This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52013PC0550
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on interchange fees for card-based payment transactions
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le táillí idirmhalartaithe ar idirbhearta íocaíochta le cárta
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le táillí idirmhalartaithe ar idirbhearta íocaíochta le cárta
/* COM/2013/0550 final - 2013/0265 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le táillí idirmhalartaithe ar idirbhearta íocaíochta le cárta /* COM/2013/0550 final - 2013/0265 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. FORAIS AGUS CUSPÓIRÍ AN TOGRA Forais agus cuspóirí an togra Is é is aidhm leis an togra reatha cuidiú le
margadh íocaíochtaí uile-AE a fhorbairt, ionas gur féidir le tomhaltóirí,
miondíoltóirí agus gnóthais eile leas iomlán a bhaint as sochair mhargadh
inmheánach an AE lena n‑áirítear ríomhthráchtáil, i gcomhréir leis an
Straitéis Eoraip 2020 agus an Clár Oibre Digiteach. Chun an méid sin a bhaint amach, agus chun
seirbhísí uile-AE, éifeachtúlacht agus nuálaíocht i réimse na n-ionstraimí
íocaíochta le cárta, agus idirbhearta íocaíochta le cárta i dtimpeallacht as
líne, ar líne agus mhóibíleach, a chur chun cinn, ba cheart soiléire dhlíthiúil
agus deiseanna cothroma iomaíochta a bheith ann. Sa bhreis air sin, ba cheart
rialacha gnó agus coinníollacha eile a thoirmeasc má chuireann siad cosc ar
thomhaltóirí agus miondíoltóirí faisnéis bheacht a fháil faoi tháillí arna n‑íoc
i ndáil le hidirbhearta íocaíochta agus, dá bhrí sin, bac ar mhargadh
inmheánach iomlán éifeachtach a chruthú. Comhthéacs ginearálta Forbraíodh
an creat rialála agus reachtach maidir le híocaíochtaí miondíola san AE le 12 bhliain
anuas, agus chuir teacht isteach an euro luas faoi. Le Rialachán
(CE) Uimh. 2560/2001 maidir le comhionannas muirear d'íocaíochtaí
náisiúnta agus trasteorann in euro spreagadh tuilleadh tionscnamh maidir le
Margadh Inmheánach Íocaíochtaí a thabhairt chun críche. Comhlánaíodh an creat rialála agus reachtach
trí roinnt imscrúduithe agus cinntí faoi dhlí iomaíochta an AE a rinne an
Coimisiún le blianta beaga anuas i réimse na n‑íocaíochtaí miondíola. Tá íocaíochtaí leictreonacha atá slán,
éifeachtúil agus nuálach ríthábhachtach don mhargadh inmheánach sna táirgí agus
sna seirbhísí go léir, agus tá tionchar méadaitheach aige de réir mar a ghluaiseann
an domhan ar aghaidh ó thrádáil nithiúil go ríomhthrádáil. Sa chomhthéacs sin
cuireadh bac ar mhargadh inmheánach atá ag feidhmiú go héifeachtach a bhaint
amach i réimse na gcártaí íocaíochta trí rialacha agus cleachtais ghnó
sriantacha áirithe a chur i bhfeidhm go forleathan. De thoradh ar na rialacha
agus na cleachtais sin bíonn easpa faisnéise ann faoi chostais agus faoi
phraghsáil idirbheart do thomhaltóirí agus do mhiondíoltóirí, rud as a dtagann
torthaí fo‑optamacha margaidh lena n‑áirítear praghsanna
neamhéifeachtúla. Ar na príomhchleachtais a chuireann bac ar
mhargadh comhtháite a bhaint amach tá úsáid fhorleathan na scéimeanna 'ceithre
pháirtí', an cineál scéimeanna cártaí is coitianta, rud ar a dtugtar Táillí
Idirmhalartaithe Iltaobhacha (Multilateral Interchange Fees /MIFanna). Is éard
atá iontu táillí idirbhainc a chomhaontaítear i dteannta a chéile de ghnáth
idir na soláthraithe seirbhíse íocaíochta fála agus na soláthraithe seirbhíse
íocaíochta eisiúna a bhaineann le scéim áirithe. Bíonn na táillí
idirmhalartaithe sin a íoctar trí sholáthraithe seirbhíse íocaíochta fála mar
chuid de na táillí a ghearrann siad ar cheannaithe (Muirir Seirbhíse Ceannaí),
a ghearrann ceannaithe ar thomhaltóirí ina dhiaidh sin. Mar sin, de thoradh ar
cheannaithe a bheith ag íoc Táillí Idirmhalartaithe arda bíonn praghsanna
deiridh níos airde ar earraí agus seirbhísí, praghsanna a íocann gach
tomhaltóir. Is léir sa chleachtas go bhfuil an iomaíocht idir scéimeanna
cártaí dírithe tríd is tríd ar a áitiú ar an méid is mó is féidir soláthraithe
seirbhíse íocaíochta eisiúna a gcuid cártaí a eisiúint, rud as a dtagann táillí
níos airde seachas níos ísle de ghnáth, i gcodarsnacht leis an
ngnáthéifeacht smachta praghsanna a thagann as iomaíocht i ngeilleagar
margaidh. Faoi láthair, níl aon reachtaíocht san AE lena
rialáiltear táillí idirmhalartaithe , ach amháin go hindíreach i gcás na
Danmhairge le haghaidh MSCanna d'idirbhearta aghaidh ar aghaidh. Mar sin féin,
bíonn imeachtaí leanúnacha ar siúl maidir le forfheidhmiú an dlí iomaíochta ag
roinnt mhaith údarás náisiúnta iomaíochta, lena n‑áirítear an Ríocht
Aontaithe, an Ghearmáin agus an Iodáil. Ina theannta sin, tá roinnt Ballstát i
mbun reachtaíocht a ghlacadh, lena n‑áirítear sa Pholainn, san Ungáir, sa
Ríocht Aontaithe agus san Iodáil. Tionchar ar thomhaltóirí Leis na méaduithe ar phraghsanna a thagann as
táillí idirmhalartaithe déantar dochar do thomhaltóirí, ar daoine iad nach
gnách dóibh bheith ar an eolas faoi na táillí a íocann ceannaithe ar an
ionstraim íocaíochta a úsáideann siad. San am céanna, trí bhíthin sraithe
cleachtas dreasaithe a chuireann soláthraithe seirbhíse íocaíochta eisiúna i
bhfeidhm (amhail dearbháin taistil, bónais, lacáistí, árachas in aisce, etc.),
déantar tomhaltóirí a stiúradh i dtreo ionstraimí íocaíochta a ghineann táillí
arda do sholáthraithe seirbhíse íocaíochta eisiúna. I ngeall ar rialacha scéime
arna gcur i bhfeidhm ag scéimeanna cártaí íocaíochta agus cleachtais arna gcur
i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhíse íocaíochta, is gnách go mbíonn ceannaithe
agus tomhaltóirí aineolach ar éagsúlachtaí idir táillí agus laghdaítear
trédhearcacht an mhargaidh, mar shampla trí tháillí a 'chumasc' nó trí
cheannaithe a thoirmeasc branda cárta níos saoire a roghnú ar chártaí
comhbhrandáilte nó tomhaltóirí a stiúradh chun na cártaí níos saoire sin a
úsáid. Fiú má tá ceannaithe ar an eolas faoi na costais éagsúla, is minic a
chuireann na rialacha scéime bac orthu gníomhú leis na táillí a laghdú. Is den
tábhacht iad na rialacha ar a dtugtar 'Rialacha maidir le glacadh le gach
cárta' (Honour All Cards Rules/HACRs) lena gcuirtear de cheangal ar cheannaithe
glacadh le gach táirge a eisítear faoin mbranda céanna, fiú más féidir athrú
faoi fhactóir 3-4 teacht ar na táillí do cheannaithe ar na cártaí sin laistigh
den chatagóir chéanna cártaí (ie. cártaí creidmheasa/dochair) nó faoi fhachtóir
suas le 25 idir catagóirí cártaí, amhail cártaí creidmheasa emium agus cárta
dochair ísealchostais. Is é toradh na dtáillí a comhaontaíodh le chéile agus
na mbeart um laghdú trédhearcachta nach mbíonn ar na bainc dul san iomaíocht
maidir leis an ngné sin dá gcuid táillí, rud as a dtagann praghsanna níos airde
do thomhaltóirí, lena n‑áirítear iad siúd nach n-íocann le cárta nó a
íocann le cártaí ísealtáille. I gcleachtas, tá na tomhaltóirí a íocann le
cártaí ísealtáille ag fóirdheonú na húsáide a bhaineann tomhaltóirí níos
saibhre as modhanna íocaíochta níos costasaí trí phraghsanna miondíola níos
airde. Sa bhreis ar rogha theoranta i dtaca le soláthraithe seirbhíse íocaíochta,
nuálaíocht laghdaithe agus praghsanna níos airde ar sheirbhísí íocaíochta,
tugann na táillí idirmhalartaithe faoin gceist i ndáil le beartas an
Choimisiúin maidir le húsáid íocaíochtaí leictreonacha a chur chun cinn agus a
éascú chun sochair tomhaltóirí[1].
Ar deireadh, i ngeall ar an easpa rogha maidir le soláthraithe seirbhíse
íocaíochta, lena n‑áirítear ar leibhéal uile-Eorpach, cuirtear cosc ar
thomhaltóirí na sochair ar fad a bhaint as an margadh inmheánach, go háirithe ó
thaobh ríomhthráchtála de. Tionchar ar an margadh inmheánach Faoi láthair tá raon leathan táillí
idirmhalartaithe ann a chuirtear i bhfeidhm laistigh de scéimeanna cártaí
íocaíochta náisiúnta agus idirnáisiúnta, rud as a dtagann ilroinnt an mhargaidh
agus cosc ar mhiondíoltóirí agus ar thomhaltóirí leas a bhaint as sochair an
mhargaidh inmheánaigh d'earraí agus do sheirbhísí. Fiú mura ndéantar trácht ach
ar na scéimeanna cártaí íocaíochta idirnáisiúnta amháin, tá difríocht suas le
fachtóir 10 idir táillí idirmhalartaithe, rud as a dtagann éagsúlachtaí costais
nach beag idir miondíoltóirí sna tíortha faoi seach. De thoradh na n‑éagsúlachtaí
móra idir táillí ó Bhallstát go Ballstát, tá deacracht ag miondíoltóirí teacht
ar straitéis praghsanna a bheadh ar fud an AE dá gcuid táirgí agus seirbhísí,
ar líne agus as líne araon, chun dochair do thomhaltóirí. Ní féidir le
miondíoltóirí na héagsúlachtaí sna táillí a shárú trí úsáid a bhaint as
seirbhísí glactha cártaí a thairgeann bainc i mBallstáit eile; i rialacha
sonracha a chuireann scéimeanna íocaíochta i bhfeidhm forordaítear an táille
idirmhalartaithe a chur i bhfeidhm ag an 'Díolphointe' (tír an mhiondíoltóra) i
gcás gach idirbhirt íocaíochta. Cuireann an méid sin cosc ar bhainc fála a
gcuid seirbhísí a thairiscint ar bhonn trasteorann agus cosc ar mhiondíoltóirí
a gcuid costas íocaíochta a laghdú chun sochair a gcuid tomhaltóirí. Teacht isteach sa mhargadh I ngeall ar tháillí idirmhalartaithe cuirtear
srian le teacht isteach sa mhargadh mar feidhmíonn a n-ioncam do sholáthraithe
seirbhíse íocaíochta eisiúna mar íostairseach chun a thabhairt ar sholáthraithe
seirbhíse íocaíochta eisiúna cártaí íocaíochta nó ionstraimí íocaíochta eile a
eisiúint, amhail ar an idirlíon agus réitigh íocaíochta ar fhóin phóca, a
thairgeann iontrálaithe nua. Anuas air sin, bíonn sé deacair i gcónaí ar
ghníomhaithe uile-Eorpacha teacht isteach sa mhargadh, mar go mbíonn éagsúlacht
mhór idir táillí idirmhalartaithe intíre ó Bhallstát go Ballstát agus bheadh ar
iontrálaithe nua táillí idirmhalartaithe atá inchomparáide ar a laghad leis na
cinn atá ann cheana a thairiscint i ngach margadh a bhfuil siad ag iarraidh
teacht isteach ann. Tá tionchar ag an méid sin ar inmharthanacht a samhla gnó
i.e. déanann sé difear do bharainneachtaí ionchasacha scála agus scóipe. Sin an
fáth freisin a ndeachaigh scéimeanna cártaí náisiúnta (níos saoire de ghnáth)
in éag i roinnt Ballstát. I ngeall ar na bacainní ar theacht isteach arna
gcruthú ag táillí idirmhalartaithe do réitigh íocaíochta ar an idirlíon agus ar
fhóin phóca, bíonn níos lú nuálaíochta ann freisin. Mar a dúradh, níl aon reachtaíocht lena
rialáiltear táillí idirmhalartaithe i bhfeidhm san AE faoi láthair, cé is moite
den Danmhairg. Mar sin féin, bíonn imeachtaí leanúnacha ar siúl maidir le
forfheidhmiú an dlí iomaíochta ag roinnt mhaith údarás náisiúnta iomaíochta.
