EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52017PC0256

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le tairseach aonair dhigiteach a bhunú chun faisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012

COM/2017/0256 final - 2017/086 (COD)

An Bhruiséil,2.5.2017

COM(2017) 256 final

2017/0086(COD)

An Pacáiste Comhlíontachta

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tairseach aonair dhigiteach a bhunú chun faisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SWD(2017) 211 final}
{SWD(2017) 212 final}
{SWD(2017) 213 final}
{SWD(2017) 214 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá an Margadh Aonair ar cheann de na príomhéachtaí atá bainte amach ag an Eoraip agus tá ról lárnach aige i ngeilleagar an Aontais Eorpaigh. A bhuí leis an Margadh Aonair, is féidir le daoine gluaiseacht ar bhealach níos saoire. Is féidir leo earraí, seirbhísí agus caipiteal a bhogadh ar bhealach níos saoire freisin. Cruthaíonn an méid sin deiseanna nua do shaoránaigh, oibrithe, tomhaltóirí agus gnólachtaí, ar deiseanna iad a thapaítear chun poist nua agus fás inbhuanaithe a chruthú san Eoraip. Tá sé athdhaingnithe ag an gComhairle Eorpach arís agus arís eile gur gá forbairt an Mhargaidh Aonair a chríochnú 1 .

Ceann de na 10 bpríomhthosaíocht atá ag Coimisiún Juncker is ea margadh inmheánach níos doimhne agus níos cothroime a bhaint amach, mar aon leis an Margadh Aonair Digiteach a fhorbairt. Tá an tionscnamh seo, ar tionscnamh é lena gcomhlíontar gníomh tábhachtach a leagtar amach sa Straitéis don Mhargadh Aonair a ghlac an Coimisiún i mí na Samhna 2016, fite fuaite sna réimsí tosaíochta sin. Is é an cuspóir atá ann lántairbhe a bhaint as na buntáistí a ghabhann le huirlisí digiteacha nua chun cabhrú le gnólachtaí leas a bhaint as na deiseanna atá ann i margadh ina bhféadfaidh 500 milliún saoránach taisteal, obair agus staidéar a dhéanamh in aon tír san Aontas Eorpach (AE).

Tá bacainní suntasacha sa bhealach ar shaoránaigh agus gnólachtaí ar spéis leo gluaiseacht chuig tír eile AE nó táirgí a dhíol nó seirbhísí a sholáthar i dtír eile AE. Is ríthábhachtach go bhfuil faisnéis ábhartha, chruinn agus intuigthe ar fáil ar líne do dhaoine atá toilteanach leas a bhaint as buntáistí an Mhargaidh Aonair. Is ríthábhachtach freisin go bhfuil na daoine sin in ann nósanna imeachta riaracháin a rochtain agus a chur i gcrích ar líne. Fiú amháin i gcás ina bhfuil na hacmhainní sin ar fáil, áfach, is minic a bhíonn siad casta, am-íditheach agus costasach.

Is gá do shaoránaigh agus gnólachtaí rialacha náisiúnta a chomhlíonadh agus iad ag taisteal, ag obair, ag cónaí nó ag déanamh gnó thar theorainneacha. Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad na rialacha ábhartha, mar sin, tá sé riachtanach go gcuirtear iad ar an eolas faoi na rialacha is infheidhme, gur féidir leo na seirbhísí cuí cúnaimh a aimsiú agus nach dtagann siad ar aon bhacainní neamhriachtanacha le linn dóibh déileáil le húdaráis riaracháin náisiúnta.

Fiú amháin i gcás ina bhfuil nósanna imeachta ar líne ar fáil do shaoránaigh ina dtír dhúchais, tarlaíonn sé go minic nach mbíonn na nósanna imeachta sin ar fáil go réidh do shaoránaigh AE ó Bhallstáit eile.

Tríd is tríd, is féidir le gach duine san Eoraip tairbhí suntasacha a bhaint as córas riaracháin phoiblí atá oscailte, éifeachtúil agus cuimsitheach, ar córas é atá dírithe ar chineálacha uaillmhianacha cur chuige ríomhrialtais agus lena soláthraítear seirbhísí poiblí digiteacha ó cheann ceann atá pearsantaithe agus soláimhsithe agus nach bhfuil aon teorainneacha tíre ag baint leo. Bíonn tionchar suntasach aige sin ar shaol saoránach agus gníomhaíochtaí gnólachtaí ina dtír féin agus thar theorainneacha araon. Is amhlaidh, áfach, nach bhfuil saoránaigh ná gnólachtaí ag baint lántairbhe go fóill as na seirbhísí digiteacha ba cheart a bheith ar fáil go réidh ar fud AE. Tá teicneolaíochtaí digiteacha ina gcuid chomhtháite de nuachóiriú an chórais riaracháin phoiblí agus is féidir iad a úsáid chun mórthairbhí eacnamaíocha agus sóisialta a sholáthar do shaoránaigh na hEorpa agus don tsochaí ina hiomláine.

Gné lárnach de rath an Mhargaidh Aonair is ea claochlú digiteach rialtais.

Is leis an tairseach aonair dhigiteach a thabharfar aghaidh ar na riachtanais sin. Áirithítear leis an tairseach go mbeidh rochtain láraithe ag saoránaigh agus gnólachtaí AE ar an bhfaisnéis ar fad a theastaíonn uathu le linn dóibh leas a bhaint as a gcearta chun soghluaisteachta in AE. Áirithítear léi freisin go gcuirfear rochtain iomlán ar nósanna imeachta ar líne ar fáil ar bhealach neamh-idirdhealaitheach (is é sin le rá, má tá nós imeachta ar fáil do náisiúnach Ballstáit ar leith, ba cheart an nós imeachta sin a bheith ar fáil d’úsáideoirí ó Bhallstáit eile freisin). Chomh maith leis sin, leagtar leis an tairseach oibleagáid ar na Ballstáit rochtain iomlán ar líne a sholáthar do na nósanna imeachta is tábhachtaí agus is mó úsáid. Tugtar leis an tairseach dreasacht láidir do na Ballstáit straitéisí uaillmhianacha ríomhrialtais a ghlacadh ar bhonn náisiúnta agus trasteorann ionas gur féidir le saoránaigh agus gnólachtaí AE lántairbhe a bhaint as na forbairtí teicneolaíochta atá ar fáil.

Is deimhin, mar gheall ar an digitiú, go bhfuil acmhainneacht mhéadaithe ann anois laghdú a dhéanamh ar an am a thógtar chun faisnéis a fháil agus chun nósanna imeachta riaracháin a chur i gcrích. Tá acmhainneacht mhéadaithe ann laghdú a dhéanamh ar an gcostas a bhaineann leis an bhfaisnéis agus na nósanna imeachta sin freisin. Sa lá atá inniu ann, tá saoránaigh agus gnólachtaí ag súil leis go dtairgfidh údaráis riaracháin phoiblí réitigh ar líne atá chomh soláimhsithe agus chomh hiomasach leo sin atá ar fáil d’idirbhearta laistigh den earnáil phríobháideach.

Má chuirtear seirbhísí poiblí digiteacha ar fáil atá níos gasta, níos saoire agus níos dírithe ar an úsáideoir, is amhlaidh go neartófar an tiomaíochas agus go ndéanfar áit níos tarraingtí chun cónaí, obair agus infheistiú inti d’AE. Tá sé riachtanach gur féidir le saoránaigh aonair agus gnólachtaí araon faisnéis ábhartha chruinn intuigthe a aimsiú ar líne agus nósanna imeachta riaracháin a rochtain agus a chur i gcrích ar líne.

Is gnách go gcaitheann gnólachtaí sciar suntasach dá mbuiséad acmhainní daonna ar chleachtadh a fháil ar na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme, rialacha agus nósanna imeachta ar gá dóibh iad a chomhlíonadh chun a ngníomhaíocht a fheidhmiú. Féadfaidh gnólachtaí móra baill foirne thiomnaithe a fhostú chun faisnéis a bhailiú agus chun na nósanna imeachta ábhartha a chomhlíonadh. D’fhéadfadh go mbeadh sé sin ina bhacainn shuntasach sa bhealach ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus gnólachtaí nuathionscanta, áfach. Ríomhadh i staidéar a rinneadh le déanaí go gcoigleodh gnólachtaí EUR 170 milliún gach bliain dá mbeadh ocht bpríomhnós imeachta ar fáil go hiomlán ar líne agus dá mbeidís ar fáil d’úsáideoirí trasteorann araon. Ríomhadh i staidéar 2 a rinneadh le déanaí gurbh amhlaidh, dá mbeadh faisnéis ardchaighdeáin shorochtana ar fáil ar líne, go bhféadfadh gnólachtaí idir EUR 11 billiún agus EUR 55 billiún a choigilt gach bliain le linn dóibh taighde a dhéanamh ar naoi dtopaic ghnó sula rachaidís i mbun gníomhaíochtaí trasteorann. I Margadh Aonair ina bhfuil 28 mBallstát, bíonn ag méadú go tapa ar na costais a bhaineann le faisnéis a bhailiú agus téann na costais sin i bhfeidhm go díréireach ar ghnólachtaí beaga, agus is minic a chuirtear iad ó dheiseanna a iniúchadh lasmuigh dá margadh dúchais dá bharr.

Is i gcomhthéacs trasteorann freisin a mhéadaíonn an deacracht a bhíonn ag saoránaigh faisnéis chruinn thráthúil a fháil faoi shaincheisteanna praiticiúla bunúsacha, amhail conas clárú mar chónaitheoir, aitheantas a fháil do cháilíochtaí, leanaí a rollú ar scoil, carr a chlárú, pinsin a fháil, etc.

Ina theannta sin, tá gnólachtaí agus saoránaigh ag súil le faisnéis atá cruinn, iomlán agus cothrom le dáta a fháil agus tá siad i dteideal faisnéis den sórt sin a fháil. Má tá siad chun bheith fíorúsáideach, is gá freagraí a bheith tráthúil agus oibríochtúil. Ina theannta sin, tá sé an-tábhachtach, i gcás gníomhaíochtaí trasteorann, go bhfuil faisnéis ar fáil i dteangacha difriúla.

Faisnéis shoiléir chuimsitheach a fháil faoi na ceanglais is infheidhme, níl sa mhéid sin ach an chéad chéim den phróiseas, áfach. Ní mór nósanna imeachta riaracháin a chur i gcrích ionas go gcomhlíonfar iad. Má dhéantar na príomhnósanna imeachta a dhigitiú, laghdófar costais chomhlíonta agus méadófar ráta comhlíonta na rialachán is infheidhme ag an am céanna.

Is gá aghaidh a thabhairt ar na bacainní praiticiúla sonracha ar thuairiscigh saoránaigh agus gnólachtaí na hEorpa iad maidir le rochtain ar nósanna imeachta agus faisnéis ar líne ó Bhallstát eile. I measc na samplaí is suntasaí ina leith sin tá neamh-infhaighteacht faisnéise agus foirmeacha i dteangacha difriúla, úsáid réimsí foirme nach nglactar ach le sonraí náisiúnta leo, glacadh le modhanna náisiúnta aitheantais amháin agus leo sin amháin, agus glacadh le híocaíocht táillí ná aisíocaíochtaí trí chórais íocaíochta náisiúnta agus tríothu sin amháin.

Locht suntasach eile a thuairiscítear go minic is ea tarchur trasteorann na fianaise tacaíochta mar chuid de nós imeachta. Is minic a éilíonn na Ballstáit doiciméid nó sonraí atá deimhnithe (aistrithe) agus fíordheimhnithe, go háirithe ó iarratasóirí ó Bhallstáit eile. Chuir roinnt Ballstát réitigh náisiúnta aon uaire chun feidhme ina leith sin cheana, a úsáidtear chun sonraí a mhalartú go hinmheánach idir cláir náisiúnta cé nach bhfuil an próiseas digitithe críochnaithe go fóill. Ní féidir malartuithe den sórt sin a dhéanamh ar bhonn trasteorann faoi láthair.

Ar deireadh, níl 92 % de thomhaltóirí agus gnólachtaí ar an eolas faoi aon seirbhísí ar líne ar leibhéal Eorpach a bhféadfaidís dul ina muinín nuair a bhíonn fadhbanna acu. Tá glacadh seirbhísí den sórt sin an-íseal faoi láthair. Tá na seirbhísí ilroinnte agus tá éagsúlacht ann maidir lena gcáilíocht agus ina lán cásanna, tá sásraí aiseolais úsáideoirí in easnamh orthu freisin.

Rinne AE roinnt beart cheana chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair sin, cé go ndearna sé amhlaidh ar bhonn earnála den chuid is mó. Bhunaigh sé ionaid ilghnó sa réimse seirbhísí (Ionaid Ilfhreastail), sa réimse earraí (Pointí Teagmhála do Tháirgí agus Pointí Teagmhála do Tháirgí Foirgníochta), sa réimse um cháilíochtaí gairmiúla (Lárionaid Chúnaimh um Cháilíochtaí Gairmiúla), sa réimse um ábhair imní thomhaltóirí (Lárionaid do Thomhaltóirí), etc. Níl na seirbhísí sin idirnasctha le chéile i bhformhór na gcásanna agus, mar gheall go bhfuil siad dírithe ar réimsí cúnga ar leith, níl a lán úsáideoirí ar an eolas fúthu agus tá seans ann nach mbeidh siad in ann iad a aimsiú nuair is gá dá bharr sin. Níl béim shoiléir ar riachtanais úsáideoirí sa raon faisnéise ar líne, seirbhísí cúnaimh agus nósanna imeachta ar líne atá ar fáil do shaoránaigh agus gnólachtaí faoi láthair.

An gá atá ann aghaidh a thabhairt ar bhealach córasach éifeachtach ar na fadhbanna thuasluaite, tá sé luaite arís agus arís eile. Tá cuid mhór saoránach, gnólachtaí agus Ballstát i bhfách le beart den sórt sin freisin:

·De réir na Tuarascála ón nGrúpa Ardleibhéil um Sheirbhísí Gnó a foilsíodh sa bhliain 2014 3 , éilíodh i rúin ó Pharlaimint na hEorpa agus i roinnt teachtaireachtaí éagsúla ón gCoimisiún go soláthrófaí pacáiste níos cuimsithí agus níos soláimhsithe faisnéise agus cúnaimh chun cabhrú le gnólachtaí a mbealach a dhéanamh tríd an Margadh Aonair. Moladh iontu go gcruthófaí leaganacha feabhsaithe d’ardáin agus pointí teagmhála atá ann cheana. Cuireadh moltaí níos radacaí in iúl iontu freisin, amhail gach ceann de na hardáin agus na pointí teagmhála sin a chumasc ina nionad ilghnó aonair.

·Foilsíodh na conclúidí ón gComhairle Iomaíochais maidir le beartas an Mhargaidh Aonair i mí an Mhárta 2015. Iarradh iontu tiomantas polaitiúil d’uirlisí ‘an Mhargaidh Aonair a neartú agus a shruthlíniú (…) chun freastal níos fearr ar na riachtanais atá ag gnólachtaí agus ag saoránaigh ina gcuid gníomhaíochtaí trasteorann’. Rinne an Chomhairle Iomaíochais an iarraidh sin a athdhearbhú i mí Feabhra 2016, agus í ag fáiltiú freisin 'roimh choincheap na tairsí aonair digití lena dtabharfaí aghaidh ar na riachtanais atá ag gnólachtaí nuathionscanta go háirithe'.

·Sa Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach agus sa Straitéis don Mhargadh Aonair 2015 d’fhógair an Coimisiún sa dá straitéis sin go raibh sé beartaithe aige leas a bhaint as tairseach aonair dhigiteach chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna thuasluaite. Pléitear go mór leis an tairseach sin sa Phlean Gníomhaíochta Ríomhrialtais 4 , ina leagtar amach na gníomhartha a dhéanfar chun dlús a chur le claochlú digiteach seirbhísí poiblí.

·I mí Eanáir 2016, d’iarr Parlaimint na hEorpa go ndéanfaí tairseach aonair dhigiteach chuimsitheach a fhorbairt mar phróiseas digiteach ó cheann ceann a bhféadfadh gnólachtaí é a úsáid chun iad féin a bhunú agus chun oibriú ar fud AE agus lena gcumasófaí agus lena gcuimseofaí na nithe seo a leanas: gnó agus ainmneacha fearainn a bhunú ar líne, faisnéis a mhalartú maidir le comhlíonadh, ríomhshonraisc a aithint, cánacha a chomhdú, scéim shimplithe cánach breisluacha (CBL) ar líne, faisnéis maidir le comhlíonadh táirgí, postú oibrithe, cearta tomhaltóirí, rochtain ar líonraí tomhaltóirí agus gnó, nósanna imeachta um fhógra a thabhairt agus sásraí um réiteach díospóidí.

·I mí an Mheithimh 2016, rinne Ardán REFIT (a chuimsíonn ionadaithe do ghnólachtaí, comhpháirtithe sóisialta, an tsochaí shibhialta agus na Ballstáit) tuairim a eisiúint inar moladh go mbunófaí ionad ilfhreastail ar a mbeadh faisnéis shoiléir agus seirbhísí comhordaithe do ghnólachtaí i ngach Ballstát, agus é mar aidhm leis cúnamh a thabhairt do chuideachtaí a oibríonn sa Mhargadh Aonair. Moladh sa tuairim freisin go saineofaí íoschritéir choiteanna cháilíochta maidir le hábhar agus feidhmiú gach tairsí agus maidir lena leibhéal comhtháthaithe leis an tairseach aonair dhigiteach.

·Ar deireadh, meastar sa tuarascáil ar Shaoránacht AE 2017 a foilsíodh i mí Eanáir 2017 gur ábhar tosaíochta do Shaoránacht AE an tairseach aonair dhigiteach a sholáthar.

Sa tionscnamh seo, freagraítear ar bhealach sár-uaillmhianach do na hiarrataí sin ar ghníomhaíocht. Is é an aidhm atá leis feabhas suntasach a chur ar an infhaighteacht ar líne ar fhaisnéis, seirbhísí cúnaimh agus nósanna imeachta, mar aon le feabhas a chur ar a gcáilíocht agus a ninrochtaineacht. Tá na nithe sin ar fad ábhartha do shaoránaigh agus gnólachtaí in AE, go háirithe nuair atá siad ag iarraidh oibriú agus gluaiseacht laistigh den Mhargadh Aonair. Tá an tionscnamh seo bunaithe ar an gCoimisiún agus na Ballstáit a bheith ag obair i ndlúthchomhar le chéile chun riachtanais éagsúla an tionscadail a chur chun feidhme go héifeachtach agus ar bhonn céim ar chéim.

Beidh sé de chúram ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit faisnéis a sholáthar maidir leis na rialacha, na cearta agus na hoibleagáidí sna príomhréimsí a shainaithnítear sa rialachán seo.

Ina theannta sin, ceanglófar ar na Ballstáit roinnt príomhnósanna imeachta a thairiscint go hiomlán ar líne agus iad a chur ar fáil go hiomlán d’úsáideoirí trasteorann AE laistigh d’amchlár comhaontaithe. Má dhéantar amhlaidh, laghdófar go suntasach an tualach riaracháin atá i gceist agus cuirfear deireadh leis na bacainní díréireacha is gá do shaoránaigh agus gnólachtaí AE ó Bhallstát eile a shárú ionas gur féidir leo na rialacha is infheidhme i mBallstáit eile a chomhlíonadh.

Dá réir sin, bainfidh údaráis phoiblí tairbhe as comhlíonadh a éascú toisc go nginfidh siad éifeachtúlachtaí dá bharr. Cuirfidh aistriú cuimsitheach i dtreo nósanna imeachta ar líne le nuachóiriú an riaracháin phoiblí. Ginfidh sé mórchoigiltí costais freisin, mar a thuairiscigh roinnt Ballstát tar éis dóibh a dtionscadal náisiúnta digitithe féin a chríochnú 5 . Cé nach ndéantar leis an gceanglas sin aon difear do rialacha substainteacha ná ceanglais shubstainteacha atá ann cheana, is amhlaidh go méadaítear leis a thrédhearcaí atá siad agus go néascaítear leis comhlíonadh rialacha agus nósanna imeachta náisiúnta agus AE.

Beidh faisnéis, seirbhísí cúnaimh agus nósanna imeachta ar líne faoi réir critéir cháilíochta shoiléire agus oibríochtúla. Ina theannta sin, cuirfear faisnéis ar fáil do shaoránaigh agus gnólachtaí i dteanga oifigiúil amháin ar a laghad de chuid an Aontais agus sa teanga náisiúnta nó, i gcás inarb infheidhme, sna teangacha náisiúnta. Cuirfear sásraí sonracha i bhfeidhm chun a áirithiú gur dírithe ar an úsáideoir a bheidh an tairseach aonair dhigiteach. Baileofar aiseolas ó úsáideoirí mar chuid den obair sin freisin.

Déanfar cur chun feidhme éifeachtach na tairsí aonair digití a áirithiú trí ghrúpa comhordaithe a chruthú, rud a ghníomhóidh mar fhóram le haghaidh comhar idir an Coimisiún agus na Ballstáit. Tríd an eispéireas úsáideora a fheabhsú go suntasach, cuirfear leis an tionscnamh feabhas suntasach ar an muinín atá ag saoránaigh agus gnólachtaí as an Margadh Aonair. Trí nósanna imeachta a dhigitiú, trí fhaisnéis níos cruinne agus níos iontaofa a sholáthar agus trí rochtain níos éasca a sholáthar ar sheirbhísí cúnaimh, éascófar malartú trasteorann, ginfear éifeachtúlachtaí agus laghdófar an rómhaorlathas. Cuirfidh an méid sin ar fad le deiseanna nua fostaíochta agus fás a chruthú.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

(a)Rochtain ar fhaisnéis ar líne

Ba leis an Treoir um Sheirbhísí 6 cheana féin a tugadh an ceart chun faisnéis a fháil do sholáthraithe agus faighteoirí seirbhísí araon: e.g. ní mór faisnéis faoi na ceanglais is infheidhme do sholáthraithe seirbhíse i ngach Ballstát a chur ar fáil ar líne trí na hionaid ilfhreastail. Sa Chairt um Ionaid Ilfhreastail leictreonacha faoin Treoir um Sheirbhísí, ar cairt í a d’fhormhuinigh an Chomhairle sa bhliain 2013, moladh do na Ballstáit cur chuige atá dírithe ar an úsáideoir a ghlacadh i leith faisnéis a sholáthar trí na hionaid ilfhreastail ionas go gcumhdófaí gach réimse atá tábhachtach do ghnólachtaí, lena náirítear saincheisteanna CBL, cánacha ioncaim, slándáil shóisialta agus ceanglais dhlí an tsaothair.

Ar An Eoraip Agatsa, an Tairseach don r-Cheartas, an Tairseach Faisnéise CBL agus an líonra seirbhísí Eorpacha fostaíochta (EURES), tá faisnéis fhairsing á soláthar cheana féin faoi na cearta atá ag saoránaigh, gnólachtaí, oibrithe agus tomhaltóirí agus na hoibleagáidí atá orthu sa Mhargadh Aonair agus i réimse an cheartais.

Leis an togra seo, cuirtear leis na seirbhísí sin atá ann cheana: Ceanglófar ar na Ballstáit faisnéis iontaofa, shoiléir agus shothuigthe faoi na rialacha agus na ceanglais atá ann ina ndlínse féin a sholáthar ar líne do shaoránaigh agus gnólachtaí atá ag iarraidh leas a bhaint as a gcearta sa Mhargadh Aonair. Ní dhéantar leis an togra aon difear d’fhorálacha substainteacha na réimsí beartais ar gá faisnéis a sholáthar ina leith. Ní cheanglaítear leis ach go mbeidh na Ballstáit trédhearcach go hiomlán faoi na rialacha is infheidhme.

(b)Rochtain ar sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna

Cuireadh pointí teagmhála difriúla agus sásraí réitigh fadhbanna difriúla ar bun ar bhonn ghníomhartha AE chun cabhrú le saoránaigh agus gnólachtaí a gcearta a fheidhmiú sa Mhargadh Aonair. Leis an tionscnamh seo, tabharfar aghaidh ar an ilroinnt agus an easpa feasachta atá ann faoi láthair trí sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a dhéanamh níos so-aimsithe agus níos inrochtana agus trína áirithiú go nurramófar íoschaighdeáin cháilíochta áirithe sna seirbhísí uile atá ar fáil tríd an tairseach.

(c)Rochtain ar nósanna imeachta ar líne

Faoin Treoir um Sheirbhísí, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go bhféadfar gach nós imeachta agus gach foirmiúlacht a bhaineann le rochtain ar ghníomhaíocht seirbhíse agus le cleachtadh gníomhaíochta seirbhíse a chur i gcrích ar líne trí na hIonaid Ilfhreastail ábhartha nó leis na húdaráis inniúla ábhartha (Airteagal 8). Leagtar síos leis an Treoir maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla 7 (Airteagal 57a) an oibleagáid chéanna i ndáil le ceanglais, nósanna imeachta agus foirmiúlachta a bhaineann le hábhair a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur i gcrích.

Leis an togra seo, cuirtear feabhas ar an ngné Margaidh Aonair de na nósanna imeachta ar líne atá curtha ar bun ag na Ballstáit cheana féin ar bhonn na dTreoracha sin nó aon dlí ábhartha eile náisiúnta nó AE. Déantar amhlaidh trí cheangal ar na Ballstáit rochtain iomlán a thabhairt do shaoránaigh agus gnólachtaí ó Bhallstáit eile ar na nósanna imeachta sin agus trí na príomhchoinníollacha a leagan síos chun inrochtaineacht trasteorann den sórt sin a áirithiú.

