EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52013PC0027

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 881/2004

/* COM/2013/027 final - 2013/0014 (COD) */

52013PC0027

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 881/2004 /* COM/2013/027 final - 2013/0014 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

1.1. Forbairtí nua beartais an AE i réimse an iarnróid.

Ina Pháipéar Bán 'Treochlár um Limistéar Iompair Eorpach Aonair – I dtreo córais iompair atá iomaíoch agus tíosach ar acmhainní', a glacadh 28 Marta 2011, (''An Páipéar Bán 2011'') inar leagadh amach fís an Choimisiúin de limistéar Eorpach aonair iarnróid, i.e. margadh inmheánach iarnróid ina bhféadfadh gnóthais iarnróid Eorpacha seirbhísí a sholáthar gan bacainní teicniúla ná riaracháin nach gá.

Sna conclúidí ón gComhairle Eorpach Eanáir 2012 leagtar béim freisin ar an tábhacht a bhaineann le hacmhainneacht cruthaithe fáis an Mhargaidh Aonair atá comhtháite ina iomláine a scaoileadh, i gcomhair tionscadal líonra agus tionscadal eile nach iad[1]. Ina theannta sin, leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún um Chobhsaíocht, Fás agus Poist a glacadh an 30 Bealtaine 2012[2], leagtar an‑bhéim ar an tábhacht a bhaineann leis an ualach rialála agus bacainní iontrála a laghdú tuilleadh san earnáil iarnróid, agus déantar moltaí a bhaineann go sonrach le tír faoi leith chun na críche sin. Agus ar an 6 Meitheamh 2012, ghlac an Coimisiún an Teachtaireacht maidir le rialachas an mhargaidh aonair a neartú, a chuireann béim freisin ar an tábhacht a bhaineann leis an earnáil iompair[3].

Le deich mbliana anuas, is mór go deo na hathruithe a tháinig ar mhargadh iarnróid an AE, athruithe a tugadh isteach de réir a chéile le trí 'phacáiste iarnróid' reachtacha (agus roinnt gníomhartha a ghabhann leo) a raibh sé mar chuspóir acu na margaidh náisiúnta a oscailt agus a dhéanamh níos iomaíche agus níos idir-inoibrithí ar leibhéal an AE, agus ardleibhéal sábháilteachta á chaomhnú. In ainneoin leibhéal suntasach forbartha dhlíthe an AE agus bearta eile (acquis an AE) lenar bunaíodh an margadh inmheánach i gcomhair seirbhísí iompair, is beag an borradh, áfach, atá tagtha ar sciar na n‑iarnród i dtaca le hiompar laistigh den AE. Dá bhrí sin, tá an Coimisiún tar éis an Ceathrú Pacáiste Iarnróid a chur ar aghaidh chun caighdeán agus éifeachtúlacht na seirbhísí iarnróid a fheabhsú trí na bacainní atá ann fós a dhíothú.

Tá an Rialachán seo mar chuid den Cheathrú Pacáiste Iarnróid ag díriú ar deireadh a chur leis na bacainní riaracháin agus teicniúla atá ann fós, go háirithe trí cur chuige coiteann maidir le rialacha sábháilteachta agus idir-inoibritheachta a bhunú chun barainneachtaí scála a mhéadú i dtaca le gnóthais iarnróid atá gníomhach ar fud an AE, costais riaracháin a ísliú agus dlús a chur faoi na nósanna imeachta riaracháin, chomh maith le hidirdhealú faoi cheilt a sheachaint, trí bhíthin Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh. Tá sé beartaithe an bun‑Rialachán bunaidh a athmhúnlú agus ceann nua a chur ina ionad, cúraimí tábhachtacha nua a thabhairt don Ghníomhaireacht chun Údarás Iarnróid Eorpach i bhfírinne a dhéanamh de i réimse na sábháilteachta agus na hidir-inoibritheachta.

1.2. Cén fáth a gcuirfí gníomh nua in ionad Rialachán (CE)Uimh. 881/2004 (arna leasú) atá ann cheana?

Maidir le hiarnróid Eorpacha agus an Ghníomhaireacht, tharla roinnt forbairtí ó 2004, nuair a dréachtadh an bun‑Rialachán bunaidh. Tá an fhianaise ag méadú faoi fheidhmiú mhargadh inmheánach iarnróid an AE, agus faoina idir‑inoibritheacht agus a ghnéithe sábháilteachta. Is é an toradh a bhí ar reachtaíocht nua a tugadh isteach gur leasaíodh an Rialachán Gníomhaireachta (2008) nó gur forbraíodh na cúraimí atá ar an ERA faoi láthair gan a Rialachán a athrú (e.g. Cinneadh 2011/155/AE).

Sa tuarascáil ar an measúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo, aithnítear roinnt beart a thabharfadh cumhachtaí nua don Ghníomhaireacht agus a chuíchóireodh na próisis atá ann cheana.

Thairis sin, ní foláir roinnt athruithe a thabhairt isteach chun feidhmiú na Gníomhaireachta a fheabhsú mar thoradh ar mheastóireacht ar Rialachán bunaidh an ERA agus ar an nGníomhaireacht (2009-2010) chomh maith leis na moltaí sa Chomhráiteas ón gCoimisiún, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaireachtaí díláraithe (2012) agus Páipéar Seasaimh an Bhoird Riaracháin maidir le todhchaí na Gníomhaireachta (2012). Baineann sé seo go háirithe le feabhas a chur ar an struchtúr inmheánach, rialachas agus cinnteoireacht na Gníomhaireachta, agus an caidreamh leis na geallsealbhóirí.

Beidh Rialacháin nua ina chabhair le struchtúr an ghnímh dhlíthiúil a shoiléiriú (e.g. trí Airteagail a bhaint agus an t‑uimhriú a cheartú) agus ciall níos fearr a chur leis (e.g. trí roinnt Airteagal a bhogadh go Caibidlí níos ábhartha, trí Chaibidlí nua a chruthú agus iadsan atá imithe i léig a scriosadh). Ar deireadh, tá na Treoracha maidir le Sábháilteacht agus Idir‑Inoibritheacht á leasú laistigh den phacáiste reachtach seo freisin agus tá dlúthbhaint acu le cúraimí an ERA, rud nach foláir a chur san áireamh san athmhúnlú seo.

Ar an mbonn sin, agus aird á tabhairt ar chomhairle na Seirbhíse Dlí, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Rialachán nua an ERA a thairiscint in ionad an bhun‑Rialachán Uimh. 881/2004. Tá roinnt athruithe maidir le Rialachán (CE) Uimh. 881/2004ar féidir iad a roinnt i dtrí chatagóir:

· Forálacha nua: cúraimí nua ar an nGníomhaireacht (údaruithe feithiclí a eisiúint lena gcur ar an margadh, údaruithe chun fochórais rialaithe-ordaithe agus comharthaíochta taobh riain a chur i mbun seirbhíse a eisiúint, chomh maith le deimhnithe um shábháilteacht), rialú aththreisithe ar údaráis naisiúnta, cumhachtaí breise maidir le rialacha naisiúnta, foinse nua do bhuiséad an ERA (táillí agus muirir), an Bord Achomhairc ; tá cuid de na forálacha – go háirithe sa chuid a bhaineann le heagrúchán inmheánach – mar thoradh ar an gCur Chuige Comhchoiteann i dtaca le gníomhaireachtaí an AE.

· Soiléiriú /simpliú na bhforálacha atá ann cheana: go háirithe maidir le modhanna oibre, an ERTMS, foireann iarnróid, cláir, cúraimí eile.

· Nuashonraí de bharr na forbartha a tháinig ar an gcreat reachtaíochta agus polaitiúla: forálacha maidir le struchtúr inmheánach agus feidhmiú, chomh maith le tagairtí do nósanna imeachta coiste.

· Athruithe eagarthóireachta maidir leis an mbun‑Rialachán.

1.3. Naisc idir an Rialachán seo agus na Treoracha maidir le Sábháilteacht agus Idir‑inoibritheacht

Tá Treoir 2008/57/CE (Treoir maidir le hIdir-inoibritheacht Iarnróid) agus Treoir 2004/49/CE (Treoir maidir le Sábháilteacht Iarnróid) dlúth‑tháite leis an mbun‑Rialachán (CE) Uimh. 881/2004. Sa Cheathrú Pacáiste Iarnróid, moltar na Treoracha seo a athmhúnlú; beidh dlúthnasc fós acu, áfach, leis an Rialachán seo. Is amhlaidh atá go príomha toisc go ngníomhaíonn an Ghníomhaireacht i réimsí na hidir‑inoibritheachta iarnróid agus na sábháilteachta dá dtugtar bunús dlí leis na treoracha sin.

Sa Rialachán seo, baineann na naisc go háirithe le:

– sonraíochtaí teicniúla idir‑inoibritheachta (STInna; an Treoir maidir le hIdir‑inoibritheacht), spriocanna sábháilteachta comhchoiteanna (SSCanna; An Treoir maidir le Sábháilteacht) agus modhanna sábháilteachta comhchoiteanna (MSCanna; An Treoir maidir le Sábháilteacht): tá an Ghníomhaireacht freagrach as moltaí a dhéanamh a nglacfaidh an Coimisiún leo, agus as tuairimí a eisiúint don Choimisiún maidir le gan STInna a chur i bhfeidhm;

– ''deimhnithe sábháilteachta'', tá an Ghníomhaireacht freagrach as iad a eisiúint, agus foráiltear don nós imeachta iomlán sa Treoir maidir le Sábháilteacht;

– ''cláir'', tá an Ghníomhaireacht freagrach as moltaí a dhéanamh don Choimisiún maidir le sonraíochtaí i gcomhair clár (dá dtagraítear sa Treoir maidir le hIdir‑inoibritheacht) agus a n‑athbhreithniú, agus as a áirthiú go bhfuil rochtain ag an bpobal orthu;

– údaruithe le haghaidh feithiclí iarnróid agus cineálacha feithiclí lena gcur ar an margadh agus údarú chun fochórais rialaithe-ordaithe agus comharthaíochta taobh riain a chur i mbun seirbhíse: tá an Ghníomhaireacht freagrach as iad a eisiúint, agus foráiltear don nós imeachta iomlán sa Treoir maidir le Sábháilteacht;

– feidhmchláir theileamaitice agus an Córas Eorpach Um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERTMS): is réimsí ar leith iad sin faoi rialú ag na STInna ábhartha arna nglacadh faoin Treoir maidir le hIdir-inoibritheacht áit a bhfuil ról tábhachtach ag an nGníomhaireacht mar údarás córais;

– comhlachtaí um measúnú comhréireachta dá dtugtar fógra : tá an Ghníomhaireacht freagrach as tacú lena ngníomhaíochtaí agus faireachán a dhéanamh orthu le linn dóibh a bheith á gcruthú agus cúraimí á dtabhairt dóibh faoi réir na Treorach maidir le hIdir‑inoibritheacht;

– údaráis náisiúnta sábháilteachta: tá an Ghníomhaireacht freagrach as tacú lena ngníomhaíochtaí agus faireachán a dhéanamh orthu le linn dóibh a bheith á gcruthú agus cúraimí á dtabhairt dóibh faoi réir na Treorach maidir le Sábháilteacht;

– rialacha iarnróid náisiúnta : tá an Ghníomhaireacht freagrach as scrúdú a dhéanamh orthu d'fhonn a líon a laghdú agus foráiltear dá bhfógra sna Treoracha maidir le Sábháilteacht agus Idir‑inoibritheacht.

2.           TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Tá seirbhísí an Choimisiúin tar éis forbairtí an Limistéir Eorpaigh Aonair Iarnróid a phlé le hionadaithe earnála ar bhonn leanúnach. In 2010-2011 rinne an Coimisiún meastóireacht ex post ar Rialachán (CE) Uimh. 881/2004 agus feidhmiú Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh[4]. Léirítear sa mheastóireacht seo, i dteannta na meastóireachta ginearálta ar Ghníomhaireachtaí an AE in 2009, an breisluach arna sholáthar ag an nGníomhaireacht agus go raibh tuairim dearfach den chuid is mó ag geallsealbhóirí maidir leis an ERA agus leis an aschur. Baineadh leas as an meastóireacht mar ionchur tábhachtach agus mar obair ullmhúcháin don phróiseas as a dtáinig an measúnú tionchair a bhí nasctha le hathbhreithniú an Rialacháin.

Rinne an Coimisiún Eorpach measúnú tionchair críochnúil chun tacú le tograí reachtacha d’fhonn feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar iomaíochas sa Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid i réimse na sábháilteachta agus na hidir-inoibritheachta. Cuireadh Grúpa Stiúrtha Measúnaithe Tionchair (GSMT) ar bun Meitheamh 2011 ar thug DG MOVE cuireadh do gach DG a bheith rannpháirteach ann.

Dhréachtaigh comhairleoir seachtrach staidéar tacaíochta um measúnú tionchair agus chuaigh i mbun comhairliúcháin spriocdhírithe leis na geallsealbhóirí. Cuireadh tús leis an gcomhairliúchán spriocdhírithe an 18 Samhain 2011 le suirbhé idirlín a tháinig chun deiridh an 30 Nollaig 2011. Ina dhiaidh sin reáchtáladh agallaimh leis na geallsealbhóirí ba thábhachtaí agus ceardlann do gheallsealbhóirí ag deireadh Feabhra 2012.

Ó shin i leith ghlac DG MOVE páirt i gcruinnithe déthaobhacha leis an earnáil chun a dtuairimí a mheas i dtaca leis an gCeathrú Pacáiste i réimse na hidir‑inoibritheachta agus na sábháilteachta .

I bhfianaise nádúr teicniúil an tionscnaimh, níor reáchtáladh aon chomhairliúchán poiblí. D'fhéach an Coimisiún chuige áfach go ndeachthas i gcomhairle le gach páirtí leasmhar in am trátha agus gur pléadh príomhghnéithe uile an tionscnaimh.

Bord um Measúnú Tionchair:

Tháinig an Bord um Measúnú Tionchair le chéile an 5 Meán Fómhair 2012 agus tugadh tuairim dearfa ina dhiaidh. Rinneadh príomh‑mholtaí an Bhoird a ionchorprú sa mheasúnú tionchair:

– cuireadh isteach tuilleadh staitisticí agus faisnéise ón gcomhairliúchán leis na geallsealbhóirí

– cuireadh isteach sineirgíochtaí le heilimintí eile den Cheathrú Pacáiste Iarnróid lena mbeifí ag súil agus rinneadh na hiarmhairtí indíreacha a shoiléiriú;

– rinneadh cur síos níos mionsonraithe agus níos soiléire ar na croíbhearta a bhain le roghanna 2-­5 araon agus an éagsúlacht eatarthu;

– rinneadh soiléiriú ar na modhanna a úsáideadh chun an tionchar a mheas agus míníodh níos fearr iad; léiríodh an loighic trí chrostagairt níos fearr;

– sonraíodh níos fearr an éagsúlacht idir na costais riaracháin a bhaineann le gníomhaithe eacnamaíocha (oibreoirí iarnróid) agus an costas ar na riaracháin phoiblí (údaráis náisiúnta, an ERA agus an Coimisiún).

Roghanna a sainaithníodh:

De bharr an scagtha a rinneadh ar bhearta aonair, tá an Coimisiún tar éis cúig rogha beartas a shainaithint (roghanna 2-6), seachas an cás bunlíne. Arna gceapadh, baineann roghanna 2-5 go príomha le leibhéal na hidirghníomhaíochta idir Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (ERA nó an Ghníomhaireacht) agus údaráis náisiúnta agus d'fhéadfaí aon cheann acu a úsáid chun dul i ngleic leis na trí chuspóir oibríochtúla. Is éard atá i Rogha 6 sraith beart cothrománach atá neamhspleách den chuid is mó ar na hidirghníomhaíochtaí idir an ERA agus údaráis náisiúnta agus ar bearta iad ar féidir a chur i dteannta aon cheann eile de na roghanna 2-5, agus súil leis go dtreiseofaí an mórthionchar deiridh.

Rogha 1: Cás bunlíne (ná déan faic) – ag leanúint sa treo atá leagtha amach faoi láthair don earnáil.

Rogha 2: Ról comhordúcháin níos mó ag an nGníomhaireacht chun cur chuige comhsheasmhach maidir le deimhniú gnóthas iarnróid agus údarú feithiclí a áirithiú.

Rogha 3: ERA mar ionad uileghnó, i gcás ina mbíonn an cinneadh deiridh fós maidir le deimhniú agus údarú ag na ÚNSanna (na hÚdaráis Náisiúnta Sábháilteachta) ach go ndéanann an ERA seiceálacha isteach agus amach ar iarratais agus ar na cinntí.

Rogha 4: Tá na hinniúlachtaí céanna ag an ERA agus ag na hÚdaráis Náisiúnta Sábháilteachta, nuair is faoin nGníomhaireacht atá an cinneadh deiridh maidir le deimhniú agus údarú.

Rogha 5: Glacfaidh an ERA chuici cúraimí na nÚdarás Náisiúnta Sábháilteachta maidir le deimhniú gnóthas iarnróid agus údarú feithiclí

Rogha 6: Bearta cothrománacha, lena n‑áirítear bearta eile reachtacha agus boga (thar na freagrachtaí a roinnt ar na húdaráis náisiúnta agus an ERA) a d'fhéadfaí a chur chun feidhme chun iomaíochas a fheabhsú san earnáil iarnróid, ar nós ról an ERA a fheabhsú i dtaca le heolas faoin iarnród a scaipeadh nó oiliúint nó bogadh ó rialacha teicniúla agus sábháilteachta náisiúnta go córas rialacha an AE ( trí rialacha ón ERA agus ó na hÚdaráis Náisiúnta Sábháilteachta nach bhfuil aon ghá leo a aithint agus ansin an ceangal a chur ar na húdaráis náisiúnta deireadh a chur leis na rialacha sin, mar aon le teorainn a chur leis an deis rialacha nua a ghlacadh)

Tionchar na roghanna: Measadh tionchar comhshaoil na roghanna uile a bheith dearfa bíodh is go raibh sé íseal. Measadh tionchar comhshaoil na roghanna uile a bheith dearfa bíodh is go raibh sé íseal.

Léirítear sa tábla thíos na sochair eacnamaíocha (éifeachtúlacht) agus líon na gcuspóirí bainte amach (éifeachtacht) i gcomhair roghanna comhcheangailte:

Rogha || Éifeachtúlacht. (Sochar Glan Iomlán EUR.m) || Éifeachtacht (líon na gcuspóirí bainte amach)

Roghanna 2+6: Tuilleadh 'Comhordúcháin' + beart cothrománach ag an ERA || 411 || 1

Roghanna 3+6: Ionad uileghnó + bearta cothrománacha ag an ERA || 461 || 2

Roghanna 4+6: Na hinniúlachtaí céanna an ERA agus ag na ÚNSanna + bearta cothrománacha || 497 || 3

Roghanna 5+6 Glacfaidh an ERA chuici gníomhaíochtaí na ÚNSanna maidir le húdarú & deimhniú +bearta cothrománacha || 476 || 3

Baineadh de thátal as an méid sin gurbh é Rogha 4 (comhcheangailte le rogha 6) rogha na tosaíochta ós rud é go dtugann sé an réimse torthaí is cothromaithe maidir leis an méid seo a leanas:

– an tionscal, i dtaca le costais agus spriocthreimhsí laghdaithe le haghaidh deimhniúchán sábháilteachta agus údarú feithiclí agus fochórais eile;

– an impleacht do bhuiséad an AE ó thaobh costais de;

– iarmhairtí costais ar institiúidí náisiúnta;

– a bheith i gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta

– dul i ngleic leis na fadhbanna aitheanta, agus

– na cuspóirí a bhaint amach.

Tugtar tuilleadh faisnéise ar an measúnú tionchair agus ar thorthaí chomhairliúcháin na ngeallsealbhóirí i ndoiciméid inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann le tograí reachtacha chun fáil réidh leis na bacainní riaracháin agus teicniúla i réimse na hidir-inoibritheachta agus na sábháilteachta ar mhargadh iarnróid an AE. Foilseofar é ar shuíomh gréasáin Ardrúnaíocht an Choimisiúin arna ghlacadh don ionstraim reachtaíochta seo.

