roinnt Ballstát go minic agus is minic a bhíonn a sócmhainní, cuntais bhainc san áireamh, lonnaithe i mBallstáit eile. Mar gheall ar an ngné thrasteorann a bhaineann le coireanna tromchúiseacha, an sceimhlitheoireacht san áireamh, agus leis na gníomhaíochtaí airgeadais gaolmhara, is minic is gá d’údaráis inniúla atá i mbun imscrúduithe faisnéis a rochtain ar chuntais bhainc a choimeádtar i mBallstáit eile.

(11)Féadfar an fhaisnéis arna gnóthú ag údaráis inniúla ó na clárlanna láraithe náisiúnta cuntas bainc a mhalartú le húdaráis inniúla atá lonnaithe i mBallstát eile, i gcomhréir le Cinneadh Réime 2006/960/CGB 14 ón gComhairle agus le Treoir 2014/41/AE 15 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(12)Ba le Treoir (AE) 2015/849 a feabhsaíodh go suntasach creat dlíthiúil an Aontais lena rialaítear an ghníomhaíocht de chuid Aonad um Fhaisnéis Airgeadais agus an comhar eatarthu. Áirítear leis na cumhachtaí atá ag Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais an ceart chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis airgeadais, riaracháin agus forfheidhmithe dlí a theastaíonn uathu chun sciúradh airgid, na cionta preideacáide gaolmhara agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac. Ní leagtar síos le dlí an Aontais, áfach, na huirlisí agus na sásraí sonracha uile nach mór d’Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais teacht a bheith acu orthu chun gur féidir leo faisnéis den sórt sin a rochtain agus a gcúraimí a chur i gcrích. Ós rud é go bhfuil na Ballstáit lánfhreagrach go fóill as cineál eagraíochtúil na nAonad um Fhaisnéis Airgeadais a bhunú agus a shocrú, tá méideanna éagsúla rochtana ag Aonaid dhifriúla um Fhaisnéis Airgeadais ar bhunachair shonraí rialála, rud a fhágann gurb easnamhach a bhíonn an malartú faisnéise idir seirbhísí forfheidhmithe dlí nó seirbhísí ionchúisimh agus Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais.

(13)Chun deimhneacht dhlíthiúil agus éifeachtacht oibríochtúil a mhéadú, ba cheart rialacha a leagan síos sa Treoir seo chun treisiú leis an gcumas atá ag Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais faisnéis a chomhroinnt lena n-údaráis inniúla ainmnithe do gach cion coiriúil tromchúiseach.

(14)Ba cheart creat dlíthiúil atá sainithe go soiléir a leagan amach sa Treoir seo freisin chun Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais a chumasú sonraí ábhartha arna stóráil ag údaráis inniúla ainmnithe a iarraidh chun gur féidir leo sciúradh airgid, na cionta preideacáide gaolmhara agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac go héifeachtach.

(15)Níor cheart comhroinnt faisnéise idir Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais agus le húdaráis inniúla a cheadú ach amháin i gcás ina bhfuil sí riachtanach ar bhonn cáis le haghaidh cionta coiriúla tromchúiseacha a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh nó aghaidh a thabhairt ar sciúradh airgid, na cionta preideacáide gaolmhara agus maoiniú na sceimhlitheoireachta.

(16)Chun sciúradh airgid, na cionta preideacáide gaolmhara agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí agus chun treisiú leis an ról atá aige i bhfaisnéis airgeadais agus anailís airgeadais a sholáthar, ba cheart Aonad um Fhaisnéis Airgeadais a chumhachtú chun faisnéis nó anailís atá ina sheilbh cheana féin nó is féidir a fháil ó eintitis atá faoi oibleagáid a mhalartú nuair a iarrann Aonad eile um Fhaisnéis Airgeadais nó údarás inniúil ina Bhallstát féin é sin. Níor cheart an malartú sin bac a chur ar an ról gníomhach atá ag Aonad um Fhaisnéis Airgeadais in anailís a scaipeadh ar Aonaid eile um Fhaisnéis Airgeadais i gcás ina nochtar san anailís sin fíorais, iompar nó amhras faoi sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta i gcás inarb ábhair spéise ar dhóigh dhíreach iad sin do na hAonaid eile. Cumhdaítear le hanailís airgeadais anailís oibríochtúil ina ndírítear ar chásanna aonair agus spriocanna sonracha nó ar fhaisnéis roghnaithe iomchuí, ag brath ar chineál agus líon na nochtuithe a fuarthas agus úsáid ionchais na faisnéise tar éis í a scaipeadh, mar aon le hanailís straitéiseach ina bhféachtar ar threochtaí agus patrúin i ndáil le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta. Mar sin féin, ba cheart an Treoir seo a bheith gan dochar don stádas agus don ról eagraíochtúil a thugtar d’Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais faoi dhlí náisiúnta na mBallstát.