Chomh maith leis sin, tá roinnt Ballstát i mbun reachtaíocht a ghlacadh. Tá an
baol ann go dtiocfaidh margadh níos ilroinnte fós as conair ama éagsúla na
n-imeachtaí náisiúnta agus as an reachtaíocht bheartaithe. Sa togra reatha, dá bhrí sin, tá sé beartaithe
comhrialacha maidir le táillí idirmhalartaithe a chruthú san Aontas Eorpach trí
uasleibhéil táillí a thabhairt isteach d'idirbhearta le cártaí íocaíochta a
úsáideann tomhaltóirí go forleathan agus a bhfuil sé deacair do mhiondíoltóirí
iad a dhiúltiú nó a fhormhuirearú ar an gcaoi sin. Leis sin cruthófar cothrom
iomaíochta a chuirfidh deireadh le hilroinnt an mhargaidh atá ann faoi láthair
de thoradh táillí eisréimneacha. Dá thoradh sin féadfaidh daoine nuathagtha
uile-Eorpacha teacht isteach sa mhargadh go rathúil agus beidh nuálaíocht ann a
bheidh bunaithe ar bhonneagar a thugann 'cothrom iomaíochta'. Bainfidh
tomhaltóirí agus miondíoltóirí tairbhe as rogha níos leithne soláthraithe
seirbhíse íocaíochta (nua agus atá ann faoi láthair), lena n‑áirítear ar
leibhéal uile-Eorpach. Molfar sa rialachán freisin bearta trédhearcachta le gur
féidir le miondíoltóirí agus le tomhaltóirí roghanna níos eolaí a dhéanamh ó
thaobh ionstraimí íocaíochta de. Forálacha atá ann cheana i réimse an togra Comhlánfaidh an tionscnamh seo an creat
dlíthiúil atá ann cheana do sheirbhísí íocaíochta laistigh den AE, go háirithe
i ndáil leis an margadh inmheánach íocaíochtaí a thabhairt chun críche, agus an
t-ascnamh go hionstraimí íocaíochta uile-Eorpacha. Tá sé d'aidhm ag Treoir 2007/64/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le
seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach (an Treoir um Sheirbhísí
Íocaíochta)[2]
coinníollacha agus cearta caighdeánaithe a bhunú le haghaidh seirbhísí
íocaíochta a chuirtear ar fáil sa mhargadh ar mhaithe le tomhaltóirí agus
cuideachtaí ar fud an Aontais. Leis an Treoir sin, atá á hathbhreithniú san am
céanna agus atá an togra reatha á ullmhú, cruthaítear an creat ginearálta
d'íocaíochtaí san AE. Comhlántar é le roinnt rialachán amhail Rialachán (CE)
Uimh. 924/2009 maidir le híocaíochtaí trasteorann nó Rialachán (CE)
Uimh. 260/2012 lena leagtar síos spriocdhátaí ascnaimh chun gach aistriú
creidmheasa agus gach dochar díreach in euro san AE a aistriú ó scéimeanna
náisiúnta go scéimeanna uile-Eorpacha. I Rialachán (CE) Uimh. 260/2012
soiléirítear freisin nach féidir aon Táillí Idirmhalartaithe Iltaobhacha a
ghearradh do gach idirbheart dochair dhírigh. Sa bhreis ar an gcreat reachtach, le 20 bliain
anuas, sheol an Coimisiún Eorpach agus na húdaráis iomaíochta náisiúnta roinnt
imeachtaí in aghaidh trustaí inar díríodh ar chleachtais fhrithiomaíocha sa
mhargadh íocaíochtaí le cárta. I mbreithiúnas na Cúirte Ginearálta i mBealtaine
2012[3] deimhníodh torthaí an
Choimisiúin ina Chinneadh maidir le Mastercard i Nollaig 2007[4] go gcuireann MIFanna srian le
hiomaíocht toisc go méadaíonn siad costas ghlacadh an chárta ag ceannaithe gan
aon sochair do thomhaltóirí a theacht as. Dhiúltaigh an Chúirt don argóint
maidir leis na MIFanna a bheith fíor-riachtanach d'fheidhmiú córais íocaíochta
le cárta. Chun díriú ar cheisteanna iomaíochta, ghlac an Coimisiún le
gealltanais ó Visa agus ó Mastercard MIFanna níos ísle a ghearradh i leith
idirbheart trasteorann (agus intíre i roinnt cásanna): tiomantais ó Mastercard
in 2009 (uasteorainneacha 0.2 % ar MIFanna do thomhaltóirí trasteorann do
chártaí dochair agus uasteorainneacha 0.3 % do chártaí creidmheasa agus
athruithe ar na rialacha a fhorchuireann sé ar mhiondíoltóirí tríd na
soláthraithe seirbhíse íocaíochta fála), agus gealltanais Visa Europe 2010, le
huasteorainneacha atá teoranta do dhochar ach a chumhdaíonn freisin MIFanna
intíre nuair a shocraíonn Visa Europe féin iad seachas na bainc náisiúnta. In
2013, thug Visa Europe gealltanais i leith idirbheart trasteorann le cárta
creidmheasa maidir le tíortha áirithe ina socraíonn Visa Europe na muirir sin,
agus maidir le rialacha fála trasteorann. Tá imeachtaí iomaíochta ar siúl ar
bhonn leanúnach i roinnt Ballstát eile, lena n‑áirítear an Pholainn, an
Ungáir, an Iodáil, an Laitvia, an Ríocht Aontaithe, an Ghearmáin agus an
Fhrainc. Mar shampla, rinne Údarás Iomaíochta na Fraince gealltanais
cheangailteacha ón Groupement des Cartes Bancaires – an scéim cártaí
intíre – an 7 Iúil 2011 lena tháillí idirmhalartaithe a laghdú go leibhéil
atá coibhéiseach leis na leibhéil a chomhaontaigh Mastercard agus Visa dá gcuid
idirbheart trasteorann. Cé nach bhfuil aon reachtaíocht i bhfeidhm
maidir le táillí idirmhalartaithe san AE, ach amháin go hindíreach sa Danmhairg[5], tá roinnt Ballstát i mbun
reachtaíocht a ghlacadh, lena n‑áirítear an Pholainn, an Ungáir, an
Ríocht Aontaithe agus an Iodáil. Sa Pholainn, tá an Pharlaimint ag cíoradh
dréachtreachtaíochta lena rialáiltear táillí idirmhalartaithe, ina rachadh
uasteorainneacha MIFanna i laghad go céimnitheach go dtí 0.5 % faoi thús
2016, ins ndíothófaí an Riail maidir le Glacadh le Gach Cárta agus ina
gceadófaí fomhuirearú (do chártaí creidmheasa amháin). San Ungáir, táthar ag
plé togra reachtach a chuirfeadh uasteorainn le táillí idirmhalartaithe
creidmheasa agus dochair intíre ag a leibhéal trasteorann faoi seach, agus
bheadh Banc Ceannais na hUngáire freagrach as na táillí sin a ríomh. San
Iodáil, foilsíodh dréacht‑Fhorógra ón Aireacht Geilleagair agus
Airgeadais le haghaidh comhairliúcháin i Nollaig 2012, ina ndírítear ar
theorainneacha le cumasc, inchomparáideacht táillí idirmhalartaithe agus muirir
seirbhíse ceannaí, mar ba cheart go gcuirfí san áireamh leis na muirir
seirbhíse ceannaí líon na n-idirbheart agus ba cheart iad a bheith níos ísle i
gcás íocaíochtaí ar luach íseal. Sa Ríocht Aontaithe, tá an rialtas ag moladh
na córais íocaíochta a thabhairt faoi rialáil eacnamaíoch, lena mbunófaí
rialaitheoir nua iomaíocht-dhírithe, atá bunaithe ar an stíl atá ann cheana do
chórais íocaíochta miondíola[6]. Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí
eile an Aontais Tá cuspóirí an togra seo ag teacht leis na
beartais agus na cuspóirí atá á saothrú ag an Aontas. Ar an gcéad dul síos
feabhsóidh siad feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí íocaíochta
agus, ar bhonn níos leithne, do gach earra agus seirbhís chun sochair
tomhaltóirí agus cuideachtaí Eorpacha. Ar an dara dul síos, tacaíonn siad a
bheag nó a mhór le beartais eile an Aontais, go háirithe beartas iomaíochta
(trí oibleagáidí, cearta agus deiseanna comhionanna a bhunú do ghníomhaithe
uile an mhargaidh agus trí sholáthar seirbhísí íocaíochta trasteorann a éascú,
agus a chuireann le leibhéal na hiomaíochta dá bharr). Sa mheasúnú tionchair a
ghabhann leis an togra seo baineadh de thátal as go ndéanfadh na bearta
beartaithe comhtháthú margaidh a chur chun cinn do thomhaltóirí agus do
cheannaithe, go dtaobhóidís le teacht isteach uile-Eorpach sa mhargadh agus go
dtiocfadh níos mó cinnteachta dlíthiúla astu maidir le samhlacha gnó do
scéimeanna cártaí atá ann cheana agus d'iontrálaithe nua. Dhíreoidís freisin ar
an mbagairt maidir le samhlacha a 'onnmhairiú' bunaithe ar chleachtais
frithiomaíocha atá ann do sheirbhísí íocaíochta nuálacha nua. In ainneoin bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta
a dheimhníonn meastóireacht an Choimisiúin gur chuir MIFanna, mar a cuireadh i
bhfeidhm iad laistigh de chóras MasterCard, srian le hiomaíocht agus nár
tháinig éifeachtúlachtaí astu ar mó iad ná an dochar do cheannaithe agus do
thomhaltóirí, ní léir gur mian le scéimeanna cártaí a san AE faoi láthair a
gcleachtais a choigeartú go réamhghníomhach chun rialacha iomaíochta Eorpacha
agus náisiúnta a chomhlíonadh. Cé go bhfuil na hÚdaráis Iomaíochta Náisiúnta, i
ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, ag díriú ar an bhfadhb sin, d'fhéadfadh sé
nach dtiocfaidh torthaí atá cuimsitheach agus tráthúil go leor as forfheidhmiú
iomaíochta de réir amlínte agus cleachtas atá éagsúil chun comhtháthú agus nuáil
an mhargaidh is gá a dhíghlasáil chun iomaíochas an mhargaidh íocaíochta a
áirithiú ar leibhéal domhanda. Ag cur san áireamh rialacha iomaíochta an AE
agus taithí an Choimisiúin i gcásanna iomaíochta íocaíochtaí, is éard is aidhm
leis an togra reatha soiléire dhlíthiúil a thabhairt chun comhtháthú agus
iomaíocht éifeachtach a áirithiú, agus a chuirfeadh le leas eacnamaíoch na
bpáirtithe leasmahara uile agus go háirithe na dtomhaltóirí dá bharr. Trí
idirbhearta eacnamaíocha san Aontas a éascú, beifear in ann spriocanna níos
ginearálta Straitéis 2020 an AE a bhaint amach. 2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA
PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara Modhanna comhairliúcháin, na
príomhearnálacha ar díríodh orthu agus próifíl ghinearálta na bhfreagróirí Ar an 11 Eanáir 2012, d'fhoilsigh an Coimisiún
Eorpach Páipéar Uaine ''Towards an integrated European market for cards,
internet and mobile payments (I dtreo margaidh chomhtháite Eorpaigh
d'íocaíochtaí le cártaí, ar an idirlíon agus ar fhóin phóca)[7] ar lean comhairliúcán
poiblí é. Fuair an Coimsiún breis is 300 freagra ar a chomhairliúchán poiblí.
Ón aiseolas cuimsitheach ó pháirtithe leasmhara[8]
fuarthas faisnéis ábhartha faoi roinnt forbairtí úrnua agus faoi riachtanais
fhéideartha i dtaca le hathruithe a dhéanamh ar an gcreat íocaíochtaí atá ann
cheana. Tharla éisteacht phoiblí ar an 4
Márta 2012 agus d'fhreastail tuairim is 350 páirtí leasmhar uirthi. Ar an 20 Samhain 2012 ghlac Parlaimint na
hEorpa rún ''Towards an integrated European market for card, internet and
mobile payments (I dtreo margadh Eorpach comhtháite d'íocaíochtaí le cárta, ar
an idirlíon agus ar fhóin phóca')[9]
ar tuarascáil ar an bPáipéar Uaine é. Achoimre ar na freagraí agus ar an tslí
ar cuireadh san áireamh iad Tríd an bpróiseas comhairliúcháin
sainaithníodh roinnt barúlacha tábhachtacha maidir le raon feidhme an
Rialacháin seo. Bhí páirtithe leasmhara ó gach catagóir ar aon fhocal go seasta
go bhfuil gá le tuilleadh soiléire dlíthiúla maidir le táillí idirmhalartaithe
iltaobhacha (MIFanna). Cheap soláthraithe seirbhíse íocaíochta go raibh an méid
sin an-ábhartha i bhfianaise na gcásanna iomaíochta leanúnacha arna lainseáil
ar leibhéal Eorpach agus náisiúnta. Ar an dara dul síos, dhírigh ceannaithe go
háirithe, ach páirtithe leasmhara chomh maith, aird ar bhacainní maidir leis an
bhfáil trasteorann, ar gá iad a réiteach le go dtiocfaidh fíor‑Mhargadh
Aonair do sheirbhísí íocaíochta chun cinn. Léiríodh an-suim freisin i rialacha
gnó a phlé, cé go raibh idirdhealú idir na tuairimí de réir chatagóirí na
bpáirtithe leasmhara. Mheas na soláthraithe seirbhíse íocaíochta
agus scéimeanna cártaí nach raibh fadhb le difríocht shuntasach a bheith idir
MIFanna ó thír go tír agus i gcás íocaíochtaí trasteorann faoin scéim cártaí
céanna agus ba é a dtuairim nár chuir siad bac ar chomhtháthú an mhargaidh. Ar
an taobh eile, mheas ceannaithe, eagraíochtaí tomhaltóirí agus roinnt
soláthraithe seirbhíse íocaíochta neamhbhainc nach bhfuil bonn cirt leis na difríochtaí
sin agus gur cheart na MIFanna céanna a chur i bhfeidhm maidir le hidirbhearta
náisiúnta agus trasteorann, agus ar fud na mBallstát. Mheas na húdaráis phoiblí
gur cheart na MIFanna a chomhchuibhiú chun margadh comhtháite a bhaint amach.
Ba dhóigh go raibh soláthraithe seirbhíse íocaíochta i gcoinne tionscnaimh
rialála maidir le táillí idirmhalartaithe agus mhaígh siad go dtiocfadh táillí
níos airde as do shealbhóirí cárta, agus nach gcuirfeadh miondíoltóirí na
sochair ar aghaidh chuig na tomhaltóirí. Ar an taobh eile, bhí miondíoltóirí
den tuairim go dtagann iomaíocht inbhéartach as na MIFanna, rud a thaobhaíonn
leis an modh íocaíochta is costasaí agus a chruthaíonn bacainní do theacht
isteach sa mhargadh, agus a chruthaíonn baol go mbeadh éifeacht iarmharta ann
idir cártaí agus íocaíochtaí ar fhóin phóca agus ar an idirlíon. Thacaigh
formhór na n-eagraíochtaí tomhaltóirí le hanailís na gceannaithe ar thionchar
diúltach na MIFanna ar iomaíocht agus ar leas tomhaltóirí ach ba chúis imní
dóibh go dtiocfadh táillí níos airde ar chártaí agus muirir eile ar
thomhaltóirí as na MIFanna a laghdú. Thacaigh údaráis iomaíochta leis an ngá
atá le gníomhaíocht chun MIFanna a ísliú, go háirithe do scéimeanna aibí
ceithre pháirtí. Ní raibh na húdaráis phoiblí eile ar aon tuairim. Maidir le fáil trasteorann, ghlac formhór na
scéimeanna agus na soláthraithe seirbhíse íocaíochta leis go raibh gá le
caighdeáin áitiúla agus rialacha áitiúla a chomhchuibhiú, agus bhí ceannaithe
agus tomhaltóirí ar aon tuairim go raibh roinnt mhaith bacainní áitiúla ar
fháil trasteorann ann. Murab ionann is soláthraithe agus scéimeanna seirbhíse
íocaíochta, bhí ceannaithe i bhfábhar réiteach rialála seachas caighdeánú
féinrialáilte. Bhí scéimeanna agus soláthraithe seirbhíse íocaíochta i bhfábhar
an MIF sa tír ina ndéantar an díol a chur i bhfeidhm agus bhí formhór na
gceannaithe agus SSIanna neamhbhainc i bhfábhar MIF comhchoiteann a chuirfí i
bhfeidhm ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Ba iad soláthraithe seirbhíse
íocaíochta agus scéimeanna cártaí atá ann faoi láthair amháin a bhí i bhfabhar
an údarúcháin éigeantaigh roimh ré don fháil trasteorann. I dtaca le rialacha gnó, ní rabhthas ar
chomhthoil in aon chor faoi na sochair agus an gá a bhaineann le stiúradh a
rialáil agus an Riail maidir le Glacadh le gach Cárta a chuireann de cheangal
ar cheannaithe glacadh le gach cárta laistigh den bhranda céanna má ghlacann
siad le catagóir amháin cártaí laistigh den bhranda sin. Bhí formhór na
scéimeanna agus na soláthraithe seirbhíse íocaíochta i bhfabhar an status
quo agus bhí ceannaithe, tomhaltóirí, údaráis iomaíochta agus formhór na n‑údarás
poiblí i bhfabhar ligean do cheannaithe tomhaltóirí a stiúradh i dtreo meán
íocaíochta níos saoire trí rialáil cé go raibh tomhaltóirí i gcoinne formhuiriú.
Dhiúltaigh soláthróirí agus scéimeanna seirbhíse íocaíochta do dhíothú an HACR
ach thacaigh páirtithe leasmhara eile leis – trí bhíthin rialála – ionas gur
féidir leis an gceannaí gan ach meáin íocaíochta níos saoire a ghlacadh agus go
mbeadh tionchar dearfach aige ar iomaíocht, agus na tomhaltóirí níos faichillí
faoi. Thacaigh formhór na bpáirtithe leasmhara le cumasc muirear seirbhísí
ceannaithe i leith miondíoltóirí – agus bhí soláthraithe agus scéimeanna
seirbhíse íocaíochta den tuairim go raibh neamhchumasc curtha chun feidhme
cheana féin tar éis Thiomantais Mastercard agus Ghealltanais Visa. Tá forbhreithniú mionsonraithe ar bharúlacha
páirtithe leasmhara agus na mBallstát faoi tháillí idirmhalartaithe ar fáil sa
Tuarascáil Aiseolais ar an gcomhairliúchán poiblí ar an bPáipéar Uaine[10]. Ina tuarascáil féintionscnaimh ar an bPáipéar
Uaine d'aithin Parlaimint na hEorpa na cuspóirí agus na dúshláin maidir le
comhtháthú a sonraíodh sa Pháipéar Uaine agus d'iarr siad beart reachtach i
roinnt réimsí a bhaineann le híocaíochtaí le cárta, agus mhol siad cur chuige
níos faichillí i dtaca le híocaíochtaí ar an idirlíon agus ar fhóin phóca toisc
nach bhfuil na margaí sin chomh haibí céanna. Thairis sin, ghlac an
Pharlaimint seasamh daingean i bhfábhar faisnéis shoiléir faoi tháilli
idirmhalartaithe a thabhairt do rannpháirtithe sa mhargadh agus chuir sí in iúl
go bhfuil sí i bhfabhar cur chuige céimnithe as a dtiocfadh toirmisc ar tháillí
idirmhalartaithe trí rialáil. Measúnú tionchair Rinne an Coimisiún measúnú tionchair atá
liostaithe sa Chlár Oibre. Ullmhaíodh an measúnú tionchair sin i
gcomhairliúchán leis an BCE. Sa mheasúnú tionchair díríodh san am céanna ar
roghanna i dtaca le hathbhreithniú ar an Treoir maidir le Seirbhís Íocaíochta
agus ar roghanna chun Táillí Idirmhalartaithe Iltaobhacha a rialáil. Sa mheasúnú tionchair pléitear ceist na
hiomaíochta neamhéifeachtaí san íocaíocht le cárta agus i margaí íocaíochta
bunaithe ar chárta, rud as a dtagann torthaí fo-optamacha agus táillí atá sách
ard a chuirtear ar aghaidh chuig na ceannaithe agus ina seal chuig na
tomhaltóirí. Leagtar béim freisin ar chomhtháthú margaidh teoranta, deiseanna
laghdaithe do ghníomhaithe uile-Eorpacha nua teacht isteach sa mhargadh,
imeacht as scéimeanna cártaí náisiúnta (níos saoire de ghnáth) agus nuálaíocht
theoranta sa chomhthéacs sin. Aithnítear Táillí Idirmhalartaithe mar fhachtóir
mhíniúcháin thábhachtach atá taobh thiar de na forbairtí sin. Is bac é chomh
maith ar chomhtháthú margaidh leibhéil an-éagsúla na dtáillí idirmhalartaithe
idir Ballstáit. Neartaítear na héifeachtaí sin le roinnt rialacha gnó, a bhfuil
tionchar acu ar thrédhearcacht, ar chumas na miondíoltóirí faighteoir a roghnú
i mBallstát eile ('fáil trasteorann') agus ar chumas miondíoltóirí a
gcustaiméirí a stiúradh i dtreo meán íocaíochta níos éifeachtaí nó diúltiú do
chártaí costasacha (an Riail maidir le Glacadh le Gach Cárta). Sa mheasúnú tionchair déantar sé chás do
tháillí idirmhalartaithe a mheas: (i) Gníomhaíocht ar bith ón gCoimisiún, (ii)
Fáil trasteorann agus leibhéal na dtáillí idirmhalartaithe d'idirbhearta
trasteorann a rialáil, (iii) Sainordú do na Ballstáit táillí idirmhalartaithe a
shocrú ar bhonn modheolaíochta comhchoitinne, (iv) Uasleibhéal comhchoiteann ar
fud an AE do tháillí idirmhalartaithe a rialáil, (a) cibé acu a chumhdaíonn an
uasteorainn do tháillí idirmhalartaithe – ar leibhéal difriúil do chartaí
dochair agus do chártaí creidmheasa – cártaí dochair agus creidmheasa araon nó
cártaí dochair amháin agus (b) cibé acu atá na táillí idirmhalartaithe
d'idirbhearta le cárta dochair le toirmeasc ar fad nó díreach le laghdú go
leibhéal íseal, (v) cibé acu atá cártaí tráchtála agus cárta arna n-eisiúint ag
scéimeanna trí pháirtí (níos costasaí de ghnáth) le díolmhú ó rialáil na
dtáillí idirmhalartaithe agus (vi) Muirir Seirbhíse Ceannaí a rialáil i.e. na
táillí a íocann an miondíoltóir lena bhanc fála a rialáil. Na huasteorainneacha 0.2% agus 0.3% a
scrúdaíodh faoi chás (ii) agus chás (iv) d'idirbhearta le cárta dochair agus le
cárta creidmheasa faoi seach. Tá na leibhéil sin bunaithe ar rud ar a dtugtar
'Tastáil Neafaise an Cheannaí' a forbraíodh i litríocht na heacnamaíochta, lena
n‑aithnítear an leibhéal táille a bheadh ceannaí sásta a íoc dá
gcuirfeadh sé costas úsáide cárta íocaíochta don chustaiméir i gcomparáid le
híocaíocht gan chárta (airgead tirim) (an táille a íoctar le bainc fála ar
sheirbhís, i.e. an muirear seirbhíse ceannaí á cur san áireamh). Ar an gcaoi
sin spreagtar úsáid ionstraimí íocaíochta éifeachtúla trí chur chun cinn na gcártaí
sin a bhfuil sochair idirbhirt níos airde ag gabháil leo, agus san am céanna
coisctear táillí díréireacha ar cheannaithe, rud as a dtiocfadh costais
fholaithe do chustaiméirí eile. Murach sin d'fheadfadh táillí iomarcacha do
cheannaithe bheith ann i ngeall ar shocruithe comhchoiteanna do tháillí
idirmhalartaithe, toisc go bhfuil drogall ar cheannaithe cúl a thabhairt
d'ionstraimí íocaíochta costasacha ar eagla go gcaillfidís deiseanna gnó.