3.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Sa roinn seo tugtar barúlacha ar phríomhfhorálacha Rialachán nua an ERA agus mínítear iad, nuair is gá i ndáil le leasuithe ar bhuntéacs Rialachán (CE) Uimh. 881/2004.

CAIBIDIL 1 PRIONSABAIL:

Airteagal 1: rinneadh athbhreithniú ar na cuspóirí chun cúraimí nua na Gníomhaireachta a léiriú agus bogadh iad chun na n‑aithrisí; in ionad sin tugtar ''ábhar agus raon feidhme'' ar mhaithe le soiléire.

Airteagal 2: bogadh stádas dlíthiúil anseo de réir mar ab iomchuí (Airteagal 22 roimhe seo).

Airteagal 3: leasaithe chun cineálacha nua gníomhartha na Gníomhaireachta a léiriú i gceart.

CAIBIDIL 2 MODHANNA OIBRE:

Cuireadh isteach caibidil nua lena gcumhdófar na saincheisteanna bhí i gcaibidlí eile ar dtús ach a bhaineann i gceart le modhanna a úsáideann an ERA chun a chuspóirí a bhaint amach.

Airteagal 4: Airteagal ''meithleacha'' athscríofa ar mhaithe le soiléire dhlíthiúil, go háirithe: an tagairt don AEIF atá imithe i léig anois agus gur féidir í a scriosadh; bogadh an bunAirteagal 24(4) anseo seachas an t‑Airteagal maidir le foireann an ERA; rialacha nós imeachta atá le glacadh ag an mBord.

Airteagal 7: ''measúnú tionchair'', sa bhuntéacs níor bhain an anailís chostais/sochair ach le sábháilteacht amháin (Airteagal 6(4)); ní ceart go mbeadh an cúram seo mar chuid d'aon ghníomhaíocht faoi leith de chuid na Gníomhaireachta, dá bhrí sin caitheadh na míreanna a bhogadh isteach i roinn ghinearálta, é a bheith infheidhme go ginearálta agus cúraimí soiléire a leagan amach; tá sé seo i gcomhréir le Páipéar Seasaimh an Bhoird maidir le todhchaí an ERA agus na prionsabail a bhaineann le bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí agus bainistiú de réir gníomhaíochtaí.

Airteagal 8: ''staidéir''; Airteagal 20 roimhe seo – bogtha toisc gurb ionann staidéir agus modh chun cuspóirí a bhaint amach agus toisc nach cúraimí iad iontu féin.

Airteagal 9: ''tuairimí'', Airteagal 10 roimhe seo maidir le Tuairimí Teicniúla; scriostar an focal 'teicniúil', i gcomhréir leis na treoracha; mír 2a(b) bainte amach toisc é a bheith imithe i léig; mír 3 ( bunmhír 2b) leasaithe chun an raon feidhme a leathnú (teoranta do Sonraíochtaí Teicniúla don Idir-inoibritheacht amháin roimhe seo, gan réasúnaíocht shoiléir).

Airteagal 10: ''cuairteanna ar Bhallstáit'', Airteagal 33 roimhe seo – bogtha chun na roinne seo toisc gurb ionann na cuairteanna agus modh chun cuspóirí na Gníomhaireachta a bhaint amach .

CAIBIDIL 3 CÚRAIMÍ A BHAINEANN LE SÁBHÁILTEACHT IARNRÓID:

Airteagal 11: ''tacaíocht theicniúil - sábháilteacht'', mionathruithe ag soiléiriú chúraimí na Gníomhaireachta.

Airteagal 12: ''deimhnithe sábháilteachta'', ról nua an ERA (ag eisiúint deimhnithe sábháilteachta), mar a beartaíodh sa tuarascáil ar an measúnú tionchair, i gcomhréir leis an Treoir leasaithe um Shábháilteacht.

Airteagal 13: ''cothabháil feithiclí'', Airteagal nua – fágtha ón mbunChaibidil 3a, simplithe agus bogtha go dtí roinn na sábháilteachta a measadh mar an áit ba ábhartha.

Airteagal 14: ''iompar earraí contúirteacha d'iarnród'', Airteagal nua, an obair atá ar siúl cheana féin ag an ERA i réimse iompair earraí contúirteacha d'iarnród a chur ar bhonn foirmiúil.

CAIBIDIL 4 CÚRAIMÍ A BHAINEANN LE hIDIR-INOIBRITHEACHT:

Airteagal 15: ''tacaíocht theicniúil – idir-inoibritheacht '', leasaithe beagáinín chun na hathruithe sa Treoir maidir le hIdir‑inoibritheacht (pointe b agus pointe c) a léiriú agus chun na cúraimí atá ar an ERA cheana a shoiléiriú.

Airteagal 16: ''údaruithe feithiclí'', Airteagal nua – lena gcumhdófar ról nua an ERA maidir le húdaruithe feithiclí a eisiúint lena gcur ar an margadh, mar a beartaíodh sa tuarascáil ar an measúnú tionchair, i gcomhréir leis an Treoir leasaithe maidir le hIdir-inoibritheacht.

Airteagal 17: ''údaruithe le haghaidh cineálacha feithiclí''; Airteagal nua – lena gcumhdófar ról nua an ERA maidir le húdaruithe a eisiúint lena gcur ar an margadh le haghaidh cineálacha feithiclí, i gcomhréir leis an Treoir leasaithe maidir le hIdir‑inoibritheacht.

Airteagal 18: ''údaruithe chun fochórais rialaithe-ordaithe agus comharthaíochta taobh riain a chur i mbun seirbhíse a eisiúint'', Airteagal nua – lena gcumhdófar ról nua an ERA maidir le húdarú trealaimh rialaithe-ordaithe agus comharthaíochta taobh riain; atá nasctha le ról an ERA mar údarás an chórais agus le hiarmhairtí an chúraim nua maidir le húdaruithe feithiclí lena gcur ar an margadh don Chóras Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERTMS) (lena áirthiú go bhfuil na húdaruithe sin lena gcur ar an margadh a eisíodh d'fheithiclí a bhfuil trealamh den ERTMS ar bord acu comhsheasmhach le córais taobh riain).

Airteagal 19: ''feidhmchláir theileamaitice'' Airteagal nua a cuireadh isteach chun an ról atá ag an ERA cheana a chur ar bhonn foirmiúil, de réir Feidhmchláir Teileamaitice do Phaisinéirí/Feidhmchláir Teileamaitice Lasta agus Sonraíochtaí Teicniúla don Idir‑inoibritheacht, agus i gcomhréir leis an tuarascáil ar an Measúnú Tionchair.

Airteagal 20: ''tacaíocht do na comhlachtaí um measúnú comhréireachta dá dtugtar fógra'', leasaithe – bogadh na forálacha i dtaca le faireachán an Choimisiúin ar chomhlachtaí dá dtugtar fógra go dtí an roinn nua faoi fhaireachán; is tacaíocht do chomhlachtaí dá dtugtar fógra atá sa chuid eile (Thug an Coimisiún cúraimí i ndáil le hArdrúnaíocht Theicniúil de chuid NB Rail (grúpa comhordaithe na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra) don Ghníomhaireacht amhail ón 20 Aibreán 2011 agus tá an ghníomhaíocht seo faoi lánseol cheana; ní mór é sin a shoiléiriú sa reachtaíocht).

CAIBIDIL 5 CÚRAIMÍ A BHAINEANN LE RIALACHA NÁISIÚNTA (curtha i ndiaidh na caibidle maidir le hidir-inoibritheacht)

Airteagail 21, 22 agus 23: ''rialacha náisiúnta'', airteagail nua a bhfuil an bunAirteagal 9a agus an bunAirteagal 9b iontu, arna leasú chun nósanna imeachta a chur ar aon dul leis na Treoracha maidir le Sábháilteacht agus Idir-inoibritheacht agus aird á tabhairt ar chumhachtaí leathnaithe an ERA maidir le rialacha naisiúnta a eascraíonn ón tuarascáil ar an measúnú tionchair agus ó dhréacht‑thuarascáil an Tascfhórsa maidir le Rialacha Náisiúnta Sábháilteachta; bainistiú ar bhunachar Teicneolaíochta Faisnéise arna thabhairt go soiléir don ERA, chun freagrachtaí measctha a bhí ann roimhe sin a shoiléiriú (An Coimisiún agus an ERA) agus chun na fadhbanna teicniúla, comhordúcháin agus úinéireachta a shárú.

CAIBIDIL 6 CÚRAIMÍ A BHAINEANN LEIS AN ERTMS (An Córas Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid: tá caibidil faoi leith nua dlite ag roinn an ERTMS.

Airteagail 24-28: ''cúraimí an ERTMS'' lena n‑ionchorpraítear bunAirteagal 21a, arna leasú chun freagrachtaí na Gníomhaireachta agus gníomhaithe eile maidir leis an ERTMS a shoiléiriú, chun imlonnú an ERTMS a fheabhsú, agus chun an obair atá ar siúl cheana sa réimse seo a léiriú; Airteagal 13(e) arna leasú i gcomhréir le réamh‑mheastóireacht an Choimisiúin ar cheithre bliana d'obair leantach theicniúil.

CAIBIDIL 7 CÚRAIMÍ A BHAINEANN LE FAIREACHÁN AR AN LIMISTÉIR EORPACH AONAIR IARNRÓID: caibidil nua –tá cúraimí éagsúla maidir le faireachán curtha le chéile in aon chaibidil amháin ar mhaithe le trédhearcacht agus soiléire níos fearr.

Airteagal 29: ''faireachán ar údaráis náisiúnta sábháilteachta'', Airteagal nua – cúram nua ar an ERA: rialú ar ÚNS, mar a beartaíodh sa tuarascáil ar an measúnú tionchair (agus sa mheastóireacht ar Rialachán an ERA).

Airteagal 30: ''faireachán ar chomhlachtaí dá dtugtar fógra'', Airteagal nua – cúram nua ar an ERA: rialú ar chomhlachtaí dá dtugtar fógra, mar a beartaíodh sa tuarascáil ar an measúnú tionchair.

Airteagal 31: ''faireachán ar dhul chun cinn na hidir-inoibritheachta agus na sábháilteachta''. cuid de bunaithe ar an mbunAirteagal 9 (míreanna nua 1 agus 2, agus soiléiriú déanta anois ar chúramaí an ERA maidir le faireachán sábháilteachta), ar an mbunAirteagal 14 ( míreanna nua 3 agus 4, le dhá thuarascáil ar leith maidir le hidir-inoibritheacht agus sábháilteacht tugtha le chéile in aon thuarascáil amháin); mír 5 – bunaithe ar Airteagal 21b (2a), i gcomhréir leis an tuarascáil ar an Measúnú Tionchair agus le meastóireacht ar Rialachán an ERA.

CAIBIDIL 8 CÚRAIMÍ EILE - caibidil nua ina dtugtar le chéile na caibidlí a bhíodh ann maidir le cláir, foireann iarnróid agus cúraimí eile:

Airteagal 32: ''foireann iarnróid'', tugtar le chéile bunAirteagail 16b, 16c agus 17 ar mhaithe le simpliú: tá roinnt cúraimí imithe i léig, déantar cur síos ar chuid eile i dTreoir 2007/59; arna leasú chun athbhrí agus athrá a sheachaint.

Airteagal 33: ''cláir'', tugtar le chéile bunAirteagail 18 agus 19, iad cothrom le dáta agus i gcomhréim leis an reachtaíocht.

Airteagal 34: ''líonraí údarás náisiúnta sábháilteachta, comhlachtaí imscrúdaithe agus comhlachtaí ionadaíocha'', cuid de roimhe seo i mbunAirteagal 6(5) agus Airteagal 9; cuireadh isteach líonra na gcomhlachtaí ionadaíocha (mír 2) chun struchtúr a chur ar chomhordú na ngeallsealbhóirí agus chun feabhas a chur air ar leibhéal na Gníomhaireachta; cuireadh isteach mír 3 chun struchtúr a chur ar chomhairliúchán leis na geallsealbhóirí uile agus chun feabhas a chur air, agus chun aschur de chaighdeán níos airde a bhaint amach ar deireadh ón nGníomhaireacht (ag teacht le meastóireacht Rialachán an ERA agus an Páipéar Seasaimh i dtaca le todhchaí an ERA).

Airteagal 35: ''cumarsáid agus scaipeadh'', Airteagal nua, agus cuid de ghníomhaíochtaí ón ERA atá ann cheana a chur ar bhonn foirmiúil agus ag eascairt ón tuarascáil ar an measúnú tionchair, meastóireacht Rialachán an ERA agus an Páipéar Seasaimh i dtaca le todhchaí an ERA.

Airteagal 36: ''taighde agus cur chun cinn na nuálaíochta'', Airteagal bunaidh agus taighde curtha leis, an obair atá ar siúl cheana féin ag an ERA a chur ar bhonn foirmiúil; i gcomhréir le Páipéar Seasaimh an Bhoird maidir le todhchaí an ERA.

Airteagal 37: ''cúnamh don Choimisiún'', arna mhionleasú.

Airteagal 38: ''cúnamh le measúnú ar thionscadail iarnróid'', Airteagal 15 ar dtús, raon feidhme arna leathnú le sábháilteacht a chumhdach.

Airteagal 39: ''cúnamh do Bhallstáit agus geallsealbhóirí'', Airteagal nua, i ndiaidh na tuarascála ar an measúnú tionchair (beart as Rogha 6) agus na torthaí ó mheastóireacht Rialachán an ERA.

Airteagal 40: ''caidreamh idirnáisiúnta''; Airteagal nua agus an obair atá ar siúl cuid mhaith cheana féin ag an ERA a chur ar bhonn foirmiúil; i gcomhréir leis an tuarascáil ar an measúnú tionchair agus le Páipéar Seasaimh an Bhoird maidir le todhchaí an ERA.

Airteagal 41: ''páirteanna spártha'' Airteagal nua – cúram nua i gcomhréir leis an tuarascáil ar an measúnú tionchair.

CAIBIDIL 9 EAGRÚ NA GNÍOMHAIREACHTA: arna dréachtadh go príomha chun an Comhráiteas ón gCoimisiún, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaireachtaí díláraithe agus an Cur Chuige Comhchoiteann (2012) a leanúint, go háirithe maidir le méadú inniúlachtaí an Bhoird Bainistíochta (an Bord Riaracháin roimhe sin); cruthú an Bhoird Feidhmiúcháin; clár oibre ilbhliantúil; forálacha caighdeánacha eile maidir le hAcmhainní Daonna agus ceisteanna búiséadacha.

Athruithe tábhachtacha eile:

Airteagal 48: ''cláir oibre bhliantúla agus ilbhliantúla'', Airteagal nua ar leith maidir le cláir oibre ar ceapadh é bheith úsáideach ar mhaithe le soiléire; i gcomhréir leis an gComhráiteas agus leis na moltaí ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, ó Pharlaimint na hEorpa, ó mheastóireacht Rialachán an ERA agus ó Pháipéar Seasaimh an Bhoird maidir le todhchaí an ERA (i gcomhthéacs ilbhliantúil, ABB agus ABM, an caidreamh leis na geallsealbhóirí).

Airteagail 51-57: ''Bord Achomhairc'', airteagail nua – tá gá le Bord Achomhairc tar éis méadú inniúlachtaí an ERA (údaruithe feithiclí lena gcur ar an margadh agus deimhnithe um shábháilteacht arna eisiúint); foráiltear sa tuarascáil ar an measúnú tionchair go mbunófar Bord Achomhairc neamhspleách lasmuigh den Ghníomhaireacht, is dealraitheach, áfach, go bhfuil an réiteach atá ann cheana féin ag an EASA (an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta) níos iomchuí bunaithe ar na forálacha ábhartha de Rialachán an EASA.

CAIBIDIL 10 FORÁLACHA AIRGEADAIS:

Airteagal 58(2): pointe nua (c) – foinsí nua d'ioncaim an ERA curtha isteach (táillí agus muirir seachtracha i dtaca le húdaruithe feithiclí lena gcur ar an margadh agus deimhnithe um shábháilteacht a eisiúint (cúraimí nua)); pointe nua (e) – lena thabhairt i gcomhréir le Rialachán an EASA

CAIBIDIL 11 FOIREANN: caibidil nua, ag leanúint forálacha caighdeánacha den chuid is mó a thagann as an gCur Chuige Coiteann i dtaca leis na gníomhaíochtaí (Airteagail 62 agus 63).

Airteagal 61: ''foireann'', Airteagal 24 ar dtús, arna leasú i gcomhréir leis an gComhráiteas i dtaca le gníomhaíochtaí, le meastóireacht Rialacháin an ERA agus le Páipéar Seasaimh Bhord an ERA maidir le Todhchaí na Gníomhaireachta; tá an teorannú ar chonradh uasmhéide a bhí ann roimhe seo scriosta.

CAIBIDIL 12 FORÁLACHA GINEARÁLTA:

Airteagal 64, Airteagail 66-68, Airteagail 70-72: arna mbogadh ó áiteanna eile sa bhun‑Rialachán, arna leasú más gá i gcomhréir leis an gComhráiteas i dtaca le gníomhaíochtaí.

Airteagal 65; ''comhaontú maidir le ceanncheathrú agus coinníollacha oibriúcháin'', Airteagal nua, i gcomhréir leis an gComhráiteas i dtaca le gníomhaíochtaí díláraithe(2012).

Airteagal 69: ''comhar leis na húdaráis náisiúnta agus leis na comhlachtaí'', airteagail nua ag éiri as cumhachtaí nua an ERA chun deimhnithe agus údaruithe a eisiúint; comhar leis na comhlachtaí náisiúnta agus leis na húdaráis i gcásanna áirithe a mheastar gá a bheith leis mar gheall ar a saineolas; an fhéidearthacht cuid de chúraimí an ERA a chur ar (fo)conradh.

CAIBIDIL 13 FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA: caibidil nua

Airteagail 73 agus 74: ''gníomhartha tarmligthe'', airteagail nua – a eascraíonn ó chumhachtaí nua an ERA (deimhnithe um shábháilteacht agus údaruithe feithiclí lena gcur ar an margadh agus a eisiúint, a hacmhainní féin aici), ní mór bearta tarmligthe a ghlacadh; is amhlaidh atá i gcás an EASA.

Airteagal 75: ''nós imeachta coiste'', Airteagal nua, arna dhéanamh chun gan bheith ag tagairt d'ionstraimí eile (Treoir maidir le hIdir-inoibritheacht).

Airteagal 76: ''meastóireacht agus athbhreithniú'', bunAirteagal leasaithe i gcomhréir leis an gComhráiteas maidir le gníomhaíochtaí.

AIRTEAGAIL A D'FHAN MAR A BHÍ SA RIALACHÁN (CE) UIMH. 881/2004:5,6,58,59,60.

4.           IMPLEACHT BHUISÉADACH

Foráiltear leis an Rialachán seo bonn reachtach i dtaca le gealltanais bhuiséadacha agus foirne maidir le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh. Tugtar na ríomhanna mionsonraithe san Iarscríbhinn, sa Ráiteas Airgeadais Reachtach.

Chomh fada is a bhaineann sé le soláthar foirne san ERA, tá sé tábhachtach a thaispeáint go ndéantar foráil san ionstraim seo maidir leis an méid seo a leanas:

1. ríomhanna ar acmhainní ó dhá Ráiteas Airgeadais Reachtacha a bhí ann roimhe ag gabháil leis an mbun‑Rialachán (CE) Uimh. 881/2004 agus leis an leasú ó 2008 a rinneadh air (Rialachán (CE) Uimh. 1335/2008), lenar foráladh d'fhoireann sealadach de 104 don ERA;

2. nósanna imeachta búiséadacha don tréimhse 2005- 2013 lenar thug an tÚdarás Buiséadach 39 post breise don ERA chun cúraimí eile nach léirítear sa Rialachán bunaidh a chumhdach, rud a d'fhág 143 postanna sealadacha ar fad in 2013;

3. tionchair acmhainní a mheastar a bhainfidh le cúraimí nua agus cumhachtaí breise an ERA sa Rialachán nua seo, socraithe ag 43 duine.