(17)Teorainneacha ama le haghaidh malartú faisnéise idir Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais, tá siad riachtanach chun comhar atá tapa, éifeachtach agus comhsheasmhach a áirithiú. Ba cheart faisnéis atá riachtanach chun cásanna agus imscrúduithe trasteorann a réiteach a chomhroinnt chomh tapa agus a chomhroinntear do chás intíre den chineál céanna í agus ba cheart an tosaíocht chéanna a thabhairt don dá chás. Ba cheart teorainneacha ama a sholáthar chun comhroinnt éifeachtach faisnéise a áirithiú laistigh de thréimhse ama réasúnach nó chun srianta nós imeachta a chomhlíonadh. Ba cheart teorainneacha ama níos giorra a sholáthar i gcásanna a bhfuil údar iomchuí leo nuair a bhaineann na hiarrataí le cionta coiriúla tromchúiseacha ar leith, amhail cionta sceimhlitheoireachta agus cionta a bhaineann le grúpa nó gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta mar a leagtar síos i ndlí an Aontais.

(18)I gcás malartú faisnéise idir Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais, ba cheart leas a bhaint as áiseanna slána le haghaidh malartú faisnéise, go háirithe an líonra díláraithe ríomhaireachta FIU.net (“FIU.net”) atá á bhainistiú ag Europol ón 1 Eanáir 2016 i leith, nó as aon líonra a chuirfear ina ionad agus as na teicnící a thairgtear le FIU.net.

(19)Mar gheall ar a íogaire atá na sonraí airgeadais ar cheart d’Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais anailís a dhéanamh orthu agus mar gheall ar na coimircí cosanta sonraí a theastaíonn, ba cheart cineál agus raon feidhme na faisnéise a fhéadfar a mhalartú idir Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais agus údaráis inniúla ainmnithe a leagan amach go sonrach sa Treoir seo. Níor cheart na modhanna bailithe sonraí atá comhaontaithe faoi láthair a athrú ar aon bhealach leis an Treoir seo.

(20)Faoina chuid inniúlachtaí agus cúraimí sonracha mar a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 16 , tacaíonn Europol leis na himscrúduithe trasteorann a dhéanann na Ballstáit ar na gníomhaíochtaí sciúrtha airgid de chuid eagraíochtaí coiriúla trasnáisiúnta. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794, is iad Aonaid Náisiúnta Europol na comhlachtaí idirchaidrimh idir Europol agus údaráis na mBallstát atá inniúil ar chionta coiriúla a imscrúdú. Chun an fhaisnéis a thabhairt do Europol a theastaíonn uaidh chun a chúraimí a dhéanamh, ba cheart do na Ballstáit a fhoráil go dtabharfaidh a nAonad um Fhaisnéis Airgeadais freagra ar iarrataí ar fhaisnéis airgeadais agus anailís airgeadais arna ndéanamh ag Europol trína nAonad Náisiúnta de chuid Europol. Ba cheart do na Ballstáit a fhoráil freisin go dtabharfaidh a nAonad Náisiúnta de chuid Europol freagra ar iarrataí arna ndéanamh ag Europol ar fhaisnéis faoi chuntais bhainc. Ní mór údar iomchuí a bheith le haon iarrataí arna ndéanamh ag Europol. Ní mór iad a dhéanamh ar bhonn cáis, laistigh de theorainneacha fhreagrachtaí Europol agus le haghaidh chomhlíonadh a chúraimí.

(21)Ba cheart aird a thabhairt freisin sa Treoir seo ar an bhfíric gurb amhlaidh, i gcomhréir le hAirteagal 43 de Rialachán (AE) 2017/1939 17 , go gcumhachtaítear na hIonchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha de chuid Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh aon fhaisnéis ábhartha a stóráiltear i mbunachair shonraí náisiúnta um imscrúdú coiriúil agus forfheidhmiú an dlí a fháil, mar aon leis an bhfaisnéis sin a stóráiltear i gclárlanna ábhartha eile de chuid údarás poiblí, lena n-áirítear clárlanna láraithe cuntas bainc agus córais aisghabhála sonraí, faoi na coinníollacha céanna leo sin a bhfuil feidhm acu faoin dlí náisiúnta i gcásanna den chineál céanna.

(22)Chun an chothromaíocht iomchuí a bhaint amach idir éifeachtúlacht agus ardleibhéal cosanta sonraí, ba cheart ceangal a chur ar na Ballstáit a áirithiú nár cheart an phróiseáil a dhéanfaí ar fhaisnéis airgeadais íogair lena bhféadfaí cine nó bunadh eitneach duine, a thuairimí polaitiúla, a reiligiún nó a chreidimh fhealsúnacha, a bhallraíocht i gceardchumann, a shláinte, a shaol gnéis nó a ghnéaschlaonadh a nochtadh, nár cheart an phróiseáil sin a cheadú ach amháin a mhéid atá an méid sin fíor-riachtanach agus ábhartha d’imscrúdú ar leith.

(23)Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear le hAirteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart go ndéanfar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a urramú (Airteagal 7) agus an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8), leis an dlí idirnáisiúnta agus le comhaontuithe idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas ina pháirtí iontu nó a bhfuil na Ballstáit uile ina bpáirtí iontu, lena n-áirítear an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, agus i mbunreachtanna na mBallstát sna réimsí faoi seach dá gcur i bhfeidhm.