Ina theannta sin, ceanglaítear leis an tionscnamh seo ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain iomlán ar líne ann ar na príomhnósanna imeachta a shainaithnítear sa rialachán seo agus atá ábhartha do shaoránaigh agus gnólachtaí agus go mbeidh rochtain iomlán ag úsáideoirí trasteorann ar na príomhnósanna imeachta sin. Áirithítear leis an tionscnamh freisin , ar iarraidh ó úsáideoirí, go bhféadfar fianaise a mhalartú go leictreonach idir na húdaráis lena mbaineann i mBallstáit dhifriúla.

Tá clárú gníomhaíochta gnó ar cheann de na príomhnósanna imeachta atá ábhartha go háirithe do ghnólachtaí. Níor cheart na nósanna imeachta atá taobh thiar de chuideachtaí nó gnólachtaí a bhunú mar eintitis dhlíthiúla a chumhdach leis an tionscnamh, áfach. Faoi mar a fógraíodh sa Straitéis don Mhargadh Aonair 8 agus sa Phlean Gníomhaíochta Ríomhrialtais, chuir an Coimisiún tionscnamh ar leith ar áireamh ina Chlár Oibre don bhliain 2017 9 . Is é aidhm an tionscnaimh sin aghaidh a thabhairt ar bhealach cuimsitheach ar an dóigh a néascaítear réitigh dhigiteacha ar fud saolré cuideachta, lena náirítear nósanna imeachta le haghaidh gníomhaíocht gnó a chlárú ar líne. Tá an Coimisiún ag tabhairt faoi obair ullmhúcháin i leith an tionscnaimh seo i dtaca le dlí cuideachtaí san am i láthair. Beartaítear go mbeidh na nósanna imeachta ábhartha ar líne nasctha leis an tairseach a luaithe a bhunófar iad ar bhonn an tionscnaimh sin.

I ndáil le príomhnósanna imeachta áirithe, ceanglófar leis an Rialachán seo go ndéanfar digitiú iomlán ar an “oifig thosaigh” (an comhéadan idir saoránaigh nó gnólachtaí ar thaobh amháin agus údaráis riaracháin náisiúnta ar an taobh eile, ar comhéadan é a d’fhéadfadh, mar shampla, a bheith ina fhoirm atá le comhlánú ar líne). Ní bheidh aon tionchar aige ar fheidhmiú na “cúloifige” (na céimeanna breise den nós imeachta ábhartha atá i bhfeidhm laistigh d’údaráis riaracháin náisiúnta nó idir údaráis riaracháin náisiúnta). Ní bheidh aon tionchar aige ach oiread ar shubstaint aon nós imeachta atá ar bun ar leibhéal náisiúnta, i.e. na céimeanna difriúla atá i bhfeidhm ag údaráis ábhartha náisiúnta agus fhonáisiúnta nó na hinniúlachtaí atá acu. Na coigeartuithe riachtanacha is gá a dhéanamh mar thoradh ar an tionscnamh seo, ní bhainfidh siad ach le próiseas digitithe na nósanna imeachta agus le deireadh a chur leis na bacainní atá sa bhealach ar úsáideoirí trasteorann maidir leis na nósanna imeachta a rochtain.

Is leis an Rialachán maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach 10 a thabharfar tacaíocht do rochtain ar nósanna imeachta ar líne agus do dhigitiú na nósanna imeachta, rialachán lena gceanglaítear ar na Ballstáit córais ríomh-shainaitheantais ar thug Ballstáit eile fógra ina leith a aithint faoi mhí Mheán Fómhair 2018. Dá bharr sin, bainfear ceann de na bacainní atá sa bhealach ar úsáideoirí faoi láthair maidir le ríomhnósanna imeachta a rochtain i mBallstáit eile.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Leis an tionscnamh seo, déantar rannchuidiú le cuspóir straitéiseach a leagtar síos sa Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach a ghnóthú, is é sin, an riarachán poiblí a nuachóiriú, idir-inoibritheacht trasteorann a bhaint amach agus idirghníomhaíocht éasca a chumasú le saoránaigh. Léirítear an méid sin sa Phlean Gníomhaíochta Ríomhrialtais freisin. Chomh maith leis sin, tá an tionscnamh seo ag teacht leis an gcuspóir atá ag an gCoimisiún maidir le claochlú digiteach, is é sin, láithreacht chuíchóirithe ghréasáin a chruthú agus seachaint a dhéanamh ar thuilleadh ilroinnte de bharr tairseacha nua agus pointí teagmhála nua. Tá sé ag teacht le moltaí an Chreata Eorpaigh Idir-inoibritheachta freisin.

Leis an togra seo, rannchuidítear le cur chun feidhme a dhéanamh ar an tionscnamh um ghnólachtaí a thosú agus a mhéadú ó scála. Is tionscnamh é sin lena gcuirtear fás gnólachtaí chun cinn tríd an timpeallacht gnó a fheabhsú agus tríd an rómhaorlathas a laghdú. I gcomparáid le gnólachtaí móra, is iad fiontair bheaga agus mheánmhéide, go háirithe iad sin a bhíonn ag trádáil thar theorainneacha, a bhainfidh an tairbhe is mó as na costais laghdaithe a bheidh ag baint le cuardaigh faisnéise. Bainfidh siad tairbhe freisin as cáilíocht níos aonfhoirmí na faisnéise, an chúnaimh agus na nósanna imeachta a bheidh ar fáil ar líne. Maidir leo sin a bhíonn ag trádáil thar theorainneacha, bainfidh siad tairbhe as rochtain ar líne a bheith acu ar nósanna imeachta atá tábhachtach dóibh. Ina theannta sin, beidh sé níos éasca d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide nósanna imeachta a bhaineann leis an Margadh Aonair a shainaithint. Dá bharr sin, beidh sé níos éasca dóibh dul isteach i margaí nua AE. A bhuí leis an rochtain níos éasca a bheidh ann ar sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna, agus a bhuí leis an uirlis speisialta aiseolais úsáideoirí a bheidh i bhfeidhm, beidh úsáideoirí in ann fadhbanna le rialacha agus le húdaráis phoiblí a chur in iúl ar bhealach éasca iomasach i ngach teanga AE.

Beidh na tionscnaimh reatha agus na tionscnaimh bheartaithe seo a leanas ar leibhéal AE tábhachtach don tairseach aonair dhigiteach toisc gur tionscnaimh iad lena gcabhrófar le cumhdach faisnéise nó digitiú na nósanna imeachta a bhaint amach:

·An Creat Eorpach Idir-inoibritheachta – feabhsófar leis an gcreat seo an leibhéal idirnasctha i measc seirbhísí poiblí trí thacú le hidir-inoibritheacht a mhéadú idir údaráis riaracháin phoiblí ar fud na hEorpa;

·An Croístór Focal Seirbhísí Poiblí – is samhail choiteann sonraí é seo a úsáidfear chun cur síos a dhéanamh ar phríomhimeachtaí gnó agus príomhsheirbhísí poiblí. Dá núsáidfeadh na Ballstáit é le linn dóibh a suíomhanna gréasáin a dhearadh nó a nuashonrú, d’fhéadfaí aistriú an ábhair agus forbairt uirlis chuardaigh na Tairsí Aonair Digití a éascú, rud a chuirfeadh feabhas ar inaimsitheacht faisnéise, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh ag an am céanna;

·Córas Idirnasctha na gClár Gnó 11 – áiritheofar leis an gcóras seo go mbeidh rochtain ann ar leibhéal AE ar fhaisnéis faoi chuideachtaí atá cláraithe sna Ballstáit agus go mbeifear in ann faisnéis a mhalartú idir cláir dhifriúla (beidh an córas i bhfeidhm faoi mhí an Mheithimh 2017);

·Ríomh-idirnascadh Chláir Dhócmhainneachta AE – is córas é seo lena bhfeabhsófar (ón mbliain 2019 i leith) riar éifeachtach imeachtaí dócmhainneachta trasteorann;

·An Ríomhchárta Seirbhísí Eorpach – glacadh an togra ón gCoimisiún maidir leis an ríomhchárta in Eanáir 2017 12 . Is é atá i gceist leis ríomhnós imeachta simplithe a chur ar fáil do sholáthraithe seirbhísí áirithe gnó agus foirgníochta a bhfuil sé ar intinn acu a gcuid seirbhísí a sholáthar i mBallstát eile. Tá an chumarsáid idir údaráis intíre agus údaráis óstacha ar cheann de na croíghnéithe den nós imeachta sin;

·An Doiciméad Aonair Eorpach maidir le Soláthar 13 – is doiciméad é seo a úsáidtear chun comhlíonadh na gceanglas a bhaineann le nósanna imeachta soláthair phoiblí a fhéindearbhú. Tá ag an leagan leictreonach den doiciméad an acmhainneacht chun a bheith ina bhunchloch thábhachtach don phrionsabal ‘gan faisnéis a sholáthar ach uair amháin’ a chur chun feidhme sa soláthar poiblí;

·An tionscnamh atá beartaithe faoi dhlí na gcuideachtaí chun réitigh dhigiteacha a éascú ar fud saolré cuideachta, mar a phléitear i gClár Oibre an Choimisiúin 2017;

·An leathnú beartaithe ar an mionionad ilghnó do CBL;

·Gníomhartha a bhaineann leis an bprionsabal ‘gan faisnéis a sholáthar ach uair amháin’ agus a dhéanfar mar chuid den Phlean Gníomhaíochta Ríomhrialtais, éascófar leo comhroinnt faisnéise agus sonraí idir údaráis riaracháin na mBallstát. Mar chéad chéim den obair sin, rachfar i mbun treoirthionscadal mórscála ar chásanna gnó agus déanfar measúnú ar a indéanta atá sé do shaoránaigh.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá Airteagail 21(2), 48 agus 114(1) CFAE ábhartha don tionscadal a mhéid a bhaineann siad le comhfhogasú dlíthe. De bhun Airteagal 26(2), is é rud a bheidh sa mhargadh inmheánach spás gan teorainneacha inmheánacha ina náiritheofar saorghluaiseacht earraí, daoine, seirbhísí agus caipitil de réir fhorálacha na gConarthaí. Tugtar isteach le hAirteagal 21(2) CFAE bunús dlí do rialacha a ghlacadh chun cabhrú le saoránaigh den Aontas na cearta dá dtagraítear in Airteagal 21(1) a fheidhmiú. Foráiltear le hAirteagal 48 do bhunús dlí do bhearta a ghlacadh i réimse na slándála sóisialta i gcás inar gá déanamh amhlaidh chun saoirse ghluaiseachta a áirithiú d’oibrithe. Foráiltear le hAirteagal 114 do bhunús dlí do bhearta a ghlacadh chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 26 CFAE a ghnóthú, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sna Conarthaí.

Is é aidhm an togra seo rochtain éasca a thabhairt do shaoránaigh agus gnólachtaí ar an bhfaisnéis, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a theastaíonn uathu ionas gur féidir leo a gcearta a fheidhmiú sa mhargadh inmheánach. Chuige sin, bunaítear leis an togra seo tairseach aonair dhigiteach trína mbeidh ról tábhachtach ag an gCoimisiún agus na húdaráis inniúla maidir leis na cuspóirí thuasluaite a ghnóthú. Níl sé mar aidhm leis an tionscnamh ach deireadh a chur le hidirdhealú agus laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin breise atá ar shaoránaigh agus gnólachtaí a oibríonn i mBallstáit eile nó atá ag iarraidh oibriú i mBallstáit eile, agus an méid sin a dhéanamh i gcomhréir go hiomlán le rialacha agus nósanna imeachta náisiúnta. Tá sé mar aidhm leis an tionscnamh freisin deireadh a chur le hidirdhealú i gcomhréir go hiomlán le rialacha agus nósanna imeachta náisiúnta. Níl aon tionchar aige ar shubstaint aon rialacha nó nósanna imeachta den sórt sin ná ar an inniúlacht a bhaineann leo.

Toisc go saothraítear trí chuspóir leis an tionscnamh seo agus toisc nach féidir a mheas gur nithe teagmhasacha iad na gnéithe a bhaineann le saorghluaiseacht saoránach, slándáil shóisialta agus an aidhm atá ann chun an margadh inmheánach a bhaint amach agus chun feidhmiú an mhargaidh a áirithiú i ndáil le soláthar faisnéise, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna, ba cheart an tionscnamh seo a bhunú ar Airteagail 21(2), 48 agus 114(1) CFAE.

Coimhdeacht

Is é príomhchuspóir an togra seo feabhas a chur ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair do gach saoránach agus gnólacht in AE. Ní limistéar ina bhfuil rialacha lán-chomhchuibhithe i bhfeidhm é an Margadh Aonair. Seachas na bunphrionsabail agus na réimsí ar comhaontaíodh rialacha lán-chomhchuibhithe ina leith, is gá do shaoránaigh agus gnólachtaí rialacha náisiúnta a chomhlíonadh go fóill agus iad ag taisteal, ag obair, ag cónaí nó ag déanamh gnó thar theorainneacha. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach d’fheidhmiú an Mhargaidh Aonair gur féidir le saoránaigh agus gnólachtaí a fháil amach go héasca cé na rialacha is gá a chomhlíonadh in aon cheann de na Ballstáit seachas a mBallstát féin. Tá sé chomh tábhachtach céanna, maidir leis na nósanna imeachta le haghaidh comhlíonadh rialacha den sórt sin, nach mó i bhfad an tualach rialála breise a leagfar ar úsáideoirí eachtracha ná an tualach a leagfar ar úsáideoirí intíre.

Ní féidir na cuspóirí sin a ghnóthú go leordhóthanach gan ghníomhaíocht ar leibhéal AE. Tá comhleanúnachas in easnamh ar an gcóras reatha um fhaisnéis agus seirbhísí cúnaimh toisc nach sách idirnasctha ná soláimhsithe atá na hionstraimí a cruthaíodh le gníomhaíocht ar leibhéal AE cheana féin. Ní ann do chur chuige coiteann i leith cáilíocht a áirithiú trí íoschaighdeáin cháilíochta. Cé go gcuirtear sineirgí chun cinn leis an gcreat dlíthiúil, is amhlaidh nár shaothraigh na Ballstáit na sineirgí sin go leordhóthanach go fóill (in éagmais oibleagáidí ceangailteacha a bheith orthu).

Mar gheall ar chineál trasnáisiúnta an Mhargaidh Aonair agus ar an ngá atá ann le haghaidh a thabhairt ar an staid reatha i gcomhthéacs trasteorann, beidh gníomhaíocht AE níos éifeachtaí ná aon ghníomhaíocht eile maidir le laghdú a dhéanamh ar na costais ar gá do shaoránaigh agus gnólachtaí AE iad a thabhú nuair a théann siad i mbun gníomhaíochtaí trasteorann.

Comhréireacht

Leis an togra seo, baintear cothromaíocht chúramach amach idir an gá atá ann leis an bhfreagracht as faisnéis náisiúnta, nósanna imeachta náisiúnta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar a fhágáil faoi na Ballstáit ar thaobh amháin agus, ar an taobh eile, an gá atá ann le dul i ngleic leis na bacainní atá tagtha chun cinn le himeacht ama sa bhealach ar shaoránaigh agus gnólachtaí agus iad ag iarraidh a gcearta sa Mhargadh Aonair a fheidhmiú.

Ní théann na bearta a bheartaítear sa Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na fadhbanna sainaitheanta a réiteach agus chun na cuspóirí sainaitheanta a ghnóthú. Maidir leis na costais infheistíochta tosaigh a bheidh ag baint le cumhdach faisnéise a shíneadh, aistriúcháin a sholáthar nó nósanna imeachta ar líne a bhunú, beifear in ann iad a mhaolú trí leas a bhaint as cistí AE. Ina theannta sin, cúiteofar na costais tosaigh mar gheall ar na coigiltí a shaothróidh gnólachtaí agus údaráis riaracháin náisiúnta araon san fhadtéarma.

Toisc gur deonach go hiomlán atá úsáid na tairsí aonair digití, ní leagtar leis an Rialachán seo aon oibleagáidí breise ar shaoránaigh agus gnólachtaí.

An rogha ionstraime

Tá an Rialachán seo bunaithe ar Airteagal 21(2) maidir leis na forálacha a bhaineann le saorghluaiseacht saoránach, ar Airteagal 48 maidir leis na forálacha a bhaineann le digitiú a dhéanamh ar nósanna imeachta áirithe a bhaineann le slándáil shóisialta, agus ar Airteagal 114(1) CFAE maidir le gach foráil eile atá dírithe ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair a fheabhsú trí rochtain trasteorann níos fearr a sholáthar ar fhaisnéis, cúnamh, seirbhísí réitigh fadhbanna agus ríomhnósanna imeachta. Ní hé amháin go neartaítear na forálacha Conartha sin leis an togra seo, déantar comhfhogasú leis freisin ar an reachtaíocht atá i bhfeidhm ag na Ballstáit maidir le cáilíocht na seirbhísí sin a thairgtear do shaoránaigh agus gnólachtaí a oibríonn ar bhonn trasteorann.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Tugadh faoi deara sa mheastóireacht ex post ar an gcreat (rialála agus neamhrialála) atá ann cheana agus atá ábhartha don tairseach aonair dhigiteach go bhfuil roinnt lochtanna ann ar na seirbhísí aonair a thairgtear. Tugadh faoi deara inti freisin nach bhfuil na seirbhísí sin sách éifeachtach, éifeachtúil ná comhleanúnach mar phacáiste seirbhísí do shaoránaigh agus gnólachtaí sa Mhargadh Aonair.

Tá an bonn á bhaint ó éifeachtacht na seirbhísí atá ann cheana mar gheall ar a dheacra atá sé teacht orthu ar líne, ar an ísealcháilíocht a bhaineann leo i gcoitinne agus ar an tearcúsáid a bhaintear astu dá bharr sin. Ní eol d’fhormhór na dtomhaltóirí agus na ngnólachtaí gurb ann d’aon seirbhísí cúnaimh ar líne ar leibhéal Eorpach.

Is beag inrochtaineacht trasteorann atá ann go fóill toisc go dtarlaíonn sé go minic go mbíonn faisnéis ar leibhéal náisiúnta easnamhach nó nach mbíonn sí ar fáil ach sa teanga náisiúnta. Tarlaíonn sé go minic freisin nach mbíonn úsáideoirí eachtracha in ann na nósanna imeachta atá ar fáil ar líne d’úsáideoirí náisiúnta a chur i gcrích. Ina theannta sin, tá an-éagsúlacht ann maidir le cáilíocht na seirbhísí agus lena dhírithe atá siad ar an úsáideoir.

I gcás seirbhísí a cruthaíodh le dlí ceangailteach AE, is cosúil gur róghinearálta atá na critéir cháilíochta (Ionaid Ilfhreastail) nó gur ar éigean is ann dóibh (Pointí Teagmhála do Tháirgí). Is beag rath a baineadh amach le critéir cháilíochta dheonacha bhreise go dtí seo freisin (an Chairt um Ionaid Ilfhreastail). Comhaontaíodh critéir cháilíochta le haghaidh seirbhísí a cruthaíodh le dlí neamhcheangailteach AE agus atá á mbainistiú ag an gCoimisiún (SOLVIT (an Gréasán um Fhadhbanna sa Mhargadh Inmheánach a Réiteach, An Eoraip Agatsa). Mar gheall ar chineál deonach na gcritéar sin, áfach, tá roinnt Ballstát i bhfách go hiomlán leo agus tá Ballstáit eile ina néadan. Mar thoradh air sin, is teoranta agus easnamhach an rochtain atá ag úsáideoirí eachtracha ar na seirbhísí sin go fóill.

Agus aird á tabhairt ar na coigiltí agus na tairbhí eile a sholáthraíonn siad do ghnólachtaí agus saoránaigh, meastar go bhfuil seirbhísí cúnaimh ar leibhéal AE i bhfad níos costéifeachtúla ná seirbhísí malartacha príobháideacha a bhfuil costas mór ag baint leo. Maidir lena éifeachtaí atá siad, áfach, níl seirbhísí cúnaimh ar leibhéal náisiúnta (ionaid ilfhreastail, pointí teagmhála do tháirgí agus pointí teagmhála do tháirgí foirgníochta) ag freastal ar ghnólachtaí chomh maith agus ba cheart dóibh. Ina theannta sin, fágann ísealcháilíocht a suíomhanna gréasáin go gcailleann na seirbhísí deiseanna chun an líon iarrataí a fhaigheann siad a laghdú trí fhaisnéis tosaigh níos fearr a sholáthar ar líne. Cailleann siad deiseanna chun bheith níos costéifeachtúla dá bharr sin freisin. Má chuireann na seirbhísí aonair a gcuid seirbhísí chun cinn faoi ainm coiteann branda, beidh acmhainneacht acu bheith níos éifeachtúla agus bheith níos “so-aimsithe” ar líne. Is fearr is féidir é sin a dhéanamh ar leibhéal AE.

Ba le gníomhaíocht ar leibhéal AE a cruthaíodh na hionstraimí uile a ndearnadh meastóireacht orthu sa chomhthéacs seo. Ní fheidhmítear iad i dteannta a chéile, áfach. Cé go gcuirtear sineirgí chun cinn leis an gcreat dlíthiúil, is amhlaidh nár shaothraigh na Ballstáit na sineirgí sin go leordhóthanach go fóill, go háirithe mar gheall nach bhfuil aon oibleagáidí ceangailteacha orthu déanamh amhlaidh agus mar gheall nach ann do struchtúr foriomlán rialachais i mBallstáit AE lena ndéanfaí measúnú ar gach ceann de na hionstraimí lena mbaineann agus lena náiritheofaí comhsheasmhacht na nionstraimí sin.

Is iad seo a leanas na bunchúiseanna le tearcfheidhmíocht na seirbhísí atá ann cheana: glacann siad cineálacha cur chuige atá bunaithe ar thearc-chumarsáid agus atá dírithe ar riarachán, ar nithe iad a chruthaíonn ilroinnt; rinne údaráis riaracháin ar leibhéal náisiúnta agus AE seirbhísí poiblí a dhearadh chun freastal ar a riachtanais féin agus ní ar úsáideoirí na seirbhísí; ní léirítear le réitigh theicniúla a dearadh cuid mhór blianta ó shin an dul chun cinn teicniúil atá déanta ó shin i leith ná an dea-chleachtas atá i réim sa lá atá inniu ann. Ina theannta sin, déanann údaráis riaracháin náisiúnta neamhshuim de riachtanais úsáideoirí nach náisiúnaigh iad.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Cuireadh tús leis an bpróiseas foriomlán comhairliúcháin ar an tairseach aonair dhigiteach i mí na Samhna 2015. Dúnadh an próiseas i mí na Nollag 2016. Áiríodh leis an bpróiseas ceardlann thiomnaithe le páirtithe leasmhara, comhairliúchán poiblí ar líne, agus roinnt díospóireachtaí déthaobhacha le páirtithe leasmhara agus na Ballstáit.

(a)Ceardlann ar an Tairseach Aonair Dhigiteach, Márta 2016

I measc na rannpháirtithe sa cheardlann bhí ionadaithe ó na hionaid ilfhreastail, Comhlachais Tráchtála agus údaráis náisiúnta. I dtuairimí na rannpháirtithe, tá cuid mhór fadhbanna ann maidir le rochtain ar fhaisnéis, an fháil ar ríomhnósanna imeachta agus rochtain ar sheirbhísí cúnaimh. Is cosúil go bhfuil fadhbanna den sórt sin ag teacht as bearnaí sa reachtaíocht, as an easpa faisnéise nó cúnaimh atá ar fáil agus as droch-chur chun feidhme na nionstraimí ag údaráis náisiúnta agus áitiúla.

Le linn na díospóireachta ar ríomhnósanna imeachta, thug na rannpháirtithe faoi deara go bhfuil sé an-doiligh ríomhnósanna imeachta a úsáid thar theorainneacha. Cé go bhfuil dea-dhul chun cinn déanta ag roinnt Ballstát maidir le seirbhísí ríomhrialtais a sholáthar dá náisiúnaigh féin, is annamh go fóill a aithnítear ríomhshínithe agus ríomh-shainaitheantais eachtracha. Fágann sé sin go bhfuil sé fós fíordhoiligh d’úsáideoirí eachtracha ríomhnósanna imeachta a rochtain.

(b)Comhairliúchán poiblí ar líne

Fuarthas 367 bhfreagra le linn an chomhairliúcháin phoiblí ar líne. Díobh sin, tháinig 45 % ó ghnólachtaí agus tháinig 45 % ó shaoránaigh. Fuarthas an 10 % eile ó údaráis phoiblí.

Tarraingíodh aird le linn an chomhairliúcháin go bhfuil formhór na ngnólachtaí agus na saoránach ar aon fhocal faoina thábhachtaí atá na príomhcholúin a chumhdófar leis an tionscnamh seo, go háirithe iad seo a leanas:

·an ga atá ann le faisnéis ar líne faoi na rialacha agus na nósanna imeachta atá i bhfeidhm i dtíortha eile AE: creideann 93 % de ghnólachtaí agus 92 % de shaoránaigh go bhfuil sé seo tábhachtach nó an-tábhachtach;

·rochtain ar ríomhnósanna imeachta: creideann 94 % de ghnólachtaí agus 92 % de shaoránaigh go bhfuil sé seo tábhachtach nó an-tábhachtach;

·rochtain ar sheirbhísí lena soláthraítear cúnamh ach é a iarraidh: creideann 88 % de ghnólachtaí agus 87 % de shaoránaigh go bhfuil sé seo tábhachtach nó an-tábhachtach.

(c)Malartuithe le páirtithe leasmhara agus na Ballstáit

Bailíodh tuairimí na bpáirtithe leasmhara le linn cuid mhór cruinnithe agus imeachtaí éagsúla, lenar áiríodh an éisteacht ar "Shaoránacht AE sa chleachtas" i Márta 2016, Tionól Bliantúil na bhFiontar Beag agus Meánmhéide i Lucsamburg i Samhain 2015 agus an díospóireacht le hIonadaithe Fiontar Beag agus Meánmhéide i mí Meitheamh agus i nDeireadh Fómhair 2016. Bailíodh iad freisin le linn díospóireachtaí déthaobhacha a tionóladh le linn na bliana 2016 le roinnt eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht do ghnólachtaí agus tomhaltóirí, amhail Eurochambres, EuroCommerce, BusinessEurope, comhlachais tráchtála náisiúnta, CEA-PME, Startup City Alliance Europe, etc.