Maidir le pointe 2, tabhair do d'aire go bhfuil líon na bpost tar éis dul in airde de réir a chéile ó bunaíodh an ERA in 2005.Tá an t‑athrú seo faoi réir mionscrúdaithe a bhfuil glactha leis ag an údarás buiséadach gach bliain i gcomhréir le líon na bpost arna moladh ag an gCoimisiún. Is í príomhchúis na difríochta idir pointe 1 agus pointe 2 ná nach ndearnadh foráil sa Rialachán bunaidh maidir le roinnt mhaith feidhmeanna ná gníomhaíochtaí mar atá gnóthaí dlíthiúla, Oifigeach Cosanta Sonraí, Rúnaíocht don Bhord Riaracháin, iniúchadh inmheánach, pleanáil caighdeáin agus gnó, meastóireacht eacnamaíoch (measúnú tionchair), soláthar, bainistiú áiseanna, agus Ceann Riaracháin – nó ar a laghad níor ceapadh go mbeadh foireann speisialaithe ina mbun.

I réimsí áirithe gníomhaíochta, lena n‑áirítear Acmhainní Daonna, Faisnéis Teicneolaíochta agus Airgeadas, ba ró-íseal i bhfad a measadh riachtanais acmhainní. Maidir le meastóireacht eacnamaíoch, tá sé seo ann toisc gur bunaíodh an ERA chun cur le limistéar iarnróid comhtháite agus iomaíoch. Tá sé mar chuid lárnach de ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta ón tús – fiú mura ndearnadh foráil maidir le foireann speisialaithe sa ráiteas airgeadais. Is dobhréagnaithe é an gá atá leis an ngníomhaíocht seo agus tá borradh ag teacht air le déanaí i gcomhréir le cur chuige Bhunú an Bhuiséid de réir Gníomhaíochtaí; is léir é seo agus Airteagal nua beartaithe le háireamh i Rialachán nua na Gníomhaireachta.

I dteannta na bhforbairtí sin, le gníomhartha éagsúla ón gCoimisiún tá cúraimí breise ar an nGníomhaireacht a bhfuil impleachtaí acmhainní leo, rud nach léir ón ráiteas airgeadais. Cuir i gcás, le Cinneadh 2011/155/EU ón gCoimisiún maidir le foilsiú agus bainistiú an doiciméid tagartha dá dtagraítear in Airteagal 27(4) de Threoir 2008/57/CE tugadh cúraimí breise do Ghníomhaireacht maidir leis an bpróiséas agus na rialacha a ghabhann le húdarú feithiclí iarnróid agus fochórais a dhéanamh trédhearcach agus iad a shimpliú. Le bheith níos sonraí, baineann ról an ERA le doiciméadú ar na próisis údaraithe sna Ballstáit, doiciméadú ar rialacha náisiúnta a chuirtear i bhfeidhm ar údarú feithiclí iarnróid agus ar chomhsheasmhachtaí sonraí a sheiceáil, tacú leis na hÚdaráis Náisiúnta Sábháilteachta agus sonraí a bhainistiú agus a chothabháil.

Maidir le pointe 3, eascraíonn na himpleachtaí buiséadacha agus foirne i dtaca le cúraimí nua agus leathnaithe go príomha ó ríomhanna ón measúnú tionchair, cur chun feidhme na moltaí sa Chomhráiteas ón gCoimisiún, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaireachtaí díláraithe, ó mholtaí na Cúirte Iniúchóirí agus na Seirbhíse Iniúchta Inmheánaí, agus ó mheastóireacht ar Rialachán an ERA. Mínítear na hathruithe uile sa reachtaíocht go cuimsitheach i gcuid 3 den Mheabhrán seo. Meastar go bhfuil gá leis an 70 duine chun déileáil leis na cúraimí nua agus leathnaithe sin, le 43 ball foirne breise anuas ar leibhéal reatha foirne sa Ghníomhaireacht. Beidh an 43 duine nua seo ag déileáil le húdaruithe agus deimhnithe a eisiúint agus cumhdófar iad le táillí seachtracha agus le muirir, cumhdófar riachtanais na 27 dhuine eile trí ath‑imlonnú inmheánach fhoireann na Gníomhaireachta atá ann cheana. Dá bhrí sin, ní bheidh aon tionchar breise ar bhuiséad an AE ( cé is moite de 2015 agus 2016, nuair nach mbeidh táillí seachtracha ná muirir fós ar fáil).

Chumhdódh an 43 duine breise atá beartaithe na catagóirí seo a leanas:

· Saineolaithe teicniúla (41 duine), chun déileáil le húdaruithe a eisiúint le haghaidh feithiclí a chur ar an margadh agus le haghaidh cineálacha feithiclí (30), údaruithe le haghaidh fochórais rialaithe-ordaithe agus chomharthaíochta taobh riain a chur i mbun seirbhíse (6) agus deimhnithe sábháilteachta (5);

· Foireann riaracháin nasctha (2), lena n‑áirítear cuntasóir chun déileáil le córas pleanáilte de tháillí seachtracha agus de mhuirir a bhainistiú, lena n‑áirítear comhar le húdaráis náisiúnta.

Chumhdódh na táillí seachtracha agus na muirir na forchostais nasctha, go príomha:

· Cinntí arna n‑eisiúint ag an ERA a aistriú go na teangacha náisiúnta;

· Córas TF is gá i gcomhair gnó cuntasaíochta ( táillí seachtracha agus muirir).

Bheadh na 27 dhuine eile, a chumhdófar le hath‑imlonnú inmheánach fhoireann na Gníomhaireachta atá ann cheana, ag déileáil le:

· Faireachán ar údaráis náisiúnta sábháilteachta agus ar chomhlachtaí a dtugtar fógra dóibh, agus ar chur chun feidhme reachtaíochta náisiúnta sábháilteachta agus idir‑inoibritheachta;

· Laghdú ar líon na rialacha náisiúnta;

· Comhairle agus tacaíocht do Bhallstáit agus do gheallsealbhóirí, faisnéis a bhaineann le hiarnróid agus oiliúint a scaipeadh agus comhordú ar pháirteanna spártha a d'fhéadfadh bheith ann a chaighdeánú .

Meastar gurb é EUR 157.113 milliún an impleacht bhuiséadach a bheidh ar an ERA i mbuiséad 2015 - 2020 an AE. Beidh costas EUR 0 4114 milliún ar na cúraimí nua ar bhuiséad an AE toisc go gcumhdófar iad le táillí agus le muirir a íocfaidh an tionscal ó 2017 ar aghaidh.

Tá tionchar ar acmhainní an Choimisiúin freisin (in DG MOVE). Maidir leis sin, ionchorpraítear sa Rialachán seo:

4. ríomhanna ar acmhainní ó dhá Ráiteas Airgeadais Reachtacha a bhí ann roimhe ag gabháil leis an mbun‑Rialachán 881/2004 agus leis an leasú ó 2008 a rinneadh air (Rialachán (CE) Uimh. 1335/2008), lenar foráladh d'fhoireann sealadach de bheirt oifigeach/ ball foirne shealadacha don Choimisiún;

5. athruithe don tréimhse 2005 – 2013, le triúr ball foirne breise d'fhoireann an Choimisiúin ag déileáil le ceisteanna a bhaineann leis an ERA, le cúraimí breise a chumhdach nár léiríodh sa Rialachán bunaidh.

Is é 5 dhuine an móriomlán don Choimisiún a bhaineann leis an tionscnamh seo, níor iarradh aon fhoireann bhreise.

2013/0014 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh

agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 881/2004

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[5],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[6],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Chun limistéar iarnróid Eorpach gan teorainneacha a bhunú de réir a chéile tá gá le gníomhaíocht an Aontais i réimse na rialachán teicniúla is infheidhme i leith iarnróid maidir leis na gnéithe teicniúla (idir-inoibritheacht) agus na gnéithe sábháilteachta, toisc dlúthbhaint a bheith acu lena chéile agus toisc go bhfuil leibhéal comhchuibhithe níos airde de dhíth ar leibhéal an Aontais ina leith. Glacadh reachtaíocht ábhartha iarnróid, go háirithe trí phacáiste iarnróid, le fiche bliain anuas, agus is iad Treoir 2004/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sábháilteacht ar iarnróid an Chomhphobail agus Treoir 2008/57/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Chomhphobal na cinn is ábhartha.

(2)       Is gá obair shuntasach theicniúil a dhéanamh chun na spriocanna maidir le sábháilteacht iarnróid agus idir-inoibritheacht a bhaint amach i gcomhthráth, agus is gá comhlacht speisialaithe a bheith i gceannas uirthi. Sin an fáth go raibh sé riachtanach, mar chuid den Dara Pacáiste Iarnróid in 2004, gníomhaireacht Eorpach a bheadh freagrach as sábháilteacht iarnróid agus idir inoibritheacht (dá ngairfear an Ghníomhaireacht anseo feasta) a chruthú laistigh den chreat institiúideach atá ann faoi láthair, agus le meas ar chothromaíocht na cumhachta san Aontas

(3)       Bunaíodh an Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid i dtosach le Rialachán (CE) Uimh. 881/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004[7], ar mhaithe le bunú limistéar iarnróid Eorpach gan teorainneacha a chur chun cinn agus le cabhrú chun an earnáil iarnróid a athbheochan agus na buntáistí ríthábhachtacha atá aici ó thaobh na sábháilteachta de a atreisiú. Is gá ionstraim nua a chur in ionad Rialachán 881/2004 mar thoradh ar an líon suntasach athruithe ar chúraimí na Gníomhaireachta agus ar a heagrú inmheánach.

(4)       Beartaítear athruithe tábhachtacha sa Cheathrú Pacáiste Iarnróid chun feidhmiú an limistéir Aonair Eorpaigh a fheabhsú trí leasuithe trí bhíthin athmhúnlaithe ar an Treoir 2004/49/CE agus ar an Treoir 2008/57/CE, an péire acu nasctha go díreach le cúraimí na Gníomhaireachta. Déantar foráil sna Treoracha sin, in éineacht leis an Rialachán seo, go háirithe maidir le cúraimí a dhéanamh a bhaineann le húdaruithe feithiclí agus deimhnithe sábháilteachta a eisiúint ar leibhéal an Aontais. Tuigtear leo go mbeidh ról níos mó ag an nGníomhaireacht.

(5)       Ba cheart go rannchuideodh an Ghníomhaireacht le Limistéar Aonair Iarnróid Eorpach gan teorainneacha a chruthú agus a fheidhmiú go héifeachtach agus leibhéal ard sábháilteachta a ráthú agus seasamh na hearnála iarnróid maidir le hiomaíocht a fheabhsú freisin. Ba cheart é sin a bhaint amach trí rannchuidiú, ar ábhair theicniúla, le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme trí leibhéal idir-inoibritheachta na gcóras iarnróid a fheabhsú agus trí chur chuige comhchoiteann a fhorbairt maidir le sábháilteacht ar an gcóras iarnróid Eorpach. Ba cheart don Ghníomhaireacht ról a chomhlíonadh freisin mar údarás Eorpach atá freagrach as údaruithe feithiclí iarnróid lena gcur ar an margadh agus as cineálacha feithiclí, deimhnithe um shábháilteacht do ghnóthais iarnróid agus údaruithe chun fochórais rialaithe-ordaithe agus comharthaíochta taobh riain a chur i mbun seirbhíse a eisiúint. Ina theannta sin, ba cheart di faireachán a dhéanamh ar rialacha iarnróid náisiúnta agus ar fheidhmíocht na n‑údarás náisiúnta atá ag feidhmiú sna réimsí idir-inoibritheachta agus sábháilteachta iarnróid.

(6)       Agus a cuspóirí á gcur i gcrích aici, ba cheart don Ghníomhaireacht próiseas méadaithe an Aontais a thógáil san áireamh go hiomlán chomh maith leis na bacainní ar leith a bhaineann le naisc iarnróid le tríú tíortha. Ba cheart nach mbeadh freagracht ach ag an nGníomhaireacht amháin as na feidhmeanna agus na cumhachtaí a shanntar di.

(7)       Ba cheart don Ghníomhaireacht, agus a cúraimí á gcomhlíonadh aici, agus go háirithe maidir le moltaí a dhréachtadh, saineolas seachtrach iarnróid a thógáil san áireamh a mhéad is féidir. Ba cheart don shaineolas seo a bheith comhdhéanta den chuid is mó de ghairmithe ón earnáil iarnróid agus ó údaráis náisiúnta ábhartha. Ba cheart dóibh meithleacha inniúla ionadaíocha de chuid na Gníomhaireachta a dhéanamh.

(8)       Ar mhaithe le léargas a thabhairt ar na hiarmhairtí eacnamaíocha ar an earnáil iarnróid agus a thionchar ar an sochaí, agus le cur ar chumas daoine eile cinntí eolasacha a dhéanamh, agus chun tosaíochtaí oibre agus leithdháilúcháin acmhainní a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtaí laistigh den Ghníomhaireacht, ba cheart don Ghníomhaireacht forbairt bhreise a dhéanamh ar a rannpháirtíocht sna gníomhaíochtaí measúnaithe tionchair.

(9)       Ba cheart don Ghníomhaireacht tacaíocht theicniúil neamhspleách oibiachtúil a sholáthar, don Choimisiún den chuid is mó. Tugtar bonn sa Treoir .... [Idir- inoibritheacht Iarnróid] maidir le Sonraíochtaí Teicniúla Idir-inoibritheachta (STInna) a dhréachtú agus a leasú agus tugtar bonn sa Treoir ... [Sábháilteacht Iarnróid] maidir le Modhanna Sábháilteachta Comhchoiteanna (MSCanna) agus Spriocanna Sábháilteachta Comhchoiteanna (SSCanna) a dhréachtú agus a leasú. Tá buanchreat teicniúil agus foireann thiomnaithe de chuid comhlachta speisialaithe de dhíth ar mhaithe le leanúnachas na hoibre agus forbairt na STInna, MSCanna agus SSCanna le himeacht ama. Chuige seo, ba cheart don Ghníomhaireacht bheith freagrach as moltaí a sholáthar don Choimisiún maidir le STInna, MSCanna agus SSCanna a dhréachtú agus a leasú. Ba cheart go mbeadh an fhéidearthacht chéanna ag na heagraíochtaí sábháilteachta náisiúnta agus ag na comhlachtaí rialála tuairim neamhspleách theicniúil a iarraidh ón nGníomhaireacht.

(10)     Bhíodh fadhbanna éagsúla roimh gnóthais iarnróid agus iad ag déanamh iarratais ar dheimhnithe slándála le húdaráis inniúla náisiúnta, ó nósanna imeachta fada agus costais iomarcacha go caitheamh neamhchothrom, go háirithe i gcás iontrálaithe nua. Níor aithníodh na deimhnithe a eisíodh i mBallstát amháin gan choinníoll i mBallstát eile, chun dochair don limistéar Aonair iarnróid Eorpach. Chun go mbeidh na nósanna imeachta maidir le deimhnithe sábháilteachta a eisiúint le gnóthais iarnróid níos éifeachtaí agus neamhchlaonta, tá sé riachtanach ascnamh i dtreo deimhniú sábháilteachta aonair a bheidh bailí ar fud an Aontais agus a eiseoidh an Ghníomhaireacht. Tugtar bonn chun an méid sin a dhéanamh sa Treoir … [An Treoir um Shábháilteacht Iarnróid] leasaithe.

(11)     Faoi láthair déantar foráil i dTreoir 2008/57/CE, i gcás feithiclí iarnróid, maidir le húdarú maidir le cur i mbun seirbhíse i ngach Ballstát, ach amháin i gcásanna sonracha. Phléigh an Tascfhórsa maidir le húdarú feithiclí a bhunaigh an Coimisiún in 2011 roinnt cásanna inar fhulaing monaróirí agus gnóthais iarnróid de thoradh ar rófhad agus róchostas an phróisis údaraithe agus mhol sé roinnt feabhsuithe. De bharr go n‑eascraíonn roinnt de na fadhbanna as castacht an phróisis údaraithe feithiclí atá ann faoi láthair, ba cheart é a shimpliú. Níor cheart go bhfaigheadh aon fheithicil iarnróid ach údarú amháin agus ba cheart go n‑eiseodh an Ghníomhaireacht an t údarú seo chun feithiclí a chur ar an margadh agus do chineálacha feithiclí. Bheadh leasanna inláimhsithe ann dá bharr don earnáil trí chostais agus am an nós imeachta a laghdú, agus mhaolódh sé an baol féideartha idirdhealaithe, go háirithe i gcás cuideachtaí nua ar mian leo dul isteach i margadh iarnróid. Tugtar bonn chun an méid sin a dhéanamh sa Treoir … [Idir-inoibritheacht Iarnróid] leasaithe.

(12)     Ar mhaithe le forbairt bhreise a dhéanamh ar an limistéar Aonair iarnróid Eorpach, go háirithe maidir le faisnéis iomchuí a sholáthar do chustaiméirí lastais agus do phaisinéirí, agus ag cur rannpháirtíocht reatha na Gníomhaireachta san áireamh, tá sé riachtanach ról treisithe a thabhairt di i réimse na bhfeidhmchlár teileamaitice. D’áiritheodh sé seo go ndéanfaí forbairt chomhleanúnach orthu agus go ndéanfaí iad a imlonnú go tapa.

(13)     I bhfianaise chomh tábhachtach agus atá an Córas Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERTMS) chun forbairt rianúil a dhéanamh ar an limistéar Aonair iarnróid Eorpach agus dá shábháilteacht, agus ag cur san áireamh na forbartha ilroinnte a rinneadh air go dtí seo, tá sé riachtanach an comhordú foriomlán a dhéantar air ar leibhéal an Aontais a neartú. Dá bhrí sin, ba cheart ról níos lárnaí a bheith ag an nGníomhaireacht, ag feidhmiú mar chomhlacht is inniúla an Aontais, sa réimse seo lena n‑áirithiú go ndéanfar forbairt chomhsheasmhach ar an ERMTS, rannchuidiú lena n áirithiú go gcomhlíonann trealamh an ERMTS sonraíochtaí atá i bhfeidhm agus lena áirithiú go ndéanfar comhordú ar chláir thaighde Eorpacha a bhaineann leis an ERMTS le forbairt shonraíochtaí teicniúla an ERMTS. Ina theannta sin, chun go mbeidh na nósanna imeachta maidir le húdaruithe chun fochórais rialaithe-ordaithe agus comharthaíochta taobh riain a eisiúint níos éifeachtaí agus neamhchlaonta, tá sé riachtanach ascnamh i dtreo údarú aonair a bheidh bailí san Aontais agus a eiseoidh an Ghníomhaireacht. Tugtar bonn chun an méid sin a dhéanamh sa Treoir … [An Treoir maidir le hIdir-inoibritheacht Iarnróid] leasaithe.

(14)     Bhíodh údaráis inniúla náisiúnta ag gearradh táille go hiondúil as údaruithe feithiclí agus deimhnithe sábháilteachta a eisiúint. Agus an inniúlacht á haistriú chuig leibhéal an Aontais, ba cheart go mbeadh an Ghníomhaireacht i dteideal táille a ghearradh as na deimhnithe agus na húdaruithe atá luaite sna haithrisí roimhe seo a eisiúint. Ba cheart go mbeadh leibhéal na muirear sin cothrom le nó níos ísle ná an meán reatha san Aontas agus ba cheart é a chinneadh i ngníomh tarmligthe a ghlacfaidh an Coimisiún.