(24)Tá sé riachtanach a áirithiú go n-urramófar go hiomlán an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint le linn sonraí pearsanta a phróiseáil faoin Treoir seo. Tá aon phróiseáil den sórt sin faoi réir Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 18 sa raon feidhme faoi seach dá gcur i bhfeidhm. Cé nár cheart feidhm a bheith ag Airteagal 5(2) de Chinneadh 2007/845/CGB ón gComhairle ina leith sin, tá feidhm ag Treoir (AE) 2016/680 maidir leis an rochtain atá ag Oifigí um Aisghabháil Sócmhainní ar chlárlanna láraithe cuntas bainc agus ar chórais aisghabhála sonraí. A mhéid a bhaineann le Europol, tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/794 ina leith sin. Le haghaidh cosaint sonraí pearsanta a áirithiú, ba cheart coimircí agus coinníollacha sonracha agus breise a leagan síos sa Treoir seo i ndáil le sásraí arb é is aidhm dóibh próiseáil sonraí íogaire agus próiseáil taifead iarrataí faisnéise a áirithiú.

(25)Maidir le sonraí pearsanta a fhaightear faoin Treoir seo, níor cheart d’údaráis inniúla iad a phróiseáil ach amháin i gcás ina bhfuil sé riachtanach agus comhréireach chun coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.

(26)Ina theannta sin, ar mhaithe leis an gceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus an ceart chun príobháideachta a urramú agus ar mhaithe le srian a chur le tionchar na rochtana ar an bhfaisnéis atá i gclárlanna láraithe cuntas bainc agus i gcórais aisghabhála sonraí, tá sé riachtanach foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha lena gcuirtear srian leis an rochtain. Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh feidhm ag beartais iomchuí chosanta sonraí agus ag bearta iomchuí cosanta sonraí maidir leis an rochtain ar shonraí pearsanta ó údaráis inniúla chun críocha na Treorach seo. Níor cheart rochtain a bheith ach ag daoine údaraithe amháin ar fhaisnéis ina bhfuil sonraí pearsanta is féidir a fháil ó na clárlanna láraithe cuntas bainc nó trí phróisis fíordheimhniúcháin.

(27)Níor cheart aistriú sonraí airgeadais chuig tríú tíortha agus chuig comhpháirtithe idirnáisiúnta chun na gcríoch a leagtar síos sa Treoir seo a cheadú ach amháin faoi na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil V de Threoir (AE) 2016/680 nó i gCaibidil V de Rialachán (AE) 2016/679.

(28)Ba cheart don Choimisiún tuairisc a thabhairt ar chur chun feidhme na Treorach seo trí bliana tar éis a dáta trasuí agus gach trí bliana ina dhiaidh sin. I gcomhréir le mír 22 agus mír 23 den Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 19 , ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Treoir seo freisin ar bhonn na faisnéise arna bailiú trí shocruithe faireacháin sonracha chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí iarbhír na Treorach agus ar an ngá atá ann le haon ghníomhaíocht eile.

(29)Is é is aidhm don Treoir seo a áirithiú go nglacfar rialacha chun leibhéal níos airde slándála a thabhairt do shaoránaigh an Aontais tríd an gcoireacht a chosc agus a chomhrac, de bhun Airteagal 67 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. De bharr a gcineáil thrasnáisiúnta, is ar an Aontas ina iomláine a théann na bagairtí sceimhlitheoireachta agus coiriúla i bhfeidhm agus, dá bhrí sin, teastaíonn freagairt uile-Aontais dóibh. Tá seans ann go ndéanfaidh coirpigh dúshaothrú ar an easpa úsáide éifeachtúla a bhaintear as faisnéis cuntas bainc agus faisnéis airgeadais i mBallstát agus go mbainfidh siad tairbhe as sin, agus is féidir leis an méid sin iarmhairtí a bheith aige ar Bhallstát eile. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(30)    Ba cheart Cinneadh 2000/642/CGB ón gComhairle a aisghairm toisc go rialáiltear ábhar an Chinnidh sin le gníomhartha eile ón Aontas agus nach bhfuil sé ag teastáil a thuilleadh.

(31)I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag an Ríocht Aontaithe agus ag Éirinn gur mian leo bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm na Treorach seo.

(32)I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl an Ríocht Aontaithe ná Éire rannpháirteach i nglacadh ná i gcur i bhfeidhm na Treorach seo agus níl siad faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.

(33)I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.

(34)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 20 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [agus thug sé tuairim an … 21 ],

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Caibidil I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

1.Leagtar síos leis an Treoir seo bearta arb é is aidhm dóibh éascú a dhéanamh ar an rochtain atá ag údaráis inniúla ar fhaisnéis airgeadais agus faisnéis cuntas bainc d’fhonn cionta coiriúla tromchúiseacha a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh. Foráiltear léi freisin maidir le bearta arb é is aidhm dóibh éascú a dhéanamh ar an rochtain atá ag Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais ar fhaisnéis forfheidhmithe dlí agus comhar idir Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais a éascú.