Cuirtear san áireamh freisin na leibhéil a mholann scéimeanna (Visa Europe,
MasterCard, Groupement Cartes Bancaires) in imeachtaí iomaíochta agus a
nglacann na húdaráis leis nach bhfuil aon bheart eile le déanamh ina dtaobh. Baintear de thátal sa mheasúnú gurb é an rogha
is fearr teaglaim den mhéid seo a leanas: ·
sraith beart chun cur le feidhmiú éifeachtach
margaidh lena n‑áirítear teorannú an Riail maidir le Glacadh le Gach
Cárta(HACR) agus ag ceadú do cheannaithe an rogha branda cárta a chinneadh ag
an ndíolphointe do na cártaí uile agus do na hidirbhearta uile le cárta atá
bunaithe ar shamhlacha scéime ceithre pháirtí; agus ·
uasteorainn a chur le leibhéal na dtáillí
idirmhalartaithe d'idirbhearta trasteorann le cártaí dochair agus creidmheasa
tomhaltóirí (i rith na chéad chéime) agus, i rith an dara céim, uasteorainnú a
chur leis na táillí idirmhalartaithe freisin d'idirbhearta intíre le cártaí
creidmheasa tomhaltóirí agus le cártaí dochair tomhaltóirí. Lena chois sin, sa mheasúnú tionchair agus san
iarscríbhinn a ghabhann leis tá míniú mionsonraithe ar bhearta eile atá
beartaithe sa Rialachán chun a áirithiú go mbeidh an margadh trédhearcach agus
go bhfeidhmeoidh sé go héifeachtach, lena n‑áirítear cealú na mbeart lena
dtoirmisctear aon stiúradh tomhaltóirí, rud a cheadóidh sainaithint cártaí, comhlipéadú,
an oibleagáid ar na soláthraithe seirbhíse íocaíochta sonraisc a thabhairt
d'íocaithe, agus díchumasc táillí a fhorchur. Ba cheart go dtiocfadh méadú ar éifeachtacht
an mhargaidh i gcás na g cártaí íocaíochta agus na n‑idirbheart uile
le cárta atá bunaithe ar shamhlacha scéimeanna ( cártaí) ceithre pháirtí, as na
bearta ginearálta trédhearcachta sin atá beartaithe sa Rialachán. Os a choinne sin, ó d’éirigh úsáid catagóirí
áirithe cártaí ag tomhaltóirí chomh leitheadach sin gur gnách nach féidir le
ceannaithe an cineál sin cártaí a dhiúltú ná a n‑úsáid a dhímholadh do
thomhaltóirí gan an baol a bheith ann go 'gcaillfidh siad gnó', is gá bearta
breise chun margadh comhtháite, feidhmiú éifeachtach margaidh agus cealú
cleachtas gnó frithiomaíoch a áirithiú sna réimsí sin. Baineann sin le cártaí
dochair agus creidmheasa tomhaltóirí. Is fiú a lua, dá ligfí, sa chéad chéim, do
cheannaithe faighteoir a roghnú lasmuigh dá mBallstát ('fáil trasteorann') agus
dá rialálfaí leibhéal an mhalartaithe trasteorann, thabharfaí soiléire dhlíthiúil
isteach. Cé gur féidir nach mbeadh tionchar aige sin ach ar cheannaithe móra,
chuideodh sé an margadh a chomhtháthú, agus d'fhéadfadh sé, ar aon dul lena
mhacasamhail d'fhoráil Rialachán SEPA maidir le Dáta Deiridh, tionchar
smachtaithe agus comhtháthaithe a imirt ar an leibhéal táillí idirmhalartaithe
a bhíonn ann i gcomhthéacs intíre amháin. Os a choinne sin, ba cheart go mbainfeadh
miondíoltóirí níos lú ná sin tairbhe dhíreach as bearta as a dtagann táillí
idirmhalartaithe níos éifeachtaí agus cothrom iomaíochta do sholáthraithe
seirbhíse íocaíochta. Dá bhrí sin, ba cheart, tar éis tréimhse eatramhaí,
rialáil táillí idirmhalartaithe ar chártaí tomhaltóirí a leathnú le go
gcumhdóidh sé táillí idirmhalartaithe intíre chomh maith. Faoi láthair, in ocht
mBallstát de chuid an AE, níl aon táillí idirmhalartaithe ar idirbhearta cártaí
dochair, nó tá na táillí orthu an‑íseal, agus níl aon
drochéifeachtaí suntasacha aige sin ar eisiúint ná ar úsáid cártaí; a mhalairt
ar fad, is iad sin, den chuid is mó, na Ballstáit ina bhfuil an leibhéal is
airde eisiúna agus úsáide cártaí. De réir treochtaí le deich mbliana anuas, is
féidir bheith ag súil go leanfar den mhéadú ar eisiúint agus ar úsáid cártaí
dochair sna blianta amach romhainn ionas gur féidir a mheas go mbeidh cártaí
dochair 'ar fud' an AE tar éis na tréimhse eatramhaí dá bhforáiltear sa
Rialachán agus nach mbeidh údar níos mó le heisiúint agus úsáid cártaí a
spreagadh le táillí a chuirtear ar aghaidh ó mhiondíoltóirí chuig soláthraithe
seirbhíse íocaíochta eisiúna. Is annamh cheana a osclaíonn duine cuntas
íocaíochta gan cárta a bheith aige, rud a laghdaíonn na costais ar soláthraithe
seirbhíse íocaíochta ann féin. Sa bhreis air sin, tá sé beartaithe sa togra le
haghaidh Treorach[11]
maidir le rochtain ar chuntas íocaíochta ag a bhfuil buntréithe inter alia
go n‑áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh idirbhearta íocaíochta (lena n‑áirítear
íocaíochtaí ar líne) le cárta íocaíochta ina cuid de chuntas íocaíochta ag a
bhfuil buntréithe. Chun go mbainfidh miondíoltóirí tairbhe dhíreach as bearta
as a dtagann táillí idirmhalartaithe agus cothrom iomaíochta do sholáthraithe
seirbhíse íocaíochta, bheadh sé riachtanach chomh maith táillí ar chártaí
tomhaltóirí intíre a rialáil. Chun nach mbeidh idirdhealú á dhéanamh idir
miondíoltóirí beaga agus miondíoltóirí móra, ar fusa dóibh tairbhe a bhaint as
fáil trasteorann, tá sé beartaithe an uasteorainn atá beartaithe i leith
idirbheart trasteorann le linn na chéad chéime a leathnú go dtí go
gcumhdóidh sé idirbhearta le cárta creidmheasa sa dara céim. Os a choinne sin,
measann an Coimisiún gur gá imscrúdú breise a dhéanamh ar aibíocht margaí sa
LEE. go háirithe i gcás cártaí dochair a eisiúint agus riachtanas úsáide, agus
a áirithiú nach bhfuil riachtanas ann táillí idirghabhálacha a ghearradh chun
iad sin a dhreasú. Idir an dá linn, mar atá mínithe thuas, bheadh feidhm ag
uasteorainneacha 0.2 % agus 0.3 % d'idirbhearta le cárta dochair agus
le cárta creidmheasa. Dá ndéanfaí uasteorannú ar tháillí
idirghabhálacha, ar an iomlán, bhainfeadh miondíoltóirí tairbhe as táillí níos
ísle, rud a d’fhágfadh go mbeadh coigilteas ann a rachadh cuid de ar aghaidh
chuig na tomhaltóirí. Tá na tomhaltóirí ag díol cheana trí chorprú Táillí
Idirghabhálacha (trí Mhuirir Sheirbhíse Ceannaí) sna praghsanna miondíola, agus
is lú is dócha go gcuirfidh na bainc tairbhí as Táillí Idirghabhálacha ar
aghaidh chuig a sealbhóirí cuntais ná go gcuirfidh ceannaithe ar aghaidh iad
chuig a gcliaint, ós rud é gurb ísle an leibhéal iomaíochta san earnáil bhaincéireachta
agus go bhfuil easpa soghluaiseachta tomhaltóirí ann i réimse na baincéireachta
miondíola. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh an cur ar aghaidh a dhéanann
ceannaithe níos mó ar aon nós ná an cur ar aghaidh a dhéanann bainc. San
Astráil, tar éis na hidirghabhála, is iad laghdú 0.67 AUD in aghaidh an
cheannacháin agus laghdú 77.19 AUD in aghaidh an chuntais sa bhliain na
meastacháin a rinneadh. Os a choinne sin, is féidir nach ionann an tionchar sna
hearnálacha éagsúla de réir méid an cheannaí, a mhéad a úsáideann sé ionstraimí
íocaíochta agus an 'chiseáin ceannachán'. Beidh sé deacair choíche an bhaint a
dhéanamh amach atá idir éagsúlacht fachtóra eacnamaíoch shonraigh agus praghas
sonrach ar tháirge nó ar sheirbhís i siopa miondíola áirithe. Ní hionann sin agus a rá, áfach, go n‑aistreodh
a mbainc na costais atá ar mhiondíoltóirí faoi láthair go huathoibríoch chuig
tomhaltóirí. Is dual do chórais íocaíochta bheith casta: idirghníomhaíonn banc
an tsealbhóra cárta leis an sealbhóir cárta, idirghníomhaíonn banc an cheannaí
leis an gceannaí, agus bíonn iomaíocht le bainc eile agus imthosca éagsúla
margaidh maidir lena n‑iompar i leith a gcustaiméirí ann dóibh araon, i
bprionsabal. Dá bhrí sin, táthar ag súil go mbeidh dea‑thionchar ag
uasteorannú táillí idirmhalartaithe ar ghlacadh le cártaí, ar féidir leis, ar
bhonn éifeachtaí scála, dea‑thionchar a imirt ar eisiúint cártaí freisin.
Is cosúil go bhfuil baint de ghnáth idir laghdú ar tháillí idirmhalartaithe
arda sa chuid is mó de na tíortha agus glacadh níos airde le cártaí, agus is
cosúil gurb airde úsáid cártaí i dtíortha ina bhfuil táillí idirmhalartaithe ghabhálacha
ísle. Tá ceann de na rátaí úsáide cártaí is airde san AE ag an Danmhairg: 216
idirbheart per capita agus scéim dochair Táillí Idirmhalartaithe
niallasacha. Is fíor sin i gcás scéimeanna idirnáisiúnta freisin: sa Eilbhéis,
níl aon táille idirmhalartaithe ag Maestro, agus is é an príomhchóras cártaí
dochair é. San Ísiltír, tá úsáid agus glacadh le cártaí ann atá ard agus atá ag
dul i méid, ag teacht in ionad an airgid thirim. Tá táillí ísle ar chuntais
bainc ina saintréith ag an Danmhairg agus ag an Ísiltír i gcomparáid le tíortha
a bhfuil Táillí Idirmhalartaithe níos airde acu (e.g. an Fhrainc, tar éis
forfheidhmiú iomaíochta féin, an Spáinn). Sa Spáinn, tháinig méadú ar úsáid
cártaí tar éis na hidirghabhála, agus tháinig laghdú 15 % ar
íocaíochtaí le cárta ó 2005 go dtí 2010. An tráth céanna, tháinig méadú ar
mhéid agus ar luach idirbheart le cárta, de réir figiúirí oifigiúla ó Bhanc na
Spáinne[12]. Mar atá léirithe thuas, tá na leibhéil is
airde úsáide cártaí ina saintréith ag scéimeanna intíre nach bhfuil aon táillí
idirmhalartaithe iontu (sonraí an BCE), agus tá táillí idirmhalartaithe
measartha íseal ag an Ríocht Aontaithe agus ag an tSualainn. Is deacair meastachán a dhéanamh ar thionchar
foriomlán na laghduithe ar tháillí idirmhalartaithe ar ioncam soláthraithe
seirbhíse íocaíochta eisiúna nó fála, ó b’fhéidir go gcúiteodh, go páirteach ar
a laghad, méaduithe ar mhéid idirbheart le cárta (trí ghlacadh le níos mó) agus
coigilteas ar SSLanna maidir le hairgead a láimhseáil na caillteanais a
thiocfadh as uasteorainn ar tháillí idirmhalartaithe. B’fhéidir go dtiocfadh
coigilteas eile ar chostais as laghdú ar aistarraingtí airgid thirim as UMBanna
agus as teorannú breise ar mhéideanna Táillí Idirmhalartach is gá, de ghnáth, a
íoc do bhainc fála UMBanna. Ní léir, mar sin, go laghdófar ioncam na mbanc
eisiúna dá thoradh sin. Maidir le hinmharthanacht, is cosúil go bhfuil scéim
cártaí dochair gan aon táille idirmhalartaithe iomlán inmharthana ó thaobh
tráchtála de gan costais na gcuntas reatha ar thomhaltóirí a ardú. Tá Táille
Idirmhalartaithe nialasach ag an Danmhairg, mar shampla, ar a scéim dochair
intíre agus íocann meánsealbhóir cuntais táillí cuntais atá go maith faoi bhun
mheán an AE. Mar an gcéanna, is é Maestro (atá ina chuid de MasterCard) an príomhlíonra
cártaí dochair san Eilbhéis, agus níl aon Táillí Idirmhalartaithe Iltaobhacha
air. Is é rud nach bhfuil aon bhaint riachtanach
idir laghdú ar Tháillí Idirmhalartaithe agus méadú ar tháillí bliantúla ar
chártaí. Is cosúil gur mó an bhaint, mar shampla, idir táillí ar chártaí agus
an leibhéal iomaíochta sa bhaincéireacht mhiondíola. Rinne na bainc sna Stáit
Aontaithe táillí ar shealbhóirí cártaí a ardú tar éis rialáil táillí
idirmhalartaithe, ach bhí orthu cúlú mar gheall ar mhíshástacht tomhaltóirí.
Bhí laghdú ar tháillí ar shealbhóirí cárta san Eilbhéis a bhí comhuaineach leis
an laghdú ar Tháillí Idirmhalartaithe. San Astráil, bhí méadú tapa faoi tháillí
ar shealbhóirí cártaí sular tugadh isteach uasteorainneacha ar tháillí
idirmhalartaithe agus tar éis na n‑athchóirithe tháinig moilliú ar an
méadú faoi tháillí ar shealbhóirí cártaí (idir 1997 agus 2002: cártaí
creidmheasa +218% agus idir 2003 agus2008: +122%). Sa Spáinn, ó bhí an
idirghabháil ann, tá méadú EUR 6.18 i gcás cártaí dochair agus
EUR 11.45 i gcás cártaí creidmheasa ag teacht ar mheántáillí bliantúla
gach bliain. Os a choinne sin, tá méadú ag teacht ar phunann na mbanc agus tá
méadú na gcártaí creidmheasa i bhfad níos mó ná méadú na gcártaí dochair,
d’ainneoin na géarchéime eacnamaíche. Thuigfí as treochtaí eile, b’fhéidir, go
bhfuil iomaíocht in earnáil baincéireachta na Spáinne measartha beag: mar
shampla, dhúbail táillí ar chuntais reatha a chothabháil ó 2007 go dtí 2012
agus mhéadaigh táillí ar rótharraingtí. Is cosúil go bhfuil méaduithe ar
tháillí baincéireachta miondíola forleathan sa Spáinn, gan aon bhaint a bheith
aige sin le táillí idirmhalartaithe. Tá fianaise starógach ann ar laghduithe
praghsanna a bheith sna SA, bliain amháin tar éis don rialáil ar Tháillí
IdirMhalartaithe Iltaobhacha teacht isteach. Sa bhreis air sin, de réir
fianaise san Astráil, is cosúil go mbainfeadh miondíoltóirí tairbhe iomlán
(100 %) as Táillí Idirmhalartaithe a bheith níos ísle – ó bhíonn claonadh
ag margaí fála bheith níos iomaíche ná margaí eisiúna, cé nach bhfuil an méadú
is féidir a bheith ar tháillí do shealbhóirí cártaí os cionn 30 - 40 % de
mhéid an laghdaithe ar an Táillí Idirmhalartaithe. Sa bhreis air sin, tar éis
uasteorannú a theacht ar tháillí idirmhalartaithe agus bearta trédhearcachta a
bheith tugtha isteach, ní 'fhóirdheonóidh' tomhaltóirí a úsáideann modhanna
íocaíochta ar chostais ísle na tomhaltóirí (ar saibhre iad go minic) a úsáideann
modhanna íocaíochta níos costasaí, ó nach féidir le ceannaithe tomhaltóirí a
stiúradh, go háirithe i gcás na cártaí 'is gá a úsáid'. Ós rud é go n‑imreodh an iomaíocht a
tionchar ar an scéal arís, bhainfeadh tomhaltóirí agus miondíoltóirí tairbhe as
iontráil nua sa mhargadh íocaíochtaí. Má thagann méadú ar tháillí sealbhóirí
cártaí féin – rud nach cinnte ós dócha go mbeidh an tionchar a bheith ag táillí
idirmhalartaithe a uasteorannú éagsúil – is dócha fós go mbainfidh tomhaltóirí
tairbhe as táillí idirmhalartaithe níos ísle mar go mbeidh praghsanna miondíola
níos ísle, fiú mura rachaidh miondíoltóirí trí 100 % den choigilteas, agus
as iontráil nua sa mhargadh íocaíochtaí. Ní mór a chur san áireamh freisin gur
an‑dócha go mbainfidh tomhaltóirí tairbhe as na seirbhísí a thairgfidh
iontrálaithe nua margaidh. Tá an Ísiltír ina shampla de seo san fhíorshaol, i
gcás táillí idirmhalartaithe faoi bhun 0.2 %, áit ar forbraíodh an
réiteach íoc ar líne a bheith saor (Ideal) go mór mór ó spreag na táillí idirmhalartaithe
a bhí i réim ansin na bainc nuáil a dhéanamh. Dá bharr sin, ní gá do
thomhaltóirí Ísiltíreacha táillí arda síntiúis ar chártaí creidmheas a íoc chun
siopadóireacht a dhéanamh ar líne. Ní chumhdófaí cártaí tráchtála agus cártaí
arna n‑eisiúint ag scéimeanna trí pháirtí, cé go bhfuil claonadh acu éirí
níos daoire – mar atá beartaithe faoi rogha V – faoi na huasteorainneacha
éagsúla atá beartaithe i leith cártaí tomhaltóirí ó tá scaireanna margaidh
teoranta acu san AE agus struchtúir táillí éagsúla agus nach bhfuiltear ag súil
go dtiocfaidh athrú air sin amach anseo. Os a choinne sin, chuirfidh na bearta
atá beartaithe i leith idirbheart tomhaltóirí le cárta i bhfeidhm ar na
scéimeanna sin a mhéad is go n‑eisíonn siad na cártaí sin agus go
mbaineann siad úsáid as soláthraithe seirbhíse íocaíochta ar dhóigh a fhágann
go bhfeidhmíonn a scéim, i dtéarmaí praiticiúla, ar aon dul le scéim ceithre
pháirtithe. Sa bhreis air sin, bheadh feidhm ag bearta feabhsaithe
trédhearcachta maidir leis na scéimeann sin sna cásanna uile. Dá rialálfaí muirir seirbhíse ceannaí, mar a
luaitear i rogha vi, chumhdófaí ní amháin táillí idirmhalartaithe ach na
táillí eile a ghearrtar ar cheannaithe freisin. B’ionann sin agus praghsanna do
cheannaithe a rialú de facto, agus rialáil praghsanna a mhiondíol. I
gcontrárthacht leis sin, b’ionann táillí idirmhalartaithe a uasteorannú agus
praghsanna miondíola a rialáil chun iad a ailíniú leis an anailís i gcásanna
iomaíochta chun margadh inmheánach a bhaint amach, ós rud é nach praghsanna
deiridh do mhiondíoltóirí na táillí idirmhalartaithe, agus gur lú arís ar
praghsanna deiridh iad do thomhaltóirí. Bheadh príomhról ag bearta trédhearcachta agus
stiúrtha fós chun cur chun cinn trom cártaí a bhfuil Táillí Idirmhalartaithe
neamhrialáilte acu a chosc. Ba ghá bearta frithimchéimiúcháin a chur isteach
freisin. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA Achoimre ar an mbeart atá beartaithe Tá dhá phríomhchuid sa togra. Leis an gcéad chuid, tugtar isteach rialacha
maidir le táillí idirmhalartaithe. I ndáil leis na táillí sin, cruthaítear leis
an togra limistéar 'rialáilte' agus limistéar 'neamhrialáilte'. Is éard atá sa
limistéar rialáilte na hidirbhearta uile le cárta a úsáideann tomhaltóirí go
forleathan agus ar deacair do mhiondíoltóirí diúltú dóibh ar an ábhar sin, i.e
cártaí dochair agus creidmheasa tomhaltóirí agus idirbhearta íocaíochta le
chárta. Is éard atá sa limistéar neamhrialáilte na hidirbhearta íocaíochta uile
le cárta agus na hidirbhearta íocaíochta le cárta atá bunaithe orthusan
uile nach cuid den limistéar rialáilte iad lena n‑áirítear na cártaí ar a
dtugtar cártaí tráchtála agus cártaí arna n‑eisiúint ag scéimeanna trí
pháirtí. Sa 'limistéar rialáilte', le linn
idirthréimhse dhá bhliain tar éis fhoilsiú an Rialacháin, gearrfar uasleibhéil
táillí idirmhalartaithe i gcás idirbheart trasteorann (nuair a úsáideann an
sealbhóir cárta a chárta i mBallstát eile) nó i gcás idirbheart faighte
trasteorann (nuair a úsáideann ceannaí SSL i mBallstát eile), agus sna cásanna
sin amháin. Cé gur aithníodh go mbeadh cosc ar tháillí
idirbheart i gcás cártaí dochar ina chuid den rogha is tairbhí sa Mheasúnú Tionchair,
measann an Coimisiún gur gá aibíocht margaí sa LEE, go háirithe maidir le
heisiúint agus úsáid cártaí dochair a imscrúdú níos mó agus gur gá a áirithiú
nach bhfuil gá ann táillí idirmhalartaithe a ghearradh chun iad sin a spreagadh
sula gcuirfear deireadh ar fad le táillí idirmhalartaithe ar chártaí dochair.