Dheimhnigh eagraíochtaí éagsúla gnó go rachadh sé chun tairbhe do ghnólachtaí dá dtabharfaí gach uirlis faisnéise ar líne le chéile faoin aon bhrat amháin. Ina theannta sin, molann roinnt eagraíochtaí go bhforbrófaí ailtireacht choiteann le haghaidh faisnéise ar fud na mBallstát. Tugann páirtithe leasmhara gnó faoi deara gur gá gur leor an fhaisnéis chun gur féidir le daoine dul i mbun gníomhaíochtaí trasteorann go dleathach agus go náireofar léi faisnéis mhionsonraithe theicniúil agus faisnéis faoi na ceanglais rialála a bhaineann le tástáil agus tuairisciú, i measc cinn eile. Maidir le nósanna imeachta, áitíonn formhór na bpáirtithe leasmhara gnó gur cheart gach nós imeachta a bheith ar fáil go hiomlán ar líne, rud a sheachnódh diomailt acmhainní ama agus airgid araon.

Chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit tríd an Sainghrúpa ar an Treoir um Sheirbhísí (lena náirítear foghrúpa dá chuid Líonra EUGO), tríd an gCoiste um Aithint Fhrithpháirteach agus trí chruinnithe déthaobhacha le húdaráis náisiúnta. D’eisigh 17 mBallstát páipéar seasaimh inar iarradh go mbunófaí líonra de Thairseacha Aonair Digiteacha (tairseacha lánfheidhmiúla ríomhrialtais) chun cabhrú le gnólachtaí a ngníomhaíochtaí a thionscnamh, a mhéadú ó scála agus trádáil thar theorainneacha tríd an bhfaisnéis ar fad a theastaíonn uathu chun oibriú i mBallstát a sholáthar dóibh. Tá na Ballstáit i bhfách freisin leis an smaoineamh nár cheart ceangal ar ghnólachtaí ach dul trí phróiseas digiteach amháin chun iad féin a bhunú agus chun oibriú áit ar bith in AE.

Leagann formhór na mBallstát béim ar a thábhachtaí atá cáilíocht agus soláimhsitheacht na suíomhanna gréasáin a bheidh mar chuid den tairseach aonair dhigiteach agus tá siad i bhfách leis an togra chun lipéad cáilíochta a úsáid ina leith sin. Tá siad i bhfách freisin leis an smaoineamh gur cheart an fhaisnéis a bheith ar fáil d’úsáideoirí i gceann amháin eile ar a laghad de theangacha coiteanna AE. Thug na Ballstáit faoi deara go bhfuil infheistíocht shuntasach ag teastáil chun nósanna imeachta a chur ar fáil ar líne agus gurb amhlaidh, ó am go ham, go gcuireann an méid sin moill ar a nglacadh. Ba mhaith le formhór na mBallstát go mbeadh dáileadh soiléir ann idir freagrachtaí ar leibhéal náisiúnta agus freagrachtaí ar leibhéal AE. B’fhearr leo freisin gur ar údaráis náisiúnta a bheadh an fhreagracht as úinéireacht agus bainistíocht ábhair. Ba mhaith le formhór na mBallstát go nglacfadh an Coimisiún ról láidir comhordaithe ina leith seo, agus é ag díriú ar shainiú na gcuspóirí i ndáil le nuashonruithe, ábhar, fóint, etc.

Bailiú agus úsáid saineolais

Bonn fónta saineolais don togra seo ba ea an raon leathan staidéar agus suirbhéanna a chuir institiúidí AE agus páirtithe leasmhara i gcrích idir na blianta 2008 agus 2017 agus na comhairliúcháin fhairsinge a rinneadh le saineolaithe, na Ballstáit agus páirtithe leasmhara eile, lenar áiríodh an cheardlann thiomnaithe a reáchtáladh lena linn.

Measúnú tionchair

Rinneadh measúnú tionchair le linn an tionscnamh seo a ullmhú. Cuireadh an tuarascáil ar an measúnú tionchair isteach an athuair ina dhiaidh sin, rud inar cuireadh san áireamh na moltaí a rinne an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála sa tuairim dhiúltach tosaigh uaidh an 20 Eanáir 2017. Cuireadh san áireamh sa tuarascáil freisin na pointí breise a tharraing an Bord anuas sa tuairim dhearfach deiridh uaidh an 7 Márta 2017.

Breithníodh trí rogha beartais sa mheasúnú tionchair:

·Rogha 1: tairseacha gnólachtaí agus saoránach atá láraithe go náisiúnta, ar tairseacha iad lena bhforordaítear struchtúr lárnach faisnéise trí thairseacha aonair ar leibhéal náisiúnta agus AE ach lena nglactar cur chuige reachtaíocht boige i leith chur i bhfeidhm na nósanna imeachta ar líne. Ní bheartaítear aon réiteach ar leibhéal AE maidir le glacadh le doiciméid agus sonraí ó Bhallstáit eile. Ba cheart do gach Ballstát na trí phríomhphointe teagmhála gnó (do sheirbhísí agus earraí) a chumasc.

·Rogha 2: Cur chuige arna chomhordú ag AE, ar rud é lena dtugtar saoirse do na Ballstáit a chinneadh cén áit a soláthróidh siad an fhaisnéis riachtanach ar líne. Níor ghá dóibh ach nasc na suíomhanna gréasáin ábhartha a sholáthar do stór lárnach de chuid an Choimisiúin. Ina dhiaidh sin, bheadh saoráid choiteann cuardaigh in ann na naisc a bhailiú ón stór sin agus iad a chur i láthair an úsáideora tar éis dó/di cuardach a dhéanamh. Mar chuid den obair sin, d’fhorbrófaí "aimsitheoir seirbhísí cúnaimh" chun úsáideoirí a threorú chuig an tseirbhís cúnaimh cheart. Cé go mbeadh an tsaoráid cuardaigh teoranta d’ábhar na tairsí, d’fhéadfaí í a chomhtháthú i dtairseacha faisnéise agus leathanaigh ghréasáin ar leibhéal náisiúnta agus AE freisin. Leis an rogha seo, chuirfí oibleagáid ar na Ballstáit príomhnósanna imeachta áirithe a chur ar fáil go hiomlán ar líne do ghnólachtaí agus saoránaigh laistigh d’amchlár comhaontaithe.

·Rogha 3: Cur chuige atá lánláraithe ar fud AE: áit a soláthrófaí an fhaisnéis ar fad ar leibhéal náisiúnta agus AE trí bhunachar sonraí lárnach ar leibhéal AE. D’fhorordófaí leis an rogha seo go gcuirfí ar fáil ar líne an fiche príomhnós imeachta céanna mar atá i rogha 2, ach bheartófaí léi freisin go mbunófaí uirlis speisialta TF lena gcumasófaí do shaoráidí cúloifige údarás intíre agus údarás tíre óstaí obair i gcomhar le chéile chun freastal ar riachtanais an úsáideora eachtraigh (go háirithe maidir le fianaise a chur isteach). Bheadh sé éasca faisnéis agus nósanna imeachta a aimsiú ar an mbunachar sonraí lárnach. Chuirfí aimsitheoir coiteann cúnaimh (mar atá i rogha 2) i bhfeidhm chun cabhrú le seirbhísí cúnaimh a aimsiú.

Cé gur measadh go mbeadh rogha 1 ina réiteach éifeachtúil, measadh freisin nach mbeadh sé chomh héifeachtach sin toisc nach mbeadh aon dualgas éigeantach ann ar na Ballstáit na nósanna imeachta ar líne a chur i bhfeidhm, rud ar laige shuntasach é. Ní bheadh aon réiteach coiteann ann ach oiread ar an bhfadhb a bhaineann le fianaise a mhalartú ar bhonn trasteorann le haghaidh nósanna imeachta. Ina theannta sin, ní thabharfaí aghaidh go leordhóthanach ar an easpa inaimsitheachta atá ann toisc gurb amhlaidh, i bprionsabal, nach mbeifí in ann na saoráidí cuardaigh ar na tairseacha náisiúnta gnó a úsáid chun freastal ar chuardaigh i ngach teanga AE. Ar deireadh, bheadh forfheidhmiú na gcritéar cáilíochta níos anásta fós toisc nach mbeadh aon uirlis choiteann ann chun faireachán a dhéanamh ar cháilíocht. Ar na cúiseanna sin, thángthas ar an gconclúid nár dhóigh go mbeifí in ann leas a bhaint as an rogha seo chun aghaidh a thabhairt go leordhóthanach ar riachtanais úsáideoirí.

Ba ag rogha 3 a bhí na scóir ab airde i bhfad maidir le freastal ar riachtanais úsáideoirí. Mar gheall ar an gcur chuige lánláraithe a bheadh i gceist léi, bheifí in ann a rathú go gcuirfí faisnéis i láthair ar bhealach comhchuibhithe agus d’áiritheofaí go mbeadh úsáideoirí in ann an fhaisnéis atá á lorg acu a aimsiú go héasca. Dhéanfaí nósanna imeachta comhchuibhithe ar fud AE a dhearadh chun bheith lán-inrochtana ag úsáideoirí trasteorann. Laige shuntasach sa rogha seo, áfach, is ea an easpa indéantachta atá ag baint léi toisc gur beag tacaíocht atá ag cur chuige láraithe den sórt sin i measc na mBallstát. Ina theannta sin, níor measadh, tríd is tríd, go mbeadh an rogha chomh héifeachtúil sin toisc go mbeadh costas suntasach agus dúbláil shuntasach araon i gceist léi.

Ba í rogha 2 an ceann a roghnaíodh toisc go soláthraítear léi ráthaíochtaí leordhóthanacha maidir le hin-fhorfheidhmitheacht mar go núsáidfí uirlis choiteann aiseolais úsáideoirí chun faireachán a dhéanamh ar chumhdach agus cáilíocht. Meastar gur leis an rogha sin a thugtar an seans is fearr chun na cuspóirí a ghnóthú ar bhealach éifeachtúil comhréireach agus chun na tairbhí a uasmhéadú do na páirtithe leasmhara ag an am céanna. Beidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit obair go han-dlúth le chéile má tá siad chun gach ceann de na ceanglais dhifriúla atá i gceist a chur chun feidhme go héifeachtach agus ar bhealach céim ar chéim.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Éascófar leis an Rialachán seo an rochtain atá ag gnólachtaí, fiontair bheaga agus mheánmhéide ina measc, ar an Margadh Aonair trí laghdú suntasach a dhéanamh ar na costais idirbhirt a bhaineann le seirbhísí a sholáthar nó earraí a dhíol i mBallstáit eile. Má tá rochtain níos fearr ann ar an Margadh Aonair, is amhlaidh go gcruthófar tuilleadh barainneachtaí scála agus réimse agus go méadófar iomaíochas agus costéifeachtúlachtaí i measc gnólachtaí ag an am céanna. Chomh maith leis sin, freagraítear leis an togra seo don iarraidh ó Ardán REFIT le déanaí go mbunófaí ionad ilfhreastail ar a mbeadh faisnéis shoiléir agus seirbhísí comhordaithe do ghnólachtaí i ngach Ballstát agus go saineofaí na híoschritéir choiteanna cháilíochta maidir le hábhar agus feidhmiú gach tairsí agus maidir lena leibhéal comhtháthaithe leis an tairseach aonair dhigiteach.

Cearta bunúsacha

Leis an togra seo, comhlíontar agus cuirtear chun cinn na cearta a chumhdaítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha, go háirithe an ceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát (Airteagal 45); an ceart chun staidéar a dhéanamh (Airteagal 14), an ceart chun fostaíocht a lorg agus chun obair a dhéanamh agus an ceart chun gnóthas a chur ar bun agus seirbhísí a sholáthar in aon Bhallstát a fheidhmiú (Airteagal 15). Chomh maith leis sin, tugtar aghaidh leis an Rialachán ar idirdhealú – idirdhealú indíreach san áireamh – a dhéanamh idir náisiúnaigh an Bhallstáit féin agus náisiúnaigh de chuid Ballstát eile toisc go ndéantar bearta leis chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis ar an tairseach ar fáil i dteanga eile seachas teanga náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann agus go gcuirfear nósanna imeachta ar fáil d’úsáideoirí ó Bhallstáit eile (Airteagal 21(2) den Chairt agus Airteagal 18 CFAE).

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Is cothrom le EUR 109 milliún na costais infheistíochta tosaigh a bheadh ag baint leis an Rialachán seo a chur chun feidhme. Bheadh costais reatha bhliantúla ar fiú thart ar EUR 8 milliún iad i gceist do na Ballstáit uile agus don Choimisiún. Dhéanfaí na costais infheistíochta tosaigh a fhritháireamh go páirteach laistigh de bhliain amháin toisc go mbainfeadh gnólachtaí trasteorann coigiltí amach trí tháillí breise aistriúcháin agus deimhnithe agus costais chomhairleachta a sheachaint. Meastar gur fiú EUR 86 mhilliún iad na costais sin. Maidir leis na tíortha ag a bhfuil an líon is ísle nósanna imeachta ar líne, bheadh costas EUR 6.6 milliún ag baint leis na nósanna imeachta atá fágtha a dhigitiú. Chun an costas sin a chur i gcomhthéacs, tá sé sin cothrom le 2 % go 4 % den chistiú atá leithdháilte acu ar an ríomhrialtas faoi Chistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa 2014-2020.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Molfar plean cur chun feidhme do na Ballstáit, ina mionsonrófar na gníomhartha is gá a dhéanamh chun seoladh tráthúil na tairsí aonair digití a áirithiú. Luaitear sa Rialachán go gcuirfear tuarascáil measúnaithe ar fheidhmiú na tairsí aonair digití agus ar bhacainní sainaitheanta sa Mhargadh Aonair faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle dhá bhliain tar éis ghlacadh an Rialacháin agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin. Chomh maith leis sin, tá sé beartaithe meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán cúig bliana tar éis a theacht i bhfeidhm. Tá grúpa comhordaithe na tairsí aonair digití ina chomhlacht lárnach comhordaithe laistigh de struchtúr rialachais na tairsí aonair digití agus tabharfaidh sé cúnamh don Choimisiún maidir le faireachán a dhéanamh ar an tairseach agus ar staid chur i bhfeidhm an Rialacháin.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Sonraítear in Airteagal 1 ábhar an Rialacháin atá beartaithe.

Bunaítear an tairseach aonair dhigiteach agus sainítear raon feidhme na tairsí in Airteagal 2. Soiléirítear ann go soláthraítear leis an tairseach faisnéis faoi chearta, oibleagáidí agus rialacha a bhaineann leis an margadh inmheánach agus a bhfuil feidhm acu maidir le húsáideoirí na tairsí sna réimsí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo; go soláthraítear leis an tairseach faisnéis d’úsáideoirí faoi nósanna imeachta arna mbunú sna réimsí a liostaítear in Iarscríbhinn I agus go soláthraítear léi naisc chuig na nósanna imeachta sin; agus, ar deireadh, go soláthraítear leis an tairseach faisnéis faoi sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna, mar a liostaítear in Iarscríbhinn III agus dá dtagraítear in Airteagal 6 den Rialachán seo, lena gcabhraítear le húsáideoirí an fhaisnéis a thuiscint nó nósanna imeachta ábhartha a chur i gcrích, agus go soláthraítear léi rochtain ar na seirbhísí sin.

Leagtar na sainmhínithe ábhartha don Rialachán amach in Airteagal 3.

Le hAirteagal 4 cuirtear oibleagáidí ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún i ndáil le soláthar faisnéise.

Athdhaingnítear in Airteagal 5 prionsabal an neamh-idirdhealaithe i ndáil le nósanna imeachta ar líne trí cheangal ar na Ballstáit nósanna imeachta ar líne atá ann cheana a chur ar fáil d’úsáideoirí ó Bhallstáit eile. Ceanglaítear ann freisin ar na Ballstáit a áirithiú go bhféadfar na 13 nós imeachta a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán a chur i gcrích go hiomlán ar líne. Soiléirítear ann an bhrí atá le “nós imeachta atá go hiomlán ar líne” freisin.

Le hAirteagal 6 ceadaítear do na Ballstáit an raon seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna atá ar fáil a leathnú trí sheirbhísí a dtairgeann eintitis phríobháideacha nó leathphríobháideacha iad a chur ar áireamh sa tairseach. Ní fhéadfaidh siad déanamh amhlaidh ach faoi choinníollacha áirithe, áfach.

Sonraítear in Airteagal 7 go hAirteagal 9 na critéir cháilíochta a bhaineann le soláthar faisnéise, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh a nascfar chucu tríd an tairseach.

Bunaítear in Airteagal 10 ceanglais ghinearálta cháilíochta a bhaineann le nósanna imeachta ar líne.

Soiléirítear in Airteagal 11 na coinníollacha ba cheart a chomhlíonadh leis na nósanna imeachta ar líne ionas go mbeidh úsáideoirí nach náisiúnaigh iad in ann iad a rochtain amhail treoracha a bheith ar fáil i dteanga eile seachas an teanga náisiúnta; gan úsáid a bhaint as formáidí náisiúnta sonraí; ríomh-shainaitheantas, ríomhshínithe agus ríomhshéalaí a aithint; agus fianaise a bheith ar fáil i bhformáid leictreonach. Foráiltear san Airteagal seo do Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) a úsáid chun barántúlacht fianaise a fhíorú.

Foráiltear in Airteagal 12 do shásra le haghaidh fianaise a mhalartú go leictreonach ar iarraidh shainráite ón úsáideoir. Tugtar san Airteagal de chumhacht don Choimisiún feidhmiúlachtaí teicniúla aon sásra den sórt sin a shonrú.

Sonraítear in Airteagal 13 na critéir cháilíochta a bhaineann leis na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna.

Bunaítear in Airteagal 14 an sásra le haghaidh faireachán a dhéanamh ar cháilíocht na faisnéise, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh a nascfar chucu tríd an tairseach. Sonraítear ann freisin na bearta a fhéadfaidh an Coimisiún a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna cáilíochta.

Sonraítear in Airteagal 15 go hAirteagal 18 na réitigh theicniúla lena gcumasófar don tairseach an cuspóir atá léi a chomhlíonadh agus na freagrachtaí ábhartha a bheidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a mhíniú.

In Airteagail 19 agus 20, pléitear le hainm na tairsí agus bunaítear an creat le haghaidh chur chun cinn comhordaithe na tairsí.

In Airteagal 21 go hAirteagal 23, rialáiltear an dóigh a mbaileofar sonraí staidrimh agus aiseolas úsáideoirí agus ceanglaítear ar an gCoimisiún uirlis sholáimhsithe a chruthú lena gcumasófar d’úsáideoirí na tairsí na bacainní ar a gcearta margaidh inmheánaigh a chur in iúl.

In Airteagal 24, ceanglaítear ar na Ballstáit comhordaitheoirí náisiúnta a cheapadh agus cuirtear freagrachtaí sonracha a bhaineann leis an tairseach ar a niontaoibh.

Bunaítear in Airteagal 25 grúpa comhordaithe na tairsí.

Soiléirítear in Airteagal 26 na cúraimí a bheidh ar ghrúpa comhordaithe na tairsí.

Foráiltear in Airteagal 27 do chlár oibre bliantúil a ghlacadh mar uirlis chun tacú le cur chun feidhme an Rialacháin seo.

Pléitear in Airteagal 28 leis na costais a bhaineann leis an tairseach a fhorbairt, a chothabháil agus a chur chun cinn agus iad sin a bhaineann le faisnéis a aistriú ar shuíomhanna gréasáin náisiúnta.

Sonraítear in Airteagal 29 na ceanglais i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil faoi chuimsiú an Rialacháin seo.

Leagtar síos in Airteagal 30 na rialacha mionsonraithe maidir le comhar idir an tairseach agus na líonraí faisnéise agus cúnaimh arna mbunú le dlí an Aontais.

Mínítear in Airteagal 31 an gaol idir an Rialachán seo agus gníomhartha eile de chuid an Aontais.

Ceadaítear in Airteagal 32 IMI a úsáid chun críche an Rialacháin seo.

Iarrtar in Airteagal 33 ar an gCoimisiún tuairisc thréimhsiúil a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar fheidhmiú na tairsí agus an mhargaidh inmheánaigh.

Rialáiltear in Airteagal 34 feidhmiú na gcumhachtaí tarmligthe a thugtar don Choimisiún in Airteagal 21.

In Airteagal 35, bunaítear an coiste coisteolaíochta agus tagraítear do na cumhachtaí cur chun feidhme a thugtar don Choimisiún sa Rialachán seo.

Foráiltear in Airteagal 36 do Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 maidir le IMI a leasú.

Pléitear in Airteagal 37 le teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Liostaítear in Iarscríbhinn I na réimsí faisnéise atá ábhartha do shaoránaigh agus gnólachtaí atá ag feidhmiú a gceart margaidh inmheánaigh dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(a).

Foráiltear in Iarscríbhinn II do liosta nósanna imeachta ar cheart d’úsáideoirí bheith in ann iad a chur i gcrích go hiomlán ar líne, mar a fhoráiltear dó in Airteagal 5(2).

Liostaítear in Iarscríbhinn III na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna ar cheart iad a bheith inrochtana tríd an tairseach, mar a leagtar síos in Airteagal 2(2)(c).

2017/0086 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tairseach aonair dhigiteach a bhunú chun faisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 21(2), 48 agus Airteagal 114(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 14 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 15 ,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Tá an Margadh Aonair ar cheann de na héachtaí is inbhraite de chuid na hEorpa. Trí shaorghluaiseacht daoine, earraí, seirbhísí agus caipitil a éascú, cruthaíonn an Margadh Aonair deiseanna nua do shaoránaigh agus gnólachtaí araon. Gníomh tábhachtach faoin Straitéis don Mhargadh Aonair 16 is ea an Rialachán seo. Tá sé mar chuspóir leis lánacmhainneacht an Mhargaidh Aonair a bhaint amach trína éascú do shaoránaigh agus gnólachtaí gluaiseacht laistigh d’AE,trádáil a dhéanamh, iad féin a bhunú agus a ngnólachtaí a leathnú thar theorainneacha.

(2)Aithnítear sa Teachtaireacht maidir leis an Margadh Aonair Digiteach 17 an ról atá ag an Idirlíon agus ag teicneolaíochtaí digiteacha maidir le claochlú a dhéanamh ar an saol seo againn agus ar an dóigh a noibrímid trí chuid mhór deiseanna a éascú le haghaidh nuálaíochta, fáis agus fostaíochta. Aithnítear sa Teachtaireacht go bhféadfaí freastal ar bhealach níos fearr ar na riachtanais atá ag saoránaigh agus gnólachtaí ina dtír féin agus thar theorainneacha araon trí leathnú agus comhtháthú a dhéanamh ar na tairseacha, na líonraí, na seirbhísí agus na córais Eorpacha atá ann cheana agus trí iad a nascadh le “Tairseach Aonair Dhigiteach”. De réir Phlean Gníomhaíochta Ríomhrialtais an Aontais 2016-2020 18 , beidh an tairseach aonair dhigiteach ar cheann de na gníomhaíochtaí a rachaidh an tAontas ina mbun sa bhliain 2017. Meastar sa tuarascáil ar Shaoránacht AE 19  go bhfuil an tairseach aonair dhigiteach ina hábhar tosaíochta do chearta saoránachta an Aontais.

(3)Tá sé éilithe ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle arís agus arís eile go soláthrófaí pacáiste faisnéise agus cúnaimh níos cuimsithí agus níos soláimhsithe chun cabhrú le gnólachtaí a mbealach a dhéanamh tríd an Margadh Aonair agus go ndéanfaí uirlisí an Mhargaidh Aonair a neartú agus a shruthlíniú chun freastal níos fearr ar na riachtanais atá ag saoránaigh agus gnólachtaí ina gcuid gníomhaíochtaí trasteorann.

(4)Leis an Rialachán seo, freagraítear do na héilimh sin trí rochtain éasca a thairiscint do shaoránaigh agus gnólachtaí ar an bhfaisnéis, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a theastaíonn uathu ionas gur féidir leo a gcearta a fheidhmiú sa mhargadh inmheánach. Bunaítear leis an Rialachán seo tairseach aonair dhigiteach ina mbeidh ról tábhachtach ag an gCoimisiún agus na húdaráis inniúla maidir leis na cuspóirí sin a ghnóthú.

(5)Liostaítear sa Rialachán seo na réimsí faisnéise atá ábhartha do shaoránaigh agus gnólachtaí atá ag feidhmiú a gceart sa mhargadh inmheánach agus ba cheart ceangal a chur leis ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar faisnéis laistigh de na réimsí sin a chumhdach go hiomlán ar shuíomhanna gréasáin agus tairseacha ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Ina theannta sin, ní hé amháin gur cheart míniú a thabhairt san fhaisnéis ar na rialacha agus na hoibleagáidí a bhfuil feidhm acu maidir le saoránaigh agus gnólachtaí, ach ba cheart míniú a thabhairt inti freisin ar na nósanna imeachta nach mór do shaoránaigh agus gnólachtaí iad a chur i gcrích chun na rialacha agus na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh. Ba cheart cur síos a dhéanamh san fhaisnéis freisin ar na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna ar féidir le saoránaigh agus gnólachtaí dul ina muinín i gcás ina bhfuil fadhbanna acu leis an bhfaisnéis a thuiscint, leis an bhfaisnéis a chur i bhfeidhm maidir lena gcás féin nó le nós imeachta a chur i gcrích.