2.Tá an Treoir seo gan dochar do na nithe seo a leanas:

(a)forálacha Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus na forálacha gaolmhara i ndlí náisiúnta na mBallstát, lena n-áirítear an stádas eagraíochtúil a thugtar d’Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais faoin dlí náisiúnta;

(b)na cumhachtaí atá ag údaráis inniúla chun faisnéis a mhalartú eatarthu nó chun faisnéis a fháil ó eintitis atá faoi oibleagáid faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí náisiúnta na mBallstát.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)ciallaíonn “clárlanna láraithe cuntas bainc” na sásraí láraithe uathoibrithe, amhail clárlanna lárnacha nó córais lárnacha leictreonacha aisghabhála sonraí, arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 32a(1) de Threoir (AE) 2015/849;

(b)ciallaíonn “Oifigí um Aisghabháil Sócmhainní” na hoifigí náisiúnta arna n-ainmniú ag na Ballstáit de bhun Airteagal 8(1) de Chinneadh 2007/845/CGB ón gComhairle chun cabhrú fáltais na coireachta agus maoin eile a bhaineann leis an gcoireacht a rianú agus a shainaithint ionas go bhféadfaí na nithe sin a chalcadh, a urghabháil nó a choigistiú bunaithe ar ordú arna eisiúint ag údarás breithiúnach inniúil;

(c)ciallaíonn “Aonad um Fhaisnéis Airgeadais” an comhlacht arna bhunú i ngach Ballstát chun críocha Airteagal 32 de Threoir (AE) 2015/849;

(d)ciallaíonn “eintitis atá faoi oibleagáid” na heintitis a leagtar amach in Airteagal 2 de Threoir (AE) 2015/849;

(e)ciallaíonn “faisnéis airgeadais” aon chineál faisnéise nó sonraí a choimeádann Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath agus a chomhrac go héifeachtach nó aon chineál faisnéise nó sonraí a choimeádann údaráis phoiblí nó eintitis atá faoi oibleagáid chun na gcríoch sin agus atá ar fáil d’Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais gan bearta comhéigneacha a dhéanamh faoin dlí náisiúnta;

(f)ciallaíonn “faisnéis forfheidhmithe dlí” aon chineál faisnéise nó sonraí a choimeádann údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh nó aon chineál faisnéise nó sonraí a choimeádann údaráis phoiblí nó eintitis phríobháideacha chun na gcríoch sin agus atá ar fáil d’údaráis inniúla gan bearta comhéigneacha a dhéanamh faoin dlí náisiúnta;

(g)ciallaíonn “faisnéis cuntas bainc” an fhaisnéis seo a leanas atá sna clárlanna láraithe cuntas bainc:

(a)i gcás shealbhóir an chuntais custaiméara agus aon duine a airbheartaíonn a bheith ag gníomhú thar ceann an chustaiméara: an tainm, mar aon leis na sonraí aitheantais eile a cheanglaítear faoi na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 13(1)(a) de Threoir (AE) 2015/849 maidir leis an gcustaiméir a shainaithint agus aitheantas an chustaiméara a fhíorú nó mar aon le huimhir aitheantais uathúil;

(b)i gcás úinéir tairbhiúil shealbhóir an chuntais custaiméara: an tainm, mar aon leis na sonraí aitheantais eile a cheanglaítear faoi na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 13(1)(b) de Threoir (AE) 2015/849 maidir leis an úinéir tairbhiúil a shainaithint agus aitheantas an úinéara thairbhiúil a fhíorú nó mar aon le huimhir aitheantais uathúil;

(c)i gcás an chuntais bainc nó an chuntais íocaíochta: an uimhir IBAN agus an dáta a osclaíodh agus a dúnadh an cuntas;

(d)i gcás an taisceadáin: ainm an léasaí, mar aon leis na sonraí aitheantais eile a cheanglaítear faoi na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 13(1) de Threoir (AE) 2015/849 maidir leis an gcustaiméir agus an túinéir tairbhiúil a shainaithint agus a aitheantas a fhíorú nó mar aon le huimhir aitheantais uathúil agus fad na tréimhse léasa.

(h)ciallaíonn “sciúradh airgid” an tiompar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2018/XX 22 ;

(i)ciallaíonn “cionta preideacáide gaolmhara” na cionta a leagtar amach in Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/XX;

(j)ciallaíonn “maoiniú na sceimhlitheoireachta” an tiompar a shainmhínítear in Airteagal 11 de Threoir (AE) 2017/541 23 ;

(k)ciallaíonn “anailís airgeadais” an anailís oibríochtúil agus straitéiseach arna déanamh ag na hAonaid um Fhaisnéis Airgeadais chun a gcúraimí de bhun Threoir (AE) 2015/849 a chomhlíonadh;

(l)ciallaíonn “cionta coiriúla tromchúiseacha” na saghsanna coireachta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Airteagal 3

Údaráis inniúla a ainmniú

1.Ainmneoidh gach Ballstát, as measc a chuid údarás atá inniúil ar chionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, na húdaráis inniúla a bhfuil de chumhacht acu na clárlanna láraithe náisiúnta cuntas bainc arna mbunú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 32a de Threoir (AE) 2015/849 a rochtain agus a chuardach. Áireofar leo sin Aonaid Náisiúnta Europol agus na hOifigí um Aisghabháil Sócmhainní.