Dá bhrí sin, tá se beartaithe go mbeidh feidhm ag na huasteorainneacha is
infheidhme maidir le idirbhearta faighte trasteorann maidir le hidirbhearta
intíre freisin tar éis na hidirthréimhse nach ndéanfar liobrálú agus rialáil
ach ar fháil trasteorann. Dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm iomlán na
reachtaíochta, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa
agus don Chomhairle maidir lena chur i bhfeidhm ina mbeidh meastóireacht ar
chuibheas an leibhéil táille idirmhalartaithe, agus úsáid agus costas na
modhanna éagsúla íocaíochta agus leibhéal iontrála gníomhaithe nua agus teicneolaíocht
nua ar an margadh á gcur san áireamh aige. Tar éis na hidirthréimhse beidh uastáille
idirmhalartach 0.2 % ar na hidirbhearta le cárta dochair (trasteorann
agus intíre) 'tomhaltóirí' agus ar idirbhearta le cárta atá bunaithe ar na
hidirbhearta sin agus beidh uastáille idirmhalartach 0.3 % ar na hidirbhearta
le cárta dochair (trasteorann agus intíre) tomhaltóirí atá bunaithe
ar na hidirbhearta sin. Meastar go bhfuil na huasteorainneacha sin, ós rud é
gur ghlac údaráis iomaíochta leis nach bhfuil bearta níos mó de dhíth orthu,
ina dtagarmharcanna réasúnta a cuireadh i bhfeidhm cheana gan amhras a chur ar
fheidhmiú scéimeanna cártaí idirnáisiúnta agus seirbhísí, soláthraithe
íocaíochta agus miondíoltóirí agus ar leas tomhaltóirí, agus go soláthraíonn siad
deimhneacht dhlíthiúil. Baineann an dara cuid den Rialachán le
rialacha maidir le rialacha gnó a bheidh infheidhme maidir gach catagóir
d’idirbhearta le cárta agus d’idirbhearta íocaíochta le cárta atá
bunaithe ar na hidirbhearta sin. Ó theacht i bhfeidhm don Rialachán, mar
shampla: ·
Beidh teorainn leis an 'Riail maidir le Glacadh le
Gach Cárta'. Dá ainneoin sin, ní cheadófar aon idirdhealú ar bhonn an bhainc
eisiúna nó ar bhunadh an tsealbhóra cárta ná idir na cártaí a bhfuil an t‑aon
leibhéal táille idirmhalartaithe leo. ·
beidh toirmeasc le haon riail a chur i bhfeidhm
lena gcoisctear ar cheannaithe nó lena gcuirtear srian lena gcumas custaiméirí
a stiúradh i dtreo ionstraimí íocaíochtaí níos éifeachtaí ('rialacha lena gcoisctear
stiúradh'). ·
soláthróidh Soláthraithe Seirbhíse Íocaíochta fála
ráiteas ar tháillí do cheannaithe gach mí ar a laghad, agus sna ráitis sin
beidh na táillí arna n‑íoc ag an gceannaí thar an mí is ábhartha a
bhaineann le gach catagóir cártaí agus le gach branda ar leith i gcás ina
bhfuil sé sonraithe cathain a soláthróidh faighteoir na seirbhísí fála. ·
beidh toirmeasc le haon riail lena gcoisctear ar
cheannaithe a nochtadh dá gcustaiméirí cé na táillí a íocann siad leis na
faighteoirí seirbhíse íocaíochta. Modhnaíodh an Tionchar Measúnaithe tar éis
chruinniú an Bhoird Mheasúnaithe Tionchair an 20 Márta 2013. Ar na
hathruithe suntasach tá soláthar faisnéise breise ar an margadh cártaí, ar
fheidhmiú an mhargaidh sin agus ar chásdlí an AE a bhaineann le táillí
idirmhalartaithe maille le hachoimre ar an litríocht eacnamaíoch a bhaineann le
táillí idirmhalartaithe. Tugadh áit níos feiceálaí don tionchar is féidir a
bheidh ag uastáillí idirmhalartaithe a chur ar tháillí sealbhóirí cárta, ar
leas foriomlán tomhaltóirí agus ar ioncam banc, chun léiriú thionchar na
roghanna is tábhachtaí sa phríomhthéacs a shruthlíniú. Míníodh ní b’fhearr an t‑idirspleáchas
idir roghanna éagsúla agus idir phacáistí éagsúla maille leis an réasúnaíocht
laistiar de phacáiste uilechuimsitheach ina n‑áirítear táillí
idirmhalartaithe, sa dóigh is gur tugadh údar na gcúiseanna atá le táillí
idirmhalartaithe a rialáil le reachtaíocht. Bunús dlí Airteagal 114(1) den Chonradh ar
Fheidhmiú an AE. Prionsabal na coimhdeachta Tá feidhm ag prionsabal na coimhdeachta a
mhéad is nach dtagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais. Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra
a bhaint amach go leordhóthanach ar na cúiseanna seo a leanas: Mar gheall ar an gcineál margaidh atá ann,
teastaíonn cur chuige uile‑Aontais ó mhargadh íocaíochtaí comhtháite atá
bunaithe ar líonraí is leithne ná teorainneacha náisiúnta ós rud é nach mór na
prionsabail, na rialacha, na próisis agus na caighdeáin is infheidhme a bheith
comhsheasmhach ar fud na mBallstát uile chun go mbainfear amach deimhneacht
dhlíthiúil agus cothrom iomaíochta do rannpháirtithe uile an mhargaidh. Mura
mbeadh cur chuige uile‑Aontais ann, bheadh gá le córas beart náisiúnta
forfheidhmithe rialála agus iomaíochta, nach mbeadh chomh héifeachtach le
bearta de chuid an AE agus a mbeadh castacht níos mó agus costais níos airde
leis ná a bheadh le reachtaíocht ar an leibhéal Eorpach. Dá bhrí sin, tá
idirghabháil fhéideartha ar leibhéal an AE i gcomhréir le prionsabal na
coimhdeachta. Tacaíonn an cur chuige sin leis an Limistéar Aonair d'Íocaíochtaí
Euro (SEPA) agus tá sé comhsheasmhach leis an gClár Oibre Digiteach, go
háirithe cruthú Margaidh Aonair Dhigitigh. Cuireann sé chun cinn nuálaíocht
theicniúil agus cuireann sé le fás agus le poist, go háirithe i réimsí na
ríomhthráchtála agus na m‑thráchtála. Lena chois sin, ós rud é go mbíonn gné
thrasteorann le margaí íocaíochtaí, chuirfeadh aon bheart a dhéanfadh údaráis
phoiblí chun leibhéal táillí miondíola (táillí idirmhalartaithe) a laghdú nó a
mhodhnú isteach ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh íocaíochtaí uile‑Chomhphobail
agus ní chuideodh sé an margadh a chomhtháthú ós rud é nach dtiocfadh cothrom
iomaíochta ar fud an AE as. B’amhlaidh a bheadh, mar shampla, i gcás beart
náisiúnta éagsúil a bheadh dírithe ar tháillí idirmhalartaithe a rialáil nó a
uasteorannú, mar atá beartaithe faoi láthair i roinnt Ballstát. Dá bhrí sin, comhlíonann an togra prionsabal
na coimhdeachta. Prionsabal na comhréireachta Comhlíonann an togra prionsabal na
comhréireachta ar na cúiseanna seo a leanas: Ní théann an togra thar a bhfuil iomlán
riachtanach chun a chuspóirí a bhaint amach, mar atá cuidiú a thabhairt margadh
uile‑AE d’íocaíochtaí a fhorbairt, lenar féidir le tomhaltóirí, le
miondíoltóirí agus le gnóthais eile na tairbhí iomlána a bhaint as margadh
inmheánach an AE, lena n‑áirítear ríomhthráchtáil. Leis na deiseanna
feabhsaithe iontrála sin ag gníomhaithe uile‑Eorpacha, an méadú ar
nuálaíocht, an méadú ar chumas scéimeanna cártaí náisiúnta (a bheidh níos
saoire, de ghnáth) maille leis an laghdú ar úsáid airgid thirim, is féidir le
miondíoltóirí agus le soláthraithe seirbhíse íocaíochta, bíodh siad ina mbainc
nó ina n‑iontrálaithe margaidh nua. Tiocfaidh torthaí margaidh
éifeachtacha, rogha níos leithne soláthraithe seirbhíse íocaíochta, lena n‑áirítear
soláthraithe uile‑Eorpacha agus gníomhaithe nuálacha agus costais níos
ísle ar mhiondíoltóirí agus ar thomhaltóirí as iomaíocht éifeachtach maidir le
híocaíocht le cárta agus as margaí íocaíochta le cárta. Ba cheart do na
ceannaithe an coigilteas costais sin a chur ar aghaidh chuig tomhaltóirí le
praghsanna miondíola níos ísle. Is bacainn iad na táillí idirmhalartaithe
iontu féin agus an éagsúlacht mhór idir a leibhéil roimh chomhtháthú margaidh
agus roimh iomaíocht éifeachtach, agus bíonn a n‑éifeachtaí níos láidre
mar gheall ar roinnt rialacha gnó lena laghdaítear trédhearcacht do
mhiondíoltóirí agus do thomhaltóirí, lena sriantar cumas miondíoltóirí
faightear a roghnú i mBallstát eile agus lena gcoisctear ar mhiondíoltóirí
tomhaltóirí a stiúradh i dtreo modhanna níos éifeachtúla íocaíochta. Ar bhonn comhairliúchán le geallsealbhóirí, a
bhfuil achoimre orthu sa Mheasúnú Tionchair, tá teaglaim beart beartaithe ag an
gCoimisiún chun feidhmiú éifeachtach margaidh a fheabhsú trí leibhéal táillí
idirmhalartaithe a uasteorannú d'idirbhearta trasteorann le dochar tomhaltóra
agus le cártaí creidmheasa (chéad chéim) agus, le linn dara céim, leibhéal
táillí idirmhalartaithe a uasteorannú chomh maith leis sin i gcás idirbheart
intíre le cártaí creidmheasa tomhaltóirí agus le cártaí dochair tomhaltóirí. Mura rialálfaí, d’fhágfaí gan réiteach na
fadhbanna a bhaineann le méadú ar spleáchas ar dhá ghníomhaí margaidh
idirnáisiúnta, rud as a dtiocfadh dul i léig malltriallach scéimeanna cártaí
intíre (a bhíonn níos saoire, de ghnáth). Bheadh teorainn fós le barainneachtaí
scála agus le deiseanna iontrálaithe uile‑Eorpacha agus gníomhaithe
nuálacha ab fhéidir a bheith ann, agus leanfadh ceannaithe agus tomhaltóirí de
bheith ag íoc as margadh íocaíochtaí ilroinnte daor an AE (os cionn 1 %
d'olltáirgeacht intíre an AE nó EUR 130 billiún in aghaidh na bliana, de
réir an BCE). Dá bhfágfaí na ceisteanna sin i muinín beart forfheidhmithe
iomaíochta, go háirithe ar bhonn na breithe maidir le MasterCard, ba dhócha go
n‑imeodh mórán blianta sula réiteofaí iad agus bheadh an réiteach sin i
gcónaí de réir an cháis sa dóigh is nárbh fhéidir cothrom iomaíochta a bheith
ann. Is gá agus is comhréireach idirbhearta intíre
a chumhdach agus ní amháin idirbhearta trasteorann, rud a bheadh le leas
miondíoltóirí móra den chuid is mó. Is féidir idirbhearta a láimhseáil go grod,
rud a chruthódh deiseanna do mhiondíoltóirí seirbhísí fála níos saoire a lorg
thar teorainn agus a spreagfadh pobail bhaincéireachta intíre nó scéimeanna
baincéireachta intíre a dtáillí fála a ísliú. Tharla próiseas den chineál
chéanna cheana maidir le dochar díreach. Le Rialachán SEPA maidir le Dáta
Deiridh, cuirtear teorainn le táillí idirmhalartaithe do dhochar díreach agus
cuirtear deireadh le táillí idirmhalartaithe ar dhochar díreach ach ceadaítear
táillí idirmhalartaithe intíre a choinneáil ar bun go dtí 2017. Dá bharr sin
agus ós rud é go bhfuil roinnt ceannaithe ag aistriú a bhfaighteora go dtí
tíortha comharsanacha, gheall na bainc deireadh a chur lena dtáillí idirmhalartaithe
ar dhochar díreach ar dháta chomh luath leis an 1 Meán Fómhair 2013[13]. Mar gheall ar ghnóthais agus ar ghealltanais
aontaobhacha ar glacadh leo i gcreat nósanna imeachta iomaíochta, urramaítear
na huastáillí idirmhalartaithe is infheidhme maidir le céad chéim an Rialacháin
seo i gcás lín mhóir idirbheart íocaíochta le cárta a dhéantar san Aontas. Dá
bhrí sin, is féidir na heilimintí sin a thabhairt isteach go grod. Os a choinne
sin, níor mhór na táillí idirmhalartaithe intíre a mhodhnú. Is gá, dá bhrí sin,
idirthréimhse a cheadú i gcás idirbheart íocaíochta intíre. Ar a bharr sin, ní
choisceann an togra Ballstáit ar uasteorainneacha níos ísle nó bearta arb
ionann cuspóir dóibh a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach nó a chur i
gcrích le reachtaíocht náisiúnta. Ar a bharr sin, bhainfeadh miondíoltóirí
tairbhe as táillí idirmhalartaithe a bheith uasteoranta, agus is dóichí go
gcuirfidh miondíoltóirí ná bainc na tairbhí sin ar aghaidh chuig a
gcustaiméirí, ó tá leibhéil ísle iomaíochta agus aistrithe san earnáil
bhaincéireachta. San am céanna, tá tomhaltóirí ag íoc na
dtáillí idirmhalartaithe cheana go hindíreach sna praghsanna miondíola, agus,
faoi láthair, tá tomhaltóirí a úsáideann cártaí airgid thirim agus cártaí
dochair ag fóirdheonú na húsáide a bhaineann tomhaltóirí eile as cártaí níos
daoire. B’fhéidir a áiteamh go spreagfadh laghdú faoi tháillí idirmhalartaithe
na bainc táillí ar shealbhóirí cárta a mhéadú. Os a choinne sin, níl aon
fhianaise ann leis an nasc sin. Is cosúil gurb é leibhéal na hiomaíochta i
mbaincéireacht mhiondíola is mó a shocraíonn táillí ar chártaí. Cé go gcuirtear comhtháthú margaidh, iontráil
i margadh agus leas tomhaltóirí agus miondíoltóirí chun cinn leis an togra seo,
is fíorbheag cinnteachta atá ann go mbeadh drochthionchar aige ar soláthraithe
seirbhíse íocaíochta agus ar bhainc atá ann faoi láthair. Táthar ag súil go
mbeidh dea‑éifeacht ag uasteorannú táillí idirmhalartaithe ar na leibhéil
sin ar ghlacadh le cártaí ag ceannaithe agus go spreagfadh sé tomhaltóirí
cártaí a úsáid níos mó ar an ábhar sin. Is féidir go dtabharfadh méaduithe ar
mhéid na n‑idirbheart cártaí (trí ghlacadh le níos mó) agus an coigilteas
ar láimhseáil airgid thirim cúiteamh, i bpáirt ar a laghad, do bhainc sna
caillteanais ab fhéidir a bheadh ann mar gheall ar an uasteorainn ar tháillí
idirmhalartaithe. Is féidir go dtiocfaidh coigilteas eile as níos lú
aistarraingtí airgid thirim as UMBanna. Tá na huasteorainneacha 0.2 % agus
0.3 % atá beartaithe bunaithe ar an 'Tástáil Neafaise Ceannaithe', mar a
thugtar ar, lena sainaithnítear an leibhéal táillí a bheadh ceannaí sásta a íoc
dá gcuirfeadh sé an costas ar an úsáid a bhaineann custaiméir as cárta
íocaíochta i gcomparáid leis na costais ar íocaíochtaí (airgid thirim) gan
chárta. Ríomhadh na figiúirí sin ar bhonn na tástála sin, le sonraí arna
mbailiú ag ceithre bhanc náisiúnta. Ghlac Visa, MasterCard agus scéim cártaí
intíre na Fraince darb ainm Groupement Cartes Bancaires leis na figiúirí
sin. Dá bhrí sin, ta an togra comhréireach leis na cuspóirí thuasluaite.