(6)Toisc go saothraítear trí chuspóir leis an tionscnamh seo – is iad sin, laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin breise atá ar shaoránaigh agus gnólachtaí a oibríonn i mBallstáit eile nó atá ag iarraidh oibriú i mBallstáit eile i gcomhréir go hiomlán le rialacha agus nósanna imeachta náisiúnta, deireadh a chur le hidirdhealú, agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú i ndáil le soláthar faisnéise, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna – agus toisc nach féidir a mheas gur nithe teagmhasacha iad na gnéithe a bhaineann le saorghluaiseacht saoránach agus slándáil shóisialta a chumhdaítear leis, ba cheart an tionscnamh seo a bhunú ar Airteagail 21(2), 48 agus 114(1) CFAE.

(7)Ionas go mbeidh saoránaigh agus gnólachtaí an Aontais in ann leas a bhaint as a gceart chun saorghluaiseachta laistigh den mhargadh inmheánach, ba cheart don Aontas bearta sonracha a ghlacadh lena dtabharfaí rochtain éasca do shaoránaigh agus gnólachtaí ar fhaisnéis chuimsitheach iontaofa faoina gcearta arna gcruthú le dlí an Aontais agus ar fhaisnéis faoi na rialacha agus na nósanna imeachta náisiúnta is infheidhme a gceanglófar orthu iad a chomhlíonadh i gcás ina mbogann siad go Ballstát eile nó i gcás ina gcónaíonn siad, ina ndéanann siad staidéar nó ina ndéanann siad gnó a bhunú nó a dhéanamh i mBallstát eile. Ní hé amháin gur cheart an fhaisnéis a sholáthrófar ar leibhéal náisiúnta bheith bainteach le rialacha náisiúnta lena gcuirtear dlí an Aontais chun feidhme, ach ba cheart í a bheith bainteach freisin le haon rialacha náisiúnta eile is infheidhme i leith saoránaigh agus gnólachtaí náisiúnta ó Bhallstáit eile araon.

(8)Tá sé soiléir go mbíonn saoránaigh agus gnólachtaí ('úsáideoirí') ó Bhallstáit eile faoi mhíbhuntáiste ó am go ham mar gheall ar an easpa eolais atá acu ar na rialacha agus na córais riaracháin náisiúnta, ar na difríochtaí atá ann sna teangacha a úsáidtear agus ar a fhada atá siad ar shiúl ó na húdaráis phoiblí i mBallstáit eile. Is é an bealach is éifeachtúla chun laghdú a dhéanamh ar na bacainní iarmhartacha ar an margadh inmheánach rochtain a thabhairt d’úsáideoirí trasteorann ar fhaisnéis ar líne i dteanga a thuigeann siad, úsáideoirí trasteorann a chumasú nósanna imeachta le haghaidh comhlíonadh rialacha náisiúnta a chur i gcrích go hiomlán ar líne agus cúnamh a chur ar fáil d’úsáideoirí trasteorann i gcás nach bhfuil na rialacha agus na nósanna imeachta sách soiléir nó i gcás ina dtagann siad ar bhacainní ar a gcearta a fheidhmiú.

(9)Díríodh i roinnt gníomhartha de chuid an Aontais cheana ar réitigh a sholáthar trí ionaid ilghnó a chruthú ar bhonn earnála, lenar náirítear na hIonaid Ilfhreastail a bunaíodh leis an Treoir um Sheirbhísí 20 chun faisnéis, seirbhís cúnaimh agus rochtain ar nósanna imeachta atá ábhartha do sholáthar seirbhísí a thairiscint ar líne; na Pointí Teagmhála do Tháirgí 21 agus na Pointí Teagmhála do Tháirgí Foirgníochta 22 a bunaíodh chun rochtain a sholáthar ar rialacha teicniúla atá táirge-shonrach; agus na Lárionaid Chúnaimh um Cháilíochtaí Gairmiúla 23 a bunaíodh chun cabhrú le gairmithe bogadh thar theorainneacha. Ina theannta sin, cuireadh líonraí amhail Lárionaid Eorpacha do Thomhaltóirí ar bun chun tuiscint a chur chun cinn ar chearta tomhaltóirí an Aontais agus chun cabhrú le gearáin a réiteach faoi earraí a ceannaíodh i mBallstáit eile laistigh den líonra le linn taisteal nó siopadóireacht a dhéanamh ar líne. Ina theannta sin, is é aidhm SOLVIT (an Gréasán um Fhadhbanna sa Mhargadh Inmheánach a Réiteach) 24 réitigh éifeachtacha neamhfhoirmiúla a sholáthar go gasta do dhaoine aonair agus gnólachtaí nuair a dhiúltaíonn údaráis phoiblí iad faoina gcearta Aontais laistigh den mhargadh inmheánach. Ar deireadh, bunaíodh roinnt tairseacha faisnéise amhail An Eoraip Agatsa, i dtaca leis an margadh inmheánach, agus an Tairseach don r-Cheartas, i dtaca le réimse an cheartais chun úsáideoirí a chur ar an eolas faoi rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta.

(10)Toisc gur bhain na gníomhartha sin le hearnálacha ar leith, tá an fhaisnéis agus na seirbhísí cúnaimh a sholáthraítear ar líne agus na nósanna imeachta atá ar fáil ar líne do shaoránaigh agus gnólachtaí ag leanúint de bheith il-roinnte. Tá neamhréireachtaí in infhaighteacht na faisnéise agus nósanna imeachta ar líne, tá ardcháilíocht de dhíth ar na seirbhísí ar dhroch-cháilíocht agus is beag feasacht atá ann ar an bhfaisnéis agus na seirbhísí cúnaimh sin. Tá fadhbanna ann freisin maidir le hinaimsitheacht agus inrochtaineacht na seirbhísí d’úsáideoirí nach náisiúnaigh iad rud a leanann de bheith ina ábhar mór imní.

(11)Ba cheart ionad ilfhreastail a bhunú leis an Rialachán seo, ar ionad é trínar cheart do shaoránaigh agus gnólachtaí bheith in ann rochtain a fháil ar fhaisnéis faoi na rialacha agus na ceanglais nach mór dóibh iad a chomhlíonadh, de bhua dhlí an Aontais agus/nó an dlí náisiúnta. Leis an tairseach, ba cheart simpliú a dhéanamh ar an teagmháil a bhíonn ag saoránaigh agus gnólachtaí leis na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna arna mbunú ar leibhéal an Aontais nó ar leibhéal náisiúnta agus ba cheart é a dhéanamh níos éifeachtaí chomh maith. Ba cheart rochtain ar na nósanna imeachta agus cur i gcrích na nósanna imeachta a éascú leis an tairseach freisin. Dá bhrí sin, ba cheart ceangal sa Rialachán seo ar na Ballstáit úsáideoirí a chumasú nósanna imeachta áirithe a chur i gcrích go hiomlán ar líne, ar nósanna imeachta iad atá an-tábhachtach d’fhormhór na saoránach agus na ngnólachtaí a bhogann thar theorainneacha, an méid sin a dhéanamh gan dul i bhfeidhm in aon slí ar na ceanglais shubstainteacha atá ann cheana de bhua dhlí an Aontais agus/nó an dlí náisiúnta laistigh de na réimsí beartais sin. Sa chomhthéacs sin, ba cheart tacú sa Rialachán seo le leas a bhaint as an bprionsabal “gan faisnéis a sholáthar ach uair amháin” chun críche fianaise a mhalartú idir údaráis inniúla i mBallstáit dhifriúla.

(12)Ba cheart an tairseach a bheith soláimhsithe agus dírithe ar an úsáideoir agus ba cheart saoránaigh agus gnólachtaí a chumasú léi idirghníomhú le húdaráis riaracháin ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais trí dheis a thabhairt dóibh aiseolas a thabhairt i ndáil leis na seirbhísí a thairgtear tríd an tairseach agus i ndáil le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh de réir a neispéiris féin araon. Leis an uirlis aiseolais, ba cheart an túsáideoir a chumasú aird a tharraingt ar fhadhbanna, easnaimh agus riachtanais a mheastar a bheith ann ar mhaithe le feabhas leanúnach ar cháilíocht na seirbhísí a chur chun cinn.

(13)Beidh rath na tairsí ag brath ar an gCoimisiún agus na Ballstáit a bheith ag obair i gcomhar le chéile. Ba cheart comhéadan coiteann úsáideora a bheith san áireamh sa tairseach agus ba cheart an comhéadan sin a chomhtháthú leis an tairseach An Eoraip Agatsa atá ann cheana a ndéanfaidh an Coimisiún bainistiú air.. Ba cheart leas a bhaint as an gcomhéadan coiteann úsáideora chun naisc a sholáthar chuig faisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh nó réitigh fadhbanna atá ar fáil ar thairseacha arna mbainistiú ag na húdaráis inniúla sna Ballstáit agus ag an gCoimisiún. Chun úsáid na tairsí a éascú, ba cheart an comhéadan úsáideora a bheith ar fáil i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais. Chun tacú le feidhmiú na tairsí, ba cheart úsáid a bhaint as uirlisí teicniúla arna bhforbairt ag an gCoimisiún i gcomhar leis na Ballstáit.

(14)Sa Chairt um Ionaid Ilfhreastail (PSCanna) leictreonacha faoin Treoir um Sheirbhísí 25 , thug na Ballstáit gealltanas deonach go nglacfaidís cur chuige atá dírithe ar an úsáideoir i leith faisnéis a sholáthar trí na PSCanna d'fhonn freastal ar réimsí lena mbaineann tábhacht ar leith do ghnólachtaí, lena náirítear CBL, cánacha ioncaim, slándáil shóisialta agus ceanglais dhlí an tsaothair. Bunaithe ar an gCairt agus ar an eispéireas leis an tairseach An Eoraip Agatsa, ba cheart tuairisc a thabhairt san fhaisnéis freisin ar na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna ar féidir le saoránaigh agus gnólachtaí dul ina muinín i gcás ina bhfuil fadhbanna acu an fhaisnéis a thuiscint, an fhaisnéis a chur i bhfeidhm maidir lena gcás féin nó nós imeachta a chur i gcrích.

(15)Leis an Rialachán seo, ba cheart feabhas a chur ar an ngné margaidh inmheánaigh de na nósanna imeachta ar líne trí sheasamh le prionsabal ginearálta an neamh-idirdhealaithe i ndáil leis an rochtain atá ag saoránaigh nó gnólachtaí ar nósanna imeachta atá bunaithe ar leibhéal náisiúnta cheana féin ar bhonn an dlí náisiúnta nó dhlí an Aontais. Maidir le húsáideoirí nach gcónaíonn i mBallstát nó nach bhfuil bunaithe i mBallstát, ba cheart dóibh bheith in ann nósanna imeachta ar líne a rochtain agus a chur i gcrích gan aon bhacainní amhail réimsí foirme lena néilítear uimhreacha teileafóin náisiúnta nó cóid phoist náisiúnta, córais nach nglacann le híocaíochtaí trasteorann nuair atáthar ag iarraidh táillí a íoc, an easpa mínithe mionsonraithe atá ar fáil i dteanga eile seachas an teanga náisiúnta nó na teangacha náisiúnta, an easpa deiseanna atá ann chun fianaise leictreonach ó údaráis atá lonnaithe i mBallstát eile a chur isteach, agus an glacadh íseal le modhanna ríomh-shainaitheantais arna neisiúint i mBallstáit eile.

(16)Leis an Rialachán seo, ba cheart cur leis an Rialachán maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach 26 , ar rialachán é lena leagtar síos coinníollacha faoina sainaithneoidh na Ballstáit modhanna áirithe ríomh-shainaitheantais do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha a thagann faoi scéim ríomh-shainaitheantais Ballstáit eile ar tugadh fógra ina leith. Ó dháta cur i bhfeidhm an rialacháin sin i leith, ba cheart d’úsáideoirí bheith in ann a modhanna ríomh-shainaitheantais agus ríomh-fhíordheimhnithe a úsáid chun oibriú ar bhonn trasteorann agus chun idirghníomhú go leictreonach le húdaráis inniúla.

(17)Ceanglaítear le roinnt gníomhartha earnála de chuid an Aontais, amhail an Treoir um Sheirbhísí 27 , an Treoir maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla 28 agus na Treoracha um Sholáthar Poiblí 29 , go gcuirfear nósanna imeachta ar fáil go hiomlán ar líne. Ba cheart a cheangal leis an Rialachán seo go gcuirfear roinnt príomhnósanna imeachta do shaoránaigh agus gnólachtaí araon ar fáil go hiomlán ar líne freisin.

(18)Ionas go mbeidh saoránaigh agus gnólachtaí in ann tairbhe dhíreach a bhaint as buntáistí an mhargaidh inmheánaigh gan aon ualach riaracháin breise neamhriachtanach a bheith orthu, ba cheart a cheangal leis an Rialachán seo go ndéanfar an comhéadan úsáideora atá ar bun do phríomhnósanna imeachta áirithe a dhigitiú go hiomlán d’úsáideoirí trasteorann. Liostaítear na príomhnósanna imeachta sin in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, áit a leagtar amach freisin na critéir maidir le cad is nós imeachta atá ar fáil go hiomlán ar líne ann. Tá "clárú gníomhaíochta gnó" ar cheann de na príomhnósanna imeachta sin atá ábhartha go háirithe do ghnólachtaí. Níor cheart na nósanna imeachta atá taobh thiar de chuideachtaí nó gnólachtaí a bhunú mar eintitis dhlíthiúla a chumhdach leis an Rialachán seo, áfach, toisc gur gá cur chuige cuimsitheach atá dírithe ar réitigh dhigiteacha a éascú ar fud saolré cuideachta a ghlacadh i leith nósanna imeachta den sórt sin. Nuair a bhunaíonn gnólachtaí iad féin i mBallstát eile, ceanglaítear orthu clárú le scéim slándála sóisialta agus scéim árachais ionas gur féidir leo a bhfostaithe a chlárú dóibh agus ranníocaíochtaí a íoc isteach iontu. Is nósanna imeachta coiteanna iad sin do gach gnólacht atá ag oibriú in aon earnáil den gheilleagar. Is cuí, mar sin, a cheangal go gcuirfear an dá nós imeachta clárúcháin sin ar fáil ar líne.

(19)I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh, mar gheall ar staid reatha na forbartha teicniúla, gur ghá d’úsáideoirí nós imeachta teacht i láthair go pearsanta os comhair údarás inniúil go fóill mar chuid den nós imeachta ar líne, go háirithe nuair atá pas nó cárta aitheantais ina bhfuil sonraí bithmhéadracha á niarraidh nó á nathnuachan acu. Ba cheart aon eisceacht ina leith sin a theorannú do chásanna nach ann don teicneolaíocht dhigiteach a theastaíonn chun cuspóir an nós imeachta a ghnóthú iontu.

(20)Níor cheart cur isteach leis an Rialachán seo ar inniúlachtaí na núdarás náisiúnta i gcéimeanna difriúla d’aon nós imeachta, lena náirítear na sreafaí oibre nós imeachta laistigh dá núdaráis inniúla agus idir a núdaráis inniúla, is cuma cé acu atá na nósanna imeachta sin digitithe nó nach bhfuil.

(21)Níor cheart difear a dhéanamh leis an Rialachán seo do na rialacha comhordaithe slándála sóisialta a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 30 agus i Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 31 . Is rialacháin iad sin lena sainítear na cearta atá ag daoine árachaithe agus institiúidí slándála sóisialta agus na hoibleagáidí atá orthu, mar aon leis na nósanna imeachta is infheidhme i réimse an chomhordaithe slándála sóisialta.

(22)Cuireadh roinnt líonraí agus seirbhísí ar bun ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais chun cabhrú le saoránaigh agus gnólachtaí a ngníomhaíochtaí trasteorann a sheoladh. Maidir leis na seirbhísí sin, lena náirítear na Lárionaid Eorpacha do Thomhaltóirí, An Eoraip Agatsa – Comhairle, SOLVIT, an Deasc Chabhrach um Chearta Maoine Intleachtúla, Europe Direct agus an Líonra Fiontar Eorpach, tá sé tábhachtach go mbeidh siad mar chuid den tairseach aonair dhigiteach chun a áirithiú go mbeidh gach úsáideoir féideartha in ann iad a aimsiú. Ba le gníomhartha ceangailteacha de chuid an Aontais a bunaíodh na seirbhísí sin a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo. Is ar bhonn deonach a fheidhmíonn na seirbhísí eile. Ba cheart na seirbhísí a bunaíodh le gníomhartha ceangailteacha a bheith faoi cheangal ag na critéir cháilíochta a leagtar síos sa Rialachán seo. Maidir leis na seirbhísí eile, ba cheart dóibh a roghnú na ceanglais cháilíochta sin a chomhlíonadh má tá siad ag iarraidh go gcuirfí a seirbhísí ar fáil tríd an tairseach.

(23)Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún a chinneadh, faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo, seirbhísí náisiúnta eile cúnaimh nó réitigh fadhbanna a soláthraíonn údaráis inniúla nó eintitis phríobháideacha nó leathphríobháideacha iad a chur leis an tairseach. I bprionsabal, ba cheart d’údaráis inniúla bheith freagrach as cúnamh a thabhairt do shaoránaigh agus gnólachtaí maidir le haon cheisteanna atá acu faoi na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme má tharlaíonn sé nach féidir le seirbhísí ar líne déileáil go hiomlán leo. I réimsí an-speisialaithe agus i gcás ina bhfreastalaíonn seirbhísí de chuid comhlachtaí príobháideacha nó leathphríobháideacha ar riachtanais úsáideoirí, áfach, féadfaidh na Ballstáit a mholadh don Choimisiún go gcuirfí seirbhísí den sórt sin ar áireamh sa tairseach, fad a chomhlíonann na seirbhísí gach ceann de na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán agus nach ionann iad agus seirbhísí cúnaimh nó réitigh fadhbanna atá ar áireamh sa tairseach cheana féin.

(24)Chun cabhrú le húsáideoirí an tseirbhís chuí a shainaithint, ba cheart uirlis lena dtreoraítear úsáideoirí go huathoibríoch chuig an tseirbhís cheart a sholáthar leis an Rialachán seo.

(25)Is gá go gcomhlíonfar íosliosta ceanglas cáilíochta má táthar chun a áirithiú go néireoidh leis an tairseach aonair dhigiteach agus go soláthrófar faisnéis agus seirbhísí iontaofa léi. Gan aon chomhlíonadh den sórt sin, bhainfí an bonn go mór ó chreidiúnacht na tairsí ina hiomláine. Dá mba rud é gur i gceann amháin eile ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais agus i dteanga náisiúnta an Bhallstáit a chuirfí an fhaisnéis ar fáil, is amhlaidh go gcuirfí feabhas suntasach ar inrochtaineacht na faisnéise d’úsáideoirí trasteorann. Maidir leis sin, ba cheart an taistriúchán go dtí an teanga oifigiúil eile sin de chuid an Aontais a bheith ina léiriú cruinn ar ábhar na faisnéise a sholáthraítear sa teanga náisiúnta nó sna teangacha náisiúnta.

(26)Ba cheart a fhoráil sa Rialachán seo go bhféadfar fianaise arna soláthar i bhformáid leictreonach ag úsáideoirí a fhíordheimhniú i gcás ina gcuirtear an fhianaise sin isteach gan ríomhshéala nó ríomhdheimhniú ón údarás inniúil eisiúna agus i gcás nach bhfuil fáil ann go fóill ar an uirlis theicniúil lena gcumasaítear an malartú díreach fianaise idir údaráis inniúla i mBallstáit dhifriúla. Chun freastal ar chásanna den sórt sin, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo do shásra éifeachtach a chur ar bun le haghaidh comhar riaracháin i measc údaráis inniúla na mBallstát. Beidh an sásra sin bunaithe ar Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (‘IMI’) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 32 . Ionas go bhféadfaidh comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais a bheith ina ngníomhaithe laistigh de IMI, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 a leasú.

(27)Tá na seirbhísí ar líne de chuid údaráis inniúla ríthábhachtach maidir le feabhas a chur ar cháilíocht na seirbhísí a sholáthraítear do shaoránaigh agus gnólachtaí. Tá ag méadú i gcónaí ar an líon údarás riaracháin phoiblí laistigh de na Ballstáit nach bhfuil ag ceangal ar shaoránaigh agus gnólachtaí a thuilleadh an fhaisnéis chéanna a sholáthar níos mó ná uair amháin agus atá ag déanamh iarracht sonraí a athúsáid. Chun an tualach breise a laghdú, ba cheart an méid sin a éascú d’úsáideoirí ar gá dóibh déileáil le nósanna imeachta i mBallstáit eile.

(28) Chun úsáid na nósanna imeachta ar líne a éascú tuilleadh, ba cheart an Rialachán seo a úsáid, ar aon dul leis an bprionsabal “gan faisnéis a sholáthar ach uair amháin”, chun an bonn a thabhairt d’fhianaise a mhalartú go díreach idir na húdaráis inniúla lena mbaineann ó Bhallstáit dhifriúla, ar iarraidh ó shaoránaigh agus gnólachtaí. Ciallaíonn an prionsabal “gan faisnéis a sholáthar ach uair amháin” nár cheart ceangal ar shaoránaigh agus gnólachtaí an fhaisnéis chéanna a sholáthar d’údaráis phoiblí níos mó ná uair amháin chun críocha malartú fianaise trasteorann.

(29)Maidir leis an gcóras teicniúil slán ba cheart a bhunú chun malartú fianaise a éascú faoin Rialachán seo, ba cheart go soláthrófaí cinnteacht d’údaráis inniúla iarrthacha leis gur ón údarás eisiúna ceart a tháinig an fhianaise.

(30)Ba cheart córas den sórt sin a chur ar fáil i dteannta córais eile lena soláthraítear sásraí le haghaidh comhar idir údaráis dhifriúla, amhail IMI [nó an Cárta Ríomhsheirbhísí]. Níor cheart difear a dhéanamh do chórais eile dá bharr, lena náirítear an córas dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009, an Doiciméad Aonair Eorpach maidir le Soláthar faoi Threoir (AE) Uimh. 2014/24 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 33 , córas idirnasctha na gclár náisiúnta agus córas idirnasctha na gclár lárnach, tráchtála agus cuideachtaí faoi Threoir Uimh. 2009/101/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  34 agus córas idirnasctha na gclár dócmhainneachta faoi Rialachán (AE) Uimh. 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 35 .

(31)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh cur chun feidhme córais theicniúil lena gcumasaítear malartú fianaise, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún, go háirithe chun sonraíochtaí teicniúla a leagan amach do chóras le haghaidh próiseáil a dhéanamh ar an iarraidh ón úsáideoir go malartófaí fianaise, le haghaidh fianaise den sórt sin a aistriú agus le haghaidh sláine agus rúndacht na fianaise arna haistriú a áirithiú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 36 .

(32)Ba cheart an fhreagracht as comhlíonadh na gcritéar cáilíochta a bheith ar na húdaráis inniúla agus ar an gCoimisiún i ndáil leis an bhfaisnéis, na nósanna imeachta agus na seirbhísí a bhfuil siad freagrach astu. Ba cheart do na comhordaitheoirí náisiúnta agus don Choimisiún maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcritéar cáilíochta ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais faoi seach agus ba cheart dóibh déileáil le haon fhadhbanna a thagann chun cinn freisin. Leis an Rialachán seo, ba cheart raon leathan modhanna a thabhairt don Choimisiún chun aghaidh a thabhairt ar aon mheath ar cháilíocht na seirbhísí a thairgtear tríd an tairseach, de réir a thromchúisí agus a mharthanaí atá aon mheath den sórt sin modhanna lena náireofaí dul i mbun plé le grúpa comhordaithe na tairsí. Níor cheart réamhbhreith a dhéanamh leis sin ar fhreagracht fhoriomlán an Choimisiúin as faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo.

(33)Ba cheart a mhionsonrú sa Rialachán seo príomhfheidhmiúlachtaí na nuirlisí teicniúla lena dtacaítear le feidhmiú na tairsí, go háirithe an comhéadan coiteann úsáideora, an stór nasc agus an cuardaitheoir coiteann seirbhísí cúnaimh. Chun dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh cur chun feidhme a dhéanamh ar na réitigh theicniúla lena dtacaítear leis an tairseach, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun mionsonrú a dhéanamh ar eagrú, struchtúr agus marcáil na faisnéise, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh nó réitigh fadhbanna ar fad a thagann faoi fhreagrachtaí na mBallstát agus an Choimisiúin chun críche an chomhéadain úsáideora. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Ina theannta sin, ba cheart a leagan amach go soiléir sa Rialachán seo na freagrachtaí atá ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit faoi seach as forbairt, infhaighteacht, cothabháil agus slándáil na nuirlisí sin.

(34)Chun forbairt a dhéanamh ar lánacmhainneacht na réimsí difriúla faisnéise, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna ba cheart a chur ar áireamh sa tairseach, ní mór feabhas suntasach a chur ar an eolas atá ag na spriocphobail ar na nithe sin a bheith ar fáil agus ar an dóigh a noibríonn siad. Dá gcuirfí ar áireamh sa tairseach iad, ba cheart go mbeadh sé i bhfad ní b’fhusa d’úsáideoirí teacht ar an bhfaisnéis, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a theastaíonn uathu, fiú amháin i gcás nach bhfuil siad eolach ar cheann ar bith díobh. Anuas air sin, beidh sé riachtanach tabhairt faoi fheachtas comhordaithe cur chun cinn chun a áirithiú go mbeidh saoránaigh agus gnólachtaí ar fud an Aontais ar an eolas go bhfuil an tairseach ann agus go mbeidh siad ar an eolas faoi na buntáistí a ghabhann léi. Ar mhaithe leis an éifeachtúlacht is mó is féidir a bhaint amach, ba cheart gníomhartha cur chun feidhme a chomhordú faoi chuimsiú chreat an ghrúpa comhordaithe. Chomh maith leis sin, ba cheart do na Ballstáit a niarrachtaí cur chun cinn a choigeartú le go mbeadh tagairt choiteann bhranda ann i ngach comhthéacs ábhartha agus go bhféadfaí an tairseach aonair dhigiteach a chomhbhrandáil le tionscnaimh náisiúnta.