2.Ainmneoidh gach Ballstát, as measc a chuid údarás atá inniúil ar chionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, na húdaráis inniúla a bhfuil de chumhacht acu faisnéis airgeadais nó anailís airgeadais a iarraidh nó a fháil ón Aonad um Fhaisnéis Airgeadais. Áireofar leo sin Aonaid Náisiúnta Europol.

3.Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoina údaráis inniúla ainmnithe i gcomhréir le mír 1 agus mír 2 faoin [6 mhí tar éis an dáta trasuí] ar a dhéanaí, agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoi aon leasú ina leith. Foilseoidh an Coimisiún na fógraí agus aon leasú orthu in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Caibidil II

Rochtain ag údaráis inniúla ar fhaisnéis cuntas bainc

Airteagal 4

Rochtain agus cuardach ag údaráis
inniúla ar fhaisnéis cuntas bainc

1.    Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ag na húdaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 3(1) an chumhacht chun faisnéis cuntas bainc a rochtain agus a chuardach, go díreach agus go láithreach, nuair is gá dóibh déanamh amhlaidh chun cion coiriúil tromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh nó chun tacú le himscrúdú coiriúil ar chion coiriúil tromchúiseach, lena n-áirítear na sócmhainní a bhaineann le himscrúdú den sórt sin a shainaithint, a rianú agus a chalcadh.

2.An fhaisnéis bhreise a d’fhéadfadh na Ballstáit a mheas a bheith riachtanach agus a chur ar áireamh sna clárlanna láraithe cuntas bainc i gcomhréir le hAirteagal 32a(4) de Threoir 2018/XX/AE, ní bheidh sí inrochtana ná inchuardaithe ag údaráis inniúla i gcomhréir leis an Treoir seo.

Airteagal 5

Coinníollacha don rochtain agus don chuardach ag údaráis inniúla

1.Na daoine laistigh de gach údarás inniúil ar ainmníodh agus ar údaraíodh go sonrach iad chun faisnéis cuntas bainc a rochtain agus a chuardach i gcomhréir le hAirteagal 4, is iad na daoine sin amháin a chomhlíonfaidh na cúraimí sin agus déanfaidh siad amhlaidh ar bhonn cáis.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar bearta teicniúla agus eagraíochtúla lena n-áirithítear slándáil na sonraí chun tacú leis an rochtain agus leis an gcuardach ag údaráis inniúla.

Airteagal 6

Faireachán a dhéanamh ar an rochtain agus ar an gcuardach ag údaráis inniúla

1.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis a oibríonn na clárlanna láraithe cuntas bainc loga a choinneáil ar aon rochtain ag údaráis inniúla ar fhaisnéis cuntas bainc. Áireofar na heilimintí seo a leanas go háirithe leis na logaí:

(a)an tagairt comhaid náisiúnta;

(b)dáta agus am an fhiosraithe nó an chuardaigh;

(c)an cineál sonraí a úsáideadh chun an fiosrú nó an cuardach a sheoladh;

(d)torthaí an fhiosraithe nó an chuardaigh;

(e)ainm an údaráis a bhreathnaigh ar an gclárlann;

(f)aitheantóirí an oifigigh a rinne an fiosrú nó an cuardach agus aitheantóirí an oifigigh a d’ordaigh go ndéanfaí an fiosrú nó an cuardach.

2.Déanfaidh oifigigh chosanta sonraí na gclárlann láraithe cuntas bainc agus an túdarás maoirseachta inniúil arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 41 de Threoir (AE) 2016/680 na logaí a sheiceáil go rialta.

3.Ní úsáidfear na logaí dá dtagraítear i mír 1 ach amháin chun faireachán a dhéanamh ar chosaint sonraí, lena n-áirítear inghlacthacht na hiarrata agus dlíthiúlacht na próiseála sonraí a sheiceáil, agus chun slándáil sonraí a áirithiú. Cosnófar na logaí trí bhearta iomchuí a dhéanamh in aghaidh rochtain neamhúdaraithe agus scriosfar iad cúig bliana tar éis a gcruthaithe, ach amháin i gcás ina mbeidh siad ag teastáil le haghaidh faireachán a dhéanamh ar nósanna imeachta atá ar siúl cheana féin.

Caibidil III

Malartú sonraí idir údaráis inniúla agus Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais agus idir Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais

Airteagal 7

Iarrataí ar fhaisnéis arna ndéanamh
ag údaráis inniúla chuig an Aonad um Fhaisnéis Airgeadais

1.Faoi réir coimircí nós imeachta náisiúnta, áiritheoidh gach Ballstát go gceanglófar ar a Aonad náisiúnta um Fhaisnéis Airgeadais freagra a thabhairt ar iarrataí ar fhaisnéis airgeadais nó anailís airgeadais arna ndéanamh ag a údaráis inniúla ainmnithe dá dtagraítear in Airteagal 3(2) i gcás ina mbeidh an fhaisnéis airgeadais nó an anailís airgeadais sin riachtanach, ar bhonn cáis, le haghaidh cionta coiriúla tromchúiseacha a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.

2.An fhaisnéis airgeadais agus an anailís airgeadais a fhaightear ón Aonad um Fhaisnéis Airgeadais, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát iad a phróiseáil chun na gcríoch sonrach um chionta coiriúla tromchúiseacha a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh seachas na críocha ar chucu a bhailítear sonraí pearsanta i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Threoir (AE) 2016/680.