Cuireadh na rialacha ar fad atá beartaithe faoi thástáil comhréireachta chun
rialáil iomchuí agus chomhréireach a áirithiú Rogha Ionstraimí Na hionstraimí atá beartaithe: Rialachán. Ní bheadh modhanna eile leormhaith ar na
cúiseanna seo a leanas: Teastaíonn caighdeánú ar leibhéal teicniúil
agus an comhchuibhiú is iomláine is féidir ó leibhéil táillí idirmhalartaithe
agus ó rialacha gnó sriantacha. Ina fhianaise sin, is fearr Rialachán ná
Treoir. Ar a bharr sin, ós rud é go mbíonn líonra i gceist le tionscal na
híocaíochta, ní thiocfaidh an chuid is mó de na tairbhí chun cinn ach amháin
nuair a bheidh an t‑aistriú intíre go dtí ionstraimí íocaíochta uile‑Eorpacha
curtha i gcrích i mBallstáit uile an AE. I gcás Treorach ab fhéidir a chuirfí
chun feidhme go héagsúil sna Ballstáit, bheadh baol ann nach gcuirfí deireadh
leis an ilroinnt sa mhargadh íocaíochtaí atá ann faoi láthair. Ar deireadh,
chuirfeadh sé moill ar ascnamh mar gheall ar an am is gá chun aistriú náisiúnta
a dhéanamh. Dá bhrí sin, moltar gur Rialachán an ionstraim dhlíthiúil a
úsáidfear chun táillí idirmhalartaithe agus rialacha gnó sriantacha i margadh
na n‑íocaíochtaí le cárta agus i margaí na n‑íocaíochtaí atá
bunaithe ar na fóin phóca agus ar an idirlíon a rialáil. Comhlíonann an Rialachán na cearta bunúsacha
agus comhlíonann sé na prionsabail atá aitheanta go háirithe i gCairt um
Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, eadhon an ceart gnóthas a chur ar bun,
an ceart leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, agus ní mór é a chur i
bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin. 4. Impleachtaí buiséadacha Ní bheidh aon tionchar ag an togra seo ar
Bhuiséad an AE. 5. EILIMINTÍ ROGHNACHA Clásal athbhreithnithe/leasaithe/éagtha Tá clásal athbhreithnithe sa togra. An Limistéar Eacnamaíoch Eorpach Tá ábhar a bhaineann leis an LEE sa ghníomh
atá beartaithe agus ba cheart, dá bhrí sin, an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a
chuimsiú ann. Míniú mionsonraithe ar an togra Tugtar an achoimre ghairid seo a leanas chun
an chinnteoireacht a éascú trí éirim an Rialacháin a thabhairt. In Airteagal 1 – ábhar agus raon feidhme
– tá sé ráite go mbaineann an Rialachán le rialacha maidir leis na táillí
idirmhalartaithe i dáil le hidirbhearta le cárta íocaíochta agus idirbhearta íocaíochta
le cárta laistigh den AE i gcás ina bhfuil an t‑íocaí agus a sholáthraí
seirbhíse íocaíochta atá rannpháirteach san idirbheart íocaíochta suite san AE
agus baineann sé le rialacha gnó a bhfuil baint acu leis na híocaíochtaí sin. In Airteagal 2 – sainmhínithe – tá na
sainmhínithe curtha i gcomhréir, a mhead is féidir, leis na sainmhínithe i
dTreoir 2007/64/AE. Os a choinne sin, ós rud é go bhfuil raon feidhme an
Rialacháin teoranta i gcomparáid leis an Treoir um Sheirbhísí Íocaíochta,
cuireadh cuid de na sainmhínithe in oiriúint do riachtanais an togra seo. In Airteagal 3 – (Uastáille
idirmhalartaithe ar idirbhearta tomhaltóra trasteorann le cárta dochair agus le
cárta creidmheasa) socraítear uasteorainneacha maidir le táillí 0.2 %
agus 0.3 % idirmhalartaithe ar idirbhearta tomhaltóirí dochair agus
creidmheasa a íoctar le soláthraithe seirbhíse íocaíochta, atá le teacht i
bhfeidhm 2 mhí tar éis fhoilsiú an Rialacháin. In Airteagal 4 – (Uastáillí
idirmhalartaithe ar na hidirbhearta uile tomhaltóirí le cárta dochair agus le
cárta creidmheasa) socraítear uasteorainneacha maidir le táillí 0.2 %
agus 0.3 % idirmhalartaithe ar idirbhearta tomhaltóirí dochair agus
creidmheasa a íoctar le soláthraithe seirbhíse íocaíochta, atá le teacht i bhfeidhm
2 bhliain tar éis fhoilsiú an Rialacháin. In Airteagal 5 – (Toirmeasc ar Tháillí imchéimniúcháin),
chun críocha na huasteorainneacha faoi Airteagal 3 agus Airteagal 4 a
chur chun feidhme, suitear go mbeidh cúiteamh glan na dtáillí arna bhfáil agus
arna n‑íoc idir an t‑eisitheoir agus an scéim ina chuid de ríomh na
dtáillí idirmhalartaithe arna n‑íoc agus arna bhfáil chun imchéimniú is
féidir a bheith ann a mheas. In Airteagal 6 – (Ceadúnú), tá sé leagtha
síos nár cheart ceadúnais a sheachadann scéimeanna chun críocha eisiúna nó fála
a theorannú do chríoch shonrach ach gur cheart iad críoch iomlán an Aontais a
chumhdach. In Airteagal 7 – (Deighilt idir scéim
agus próiseáil), tá cinneadh gur cheart deighilt eagrúcháin a bheith ann idir
na scéimeanna agus na heintitis atá ag próiseáil na n‑idirbheart, agus tá
toirmeasc ar idirdhealú de réir críche i rialacha próiseála agus tá sainordú
tugtha d’idir‑inoibritheacht córas eintiteas próiseála. In Airteagal 8 – (Comhlipéadú agus rogha
feidhmchlár), tá sé ráite gurb é eisitheoir na hionstraime íocaíochta a
chinneann an féidir don fheidhmchlár íocaíochta a bheith sa chárta céanna nó sa
tiachóg chéanna. Is leis an gcustaiméir fós an rogha cén fheidhmchlár a
úsáidtear agus ní féidir leis an eisitheoir an rogha sin a leagan síos roimh ré
le sásraí uathoibríocha san ionstraim nó sa trealamh ag an díolphointe. In Airteagal 9 – (Díchumasc) tá soiléiriú
ann go dtairgfidh bainc fála d’íocaithe ar bhonn aonair agus go ngearrfaidh
siad muirir orthu ar bhonn aonair i gcás catagóirí éagsúla agus brandaí éagsúla
cártaí íocaíochta agus nach ngearrfaidh siad aon phraghas amháin, agus go
gcuirfidh siad an fhaisnéis is ábhartha ar fáil ar mhéideanna is infheidhme
maidir leis na catagóirí éagsúla agus na brandaí éagsúla. In Airteagal 10 – (Riail maidir le
glacadh le gach cárta), soiléiriú ann nach bhféadfaidh scéimeanna íocaíochta
agus soláthraithe seirbhíse íocaíochta iallach a chur ar mhiondíoltóirí glacadh
le catagóir nó le branda má ghlacann sé le catagóir eile nó branda eile, ach
amháin i gcás ina bhfuil branda nó catagóir faoi réir an táille idirdhealaithe
rialáilte céanna agus atá an ceann roimhe sin. Mar shampla, ní féidir iallach a
chur ar cheannaithe a ghlacann le cártaí dochair tomhaltóirí glacadh le cártaí
creidmheasa tomhaltóirí ach is féidir cur orthu glacadh le cártaí dochair
tomhaltóirí eile. In Airteagal 11 – (Rialacha stiúrtha) tá
soiléiriú nach bhféadfaidh scéimeanna íocaíochta agus soláthraithe seirbhíse
íocaíochta miondíoltóirí a chosc ar thomhaltóirí a stiúradh i dtreo ionstraimí
íocaíochta sonracha, ar fearr leis an miondíoltóir iad, a úsáid. Tá an méid sin
gan dochar do rialacha maidir le lascainí agus formhuirir arna bhunú sa Treoir
um Sheirbhísí Íocaíochta agus in Airteagal 19 den Treoir um Chearta
Tomhaltóirí. Ní fhéadfaidh scéimeanna íocaíochta agus soláthraithe seirbhíse
íocaíochta miondíoltóirí a chosc ar thomhaltóirí a chur ar an eolas faoi
tháillí idirmhalartaithe agus faoi mhuirir seirbhíse ceannaí. In Airteagal 12 – (Faisnéis don íocaí ar
idirbhearta íocaíochta aonair), tá an fhaisnéis a chuirfidh an soláthraí
seirbhíse íocaíochta ar fáil don cheannaí tar éis idirbheart íocaíochta aonair
a bheith tugtha i gcrích, agus tá foráil ann maidir leis an rogha an fhaisnéis
sin a chur ar fáil go tréimhsiúil. In Airteagal 13 – (Údaráis inniúla), tá
rialáil ar na nósanna imeachta le haghaidh na húdaráis náisiúnta a ainmniú a
bheidh freagrach as forálacha sa Rialacháin a chur i bhfeidhm. In Airteagal 14 – (Pionóis), tá sé
leagtha síos go socróidh na Ballstáit rialacha maidir le smachtbhannaí i ndáil
le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin, agus go dtabharfaidh sé fógra don
Choimisiún ina leith. In Airteagal 15 – (Nósanna imeachta
maidir le gearán agus sásamh lasmuigh den chúirt), tá sé leagtha síos go
socróidh na Ballstáit ceanglais shonracha maidir le díospóidí idir íocaithe
agus soláthraithe seirbhíse íocaíochta a réiteach. In Airteagal 16 – (Clásal
athbhreithniúcháin) tá sé leagtha síos go mbeidh athbhreithniú ann ceithre
bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin, dírithe go háirithe ar an
leibhéal idirmhalartaithe. Tá na sásraí le haghaidh cur i bhfeidhm éifeachtach
na bhforálacha sa Treoir agus, más gá, athruithe air a bheartú. In Airteagal 17 – (teacht i bhfeidhm) tá
an dáta leagtha amach a thiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm. 2013/0265 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE maidir le táillí idirmhalartaithe ar
idirbhearta íocaíochta le cárta (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114(1) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún, Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur
chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa [14], Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais
Eorpach[15], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an
ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) Déanann
ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh díobháil don iomaíochas, don fhás agus do
chruthú fostaíochta laistigh den Aontas. D'fhonn feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a bhaint amach is gá
díothú a dhéanamh ar na bacainní díreacha agus na bacainní indíreacha a
chuireann cosc ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus ar chomhlánú
margaidh chomhtháite d'íocaíochtaí leictreonacha, gan idirdhealú idir
íocaíochtaí naisiúnta agus íocaíochtaí trasteorann. (2) Le
Treoir 2007/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[16] rinneadh foráil maidir le bonn
dlí chun margadh inmheánach uile-Aontais a chruthú d'íocaíochtaí agus
d'éascaigh sé go suntasach gníomhaíocht soláthraithe seirbhíse íocaíochta, ag
cruthú rialacha aonfhoirmacha i dtaobh soláthair seirbhísí íocaíochta. (3) Le
Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[17] bunaíodh an prionsabal gurb
ionann táillí a íocann úsáideoirí ar íocaíocht trasteorann in euro agus an
íocaíocht comhfhreagracha laistigh de Bhallstát lena n-áirítear íocaíochtaí le
cárta cumhdaithe ag an Rialachán seo. (4) I
Rialachán (CE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[18] leagadh amach na rialacha
d'fheidhmiú aistrithe creidmheasa agus d'fheidhmiú dochair dhírigh in euro sa
mhargadh inmheánach cé gur coinníodh as an áireamh íocaíochtaí le cárta ina
raon feidhme. (5) Le
Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[19] déantar comhchuibhiú ar
rialacha áirithe maidir le conarthaí a thugtar i gcrích idir thomhaltóirí agus
trádálaithe, lena n-áirítear rialacha i dtaobh táillí ar mhodh íocaíochta a
úsáid, ar an mbonn sin is gá do Bhallstáit toirmeasc a chur ar thrádálaithe ó
bheith ag gearradh táillí ar thomhaltóirí, maidir le modh íocaíochta ar leith a
úsáid, a sháraíonn na costais atá ar an trádálaí a íoc as an modh íocaíochta ar
leith sin a úsáid. (6) Tá
íocaíochtaí leictreonacha atá slán, éifeachtúil agus nuálach ríthábhachtach má
tá tomhaltóirí, miondíoltóirí agus cuideachtaí leis na tairbhí iomlána a bhaint
as margadh inmheánach agus is ag méadú atá an tábhacht sin de réir mar a
ghluaiseann an domhan i dtreo na ríomhthrádála. (7) Táthar
ag réiteach reachtaíochta i roinnt Ballstát[20]
chun táillí idirmhalaithe a rialáil, lena gcumhdaítear roinnt cheisteanna, lena
n-áirítear uasteorainneacha ar tháillí ar idirmhalartú ar léibhéil éagsúla,
táillí do cheannaithe, na rialacha maidir le Glacadh le Gach Cárta nó bearta
stiúrtha. Tá éagsúlachtaí móra idir na cinntí riaracháin atá ann cheana i
roinnt Ballstát. Ag féachaint don díobháil a dhéantar le táillí ar idirmhalartú
do mhiondíoltóirí agus do thomhaltóirí araon, is féidir bheith ag tnúth le níos
mó bearta rialúcháin ar an leibhéal náisiúnta agus iad dírithe ar aghaidh a
thabhairt ar leibhéal agus ar éagsúlacht na dtáillí. Ba dhóchúla gur bhacainní
suntasacha ar chomhlánú an mhargaidh inmheánaigh a bheadh mar thoradh ar
bhearta náisiúnta den sórt sin i réimsí cártaí, idirlíon, íocaíochtaí ar fhóin
phóca bunaithe ar chártaí agus dá bhrí sin bheadh siad ina mbac ar an saoirse
seirbhísí a sholáthair. (8) Is iad
cártaí íocaíochtaí an ionstraim íocaíochta leictreonaí is minicí a úsáidtear i
gceannacháin mhiondíola. Ach, is fada ó cheanna scríbe atá comhtháthú mhargadh
chártaí íocaíochta an Aontais toisc nach féidir le mórán réiteach íocaíochta
forbairt thar a dteorainneacha náisiúnta nó toisc go gcuirtear bac ar
sholáthraithe nua uile-Aontais ó dhul isteach sa mhargadh. Tá mar thoradh ar an
easpa comhtháthaithe sa mhargadh inmheánach praghsanna níos airde agus rogha
níos teoranta maidir le seirbhísí íocaíochta a bheith ag tomhaltóirí agus ag
miondíoltóirí , agus deiseanna níos teoranta a bheith ann leas a bhaint as an
margadh inmheánach. Dá bhrí sin, is gá deireadh a chur leis na bacainní ar
fheidhmiú éifeachtach an mhargaidh cártaí, lena n-áirítear íocaíochtaí ar fhóin
phóca agus ar an idirlíon atá bunaithe ar idirbhearta le cártaí lena
gcruthaítear bacainní fós maidir le himscaradh margaidh atá go hiomlán
comhtháite. (9) D'fhonn
feidhmiú éifeachtach an margaidh inmheánaigh a chumasú, ba cheart úsáid
íocaíochtaí leictreonacha a chur chun cinn agus a éascú ar mhaithe le
miondíoltóirí agus ar mhaithe le tomhaltóirí. Is féidir cártaí mar aon le
híocaíochtaí leictreonacha eile a úsáid ar shlí níos ildánai, lena n-áirítear
deiseanna íocaiochtaí ar líne a dhéanamh d'fhonn leas a bhaint as an margadh
inmheánach agus ríomhthráchtáil agus cuirtear íocaíochtaí a d'fhéadfadh bheith
slán ar fáil do mhiondíoltóirí chomh maith le híocaíochtaí leictreonacha. Dá
bhrí sin, d'fhéadfadh cártaí agus íocaíochtaí le cárta in áit úsáid a bhaint as
airgead tirim a bheith tairbhiúil do mhiondíoltóirí agus do thomhaltóirí, ach
na táillí ar na córais íocaíochta a bheith socraithe ar leibhéal éifeachtach,
agus ag rannchuidiú le nuálaíocht agus le hoibreoirí nua a theacht isteach sa
mhargadh. (10) Ceann de
na nósanna is mó a chuireann bac ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh maidir
le cártaí agus íocaíochtaí le cártaí is ea go bhfuil táillí idirmhalartaithe
chomh forleathan ann, agus gan iad a bheith faoi réir ag aon reachtaíocht i
bhformhór na mBallstát. Is éard atá i dtáillí idirmhalartaithe táillí
idir-bhanc a ghearrtar idir na soláthraithe seirbhíse cárta íocaíochta fála
agus na soláthróirí seirbhíse cárta íocaíochta eisiúna a bhaineann le scéim
áirithe. Táillí ar idirmhalartú is ea mórchuid de na táillí a bhíonn á
ngearradh ag soláthraithe seirbhíse íocaíochta fála ar cheannaithe as gach
idirbheart cárta. Cuireann ceannaithe, ar a seal, na costais chártaí seo le
costais ghinearálta earraí agus seirbhísí.. Is léir sa chleachtas go bhfuil an
iomaíocht idir scéimeanna cárta dírithe tríd is tríd ar a áitiú ar an méid is
mó is féidir solátharaithe seirbhíse íocaíochta eisiúna (e.g. bainc) a gcuid
cártaí a eisiúint, rud as a dtagann táillí idirmhalartaithe níos airde
seachas níos ísle ar an margadh i gcodarsnacht le gnáthéifeacht smachta
praghsanna a thagann as iomaíocht i ngeilleagar margaidh. Chuirfí feabhas ar
fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh dá ndéandfaí táillí idirmhalartaithe a
rialáil. (11) Tá
éagsúlacht mhór agus leibhéal na dtáillí idirmhalartaithe a mhaireann faoi
láthair ag cur bac le himreoirí 'nua' uile-Aontais a theacht chun cinn a bheadh
bunaithe ar shamhlacha gnó le taillí idirmhalartaithe níos ísle agus chun
aimhleasa barainneachtaí ionchasacha scála agus scóipe agus do na
héifeachtúlacht a thiocfadh astu. Bíonn tionchar diúltach aige seo ar
mhiondíoltóirí agus ar thomhaltóirí agus cuirtear bac ar nuálaíocht. Os rud é
go mbeadh ar imreoirí uile-Aontais ar a laghad an leibhéal is airde táille
idirmhalartaithe, atá ann cheana sa mhargadh ar mian leo dul isteach ann, a thairiscint
do bhainc eisiúna, toradh eile is ea go leantar den ilroinnt an mhargaidh.