(15)     Is cuspóir ginearálta é gur cheart aistriú feidhmeanna agus cúraimí ó na Ballstáit chuig an nGníomhaireacht a dhéanamh go héifeachtúil, gan aon laghdú ar na leibhéil ard shábháilteachta atá ann faoi láthair. Ba cheart go mbeadh acmhainní leormhaithe ag an Ghníomhaireacht dá cúraimí nua, agus ba cheart go mbunófaí uainiú leithdháileadh na n‑acmhainní sin ar riachtanais atá sainithe go soiléir. Ag tógáil fios gnó na n‑údarás náisiúnta san áireamh, go háirithe na hÚdaráis Náisiúnta Sábháilteachta, ba cheart an Ghníomhaireacht in ann úsáid oiriúnach a bhaint as an saineolas sin agus na húdaruithe agus deimhnithe ábhartha á mbronnadh. Chuige seo, ba cheart saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht chuig an nGníomhaireacht a spreagadh.

(16)     Déantar foráil sa Treoir … [Sábháilteacht Iarnróid] agus sa Treoir … [Idir-inoibritheacht Iarnróid] maidir le scrúdú a dhéanamh ar bhearta náisiúnta ó thaobh sábháilteachta agus idir-inoibritheachta de, agus ó thaobh comhoiriúnachta le rialacha iomaíochta de. Cuireann siad teorainn freisin leis an deis atá ag Ballstáit rialacha náisiúnta nua a ghlacadh. Tá coinbhleachtaí féideartha ann le rialacha an Aontais de thoradh ar an gcóras reatha ina bhfuil líon mór rialacha náisiúnta fós ann agus cruthaíonn sé baol go mbeadh trédhearcacht neamhleor ann nó idirdhealú faoi cheilt ar oibreoirí eachtracha, go háirithe na cinn níos lú nó cinn nua. D'fhonn ascnamh i dtreo rialacha iarnróid atá trédhearcach neamhchlaonta i ndáiríre ar leibhéal an Aontais, is gá atreisiú a dhéanamh ar an laghdú de réir a chéile ar rialacha náisiúnta. Agus tá tuairim bunaithe ar shaineolas neamhspleách neodrach riachtanach ar leibhéal an Aontais. Chuige seo, is gá ról na Gníomhaireachta a neartú.

(17)     Tá nósanna imeachta feidhmíochta, eagrúcháin agus cinnteoireachta i réimse na hidir-inoibritheachta agus na sábháilteachta iarnróid an‑éagsúil i measc na n‑údarás sábháilteachta náisiúnta agus na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta a dtugtar fógra dóibh, rud a dhéanann dochar d'fheidhmiú rianúil an limistéir Aonair iarnróid Eorpaigh. Is féidir leis seo tionchar diúltach a bheith aige ar ghnóthais bheaga agus mheánmhéide ar mian leo dul isteach sa mhargadh iarnróid i mBallstát eile go háirithe. Dá bhrí sin, tá comhordú neartaithe riachtanach d'fhonn comhchuibhiú níos fearr a bhaint amach ar leibhéal an Aontais. Ba cheart don Ghníomhaireacht faireachán a dhéanamh ar na húdaráis sábháilteachta náisiúnta agus ar na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a dtugtar fógra dóibh trí bhíthin iniúchtaí agus cigireachtaí chuige seo.

(18)     I réimse na sábháilteachta, tá sé tábhachtach an leibhéal trédhearcachta is mó is féidir agus sreabhadh éifeachtach faisnéise a áirithiú. Tá sé tábhachtach feidhmíocht a anailísiú, bunaithe ar tháscairí comhchoiteanna agus le baint ag gach páirtí san earnáil léi, agus ba cheart é sin a dhéanamh. Maidir le staitisticí, is gá dul i ndlúthchomhar le Eurostat.

(19)     D'fhonn faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn maidir le hidir-inoibritheacht agus sábháilteacht, ba cheart don Ghníomhaireacht a bheith freagrach as tuarascáil ábhartha a fhoilsiú gach re bliain. I bhfianaise an tsaineolais theicniúil atá aici agus a neamhchlaontachta, ba cheart don Ghníomhaireacht cúnamh a thabhairt don Choimisiún freisin chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme reachtaíocht sábháilteachta agus idir-inoibritheachta iarnróid an Aontais.

(20)     Ba cheart idir-inoibritheacht an ghréasáin thras‑Eorpaigh a fheabhsú agus ba cheart na tionscadail infheistíochta nua a roghnóidh an tAontas le cabhrú leo a bheith i gcomhréir le cuspóir na hidir-inoibritheachta atá leagtha síos i gCinneadh Uimh. 1692/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 1996 maidir le treoirlínte Comhphobail chun an gréasán Tras‑Eorpach iompair a fhorbairt[8]. Is í an Ghníomhaireacht an institiúid cheart le rannchuidiú leis na cuspóirí sin.

(21)     Is cuid thábhachtach den chóras sábháilteachta í cothabháil ar rothstoc. Ní raibh fíormhargadh Eorpach ann go dtí seo chun cothabháil a dhéanamh ar threalamh iarnróid i ngeall is nach bhfuil ann do chóras deimhniúcháin do cheardlanna cothabhála. Tá an méid sin ag cur le costais don earnáil agus bíonn aistir gan ualach ann de thoradh air. Dá bhrí sin, ba cheart córas deimhniúcháin Eorpach do cheardlanna cothabhála a fhorbairt de réir a chéile agus a choinneáil cothrom le dáta, agus is í an Ghníomhaireacht an comhlacht is iomchuí chun réitigh leordhóthanacha a mholadh don Choimisiún.

(22)     Is gné thábhachtach iad na cáilíochtaí gairmiúla atá de dhíth ar thiománaithe traenach sa tsábháilteacht agus san idir-inoibritheacht araon san Aontas. Is réamhchoinníoll iad freisin maidir le saorghluaiseacht oibrithe sa tionscal iarnróid. Ba cheart an creat atá ann cheana féin don idirphlé sóisialta a urramú agus aghaidh á thabhairt ar an gceist seo. Ba cheart don Ghníomhaireacht an tacaíocht theicniúil atá riachtanach chun an ghné seo a thógáil san áireamh ar leibhéal an Aontais a thógáil san áireamh.

(23)     Ba cheart don Ghníomhaireacht comhar a eagrú agus a éascú i measc na n‑údarás sábháilteachta náisiúnta, na gcomhlachtaí imscrúdaithe agus na gcomhlachtaí ionadaíocha ón earnáil iarnróid atá ag feidhmiú ar an leibhéal Eorpach, d'fhonn dea-chleachtais a chur chun cinn, faisnéis ábhartha a mhalartú, sonraí a bhaineann le hiarnróid a bhailiú agus faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht sábháilteachta fhoriomlán an chórais iarnróid.

(24)     D'fhonn an leibhéal trédhearcachta is mó is féidir agus rochtain chothrom do gach páirtí ar fhaisnéis ábhartha a áirithiú, ba cheart go mbeadh rochtain ag an bpobal ar na doiciméid atá beartaithe sna próisis idir-inoibritheachta agus sábháilteachta iarnróid. Is amhlaidh an scéal i gcás ceadúnas, deimhnithe sábháilteachta agus doiciméad ábhartha iarnróid eile. Ba cheart don Ghníomhaireacht modh éifeachtúil a sholáthar chun an fhaisnéis seo a mhalartú agus a fhoilsiú.

(25)     Is cúram tábhachtach é cur chun cinn na nuálaíochta agus an taighde sa réimse iarnróid agus ba cheart don Ghníomhaireacht é sin a spreagadh, i bhfianaise an clú agus an seasamh atá aici. Níor cheart go mbeadh aon shaobhadh sa mhargadh ábhartha mar thoradh ar aon chúnamh airgeadais a chuirfear ar fáil laistigh de chreat ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta ar an ábhar seo.

(26)     D'fhonn éifeachtúlacht thacaíocht airgeadais an Aontais, cáilíocht na tacaíochta sin agus a comhoiriúnacht leis na ceanglais theicniúla ábhartha a mhéadú, ba cheart ról gníomhach a bheith ag an nGníomhaireacht, mar an t‑aon chomhlacht amháin de chuid an Aontais le hinniúlacht a tharraingíonn dea-chlú sa réimse iarnróid, maidir le measúnú a dhéanamh ar thionscadail iarnróid.

(27)     D'fhéadfadh sé go gcruthóidh reachtaíocht idir-inoibritheachta agus sábháilteachta iarnróid, treoracha cur chun feidhme nó moltaí na Gníomhaireacht fadhbanna maidir lena léirmhíniú nó fadhbanna eile do na geallsealbhóirí. Is réamhchoinníoll í tuiscint cheart aonfhoirmeach ar na hionstraimí sin chun an acquis iarnróid a chur chun feidhme go héifeachtach agus maidir le feidhmiú an mhargaidh iarnróid. Dá bhrí sin, ba cheart don Ghníomhaireacht dul i mbun gníomhaíochtaí oiliúna agus míniúcháin go gníomhach ina leith sin.

(28)     D'fhonn a cúraimí a dhéanamh i gceart, ba cheart go mbeadh pearsantacht dhlítheanach agus buiséad uathrialach a mhaoineofar go príomha le ranníocaíocht ón Aontas agus le táillí agus muirir a íocfaidh iarratasóirí. D'fhonn neamhspleáchas a áirithiú sa bhainistíocht ó lá go lá ar an nGníomhaireacht agus maidir leis na tuairimí, moltaí agus cinntí a eiseoidh sí, ba cheart eagrú na Gníomhaireacht a bheith trédhearcach agus ba cheart freagracht iomlán a bheith ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Ba cheart d'fhoireann na Gníomhaireachta a bheith neamhspleách agus cothromaíocht oiriúnach de chonarthaí gearrthéarmacha agus fadtéarmacha a léiriú, chun an t‑eolas eagraíochtúil agus an leanúnachas gnó atá aici a choinneáil agus malartú riachtanach leanúnach saineolais leis an earnáil iarnróid a choinneáil ag an am céanna.

(29)     Lena n‑áirithiú go mbainfear amach feidhmeanna na Gníomhaireacht go héifeachtach, ba cheart ionadaithe a bheith ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún ar Bhord Bainistíochta a dtabharfar na cumhachtaí riachtanacha dó, lena n‑áirítear cumhachtaí chun an buiséad a bhunú agus chun cláir oibre bhliantúla agus ilbhliantúla a fhormheas.

(30)     Chun trédhearcacht chinntí an Bhoird Bhainistíochta a áirithiú, ba cheart go mbeadh ionadaithe ó na hearnálacha lena mbaineann ag freastal ar na cruinnithe dá chuid, ach gan cheart vótála acu; forchoimeádfar an ceart vótála sin d'ionadaithe na n‑údarás poiblí atá freagrach do na húdaráis rialaithe daonlathacha. Ba cheart don Choimisiún ionadaithe na hearnála a cheapadh bunaithe ar chomh ionadaíoch agus atá siad ar leibhéal an Aontais ar ghnóthais iarnróid, bainisteoirí bonneagair, an tionscal iarnróid, ceardchumainn na n‑oibrithe, paisinéirí agus custaiméirí lastais.

(31)     Chun cruinnithe an Bhoird Bhainistíochta a ullmhú i gceart agus chun comhairle a chur air maidir leis na cinntí a bheidh le glacadh, ba cheart Bord Feidhmiúcháin comhairleach a chruthú.

(32)     Is gá a áirithiú go mbeidh na réitigh riachtanacha ag páirtithe a ndéanfaidh na cinntí a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht difear dóibh ar bhealach neamhspleách neamhchlaonta. Ba cheart sásra oiriúnach achomhairc a bhunú le go bhféadfaidh cinntí an Stiúrthóra Fheidhmiúcháin a bheith faoi réir achomhairc chuig Bord Achomhairc speisialaithe, bord a d'fhéadfaí caingean a thionscnamh i gcoinne a chuid cinntí roimh an gCúirt Bhreithiúnais ina dhiaidh sin.

(33)     Chabhródh dearcadh straitéiseach níos leithne maidir le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta chun pleanáil agus bainistiú níos éifeachtaí a dhéanamh ar a cuid acmhainní agus rannchuideodh sé sin le caighdeán níos airde ar thorthaí na Gníomhaireachta. Ba cheart don Bhord Bainistíochta, dá bhrí sin, clár oibre ilbhliantúil a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta, tar éis dul i mbun comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí ábhartha i gceart.

(34)     Ba cheart d'obair na Gníomhaireachta a bheith trédhearcach. Ba cheart rialú éifeachtach ó Pharlaimint na hEorpa a áirithiú agus, chuige seo, ba cheart go mbeadh sé ar chumas Pharlaimint na hEorpa éisteacht le Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta agus go rachfaí i gcomhairle leis faoin gclár oibre ilbhliantúil. Ba cheart don Ghníomhaireacht reachtaíocht ábhartha an Aontais a bhaineann le rochtain phoiblí ar dhoiciméid a chur i bhfeidhm freisin.

(35)     Le blianta beaga anuas, agus níos mó gníomhaireachtaí díláraithe á gcruthú, tá iarrachtaí déanta ag an údarás buiséadach trédhearcacht agus rialú ar bhainistiú chistí an Aontais a leithdháiltear orthu a fheabhsú, go háirithe maidir le buiséadú táillí, rialú airgeadais, cumhacht comhlíonta, ranníocaíochtaí scéimeanna pinsin agus an nós imeachta buiséadach inmheánach (cód iompair). Ar an gcaoi chéanna, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF)[9] gan choinníoll i leith na Gníomhaireachta, agus ba cheart di aontú do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise[10].

(36)     Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an bhirt atá beartaithe, eadhon comhlacht speisialaithe a bhunú chun réitigh chomhchoiteanna a cheapadh i gcúrsaí a bhaineann le sábháilteacht agus idir-inoibritheacht iarnróid, a bhaint amach go leordhóthanach ós obair chomhpháirteach an obair atá le déanamh agus gur fearr dá bhrí sin is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(37)     D'fhonn leibhéal na dtáillí agus na muirear, a mbeidh an Ghníomhaireacht i dteideal a ghearradh, a chinneadh i gceart, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le hairteagail a bhaineann leis na nithe seo a leanas a eisiúint agus a athnuachan: údaruithe le haghaidh fochórais rialaithe-ordaithe agus chomharthaíochta taobh riain a chur i mbun seirbhíse, údaruithe le haghaidh feithiclí a chur ar an margadh agus le haghaidh cineálacha feithiclí, agus deimhnithe sábháilteachta. Tá sé thar a bheith tábhachtach go gcuirfidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí i gcrích le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear le saineolaithe.    Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(38)     Chun cur chun feidhme Airteagail 21 agus Airteagal 22 den Rialachán seo, a bhaineann le himscrúdú ar dhréacht‑rialacha náisiúnta agus ar rialacha atá i bhfeidhm, a áirithiú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.

(39)     Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh cur chun feidhme Airteagal 29, Airteagal 30, Airteagal 31 agus Airteagal 51 den Rialachán seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus prionsabail ghinearálta a bhaineann le meicníochtaí le haghaidh rialú na mBallstát ar fheidhmiú a chumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún.

(40)     Chun an Comhráiteas agus an Cur Chuige Comhchoiteann arna gcomhaontú ag an Meitheal Idirinstitiúideach ar ghníomhaireachtaí díláraithe an AE i mí Iúil 2012 a chomhlíonadh, is gá prionsabail áirithe a chur chun feidhme maidir le rialachas na Gníomhaireachta.

(41)     Urramaítear na cearta bunúsacha leis an Rialachán seo mar aon leis na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL 1

PRIONSABAIL

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1. Leis an Rialachán seo bunaítear Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (an "Ghníomhaireacht").

2. Déantar foráil sa Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) an Ghníomhaireacht a bhunú agus na cúraimí a ghabhann léi;

(b) cúraimí na mBallstát.

3. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(c) idir-inoibritheacht laistigh de chóras iarnróid an Aontais dá bhforáiltear i dTreoir ../../.AE [an Treoir maidir le hIdir-inoibritheacht Iarnróid];

(d) sábháilteacht chóras iarnróid an Aontais dá bhforáiltear i dTreoir ../../.AE [an Treoir um Shábháilteacht Iarnróid];

(e) deimhniúchán na dtiománaithe traenach dá bhforáiltear i dTreoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le deimhniúchán a dhéanamh ar thiománaithe traenach a bhfuil innill féinghluaiste agus traenacha á n‑oibriú acu i gcóras iarnróid an Chomhphobail [Treoir na dTiománaithe Iarnróid].

Airteagal 2

Stádas dlítheanach

1. Comhlacht an Aontais, a mbeidh pearsantacht dhlítheanach aici, a bheidh sa Ghníomhaireacht.

2. I ngach ceann de na Ballstáit, beidh an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoina ndlíthe ag an nGníomhaireacht. Féadfaidh sí, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus féadfaidh sí bheith ina páirtí in imeachtaí dlíthiúla.

3. Déanfaidh a Stiúrthóir ionadaíocht ar an nGníomhaireacht.

Airteagal 3

Cineálacha ghníomhartha na Gníomhaireachta

Féadfaidh an Ghníomhaireacht:

(a)          moltaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin a bhaineann leis na hAirteagail seo a leanas a chur i bhfeidhm: 11, 13, 14, 15, 23, 24, 26, 30, 32, 31, 33 agus 41;

(b)          moltaí a chur faoi bhráid na mBallstát a bhaineann leis na hAirteagail seo a leanas a chur i bhfeidhm: 21, 22 agus 30;

(c)          tuairimí a thabhairt don Choimisiún de bhun Airteagal 9, Airteagal 21, Airteagal 22 agus Airteagal 38, agus do na húdaráis lena mbaineann sna Ballstáit de bhun Airteagal 9;

(d)          cinntí a dhéanamh de bhun Airteagal 12, Airteagal 16, Airteagal 17 agus Airteagal 18;

(e)          tuairimí a eisiúint maidir le cad is modhanna inghlactha comhlíonta ann de bhun Airteagal 15;

(f)           doiciméid theicniúla a eisiúint de bhun Airteagal 15;

(g)          tuarascálacha iniúchta a eisiúint de bhun Airteagal 29 agus Airteagal 30;

(h)          treoirlínte agus doiciméad neamhcheangailteacha eile lena n‑éascaítear cur i bhfeidhm na reachtaíochta idir-inoibritheachta agus sábháilteachta a eisiúint de bhun Airteagal 11, Airteagal 15 agus Airteagal 24.

CAIBIDIL 2

MODHANNA OIBRE

Airteagal 4

Cruthú agus comhdhéanamh na meithleacha

1. Bunóidh an Ghníomhaireacht líon teoranta meithleacha chun moltaí a tharraingt suas, go háirithe maidir le sonraíochtaí teicniúla idir-inoibritheachta (STInna), modhanna sábháilteachta comhchoiteanna (MSCanna) agus spriocanna sábháilteachta comhchoiteanna (SSCanna).

Féadfaidh an Ghníomhaireacht meithleacha a bhunú i gcásanna eile a bhfuil údar cuí leo ar iarratas ón gCoimisiún nó dá stuaim féin, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.

2. Ceapfaidh an Ghníomhaireacht saineolaithe sna meithleacha.

Ceapfaidh an Ghníomhaireacht ionadaithe sna meithleacha, ionadaithe a ainmneoidh na húdaráis náisiúnta atá inniúil maidir leis na meithleacha inar mian leo a bheith rannpháirteach.

Ceapfaidh an Ghníomhaireacht gairmithe ón earnáil iarnróid sna meithleacha, ón liosta dá dtagraítear i mír 3. Áiritheoidh sí go mbeidh ionadaíocht leordhóthanacha ar na hearnálacha sin den tionscal agus ar na húsáideoirí sin a d'fhéadfadh na bearta a fhéadfaidh an Coimisiún a mholadh bunaithe ar na moltaí a chuirfidh an Ghníomhaireacht faoina bhráid difear a dhéanamh dóibh.

Féadfaidh an Ghníomhaireacht saineolaithe neamhspleácha agus ionadaithe ó eagraíochtaí idirnáisiúnta a aithnítear mar eagraíochtaí inniúla sa réimse lena mbaineann a cheapadh sna meithleacha, más gá. Ní fhéadfar baill foirne na Gníomhaireachta a cheapadh sna meithleacha.

3. Seolfaidh gach comhlacht ionadaíoch dá dtagraítear in Airteagal 34 liosta de na saineolaithe is incháilithe atá faoi shainchúram ionadaíocht a dhéanamh orthu i ngach meitheal ar aghaidh chuige an nGníomhaireacht.