(35)Chun faisnéis leordhóthanach a fháil le haghaidh feidhmíocht na tairsí aonair digití a mheas, foráiltear leis an Rialachán seo do chreat um shonraíochtaí coiteanna a bhunú le haghaidh bailiú agus anailís a dhéanamh ar shonraí faoi úsáid na réimsí difriúla faisnéise, na nósanna imeachta difriúla agus na seirbhísí difriúla a thairgtear leis an tairseach. Chun na catagóirí mionsonraithe sonraí atá le taifeadadh agus an modh um shonraí a thaifeadadh agus a mhalartú a leagan síos, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 37 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile a fháil ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus ba cheart rochtain chórasach a bheith ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(36)Chun rialacha aonfhoirmeacha a leagan síos maidir leis an modh um staitisticí a thaifeadadh agus a mhalartú, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(37)Maidir le cáilíocht na faisnéise, na nósanna imeachta, agus na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna atá ar fáil tríd an tairseach, ba cheart faireachán a dhéanamh orthu go príomha trí uirlis aiseolais úsáideoirí lena niarrfar ar úsáideoirí cumhdach agus cáilíocht na faisnéise, an nós imeachta nó na seirbhíse cúnaimh agus réitigh fadhbanna ar bhain siad úsáid as/aisti a mheasúnú. Baileofar an taiseolas sin le huirlis choiteann ar cheart don Choimisiún, na húdaráis inniúla agus na comhordaitheoirí náisiúnta rochtain a bheith acu uirthi. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme an Rialacháin seo maidir le feidhmiúlachtaí na huirlise aiseolais úsáideoirí sin agus leis na módúlachtaí a bhaineann le bailiú agus comhroinnt an aiseolais úsáideoirí, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(38)Leis an Rialachán seo, ba cheart úsáideoirí a chumasú aon fhadhbanna nó deacrachtaí a dtagann siad orthu le linn dóibh a gcearta margaidh inmheánaigh a fheidhmiú a chur in iúl go deonach agus gan ainm a thabhairt trí uirlis aiseolais mhargaidh inmheánaigh a bheidh ar áireamh sa tairseach. Ba cheart breathnú ar an uirlis sin mar uirlis atá de bhreis ar na sásraí láimhseála gearán toisc nach féidir léi freagra pearsantaithe a thabhairt d’úsáideoirí. Ba cheart an tionchur a gheofar a chomhcheangal le faisnéis ó sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna maidir leis na cásanna ar dhéileáil siad leo. Ba é an toradh a bheadh air sin go gcruthófaí forbhreathnú ar an margadh inmheánach mar a fheiceann a chuid úsáideoirí é agus go sainaithneofaí réimsí deacrachta do ghníomhartha a d’fhéadfaí a dhéanamh sa todhchaí chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú.

(39)Ba cheart grúpa comhordaithe a bheidh comhdhéanta de na comhordaitheoirí náisiúnta agus a bheidh faoi chathaoirleacht ag an gCoimisiún a bhunú chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a éascú, go háirithe trí dhea-chleachtais a mhalartú agus trí obair le chéile chun feabhas a chur ar an gcomhsheasmhacht atá ann i gcur i láthair faisnéise, rud a cheanglaítear leis an Rialachán seo. Ba cheart obair an ghrúpa a bheith ag teacht leis na cuspóirí arna leagan amach sa chlár oibre bliantúil.

(40)I gcás ina bhfuil próiseáil sonraí pearsanta i gceist leis na bearta dá bhforáiltear leis an Rialachán seo, ba cheart iad a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais i dtaca le cosaint sonraí pearsanta, go háirithe [Treoir 95/46/CE 38 ] [Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 39 ] agus [Rialachán nua a chuirfear in ionad Rialachán (CE) Uimh. 45/2001] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(41)Is é cuspóir an Rialacháin seo a áirithiú go mbeidh ag úsáideoirí a oibríonn i mBallstáit eile rochtain ar líne ar fhaisnéis an Aontais agus faisnéis náisiúnta atá cuimsitheach, iontaofa agus intuigthe maidir le cearta, rialacha agus oibleagáidí, rochtain ar nósanna imeachta ar líne is féidir a fheidhmiú go hiomlán ar bhonn trasteorann agus rochtain ar sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit an méid sin a ghnóthú go leordhóthanach, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(42)Ionas go mbeidh na Ballstáit agus an Coimisiún in ann forbairt agus cur chun feidhme a dhéanamh ar na huirlisí a theastaíonn chun éifeacht a thabhairt don Rialachán seo, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha áirithe an Rialacháin ó dhá bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin.

(43)Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus ba cheart é a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin.

(44)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal [28(2)] de Rialachán [(CE) Uimh. 45/2001] [an Rialachán nua maidir leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí] agus thug sé tuairim an [dáta le cur isteach].

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I
Forálacha ginearálta

Airteagal 1
Ábhar

1.Leis an Rialachán seo:

(a)leagtar rialacha síos le haghaidh tairseach aonair dhigiteach a bhunú agus a oibriú chun rochtain éasca a thabhairt do shaoránaigh agus gnólachtaí ar fhaisnéis chuimsitheach ardcháilíochta, ar sheirbhísí éifeachtacha cúnaimh agus réitigh fadhbanna agus ar nósanna imeachta éifeachtúla i dtaca le rialacha an Aontais agus na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le saoránaigh agus gnólachtaí atá ag feidhmiú na gceart atá acu faoi dhlí an Aontais i réimse an mhargaidh inmheánaigh, de réir bhrí Airteagal 26(2) CFAE, nó a bhfuil rún acu na cearta sin a fheidhmiú;

(b)cabhraítear le húsáideoirí ó Bhallstáit eile nósanna imeachta a úsáid agus tacaítear le cur chun feidhme an phrionsabail "gan faisnéis a sholáthar ach uair amháin";

(c)leagtar rialacha síos le haghaidh tuairisc a thabhairt ar bhacainní sa mhargadh inmheánach, bunaithe ar aiseolas úsáideoirí agus staitisticí ó na seirbhísí a chumhdaítear leis an tairseach.

Airteagal 2
Bunú na tairsí aonair digití

1.Bunóidh an Coimisiún agus na húdaráis inniúla tairseach aonair dhigiteach ("an tairseach") i gcomhréir leis an Rialachán seo. Cuimseoidh an tairseach comhéadan coiteann úsáideora a bheidh comhtháthaithe isteach i dtairseach aonair a bhainisteoidh an Coimisiún, agus beidh naisc aici chuig suíomhanna gréasáin náisiúnta ábhartha agus suíomhanna gréasáin ábhartha de chuid an Aontais.

2.Leis an tairseach, tabharfar rochtain ar na nithe seo a leanas:

(a)faisnéis faoi na cearta, na hoibleagáidí agus na rialacha a leagtar síos i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta a bhfuil feidhm acu maidir le húsáideoirí atá ag feidhmiú a gceart faoi dhlí an Aontais i réimse an mhargaidh inmheánaigh sna réimsí a liostaítear in Iarscríbhinn I nó a bhfuil rún acu na cearta sin a fheidhmiú;

(b)faisnéis faoi nósanna imeachta arna mbunú ar leibhéal an Aontais nó ar leibhéal náisiúnta chun na cearta sin a fheidhmiú agus na hoibleagáidí agus na rialacha sin a chomhlíonadh, mar aon le naisc chuig na nósanna imeachta sin;

(c)faisnéis faoi sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna ar féidir le saoránaigh agus gnólachtaí dul ina muinín má tá ceisteanna nó fadhbanna acu maidir leis na cearta, na hoibleagáidí nó na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b), ar seirbhísí iad a liostaítear in Iarscríbhinn III agus dá dtagraítear in Airteagal 6, mar aon le naisc chuig na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna sin.

3.Is ar fáil i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais a bheidh an comhéadan coiteann úsáideora dá dtagraítear i mír 1 (“an comhéadan coiteann úsáideora”).

Airteagal 3
Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘úsáideoir’ duine ar bith is saoránach den Aontas, duine nádúrtha a chónaíonn i mBallstát nó duine dlítheanach a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát, agus ar duine é a úsáideann an tairseach chun an fhaisnéis, na nósanna imeachta nó na seirbhísí cúnaimh nó réitigh fadhbanna dá dtagraítear in Airteagal 2(2) a rochtain;

(2)ciallaíonn ‘nós imeachta’ seicheamh gníomhartha nach mór d’úsáideoirí a dhéanamh chun na ceanglais a chomhlíonadh nó chun cinneadh a fháil ó údarás inniúil le go mbeidh siad in ann na cearta dá dtagraítear in Airteagal 2(2(a) a fheidhmiú;

(3)ciallaíonn ‘údarás inniúil’ aon chomhlacht nó údarás de chuid Ballstáit a bunaíodh ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil agus a bhfuil freagrachtaí sonracha air maidir leis an bhfaisnéis, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a chumhdaítear leis an Rialachán seo;

(4)ciallaíonn ‘fianaise’ aon doiciméad nó sonraí, lena náirítear téacs nó fuaim, taifeadadh amhairc nó closamhairc, beag beann ar an meán a úsáidtear, a eisíonn údarás inniúil chun fíricí a chruthú nó chun a chruthú go bhfuiltear ag comhlíonadh na gceanglas i dtaca le nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(b).

Caibidil II
Seirbhísí tairsí

Airteagal 4
Rochtain ar fhaisnéis

1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain éasca ar líne ag úsáideoirí ar na nithe seo a leanas ar a leathanaigh ghréasáin náisiúnta:

(a)faisnéis faoi na cearta, na hoibleagáidí agus na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(a), ar cearta, oibleagáidí agus rialacha iad a dhíorthaítear ón dlí náisiúnta;

(b)faisnéis faoi na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(b), ar nósanna imeachta iad a bhunaítear ar leibhéal náisiúnta;

(c)faisnéis faoi na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(c), ar seirbhísí iad a sholáthraítear ar leibhéal náisiúnta.

2.Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh rochtain éasca ar líne ag úsáideoirí ar na nithe seo a leanas sa tairseach aonair dá dtagraítear in Airteagal 2(1):

(a)faisnéis faoi na cearta, na hoibleagáidí agus na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(a), ar cearta, oibleagáidí agus rialacha iad a dhíorthaítear ó dhlí an Aontais;

(b)faisnéis faoi na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(b), ar nósanna imeachta iad a bhunaítear ar leibhéal an Aontais;

(c) faisnéis faoi na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(c), ar seirbhísí iad a sholáthraítear ar leibhéal an Aontais.

Airteagal 5
Rochtain ar nósanna imeachta

1.I gcás ina bhfuil úsáideoirí ó Bhallstát amháin in ann nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(b) agus a bhunaítear ar leibhéal náisiúnta a rochtain agus a chur i gcrích ar líne, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh úsáideoirí ó Bhallstáit eile in ann an nós imeachta sin a rochtain agus a chur i gcrích ar bhealach neamh-idirdhealaitheach freisin.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh úsáideoirí in ann na nósanna imeachta a liostaítear in Iarscríbhinn II a chur i gcrích go hiomlán ar líne.

3.Measfar na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 2 a bheith go hiomlán ar líne i gcás inar féidir sainaithint, soláthar faisnéise, fianaise tacaíochta agus síniú a thabhairt agus an cur isteach deiridh a dhéanamh go leictreonach i gcéin trí chainéal cumarsáide aonair agus i gcás ina soláthraítear aschur an nós imeachta go leictreonach freisin.

4.I gcás nach féidir an cuspóir a shaothraítear le nós imeachta ar leith dá dtagraítear i mír 2 a ghnóthú gan ceangal ar an úsáideoir teacht i láthair an údaráis inniúil go pearsanta ag céim éigin den nós imeachta, teorannóidh na Ballstáit láithreacht fhisiciúil den sórt sin dá bhfuil fíor-riachtanach agus dá bhfuil údar léi go hoibiachtúil agus áiritheoidh siad gur féidir céimeanna eile den nós imeachta a chur i gcrích go hiomlán ar líne. Cuirfidh siad aon eisceachtaí den sórt sin in iúl don Choimisiún.

5.Ní bheidh tionchar ag an Rialachán seo ar shubstaint aon nós imeachta a leagtar síos ar leibhéal an Aontais nó ar leibhéal náisiúnta i gceann ar bith de na réimsí atá faoi réir an Rialacháin seo, ná ní bheidh tionchar aige ar na cearta a dheonaítear trí na nósanna imeachta sin.

6.Ní chuirfidh aon ní san Airteagal seo cosc ar na Ballstáit deis a thabhairt d’úsáideoirí nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(b) a rochtain agus a chur i gcrích ar bhealaí eile freisin seachas ar líne.

Airteagal 6
Rochtain ar sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna

1.Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go mbeidh rochtain éasca ar líne ag úsáideoirí ar na seirbhísí cúnaimh nó réitigh fadhbanna dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(c).

2.Féadfaidh na comhordaitheoirí náisiúnta agus an Coimisiún naisc a sholáthar chuig seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna atá á dtairiscint ag údaráis inniúla, an Coimisiún nó comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, diomaite de na seirbhísí a liostaítear in Iarscríbhinn III, i gcomhréir le hAirteagal 16(2) agus (3) má chomhlíonann na seirbhísí sin na ceanglais cháilíochta a leagtar síos in Airteagal 9 agus Airteagal 13.

3.Nuair is gá chun freastal ar riachtanais na núsáideoirí, féadfaidh an comhordaitheoir náisiúnta a mholadh don Choimisiún go náireofaí naisc sa tairseach chuig seirbhísí cúnaimh nó réitigh fadhbanna a soláthraíonn eintitis phríobháideacha nó leathphríobháideacha iad, i gcás ina gcomhlíonann na heintitis sin na coinníollacha seo a leanas:

(a)tairgeann an tseirbhís faisnéis nó cúnamh ar fáil a thagann faoi na réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus chun na gcríoch a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus cuireann sí le seirbhísí atá sa tairseach cheana féin;

(b)tairgtear an tseirbhís saor in aisce nó ar phraghas atá ar acmhainn micrifhiontar agus saoránach;

(c)comhlíonann an tseirbhís na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 9 agus Airteagal 13.

4.I gcás inar mhol an comhordaitheoir náisiúnta go gcuirfí nasc isteach i gcomhréir le mír 3, agus ina soláthraíonn sé an nasc sin i gcomhréir le hAirteagal 16(3), measúnóidh an Coimisiún cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha sa mhír sin agus, má chomhlíontar, gníomhachtóidh sé an nasc.

Caibidil III
Ceanglais cháilíochta

Roinn 1
Ceanglais cháilíochta a bhaineann le faisnéis faoi chearta, oibleagáidí agus rialacha, faoi nósanna imeachta agus faoi sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna

Airteagal 7
Cáilíocht na faisnéise faoi chearta, oibleagáidí agus rialacha

1.I gcás ina bhfuil siad freagrach as rochtain ar fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(a) a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 4, áiritheoidh na húdaráis inniúla agus an Coimisiún go gcomhlíonfaidh an fhaisnéis na ceanglais seo a leanas:

(a)tá sí cuimsitheach agus cruinn agus cumhdaítear léi faisnéis a theastaíonn ó úsáideoirí chun a gcearta a fheidhmiú i gcomhréir go hiomlán leis na rialacha agus oibleagáidí is infheidhme;

(b)tugtar tagairtí, naisc chuig gníomhartha dlíthiúla, sonraíochtaí teicniúla agus treoirlínte, i gcás inarb ábhartha;

(c)tugtar ainm an eintitis atá freagrach as ábhar na faisnéise;

(d)tugtar sonraí teagmhála agus naisc chuig aon seirbhísí ábhartha cúnaimh agus réitigh fadhbanna;

(e)tugtar an dáta foilsithe agus dáta an nuashonraithe is déanaí ar an bhfaisnéis;

(f)tá sí dea-struchtúrtha agus dea-léirithe ionas gur féidir le húsáideoirí an fhaisnéis a theastaíonn uathu a aimsiú go tapa;

(g)coinnítear cothrom le dáta í;

(h)tá sí scríofa i dteanga shoiléir shimplí atá curtha in oiriúint do riachtanais na núsáideoirí ar a bhfuil sí dírithe.

2.Cuirfidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis ar fáil i dteanga oifigiúil amháin ar a laghad de chuid an Aontais agus sa teanga náisiúnta nó, i gcás inarb infheidhme, sna teangacha náisiúnta.

Airteagal 8
Cáilíocht na faisnéise faoi nósanna imeachta

1.Chun críocha Airteagal 4 a chomhlíonadh, áiritheoidh na húdaráis inniúla agus an Coimisiún go mbeidh rochtain ag úsáideoirí ar mhíniú atá soiléir agus sothuigthe don úsáideoir ar na gnéithe seo a leanas de na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(b) sula mbeidh orthu iad féin a shainaithint roimh sheoladh an nós imeachta:

(a)na céimeanna difriúla den nós imeachta;

(b)na modhanna inghlactha fíordheimhnithe, sainaitheanta agus sínithe don nós imeachta lena mbaineann;

(c)cineál agus formáid na fianaise is gá a chur isteach;

(d)na modhanna sásaimh nó achomhairc atá ar fáil i gcás díospóidí leis na húdaráis inniúla i ndáil leis an toradh ar nós imeachta;

(e)na táillí is infheidhme agus an modh íocaíochta ar líne, i gcás inarb ábhartha;

(f)an tam a mheastar a bheith ag teastáil chun an nós imeachta a chur i gcrích agus aon spriocdhátaí is infheidhme;

(g)an teanga nó, i gcás inarb infheidhme, na teangacha inar féidir an nós imeachta a chur i gcrích.

2.I gcás ina bhfuil an míniú dá dtagraítear i mír 1 ar fáil d’úsáideoirí náisiúnta cheana féin, féadfar é a athúsáid chun críocha an Rialacháin seo, ar choinníoll go gcuimsíonn sé faisnéis faoi chás na núsáideoirí nach náisiúnaigh iad, i gcás inarb infheidhme.

3.Cuirfidh na húdaráis inniúla an míniú dá dtagraítear i mír 1 ar fáil i dteanga oifigiúil amháin ar a laghad de chuid an Aontais agus sa teanga náisiúnta nó, i gcás inarb infheidhme, sna teangacha náisiúnta.

Airteagal 9
Cáilíocht na faisnéise faoi sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna

1.Chun críocha Airteagal 4 a chomhlíonadh, áiritheoidh na húdaráis inniúla agus an Coimisiún go mbeidh rochtain ag úsáideoirí ar mhíniú atá soiléir agus sothuigthe don úsáideoir ar na nithe seo a leanas sula gcuirfidh siad iarraidh isteach ar sheirbhís dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(c):

(a)cineál, cuspóir agus torthaí ionchais na seirbhíse atá á tairiscint;

(b)ainm agus sonraí teagmhála na neintiteas atá freagrach as an tseirbhís;

(c)na táillí is infheidhme agus an modh íocaíochta ar líne, i gcás inarb ábhartha;

(d)an tam a mheastar a bheith ag teastáil chun an tseirbhís a sholáthar nó an meán-aga freagartha;

(e)an teanga nó, i gcás inarb infheidhme, na teangacha inar féidir an iarraidh a chur isteach agus ar féidir í/iad a úsáid i dteagmhálacha ina dhiaidh sin.

2.Cuirfidh na húdaráis inniúla an míniú dá dtagraítear i mír 1 ar fáil i dteanga oifigiúil amháin ar a laghad de chuid an Aontais agus sa teanga náisiúnta nó, i gcás inarb infheidhme, sna teangacha náisiúnta.

Roinn 2
Ceanglais a bhaineann le nósanna imeachta ar líne

Airteagal 10
Ceanglais cháilíochta a bhaineann le nósanna imeachta ar líne

Áiritheoidh na húdaráis inniúla go gcomhlíonfar na ceanglais seo a leanas i ndáil leis na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus a bhfuil siad freagrach astu:

(a)cloítear le haon spriocdhátaí is infheidhme maidir le húdaráis inniúla le linn an nós imeachta;

(b)i gcás nach gcloítear leis na spriocdhátaí is infheidhme, tugtar fógra roimh ré d’úsáideoirí faoi na cúiseanna nach bhfuiltear ag cloí leo agus tugtar spriocdháta nua.

Airteagal 11
Rochtain trasteorann ar nósanna imeachta ar líne

1.Áiritheoidh na húdaráis inniúla go gcomhlíonfar na ceanglais seo a leanas ar a laghad i gcás ina bhfuil na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 5(1) á dtairiscint ar líne:

(a)tá úsáideoirí in ann treoracha a rochtain agus a fháil le haghaidh an nós imeachta a chur i gcrích i dteanga oifigiúil amháin ar a laghad de chuid an Aontais agus sa teanga náisiúnta nó, i gcás inarb infheidhme, sna teangacha náisiúnta;

(b)ní choinnítear úsáideoirí ó fhoirmeacha a líonadh isteach de dheasca réimsí foirme a bheith ann nach nglacann ach le sonraí i bhformáidí náisiúnta ar leith;

(c)tá úsáideoirí in ann iad féin a shainaithint agus doiciméid a shíniú agus a fhíordheimhniú trí mhodhanna ríomh-shainaitheanta agus ríomh-fhíordheimhnithe a úsáid, dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i gcás ina bhfuil sainaithint agus síniú ag teastáil;

(d)tá úsáideoirí in ann fianaise a sholáthar i bhformáid leictreonach ar chomhlíonadh na gceanglas is infheidhme;

(e)i gcás ina bhfuil íocaíocht ag teastáil chun nós imeachta a chur i gcrích, tá úsáideoirí in ann aon táillí a íoc ar líne trí sheirbhísí íocaíochta trasteorann, lena náirítear, ar a laghad, aistrithe creidmheasa agus dochar díreach, mar a shonraítear i Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 40 .

2.I gcás ina nglacann údaráis inniúla le cóipeanna digitithe d’fhianaise neamhleictreonach ar aitheantas, amhail cártaí aitheantais nó pasanna d’úsáideoirí náisiúnta, glacfaidh siad leis na cóipeanna digitithe sin ó úsáideoirí ó na Ballstáit eile freisin.

3.Oibreoidh údaráis inniúla i gcomhar le chéile trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i gcás inar gá déanamh amhlaidh chun fíordheimhniú a dhéanamh ar bharántúlacht na fianaise arna cur faoina mbráid ag an úsáideoir i bhformáid leictreonach chun críche nós imeachta ar líne.

Airteagal 12
Malartú trasteorann fianaise idir údaráis inniúla

1.Chun críche fianaise a mhalartú le haghaidh nósanna imeachta ar líne a liostaítear in Iarscríbhinn II agus nósanna imeachta dá bhforáiltear i dTreoir 2005/36/CE, i dTreoir 2006/123/CE, i dTreoir 2014/24/AE agus i dTreoir 2014/25/AE, cuirfidh an Coimisiún córas teicniúil ar bun i gcomhar leis na Ballstáit le haghaidh ríomh-mhalartú fianaise idir údaráis inniúla i mBallstáit éagsúla ("an córas teicniúil").

2.Comhlíonfar na ceanglais seo a leanas leis an gcóras teicniúil:

(a)beifear in ann é a úsáid chun iarrataí ar fhianaise atá le malartú a phróiseáil;

(b)beifear in ann é a úsáid chun fianaise a tharchur idir údaráis inniúla;

(c)beidh an túdarás inniúil glactha in ann é a úsáid chun an fhianaise a phróiseáil;

(d)áiritheofar rúndacht agus sláine na fianaise leis;

(e)áiritheofar leis go mbeidh an túsáideoir in ann réamhamharc a thabhairt ar an bhfianaise atá le malartú.

3.Déanfaidh na Ballstáit an córas teicniúil a chomhtháthú mar chuid de na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1.

4.Ar iarraidh fhollasach a fháil ón úsáideoir, déanfaidh na húdaráis inniúla atá freagrach as na nósanna imeachta ar líne dá dtagraítear i mír 1 fianaise a iarraidh go díreach ó údaráis inniúla atá ag eisiúint fianaise i mBallstáit eile tríd an gcóras teicniúil. Faoi réir mhír 2(d), cuirfidh na húdaráis eisiúna an fhianaise sin ar fáil tríd an gcóras céanna.

5.I gcás ina neisíonn údaráis inniúla fianaise i bhformáid leictreonach chun críche nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 laistigh dá mBallstát féin, cuirfidh siad an fhianaise sin ar fáil tríd an gcóras teicniúil do na húdaráis inniúla iarrthacha ó Bhallstáit eile freisin.

6.Beidh an fhianaise a chuirfidh údarás inniúil ar fáil teoranta go dian don fhianaise sin a iarradh agus ní úsáidfidh an túdarás glactha í ach chun críche an nós imeachta dár malartaíodh an fhianaise.

7.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar amach sonraíochtaí an chórais theicniúil a theastaíonn le haghaidh chur chun feidhme an Airteagail seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

8.Ní bheidh feidhm ag míreanna 3 go 6 maidir le nósanna imeachta a bhunaítear ar leibhéal an Aontais lena bhforáiltear maidir le sásraí difriúla le haghaidh malartú fianaise ach amháin i gcás ina gcomhtháthaítear an córas teicniúil dá dtagraítear i mír 1 isteach sna nósanna imeachta sin i gcomhréir le rialacha ghníomhartha an Aontais lena mbunaítear iad.

Roinn 3
Ceanglais cháilíochta a bhaineann le seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna

Airteagal 13
Ceanglais cháilíochta a bhaineann le seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna

Maidir leis na seirbhísí a liostaítear in Iarscríbhinn III agus na seirbhísí a áirítear sa tairseach i gcomhréir le hAirteagal 6(2), (3) agus (4), áiritheoidh na húdaráis inniúla agus an Coimisiún go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais cháilíochta seo a leanas:

(a)cloítear le haon spriocdhátaí is infheidhme maidir le húdaráis inniúla le linn na seirbhíse;

(a)i gcás nach gcloítear leis na spriocdhátaí is infheidhme, tugtar fógra roimh ré d’úsáideoirí faoi na cúiseanna nach bhfuiltear ag cloí leo agus tugtar spriocdháta nua;

(b)i gcás ina bhfuil íocaíocht ag teastáil as seirbhís a sholáthar, tá úsáideoirí in ann aon táillí a íoc ar líne trí sheirbhísí íocaíochta trasteorann, lena náirítear, ar a laghad, aistrithe creidmheasa agus dochar díreach, mar a shonraítear i Rialachán (AE) Uimh. 260/2012.