D'fhéadfaí scéimeanna ina dtíortha féin atá gan táillí idirmhalartaithe nó ina
bhfuil siad níos ísle, a bhrú amach as an margadh toisc an brú ó bhainc a
bhíonn sa tóir ar an ioncam is mó ó tháillí idirmhalartaithe. Mar thoradh, tá
ar thomhaltóirí agus ar cheannaithe araon aghaidh a thabhairt ar rogha níos
teoranta agus caighdeán níos ísle seirbhísí íocaíochta cé go bhfuil srian ar a
gcumas réitigh íocaíochta uile-Aontais a úsáid. Ina theannta sin, ní féidir le
miondíoltóirí na difríochtaí táille a shárú trí úsáid a bhaint as seirbhísí
glactha cártaí a thairgeann bainc i mBallstáit eile; i rialacha sonracha a
chuireann scéimeanna íocaíochta i bhfeidhm forordaítear an táille
idirmhalartaithe a chur i bhfeidhm ag an 'Díolphointe' (tír an miondíoltóra) do
gach idirbheart íocaíochta. Cuireann sé seo cosc ar bhainc a seirbhísí a
thairiscint ar bhonn trasteorann go rathúil . Cuireann sé cosc chomh maith ar
mhiondíoltóirí a gcostais íocaíochta a laghdú chun leasa tomhaltóirí. (12) Níl ag
éirí leis an gCoimisiún ná leis na húdaráis iomaíochta náisiúnta trí bhíthin na
reachtaíochta atá ann cheana a chur i bhfeidhm an cás seo a cheartú. (13) Dá bhrí
sin, chun go seachnófar ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh agus saobhadh
suntasach san iomaíocht trí dhlíthe éagsúla agus cinntí riaracháin éagsúla, tá
gá le, i gcomhréir le hAirteagal 114 CFAE, bearta a dhéanamh le aghaidh a
thabhairt ar fhadhb seo na dtáillí idirmhalartaithe arda agus éagsúla, a
chuirfeadh ar chumas soláthraithe seirbhísí íocaíochta a seirbhísí a sholáthar
ar bhonn trasteorann agus ar chumas tomhaltóirí agus miondíoltóirí seirbhísí
trasteorann a úsáid. (14) Cuirtear
i bhfeidhm an Rialacháin seo gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha iomaíochta
naisiúnta ná gan dochar do rialacha iomaíochta an Aontais. Níor cheart dó cosc
a chur le Ballstáit uasteorainneacha níos ísle nó bearta arb ionann cuspóir
dóibh a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach nó a chur i gcrích le reachtaíocht
náisiúnta. (15) Cur
chuige céimnithe atá ag an Rialachán seo. Mar chéad chéim, tá sé riachtanach
bearta a dhéanamh chun éascú a dhéanamh ar eisiúint agus fáil trasteorann
idirbhearta le cártaí íocaíochtaí. Ba cheart an soiléire dhlíthiúil a
theastaíonn a chur ar fáil trína chur ar chumas ceannaithe faighteoir a roghnú
lasmuigh dá mBallstát féin (fáil trasteorann) agus uasleibhéal a fhochur ar
tháillí idirmhalartaithe trasteorann i gcás idirbhearta faighte trasteorann. De
bhreis air sin, ba cheart ceadúnais eisiúna agus fála d'ionstraimí íocaíochta
bheith bailí gan srianta geografacha laistigh den Aontas. D'éascódh na bearta
seo feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh ó thaobh íocaíochtaí le cárta,
idirlín agus ar fhóin phóca, chun sochair tomhaltóirí agus miondíoltóirí. (16) Mar
gheall ar ghnóthais agus ar ghealltanais aontaobhacha a glacadh faoi chuimsiú
nósanna imeachta iomaíochta, urramaítear na huastáillí idirmhalartaithe is
infheidhme maidir le chéad chéim an Rialacháin seo i gcás mórán idirbheart
íocaíochta le cárta a dhéantar san Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart do na
forálacha a bhaineann leis na hidirbhearta sin teacht i bhfeidhm go mear, rud a
chruthódh deiseanna do mhiondíoltóirí seirbhísí fála a lorg thar teorainn agus
a spreagfadh pobail bhaincéireachta nó scéimeanna baincéireachta sa tír féin a
dtáillí fála a laghdú. (17) Teastaíonn
idirthréimhse i gcás idirbheart intíre chun am a thabhairt do sholáthraithe
seirbhíse íocaíochta iad féin a chur in oirúint do na ceanglais nua. Da bhrí
sin, tar éis tréimhse dhá bhliain i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin
seo agus d'fhonn foráil a dhéanamh maidir le chomhlánú ar mhargadh inmheánach
d'íocaíochtaí le cárta, ba cheart na huasteorainneacha ar tháillí
idirmhalartaithe d'idirbhearta le cárta tomhaltóirí a shíneadh chun gach
íocaíocht idir thrasteorann agus intíre a chumhdach. (18) D'fonn
fáil trasteorann a éascú ba cheart uastáille idirmhalartaithe 0.20% a bheith ar
gach (trasteorainn agus intíre) idirbheart ar chárta dochair
'tomhaltóra' agus uastáille idirmhalartaithe 0.30% a bheith ar gach (trasteorainn
agus intíre) idirbheart ar chárta creidmheasa 'tomhaltóra' agus idirbhearta
íocaíochta le cárta bunaithe orthu sin. (19) Tá na
huasteorainneacha sin bunaithe ar rud ar a dtugtar 'Tastáil Neafaise an
Cheannaí' a forbraíodh i litríocht na heacnamaíochta, lena n-aithnítear an
leibhéal táille a bheadh ceannaí sásta a íoc dá gcuirfeadh sé costas úsáide
cárta íocaíochta don chustaiméir i gcomparáid le híocaíocht gan chárta (airgead
tirim) (ag cur san áireamh an táille a íoctar le bainc fála as seirbhís, i.e.
muirear seirbhíse ceannaí a thagann anuas ar an táille idirmhalartaithe.). Ar
an gcaoi sin spreagtar úsáid ionstraimí íocaíochta éifeachtúla trí chur chun
cinn na gcártaí sin a thugann sochair idirbhirt níos airde, agus ag an am
céanna coisctear táillí díréireacha ar cheannaithe, rud as a dtiocfadh costais
fholaithe do chustaiméirí eile. Murach sin d'fheadfadh táillí iomarcacha do
cheannaithe bheith ann i ngeall ar shocruithe comhchoiteanna do tháillí
idirmhalartaithe, toisc go bhfuil drogall ar cheannaithe cúl a thabhairt
d'ionstraimí íocaíochta costasacha ar eagla go gcaillfidís deiseanna gnó.
Léiríonn an taithí go bhfuil na leibhéil sin comhréireach, toisc nach dtógtar
ceist leo faoi oibriú scéimeanna idirnáisiúnta cártaí ná soláthraithe seirbhíse
íocaíochta. Cuireann siad leasanna ar fáil do mhiondíoltóirí agus do
thomhaltóirí chomh maith le deimhneacht dhlíthiúil. (20) Leis an
Rialachán seo ba cheart go gcumhdófaí gach idirbheart a bhfuil soláthraí
seirbhíse íocaíochta an íocóra agus soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaithe
bunaithe san Aontas. (21) I
gcomhréir le prionsabal na neodrachta teicneolaíche a leagtar amach sa Chlár
Oibre Digiteach don Eoraip, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo
maidir le hidirbhearta íocaíochta le cárta beag beann ar an timpeallacht ina
dtárlaíonn an t-idirbheart sin, lena n-áirítear trí ionstraim íocaíochta
mhiondíola agus seirbhísí ar feidir iad a bheith as líne, ar líne nó ar fhóin
phóca. (22) Go ginearálta,
déantar idirbhearta le cárta íocaíochta bunaithe ar dhá phríomhshamhail gnó,
mar a deirtear le scéim cártaí íocaíochta trí pháirtí (sealbhóir cárta – scéim
fála agus eisiúna – ceannaí) agus scéim cártaí íocaíochta ceithre pháirtí
(sealbhóir cártaí – banc eisiúna – banc fála – ceannaí). Is mó scéim chártaí
íocaíochta ceithre pháirtí atá ag úsáid táille idirmhalartaithe go follasach,
iltaobhach don chuid is mó. Bíonn taillí idirmhalartaithe (táillí arna n-íoc ag
bainc fála chun eisiúint agus úsáid cártaí spreagadh) intuigthe le scéimeanna
cártaí íocaíochta trí pháirtí. D'fhonn a aithint gurb ann do tháillí
idirmhalartaithe intuigthe agus d'fhonn rannchuidiú le machaire réidh a
chruthú, ba cheart glacadh le scéimeanna cártaí íocaíochta trí pháirtí a úsáideann
soláthraithe seirbhíse íocaíochta mar eisitheoirí nó mar fhaighteoirí amhail is
gur scéimeanna cártaí íocaíochta ceithre pháirtí iad agus ba bheart dóibh na
rialacha céanna a leanúint, agus ba cheart feidhm a bheith ag bearta
trédhearcachta agus bearta eile a bhaineann le rialacha gnó maidir le gach
soláthraí. (23) Tá sé
tábhachtach a áirithiú nach rachfaí timpeall ar na forálacha a bhaineann le
táillí idirmhalartaithe a bheadh le híoc nó le fáil ag soláthraithe seirbhíse
íocaíochta trí shreabhadh malartacha táillí go soláthraithe seirbhíse
íocaíochta eisiúna. D'fhonn an méid seo a sheachaint, ba cheart glacadh leis
an "glanchúiteamh" de tháillí íoctha agus faighte ag soláthraí
seirbhíse íocaíochta eisiúna ó scéim chártaí íocaíochta mar an taille idirmhalartaithe.
Nuair a bhíonn an táille idirmhalartaithe á ríomhadh, chun a shuíomh an
bhfuil imeacht timpeall ar bun, ba cheart iomlán na n-íocaíochtaí nó na
ndreasachtaí faighte ag an soláthraí seirbhíse íocaíochta eisiúna ó scéim
cártaí íocaíochta i dtaobh na n-idirbheart arna rialú lúide na táillí a d'íoc
an soláthraí seirbhíse íocaíochta eisiúna leis an scéim a chur san áireamh. D'fhéadfaí
glacadh le híocaíochtaí, dreasachtaí agus táillí díreacha (i.e bunaithe ar a
líon) nó go hindíreach (lena n-áirítear dreasachtaí margaidh, bónais, lacáistí
as líon áirithe idirbheart a bhaint amach). (24) Is minic
nach mbíonn tomhaltóiri ar an eolas faoi na táillí a íocann ceannaithe as an
ionstraim a úsáideann siad. Ag an am céanna trí bhíthin sraithe cleachtas dreasaithe
a chuireann soláthraithe seirbhíse íocaíochta eisiúna i bhfeidhm (amhail
dearbháin iompair, préimheanna, lacáistí, árachas saor, etc.) féadfar
tomhaltóirí a stiúrú i dtreo ionstraimí íocaíochta a ghineann táillí arda do
sholáthraithe seirbhíse íocaíochta eisiúna. Le cur ina choinne seo, níor cheart
feidhm a bheith ag na bearta a fhorchuireann bacainní ar thaillí
idirmhalartaithe ach amháin i gcás cártaí íocaíochta atá anois ina n-olltáirgí
agus a mbíonn deacracht go ginearálta ag ceannaithe diúltú dóibh de thoradh ar
chomh forleathan is a eisítear iad agus a úsáidtear iad (i.e. cártaí dochair
tomhaltoirí agus cártaí creidmheasa tomhaltóirí). Le súil agus feidhmiú
éifeachtach an mhargaidh a neartú sna codanna neamhrialáilte sin den earnáil
chomh maith leis an meid gnó a aistreoidh ó pháirt rialáilte go páirt
neamhrialáilte na hearnála a choimeád faoi smacht, is gá sraith beartanna a
ghlacadh, lena n-áirítear an scéim a scarúint ón mbonneagar, an t-íocóir arna
stiúradh ag an t-íocaí agus glacadh roghnaitheach le hionstraimí íocaíochta ag
an íocaí. (25) Ba cheart
go bhféadfadh gach próiseálaí dul in iomaíocht le haghaidh chustaiméirí na
scéimeanna ach an scéim agus an bonneagar a scarúint. Os rud é gurb é an costas
próiseála cuid mhór den chostas iomlán atá ar ghlacadh le cártaí, ta sé
tábhachtach go n-osclófaí an chuid seo den slabhra breisluacha i dtreo
iomaíochais atá éifeachtach. Ar bhonn an scéim agus an bonneagar a scarúint óna
chéile, ba cheart scéimeanna cártaí agus eintitis próiseála bheith neamhspleách
ó thaobh foirme dlíthiúla, eagrúcháin agus cinnteoireachta. Níor cheart dóibh
idirdhealú a dhéanamh , mar shampla, trí chóir fhabhrach a thabhairt dá chéile
nó trí fhaisnéis phribhléide a roinnt nach bhfuil ar fáil ag a n-iomaitheoirí
maidir lena ndeighleog féin den mhargadh, ná trí bharraíocht ceanglas faisneise
a fhorchur ar a n-iomaitheoir ina ndeighleog féin den mhargadh, trí bheith ag
tras-fhóirdheonú a gcuid imeachtaí faoi seach nó trí chomhshocruithe rialachais
a bheith acu. Cuireann cleachtais idirdhealaitheacha mar iad le hilroinnt
margaidh, le tionchar diúltach a bheith ar imreoirí nua teacht isteach i
margadh agus cuireann bac ar imreoirí uile-Aontais teacht chun cinn agus dá
bhrí sin tá siad ina mbacainní suntasacha ar chomhlánú an mhargaidh inmheánaigh
ó thaobh cártaí, idirlín, íocaíochtaí ar fhóin phóca agus tá siad díobhálach do
mhiondíoltóirí, cuideachtaí agus tomhaltóirí. (26) I ngeall
ar rialacha scéime arna gcur i bhfeidhm ag scéimeanna agus cleachtais cártaí
íocaíochta arna gcur i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhíse íocaíochta, is gnách
go bhfanann ceannaithe agus tomhaltóirí aineolach faoi dhifríochtaí idir táillí
agus laghdaítear trédhearcacht margaidh, mar shampla trí tháillí a 'chumasc'
nó trí cheannaithe a thoirmisc ó bhranda cárta níos saoire a roghnú ar chártaí
comhbhrandáilte nó tomhaltóirí a stiúradh chun na cártaí níos saoire sin a
úsáid. Fiú má tá ceannaithe ar an eolas faoi na costais dhifriúla, is minic a
chuireann na rialacha scéime cosc orthu gníomhú leis na táillí a laghdú. (27) Beidh
costais difriúla don íocaí le hionstraim íocaíochta, agus beidh ionstraim
áirithe níos costasaí ná cinn eile. Seachas nuair atá ionstraim íocaíochta arna
fhorchur ag an dlí i gcatagóirí áirithe íocaíochta nó nach feidir í a dhiúltú
toisc a stádas mar airgead dlíthairgthe, ba cheart cead a chinn a bheith ag an
íocaí íocóirí a threorú i dtreo úsáid a bhaint as ionstraim shonrach
íocaíochta. Forchuireann scéimeanna cártaí agus soláthraithe seirbhíse
íocaíochta roinnt srianta ar íocaithe sa chaoi seo, lena n-áirítear samplaí
cosúil le srianta ar dhiúltú ón íocaí ionstraimí íocaíochta sonracha do
shuimeanna beaga, ar sholáthar faisnéise don íocóir ar na táillí arna dtabhúag
an íocaí as ionstraimí íocaíochta shonracha nó teorannú forchurtha ar an íocaí
maidir leis an líon scipéad ina shiopa a ghlacann le hionstraimí íocaíochta
sonracha. Ba cheart deireadh a chur leis na srianta sin. (28) I
gcomhréir le hAirteagal 55 den togra COM (2013)547 féadfaidh an t-íocaí an
t-íocóir a stiúradh i dtreo ionstraim íocaíochta shonrach a úsáid. Ach, níor
cheart don íocaí taille ar bith a lorg as ionstraimí a úsáid a bhfuil taillí
idirmhalartaithe rialaithe laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, toisc
gur n-éiríonn na buntáistí a bhaineann le ró-ghearradh teoranta agus go
gcruthaítear castacht sa mhargadh. (29) Tá dhá
oibleagáid i gceist leis an Riail maidir le Glacadh le Gach Cárta arna forchur
ag soláthraithe seirbhíse íocaíochta eisiúna agus ag scéimeanna cártaí
íocaíochta ar íocaithe, ar an dtaobh amháin, glacadh leis na cartaí go léir ón
mbranda céanna (eilimint 'Glacadh le gach Táirge'), beag beann ar
chostais dhifriúla na gcártaí seo, agus ar an dtaobh eile beag beann ar an
mbanc eisiúna aonair ata tar eis an cárta a eisiúint (eilimint 'Glacadh le gach
Eisitheoir'). Is chun leasa an tomhaltóra é maidir leis an gcatagóir
céanna cártaí, nach féidir leis an íocaí idirdhealú a dhéanamh idir eisitheoirí
agus sealbhóirí cárta, agus is féidir le scéimeanna íocaíochta agus
soláthraithe seirbhíse íocaíochta oibleagáidí mar iad a fhorchur orthu. Dá bhrí
sin, cé go bhfuil eilimint 'Glacadh le gach Eisitheoir' den Riail maidir
le Glacadh le Gach Cárta réasúnta laistigh de chóras cártaí íocaíochta, ós rud
é go gcuirtear bac ar íocaithe idirdhealú a dhéanamh idir bhainc aonair ata
tar éis cárta a eisiúint, is cleachtas nasctha go bunúsach atá san eilimint
'Glacadh le gach Táirge'), a bhfuil d'éifeacht aige inghlacthacht
chártaí ar tháillí ísle a nascadh le inghlacthacht chártaí ar tháillí arda. Dá
mbainfí an eilimint 'Glacadh le gach Táirge' ón Riail maidir le Glacadh
le Gach Carta chuirfí ar chumas ceannaithe an rogha cártaí íocaíochta a
chuireann siad ar fáil a theorannú go dtí na cartaí íocaíochta ar chostas
íseal nó níos ísle, rud a bheadh chun leasa na dtomhaltóirí trí chostais
laghdaithe ar cheannaithe. Ní bheadh brú ar cheannaithe a a ghlacann le cártaí
dochair dá réir glacadh le cártaí creidmheasa ná ní bheadh brú orthu siúd
ghlacann le cártaí creimheasa glacadh le cártaí tráchtála. Ach, chun an
tomhaltóir a chosaint agus a chumas cártaí íocaíochta a úsáid chomh minic agus
is féidir, ba cheart oibleagáid a bheith ar cheannaithe glacadh le gach cárta
ata faoi réir ag an taille idirmhalartaithe rialáilte céanna. Bheadh níos mó
iomaíochta i réim de thoradh ar theorannú mar sin i gcás cártaí le táillí
idirmhalartaithe nach rialáitear faoin Rialachán seo, toisc go mbeadh níos mó
cumhachta idirbheartaíochta ag ceannaithe ó thaobh na ndálaí faoina nglacann
siad le cártaí. (30) Tá
faisneis áirithe fíor-riachtanach le go bhfeidhmeoidh go réidh na srianta ar an
Riail maidir le Glacadh le Gach Cárta. Sa chéad áit, ba cheart d'íocaithe a
bheith ábalta na catagóirí difriúla cárta a shainaithint. Dá bhrí sin, ba