4. I gcás ar bith ina mbeidh tionchar díreach ag obair na meithleacha den sórt sin ar dhálaí oibre, sláinte agus sábháilteacht na n‑oibrithe sa tionscal, beidh ionadaithe ó eagraíochtaí na n‑oibrithe rannpháirteach na meithleacha ábhartha mar chomhaltaí iomlána.

5. Seasfaidh an Ghníomhaireacht speansais taistil agus chothabhála chomhaltaí na meithleacha, bunaithe ar rialacha agus ar scálaí a ghlacfaidh an Bord Bainistíochta.

6. Is ionadaí ón nGníomhaireacht a bheidh ina chathaoirleach ar na meithleacha.

7. Beidh obair na meithleacha trédhearcach. Leagfaidh an Bord Bainistíochta síos rialacha nós imeachta na meithleacha.

Airteagal 5

Comhairliúchán leis na comhpháirtithe sóisialta

I gcás ar bith ina mbeidh tionchar díreach ag an obair dá bhforáiltear in Airteagal 11, Airteagal 12, Airteagal 15 agus Airteagal 32 ar thimpeallacht shóisialta nó ar dhálaí oibre na n‑oibrithe sa tionscal, rachaidh an Ghníomhaireacht i mbun comhairliúcháin leis na comhpháirtithe sóisialta laistigh de chreat an choiste um agallamh earnálach a bunaíodh de bhun Chinneadh 98/500/CE[11].

Eagrófar na comhairliúcháin sin sula gcuirfidh an Ghníomhaireacht a moltaí faoi bhráid an Choimisiúin. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht aird iomchuí ar na comhairliúcháin sin agus beidh sí ar fáil, i gcónaí, chun a cuid moltaí a léirmhíniú. Seolfaidh an Ghníomhaireacht na tuairimí a chuirfidh an coiste um agallamh earnálach in iúl ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus seolfaidh an Coimisiún ar aghaidh chuig an gcoiste dá dtagraítear in Airteagal 75 iad.

Airteagal 6

Comhairliúchán le custaiméirí lastais iarnróid agus le paisinéirí

I gcás ar bith ina mbeidh tionchar díreach ag an obair dá bhforáiltear in Airteagal 11 agus Airteagal 15 ar chustaiméirí lastais iarnróid agus ar phaisinéirí, rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle leis na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht orthu. Déanfaidh an Coimisiún liosta na n‑eagraíochtaí a rachfar i gcomhairle leo a tharraingt suas le cúnamh ón gcoiste dá dtagraítear in Airteagal 75.

Eagrófar na comhairliúcháin sin sula gcuirfidh an Ghníomhaireacht a tograí faoi bhráid an Choimisiúin. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht aird iomchuí ar na comhairliúcháin sin agus beidh sí ar fáil, i gcónaí, chun a cuid tograí a léirmhíniú. Seolfaidh an Ghníomhaireacht na tuairimí a chuirfidh na heagraíochtaí lena mbaineann in iúl ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus seolfaidh an Coimisiún ar aghaidh chuig an gcoiste dá dtagraítear in Airteagal 75 iad.

Airteagal 7

Measúnú tionchair

1. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht faoi mheasúnú tionchair ar a cuid moltaí agus tuairimí. Glacfaidh an Bord Bainistíochta modheolaíocht measúnaithe tionchair bunaithe ar mhodheolaíocht an Choimisiúin. Déanfaidh an Ghníomhaireacht idirchaidreamh leis an gCoimisiún lena áirithiú go dtabharfar aird iomchuí ar obair ábhartha ag an gCoimisiún.

2. Sula seolfar gníomhaíocht atá san áireamh sa chlár oibre, tabharfaidh an Ghníomhaireacht faoi mheasúnú tionchair luath ina leith ina sonrófar na nithe seo a leanas:

(a) an cheist atá le réiteach agus na réitigh a d'fhéadfadh a bheith uirthi;

(b) a mhéad agus a bheadh gníomh ar leith de dhíth, lena n‑áirítear moladh nó tuairim de chuid na Gníomhaireachta a chur amach;

(c) an rannchuidiú a bheifeá ag súil leis ón nGníomhaireacht chun an fhadhb a réiteach.

Ina theannta sin, beidh gach gníomhaíocht agus tionscadal sa chlár oibre faoi réir anailíse éifeachtúlachta ina aonar agus i gcomhar lena chéile, chun an úsáid is fearr a bhaint as buiséad agus as acmhainní na Gníomhaireachta.

3. Féadfaidh an Ghníomhaireacht measúnú ex post a dhéanamh ar an reachtaíocht a eascraíonn óna moltaí.

4. Cuirfidh na Ballstáit na sonraí atá riachtanach don mheasúnú tionchair ar fáil don Ghníomhaireacht.

Airteagal 8

Staidéir

Nuair is gá chun a cuid cúraimí a chur chun feidhme, ordóidh an Ghníomhaireacht staidéir a dhéanamh agus maoineoidh sí óna buiséad iad.

Airteagal 9

Tuairimí

1. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht tuairimí uaithi ar iarratas ó na comhlachtaí rialála náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 55 den Treoir 2012/34/AE [An Treoir lenar bunaíodh Limistéar Aonair Iarnróid Eorpach (athmhúnlú)] maidir leis na gnéithe a bhaineann le sábháilteacht agus le hidir-inoibritheacht in ábhair a chuirfear ar a súile.

2. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht tuairimí uaithi ar iarratas ón gCoimisiún maidir le leasuithe ar aon ionstraim a ghlacfar ar bhonn Threoir … [An Treoir maidir le hIdir-inoibritheacht] nó ar bhonn Threoir … [An Treoir um Shábháilteacht Iarnróid], go háirithe i gcás ina gcuirtear aon easpa líomhnaithe in iúl.

3. Maidir leis na tuairimí dá dtagraítear sna míreanna roimhe seo agus in airteagail eile sa Rialachán seo, tabharfaidh an Ghníomhaireacht a tuairimí uaithi laistigh de dhá mhí, mura gcomhaontófar a mhalairt. Cuirfidh an Ghníomhaireacht na tuairimí ar fáil go poiblí laistigh de dhá mhí i leagan óna mbainfear gach ábhar lena mbaineann rúndacht thráchtála de.

Airteagal 10

Cuairteanna ar Bhallstáit

1. Féadfaidh an Ghníomhaireacht cuairteanna a thabhairt ar Bhallstáit d'fhonn a cúraimí a chomhlíonadh, go háirithe iad siúd dá dtagraítear in Airteagail 12, 21, 22, 16, 17, 27, 29, 30, 31 agus 38, i gcomhréir leis an mbeartas arna shainiú ag an mBord Bainistíochta.

2. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an Ballstát lena mbaineann ar an eolas faoin gcuairt atá beartaithe, faoi ainmneacha oifigigh tarmligthe na Gníomhaireachta agus faoin dáta ar a dtosóidh an chuairt. Déanfaidh oifigigh na Gníomhaireachta a tharmligtear chun cuairteanna den sórt sin a dhéanamh an méid sin tar éis cinneadh ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur faoina mbráid ina sonrófar cuspóirí agus aidhmeanna na cuairte.

3. Éascóidh údaráis náisiúnta na mBallstát obair fhoireann na Gníomhaireachta.

4. Déanfaidh an Ghníomhaireacht tuarascáil a tharraingt suas maidir le gach cuairt agus seolfaidh sí chuig an gCoimisiún agus chuig an mBallstát lena mbaineann í.

5. Tá na míreanna roimhe seo gan dochar do na cigireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 29 (6) agus in Airteagal 30 (6) a leanfar i gcomhréir leis an nós imeachta atá tuairiscthe iontu.

CAIBIDIL 3

Cúraimí a bhaineann le SÁbháilteacht Iarnróid

Airteagal 11

Tacaíocht theicniúil – moltaí maidir le sábháilteacht iarnróid

1. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht moltaí uaithi chuig an gCoimisiún maidir leis na Modhanna Sábháilteachta Comhchoiteanna (MSCanna) agus Spriocanna Sábháilteachta Comhchoiteanna (SSCanna) dá bhforáiltear in Airteagal 6 agus in Airteagal 7 den Treoir … [an Treoir um Shábháilteacht Iarnróid]. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht moltaí uaithi chuig an gCoimisiún freisin maidir le leasú tréimhsiúil ar MSCanna agus SSCanna.

2. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht moltaí uaithi chuig an gCoimisiún, ar iarratas ón gCoimisiún nó dá stuaim féin, maidir le bearta eile i réimse na sábháilteachta.

3. Féadfaidh an Ghníomhaireacht treoirlínte agus doiciméid neamhcheangailteacha eile a thabhairt uaithi chun cur chun feidhme na reachtaíochta sábháilteachta iarnróid a éascú.

Airteagal 12

Deimhnithe sábháilteachta

Eiseoidh an Ghníomhaireacht deimhnithe sábháilteachta aonair i gcomhréir le hAirteagal 10 agus Airteagal 11 den Treoir … [an Treoir um Shábháilteacht].

Airteagal 13

Cothabháil feithiclí

1. Cabhróidh an Ghníomhaireacht leis an gCoimisiún i dtaca leis an gcóras deimhniúcháin ar na heintitis atá i bhfeidhil cothabhála i gcomhréir le hAirteagal 14(6) den Treoir … [an Treoir um Shábháilteacht Iarnróid].

2. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht moltaí uaithi chuig an gCoimisiún i bhfianaise Airteagal 14(7) den Treoir … [an Treoir um Shábháilteacht Iarnróid].

3. Déanfaidh an Ghníomhaireacht anailís ar aon bheart malartach a chinnfear i gcomhréir le hAirteagal 15 den Treoir … [an Treoir um Shábháilteacht Iarnróid] sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 30 (2) den Rialachán seo.

Airteagal 14

Earraí contúirteacha a iompar d'iarnród

Déanfaidh an Ghníomhaireacht forbairtí a leanúint sa reachtaíocht ina bpléitear le hearraí contúirteacha a iompar d'iarnród laistigh den chiall sa Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[12] agus cuirfidh sí i gcomparáid leis an reachtaíocht ina bpléitear le hidir-inoibritheacht agus sábháilteacht iarnród iad, go háirithe na ceanglais riachtanacha. Chuige seo, cabhróidh an Ghníomhaireacht leis an gCoimisiún agus féadfaidh sí moltaí a thabhairt uaithi ar iarratas ón gCoimisiún nó dá stuaim féin.

CAIBIDIL 4

Cúraimí a bhaineann le hIdir-inoibritheacht

Airteagal 15

Tacaíocht theicniúil i réimse na hidir-inoibritheachta iarnróid

1. Déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a) moltaí a thabhairt uaithi don Choimisiún maidir leis na STInna, agus leasú orthu, i gcomhréir le hAirteagal 5 den Treoir … [An Treoir maidir le hIdir-inoibritheacht];

(b) moltaí a thabhairt uaithi don Choimisiún maidir leis na teimpléid do dhearbhú fíoraithe an 'AE' agus maidir leis na doiciméid sa chomhad teicniúil is gá a bheith ag gabháil leis, i gcomhréir le hAirteagal 15 den Treoir … [An Treoir maidir le hIdir-inoibritheacht];

(c) moltaí a thabhairt uaithi don Choimisiún maidir le sonraíochta i gcomhair clár, agus leasú orthu, i gcomhréir le hAirteagal 43, Airteagal 44 agus Airteagal 45 den Treoir … [An Treoir maidir le hIdir-inoibritheacht];

(d) tuairimí a thabhairt uaithi a bheidh ina modhanna inghlactha comhlíonta ó thaobh easpaí STI de, i gcomhréir le hAirteagal 6(2) den Treoir … [An Treoir maidir le hIdir-inoibritheacht];

(e) tuairimí a thabhairt uaithi don Choimisiún maidir le hiarratais ó na Ballstáit gan STInna a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le hAirteagal 7 den Treoir … [An Treoir maidir le hIdir-inoibritheacht];

(f) doiciméid theicniúla a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 4(9) den Treoir … [An Treoir maidir le hIdir-inoibritheacht];

(g) moltaí a thabhairt uaithi don Choimisiún a bhaineann le dálaí oibre na mball foirne uile a thugann faoi chúraimí atá criticiúil ó thaobh na sábháilteachta de.

2. Chun na moltaí dá dtagraítear i mír 1, pointe (a) agus pointe (b) a dhréachtú, déanfaidh an Ghníomhaireacht a áirithiú:

(a) go gcuirfear na STInna agus na sonraíochtaí le haghaidh clár in oiriúint don dul chun cinn teicniúil agus treochtaí sa mhargadh agus do cheanglais shóisialta;

(b) go ndéanfar comhordú ar fhorbairt na STInna agus ar iad a choinneáil cothrom le dáta, ar lámh amháin, agus forbairt ar aon chaighdeán Eorpach a bheidh riachtanach ó thaobh na hidir-inoibritheachta de, ar an lámh eile, agus teagmháil ábhartha a choinneáil leis na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú.

3. Féadfaidh an Ghníomhaireacht treoirlínte agus doiciméid neamhcheangailteacha eile a thabhairt uaithi chun cur chun feidhme na reachtaíochta idir-inoibritheachta iarnróid a éascú.

Airteagal 16

Údaruithe chun feithiclí a chur ar an margadh

Eiseoidh an Ghníomhaireacht údaraithe le haghaidh feithiclí iarnróid lena gcur ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 20 den Treoir … [an Treoir maidir le hIdir-inoibritheacht].

Airteagal 17

Údaruithe chun cineálacha feithiclí a chur ar an margadh

Eiseoidh an Ghníomhaireacht údaraithe le haghaidh cineálacha feithiclí lena gcur ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 22 den Treoir … [an Treoir maidir le hIdir-inoibritheacht].

Airteagal 18

Údaruithe chun fochórais rialaithe-ordaithe agus comharthaíochta taobh riain a chur i mbun seirbhíse

Eiseoidh an Ghníomhaireacht údaraithe chun fochórais rialaithe-ordaithe agus comharthaíochta taobh riain atá lonnaithe nó á n‑oibriú san Aontas ar fad a chur i mbun seirbhíse i gcomhréir le hAirteagal 18 den Treoir … [an Treoir maidir le hIdir-inoibritheacht].

Airteagal 19

Feidhmchláir theileamaitice

1. Feidhmeoidh an Ghníomhaireacht ina húdarás córais, a bheidh freagrach as sonraíochtaí teicniúla a choinneáil le haghaidh na feidhmchláir theileamaitice, i gcomhréir leis na STInna ábhartha.

2. Déanfaidh an Ghníomhaireacht an nós imeachta maidir le hiarratais ar athruithe ar na sonraíochtaí seo a bhainistiú a shainiú, a fhoilsiú agus a chur i bhfeidhm. Chuige seo, déanfaidh an Ghníomhaireacht clár na n‑iarratas ar athruithe ar shonraíochtaí na bhfeidhmchlár teileamaitice agus a státas a bhunú agus a choinneáil.

3. Déanfaidh an Ghníomhaireacht na huirlisí teicniúla chun bainistiú a dhéanamh ar na leaganacha difriúla de shonraíochtaí na bhfeidhmchlár teileamaitice a fhorbairt agus a choinneáil.

4. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún maidir le faireachán a dhéanamh ar imlonnú na bhfeidhmchlár teileamaitice i gcomhréir leis na STInna ábhartha.

Airteagal 20

Tacaíocht do na comhlachtaí measúnaithe comhréireachta dá dtugtar fógra

1. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht tacaíocht do ghníomhaíochtaí na gcomhlachtaí measúnaithe comhréireachta dá dtugtar fógra dá dtagraítear in Airteagal 27 den Treoir … [an Treoir maidir le hIdir-inoibritheacht]. Cuimseofar sa tacaíocht sin go háirithe treoirlínte a dhréachtú maidir le measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht nó oiriúnacht úsáide comhpháirte idir-inoibritheachta dá dtagraítear in Airteagal 9 den Treoir … [an Treoir maidir le hIdir-inoibritheacht] agus treoirlínte do nós imeachta fíoraithe an CE dá dtagraítear in Airteagal 10 den Treoir … [an Treoir maidir le hIdir-inoibritheacht].

2. Éascóidh an Ghníomhaireacht comhar na gcomhlachtaí measúnaithe comhréireachta dá dtugtar fógra, go háirithe trí fheidhmiú mar rúnaíocht theicniúil dá ngrúpa comhair.

CAIBIDIL 5

Cúraimí a bhaineann le Rialacha Náisiúnta

Airteagal 21

Scrúdú ar dréachtrialacha náisiúnta

1. Déanfaidh an Ghníomhaireacht scrúdú ar na dréachtrialacha náisiúnta a sheolfar chuici, laistigh de dhá mhí ón uair go bhfaighfear iad, i gcomhréir le:

(a) Airteagal 8(2) den Treoir … [an Treoir um Shábháilteacht Iarnróid],

(b) Airteagal 14 den Treoir … [an Treoir maidir le hIdir-inoibritheacht].

2. I gcás ina measfaidh an Ghníomhaireacht, tar éis an scrúdaithe dá dtagraítear i mír 1, go gcuirfidh na rialacha náisiúnta ar chumas na ceanglais riachtanacha ó thaobh na hidir-inoibritheachta de a chomhlíonadh, na MSCanna a urramú agus na SSCanna a bhaint amach, agus nach mbeadh aon idirdhealú treallach ná srian faoi cheilt ar oibriú iompair iarnróid idir Ballstáit mar thoradh orthu, cuirfidh an Ghníomhaireacht an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann ar an eolas faoina measúnú dearfach. Féadfaidh an Coimisiún an riail a bhailíochtú sa chóras TF dá dtagraítear in Airteagal 23.

3. I gcás ina mbeidh measúnú diúltach ann de thoradh an scrúdaithe dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a) moladh a thabhairt uaithi chuig an mBallstát lena mbaineann ina sonrófar na cúiseanna nár cheart don riail atá i gceist theacht i bhfeidhm agus/nó a chur i bhfeidhm;

(b) an Coimisiún a chur ar an eolas faoina measúnú diúltach.

4. I gcás nach ndéanfaidh an Ballstát aon ghníomh laistigh de 2 mhí tar éis moladh na Gníomhaireachta dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 3 a fháil, féadfaidh an Coimisiún, tar éis an t‑eolas dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3 a fháil agus tar éis dó éisteacht leis na cúiseanna a bhí ag an mBallstát lena mbaineann, cinneadh a ghlacadh a chuirfear faoi bhráid an Bhallstáit lena mbaineann ina n‑iarrfar air an dréachtriail atá i gceist a mhodhnú nó cur i bhfeidhm, teacht i bhfeidhm nó cur chun feidhme na rialach a chur ar fionraí.

Airteagal 22

Scrúdú ar rialacha náisiúnta atá i bhfeidhm

1. Déanfaidh an Ghníomhaireacht scrúdú ar na dréachtrialacha náisiúnta a sheolfar chuici, laistigh de dhá mhí ón uair go bhfaighfear iad, i gcomhréir le hAirteagal 14(3) den Treoir … [an Treoir maidir le hIdir-inoibritheacht].

2. I gcás ina measfaidh an Ghníomhaireacht, tar éis an scrúdaithe dá dtagraítear i mír 1, go gcuirfidh na rialacha náisiúnta ar chumas na ceanglais riachtanacha ó thaobh na hidir-inoibritheachta de a chomhlíonadh agus na SSCanna a bhaint amach, agus nach mbeadh aon idirdhealú treallacha ná srian faoi cheilt ar oibriú iompair iarnróid idir Ballstáit mar thoradh orthu, cuirfidh an Ghníomhaireacht an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann ar an eolas faoina measúnú dearfach. Féadfaidh an Coimisiún an riail a bhailíochtú sa chóras TF dá dtagraítear in Airteagal 23.