Roinn 4
Faireachán cáilíochta

Airteagal 14
Faireachán cáilíochta

1.Déanfaidh na comhordaitheoirí náisiúnta agus an Coimisiún faireachán féachaint an bhfuil an fhaisnéis, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna atá ar fáil tríd an tairseach agus a bhfuil siad freagrach astu i gcomhréir leis na ceanglais cháilíochta a leagtar síos in Airteagail 7 go 11 agus in Airteagal 13. Is bunaithe ar na sonraí a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 22 a dhéanfar an faireachán.

2.I gcás meath ar cháilíocht na seirbhísí dá dtagraítear i mír 1, ar seirbhísí iad a sholáthraíonn na húdaráis inniúla, féadfaidh an Coimisiún na bearta seo a leanas a dhéanamh, agus aird á tabhairt ar a thromchúisí agus a mharthanaí atá an meath:

(a)eolas a thabhairt don chomhordaitheoir náisiúnta ábhartha agus bearta ceartaitheacha a éileamh;

(b)an meath cáilíochta a chur isteach lena phlé ag an ngrúpa comhordaithe;

(c)litir ina ndéantar moltaí a sheoladh chuig an mBallstát;

(d)an fhaisnéis, an nós imeachta nó an tseirbhís cúnaimh nó réitigh fadhbanna a dhícheangal go sealadach ón tairseach.

3.I gcás nach ndéanann seirbhís cúnaimh nó réitigh fadhbanna a gcuirtear naisc chuici ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 6(2) na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 13 a chomhlíonadh go comhsheasmhach nó nach gcomhlíonann sí riachtanais na núsáideoirí a thuilleadh, rud a léirítear leis na sonraí a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 22, féadfaidh an Coimisiún an tseirbhís sin a dhícheangal ón tairseach.

Caibidil IV
Réitigh theicniúla

Airteagal 15
Comhéadan coiteann úsáideora

1.Cuirfidh an Coimisiún comhéadan coiteann úsáideora ar fáil chun feidhmiú cuí na tairsí a áirithiú.

2.Leis an gcomhéadan coiteann úsáideora, tabharfar rochtain ar an bhfaisnéis, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh nó réitigh fadhbanna trí naisc chuig na suíomhanna gréasáin ábhartha ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais a thabhairt sa stór dá dtagraítear in Airteagal 16.

3.Ag gníomhú dóibh i gcomhréir lena róil agus lena bhfreagrachtaí faoi seach, dá bhforáiltear faoi Airteagal 4, áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go ndéanfar an fhaisnéis, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a eagrú, a struchtúrú agus a mharcáil ar bhealach a chuireann lena ninaimsitheacht tríd an gcomhéadan úsáideora.

4.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos ar bhealach mionsonraithe eagrú, struchtúr agus marcáil na faisnéise, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh nó réitigh fadhbanna ar fad chun feidhmiú cuí an chomhéadain choitinn úsáideora a éascú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 35(2).

Airteagal 16
Stór nasc

1.Déanfaidh an Coimisiún stór leictreonach nasc chuig an bhfaisnéis, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna dá dtagraítear in Airteagal 2(2) a bhunú agus a chothú, a fhágfaidh go mbeifear in ann nascadh idir na seirbhísí sin agus comhéadan coiteann úsáideora na tairsí.

2.Cuirfidh an Coimisiún ar fáil don stór nasc na naisc chuig an bhfaisnéis, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna is féidir a rochtain ar na leathanaigh ghréasáin a bhainistítear ar leibhéal an Aontais agus cuirfidh sé naisc nua ar fáil tar éis aon nuashonraithe ar na naisc sin freisin.

3.Cuirfidh na comhordaitheoirí náisiúnta ar fáil don stór nasc na naisc chuig an bhfaisnéis, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna is féidir a rochtain ar na leathanaigh ghréasáin a mbainistíonn eintitis phríobháideacha nó leathphríobháideacha dá dtagraítear in Airteagal 6(3) iad, agus cuirfidh siad naisc nua ar fáil tar éis aon nuashonraithe ar na naisc sin freisin.

Agus na naisc chuig seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna á soláthar ag na comhordaitheoirí náisiúnta, cuirfidh siad in iúl cé na seirbhísí a soláthraíonn na heintitis phríobháideacha nó leathphríobháideacha dá dtagraítear in Airteagal 6(3) iad.

4.Cuirfidh an Coimisiún na naisc a áirítear sa stór ar fáil don phobal.

5.Áiritheoidh an Coimisiún agus na comhordaitheoirí náisiúnta nach mbeidh aon dúbláil neamhriachtanach, bíodh sí iomlán nó páirteach, ar dóigh di mearbhall a chur ar úsáideoirí, ag gabháil leis an bhfaisnéis agus na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh nó réitigh fadhbanna a thairgtear tríd an tairseach.

6.I gcás ina bhforáiltear i ngníomhartha eile de chuid reachtaíocht an Aontais maidir le faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4 a chur ar fáil, féadfaidh na comhordaitheoirí náisiúnta agus an Coimisiún naisc chuig an bhfaisnéis sin a sholáthar chun ceanglais an Airteagail sin a chomhlíonadh.

Airteagal 17
An cuardaitheoir coiteann seirbhísí cúnaimh

1.Chun rochtain a éascú ar sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a liostaítear in Iarscríbhinn III agus dá dtagraítear in Airteagal 6(2) agus (3), áiritheoidh na húdaráis inniúla agus an Coimisiún go mbeidh úsáideoirí in ann iad a rochtain tríd an gcuardaitheoir coiteann seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna (“an cuardaitheoir coiteann seirbhísí cúnaimh”) atá ar fáil tríd an tairseach.

2.Déanfaidh an Coimisiún an cuardaitheoir coiteann seirbhísí cúnaimh a fhorbairt agus a bhainistiú agus cinnfidh sé an struchtúr agus an fhormáid nach mór an cur síos ar na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna agus a sonraí teagmhála a sholáthar chun feidhmiú cuí an chuardaitheora choitinn seirbhísí cúnaimh a éascú.

3.Soláthróidh na comhordaitheoirí náisiúnta an cur síos agus na sonraí teagmhála dá dtagraítear i mír 2 don Choimisiún.

Airteagal 18
Freagrachtaí as feidhmchláir TF lena dtacaítear leis an tairseach

1.Beidh an Coimisiún freagrach as forbairt, infhaighteacht, cothabháil, slándáil agus óstáil na bhfeidhmchlár TF agus na leathanach gréasáin seo a leanas:

(a)an tairseach aonair dá dtagraítear in Airteagal 2(1);

(b)an comhéadan coiteann úsáideora dá dtagraítear in Airteagal 15(1);

(c)an stór nasc dá dtagraítear in Airteagal 16(1);

(d)an cuardaitheoir coiteann seirbhísí cúnaimh dá dtagraítear in Airteagal 17;

(e)na huirlisí aiseolais úsáideoirí dá dtagraítear in Airteagail 22(1) agus 23(1)(a).

2.Beidh na húdaráis inniúla freagrach as forbairt, infhaighteacht, cothabháil agus slándáil na bhfeidhmchlár TF a bhaineann leis na leathanaigh ghréasáin atá á mbainistiú acu féin agus atá nasctha chuig an gcomhéadan coiteann úsáideora.


Caibidil V
Cur chun cinn

Airteagal 19
Ainm agus lipéad cáilíochta

1.Maidir leis an ainm agus an lógó a chuirfear in iúl agus a chuirfear chun cinn don phobal i gcoitinne, is é an Coimisiún a chinnfidh iad i ndlúthchomhar le grúpa comhordaithe na tairsí faoi dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar a dhéanaí.

2.Beidh ainm na tairsí ina lipéad cáilíochta freisin ach ní fhéadfaidh ach suíomhanna gréasáin agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a áirítear sa stór dá dtagraítear in Airteagal 16 é a úsáid chuige sin mar chruthúnas go bhfuiltear ag comhlíonadh na gceanglas cáilíochta dá dtagraítear i gCaibidil III.

Airteagal 20
Cur chun cinn

1.Cuirfidh na húdaráis inniúla agus an Coimisiún feasacht ar an tairseach agus úsáid na tairsí chun cinn i measc saoránach agus gnólachtaí agus áiritheoidh siad inrochtaineacht agus infheictheacht na tairsí agus a cuid seirbhísí trí innill chuardaigh a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu a sholáthar.

2.Comhordóidh na húdaráis inniúla agus an Coimisiún na gníomhaíochtaí cur chun cinn dá dtagraítear i mír 1 agus tagróidh siad don tairseach sna gníomhaíochtaí sin trína lógó agus a thagairt a lua mar aon le haon ainmneacha branda eile, de réir mar is iomchuí.

3.Áiritheoidh na húdaráis inniúla agus an Coimisiún go mbeidh an tairseach so-aimsithe trí na tairseacha gaolmhara a bhfuil siad freagrach astu agus go náireofar naisc shoiléire chuig an tairseach ar gach suíomh gréasáin ábhartha.

4.Cuirfidh na comhordaitheoirí náisiúnta an tairseach chun cinn laistigh d’údaráis náisiúnta.

Caibidil VI
Bailiú aiseolais ó úsáideoirí agus staitisticí úsáideoirí

Airteagal 21
Staitisticí úsáideoirí

1.Chun feidhmiúlacht na tairsí a fheabhsú, áiritheoidh na húdaráis inniúla agus an Coimisiún go mbaileofar staitisticí faoi chuairteanna úsáideoirí ar an tairseach agus faoi na leathanaigh ghréasáin a nascann an tairseach chucu.

2.Déanfaidh na húdaráis inniúla agus an Coimisiún líon, bunús agus ábhar na niarrataí ar sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna agus a nagaí freagartha a thaifeadadh agus a mhalartú agus léireofar na figiúirí mar fhigiúirí comhiomlána.

3.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 34 maidir leis na mionchatagóirí sonraí atá le taifeadadh i gcomhréir le mír 2 i ndáil leis an bhfaisnéis, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a nascann an tairseach chucu.

4.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha chur chun feidhme lena leagfar síos modh taifeadta agus malartaithe na staitisticí sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 35(2).

Airteagal 22
Aiseolas ó úsáideoirí faoi sheirbhísí na tairsí

1.Chun faisnéis dhíreach a bhailiú ó úsáideoirí faoina shásta atá siad leis na seirbhísí a sholáthraítear tríd an tairseach, soláthróidh an Coimisiún uirlis sholáimhsithe d’úsáideoirí na tairsí lena ligfear dóibh tuairim gan ainm a chur in iúl díreach tar éis dóibh ceann ar bith de na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 2(2) a úsáid, maidir le cáilíocht agus infhaighteacht na seirbhísí a sholáthraítear tríd an tairseach agus le cáilíocht agus infhaighteacht an chomhéadain choitinn úsáideora.

2.Cuirfidh na húdaráis inniúla agus an Coimisiún nasc iomchuí chuig an uirlis sin ar gach leathanach gréasáin atá mar chuid den tairseach. Oibreoidh na húdaráis inniúla i gcomhar leis an gCoimisiún agus comhtháthóidh siad uirlis den sórt sin isteach sna leathanaigh ghréasáin a bhfuil siad freagrach astu.

3.Beidh rochtain dhíreach ag an gCoimisiún agus ag na comhordaitheoirí náisiúnta ar an aiseolas ó úsáideoirí a bhailítear tríd an uirlis sin chun aghaidh a thabhairt ar aon fhadhbanna a tharraingítear anuas.

4.De mhaolú ar mhír 2, ní cheanglaítear ar na húdaráis inniúla an uirlis aiseolais úsáideoirí dá dtagraítear i mír 1 a chomhtháthú isteach ina leathanaigh ghréasáin atá nasctha chuig an tairseach i gcás ina bhfuil sásra aiseolais úsáideoirí a bhfuil feidhmiúlachtaí aige atá cosúil le feidhmiúlachtaí na huirlise dá dtagraítear i mír 1 ar fáil ar na leathanaigh ghréasáin sin chun faireachán a dhéanamh ar cháilíocht na seirbhíse. Baileoidh na húdaráis inniúla an taiseolas ó úsáideoirí a fhaightear tríd an uirlis aiseolais úsáideoirí agus roinnfidh siad é leis an gCoimisiún agus le comhordaitheoirí náisiúnta na mBallstát eile.

5.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar rialacha síos maidir le bailiú agus comhroinnt an aiseolais ó úsáideoirí. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 35(2).

Airteagal 23
Tuairisciú ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh

1.Déanfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas:

(a)uirlis sholáimhsithe a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí chun aon bhacainní a dtagann siad orthu le linn dóibh a gcearta margaidh inmheánaigh a fheidhmiú a chur in iúl gan ainm;

(b)faisnéis a bhailiú ó na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna maidir le hábhar na niarrataí agus freagraí.

2.Foilseoidh an Coimisiún forbhreathnú ar líne, gan ainmneacha a lua, ar na fadhbanna a chuirtear in iúl san fhaisnéis a bhailítear i gcomhréir le mír 1.

3.Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún anailís agus imscrúdú ar na fadhbanna a tharraingítear anuas agus tabharfaidh siad aghaidh orthu ar bhealach iomchuí nuair is féidir.

Caibidil VII
Rialachas na tairsí

Airteagal 24
Comhordaitheoirí náisiúnta

1.Ceapfaidh gach Ballstát comhordaitheoir náisiúnta. De bhreis ar na hoibleagáidí atá orthu i gcomhréir le hAirteagail 6, 14, 16, 17, 20 agus 22 a chomhlíonadh, déanfaidh na comhordaitheoirí náisiúnta na nithe seo a leanas:

(a)gníomhú mar phointe teagmhála náisiúnta maidir le gach ábhar a bhaineann leis an tairseach;

(b)bheith freagrach as teagmhálacha leis an gCoimisiún maidir le gach ábhar a bhaineann leis an tairseach;

(c)cur i bhfeidhm aonfhoirmeach Airteagail 7 go 13 a chur chun cinn laistigh d’údaráis náisiúnta;

(d)a áirithiú go gcuirfear na moltaí dá dtagraítear in Airteagal 14(2)(c) chun feidhme i gceart.

2.Tabharfaidh gach Ballstát eolas do na Ballstáit eile agus don Choimisiún faoi ainm agus sonraí teagmhála a chomhordaitheora náisiúnta.

Airteagal 25
Grúpa comhordaithe

Cuirfear grúpa comhordaithe (“grúpa comhordaithe na tairsí”) ar bun. Beidh sé comhdhéanta de na comhordaitheoirí náisiúnta agus déanfaidh ionadaí ón gCoimisiún cathaoirleacht air. Glacfaidh sé a rialacha nós imeachta. Soláthróidh an Coimisiún an rúnaíocht don ghrúpa.

Airteagal 26
Cúraimí ghrúpa comhordaithe na tairsí

1.Tacóidh grúpa comhordaithe na tairsí le cur chun feidhme na tairsí. Déanfaidh sé na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)malartú agus nuashonrú rialta an dea-chleachtais a éascú;

(b)plé a dhéanamh ar fheabhsuithe ar chur i láthair na faisnéise sna réimsí a liostaítear in Iarscríbhinn I;

(c)an dréachtchlár oibre bliantúil a phlé;

(d)cabhrú leis an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an chláir oibre bhliantúil;

(e)cabhrú leis an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagail 7 go 11 agus in Airteagal 13;

(f)eolas a thabhairt faoi chur chun feidhme Airteagal 5(2);

(g)tuairimí a sholáthar agus gníomhartha a mholadh do na húdaráis inniúla agus don Choimisiún chun dúbláil neamhriachtanach na seirbhísí atá ar fáil tríd an tairseach a sheachaint nó a dhíothú;

(h)tuairimí a sholáthar faoi nósanna imeachta agus bearta eagrúcháin chun aghaidh éifeachtach a thabhairt ar aon fhadhbanna a tharraingíonn úsáideoirí anuas maidir le cáilíocht na seirbhísí, nó moltaí a sholáthar maidir le feabhsú cháilíocht na seirbhísí;

(i)plé a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann le ceanglais cháilíochta na seirbhísí a thairgtear ar an tairseach;

(j)cabhrú leis an gCoimisiún maidir le heagrú, struchtúr agus cur i láthair na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 2(2) ar an gcomhéadan coiteann úsáideora;

(k)cabhrú leis an gcur chun cinn comhordaithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme;

(l)obair i gcomhar le comhlachtaí rialachais na seirbhísí nó na líonraí faisnéise, cúnaimh nó réitigh fadhbanna.

2.Féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle leis an ngrúpa comhordaithe i dtaca le hábhar ar bith a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 27
An clár oibre bliantúil

1.Glacfaidh an Coimisiún an clár oibre bliantúil ina sonrófar na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)gníomhartha chun cur i láthair sonrach na faisnéise sna réimsí a liostaítear in Iarscríbhinn I a chur chun feidhme;

(b)gníomhartha a theastaíonn chun comhlíonadh Airteagal 5 agus Airteagal 11 a áirithiú;

(c)gníomhartha a theastaíonn chun comhlíonadh comhsheasmhach na gceanglas a leagtar amach in Airteagail 7 go 10 a áirithiú;

(d)gníomhaíochtaí a bhaineann le cur chun cinn na tairsí i gcomhréir le hAirteagal 20.

2.Le linn dó an dréachtchlár oibre bliantúil a ullmhú, déanfaidh an Coimisiún an taiseolas ó úsáideoirí a bailíodh i gcomhréir le hAirteagal 22 a chur san áireamh. Sula nglacfar é, cuirfidh an Coimisiún an dréachtchlár oibre bliantúil faoi bhráid an ghrúpa comhordaithe lena phlé.

Caibidil VIII
Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 28
Costais

1.Is ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a íocfar na costais a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a)forbairt agus cothabháil na nuirlisí TF lena dtacaítear le cur chun feidhme an Rialacháin seo ar leibhéal an Aontais;

(b)cur chun cinn na tairsí ar leibhéal an Aontais;

(c)de réir uasmhéid in aghaidh an Bhallstáit, aistriú na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(a) agus na dtreoracha le haghaidh nósanna imeachta a chur i gcrích dá dtagraítear in Airteagal 11(1)(a) go teanga oifigiúil de chuid an Aontais nach ionann í agus an teanga náisiúnta.

2.Is ó bhuiséid na mBallstát faoi seach, mura bhforáiltear dá mhalairt i reachtaíocht an Aontais, a íocfar na costais a bhaineann le tairseacha gréasáin náisiúnta, ardáin faisnéise, seirbhísí cúnaimh agus nósanna imeachta a bhunaítear ar leibhéal na mBallstát.

Airteagal 29
Cosaint sonraí pearsanta

Ní mór próiseáil na sonraí pearsanta faoi chuimsiú an Rialacháin seo ag údaráis inniúla a bheith i gcomhréir le [Treoir 95/46/CE] [Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle]. Maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag an gCoimisiún faoi chuimsiú an Rialacháin seo, comhlíonfaidh sí forálacha Rialachán 00/0000 [Rialachán nua a chuirfear in ionad Rialachán 45/2001].

Airteagal 30
Comhar le líonraí eile faisnéise agus cúnaimh

1.Cinnfidh an Coimisiún cé na socruithe neamhfhoirmiúla rialachais atá ann cheana le haghaidh ceann ar bith de na seirbhísí cúnaimh nó réitigh fadhbanna a liostaítear in Iarscríbhinn III nó le haghaidh ceann ar bith de na réimsí faisnéise a chumhdaítear le hIarscríbhinn I a chomhtháthófar isteach i ngrúpa comhordaithe na tairsí.

2.I gcás inar cruthaíodh seirbhísí nó líonraí faisnéise agus cúnaimh le gníomh ceangailteach de chuid an Aontais le haghaidh ceann ar bith de na réimsí faisnéise a chumhdaítear le hIarscríbhinn I, comhordóidh an Coimisiún obair ghrúpa comhordaithe na tairsí agus chomhlachtaí rialachais na seirbhísí nó na líonraí sin d’fhonn sineirgí a bhaint amach agus dúbláil a sheachaint.

Airteagal 31
Gaol le forálacha eile de dhlí an Aontais

I gcás ina dtagann forálacha an Rialacháin seo salach ar fhoráil de ghníomh eile de chuid an Aontais lena rialaítear gnéithe sonracha den ábhar a chumhdaítear leis an Rialachán seo, beidh forlámhas ag foráil an ghnímh eile de chuid an Aontais.

Airteagal 32
Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh

1.Bainfear úsáid as Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 chun críocha Airteagal 11(4).

2.Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh IMI a úsáid mar stór leictreonach nasc dá bhforáiltear in Airteagal 16(1).

Airteagal 33
Tuairisciú agus athbhreithniú

Faoi cheithre bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus cuirfidh sé tuarascáil mheasúnachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar fheidhmiú na tairsí agus ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, bunaithe ar na staitisticí agus ar an aiseolas arna mbailiú i gcomhréir le hAirteagal 21, Airteagal 22 agus Airteagal 23. San athbhreithniú sin, déanfar meastóireacht ar raon feidhme Airteagal 12 den Rialachán seo go háirithe, agus aird á tabhairt ar fhorbairtí teicneolaíochta, margaidh agus dlí a bhaineann le malartú fianaise idir údaráis inniúla.

Airteagal 34
An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 21(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón [...]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 21(3) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

5.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 21(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 35
Nós imeachta coiste

1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 36
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 mar a leanas:

(1)    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

Airteagal 1
Ábhar

‘Leis an Rialachán seo, leagtar rialacha síos le haghaidh úsáid Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (‘IMI’) le haghaidh comhar riaracháin, lena náirítear próiseáil sonraí pearsanta, idir na gníomhaithe seo a leanas (‘gníomhaithe IMI’):

(a)    údaráis inniúla na mBallstát;

(b)    údaráis inniúla na mBallstát agus an Coimisiún;

(c)    údaráis inniúla na mBallstát, an Coimisiún agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais.

(2)    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(1):

‘1. Bainfear úsáid as IMI le haghaidh malartuithe faisnéise, lena náirítear sonraí pearsanta, i measc ghníomhaithe IMI agus le haghaidh phróiseáil na faisnéise sin chun ceachtar de na críocha seo a leanas:

(a)    comhar riaracháin a éilítear i gcomhréir leis na gníomhartha a liostaítear san Iarscríbhinn;

(b)    comhar riaracháin faoi réir treoirthionscadail a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 4.’

(3)    Leasaítear an dara mír d’Airteagal 5 mar seo a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a) ciallaíonn ‘IMI’ an uirlis leictreonach arna soláthar ag an gCoimisiún chun comhar riaracháin a éascú idir údaráis inniúla na mBallstát agus idir údaráis inniúla na mBallstát, an Coimisiún agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais’;

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b) ciallaíonn ‘comhar riaracháin’ an comhar idir gníomhaithe IMI trí fhaisnéis a mhalartú agus a phróiseáil chun críche dlí an Aontais a chur i bhfeidhm ar bhealach níos fearr.’;

(c) scriostar pointe (g).

(4)    In Airteagal 8(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(f) ‘comhordú le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a áirithiú agus rochtain ar IMI a dheonú dóibh’;

(5)    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9(4):

‘4. Cuirfidh na Ballstáit, an Coimisiún agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais modhanna iomchuí i bhfeidhm chun a áirithiú go ligfear d’úsáideoirí IMI rochtain a fháil ar shonraí pearsanta arna bpróiseáil in IMI ar bhonn riachtanais amháin, agus laistigh den réimse nó de na réimsí de chuid an mhargaidh inmheánaigh inar deonaíodh cearta rochtana dóibh i gcomhréir le mír 3, agus laistigh den réimse sin nó de na réimsí sin amháin.’

(6)    Leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:

(a)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2. Beidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm fhorálacha an Rialacháin seo agus as cur i bhfeidhm na bhforálacha sin a áirithiú, nuair atá an Coimisiún nó comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais ag próiseáil sonraí pearsanta ina ról mar ghníomhaithe IMI. Beidh feidhm ag na dualgais agus na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 58 agus Airteagal 59 de [Rialachán (AE) Uimh. XX/201Y] dá réir’.

(b)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3. Ag gníomhú dóibh laistigh de raon feidhme a ninniúlachtaí faoi seach, oibreoidh na hÚdaráis Náisiúnta Mhaoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhar le chéile chun a áirithiú go ndéanfar maoirseacht chomhordaithe ar IMI agus ar an úsáid a bhaineann gníomhaithe IMI as i gcomhréir le hAirteagal 62 de [Rialachán (AE) Uimh. XX/201Y]’.

(c)    scriostar mír 4.

(7)    Scriostar Airteagal 29(1).

(8)    San Iarscríbhinn, cuirtear an pointe seo 12 a leanas isteach:

‘12. [Rialachán (AE) Uimh. XX/201Y] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tairseach aonair dhigiteach a bhunú chun faisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012: Airteagal [11(4)].’