Airteagal 8

Iarrataí ar fhaisnéis arna ndéanamh ag Aonad um Fhaisnéis Airgeadais chuig údaráis inniúla

Faoi réir coimircí nós imeachta náisiúnta, áiritheoidh gach Ballstát go gceanglófar ar a údaráis inniúla náisiúnta ainmnithe freagra a thabhairt ar iarrataí ar fhaisnéis forfheidhmithe dlí arna ndéanamh ag an Aonad náisiúnta um Fhaisnéis Airgeadais i gcás ina mbeidh an fhaisnéis sin riachtanach, ar bhonn cáis, le haghaidh sciúradh airgid, cionta preideacáide gaolmhara agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac.

Airteagal 9

Malartú faisnéise idir Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais de chuid Ballstát
difriúil

1.Áiritheoidh gach Ballstát go gcumasófar dá Aonad um Fhaisnéis Airgeadais chun faisnéis airgeadais nó anailís airgeadais a mhalartú le haon Aonad um Fhaisnéis Airgeadais san Aontas i gcás ina mbeidh an fhaisnéis airgeadais nó an anailís airgeadais sin riachtanach le haghaidh sciúradh airgid, cionta preideacáide gaolmhara agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac.

2.I gcás ina n-iarrfar ar Aonad um Fhaisnéis Airgeadais de bhun mhír 1 faisnéis airgeadais nó anailís airgeadais a mhalartú, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh sé amhlaidh a luaithe is féidir agus, in aon chás, tráth nach déanaí ná trí lá tar éis an iarraidh a fháil. I gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar iomchuí leo, féadfar uastréimhse 10 lá a chur leis an teorainn ama sin.

3.I gcás ina n-iarrfar ar Aonad um Fhaisnéis Airgeadais de bhun mhír 1 faisnéis airgeadais nó anailís airgeadais a mhalartú atá ina sheilbh cheana féin agus a bhaineann le himscrúduithe sonracha ar ghníomh nó iompar a cháilítear mar chion coiriúil tromchúiseach, áiritheoidh na Ballstáit, i gcásanna eisceachtúla práinneacha agus de mhaolú ar mhír 2, go soláthróidh Aonad um Fhaisnéis Airgeadais an fhaisnéis nó an anailís sin tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig tar éis an iarraidh a fháil.

4.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar iarraidh arna heisiúint de bhun an Airteagail seo agus an freagra ar an iarraidh sin a tharchur trí úsáid a bhaint as an líonra tiomnaithe slán cumarsáide leictreonaí FIU.net nó as aon líonra a chuirfear ina ionad. Áiritheofar leis an líonra sin go mbeidh an chumarsáid slán agus beidh sé in ann tuairisc scríofa a tháirgeadh faoi dhálaí inar féidir barántúlacht a dhéanamh amach. I gcás chliseadh teicniúil FIU.net, déanfar an fhaisnéis airgeadais nó an anailís airgeadais a tharchur trí aon mhodhanna iomchuí eile lena n-áirithítear ardleibhéal slándála sonraí.

Caibidil IV

Europol

Airteagal 10

Rochtain ag Europol ar fhaisnéis cuntas bainc agus malartú faisnéise idir Europol agus Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais

1.Áiritheoidh gach Ballstát go dtabharfaidh a Aonad Náisiúnta de chuid Europol freagra ar iarrataí a bhfuil údar iomchuí leo a bhaineann le faisnéis cuntas bainc arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí a bunaíodh le Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“Europol”) ar bhonn cáis laistigh de theorainneacha a fhreagrachtaí agus le haghaidh chomhlíonadh a chúraimí.

2.Áiritheoidh gach Ballstát go dtabharfaidh a Aonad um Fhaisnéis Airgeadais freagra ar iarrataí a bhfuil údar iomchuí leo a bhaineann le faisnéis airgeadais agus anailís airgeadais arna ndéanamh ag Europol tríd an Aonad Náisiúnta sin de chuid Europol laistigh de theorainneacha a fhreagrachtaí agus le haghaidh chomhlíonadh a chúraimí.

3.Is go leictreonach trí SIENA agus i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794 a mhalartófar faisnéis faoi mhír 1 agus mír 2. Is é an teanga is infheidhme maidir le SIENA an teanga a úsáidfear don iarraidh agus don mhalartú faisnéise.

Airteagal 11

Ceanglais chosanta sonr

1.Na daoine laistigh de Europol ar ainmníodh agus ar údaraíodh go sonrach iad chun próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta a bhaineann le faisnéis cuntas bainc, faisnéis airgeadais agus anailís airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 10(1) agus (2), is iad na daoine sin amháin a chomhlíonfaidh na cúraimí sin.

2.Tabharfaidh Europol fógra don oifigeach cosanta sonra arna cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 41 de Rialachán (AE) 2016/794 faoi gach malartú faisnéise de bhun Airteagal 10 den Treoir seo.