3. I gcás ina mbeidh measúnú diúltach ann de thoradh an scrúdaithe dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(c) moladh a thabhairt uaithi chuig an mBallstát lena mbaineann ina sonrófar na cúiseanna gur cheart an riail atá i gceist a mhodhnú nó a aisghairm;

(d) an Coimisiún a chur ar an eolas faoina measúnú diúltach.

4. I gcás nach ndéanfaidh an Ballstát aon ghníomh laistigh de 2 mhí tar éis moladh na Gníomhaireachta dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 3 a fháil, féadfaidh an Coimisiún, tar éis an t‑eolas dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3 a fháil agus tar éis dó éisteacht leis na cúiseanna a bhí ag an mBallstát lena mbaineann, cinneadh a ghlacadh a chuirfear faoi bhráid an Bhallstáit lena mbaineann ina n‑iarrfar air an riail atá i gceist a mhodhnú nó a aisghairm.

5. Beidh feidhm leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3, mutatis mutandis, i gcásanna ina gcuirfear ar a shúile don Ghníomhaireacht go bhfuil aon riail náisiúnta, bíodh sé ina riail ar tugadh fógra ina leith nó ná bíodh, iomarcach nó i gcoinbhleacht leis na MSCanna, SSCanna, STInna ná le haon reachtaíocht eile de chuid an Aontais sa réimse iarnróid.

Airteagal 23

Córas TF a bheidh le n‑úsáid chun críche fógra a thabhairt agus le rangú a dhéanamh ar rialacha náisiúnta

1. Bunóidh an Ghníomhaireacht córas tiomnaithe TF ina mbeidh na rialacha náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 21(1) agus in Airteagal 22(1), déanfaidh sí bainistíocht air agus cuirfidh sí ar fáil do gheallsealbhóirí agus don phobal é.

2. Tabharfaidh Ballstáit fógra maidir le rialacha náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 21(1) agus in Airteagal 22(1) don Ghníomhaireacht agus don Choimisiún tríd an gcóras TF dá dtagraítear i mír 1. Foilseoidh an Ghníomhaireacht na rialacha sa chóras sin agus bainfidh sí úsáid as chun an Coimisiún a chur ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 21 agus Airteagal 22.

3. Déanfaidh an Ghníomhaireacht rialacha náisiúnta a dtugtar fógra ina leith a rangú i gcomhréir le hAirteagal 14(8) den Treoir … [an Treoir maidir le hIdir-inoibritheacht]. Chuige seo, bainfidh sí úsáid as an gcóras dá dtagraítear sa chéad mhír den Airteagal seo.

4. Déanfaidh an Ghníomhaireacht rangú ar rialacha náisiúnta a dtugtar fógra ina leith i gcomhréir le hAirteagal 8(2) den Treoir … [an Treoir maidir le hIdir-inoibritheacht], ag tógáil forbairt reachtaíocht an AE san áireamh. Chuige seo, forbróidh an Ghníomhaireacht Uirlis um Bainistíocht Rialacha a úsáidfidh na Ballstáit chun a gcórais rialacha náisiúnta a shimpliú. Bainfidh an Ghníomhaireacht úsáid as an gcóras dá dtagraítear sa chéad mhír den Airteagal seo chun an Uirlis um Bainistíocht Rialacha a fhoilsiú.

CAIBIDIL 6

Cúraimí a bhaineann leis an gCóras Eorpach Um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERTMS)

Airteagal 24

Údarás córas don ERTMS

1. Feidhmeoidh an Ghníomhaireacht ina húdarás córais, a bheidh freagrach as sonraíochtaí teicniúla a choinneáil don ERTMS.

2. Déanfaidh an Ghníomhaireacht an nós imeachta maidir le hiarratais ar athruithe ar na sonraíochtaí seo a bhainistiú a shainiú, a fhoilsiú agus a chur i bhfeidhm. Chuige seo, déanfaidh an Ghníomhaireacht clár na n‑iarratas ar athruithe ar shonraíochtaí ERTMS agus a stádas a bhunú agus a choinneáil.

3. Molfaidh an Ghníomhaireacht leagan nua de shonraíochtaí teicniúla ERTMS a ghlacadh. Ní dhéanfaidh sí sin ach amháin más rud é go bhfuil an leagan roimhe imlonnaithe go leordhóthanach. Ní dhéanfaidh forbairt leaganacha nua dochar do ráta imlonnaithe an ERTMS, do chobhsaíocht na sonraíochtaí atá riachtanach chun táirgeadh trealamh an ERTMS a bharrfheabhsú, don toradh ar infheistíocht do ghnóthais iarnróid ná do phleanáil éifeachtach maidir le himlonnú ERTMS.

4. Déanfaidh an Ghníomhaireacht uirlisí teicniúla a fhorbairt agus a choinneáil chun na leaganacha éagsúla den ERTMS a bhainistiú d'fhonn comhchuibheas teicniúil agus oibriúcháin a áirithiú idir líonraí agus feithiclí a mbeidh leaganacha éagsúla feistithe iontu agus chun dreasachtaí a chur ar fáil chun leaganacha atá i bhfeidhm a chur chun feidhme go tapa.

5. I gcomhréir le hAirteagal 5(10) den Treoir … [an Treoir maidir le hIdir-inoibritheacht Iarnróid], déanfaidh an Ghníomhaireacht a áirithiú go mbeidh leaganacha níos déanaí den trealamh ERTMS comhoiriúnach go teicniúil le leaganacha níos luaithe.

6. Déanfaidh an Ghníomhaireacht treoirlínte ábhartha faoin gcur i bhfeidhm do gheallsealbhóirí agus doiciméadú míniúcháin a bhaineann leis na sonraíochtaí teicniúla don ERTMS a ullmhú agus a scaipeadh.

Airteagal 25

Meitheal ad hoc ERTMS de chomhlachtaí measúnaithe comhréireachta dá dtugtar fógra

1. Bunóidh an Ghníomhaireacht meitheal ad hoc ERTMS de chomhlachtaí measúnaithe comhréireachta dá dtugtar fógra dá dtagraítear in Airteagal 27 den Treoir … [an Treoir maidir le hIdir-inoibritheacht] agus beidh sí ina cathaoirleach uirthi.

Déanfaidh an mheitheal seiceáil ar chomh comhsheasmhach agus atá cur i bhfeidhm an nós imeachta um measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht nó oiriúnacht úsáide comhpháirte idir-inoibritheachta dá dtagraítear in Airteagal 9 den Treoir … [an Treoir maidir le hIdir-inoibritheacht] agus na nósanna imeachta fíoraithe 'CE' dá dtagraítear in Airteagal 10 den Treoir … [an Treoir maidir le hIdir-inoibritheacht] agus a dhéanann comhlachtaí measúnaithe comhréireachta dá dtugtar fógra.

2. Cuirfidh an Ghníomhaireacht tuarascáil chuig an gCoimisiún gach ré bliain maidir le gníomhaíochtaí na meithle dá dtagraítear i mír 1, lena n‑áirítear staitisticí faoi fhreastal ionadaithe na gcomhlachtaí measúnaithe comhréireachta dá dtugtar fógra sa mheitheal.

3. Déanfaidh an Ghníomhaireacht meastóireacht ar chur i bhfeidhm an nós imeachta um measúnú comhréireachta na gcomhpháirteanna idir-inoibritheachta agus an nós imeachta fíoraithe 'CE' do threalamh ERTMS agus gach ré bliain seolfaidh sé tuarascáil chuig an gCoimisiún ina molfar, más iomchuí, feabhsuithe le déanamh.

Airteagal 26

Tacaíocht theicniúil agus comhoiriúnacht oibríochtúil idir fochórais ERTMS ar bord agus taobh riain

1. Féadfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh a thabhairt do na gnóthais iarnróid, ar iarratas uathu, maidir leis an gcomhoiriúnacht theicniúil agus oibríochtúil idir fochórais ERTMS ar bort agus taobh riain a sheiceáil sula gcuirfear feithicil i mbun seirbhíse.

2. I gcás ina fhaigheann an Ghníomhaireacht amach go bhfuil baol ar easpa comhoiriúnachta teicniúil agus oibríochtúil idir líonraí agus feithiclí atá feistithe le trealamh ERTMS i gcomhthéacs tionscadail ERTMS ar leith, féadfaidh sé iarraidh ar na gníomhaithe ábhartha, go háirithe comhlachtaí measúnaithe comhréireachta dá dtugtar fógra, gnóthais iarnróid, bainisteoirí bonneagair agus údaráis shábháilteachta náisiúnta, aon fhaisnéis ábhartha a sholáthar a bhaineann leis na nósanna imeachta arna gcur i bhfeidhm le haghaidh fíoraithe 'CE' agus cur i mbun seirbhíse, nó le dálaí oibríochtúla. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an Coimisiún ar an eolas maidir le baol den sórt sin agus, más gá, déanfaidh sí bearta iomchuí a mholadh don Choimisiún.

Airteagal 27

Tacaíocht d'imlonnú ERTMS agus do thionscadail ERTMS

1. Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar imlonnú an ERTMS i gcomhréir leis an bplean imlonnaithe atá leagtha amach i dTreoir 2012/88/AE[13] agus déanfaidh sí faireachán ar shuiteáil ERTMS feadh na gConairí Tras‑Eorpacha Iompair agus na gConairí Lasta Iarnróid dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 913/2010[14].

2. Déanfaidh an Ghníomhaireacht athleanúint theicniúil ar thionscadail le maoiniú ón Aontas d'imlonnú ERTMS a áirithiú, lena n‑áirítear, nuair is infheidhme, anailís ar dhoiciméid tairisceana tráth an ghlao ar thairiscintí. Ba cheart don Ghníomhaireacht cúnamh a thabhairt, más gá, do thairbhithe chistí an Aontais lena n‑áirithiú go bhfuil na réitigh theicniúla a chuirfear chun feidhme sna tionscadail i gcomhréir go hiomlán leis na STInna a bhaineann le rialú-ordú agus comharthaíocht agus go bhfuil siad idir-inoibritheach go hiomlán dá bharr sin.

Airteagal 28

Creidiúnú na saotharlann

1. Tacóidh an Ghníomhaireacht, go háirithe trí threoirlínte oiriúnacha a thabhairt do na comhlachtaí creidiúnaithe, le creidiúnú comhchuibhithe na saotharlann ERTMS i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[15].

2. Féadfaidh an Ghníomhaireacht a bheith rannpháirteach sna hathbhreithnithe piaraí a cheanglaítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 mar bhreathnadóir.

CAIBIDIL 7

CÚRAIMÍ A BHAINEANN LE FAIREACHÁN AR AN LIMISTÉIR EORPACH AONAIR IARNRÓID

Airteagal 29

Faireachán ar údaráis náisiúnta sábháilteachta

1. Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar fheidhmíocht agus ar dhéanamh cinntí na n‑údarás náisiúnta sábháilteachta trí bhíthin iniúchta agus cigireachtaí.

2. Beidh an Ghníomhaireacht i dteideal iniúchadh a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

(a) cumas na n‑údarás náisiúnta sábháilteachta cúraimí a bhaineann le sábháilteacht agus idir-inoibritheacht iarnróid a chur i gcrích;

(b) éifeachtacht fhaireachán na n‑údarás náisiúnta sábháilteachta ar chórais bainistíochta sábháilteachta na ngníomhaithe dá dtagraítear in Airteagal 16 den Treoir […] [An Treoir um Shábháilteacht Iarnróid].

Glacfaidh an Bord Bainistíochta an nós imeachta maidir leis na hiniúchtaí a dhéanamh.

3. Déanfaidh an Ghníomhaireacht tuarascálacha iniúchta a eisiúint agus seolfaidh sí chuig an údarás náisiúnta sábháilteachta lena mbaineann agus chuig an gCoimisiún iad. Beidh, go háirithe, liosta d'aon easpaí a aithneoidh an Ghníomhaireacht i ngach tuarascáil iniúchta, chomh maith le moltaí ar son feabhais.

4. Má mheasann an Ghníomhaireacht go gcuireann na heaspaí dá dtagraítear i mír 3 cosc ar an údarás náisiúnta sabháilteachta lena mbaineann a chuid cúraimí ó thaobh sábháilteachta agus idir-inoibritheachta iarnróid de a chur i gcrích, molfaidh an Ghníomhaireacht don údarás sábháilteachta náisiúnta céimeanna oiriúnacha a thógáil laistigh de theorainn ama a shaineofar ag tógáil thábhacht na heaspa san áireamh.

5. I gcás go n‑easaontaíonn údarás náisiúnta sábháilteachta le moladh na Gníomhaireachta dá dtagraítear i mír 4, nó i gcás nach ndéanann údarás náisiúnta sábháilteachta aon ghníomh mar thoradh ar mholadh na Gníomhaireachta laistigh de 3 mhí ón moladh sin a fháil, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh laistigh de sé mhí i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 75.

6. Beidh an Ghníomhaireacht i dteideal cigireachtaí a dhéanamh le nó gan réamhfhógra sna húdaráis náisiúnta sábháilteachta, chun réimsí ar leith dá ngníomhaíochtaí agus dá n‑oibríochtaí a fhíorú, go háirithe doiciméid athbhreithnithe, próisis agus taifid a bhaineann lena gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 16 den Treoir … [An Treoir um Shábháilteacht Iarnróid]. Féadfar na cigireachtaí a dhéanamh ar bhonn ad hoc nó i gcomhréir le plean arna fhorbairt ag an nGníomhaireacht. Ní mhairfidh cigireacht tréimhse níos faide ná dhá lá. Éascóidh údaráis náisiúnta na mBallstát obair fhoireann na Gníomhaireachta. Cuirfidh an Ghníomhaireacht tuarascáil faoi gach cigireacht ar fáil don Choimisiún.

Airteagal 30

Faireachán ar chomhlachtaí measúnaithe comhréireachta dá dtugtar fógra

1. Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar chomhlachtaí measúnaithe comhréireachta dá dtugtar fógra trí bhíthin cúnaimh do na comhlachtaí creidiúnaithe, iniúchta agus cigireachtaí, mar a thuairiscítear i mír 2 go mír 5.

2. Tacóidh an Ghníomhaireacht le creidiúnú comhchuibhithe na gcomhlachtaí measúnaithe comhréireachta dá dtugtar fógra, go háirithe trí threoir oiriúnach a thabhairt do na comhlachtaí creidiúnaithe maidir le critéir mheasúnaithe agus maidir le nósanna imeachta chun measúnú a dhéanamh ar cé acu an gcomhlíonann comhlachtaí dá dtugtar fógra na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 27 den Treoir … [an Treoir maidir le hIdir-inoibritheacht], tríd an bonneagar creidiúnaithe Eorpach arna aithint Airteagal 14 den Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93.

3. I gcás comhlachtaí measúnaithe comhréireachta dá dtugtar fógra nach bhfuil creidiúnaithe i gcomhréir le hAirteagal 24 den Treoir … [An Treoir Idir-inoibritheachta], féadfaidh an Ghníomhaireacht iniúchadh a dhéanamh ar a gcumas na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 27 den Treoir sin a chomhlíonadh. Glacfaidh an Bord Bainistíochta an nós imeachta maidir le hiniúchtaí a dhéanamh.

4. Déanfaidh an Ghníomhaireacht tuarascálacha iniúchta ina gcumhdófar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 3 a eisiúint agus seolfaidh sí chuig an gcomhlacht measúnaithe comhréireachta dá dtugtar fógra lena mbaineann agus chuig an gCoimisiún iad. Beidh, go háirithe, aon easpaí a aithneoidh an Ghníomhaireacht agus moltaí ar son feabhais i ngach tuarascáil iniúchta. Má mheasann an Ghníomhaireacht go gcuireann na heaspaí seo cosc ar an gcomhlacht dá dtugtar fógra lena mbaineann a chuid cúraimí ó thaobh sábháilteachta agus idir-inoibritheachta iarnróid de a chur i gcrích, glacfaidh an Ghníomhaireacht moladh ina n‑iarrfar ar an mBallstát ina bhfuil an comhlacht dá dtugtar fógra sin bunaithe céimeanna a thógáil laistigh de theorainn ama.

5. I gcás go n‑easaontaíonn Ballstát leis an moladh dá dtagraítear i mír 4, nó i gcás nach ndéanann comhlacht dá dtugtar fógra aon ghníomh mar thoradh ar mholadh na Gníomhaireachta laistigh de 3 mhí ón moladh sin a fháil, féadfaidh an Coimisiún tuairim a ghlacadh laistigh de thréimhse sé mhí i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 75.

6. Féadfaidh an Ghníomhaireacht, lena n‑áirítear i gcomhar leis na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta ábhartha, cigireachtaí a dhéanamh le nó gan réamhfhógra ar chomhlachtaí measúnaithe comhréireachta dá dtugtar fógra chun réimsí ar leith dá ngníomhaíochtaí agus dá n‑oibríochtaí a fhíorú, go háirithe doiciméid athbhreithnithe, deimhnithe agus taifid a bhaineann lena gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 27 den Treoir … [An Treoir maidir le hIdir-inoibritheacht Iarnróid]. Féadfar na cigireachtaí a dhéanamh ar bhonn ad hoc nó i gcomhréir le plean arna fhorbairt ag an nGníomhaireacht. Ní mhairfidh cigireacht tréimhse níos faide ná dhá lá. Éascóidh na comhlachtaí measúnaithe comhréireachta dá dtugtar fógra obair fhoireann na Gníomhaireachta. Cuirfidh an Ghníomhaireacht tuarascáil faoi gach cigireacht ar fáil don Choimisiún.

Airteagal 31

Faireachán ar dhul chun cinn na hidir-inoibritheachta agus na sábháilteachta

1. Déanfaidh an Ghníomhaireacht, in éineacht le líonra na gcomhlachtaí náisiúnta imscrúdaithe, sonraí ábhartha a bhailiú faoi thimpistí agus faoi theagmhais, agus déanfaidh sí faireachán ar rannchuidiú na gcomhlachtaí náisiúnta imscrúdaithe le sábháilteacht an chórais iarnróid ina iomláine.

2. Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar fheidhmíocht fhoriomlán sábháilteachta an chórais iarnróid. Féadfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh a lorg go háirithe ó na líonraí dá dtagraítear in Airteagal 34, lena n‑áirítear bailiú sonraí. Bainfidh an Ghníomhaireacht leas freisin ó na sonraí arna mbailiú ag Eurostat agus rachaidh sí i gcomhar le hEurostat chun nach ndéanfar obair a dhúbailt agus lena áirithiú go mbeidh comhsheasmhacht sna modheolaíochtaí a úsáidtear sna táscairí sábháilteachta comhchoiteanna agus sna táscairí a úsáidtear i modhanna eile iompair.

3. Ar iarratas ón gCoimisiún, déanfaidh an Ghníomhaireacht moltaí a eisiúint maidir le conas idir-inoibritheacht na gcóras iarnróid a fheabhsú, go háirithe trí chomhordú a fheabhsú idir gnóthais iarnróid agus bainisteoirí bonneagair, nó idir bainisteoirí bonneagair.

4. Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar dhul chun cinn ó thaobh idir-inoibritheacht agus sábháilteacht na gcóras iarnróid de. Gach ré bliain cuirfidh sé tuarascáil maidir le dul chun cinn ó thaobh idir-inoibritheachta agus sábháilteachta sa Limistéar Aonair Eorpach Iarnróid faoi bhráid an Choimisiúin agus foilseoidh sí freisin í.

5. Ar iarratas ón gCoimisiún, gcuirfidh an Ghníomhaireacht tuarascálacha ar fáil maidir faoi staid chur chun feidhme agus cur i bhfeidhm reachtaíocht an Aontais maidir le sábháilteacht agus idir-inoibritheacht i mBallstát tugtha.

CAIBIDIL 8

CÚRAIMÍ EILE

Airteagal 32

Foireann iarnróid

1. Déanfaidh an Ghníomhaireacht na cúraimí oiriúnacha a bhaineann le foireann iarnróid atá leagtha amach sna hAirteagail 4, 20, 22, 23, 25, 28, 33, 34, 35 agus 37 den Treoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[16].