Airteagal 37
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 2, Airteagail 4 go 11, Airteagal 12(1) go (6) agus (8), Airteagal 13, Airteagal 14, Airteagal 15(1) go (3), Airteagal 16, Airteagal 17, Airteagal 21(1) agus (2), Airteagal 22(1) go (4) agus Airteagal 23, beidh feidhm acu ó [dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

1.4.Cuspóirí

1.5.Foras an togra/tionscnaimh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le saorghluaiseacht saoránach agus gnólachtaí sa Mhargadh Inmheánach a éascú trí thairseach aonair dhigiteach chun faisnéise, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a thabhairt dóibh agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 41  

Teideal 02: An margadh inmheánach, tionsclaíocht, fiontraíocht agus fiontair bheaga agus mheánmhéide

Gníomhaíocht 02 02: Iomaíochas na bhfiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide

Gníomhaíocht 02 03: Margadh inmheánach d’earraí agus seirbhísí

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

Baineann an togra/tionscnamh le beart nua 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 42  

Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Sa teachtaireacht dar teideal A Digital Single Market Strategy for Europe [Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach don Eoraip] a d’fhoilsigh an Coimisiún i mí na Bealtaine 2015, moladh go gcruthófaí tairseach aonair dhigiteach chun an fhaisnéis agus na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna ar fad a theastaíonn chun oibriú go héifeachtach thar theorainneacha a leathnú, a fheabhsú agus a chuíchóiriú agus cur ar chumas na núsáideoirí na nósanna imeachta náisiúnta is mó úsáid a chur i gcrích ar líne.

Fógraíodh freisin sa Straitéis don Mhargadh Aonair a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair 2015 go mbeadh an tairseach aonair dhigiteach ina modh chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais shonracha a bhíonn ag gnólachtaí nuathionscanta.

D’fháiltigh an Chomhairle Iomaíochais roimh an gcoincheap sna conclúidí uaithi i mí an Mhárta 2015 agus i mí Feabhra 2016 agus d’fháiltigh Parlaimint na hEorpa roimhe i mí Eanáir 2016 freisin.

Is é an cuspóir beartais foriomlán feidhmiú éifeachtúil an Mhargaidh Aonair a éascú trí dheireadh a chur le bacainní atá ann cheana ar ghníomhaíocht trasteorann gnó agus soghluaisteacht trasteorann saoránach nó na bacainní sin a laghdú. Má chabhraítear le saoránaigh, fiontair bheaga agus mheánmhéide agus gnólachtaí nuathionscanta tairbhe a bhaint as an Margadh Aonair, neartófar iomaíocht, poist agus fás ag an am céanna.

Leis an togra seo, féachtar le deireadh a chur leis na bacainní atá ann maidir leis an raon faisnéise a chuirtear ar fáil, le rochtain ar ríomhnósanna imeachta agus le húsáid seirbhísí cúnaimh ar bhonn trasteorann agus ar líne. Má laghdaítear costais idirbhirt le haghaidh nósanna imeachta bailithe faisnéise agus riaracháin, tabharfar spreagadh do shaoránaigh agus gnólachtaí a gcearta i ndáil leis an margadh aonair a fheidhmiú.

1.4.2.Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Cuspóir sonrach Uimh.

Rud ba shonraí fós, is é an aidhm atá leis an tairseach aonair dhigiteach a áirithiú:

- Gur ar fáil ar líne atá faisnéis faoi chearta AE agus na rialacha agus nósanna imeachta náisiúnta a theastaíonn ó shaoránaigh agus gnólachtaí chun a gcearta i ndáil leis an margadh aonair a fheidhmiú;

- Go gcomhlíonann faisnéis, seirbhísí cúnaimh agus nósanna imeachta íoschaighdeáin cháilíochta;

- Go bhfuil príomhnósanna imeachta náisiúnta ar fáil ar líne;

- Go bhfuil rochtain iomlán ag úsáideoirí trasteorann ar fhaisnéis agus nósanna imeachta;

- Go bhfuil feasacht ar na seirbhísí atá á dtairiscint á méadú agus go bhfuil faisnéis agus seirbhísí cúnaimh so-aimsithe agus dea-chomhordaithe;

- Go bhfuil aiseolas ó shaoránaigh agus gnólachtaí á bhailiú agus á anailísiú go córasach chun feabhas a chur ar cháilíocht seirbhíse agus chun bacainní in aghaidh an Mhargaidh Aonair a bhrath.

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Caibidil 02 02: Iomaíochas na bhfiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide

Caibidil 02 03: Margadh inmheánach d’earraí agus seirbhísí

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Táthar ag siúl go mbeidh an tionchar seo ag an tairseach aonair dhigiteach:

- Laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin atá ar shaoránaigh agus gnólachtaí ar mhaith leo a gcearta i ndáil leis an margadh aonair a fheidhmiú ó thaobh gníomhaíocht trasteorann agus soghluaisteacht saoránach de. Sábhálfar am agus costais do shaoránaigh agus gnólachtaí leis an tionscnamh seo toisc go néascófar rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh leis.

- An cháilíocht seirbhíse a fheabhsú do shaoránaigh agus gnólachtaí.

- Costais riaracháin do na Ballstáit a laghdú agus iad ag déileáil le nósanna imeachta agus feabhas a chur ar chomhlíonadh na rialacha náisiúnta.

1.4.4.Táscairí lena léireofar toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

Beartaítear an tacar táscairí seo a leanas:

- An céatadán de ghnólachtaí agus saoránaigh a chuireann in iúl gur aimsigh siad an fhaisnéis a bhí á lorg acu.

- Treochtaí sa mheánlíon úsáideoirí míosúla.

- An céatadán de ghnólachtaí agus saoránaigh a chuireann in iúl gur go héasca a d’aimsigh siad an fhaisnéis a bhí á lorg acu.

- An céatadán de ghnólachtaí agus saoránaigh a chuireann in iúl go bhfuil siad sásta leis an gcáilíocht (bunaithe ar chritéir).

- An céatadán de ghnólachtaí agus saoránaigh a chuireann in iúl go raibh siad in ann na nósanna imeachta atá ar fáil a chur i gcrích go hiomlán ar líne.

- An céatadán de ghnólachtaí trasteorann agus saoránaigh thrasteorann a chuireann in iúl go raibh siad in ann na nósanna imeachta atá ar fáil a chur i gcrích go hiomlán ar líne.

- Inúsáidteacht sonraí ón uirlis aiseolais úsáideoirí agus ó sheirbhísí cúnaimh maidir le bacainní sa mhargadh aonair agus cáilíocht na tuarascála iarmhartaí.

1.5.Foras an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Beartaítear leis an togra an tualach riaracháin ar shaoránaigh agus gnólachtaí a laghdú trí na nithe seo a dhéanamh:

- cabhrú leo rochtain a fháil ar fhaisnéis faoi chearta, oibleagáidí agus rialacha a dhíorthaítear ó ghníomhartha an Aontais i réimse an mhargaidh inmheánaigh,

- cabhrú leo rochtain a fháil ar sheirbhísí cúnaimh a chomhlánaíonn an fhaisnéis a sholáthraítear ar líne,

- rochtain ar nósanna imeachta agus úsáid nósanna imeachta a éascú trí na nósanna imeachta a dhigitiú agus feabhas a chur ar a ninúsáidteacht d’úsáideoirí trasteorann,

- íoschaighdeáin cháilíochta a leagan síos i dtaca le faisnéis, seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna, agus nósanna imeachta, agus cur chun feidhme na gcaighdeán sin a áirithiú trí aiseolas úsáideoirí agus staitisticí úsáideoirí a bhailiú.

1.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas AE

Is é príomhchuspóir na tairsí aonair digití feabhas a chur ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair do shaoránaigh agus fiontair araon agus, mar thoradh air sin, iomaíochas na bhfiontar beag agus meánmhéide a mhéadú.

Ní féidir an cuspóir sin a ghnóthú go leordhóthanach gan ghníomhaíocht ar leibhéal AE. Tá comhleanúnachas in easnamh ar an gcóras reatha um fhaisnéis agus seirbhísí cúnaimh toisc nach sách idirnasctha ná soláimhsithe atá na hionstraimí atá ann cheana a cruthaíodh le gníomhaíocht ar leibhéal AE. Ní ann do chur chuige coiteann i leith cáilíocht a áirithiú trí íoschaighdeáin cháilíochta. Cé go gcuirtear sineirgí chun cinn leis an gcreat dlíthiúil, is amhlaidh nár shaothraigh na Ballstáit na sineirgí sin go leordhóthanach go fóill (in éagmais oibleagáidí ceangailteacha a bheith orthu).

Ina theannta sin, tá difríochtaí suntasacha ó thaobh cur chuige de tagtha chun cinn de bharr na Ballstáit a bheith ag feidhmiú ina naonar. Mar gheall ar na difríochtaí sin, gearrtar costais bhreise ar ghnólachtaí, agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide go háirithe, i gcásanna trasteorann agus cuirtear cuid mhór díobh óna ngníomhaíochtaí a leathnú ar leibhéal idirnáisiúnta.

Is é an breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE sa tairseach aonair dhigiteach go laghdóidh sé ilroinnt trí na dea-chleachtais atá ar bun cheana i roinnt mhaith réimsí a leathnú chuig an bpacáiste seirbhíse iomlán a sholáthrófar do shaoránaigh agus gnólachtaí AE.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Cruthaíodh tairseacha agus pointí teagmhála éagsúla ar leibhéal Eorpach agus ar leibhéal náisiúnta araon le roinnt mhaith blianta anuas chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais sin. Glacadh roinnt tionscnaimh AE cheana féin agus tá cinn eile beartaithe chun cabhrú le húsáideoirí eachtracha ríomhnósanna imeachta a rochtain in earnálacha sonracha. Áirítear leo sin: Ionaid Ilfhreastail a cuireadh ar bun ar bhonn na Treorach um Sheirbhísí chun faisnéis, seirbhísí cúnaimh agus rochtain ar nósanna imeachta atá ábhartha don ghníomhaíocht seirbhíse a thairiscint ar líne; Pointí Teagmhála do Tháirgí agus Pointí Teagmhála do Tháirgí Foirgníochta a bunaíodh chun rochtain a sholáthar, ach í a iarraidh, ar rialacha teicniúla atá sainiúil don táirge; Lárionaid Chúnaimh um Cháilíochtaí Gairmiúla, a fhéachann le cabhair a thabhairt do ghairmithe atá ag bogadh ó thír amháin go tír eile. Cuireann líonraí amhail na Lárionaid Eorpacha do Thomhaltóirí tuiscint chun cinn ar chearta tomhaltóirí in AE agus cabhraíonn siad le gearáin a réiteach faoi earraí a ceannaíodh i dtír eile laistigh den líonra le linn taisteal nó siopadóireacht a dhéanamh ar líne. Ina theannta sin, is é aidhm SOLVIT réitigh éifeachtacha neamhfhoirmiúla a sholáthar go gasta do dhaoine aonair agus gnólachtaí nuair a dhéanann údaráis phoiblí cearta na ndaoine nó na ngnólachtaí sin faoi dhlí Aontais laistigh den mhargadh inmheánach a cheilt orthu. Bunaíodh roinnt tairseacha faisnéise ar leibhéal AE, amhail An Eoraip Agatsa agus an Tairseach don r-Cheartas, chun daoine a chur ar an eolas faoi rialacha AE agus rialacha náisiúnta.

D’ainneoin na niarrachtaí sin, áfach, tá a bhfuil á thairiscint do shaoránaigh agus gnólachtaí fós an-ilroinnte. Tá bearnaí ann sa teacht ar fhaisnéis agus nósanna imeachta ar líne, tá roinnt de na seirbhísí ar dhroch-chaighdeán agus tá easpa feasachta ann ar a bhfuil á thairiscint ar líne. Tá fadhbanna ann freisin maidir le hinaimsitheacht agus inrochtaineacht na seirbhísí d’úsáideoirí nach náisiúnaigh iad.

1.5.4.Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Tá an tairseach aonair dhigiteach ina cuid den Phlean Gníomhaíochta Ríomhrialtais, a náirítear leis gníomhartha eile a chuirfidh le rath na tairsí aonair digití, amhail an prionsabal “gan faisnéis a sholáthar ach uair amháin”.

Cloítear sa togra leis an loighic taobh thiar de chuspóir bunathraithe dhigitigh an Choimisiúin, is é sin, láithreacht chuíchóirithe ghréasáin a chruthú agus seachaint a dhéanamh ar thuilleadh ilroinnte de bharr tairseacha nua agus pointí teagmhála nua.

Baineann an Rialachán maidir le Doiciméid Phoiblí le hábhar sa chomhthéacs seo freisin toisc go gceanglófar ar na Ballstáit leis sin glacadh le sraith doiciméad ó shaoránaigh faoi dheireadh na bliana 2018 gan tuilleadh fíordheimhnithe ná aistriúcháin a éileamh.

Ar na gníomhartha eile den phlean atá comhlántach agus ábhartha go díreach don tairseach aonair dhigiteach tá glacadh an ríomh-shainaitheantais agus an ríomhshínithe tríd an Rialachán eIDAS; an Tairseach don r-Cheartas (lena náirítear Córas Idirnasctha na gClár Gnó (BRIS)), an tairseach faisnéise CBL, córas idirnasctha na gclár dócmhainneachta, agus tionscnamh atá beartaithe faoi dhlí na gcuideachtaí chun réitigh dhigiteacha a éascú ar fud saolré cuideachta. Ina theannta sin, tá an tairseach ag teacht le hathbhreithniú an Chreata Eorpaigh Idir-inoibritheachta.

Tá an tairseach aonair dhigiteach comhoiriúnach go hiomlán do na tionscnaimh sin a bhfuil sé mar aidhm leo an soláthar faisnéise ar líne a fheabhsú nó nósanna imeachta a dhigitiú ar leibhéal AE agus ar leibhéal náisiúnta.

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

 Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta

   Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

 Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh 2018 go 2020.

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 43  

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí poiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

Dhá bhliain ar a dhéanaí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil mheasúnachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar fheidhmiú na tairsí, bunaithe ar na staitisticí agus ar an aiseolas a bailíodh.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.Na rioscaí a aithníodh.

Is é an príomhriosca do chur chun feidhme rathúil na tairsí aonair digití nach mbeidh na Ballstáit atá ag titim chun deiridh ar na Ballstáit eile faoi láthair (maidir le teacht ar fhaisnéis agus nósanna imeachta ar líne, go háirithe i dtaca leis an rochtain atá ag saoránaigh eachtracha orthu) in ann teacht suas leo gasta go leor. Mar sin féin, dá mbainfí leas as an struchtúr rialachais beartaithe atá bunaithe ar dhlúthchomhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún agus an fhéidearthacht úsáid a bhaint as cistiú faoi Chistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa, ba cheart go dtabharfaí gach ceann de na Ballstáit suas chuig an aon leibhéal amháin.

Gné eile is ea gur bunaithe ar fheidhmiúlachtaí IMI agus modhanna teicniúla eile a bheidh uirlis na tairsí aonair digití le haghaidh malartú faisnéise. Sainaithníodh an creat riosca ginearálta a bhaineann le IMI, lena náirítear rioscaí oibríochtúla, i gcomhthéacs Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ("Rialachán IMI"). Is é an Coimisiún ‘úinéir córais’ IMI agus tá sé freagrach as oibriú laethúil, cothabháil agus forbairt an chórais. Tá an córas á fhorbairt agus á óstáil ag soláthraí inmheánach, rud a áirithíonn leibhéal ard comhleanúnachais gnó. Maidir le rioscaí a bhaineann le modhanna teicniúla eile, tá na rioscaí sin teoranta fós toisc go bhfuil an fhéidearthacht ann feidhmiúlachtaí IMI a úsáid go dtí go mbeidh na modhanna teicniúla iomchuí i bhfeidhm.

Tá rioscaí ann freisin a bhaineann le cosaint sonraí ach cumhdaítear iad sin le hairteagal 29 maidir le cosaint sonraí pearsanta.

2.2.2.Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm.

Agus é ag tabhairt aghaidh ar na rioscaí ginearálta a shainaithnítear faoi roinn 2.2.1 thuas, cuirfidh an Coimisiún cúnamh (e.g. cruinnithe an ghrúpa comhordaithe, ceardlanna, etc.) ar fáil do gach páirtí leasmhar (e.g. údaráis na mBallstát, comhlachtaí gairmiúla, etc.) agus cuirfidh sé tabhairt isteach agus úsáid an chórais nua chun cinn ar bhealach gníomhach. Ceanglófar ar na Ballstáit buntáistí na huirlise atá beartaithe a chur chun cinn freisin.

Maidir leis na gnéithe oibríochtúla den tairseach aonair dhigiteach, is é an Coimisiún a dhéileálfaidh leo agus áiritheofar leibhéal ard faireacháin agus rialaithe dá bharr sin. Bainfear leas as cruinnithe rialta agus ionstraimí tuairiscithe chun dlúthfhaireachán ar an obair forbartha agus cothabhála a éascú.

Anuas air sin, áirithíonn an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí gur i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme a dhéanann an Coimisiún sonraí pearsanta a phróiseáil. Déanfaidh na húdaráis náisiúnta chosanta sonraí faireachán ar phróiseáil sonraí pearsanta ag na húdaráis inniúla ar leibhéal na mBallstát.

2.2.3.Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis.

Tabharfar aghaidh ar na rioscaí ginearálta trí na bearta ábhartha a dhéanamh, lena náirítear cúnamh agus faisnéis a sholáthar do na páirtithe leasmhara lena mbaineann.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Maidir leis na forálacha is infheidhme de ghnáth maidir le gníomhaíochtaí an Choimisiúin, lena náirítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), beidh feidhm gan srian acu maidir leis an tairseach aonair dhigiteach chun críocha calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a chomhrac.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir agus Ceannteideal

LD/LN 44 .

ó thíortha de chuid CSTE 45

ó thíortha is iarrthóirí 46

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

1A

02 02 01

Fiontraíocht a chur chun cinn agus feabhas a chur ar iomaíochas fhiontair an Aontais agus ar an rochtain atá acu ar mhargaí

LD

Líon

1A

02 03 01

Oibriú agus forbairt an mhargaidh inmheánaigh earraí agus sheirbhísí

LD

Líon

Níl

Níl

1A

02 03 04

Uirlisí chun rialachas a dhéanamh ar an margadh inmheánach

LD

Líon

Níl

Níl

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

1A

Iomaíochas don fhás agus do phoist

Ard-Stiúrthóireacht: GROW

2018

2019

2020

2021

ó 2022 ar aghaidh

IOMLÁN

Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

02 02 01

Gealltanais

(1)

615 000

150 000

710 000

1 475 000

Íocaíochtaí

(2)

615 000

150 000

710 000

1 475 000

02 03 01

Gealltanais

(1)

710 000

710 000

Íocaíochtaí

(2)

710 000

710 000

02 03 04

Gealltanais

(1)

3 920 000

1 420 000

5 340 000

Íocaíochtaí

(2)

3 920 000

1 420 000

5 340 000

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach 47  

0

0

0

0

0

0

IOMLÁN leithreasuithe
do DG GROW

Gealltanais

=1+1a +3

615 000

150 000

1 420 000

3 920 000

1 420 000

7 525 000

Íocaíochtaí

=2+2a

+3

615 000

150 000

1 420 000

3 920 000

1 420 000

7 525 000



IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

615 000

150 000

1 420 000

3 920 000

1 420 000

7 525 000

Íocaíochtaí

(5)

615 000

150 000

1 420 000

3 920 000

1 420 000

7 525 000

 IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach

(6)

0

0

0

0

0

0

IOMLÁN leithreasuithe
do CHEANNTEIDEAL 1A
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

=4+ 6

615 000

150 000

1 420 000

3 920 000

1 420 000

7 525 000

Íocaíochtaí

=5+ 6

615 000

150 000

1 420 000

3 920 000

1 420 000

7 525 000



Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

5

"Caiteachas riaracháin"

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2018

2019

2020

2021

ó 2022 ar aghaidh

IOMLÁN

Ard-Stiúrthóireacht: GROW

• Acmhainní daonna

69 000

690 000

828 000

690 000

759 000

3 036 000

• Caiteachas riaracháin eile

16 300

91 600

240 600

90 600

30 600

469 700

IOMLÁN DG GROW

Leithreasuithe

85 300

781 600

1 068 600

780 600

789 600

3 505 700

IOMLÁN leithreasuithe
do CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

85 300

781 600

1 068 600

780 600

789 600

3 505 700

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2018

2019

2020

2021

ó 2022 ar aghaidh

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Gealltanais

700 300

931 600

2 488 600

4 700 600

2 209 600

11 030 700

Íocaíochtaí

700 300

931 600

2 488 600

4 700 600

2 209 600

11 030 700




3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

2018

2019

2020

2021

ó 2022 ar aghaidh

IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas 48

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 49

Tá faisnéis ar fáil ar líne

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

0

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2

Comhlíonann faisnéis, seirbhísí cúnaimh agus nósanna imeachta íoschaighdeáin cháilíochta

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

0

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 3

Tá príomhnósanna imeachta náisiúnta ar fáil ar líne

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 3

0

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 4

Tá rochtain iomlán ag úsáideoirí trasteorann ar fhaisnéis agus nósanna imeachta

- Aschur

Cuirtear faisnéis agus nósanna imeachta ar fáil i mBéarla

1 000 000

500 000

500 000

2 000 000

- Aschur

Comhéadan coiteann le haghaidh úsáid trasteorann doiciméad agus sonraí

1 000 000

1 000 000

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 4

3 000 000

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 5

Tá feasacht ar na seirbhísí atá á dtairiscint á méadú agus tá faisnéis agus seirbhísí cúnaimh so-aimsithe agus dea-chomhordaithe

- Aschur

Saoráid choiteann cuardaigh agus aimsitheoir coiteann cúnaimh

500 000

420 000

420 000

420 000

1 760 000

- Aschur

Stór coiteann nasc

75 000

75 000

- Aschur

Cur chun cinn comhordaithe

2 000 000

500 000

2 500 000

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 5

4 335 000

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 6

Tá aiseolas ó shaoránaigh agus gnólachtaí á bhailiú agus á anailísiú go córasach chun feabhas a chur ar cháilíocht seirbhíse agus chun bacainní in aghaidh an mhargaidh Aonair a bhrath.

- Aschur

Baintear úsáid as critéir cháilíochta agus an uirlis choiteann aiseolais úsáideoirí le haghaidh tairseacha nasctha

40 000

40 000

- Aschur

Forbairt uirlise aiseolais úsáideoirí ar bhacainní in aghaidh an mhargaidh aonair

150 000

150 000

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 6

190 000

COSTAS IOMLÁN

615 000

150 000

1 420 000

3 920 000

1 420 000

7 525 000

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.1.Achoimre

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2018

2019

2020

2021

ó 2022 ar aghaidh

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

69 000

690 000

828 000

690 000

759 000

3 036 000

Caiteachas riaracháin eile

16 300

91 600

240 600

90 600

30 600

469 700

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 50
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile
de chineál riaracháin

Fo-iomlán
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

0

IOMLÁN

85 300

781 600

1 068 600

780 600

789 600

3 505 700

Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha

3.2.3.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

2018

2019

2020

2021

ó 2022 ar aghaidh

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

0.5

5

6

5

5.5

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

10 01 05 01 (Taighde díreach)

 Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 51

XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón gclúdach iomlánaíoch)

XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí)

XX 01 04 yy  52

- sa cheanncheathrú

- toscaireachtaí

XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – taighde indíreach)

10 01 05 02 (CA, INT, SNE – taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

0.5

5

6

5

5.5

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

- 2018 – an 2ú leath:

1 FTE – obair ullmhúcháin ar chóras IMI a úsáid (le haghaidh an stór nasc a fhorbairt agus córas IMI a úsáid le haghaidh comhar idir údaráis na mBallstát chun barántúlacht agus bailíocht fianaise a fhíordheimhniú)

- 2019:

1 FTE – córas IMI a úsáid le haghaidh comhar idir údaráis na mBallstát chun barántúlacht agus bailíocht fianaise a fhíordheimhniú

2 FTE – faireachán a dhéanamh ar cháilíocht

2 FTE – an tairseach aonair dhigiteach a bhainistiú

- 2020:

1 FTE – córas IMI a úsáid le haghaidh comhar idir údaráis na mBallstát chun barántúlacht agus bailíocht fianaise a fhíordheimhniú

2 FTE – faireachán a dhéanamh ar cháilíocht

1 FTE – torthaí aiseolais a anailísiú agus a fhoilsiú

2 FTE – an tairseach aonair dhigiteach a bhainistiú

- 2021:

1 FTE – córas IMI a úsáid le haghaidh comhar idir údaráis na mBallstát chun barántúlacht agus bailíocht fianaise a fhíordheimhniú

1 FTE – faireachán a dhéanamh ar cháilíocht

1 FTE – torthaí aiseolais a anailísiú agus a fhoilsiú

2 FTE – an tairseach aonair dhigiteach a bhainistiú

- ó 2022 ar aghaidh:

1 FTE – córas IMI a úsáid le haghaidh comhar idir údaráis na mBallstát chun barántúlacht agus bailíocht fianaise a fhíordheimhniú

0.5 FTE – modhanna teicniúla eile a úsáid le haghaidh malartú fianaise idir údaráis na mBallstát

1 FTE – faireachán a dhéanamh ar cháilíocht

1 FTE – torthaí aiseolais a anailísiú agus a fhoilsiú

2 FTE – an tairseach aonair dhigiteach a bhainistiú

Pearsanra seachtrach

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

   Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha. Don tréimhse tar éis an 31 Nollaig 2020, measfar an tsuim a bheith deimhnithe má tá sí ag teacht leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil atá i bhfeidhm don tréimhse sin.

   Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

⌧ Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

◻ Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos:

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

ar acmhainní dílse

ar ioncam ilghnéitheach

IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

Ainm an togra/tionscnaimh:

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tairseach aonair dhigiteach a bhunú chun faisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012

1.LÍON agus COSTAS na nACMHAINNÍ DAONNA A MHEASTAR A BHEITH RIACHTANACH

2.COSTAS CAITEACHAS RIARACHÁIN EILE

3.MODHANNA RÍOFA A ÚSÁIDEADH CHUN COSTAIS A MHEAS

3.1.Acmhainní daonna

3.2.Caiteachas riaracháin eile

Ní mór an iarscríbhinn seo a bheith ag gabháil leis an ráiteas airgeadais reachtach nuair atá an comhairliúchán idirsheirbhísí á sheoladh.