Caibidil V

Forálacha breise a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta

Airteagal 12

Raon feidhme

Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le húdaráis inniúla ainmnithe agus Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais ach amháin i ndáil le faisnéis a mhalartú de bhun Chaibidil III agus i ndáil le faisnéis airgeadais agus anailís airgeadais a bhaineann le hAonaid Náisiúnta Europol a mhalartú de bhun Chaibidil IV.

Airteagal 13

Próiseáil sonraí íogaire

1.Ní fhéadfar próiseáil ar fhaisnéis lena nochtar cine nó bunadh eitneach duine, a thuairimí polaitiúla, a reiligiún nó a chreidimh fhealsúnacha, a bhallraíocht i gceardchumann, a shláinte, a shaol gnéis nó a ghnéaschlaonadh a cheadú ach amháin a mhéid atá an méid sin fíor-riachtanach agus ábhartha i gcás ar leith.

2.Daoine a bhfuil údarás sonrach acu déanamh amhlaidh, is iad na haon daoine sin a fhéadfaidh na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a rochtain agus a phróiseáil faoi threoir an oifigigh chosanta sonraí.

Airteagal 14

Taifid ar iarrataí faisnéise

Áiritheoidh na Ballstáit go gcoinneoidh na húdaráis is iarrthóir agus na húdaráis is freagróir taifid a bhaineann le hiarrataí ar fhaisnéis de bhun na Treorach seo. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sna taifid sin:

(a)ainm agus sonraí teagmhála na heagraíochta agus an bhaill pearsanra a d’iarr an fhaisnéis;

(b)an tagairt don chás náisiúnta ar ina leith a iarradh an fhaisnéis;

(c)na hiarrataí a rinneadh de bhun na Treorach seo agus na bearta a rinneadh chun na hiarrataí sin a chur i gcrích.

Coinneofar na taifid ar feadh tréimhse cúig bliana agus ní úsáidfear iad ach amháin chun dlíthiúlacht na próiseála sonraí pearsanta a fhíorú. Cuirfidh na húdaráis lena mbaineann gach taifead ar fáil don údarás maoirseachta náisiúnta nuair a iarrtar iad.

Airteagal 15

Srianta ar chearta na
n-ábhar sonraí

Déanfaidh na Ballstáit bearta reachtacha a ghlacadh, go hiomlán nó go páirteach, lena gcuirfear srian ar cheart an ábhair sonraí chun rochtain a fháil ar shonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a phróiseáiltear faoin Treoir seo chun:

(a)an tAonad um Fhaisnéis Airgeadais nó an túdarás inniúil náisiúnta a chumasú a chúraimí a chur i gcrích go hiomchuí chun críocha na Treorach seo;

(b)a áirithiú nach gcuirfear bac ar fhiosrúcháin, anailísí, imscrúduithe nó nósanna imeachta atá oifigiúil nó dlíthiúil chun críocha na Treorach seo agus a áirithiú nach gcuirfear i mbaol an obair ar sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a imscrúdú agus a bhrath.

Caibidil VI

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 16 

Faireachán

1.Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar a éifeachtaí atá a gcórais chun cionta coiriúla tromchúiseacha a chomhrac trí staitisticí cuimsitheacha a choinneáil.

2.Faoin [6 mhí tar éis teacht i bhfeidhm] ar a dhéanaí, bunóidh an Coimisiún clár mionsonraithe le haghaidh faireachán a dhéanamh ar aschuir, torthaí agus tionchar na Treorach seo.

Leagfar amach sa chlár faireacháin na modhanna trína mbaileofar na sonraí agus fianaise riachtanach eile agus na heatraimh ag a ndéanfar amhlaidh. Sonrófar ann an ghníomhaíocht a dhéanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit le linn dóibh na sonraí agus fianaise eile a bhailiú agus a anailísiú.

Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún na sonraí agus fianaise eile atá riachtanach le haghaidh an fhaireacháin.

3.In aon chás, áireofar an fhaisnéis seo a leanas leis na staitisticí dá dtagraítear i mír 1:

(a)an líon cuardach a rinne údaráis inniúla ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 4;

(b)sonraí lena dtomhaistear an líon iarrataí a d’eisigh gach údarás a chumhdaítear leis an Treoir seo, an ghníomhaíocht a rinneadh de bhun na n-iarrataí sin, an líon cásanna a imscrúdaíodh, an líon daoine a ionchúisíodh, an líon daoine a ciontaíodh i gcionta coiriúla tromchúiseacha, i gcás ina bhfuil faisnéis den sórt sin ar fáil;

(c)sonraí lena dtomhaistear an tam a thógann sé ar údarás freagra a thabhairt ar iarraidh tar éis an iarraidh a fháil;

(d)    má tá siad ar fáil, sonraí lena dtomhaistear costas na n-acmhainní daonna nó na n-acmhainní teicneolaíochta faisnéise atá dírithe ar iarrataí intíre agus trasteorann a thagann faoin Treoir seo.

4.Eagróidh na Ballstáit táirgeadh agus bailiú na staitisticí agus cuirfidh siad na staitisticí dá dtagraítear i mír 3 faoi bhráid an Choimisiúin ar bhonn bliantúil.