cheart go mbeadh na catagóirí éagsúla sothaitheanta don radharc agus go
leictreonach ar an ngléas. Sa dara áit, ba cheart an –t‑íocóir a chur ar
an eolas chomh maith maidir le glacadh lena iomstraime/ionstraimí ag
díolphointe. Tá sé de riachtanas go mbeadh aon srian ar úsáid branda áirithe
fógraithe ag an íocaí don íocóir ag an am céanna agus faoi na dálaí céanna agus
an fhaisnéis a deir go bhfuil glacadh le branda áirithe. (31) D'fhonn a
áirithiú gur féidir cúiteamh a dhéanamh i gcás ina mbíonn an Rialachán curtha i
bhfeidhm go héagórach nó nuair a éiríonn díospóidí idir úsáideoirí seirbhíse
íocaíochta agus soláthraithe seirbhísí iocaíochta, ba cheart do Bhallstait
nósanna imeachta gearáin agus cúitimh lasmuighdenchúirt a bhunú atá imleor agus
éifeachtach. Ba cheart do Bhallstáit rialacha a leagadh síos i dtaobh na bpionós
is infheidhme i gcás sáruithe ar an Rialachán seo agus ba cheart dóibh a
áirithiú go mbeidh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus
athchomhairleach agus go gcuirfear i bhfeidhm iad. (32) Ós rud é
nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon le haghaidh
ceanglais aonfhoirmeacha a leagan síos le haghaidh idirbhearta le cárta
íocaíochta agus idirbhearta ar an idirlíon agus ar fhóin phóca atá bunaithe ar
íocaíochtaí le cárta , agus dá bhrí sin, gur fearr, de bharr fhairsinge na
gníomhaíochta, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an
tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a
leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach é. I gcomhréir
le prionsabal na comhréireachta, atá leagtha amach san Airteagal sin, ní
théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint
amach; (33) Comhlíonann
an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus comhlíonann sé na prionsabail atá
aitheanta go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go
háirithe an ceart leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, an tsaoirse
chun gnó a sheoladh, agus ní mór é a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta
agus na prionsabail sin. TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A
GHLACADH: CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA Airteagal 1
Raon feidhme 1. Leagtar síos sa Rialachán seo
ceanglais aonfhoirmeacha theicniúla agus ghnó maidir le hidirbhearta le cárta
íocaíochta arna ndéanamh laistigh den Aontas, i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhíse
íocaíochta an íocóra agus soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí bunaithe ann.
2. Níl feidhm ag an Rialachán
seo maidir le hionstraimí íocaíochta nach féidir a úsáid ach laistigh de líonra
teoranta a ceapadh chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais bheachta trí
ionstraimí íocaíochta nach bhfuil le húsáid ach ar bhealach teoranta, mar ní
ligeann siad don sealbhóir ionstraime sonrach earraí ná seirbhísí a fháil ach
ar áitreabh an eisitheora, laistigh de líonra teoranta soláthraithe seirbhíse
atá faoi chomhaontú díreach tráchtála le heisitheoir gairmiúil, nó mar nach
féidir iad a úsáid ach chun raon teoranta earraí nó seirbhísí a fháil. 3. Ní feidhm ag Caibidil II
maidir leis na nithe seo a leanas: (a)
idirbhearta le cártaí tráchtála, (b)
aistarraingt airgid thirim ag uathmheaisíní bainc
agus (c)
idirbhearta le cártaí arna n‑eisiúint ag
scéimeanna cártaí íocaíochta trí pháirtí. 4. Níl feidhm ag
Airteagal 7 maidir le scéimeanna cártaí íocaíochta trí pháirtí. Airteagal 2
Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag
na sainmhínithe seo a leanas: (1)
ciallaíonn 'faighteoir' soláthraí seirbhíse
íocaíochta a bhfuil conradh aige go díreach nó go hindíreach le híocaí le
haghaidh idirbhearta íocaíochta an íocaí a phróiseáil; (2)
ciallaíonn 'eisitheoir' soláthraí seirbhíse
íocaíochta a bhfuil conradh aige go díreach nó go hindíreach le híocóir chun
idirbhearta íocaíochta an íocóra a thionscnamh, a phróiseáil agus a shocrú; (3)
ciallaíonn 'tomhaltóir' duine nádúrtha atá ag
gníomhú chun críocha nach bhfuil aon bhaint acu le trádáil, gnó ná gairm an
duine sin; (4)
ciallaíonn 'idirbheart le cárta dochair' idirbheart
íocaíochta le cárta, lena n‑áirítear cártaí réamhíoctha, atá nasctha le
cuntas reatha nó dochair a gcuirtear idirbheart dá dhochar laistigh de 48 uair
an chloig tar éis an t‑idirbheart a bheith údaraithe/tionscanta; (5)
ciallaíonn 'idirbheart le cárta creidmheasa'
idirbheart íocaíochta le cárta i gcás ina socraítear an t‑idirbheart níos
mó ná 48 uair an chloig tar éis an t‑idirbheart a bheith
údaraithe/tionscanta; (6)
ciallaíonn 'cárta tráchtála' aon chárta íocaíochta
a eisítear do ghnóthais nó eintitis earnála poiblí a bhfuil a úsáid teoranta do
chostais ghnó fostaithe nó státseirbhíseach, nó aon chárta a eisítear do
dhaoine nádúrtha féinfhostaithe atá i mbun gníomhaíochta gnó a bhfuil a úsáid
teoranta do chostais ghnó na ndaoine nádúrtha féinfhostaithe sin nó a
bhfostaithe; (7)
ciallaíonn 'idirbheart íocaíochta le cárta'
seirbhís a úsáidtear chun idirbheart íocaíochta a chur i gcrích trí bhíthin aon
chárta, aon fheiste nó bogearra teileachumarsáide, teicneolaíochta faisnéise nó
atá digiteach más idirbheart le cárta íocaíochta a bheidh mar thoradh uirthi.
Ní áirítear ar idirbhearta íocaíochta le cárta idirbhearta atá bunaithe ar
chineálacha eile seirbhísí íocaíochta. (8)
ciallaíonn 'idirbheart íocaíochta trasteorann'
íocaíocht le cárta nó idirbheart íocaíochta le cárta a thionscnaíonn íocóir nó
íocaí i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra agus soláthraí
seirbhíse íocaíochta an íocaí bunaithe i mBallstáit éagsúla nó i gcás ina n‑eisíonn
soláthraí seirbhíse íocaíochta eisiúna atá bunaithe i mBallstát nach é Ballstát
an díolphointe é an cárta íocaíochta. (9)
ciallaíonn 'táille idirmhalartaithe' táille a
íoctar ar gach idirbheart go díreach nó go hindíreach (i.e. trí thríú páirtí)
idir soláthraithe seirbhíse íocaíochta an íocóra agus an íocaí atá i mbun
idirbhirt le cárta íocaíochta nó idirbhirt atá bunaithe ar chárta íocaíochta; (10)
ciallaíonn 'muirear seirbhíse ceannaí' táille a
íocann an t‑íocaí leis an bhfaighteoir ar gach idirbheart lena mbaineann
an táille idirmhalartaithe, an scéim íocaíochta agus an táille próiseála agus
corrlach an fhaighteora; (11)
ciallaíonn 'íocaí' duine nádúrtha nó dlítheanach a
bheartaítear mar fhaighteoir cistí lenar bhain idirbheart íocaíochta; (12)
ciallaíonn 'íocóir' duine nádúrtha nó dlítheanach
ag a bhfuil cuntas íocaíochta agus a cheadaíonn ordú íocaíochta ón gcuntas
íocaíochta sin, nó, i gcás nach bhfuil cuntas íocaíochta ann, duine nádúrtha nó
dlítheanach a thugann ordú íocaíochta; (13)
ciallaíonn 'scéim cártaí íocaíochta' sraith aonair
rialacha, cleachtas, caighdeán agus/nó treoirlínte cur chun feidhme maidir le
hidirbhearta íocaíochta a dhéanamh ar fud an Aontais agus laistigh de na
Ballstáit, agus atá scartha ó aon bhonneagar nó córas íocaíochta lena
dtacaítear lena feidhmiú; (14)
ciallaíonn 'scéim cártaí íocaíochta ceithre
pháirtí' scéim cártaí íocaíochta ina ndéantar íocaíochtaí ó chuntas íocaíochta
shealbhóir an chárta chuig cuntas íocaíochta an íocaí trí idirghabháil na
scéime, trí sholáthraí seirbhíse íocaíochta a eisíonn cártaí íocaíochta (ar
thaobh shealbhóir an chárta) agus trí sholáthraí seirbhíse íocaíochta fála (ar
thaobh an íocaí), agus idirbhearta le cárta atá bunaithe ar an struchtúr
céanna; (15)
ciallaíonn 'scéim cártaí íocaíochta trí pháirtí'
scéim cártaí íocaíochta ina ndéantar íocaíochtaí ó chuntas íocaíochta atá i
seilbh na scéime thar ceann shealbhóir an chárta chuig cuntas íocaíochta atá i
seilbh na scéime thar ceann an íocaí, agus idirbhearta le cárta atá
bunaithe ar an struchtúr céanna. Nuair a thugann scéim cártaí íocaíochta trí
pháirtí ceadúnas do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta eile cártaí íocaíochta a
eisiúint agus/nó a fháil, breathnaítear uirthi mar scéim cártaí íocaíochta
ceithre pháirtí; (16)
ciallaíonn 'ionstraim íocaíochta' aon fheistí
pearsantaithe agus/nó sraith nósanna imeachta atá comhaontaithe ag an úsáideoir
seirbhíse íocaíochta agus an soláthraí seirbhíse íocaíochta agus a úsáideann an
t‑úsáideoir seirbhíse íocaíochta, nó a úsáidtear thar a cheann, chun ordú
íocaíochta a thionscnamh; (17)
ciallaíonn 'ionstraim íocaíochta le cárta' aon
ionstraim íocaíochta, lena n‑áirítear cárta, fón póca, ríomhaire nó aon
fheiste theicneolaíoch eile ina bhfuil an feidhmchlár iomchuí, a úsáideann an t‑íocóir
chun ordú íocaíochta a thionscnamh nach aistriú creidmheasa ná dochar díreach é
mar atá sainithe in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 260/2012. ; (18)
ciallaíonn 'feidhmchlár íocaíochta' bogearra
ríomhaireachta nó a choibhéis atá lódáilte ar thiomántán ionas gur féidir
idirbhearta íocaíochta le cárta a thionscnamh agus gur féidir leis an íocóir
orduithe íocaíochta a eisiúint; (19)
ciallaíonn 'ordú íocaíochta' aon treoir a thugann
íocóir dá sholáthraí seirbhíse íocaíochta ina n‑iarrtar idirbheart
íocaíochta a dhéanamh; (20)
ciallaíonn 'idirbheart le cárta íocaíochta'
idirbheart íocaíochta a dhéantar le cárta íocaíochta nó lena n‑úsáidtear
an bonneagar a bhaineann le hidirbheart le cárta íocaíochta agus atá bunaithe
ar na rialacha gnó maidir le hidirbheart le cárta íocaíochta; ' (21)
ciallaíonn 'soláthraí seirbhíse íocaíochta' aon
duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil údarú aige seirbhísí íocaíochta atá
liostaithe san iarscríbhinn de Threoir 2007/64/CE a chur ar fáil. Is
féidir le soláthraí seirbhíse íocaíochta bheith ina eisitheoir nó ina
fhaighteoir nó ina eisitheoir agus ina fhaighteoir; (22)
ciallaíonn 'úsáideoir seirbhíse íocaíochta' duine
nádúrtha nó dlítheanach a bhaineann úsáid as seirbhís íocaíochta i gcáil íocóra
nó íocaí, nó sa dá cháil sin; (23)
ciallaíonn 'idirbheart íocaíochta' gníomh, a
thionscnaíonn an t‑íocóir, nó a thionscnaítear thar a cheann, nó a
thionscnaíonn an t‑íocaí a aistríonn cistí, cibé bunoibleagáidí atá idir
an t-íocóir agus an t-íocaí; (24)
ciallaíonn 'próiseáil' seirbhísí próiseála
d'idirbhearta íocaíochta a fheidhmiú ó thaobh na mbeart is gá chun treoir
íocaíochta idir an faighteoir agus an t‑eisitheoir a láimhseáil. ; (25)
ciallaíonn 'eintiteas próiseála' aon duine nádúrtha
nó dlítheanach a chuireann seirbhísí próiseála d'idirbhearta íocaíochta ar
fáil; Caibidil II Táillí idirmhalartaithe Airteagal 3
Táillí idirmhalartaithe ar idirbhearta trasteorann tomhaltóirí le cárta dochair
nó creidmheasa 1. Le héifeacht ón dara mí tar
éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ní thairgfidh ná ní iarrfaidh
soláthraithe seirbhíse íocaíochta, i dtaca le hidirbhearta trasteorann le cárta
dochair, táille idirmhalartaithe in aghaidh an idirbhirt nó luach
saothair comhaontaithe eile a bhfuil cuspóir coibhéiseach nó éifeacht
choibhéiseach leis atá os cionn 0.2 % de luach an idirbhirt. 2. Le héifeacht ón dara mí tar
éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ní thairgfidh ná ní iarrfaidh
soláthraithe seirbhíse íocaíochta, i dtaca le hidirbhearta trasteorann le cárta
creidmheasa, táille idirmhalartaithe in aghaidh an idirbhirt nó luach
saothair comhaontaithe eile a bhfuil cuspóir coibhéiseach nó éifeacht
choibhéiseach leis atá os cionn 0.3 % de luach an idirbhirt. Airteagal 4
Táillí idirmhalartaithe ar na hidirbhearta tomhaltóra uile le cárta dochair nó
creidmheasa 3. Le héifeacht ón dara bliain
tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ní thairgfidh ná ní iarrfaidh
soláthraithe seirbhíse íocaíochta táille idirmhalartaithe in aghaidh an
idirbhirt nó luach saothair comhaontaithe eile a bhfuil cuspóir
coibhéiseach nó éifeacht choibhéiseach leis atá os cionn 0.2 % de luach an
idirbhirt, i dtaca le haon idirbheart le cárta dochair. 4. Le héifeacht ón dara bliain
tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ní thairgfidh ná ní iarrfaidh
soláthraithe seirbhíse íocaíochta táille idirmhalartaithe in aghaidh an
idirbhirt nó luach saothair comhaontaithe eile a bhfuil cuspóir
coibhéiseach nó éifeacht choibhéiseach leis os cionn 0.3 % de luach an
idirbhirt, i dtaca le haon idirbheart le cárta creidmheasa. Airteagal 5
Imchéimniú a thoirmeasc 1. Chun
críocha chur i bhfeidhm na n‑uasteorainneacha dá dtagraítear in
Airteagal 3 agus Airteagal 4, measfar gur cuid den táille
idirmhalartaithe aon ghlanchúiteamh a gheobhaidh banc eisiúna ó scéim cártaí
íocaíochta i ndáil le hidirbhearta íocaíochta nó gníomhaíochtaí lena mbaineann. Caibidil III Rialacha gnó Airteagal 6
Ceadúnú 1. Beidh
toirmeasc ar aon srianta críche laistigh den Aontas nó rialacha ag a bhfuil
éifeacht choibhéiseach i gcomhaontuithe ceadúnúcháin maidir le cártaí
íocaíochta a eisiúint nó idirbhearta le cárta íocaíochta a fháil. 2. Beidh
toirmeasc ar aon srianta críche laistigh den Aontas nó rialacha lena ngabhann
éifeacht choibhéiseach sna rialacha maidir le scéimeanna cártaí íocaíochta
ceithre pháirtí. 3. Beidh
toirmeasc ar aon cheanglas nó oibleagáid maidir le ceadúnas nó údarú ó thír
shonrach a fháil chun feidhmiú ar bhonn trasteorann nó riail ag a bhfuil
éifeacht choibhéiseach i gcomhaontuithe ceadúnúcháin maidir le cártaí
íocaíochta a eisiúint nó idirbhearta le cárta íocaíochta a fháil. 4. Beidh
toirmeasc ar aon cheanglas nó oibleagáid maidir le ceadúnas nó údarú ó thír
shonrach a fháil chun feidhmiú ar bhonn trasteorann nó rialacha ag a bhfuil
éifeacht choibhéiseach sna rialacha maidir le scéimeanna cártaí íocaíochta
ceithre pháirtí. Airteagal 7
An scéim cártaí íocaíochta agus eintitis phróiseála a dheighilt 1. Beidh scéimeanna cártaí
íocaíochta agus eintitis phróiseála neamhspleách ó thaobh foirme dlíthiúla,
eagrúcháin agus cinnteoireachta. Ní dhéanfaidh siad idirdhealú ar aon bhealach
idir a bhfochuideachtaí nó a scairshealbhóirí ar thaobh amháin agus úsáideoirí
na scéimeanna sin agus comhpháirtithe conarthacha eile ar an taobh eile agus ní
chuirfidh siad aon choinníollacha le soláthar aon seirbhíse a thairgeann siad
tar éis dá bpáirtí conarthach glacadh le haon seirbhís eile a thairgeann siad. 2. Le
scéimeanna cártaí íocaíochta beidh eintitis phróiseála éagsúla in ann
teachtaireachtaí maidir le húdarú agus imréiteach i ndáil le hidirbhearta
aonair le cárta a dheighilt agus a phróiseáil. 3. Beidh
toirmeasc ar aon idirdhealú críche sna rialacha maidir le próiseáil arna
bhfeidhmiú ag scéimeanna cártaí íocaíochta. 4. Áiritheoidh
eintitis phróiseála laistigh den Aontas go bhfuil a gcóras idir‑inoibritheach
ó thaobh teicniúlachta de le córais eile eintiteas próiseála laistigh den
Aontas trí na caighdeáin arna bhforbairt ag comhlachtaí caighdeánaithe
idirnáisiúnta nó Eorpacha a úsáid. Ina theannta sin, ní ghlacfaidh eintitis
phróiseála na rialacha gnó lena gcuirtear srian le hidir‑inoibritheacht
le heintitis phróiseála eile laistigh den Aontas ná ní chuirfidh siad i
bhfeidhm iad. Airteagal 8
Comhlipéadú agus rogha maidir le feidhmchláir íocaíochta 1. Beidh toirmeasc ar aon
rialacha scéimeanna agus aon rialacha i gcomhaontuithe ceadúnúcháin lena
gcuirtear bac nó cosc ar eisitheoir dhá bhranda éagsúla ionstraimí íocaíochta
nó níos mó a chomhlipéadú ar chárta, nó ar fheiste teileachumarsáide,
dhigiteach nó teicneolaíochta faisnéise. 2. Beidh
bonn cirt oibiachtúil le haon éagsúlacht sa chaoi a gcaitear le heisitheoirí nó
faighteoirí i rialacha scéimeanna agus rialacha maidir le comhaontuithe
ceadúnúcháin i ndáil le comhlipéadú ar chárta nó ar fheiste teileachumarsáide,
dhigiteach nó teicneolaíochta faisnéise agus ní bheidh aon idirdhealú i gceist.