Úsáidtear na táblaí sonraí mar fhoinse le haghaidh na dtáblaí atá sa ráiteas airgeadais reachtach. Tá siad á gcur ar fáil le haghaidh úsáid inmheánach laistigh den Choimisiún amháin.

1.Costas na nacmhainní daonna a mheastar a bheith riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

CEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

2018

2019

2020

2021

ó 2022 ar aghaidh

IOMLÁN

FTE

Leithreasuithe

FTE

Leithreasuithe

FTE

Leithreasuithe

FTE

Leithreasuithe

FTE

Leithreasuithe

FTE

Leithreasuithe

Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

·XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

AD

0.5

69 000

5

690 000

6

828 000

5

690 000

5.5

759 000

22

3 036 000

AST

·XX 01 01 02 (i dToscaireachtaí an Aontais)

AD

AST

 Pearsanra seachtrach 53

·XX 01 02 01 (‘clúdach iomlánaíoch’)

CA

SNE

INT

·XX 01 02 02 (i dToscaireachtaí an Aontais)

CA

LA

SNE

INT

JED

·Línte buiséid eile (sonraigh)

·Fo-iomlán – CHEANNTEIDEAL 5

den chreat airgeadais ilbhliantúil

0.5

69 000

5

690 000

6

828 000

5

690 000

5.5

759 000

22

3 036 000

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.    

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

2018

2019

2020

2021

ó 2022 ar aghaidh

IOMLÁN

FTE

Leithreasuithe

FTE

Leithreasuithe

FTE

Leithreasuithe

FTE

Leithreasuithe

FTE

Leithreasuithe

FTE

Leithreasuithe

Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

·10 01 05 02 (Taighde díreach)

AD

AST

·XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

AD

AST

 Pearsanra seachtrach 54

·XX 01 04 yy 
Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").

·- sa Cheanncheathrú

CA

SNE

INT

·- i dtoscaireachtaí an Aontais

CA

LA

SNE

INT

JED

·XX 01 05 02 (Taighde indíreach)

CA

SNE

INT

·10 01 05 02 (Taighde díreach)

CA

SNE

INT

·Línte buiséid eile (sonraigh)

·Fo-iomlán – Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

0

0

0

0

0

0

0

0

0

0

0

0

·Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.IOMLÁN

0.5

69 000

5

690 000

6

828 000

5

690 000

5.5

759 000

22

3 036 000

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

2.Costas caiteachas riaracháin eile

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

·

2018

2019

2020

2021

ó 2022 ar aghaidh

IOMLÁN

·CEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

·    Sa cheanncheathrú

·XX 01 02 11 01 - Speansais mhisin agus ionadaíochta

·XX 01 02 11 02 - Costais a bhaineann le comhdhálacha agus cruinnithe

16 300

31 600

180 600

30 600

30 600

289 700

·XX 01 02 11 03 - Coistí 55  

60 000

60 000

60 000

180 000

·XX 01 02 11 04 - Staidéir agus comhairliúcháin

·XX 01 02 11 05 – Córais faisnéise agus bhainistíochta

·XX 01 03 01 – Trealamh agus seirbhísí TFC 56

·Línte buiséid eile (sonraigh nuair is gá)

·    I dtoscaireachtaí an Aontais

·XX 01 02 12 01 - Speansais mhisin, comhdhálacha agus ionadaíochta

·XX 01 02 12 02 - Oiliúint bhreise a chur ar an bhfoireann

·XX 01 03 02 01 - Éadáil, cíos agus caiteachas gaolmhar

·XX 01 03 02 02 - Trealamh, troscán, soláthairtí agus seirbhísí

·Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

16 300

91 600

240 600

90 600

30 600

469 700

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.



EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2018

2019

2020

2021

ó 2022 ar aghaidh

IOMLÁN

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

XX 01 04 yy - Caiteachas ar chúnamh teicniúil agus riaracháin (gan baill foirne sheachtracha a áireamh) ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte ‘BA’)

- sa Cheanncheathrú

- i dtoscaireachtaí an Aontais

XX 01 05 03 - Caiteachas bainistíochta eile as taighde indíreach

10 01 05 03 - Caiteachas bainistíochta eile as taighde díreach

Línte buiséid eile (sonraigh nuair is gá)

Fo-iomlán – Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

0

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 5 agus Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

16 300

91 600

240 600

90 600

30 600

469 700

Soláthrófar na leithreasuithe riaracháin is gá leis na leithreasuithe a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil agus i bhfianaise na srianta buiséadacha atá ann cheana.

3.Modhanna ríofa a úsáideadh chun costais a mheas

3.1.Acmhainní daonna

Leagtar amach sa chuid seo an modh ríofa a úsáideadh chun na hacmhainní daonna a mheastar a bheith riachtanach a mheas (toimhdí ualaigh oibre, lena náirítear poist shonracha (próifílí oibre SysPer2), catagóirí foirne agus na meánchostais chomhfhreagracha)

·CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil

·NB: Tá na meánchostais le haghaidh gach catagóire foirne sa Cheanncheathrú ar fáil ar BudgWeb:

· https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/pre/legalbasis/Pages/pre-040-020_preparation.aspx

· Oifigigh agus pearsanra sealadach

·- an 2ú leath de 2018:

·1 FTE – obair ullmhúcháin ar chóras IMI a úsáid (le haghaidh an stór nasc a fhorbairt agus córas IMI a úsáid le haghaidh comhar idir údaráis na mBallstát chun barántúlacht agus bailíocht fianaise a fhíordheimhniú)

·- 2019:

·1 FTE – córas IMI a úsáid le haghaidh comhar idir údaráis na mBallstát chun barántúlacht agus bailíocht fianaise a fhíordheimhniú

·2 FTE – faireachán a dhéanamh ar cháilíocht

·2 FTE – an tairseach aonair dhigiteach a bhainistiú

·

·- 2020:

·1 FTE – córas IMI a úsáid le haghaidh comhar idir údaráis na mBallstát chun barántúlacht agus bailíocht fianaise a fhíordheimhniú

·2 FTE – faireachán a dhéanamh ar cháilíocht

·1 FTE – torthaí aiseolais a anailísiú agus a fhoilsiú

·2 FTE – an tairseach aonair dhigiteach a bhainistiú

·

·- 2021:

·1 FTE – córas IMI a úsáid le haghaidh comhar idir údaráis na mBallstát chun barántúlacht agus bailíocht fianaise a fhíordheimhniú

·1 FTE – faireachán a dhéanamh ar cháilíocht

·1 FTE – torthaí aiseolais a anailísiú agus a fhoilsiú

·2 FTE – an tairseach aonair dhigiteach a bhainistiú

·

·- ó 2022 ar aghaidh:

·1 FTE – córas IMI a úsáid le haghaidh comhar idir údaráis na mBallstát chun barántúlacht agus bailíocht fianaise a fhíordheimhniú

·0.5 FTE – modhanna teicniúla eile a úsáid le haghaidh malartú fianaise idir údaráis na mBallstát

·1 FTE – faireachán a dhéanamh ar cháilíocht

·1 FTE – torthaí aiseolais a anailísiú agus a fhoilsiú

·2 FTE – an tairseach aonair dhigiteach a bhainistiú

·

·

· Pearsanra seachtrach

·

·

·Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil

· Na poist sin amháin a mhaoinítear ón mbuiséad taighde 

·

·

· Pearsanra seachtrach

·

·

3.2.Caiteachas riaracháin eile

Tabhair sonraí faoin modh ríofa a úsáideadh le haghaidh gach líne buiséid

agus na buntoimhdí go háirithe (e.g. an líon cruinnithe sa bhliain, meánchostais, etc.)

CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil

- Ceardlanna le páirtithe leasmhara chun forbairt na tairsí aonair digití a ullmhú: 2 000 € (2 cheardlann sa bhliain 2018, 2 cheardlann sa bhliain 2019)

- Comhdháil le haghaidh sheoladh na tairsí aonair digití: 150 000 € (2020)

- Coistí (30 000 € as gach cruinniú): 2 cheann sa bhliain ón mbliain 2019 go dtí an bhliain 2021

- Cruinniú bliantúil ghrúpa comhordaithe na tairsí aonair (15 300 € as gach cruinniú): 2 cheann sa bhliain ó lár na bliana 2018 i leith

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil

(1) Féach, mar shampla, na Conclúidí ón gComhairle an 9 Márta 2017.
(2) Staidéar ar na riachtanais faisnéise agus chúnaimh atá ag gnólachtaí a oibríonn ar bhonn trasteorann laistigh den Aontas Eorpach, Tuarascáil Deiridh, Aibreán 2017.
(3) An Tuarascáil Deiridh ón nGrúpa Ardleibhéil um Sheirbhísí Gnó, Aibreán 2014
(4) ‘Plean Gníomhaíochta Ríomhrialtais an Aontais Eorpaigh 2016-2020 - Dlús a chur le claochlú digiteach rialtais’, Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, COM(2016) 0179 final.
(5) Féach Caibidil 6.2.3 den Mheasúnú Tionchair.
(6) Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 36).
(7) Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (IO L 255, 30.9.2005, lgh. 22–142).
(8) “An Margadh Aonair a Uasghrádú: tuilleadh deiseanna do dhaoine agus do ghnólachtaí”, Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, 28.10.2015, COM(2015) 550 final.
(9) https://ec.europa.eu/commission/work-programme-2017_en
(10) Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena naisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lgh. 73–114).
(11) Treoir 2012/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2012 lena leasaítear Treoir Uimh. 89/666/CEE ón gComhairle agus Treoir Uimh. 2005/56/CE agus Treoir Uimh. 2009/101/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hidirnascadh clár lárnach, tráchtála agus cuideachtaí (IO L 156, 16.6.2012, lgh. 1–9).
(12) http://ec.europa.eu/DocsRoom/documents/20813
(13) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/7 ón gCoimisiún an 5 Eanáir 2016 lena mbunaítear an fhoirm chaighdeánach don Doiciméad Aonair Eorpach maidir le Soláthar (IO L 3, 6.1.2016, lgh. 16–34).
(14) IO C , , lch. .
(15) IO C , , lch. . .
(16) ‘An Margadh Aonair a Uasghrádú: tuilleadh deiseanna do dhaoine agus do ghnólachtaí’, Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, COM(2015) 550 final, an 28.10.2015.
(17) ‘Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach don Eoraip’, Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, COM(2015) 192 final, an 6.5.2015.
(18) ‘Plean Gníomhaíochta Ríomhrialtais an Aontais Eorpaigh 2016-2020 - Dlús a chur le claochlú digiteach rialtais’, Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, COM(2016) 0179 final.
(19) Tuarascáil ar Shaoránacht AE: Cearta saoránach a neartú in Aontas atá i mbun athrú daonlathach, an 24 Eanáir 2017, COM(2017) 30/2 final.
(20) Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 36).
(21) Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar síos nósanna imeachta a bhaineann le rialacha náisiúnta teicniúla áirithe a chur i bhfeidhm maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh go dleathach i mBallstát eile agus lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 3052/95/CE (IO L 218, 13.8.2008, lgh. 21–29).
(22) Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena naisghairtear Treoir 89/106/CEE ón gComhairle (IO L 88, 4.4.2011, lgh. 5–43).
(23) Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (IO L 255, 30.9.2005, lgh. 22–142).
(24) Moladh ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2013 maidir leis na prionsabail lena rialaítear SOLVIT (IO L 249, 19.9.2011, lch. 10).
(25) Rinne an Chomhairle an Chairt a fhormhuiniú in 2013.
(26) Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena naisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lgh. 73–114).
(27) Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 36).
(28) Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (IO L 255, 30.9.2005, lgh. 22–142).
(29) Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena naisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lgh. 65–242) agus Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar de chuid eintiteas a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena naisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lgh. 243–374).
(30) Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lgh. 1–123).
(31) Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a chur chun feidhme (IO L 284, 30.10.2009, lgh. 1–42).
(32) Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena naisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (‘Rialachán IMI’) (IO L 316, 14.11.2012, lch. 1).
(33) Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena naisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lgh. 65–242).
(34) Treoir 2009/101/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le comhordú coimircí a cheanglaíonn na Ballstáit ar chuideachtaí de réir bhrí Airteagal 48 den Chonradh, ar mhaithe le leasanna comhaltaí agus tríú páirtithe a chosaint, chun go ndéanfaí coimircí coibhéiseacha de na coimircí sin (IO L 258 1.10.2009, lch. 11–19).
(35) Rialachán (AE) Uimh. 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta (IO L 141, 5.6.2015, lgh. 19–72).
(36) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13–18).
(37) An Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lgh. 1–14).
(38) Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lgh. 31–50).
(39) Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(40) Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus gnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 (IO L 94, 30.3.2012, lch. 22–37).
(41) ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí ABB: Buiséadú de réir gníomhaíochtaí.
(42) Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(43) Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html
(44) LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte
(45) CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(46) Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh bheith ina niarrthóirí.
(47) Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(48) Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(49) Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. 'Cuspóirí sonracha...'
(50) Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(51) CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht.
(52) Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
(53) CA = Ball foirne ar conradh; LA = Ball foirne áitiúil; SNE = Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT = Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht.
(54) CA = Ball foirne ar conradh; LA = Ball foirne áitiúil; SNE = Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT = Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht.
(55) Sonraigh an cineál coiste agus an grúpa ar leis é.
(56) TFC: Teicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide: Ní mór dul i gcomhairle le DIGIT.
Top

An Bhruiséil,2.5.2017

COM(2017) 256 final

An Pacáiste Comhlíontachta

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

TOGRA LE hAGHAIDH RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tairseach aonair dhigiteach a bhunú chun faisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012

{SWD(2017) 211 final}
{SWD(2017) 212 final}
{SWD(2017) 213 final}
{SWD(2017) 214 final}


IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

TOGRA LE hAGHAIDH RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tairseach aonair dhigiteach a bhunú chun faisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012

IARSCRÍBHINN I
Liosta de réimsí faisnéise atá ábhartha do shaoránaigh agus gnólachtaí atá ag feidhmiú a gceart i ndáil leis an margadh aonair dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(a)

Réimsí faisnéise a bhaineann le saoránaigh:

Réimse

FAISNÉIS FAOI CHEARTA, OIBLEAGÁIDÍ AGUS RIALACHA

Taisteal laistigh den Aontas

·Doiciméid nach mór a bheith ag saoránaigh an Aontais, daoine muinteartha leo nach saoránaigh den Aontas iad, mionaoisigh atá ag taisteal ina naonar agus saoránaigh nach saoránaigh den Aontas iad nuair atá siad ag taisteal thar theorainneacha laistigh den Aontas (cárta aitheantais, víosa, pas)

·cearta agus oibleagáidí daoine agus iad ag taisteal ar eitleán, ar an traein, ar bhord loinge agus ar an mbus laistigh den Aontas agus amach as, agus cearta agus oibleagáidí daoine a cheannaíonn pacáistí taistil nó socruithe taistil gaolmhara

·cúnamh i gcás soghluaisteacht laghdaithe daoine agus iad ag taisteal laistigh den Aontas agus amach as

·iompar ainmhithe, plandaí, alcóil, tobac, toitíní agus earraí eile ag daoine agus iad ag taisteal san Aontas

·guthghlaonna a chur agus teachtaireachtaí leictreonacha agus sonraí leictreonacha a sheoladh agus a fháil laistigh den Aontas

Obair agus scor laistigh den Aontas

·fostaíocht a lorg i mBallstát eile

·fostaíocht a ghlacadh i mBallstát eile

·aitheantas do cháilíochtaí d’fhonn fostaíocht a fháil i mBallstát eile

·cáin i mBallstát eile

·téarmaí fostaíochta (lena náirítear uaireanta oibre, saoire íoctha, teidlíochtaí saoire, cearta agus oibleagáidí maidir le ragobair, scrúduithe sláinte, foirceannadh conarthaí, briseadh as post agus iomarcaíochtaí)

·caitheamh cothrom (rialacha in aghaidh idirdhealú san áit oibre, pá comhionann d’fhir agus do mhná, pá comhionann d’fhostaithe ar chonarthaí téarma sheasta/fostaíochta buaine)

·oibleagáidí sláinte agus sábháilteachta maidir le cineálacha difriúla gníomhaíochta

·cearta agus oibleagáidí slándála sóisialta san Aontas, lena náirítear iad sin a bhaineann le pinsin a fháil

Feithiclí san Aontas

·mótarfheithicil a thabhairt go sealadach nó go buan chuig Ballstát eile

·ceadúnas tiomána a fháil agus a athnuachan

·mótarárachas éigeantach a ghlacadh

·mótarfheithicil a cheannach agus a dhíol i mBallstát eile

·mótarfheithicil a thógáil ar cíos

·rialacha náisiúnta tráchta agus ceanglais ar thiománaithe

Cónaí i mBallstát eile

·bogadh chuig Ballstát eile go sealadach nó go buan

·páirt a ghlacadh i dtoghcháin bhardasacha agus toghcháin chuig Parlaimint na hEorpa

·ceanglais ar shaoránaigh an Aontais agus a ndaoine muinteartha maidir le cártaí cónaithe a bheith acu, lena náirítear daoine muinteartha nach saoránaigh den Aontas iad

Oideachas nó cúrsa oiliúna i mBallstát eile

·freastal ar scoil i mBallstát eile

·freastal ar ollscoil i mBallstát eile

·obair dheonach a dhéanamh i mBallstát eile

·cúrsaí oiliúna i mBallstát eile

·taighde a dhéanamh i mBallstát eile mar chuid de chlár oideachais

Cúram sláinte

·cóireáil leighis a fháil i mBallstát eile

·táirgí cógaisíochta ordaithe a cheannach ar líne nó go pearsanta i mBallstát nach ionann é agus an Ballstát inar eisíodh an toideas

Cearta, oibleagáidí agus rialacha trasteorann teaghlaigh

· breith, coimeád leanaí mionaoiseacha, freagrachtaí ar thuismitheoirí, oibleagáidí cothabhála maidir le leanaí in imthosca trasteorann teaghlaigh

·cónaí mar lánúin ag a bhfuil náisiúntachtaí difriúla (pósadh, idirscaradh, colscaradh, cearta maoine pósta, cearta comhchónaitheoirí)

·cearta maidir le comharbas i mBallstát eile

Tomhaltóirí in imthosca trasteorann

·earraí agus seirbhísí a cheannach ar líne nó go pearsanta ó Bhallstát eile (lena náirítear earraí agus seirbhísí airgeadais)

·cuntas bainc a choimeád i mBallstát eile

·ceangal le fóntais amhail gás, leictreachas, uisce, teileachumarsáid agus an tidirlíon

·íocaíochtaí, lena náirítear aistrithe creidmheasa, moilleanna ar íocaíochtaí trasteorann

·cearta tomhaltóirí agus ráthaíochtaí a bhaineann le hearraí agus seirbhísí a cheannach

Réimsí faisnéise a bhaineann le gnólachtaí:

Réimse

FAISNÉIS FAOI CHEARTA, OIBLEAGÁIDÍ AGUS RIALACHA

Gnólacht a thosú, a reáchtáil agus a dhúnadh

·gnólacht a chlárú (nósanna imeachta clárúcháin agus foirmeacha dlí le haghaidh gnó a dhéanamh)

·cearta maoine intleachtúla (iarratas a dhéanamh ar phaitinn, trádmharc, líníocht nó dearadh a chlárú, ceadúnas atáirgthe a fháil)

·cothroime agus trédhearcacht i gcleachtais tráchtála, lena náirítear cearta tomhaltóirí agus ráthaíochtaí a bhaineann le hearraí agus seirbhísí a dhíol

·saoráidí ar líne a thairiscint le haghaidh íocaíochtaí trasteorann nuair atáthar ag díol earraí agus seirbhísí ar líne

·cearta agus oibleagáidí a eascraíonn as dlí na gconarthaí, lena náirítear ús ar riaráistí

·imeachtaí dócmhainneachta agus leachtú cuideachtaí

·árachas creidmheasa

·cuideachtaí a chumasc nó gnólacht a dhíol

Cúrsaí foirne

·téarmaí fostaíochta (lena náirítear uaireanta oibre, saoire íoctha, teidlíochtaí saoire, cearta agus oibleagáidí maidir le ragobair, scrúduithe sláinte, foirceannadh conarthaí, briseadh as post agus iomarcaíochtaí)

·cearta agus oibleagáidí slándála sóisialta san Aontas (clárú mar fhostóir, fostaithe a chlárú, fógra a thabhairt d’fhostaí faoi dheireadh conartha, ranníocaíochtaí slándála sóisialta a íoc, cearta agus oibleagáidí a bhaineann le pinsin)

·oibrithe a fhostú i mBallstáit eile (oibrithe a phostú, rialacha maidir le saoirse chun seirbhísí a chur ar fáil, ceanglais chónaithe d’oibrithe)

·caitheamh cothrom (rialacha in aghaidh idirdhealú san áit oibre, pá comhionann d’fhir agus do mhná, pá comhionann d’fhostaithe ar chonarthaí téarma sheasta/fostaíochta buaine)

·rialacha maidir le hionadaíocht foirne

Cánacha

·CBL: faisnéis faoi na rialacha ginearálta, rátaí agus díolúintí, clárú le haghaidh CBL agus CBL a íoc, aisíocaíocht a fháil

·dleachtanna máil: faisnéis faoi na rialacha ginearálta, rátaí agus díolúintí

·cánacha eile: íocaíocht, rátaí

Earraí

·comhartha CE a fháil

·caighdeáin is infheidhme a shainaithint, sonraíochtaí teicniúla, agus táirgí a dheimhniú

·aitheantas frithpháirteach do tháirgí nach bhfuil faoi réir shonraíochtaí an Aontais

·ceanglais maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú do cheimiceáin ghuaiseacha

·ciandíol/díol seacháitribh: faisnéis nach mór a thabhairt do chustaiméirí roimh ré, an conradh a dheimhniú i scríbhinn, aistarraingt ó chonradh, na hearraí a sheachadadh, oibleagáidí sonracha eile

·táirgí lochtacha: cearta agus ráthaíochtaí tomhaltóirí, freagrachtaí iardhíola, modhanna sásaimh do pháirtí díobhálaithe

·deimhniúchán, lipéid (EMAS, lipéid fuinnimh, éicidhearthóireacht, éicilipéad AE)

·athchúrsáil agus bainistíocht dramhaíola

Seirbhísí

·ceadúnais, údaruithe nó ceadanna a fháil d’fhonn gnólacht a thosú

·fógra a thabhairt do na húdaráis faoi ghníomhaíochtaí trasteorann

·aitheantas do cháilíochtaí gairmiúla

Gnólacht a chistiú

·rochtain a fháil ar mhaoiniú ar leibhéal an Aontais, lena náirítear cláir chistiúcháin agus deontais ghnó an Aontais

·rochtain a fháil ar mhaoiniú ar leibhéal náisiúnta

·tionscnaimh atá dírithe ar fhiontraithe (malartuithe a eagraítear le haghaidh fiontraithe nua, cláir mheantóireachta, etc.)

Conarthaí poiblí

·Páirt a ghlacadh i dtairiscintí poiblí: rialacha agus nósanna imeachta

·tairiscint a chur isteach ar líne mar fhreagairt do ghlao poiblí ar thairiscintí

·neamhrialtachtaí a thuairisciú maidir leis an bpróiseas tairisceana

Sláinte agus sábháilteacht ag an obair

·Oibleagáidí sláinte agus sábháilteachta maidir le cineálacha difriúla gníomhaíochta, lena náirítear rioscaí a chosc, faisnéis agus oiliúint

IARSCRÍBHINN II
Nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 5(2)

Imeachtaí saoil

Nósanna imeachta

Aschur ionchasach

Breith

Teastas breithe a iarraidh

Teastas breithe

Staidéar a dhéanamh

Iarratas a dhéanamh ar dheontas staidéir ó institiúid phoiblí

Cinneadh ar an iarratas ar dheontas

Obair

Clárú le haghaidh sochair shlándála sóisialta

Admháil fála

Aitheantas a iarraidh do dhioplóma

Cinneadh ar an iarraidh ar aitheantas

Bogadh

Athrú seolta a chlárú

Deimhniú chlárú an tseolta nua

Cárta aitheantais nó pas a iarraidh/a athnuachan

Eisiúint nó athnuachan cárta aitheantais nó pas

Mótarfheithicil a chlárú

Deimhniú clárúcháin

Dul ar scor

Sochair phinsin agus sochair réamhscoir a éileamh ó scéimeanna poiblí nó leathphoiblí

Cinneadh ar an éileamh ar shochair phinsin nó réamhscoir

Gnólacht a thosú

Clárú ginearálta gníomhaíochta gnó, diomaite de na nósanna imeachta a bhaineann le bunú cuideachtaí de réir bhrí an dara mír d’Airteagal 54 CFAE

Deimhniú gur cuireadh i gcrích na céimeanna uile is gá chun tosú ar oibriú mar ghnólacht

Fostóir (duine nádúrtha) a chlárú le scéimeanna poiblí nó leathphoiblí pinsean agus árachais

Uimhir aitheantais slándála sóisialta

Fostaithe a chlárú le scéimeanna poiblí nó leathphoiblí pinsean agus árachais

Uimhir aitheantais slándála sóisialta

Gnó a dhéanamh

Fógra a thabhairt do na scéimeanna slándála sóisialta faoi dheireadh conartha le fostaí

Deimhniú go bhfuarthas an fógra

Ranníocaíochtaí slándála sóisialta d’fhostaithe a íoc

Admháil nó foirm eile deimhnithe gur íocadh ranníocaíochtaí slándála sóisialta d’fhostaithe

IARSCRÍBHINN III
Liosta de na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(c)

(1)Ionaid Ilfhreastail

(2)Pointí Teagmhála do Tháirgí

(3)Pointí Teagmhála do Tháirgí Foirgníochta

(4)Lárionaid Chúnaimh Náisiúnta um Cháilíochtaí Gairmiúla

(5)Pointí Teagmhála don tSláinte

(6)EURES

(7)Réiteach Díospóide Ar Líne

Top