Airteagal 17

Caidreamh le
hionstraimí eile

1.Féadfaidh na Ballstáit leanúint leis na comhaontuithe nó na socruithe déthaobhacha nó iltaobhacha maidir leis an malartú faisnéise idir údaráis inniúla atá ar bun ar dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo a chur i bhfeidhm, a mhéid atá comhaontuithe nó socruithe den sórt sin ag teacht leis an Treoir seo.

2.Tá an Treoir seo gan dochar d’aon oibleagáidí agus aon cheangaltais atá ar na Ballstáit nó ar an Aontas de bhua comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha le tríú tíortha. 

Airteagal 18

Meastóireacht

1.Faoin [Iris Oifigiúil: cur isteach dáta: trí bliana tar éis dháta trasuí na Treorach seo] ar a dhéanaí, agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, dréachtóidh an Coimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme na Treorach seo agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle í. Cuirfear an tuarascáil ar fáil don phobal.

2.Tráth nach luaithe ná sé bliana tar éis dháta trasuí na Treorach seo, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir seo agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Seolfar an mheastóireacht i gcomhréir leis na Treoirlínte ón gCoimisiún maidir le Rialáil Níos Fearr. Áireofar leis an tuarascáil freisin meastóireacht ar an dóigh ar urramaíodh na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

3.Chun críocha mhír 1 agus mhír 2, soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún an fhaisnéis atá riachtanach le haghaidh na tuarascálacha a ullmhú. Tabharfaidh an Coimisiún aird ar na staitisticí arna gcur isteach ag na Ballstáit faoi Airteagal 16 agus féadfaidh sé faisnéis bhreise a iarraidh ó na Ballstáit agus ó údaráis mhaoirseachta.

Airteagal 19

Trasuí

1.Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin XXYY [26 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm Threoir (AE) (…)/2018: Iris Oifigiúil: cuir isteach uimhir na Treorach lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 20

Cinneadh 2000/642/CG
B a aisghairm

Déantar Cinneadh 2000/642/CGB a aisghairm le héifeacht ón [dáta thrasuí na Treorach seo].

Airteagal 21

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 22

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Sa Tuarascáil “From suspicion to action: converting financial intelligence into greater operational impact” [Ó amhras go gníomhaíocht: tionchar oibríochtúil níos fearr a bhaint as faisnéis airgeadais] ó Europol, a foilsíodh sa bhliain 2017, leagadh béim ar na fadhbanna sin agus ar an ngá atá ann le rochtain níos fearr a thabhairt d’údaráis forfheidhmithe dlí ar fhaisnéis airgeadais.
(2)    COM(2016) 50 final.
(3)    Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena naisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).
(4)    Sa tuarascáil “Does crime still pay?: criminal asset recovery in the EU” [An fiú tabhairt faoin gcoireacht go fóill?: aisghabháil sócmhainní coiriúla san Aontas Eorpach] (2016), mheas Europol gurbh amhlaidh, idir an bhliain 2010 agus an bhliain 2014, gurbh ionann luach na sócmhainní a calcadh nó a urghabhadh san Aontas Eorpach agus 2.2 % de na fáltais mheasta ó choireanna, agus gurbh ionann luach na sócmhainní a coigistíodh agus 1.1 % de na fáltais mheasta sin. https://www.europol.europa.eu/newsroom/news/does-crime-still-pay
(5)    Is aonaid atá neamhspleách agus féinrialaitheach ó thaobh oibriúcháin de iad Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais agus tá an túdarás agus an acmhainn atá acu cinntí féinrialaitheacha a dhéanamh chun anailísí a dhéanamh, anailísí a iarraidh agus a nanailísí a scaipeadh ar údaráis inniúla, i gcás ina bhfuil forais ann lena chreidiúint go ndearnadh sciúradh airgid, coireanna gaolmhara nó maoiniú sceimhlitheoireachta.
(6)    SWD (2017)275.
(7)    COM(2015) 185 final an 28 Aibreán 2015.
(8)    Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena naisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin.
(9)    Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
(10)    IO C , , lch. .
(11)    IO C , , lch. .
(12)    COM(2016) 50 an 2.2.2016.
(13)    Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena naisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún, IO L 141, 5.6.2015, lch. 73.
(14)    Cinneadh Réime 2006/960/CGB an 18 Nollaig 2006 maidir leis an malartú eolais agus faisnéise a shimpliú idir údaráis forfheidhmithe dlí, ar údaráis de chuid Bhallstáit an Aontais Eorpaigh iad, IO L 386, 29.12.2006, lch. 89.
(15)    Treoir 2014/41/AE an 3 Aibreán 2014 maidir leis an mBarántas Fianaise Eorpach a úsáid in imeachtaí in ábhair choiriúla, IO L 130, 1.5.2014, lch. 1.
(16)    Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena naisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin, IO L 135, 24.5.2016, lch. 53.
(17)    Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe ar Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) a bhunú, IO L 283 an 31.10.2017, lch. 1.
(18)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(19)    An Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr; IO L 123, 12.5.2016, lch. 1–14.
(20)    Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, IO L 8, 12.1.2001, lch 1.
(21)    IO C …
(22)    Treoir 2018/XX/AE maidir le sciúradh airgid a chomhrac tríd an dlí coiriúil, IO … .
(23)    Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena nionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle, IO L 88 an 31.3.2017, lch. 6.
Top