2. D'fhéadfaí go n‑iarrfadh an Coimisiún ar an nGníomhaireacht cúraimí eile a dhéanamh a bhaineann le foireann iarnróid i gcomhréir le Treoir 2007/59/CE.

3. Rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle le húdaráis inniúla ó thaobh ceisteanna foirne iarnróid de sna cúraimí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2. Féadfaidh an Ghníomhaireacht comhar a chur chun cinn i measc na n‑údarás seo, lena n‑áirítear trí chruinnithe oiriúnacha a eagrú lena n‑ionadaithe.

Airteagal 33

Cláir agus rochtain orthu

1. Bunóidh agus coimeádfaidh an Ghníomhaireacht na cláir Eorpacha dá bhforáiltear in Airteagal 43, Airteagal 44 agus Airteagal 45 den Treoir … [An Treoir maidir le hIdir-inoibritheacht]. Feidhmeoidh an Ghníomhaireacht ina húdarás córais do gach clár agus bunachar sonraí dá dtagraítear sna Treoracha um Shábháilteacht, Idir-inoibritheachta agus Tiománaithe Iarnróid. Áireofar air sin, go háirithe:

(a) sonraíochtaí na gclár a fhorbairt agus a choinneáil;

(b) comhordú ar fhorbairt sna Ballstáit maidir leis na cláir;

(c) treoir a thabhairt maidir leis na cláir do gheallsealbhóirí ábhartha;

(d) moltaí a dhéanamh don Choimisiún maidir le feabhsuithe ar shonraíochtaí na gclár atá ann cheana agus aon ghá atá le cinn nua a bhunú.

2. Cuirfidh an Ghníomhaireacht na doiciméid agus na cláir seo a leanas dá bhforáiltear sa Treoir … [An Treoir maidir le hIdir-inoibritheacht] agus sa Treoir … [An Treoir um Shábháilteacht Iarnróid] ar fáil go poiblí:

(a) dearbhaithe CE maidir le fíorú ar fhochórais;

(b) dearbhuithe comhréireachta CE na gcomhpháirteanna idir-inoibritheachta agus dearbhuithe oiriúnachta úsáide CE na gcomhpháirteanna idir-inoibritheachta;

(c) na ceadúnais a eisítear i gcomhréir le Treoir … [An Treoir lenar bunaíodh Limistéar Aonair Iarnróid Eorpach (athmhúnlú)];

(d) na dearbhuithe sábháilteachta a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 10 den Treoir … [An Treoir um Shábháilteacht Iarnróid];

(e) na tuarascálacha ar imscrúduithe a sheoltar chuig an nGníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 24 den Treoir … [An Treoir um Shábháilteacht Iarnróid];

(f) na rialacha náisiúnta a dtugtar fógra fúthu don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 8 den Treoir … [An Treoir um Shábháilteacht Iarnróid] agus i gcomhréir le hAirteagal 14 den Treoir … [An Treoir maidir le hIdir-inoibritheacht Iarnróid];

(g) cláir na bhfeithiclí, lena n‑áirítear le naisc chuig cláir náisiúnta ábhartha;

(h) na cláir bhonneagair, lena n‑áirítear le naisc chuig cláir náisiúnta ábhartha;

(i) clár Eorpach na gcineálacha údaraithe feithiclí;

(j) clár na n‑iarratas ar athruithe agus na n‑iarratas ar athruithe a bheartaítear a dhéanamh ar shonraíochtaí an ERTMS;

(k) clár na n‑iarratas ar athruithe agus na n‑iarratas ar athruithe a bheartaítear a dhéanamh ar shonraíochtaí STI na bhFeidhmchlár Teileamaitice do Phaisinéirí (TAP) nó ar shonraíochtaí STI na bhFeidhmchlár Teileamaitice do Lasta (TAF);

(l) clár mharcanna na gcoimeádaithe feithiclí a choimeádann an Ghníomhaireacht i gcomhréir leis an STI maidir le hoibriú agus bainistiú tráchta;

(m) tuarascálacha cáilíochta a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 28(2) den Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007.

3. Pléifidh agus comhaontóidh an Coimisiún na Ballstáit na socruithe praiticiúla maidir leis na doiciméid dá dtagraítear i mír 2 a sheoladh ar bhonn dréachta a ullmhóidh an Ghníomhaireacht.

4. Agus na doiciméid dá dtagraítear i mír 2 á seoladh, féadfaidh na comhlachtaí lena mbaineann cibé doiciméid a shonrú ar doiciméid iad nach nochtfar don phobal ar chúiseanna slándála.

5. Tabharfaidh na húdaráis náisiúnta a bheidh freagrach as eisiúint na gceadúnas agus na ndearbhuithe dá dtagraítear i mír 2(c) agus i mír 2(d) fógra don Ghníomhaireacht, laistigh d'aon mhí amháin, maidir le gach cinneadh ar leith chun na ceadúnais agus dearbhuithe sin a eisiúint, a athnuachan, a leasú nó a chúlghairm.

6. Féadfaidh an Ghníomhaireacht aon doiciméad poiblí nó aon nasc atá ábhartha i dtaca le cuspóirí an Rialacháin seo a chur san áireamh sa bhunachar sonraí poiblí, ag tógáil reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le cosaint sonraí san áireamh.

Airteagal 34

Líonraí údarás náisiúnta sábháilteachta, comhlachtaí imscrúdúcháin agus comhlachtaí ionadaíocha

1. Bunóidh an Ghníomhaireacht líonra de na húdaráis náisiúnta sábháilteachta agus líonra de na comhlachtaí imscrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21 den Treoir …/… [An Treoir um Shábháilteacht Iarnróid]. Soláthróidh an Ghníomhaireacht rúnaíocht dóibh. Is iad na cúraimí a bheidh ag na líonraí, go háirithe, ná:

(a) faisnéis a mhalartú a bhaineann le sábháilteacht agus idir-inoibritheacht iarnróid;

(b) dea-chleachtais a chur chun cinn;

(c) sonraí a sholáthar don Ghníomhaireacht maidir le sábháilteacht iarnróid, go háirithe sonraí a bhaineann le táscairí sábháilteachta comhchoiteanna.

Éascóidh an Ghníomhaireacht comhar idir na líonraí seo agus féadfaidh sí go háirithe cinneadh a dhéanamh cruinnithe comhpháirteacha den dá líonra a eagrú.

2. Bunóidh an Ghníomhaireacht líonra de na comhlachtaí ionadaíocha ón earnáil iarnróid atá ag feidhmiú ar leibhéal an Aontais. Saineofar liosta de na comhlachtaí seo i gníomh cur chun feidhme a ghlacfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 75. Soláthróidh an Ghníomhaireacht rúnaíocht don líonra. Is iad na cúraimí a bheidh ag an líonra, go háirithe, ná:

(d) faisnéis a mhalartú a bhaineann le sábháilteacht agus idir-inoibritheacht iarnróid;

(e) dea-chleachtais a chur chun cinn;

(f) sonraí a sholáthar don Ghníomhaireacht maidir le sábháilteacht agus idir-inoibritheacht iarnróid.

3. Féadfaidh na líonraí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 tuairimí neamhcheangailteacha a eisiúint maidir leis na dréachtmholtaí dá dtagraítear in Airteagal 9(2).

4. Féadfaidh an Ghníomhaireacht líonraí eile a bhunú le comhlachtaí nó le húdaráis a mbeidh freagracht orthu as cuid den chóras iarnróid.

5. Féadfaidh an Coimisiún páirt a ghlacadh i gcruinnithe na líonraí dá dtagraítear san Airteagal seo.

Airteagal 35

Cumarsáid agus scaipeadh

Déanfaidh an Ghníomhaireacht creat Eorpach na reachtaíochta, caighdeán agus treorach iarnróid a chur in iúl agus a scaipeadh chuig geallsealbhóirí ábhartha, i gcomhréir le pleananna cumarsáide agus scaipthe ábhartha a ghlacfaidh an Bord Bainistíochta. Tabharfaidh an Bord Bainistíochta na pleananna sin cothrom le dáta go rialta, bunaithe ar anailís ar riachtanais.

Airteagal 36

Taighde agus cur chun cinn na nuálaíochta

1. Rannchuideoidh an Ghníomhaireacht, ar iarratas ón gCoimisiún, le gníomhaíochtaí taighde iarnróid ar leibhéal an Aontais, lena n‑áirítear trí thacaíocht a thabhairt do sheirbhísí ábhartha an Choimisiúin agus do chomhlachtaí ionadaíochta. Beidh an rannchuidiú seo gan dochar do ghníomhaíochtaí eile taighde ar leibhéal an Aontais.

2. Féadfaidh an Coimisiún cúram a chur ar an nGníomhaireacht nuálaíocht a chur chun cinn a bhfuil sé mar aidhm léi idir-inoibritheacht agus sábháilteacht iarnróid a fheabhsú, go háirithe úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí nua faiséise agus as córais rianaithe.

Airteagal 37

Cúnamh don Choimisiún

1. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht, ar iarratas ón gCoimisiún, cúnamh don Choimisiún i gcur chun feidhme reachtaíocht an Aontais a mbeidh sé de chuspóir aici leibhéal idir-inoibritheachta na gcóras iarnróid a fheabhsú agus cur chuige comhchoiteann a fhorbairt i leith na sábháilteachta sa chóras Eorpach iarnróid.

2. Féadfar go n‑áireofaí sa chúnamh sin:

(a) comhairle theicniúil a sholáthar maidir le hábhair a éilíonn fios gnóithe sonrach;

(b) faisnéis a bhailiú trí na gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 34.

Airteagal 38

Cúnamh le measúnú ar thionscadail iarnróid

Gan dochar do na maoluithe dá bhforáiltear in Airteagal 9 den […] [An Treoir maidir le hIdir-inoibritheacht Iarnróid], déanfaidh an Ghníomhaireacht, ar iarratas ón gCoimisiún, scrúdú, ó thaobh na hidir-inoibritheachta agus na sábháilteachta de, ar aon tionscadal a bhaineann le dearadh, le tógáil, le hathnuachan nó le huasghrádú an fhochórais a bhfuil iarratas déanta ar thacaíocht airgeadais an Aontais ina leith.

Laistigh de thréimhse a chomhaontófar leis an gCoimisiún de réir thábhacht an tionscadail agus de réir na n‑acmhainní a bheidh ar fáil agus nach faide ná dhá mhí í, tabharfaidh an Ghníomhaireacht tuairim uaithi an bhfuil an tionscadal i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha idir-inoibritheachta agus sábháilteachta iarnróid.

Airteagal 39

Cúnamh do Bhallstáit, do thíortha is iarrthóirí agus do gheallsealbhóirí

1. Ar a thionscnamh féin nó ar iarratas ón gCoimisiún, ó Bhallstáit, ó thíortha is iarrthóirí nó ó na gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 34, tabharfaidh an Ghníomhaireacht faoi ghníomhaíochtaí oiliúna agus faoi ghníomhaíochtaí oiriúnacha eile a bhaineann le reachtaíocht idir-inoibritheachta agus sábháilteachta iarnróid agus táirgí gaolmhara na Gníomhaireachta amhail cláir, treoracha cur chun feidhme nó moltaí a chur i bhfeidhm agus a mhíniú.

2. Déanfaidh an Bord cinneadh maidir le cineál agus fairsinge na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 agus cuirfear san áireamh sa chlár oibre iad.

Airteagal 40

Caidreamh idirnáisiúnta

1. A mhéid is gá chun na cuspóirí atá leagtha amach sa Rialachán seo a bhaint amach, agus gan dochar d’inniúlachtaí faoi seach na mBallstát agus institiúidí an Aontais, lena n‑áirítear an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, féadfaidh an Ghníomhaireacht teagmhálacha a fhorbairt agus comhaontuithe riaracháin a dhéanamh le húdaráis mhaoirseachta, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le córais riaracháin tríú tíortha atá inniúil ó thaobh cúrsaí a chumhdaítear faoi ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, ar mhaithe le coinneáil cothrom le dáta maidir le forbairtí eolaíochta agus teicniúla agus lena n‑áirithiú go gcuirfear reachtaíocht agus caighdeáin iarnróid an Aontais Eorpaigh chun cinn.

2. Ní chruthóidh na socruithe sin oibleagáidí dlíthiúla i dtaca leis an Aontas agus lena Bhallstáit, ná ní choiscfidh siad Ballstáit agus a gcuid údarás inniúil ó shocruithe déthaobhacha nó ó shocruithe iltaobhacha a thabhairt i gcrích leis na húdaráis mhaoirseachta sin, leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta sin agus leis na córais riaracháin sin de chuid tríú tíortha. Beidh na socruithe agus an comhar sin faoi réir plé roimh ré leis an gCoimisiún agus tuairiscí rialta a thabhairt don Choimisiún.

3. Glacfaidh an Bord Bainistíochta straitéis i gcomhair caidreamh le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta a bhaineann le cúrsaí lena bhfuil inniúlacht ag an nGníomhaireacht ina leith. Beidh an straitéis sin san áireamh i gclár oibre bliantúil agus ilbhliantúil na Gníomhaireachta, ina sonrófar na hacmhainní a ghabhann léi.

Airteagal 41

Comhordú i dtaca le páirteanna spártha

Rannchuideoidh an Ghníomhaireacht le páirteanna spártha iarnróid a aithint a d'fhéadfaí caighdeánú a dhéanamh orthu. Chuige seo, féadfaidh an Ghníomhaireacht meitheal a bhunú ar mhaithe le gníomhaíochtaí na ngeallsealbhóirí a chomhardú agus féadfaidh sí teagmhálacha a bhunú le comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú. Cuirfidh an Ghníomhaireacht moltaí oiriúnacha faoi bhráid an Choimisiúin.

CAIBIDIL 9

EAGRÚCHÁN NA GNÍOMHAIREACHTA

Airteagal 42

Struchtúr riaracháin agus bainistíochta

Is éard a bheidh i struchtúr riaracháin agus bainistíochta na Gníomhaireachta:

(a) Bord Bainistíochta, a fheidhmeoidh na feidhmeanna atá leagtha amach in Airteagal 47;

(b) Bord Feidhmiúcháin, a fheidhmeoidh na feidhmeanna atá leagtha amach in Airteagal 49;

(c) Bainisteoir Feidhmiúcháin, a fheidhmeoidh na freagrachtaí atá leagtha amach in Airteagal 50;

(d) Bord Achomhairc, a fheidhmeoidh na freagrachtaí atá leagtha amach in Airteagail 54-56.

Airteagal 43

Comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta

1. Is éard a bheidh sa Bhord Bainistíochta ionadaí amháin ó gach Ballstát agus ceathrar ionadaí ón gCoimisiún, a bhfuil ceart vótála ag gach duine acu.

Áireofar sa Bhord Bainistíochta chomh maith seisear ionadaí, nach bhfuil ceart vótála acu, a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann na ngrúpaí seo a leanas ar an leibhéal Eorpach:

(a) gnóthais iarnróid;

(b) bainisteoirí bonneagair;

(c) an tionscal iarnróid;

(d) ceardchumainn;

(e) paisinéirí;

(f) custaiméirí lastais.

I gcás gach ceann de na grúpaí sin, ceapfaidh an Coimisiún ionadaí agus ionadaí malartach ó ghearrliosta de cheithre ainm arna gcur isteach ag a n‑eagraíochtaí Eorpacha faoi seach.

2. Ceapfar comhaltaí an bhoird agus a malartaigh i bhfianaise a gcuid eolais ar phríomhghnó na gníomhaireachta, ag cur san áireamh scileanna ábhartha bainistíochta, riaracháin agus buiséadacha. Ba cheart do na páirtithe uile iarracht a dhéanamh ráta athraithe a n‑ionadaithe ar an mBord a theorannú chun leanúnachas obair an Bhoird a áirithiú. Díreoidh na páirtithe uile ar ionadaíocht chothrom idir fir agus mná a bhaint amach ar an mBord Bainistíochta.

3. Ceapfaidh gach Ballstát agus an Coimisiún a gcomhaltaí ar an mBord Bainistíochta agus ceapfaidh siad malartach a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann an chomhalta nuair a bheidh sé as láthair.

4. Ceithre bliana a bheidh sa tréimhse oifige agus féadfar í a athnuachan.

5. Nuair is iomchuí, bunófar rannpháirtíocht ionadaithe tríú tíortha agus na coinníollacha a bhaineann léi sin sna socruithe dá dtagraítear in Airteagal 68.

Airteagal 44

Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta

1. Toghfaidh an Bord Bainistíochta, trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí atá i dteideal vótáil, Cathaoirleach a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann Ballstát agus Leas‑Chathaoirleach as measc a chomhaltaí.

Glacfaidh an Leas‑Chathaoirleach ionad an Chathaoirligh sa chás nach mbeidh an Cathaoirleach ábalta a chuid/a cuid dualgas a chomhlíonadh.

2. Is ceithre bliana a bheidh sa tréimhse oifige don Chathaoirleach agus don Leas‑Chathaoirleach agus féadfar í a athnuachan. Más rud é, áfach, go bhfuil deireadh lena gcomhaltas sa Bhord Bainistíochta tráth ar bith le linn a dtéarma oifige, rachaidh a dtéarma oifige in éag go huathoibríoch ar an dáta sin chomh maith.

Airteagal 45

Cruinnithe

1. Is é an Cathaoirleach a thionólfaidh cruinnithe an Bhoird Bainistíochta. Beidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta rannpháirteach sna cruinnithe.

2. Tiocfaidh an Bord Bainistíochta le chéile dhá uair sa bhliain ar a laghad. Tiocfaidh sé le chéile freisin ar thionscnamh an Chathaoirligh, arna iarraidh sin don Choimisiún, arna iarraidh sin do thromlach a chomhaltaí nó d’aon trian d’ionadaithe na mBallstát ar an mBord.

Airteagal 46

Vótáil

Mura ndearbhaítear a mhalairt, déanfaidh an Bord Bainistíochta a chinntí trí thromlach glan dá chomhaltaí atá i dteideal vótáil. Beidh vóta amháin ag gach comhalta atá i dteideal vótáil.

Airteagal 47

Feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta

1. Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an Ghníomhaireacht a cuid cúraimí, déanfaidh an Bord Bainistíochta an méid seo a leanas:

(g) an Tuarascáil Bhliantúil ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta sa bhliain roimhe sin a ghlacadh, í a sheoladh, faoin 1 Iúil, chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus Cúirt na nIniúchóirí agus í a phoibliú.

(h) clár oibre bliantúil na Gníomhaireachta don bliain ina dhiaidh sin agus clár oibre ilbhliantúil straitéiseach a ghlacadh gach bliain, trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí atá i dteideal vótáil, tar éis tuairim an Choimisiúin a fháil agus i gcomhréir le hAirteagal 48;

(i) buiséad bliantúil na Gníomhaireachta a ghlacadh, trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí atá i dteideal vótáil, agus feidhmeanna eile i ndáil le buiséad na Gníomhaireachta a fheidhmiú, i gcomhréir le Caibidil 10;

(j) nósanna imeachta a bhunú le haghaidh chinnteoireacht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin;

(k) beartas a ghlacadh maidir le cuairteanna de bhun Airteagal 10;

(l) a rialacha nós imeachta a bhunú;

(m) na pleananna maidir le cumarsáid agus scaipeadh dá dtagraítear in Airteagal 35 a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta;

(n) nósanna imeachta a ghlacadh maidir leis na hiniúchtaí dá dtagraítear in Airteagal 29 agus Airteagal 30 a dhéanamh;

(o) i gcomhréir le mír 2, cumhachtaí an údaráis cheapacháin arna dtabhairt dóibh leis na Rialacháin Foirne agus leis na Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile maidir leis an údarás a bhfuil sé de chumhacht aige conradh fostaíochta a chur i gcrích a fheidhmiú i ndáil le foireann na Gníomhaireachta (‘cumhachtaí an údaráis ceapacháin’);

(p) rialacha iomchuí cur chun feidhme a oiriúnú do Rialacháin Foirne agus do na Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne;

(q) an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh agus d'fhéadfaí a théarma oifige a shíneadh nó é a chur as oifig trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí atá i dteideal vótáil, i gcomhréir le hAirteagal 62.