3. Ní
fhorchuirfear le scéimeanna cártaí íocaíochta ceanglais maidir le tuairisciú,
oibleagáidí maidir le táillí a íoc nó oibleagáidí eile a bhfuil an aidhm nó an
éifeacht chéanna leo maidir le cártaí a eisiúint agus soláthraithe seirbhíse
íocaíochta a fháil d'idirbhearta a dhéantar ar aon fheiste ar a bhfuil a
mbranda i ndáil le hidirbhearta nach n‑úsáidtear a scéim lena n‑aghaidh.
4. Maidir
le haon phrionsabail ródúcháin a bhfuil sé mar aidhm leo idirbhearta a threorú
trí bhealach nó próiseas sonrach agus caighdeáin agus ceanglais theicniúla agus
slándála eile i ndáil le níos mó ná branda cárta íocaíochta amháin a láimhseáil
ar chárta nó ar fheiste teileachumarsáide, ar fheiste dhigiteach nó ar fheiste
teicneolaíochta faisnéise, beidh siad neamh‑idirdhealaitheach agus
cuirfear i bhfeidhm iad ar bhealach neamh‑idirdhealaitheach. 5. I
gcás ina dtugtar rogha le feiste íocaíochta idir bhrandaí éagsúla ionstraimí
íocaíochta, is é an t‑íocóir ag an díolphointe a chinnfidh an branda atá
le cur leis an idirbheart íocaíochta tráth na heisiúna. 6. Maidir
le scéimeanna cártaí íocaíochta, eisitheoirí, faighteoirí agus soláthraithe
bonneagair do láimhseáil cártaí íocaíochta, ní chuirfidh siad isteach sásraí
uathoibríocha, bogearraí ná feistí san ionstraim íocaíochta ná sa trealamh a
chuirtear i bhfeidhm ag an díolphointe lena gcuirtear teorainn le rogha
feidhmchláir an íocóra agus é ag úsáid ionstraime íocaíochta comhlipéadaithe. Airteagal 9
Díchumasc 1. Tairgfidh
faighteoirí d'íocaithe agus gearrfaidh siad orthu muirir seirbhíse ceannaí ar
leith atá sonraithe maidir le catagóirí éagsúla agus brandaí éagsúla cártaí
íocaíochta murab é go n‑iarrann ceannaithe ar sholáthraithe seirbhíse
íocaíochta fála i scríbhinn muirir seirbhíse ceannaí chumaisc a ghearradh. 2. San áireamh i gcomhaontuithe
idir soláthraithe seirbhíse íocaíochta fála agus íocaithe beidh faisnéis ar
leith atá sonraithe maidir le méid na muirear seirbhíse ceannaí, na dtáillí
idirmhalartaithe agus na dtáillí scéime is infheidhme i ndáil le gach catagóir
agus gach branda cártaí íocaíochta. Airteagal 10
Rialacha maidir le Glacadh le Gach Cárta 1. Ní
chuirfidh scéimeanna íocaíochta agus soláthraithe seirbhíse íocaíochta aon
riail i bhfeidhm a d'fhéadfadh oibleagáid a chur ar íocaithe a ghlacann le
cártaí agus ionstraimí íocaíochta eile arna n‑eisiúint ag aon soláthraí
seirbhíse íocaíochta eisiúna amháin faoi chreat scéime ionstraimí íocaíochta
glacadh le hionstraimí íocaíochta eile freisin den bhranda céanna agus/nó as an
gcatagóir chéanna arna n‑eisiúint ag soláthraithe seirbhíse íocaíochta
eisiúna eile laistigh de chreat na scéime céanna, murab é gur faoi réir na
táille idirmhalartaithe rialáilte céanna atá siad. 2. Tá an srian leis na rialacha
maidir le Glacadh le Gach Cárta dá dtagraítear i mír 1 gan dochar do
scéimeanna íocaíochtaí agus soláthraithe seirbhíse íocaíochta a d'fhéadfadh
foráil a dhéanamh nach bhféadfar cártaí áirithe a dhiúltú ar bhonn chéannacht
an tsoláthraí seirbhíse íocaíochta eisiúna nó ar bhonn chéannacht shealbhóir an
chárta. 3. Ceannaithe
a chinneann gan glacadh le gach cárta nó ionstraimí íocaíochta eile ó scéim
cártaí íocaíochta, cuirfidh siad tomhaltóirí ar an eolas ar bhealach soiléir
agus aonchiallach an tráth céanna a chuirfidh siad an tomhaltóir ar an eolas
faoi ghlacadh le cártaí eile agus ionstraimí íocaíochta de chuid na scéime.
Beidh an fhaisnéis sin ar taispeáint in áit fheiceálach ag bealach isteach an
tsiopa, ag an scipéad airgid nó ar an suíomh gréasáin nó ar mheán eile
leictreonach nó soghluaiste is infheidhme, agus tabharfar an fhaisnéis sin don
tomhaltóir go tráthúil sula ndéanfaidh sé comhaontú ceannacháin leis an íocaí. 4. Áiritheoidh
soláthraithe seirbhíse íocaíochta eisiúna gur féidir a n‑ionstraimí
íocaíochta a aithint ar bhealach sofheicthe agus leictreonach, ionas gur féidir
le híocaithe a aithint go soiléir cé na brandaí agus na catagóirí cártaí
réamhíoctha, dochair, creidmheasa nó tráchtála nó íocaíochtaí le cárta atá
bunaithe orthu sin a roghnaíonn an t‑íocóir. Airteagal 11
Rialacha maidir le stiúradh 1. Beidh
toirmeasc ar aon riail i gcomhaontuithe ceadúnúcháin, rialacha scéime arna gcur
i bhfeidhm ag scéimeanna cártaí íocaíochta agus i gcomhaontuithe idir
soláthraithe seirbhíse íocaíochta fála agus íocaithe ina gcuirtear cosc ar
íocaithe custaiméirí a stiúradh i dtreo aon ionstraim íocaíochta a úsáid is
rogha leis an íocaí. Cumhdófar sa chosc sin aon riail lena gcuirtear cosc ar
íocaithe fabhar a dhéanamh d’fheistí íocaíochta scéime ar leith. 2. Beidh toirmeasc ar aon riail
i gcomhaontuithe ceadúnúcháin, rialacha scéime arna gcur i bhfeidhm ag
scéimeanna cártaí íocaíochta agus i gcomhaontuithe idir soláthraithe seirbhíse
íocaíochta fála agus íocaithe ina gcuirtear cosc ar íocaithe íocóirí a chur ar
an eolas faoi tháillí idirmhalartaithe agus muirir seirbhíse ceannaí. 3. Tá
mír 1 agus mír 2 gan dochar do na rialacha maidir le muirir,
laghduithe nó stiúradh eile atá leagtha amach in Airteagal 55 de thogra
COM (2013)547 agus in Airteagal 19 de Threoir 2011/83/AE[21]. Airteagal 12
Faisnéis a thabhairt don íocaí faoi idirbhearta íocaíochta aonair 1. Tar
éis idirbheart íocaíochta aonair a dhéanamh, tabharfaidh soláthraí seirbhíse
íocaíochta an íocaí an fhaisnéis seo a leanas don íocaí: (a)
an tagairt lenar féidir leis an íocaí an t‑idirbheart
íocaíochta a shainaithint; (b)
méid an idirbhirt íocaíochta san airgeadra ina
gcuirtear suim de shochar cuntas íocaíochta an íocaí; (c)
méid aon mhuirear ar an idirbheart íocaíochta, agus
méid na táille idirmhalartaithe á chur in iúl go leithleach. Le réamhthoiliú sainráite an íocaí féadfar an
fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chomhiomlánú le branda,
feidhmchlár, catagóirí ionstraime íocaíochta agus rátaí na dtáillí
idirmhalartaithe is infheidhme maidir leis an idirbheart. 2. Féadfar
foráil a áireamh sna conarthaí idir faighteoirí agus íocaithe go dtabharfar an
fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1, nó go gcuirfear ar
fáil í, ar bhonn tréimhsiúil, uair sa mhí ar a laghad, agus ar bhealach
comhaontaithe ionas gur féidir le híocaithe faisnéis a stóráil agus a
atáirgeadh gan athrú. Caibidil IV Forálacha críochnaitheacha Airteagal 13
Údaráis inniúla 1. Ainmneoidh na Ballstáit
údaráis inniúla a mbeidh sé de chumhacht acu forfheidhmiú an Rialacháin seo a
áirithiú agus dá dtabharfaidh cumhachtaí imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin. 2. Féadfaidh na Ballstáit
comhlachtaí atá ann cheana a ainmniú chun gníomhú mar údaráis inniúla. 3. Féadfaidh na Ballstáit
údaráis inniúla éagsúla a ainmniú. 4. Tabharfaidh na Ballstáit
fógra don Choimisiún faoi na húdaráis inniúla sin laistigh de dhá mhí tar éis
theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan
mhoill faoi aon athrú dá éis sin maidir leis na húdaráis sin. 5. Beidh acmhainní
leordhóthanacha ag na húdaráis inniúla ainmnithe dá dtagraítear i mír 1 le
haghaidh a gcuid cúraimí a dhéanamh. 6. Cuirfidh na Ballstáit de
cheangal ar na húdaráis inniúla faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an
Rialacháin seo go héifeachtach agus gach beart is gá a dhéanamh chun an
comhlíonadh sin a áirithiú. 7. Áiritheoidh na Ballstáit go
mbeidh na hainmnithe dá dtagraítear i mír 1 faoi réir an chirt achomhairc. Airteagal 14
Smachtbhannaí 1. Leagfaidh
na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na smachtbhannaí is infheidhme maidir
le sáruithe ar an Rialachán seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a
áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad. Beidh na smachtbhannaí sin éifeachtach,
comhréireach agus athchomhairleach. 2. Tabharfaidh
na Ballstáit fógra faoi na forálacha sin don Choimisiún laistigh de dhá mhí tar
éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus tabharfaidh siad fógra gan mhoill
faoi aon leasú dá éis sin a dhéanann difear dóibh. Airteagal 15
Díospóidí a réiteach, nósanna imeachta maidir le gearáin agus sásamh lasmuigh
den chúirt 1. Bunóidh
na Ballstáit nósanna imeachta leordhóthanacha éifeachtacha maidir le gearáin
agus sásamh lasmuigh den chúirt chun díospóidí a thagann chun cinn faoin
Rialachán seo idir íocaithe agus a soláthraithe seirbhíse íocaíochta a
réiteach. Chun na gcríoch sin, ainmneoidh na Ballstáit comhlachtaí atá ann
cheana, más iomchuí, nó bunóidh siad comhlachtaí nua. 2. Tabharfaidh
na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na comhlachtaí sin laistigh de dhá
bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Tabharfaidh siad fógra
don Choimisiún gan mhoill faoi aon athrú dá éis sin maidir leis na comhlachtaí
sin. Airteagal 16 Clásal athbhreithnithe Ceithre bliana tar éis theacht i bhfeidhm an
Rialacháin seo, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa
agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Sa tuarascáil
ón gCoimisiún breathnófar go háirithe ar cé chomh hiomchuí atá leibhéil na
dtáillí idirmhalartaithe agus ar shásraí stiúrtha amhail muirir, agus úsáid
agus costas modhanna éagsúla íocaíochta agus an leibhéal ar a dtagann
gníomhaithe agus teicneolaíocht nua ar an margadh san áireamh. Airteagal 17
Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an
bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an
Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach
i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán [1] Féach mar shampla an togra úrnua
maidir le rochtain ar chuntais íocaíochta a bhfuil bunghnéithe acu (COM)2013)
266 final an 8 Bealtaine 2013. [2] http://eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=OJ:L:2007:319:0001:01:EN:HTML [3] Cúirt Ghinearálta 24 Bealtaine 2012,
Cás T 111/08, MasterCard and others vs Commission, nyr. [4] Cás COMP/34.579, MasterCard, Cinneadh ón gCoimisiún an 19
Nollaig 2007.
http://ec.europa.eu/competition/antitrust/cases/dec_docs/34579/34579_1889_2.pdf [5] Airteagal 80 den Acht Danmhargach maidir le Seirbhísí Íocaíochta agus
Airgead Leictreonach, Acht Comhdhlúthúcháin Uimh. 365 an 26 Aibreán 2011, http://www.finanstilsynet.dk/en/Regler-og-praksis/Translated-regulations/~/media/Regler-og-praksis/2012/C_Act365_2011_new.ashx. Leis
seo rialáiltear Muirir Seirbhíse Ceannaí (MSCanna) d'idirbhearta aghaidh ar
aghaidh agus táille bliantúil atá le híoc ag ceannaithe atá roinnte de réir 8
chatagóir éagsúil costais agus is í an Aireacht Gnóthaí Eacnamaíochta a
chinnfidh na méideanna. [6] https://www.gov.uk/government/consultations/opening-up-uk-payments [7] http://eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=CELEX:52011DC0941:EN:NOT [8] http://ec.europa.eu/internal_market/payments/docs/cim/gp_feedback_statement_en.pdf [9] http://www.europarl.europa.eu/sides/getDoc.do?pubRef=-//EP//TEXT+TA+P7-TA-2012-0426+0+DOC+XML+V0//EN [10] http://ec.europa.eu/internal_market/payments/docs/cim/gp_feedback_statement_en.pdf [11] COM (2013) 266 final [12] Féach Measúnú Tionchar lch. 208 [13] http://www.autoritedelaconcurrence.fr/user/standard.php?id_rub=418&id_article=1895 [14] OJ C , , lch. . [15] OJ C , , lch. . [16] Treoir 2007/64/CE ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le seirbhísí íocaíochta sa
mhargadh inmheánach lena leasaítear Treoracha 97/7/CE, 2002/65/CE, 2005/60/CE
agus 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 97/5/CE (IO L 319, 5.12.2007,
lch. 1). [17] Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus
ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le híocaíochtaí trasteorann sa
Chomhphobal agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001 (IO L 266,
9.10.2009, lch. 11). [18] Rialachán (AE) uimh. 260/2012 ó
pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear
ceanglais theicniúla agus ghnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar
díreach in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 (IO L 94,
30.3.2012, lch. 22). [19] Treoir 2011/83/AE an 25 Deireadh
Fómhair 2011 ó Pharlaimint ha hEorpa agus ón gComhairle maidir le cearta
tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE agus Treoir 1999/44/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir
85/577/CEE agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L
304, 22.11.2011, lch. 64). [20] An Iodáil, an Ungáir, an Pholainn
agus an Ríocht Aontaithe. [21] Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le
cearta tomhaltóirí...