(r) straitéis frithchalaoise a ghlacadh, atá comhréireach leis na rioscaí calaoise ag féachaint do chostas‑sochar na mbeart atá le cur chun feidhme;

(s) obair leantach leormhaith ar thorthaí agus moltaí a thagann as imscrúduithe de chuid na hOifige Eorpaí Frith‑Chalaoise (OLAF) a áirithiú agus as na tuarascálacha iniúchta agus meastóireachtaí inmheánacha nó seachtracha éagsúla;

(t) rialacha a ghlacadh maidir le cosc agus bainistiú coinbhleachtaí leasa i ndáil le comhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus an Bhoird Achomhairc.

2. Glacfaidh an Bord Bainistíochta, i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne, cinneadh bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de na Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile lena dtarmligtear cumhachtaí ábhartha na n‑údarás ceapacháin chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus lena sainítear na coinníollacha faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí seo a fhionraí. Údaraítear an Stiúrthóir Feidhmiúcháin chun na cumhachtaí sin a fhotharmligean.

I gcur i bhfeidhm na fomhíre roimhe seo, i gcás inar gá in imthosca fíoreisceachtúla, féadfaidh an Bord Bainistíochta trí bhíthin cinnidh, tarmligean cumhachtaí na n‑údarás ceapacháin chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus na cumhachtaí sin arna bhfotharmligean ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a fhionraí go sealadach, agus iad a fheidhmiú é féin nó iad a tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó chuig ball foirne seachas an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Airteagal 48

Cláir oibre bhliantúla agus ilbhliantúla

1. Glacfaidh Bord na Gníomhaireachta an clár oibre faoin 30 Samhain gach bliain, agus tuairim an Choimisiúin á cur san áireamh, agus cuirfidh sé ar aghaidh é chuig na Ballstáit, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus chuig na gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 34.

2. Glacfar an clár oibre gan dochar do nós imeachta buiséadach bliantúil an Aontais. Más rud é go gcuireann an Coimisiún in iúl, laistigh de 15 lá ón dáta a nglactar an clár oibre, nach n‑aontaíonn sé leis an gclár, athscrúdóidh an Bord Bainistíochta an clár agus glacfaidh sé é, mar atá leasaithe más gá, laistigh de thréimhse dhá mhí, ar an dara léamh cibé acu trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí atá i dteideal vótáil, lena n‑áirítear ionadaithe uile an Choimisiúin, nó trí aontoilíocht ionadaithe na mBallstát.

3. Sainaithneofar cuspóirí gach gníomhaíochta i gclár oibre na Gníomhaireachta. De ghnáth, beidh gach gníomhaíocht agus tionscadal nasctha go soiléir leis na hacmhainní is gá lena gcur i gcrích, i gcomhréir le prionsabail bhuiséadú de réir gníomhaíochtaí agus bhainistiú de réir gníomhaíochtaí agus leis an nós imeachta um measúnú tionchair luath dá bhforáiltear i mír 2 d’Airteagal 7.

4. Leasóidh an Bord Bainistíochta, más gá, an clár oibre arna ghlacadh nuair a thabharfar cúram nua don Ghníomhaireacht. Beidh cuimsiú an chúraim nua sin faoi réir anailíse ar na hacmhainní daonna agus buiséadacha agus féadfaidh sé bheith faoi réir cinnidh lena bhfionrófar cúraimí eile.

5. Déanfaidh an Bord Bainistíochta clár oibre ilbhliantúil straitéiseach a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta faoin 30 Samhain gach bliain. Cuirfear tuairim an Choimisiúin san áireamh. Rachfar i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus na gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 34 maidir leis an dréacht. Cuirfear an clár oibre ilbhliantúil arna ghlacadh ar aghaidh chuig na Ballstáit, Parlaimint na hEorpa, an Coimisiún agus chuig na líonraí dá dtagraítear in Airteagal 34.

Airteagal 49

An Bord Feidhmiúcháin

1. Beidh Bord Feidhmiúcháin de chúnamh ag an mBord Bainistíochta.

2. Ullmhóidh an Bord Feidhmiúcháin cinntí a bheidh le glacadh ag an mBord Bainistíochta. Nuair is gá, ar chúiseanna práinne, déanfaidh sé cinntí sealadacha áirithe thar ceann an Bhoird Bainistíochta, go háirithe maidir le cúrsaí riaracháin agus buiséadacha.

I gcomhar leis an mBord Bainistíochta, áiritheoidh sé obair leantach leormhaith ar thorthaí agus moltaí a thagann as imscrúduithe de chuid na hOifige Eorpaí Frith‑Chalaoise (OLAF) agus as na tuarascála iniúchta agus meastóireachtaí inmheánacha nó seachtracha éagsúla;

Gan dochar do fhreagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, mar atá leagtha amach in Airteagal 30, beidh sé de chúnamh aige agus tabharfaidh sé comhairle maidir le cur chun feidhme chinntí an Bhoird Bainistíochta, d’fhonn maoirseacht ar bhainistiú riaracháin agus buiséadach a threisiú.

3. Beidh an Bord Feidhmiúcháin comhdhéanta de Chathaoirleach an Bhoird Bainistíochta, ionadaí amháin ón gCoimisiúin agus [ceathrar] comhalta eile ón mBord Bainistíochta. Ceapfaidh an Bord Bainistíochta comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin agus a chathaoirleach.

4. Is ionann téarma oifige chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin agus téarma oifige chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta.

5. Tiocfaidh an Bord Feidhmiúcháin le chéile gach trí mhí ar a laghad. Tionólfaidh cathaoirleach an Bhoird Feidhmiúcháin cruinnithe breise arna iarraidh sin do chomhaltaí an Bhoird.

6. Leagfaidh an Bord Bainistíochta síos rialacha nós imeachta an Bhoird Feidhmiúcháin.

Airteagal 50

Dualgais an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

1. Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, a mbeidh neamhspleáchas iomlán aige i gcomhlíonadh a chúraimí, a dhéanfaidh bainistiú ar an nGníomhaireacht. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach don Bhord Bainistíochta as a chuid gníomhaíochtaí.

2. Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin, an Bhoird Bainistíochta, ná an Bord Feidhmiúcháin, ní dhéanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin treoracha a iarraidh ná a ghlacadh ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht eile.

3. Tuairisceoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin do Pharlaimint na hEorpa maidir le comhlíonadh a chuid dualgas nuair a iarrfar sin air. Féadfaidh an Chomhairle a iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisciú maidir le comhlíonadh a chuid dualgas.

4. Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ionadaí dlíthiúil na Gníomhaireachta. Glacfaidh sé cinntí, moltaí, tuairimí agus gníomhartha foirmiúla eile na Gníomhaireachta

5. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as bainistiú riaracháin na Gníomhaireachta agus as cur chun feidhme na gcúraimí arna sannadh di leis an Rialachán seo. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as an méid seo a leanas, go háirithe:

(a) riarachán laethúil na Gníomhaireachta;

(b) na cinntí arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta a chur chun feidhme;

(c) an clár oibre bliantúil agus an clár oibre ilbhliantúil straitéiseach a ullmhú agus iad a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún;

(d) an clár oibre bliantúil agus an clár oibre ilbhliantúil straitéiseach a chur chun feidhme agus, a mhéid is féidir, freagairt d'iarrataí ar chúnamh ón gCoimisiún i ndáil le cúraimí na Gníomhaireachta i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(e) tuairisciú don Bhord Bainistíochta maidir leis an gclár oibre ilbhliantúil straitéiseach a chur chun feidhme;

(f) na céimeanna is gá a ghlacadh, go háirithe treoracha riaracháin inmheánaigh a ghlacadh agus orduithe a fhoilsiú, lena áirithiú go n‑oibríonn an Ghníomhaireacht i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(g) córas faireacháin éifeachtach a bhunú chun torthaí na Gníomhaireachta a chur i gcomparáid lena cuspóirí oibríochtúla agus córas measúnaithe rialta a bhunú a chomhfhreagraíonn do chaighdeáin ghairmiúla aitheanta;

(h) dréacht‑tuarascáil ghinearálta a ullmhú gach bliain ar bhonn na gcóras faireacháin agus measúnaithe dá dtagraítear i bpointe (g), agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta;

(i) dréacht‑ráiteas na Gníomhaireachta ar mheastacháin ioncaim agus caiteachais na Gníomhaireachta a ullmhú de bhun Airteagal 58 agus an buiséad a chur chun feidhme de bhun Airteagal 59;

(j) an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a ullmhú agus í a thíolacadh don Bhord Bainistíochta le measúnú a dhéanamh uirthi.

(k) plean gníomhaíochta ag leanúint as conclúidí na meastóireachtaí cúlghabhálacha a ullmhú agus tuairisciú don Choimisiún dhá uair sa bhliain ar dhul chun cinn;

(l) leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha in aghaidh calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí mídhleathacha eile a chur i bhfeidhm, trí sheiceálacha éifeachtacha agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna á íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inar iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais a bheidh éifeachtach, chomhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm.

(m) straitéis frithchalaoise na Gníomhaireachta a ullmhú agus é a thíolacadh don Bhord Bainistíochta lena formheas;

(n) dréacht‑rialachán airgeadais na Gníomhaireachta a ullmhú le glacadh ag an mBord Bainistíochta faoi Airteagal 60, agus a rialacha cur chun feidhme.

Airteagal 51

Cruthú agus comhdhéanamh na mBord Achomhairc

1. Bunóidh an Ghníomhaireacht Bord Achomhairc amháin nó níos mó.

2. Beidh Bord Achomhairc comhdhéanta de Cathaoirleach agus beirt chomhalta. Beidh comhaltaí malartacha acu chun ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann nuair a bheidh siad as láthair.

3. Ceapfaidh an Bord Bainistíochta an Cathaoirleach, na comhaltaí eile agus a malartaigh ó liosta d’iarrthóirí incháilithe arna bhunú ag an gCoimisiún.

4. I gcás ina measann an Bord Achomhairc go bhfuil gá leis de bharr chineál an achomhairc, féadfaidh sé a iarraidh ar an mBord Bainistíochta beirt chomhalta bhreise agus a malartaigh a cheapadh ón liosta dá dtagraítear i mír 3.

5. Ar mholadh ón nGníomhaireacht, bunóidh an Ghníomhaireacht rialacha nós imeachta an Bhoird Achomhairc, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta agus i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 75.

Airteagal 52

Comhaltaí an Bhoird Achomhairc

1. Mairfidh téarma oifige chomhaltaí agus mhalartaigh an Bhoird Achomhairc ceithre bliana agus féadfar é a athnuachan.

2. Beidh comhaltaí an Bhoird Achomhairc neamhspleách agus ní fhéadfaidh siad aon dualgais eile a chomhlíonadh laistigh den Ghníomhaireacht. Ní bheidh siad faoi cheangal ag aon treoir agus a gcinntí á ndéanamh acu.

3. Ní fhéadfar comhaltaí Boird Achomhairc a chur as oifig nó a bhaint de liosta na n‑iarrthóirí incháilithe le linn a dtéarmaí oifige, mura bhfuil cúiseanna tromchúiseacha ann é sin a dhéanamh agus go gcinneann an Coimisiún an méid sin a dhéanamh, tar éis dó tuairim an Bhoird Bainistíochta a fháil.

Airteagal 53

Eisiamh agus agóid

1. Ní fhéadfaidh comhaltaí an Bhoird Achomhairc páirt a ghlacadh in aon imeachtaí achomhairc má bhíonn leas pearsanta acu iontu, má bhí baint acu cheana leis na himeachtaí mar ionadaithe ar dhuine de na páirtithe iontu, ná má bhí siad rannpháirteach sa chinneadh a bhfuil achomharc á dhéanamh ina aghaidh.

2. Maidir le comhaltaí an Bhoird Achomhairc a mheasann nach ceart dóibh páirt a ghlacadh in aon imeacht achomhairc ar cheann de na cúiseanna dá dtagraítear i mír 1 nó ar aon chúis eile, cuirfidh siad an méid sin in iúil don Bhord Achomhairc agus cinnfidh an Bord Achomhairc ar an eisiamh dá réir.

Airteagal 54

Cinntí atá faoi réir achomhairc

1. Féadfar achomharc a thabhairt os comhair an Bhoird Achomhairc in aghaidh cinntí arna nglacadh ag an nGníomhaireacht de bhun Airteagail 12, 16, 17 agus 18.

2. Ní bheidh éifeacht fionraíochta ag achomharc a thaiscfear de bhun mhír 1. Féadfaidh an Ghníomhaireacht, áfach, cur i bhfeidhm an chinnidh a bhfuiltear ag déanamh achomhairc ina aghaidh a fhionraí, má mheasann sí go gceadófar sin sna himthosca.

Airteagal 55

Daoine atá i dteideal achomhairc, teorainn ama agus foirm

1. Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach achomharc a dhéanamh in aghaidh cinnidh a dhíríonn an Ghníomhaireacht ar an duine sin de bhun Airteagal 12, 16, 17 agus 18.

2. Déanfar an t‑achomharc, mar aon le ráiteas ar an bhforas atá leis, a chomhdú i scríbhinn sa Ghníomhaireacht laistigh de dhá mhí ón uair a thabharfar fógra faoin mbeart don duine i dtrácht nó, mura dtugtar fógra don duine faoin mbeart, laistigh de dhá mhí ón lá a cuireadh in iúl dó é.

Airteagal 56

Scrúdú ar achomhairc agus cinntí fúthu

1. Agus an t‑achomharc á scrúdú, gníomhóidh an Bord Achomhairc go pras. Tabharfaidh sé cuireadh, a mhinice is gá, do na páirtithe sna himeachtaí achomhairc barúlacha a chomhdú laistigh de theorainneacha sonraithe ama maidir leis na fógraí a eiseoidh sé féin, nó maidir le cumarsáidí ó na páirtithe eile sna himeachtaí achomhairc. Féadfaidh páirtithe sna himeachtaí achomhairc cur i láthair a dhéanamh ó bhéal.

2. Féadfaidh an Bord Achomhairc cumhacht iomchuí a fheidhmiú a thagann faoi inniúlacht na Gníomhaireachta nó féadfaidh sé an cás a tharchur chuig comhlacht inniúil na Gníomhaireachta Beidh cinneadh an Bhoird Achomhairc ina cheangal ar an gcomhlacht inniúil.

Airteagal 57

Caingne os comhair na Cúirte Breithiúnais

1. Ní fhéadfar caingne le haghaidh chealú chinntí na Gníomhaireachta arna ndéanamh de bhun Airteagail 12, 16, 17 agus 18 a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ach amháin nuair atáthar tar éis dul ar iontaoibh nósanna imeachta achomhairc uile laistigh den Ghníomhaireacht agus nár éirigh leo.

2. Déanfaidh an Ghníomhaireacht na bearta uile is gá chun breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh.

CAIBIDIL 10

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 58

Buiséad

1. Ullmhófar meastacháin ar ioncam agus caiteachas go léir na Gníomhaireachta le haghaidh gach bliana airgeadais, i gcomhthráth leis an mbliain féilire, agus leagfar amach iad i mbuiséad na Gníomhaireachta. Beidh an t‑ioncam agus an caiteachas i gcothromaíocht.

2. Is éard a bheidh in ioncam na Gníomhaireachta:

(a) ranníocaíocht ón Aontas,

(b) aon ranníocaíocht ó thríú tíortha a rannchuidíonn le hobair na Gníomhaireachta, dá bhforáiltear in Airteagal 68,

(c) na táillí a d’íoc na hiarratasóirí ar dheimhnithe agus údaruithe agus sealbhóirí na ndeimhnithe agus na n‑údaruithe sin arna n‑eisiúint ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagail 12, 16, 17 agus 18;

(d) muirir ar fhoilseacháin, ar oiliúint agus ar aon seirbhísí eile a chuireann an Ghníomhaireacht ar fáil;

(e) aon ranníocaíocht dheonach airgeadais ó Bhallstáit, ó thríú tíortha nó ó eintitis eile, fad is nach gcuirfeadh an ranníocaíocht sin isteach ar neamhspleáchas agus ar neamhchlaontacht na Gníomhaireachta.

3. Áireofar le caiteachas na Gníomhaireachta costais foirne, costais riaracháin, costais bonneagair agus costais oibríochtúla.

4. Beidh an t‑ioncam agus an caiteachas i gcothromaíocht.

5. Gach bliain, soláthróidh an Bord Bainistíochta, ar bhonn dréachta arna dhéanamh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar bhonn buiséadú de réir gníomhaíochtaí, ráiteas faoi mheastacháin ar ioncam agus caiteachas don Ghníomhaireacht le haghaidh na bliana airgeadais ina dhiaidh sin. Cuirfidh an Bord Bainistíochta an ráiteas faoi mheastacháin, a chuimseoidh dréachtphlean bunaíochta, chuig an gCoimisiún faoi 31 Eanáir ar a dhéanaí.

6. Cuirfidh an Coimisiún an ráiteas faoi mheastacháin ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (dá ngairtear an t‑údarás buiséadach anseo feasta) mar aon le réamh‑dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais.

7. Ar bhonn an ráitis faoi mheastacháin, iontrálfaidh an Coimisiún i réamh‑dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais na meastacháin a mheasann sé a bheith riachtanach le haghaidh an phlean bunaíochta agus méid an fhóirdheontais atá le gearradh ar an mbuiséad ginearálta, rud a chuirfidh sé faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh i gcomhréir le hAirteagal 314 den Chonradh, mar aon le tuairisc ar aon difríocht, agus údar maith léi, idir ráiteas na Gníomhaireachta faoi mheastacháin agus an fóirdheontas atá le gearradh ar an mbuiséad ginearálta.

8. Údaróidh an t‑údarás buiséadach na leithreasuithe i gcomhair an fhóirdheontais arna thabhairt don Ghníomhaireacht. Glacfaidh an t‑údarás buiséadach an plean bunaíochta i gcomhair na Gníomhaireachta.

9. Glacfaidh an Bord Bainistíochta an buiséad, trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí atá i dteideal vótáil. Beidh buiséad na Gníomhaireachta críochnaitheach ón uair a ghlacfar go críochnaitheach buiséad ginearálta an Aontais. I gcás inar iomchuí, déanfar é a choigeartú dá réir sin.

10. Tabharfaidh an Bord Bainistíochta fógra, a luaithe is féidir, don údarás buiséadach faoi aon tionscadal atá ar intinn aige a chur chun feidhme a bhféadfadh impleachtaí suntasacha airgeadais a bheith aige ar mhaoiniú an bhuiséid, go háirithe faoi aon tionscadail a bhaineann le maoin amhail foirgnimh a fháil ar cíos nó a cheannach. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin. I gcás ina gcuireann brainse den údarás buiséadach in iúl go bhfuil sé ar intinn aige tuairim a thabhairt faoin tionscadal, cuirfidh sé a thuairim ar aghaidh chuig an mBord Bainistíochta tráth nach déanaí ná sé seachtaine ó dháta fógartha an tionscadail.

Airteagal 59

An buiséad a chur chun feidhme agus a rialú

1. Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chuirfidh buiséad na Gníomhaireachta chun feidhme.

2. Faoin 1 Márta, ar a dhéanaí, i ndiaidh gach bliana airgeadais, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta na Gníomhaireachta na cuntais shealadacha chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin mar aon le tuarascáil ar an mbainistiú buiséadach agus airgeadais don bhliain airgeadais sin. Déanfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na n‑institiúidí agus na gcomhlachtaí díláraithe a chomhdhlúthú i gcomhréir le hAirteagal 147 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (An Rialacháin Airgeadais ginearálta)

3. Faoin 31 Márta, ar a dhéanaí, i ndiaidh gach bliana airgeadais, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na Gníomhaireachta ar aghaidh chuig an gCúirt Iniúchóirí, mar aon le tuarascáil ar an mbainistiú buiséadach agus airgeadais don bhliain airgeadais sin. Cuirfear an tuarascáil ar an mbainistiú buiséadach agus airgeadais don bhliain airgeadais sin ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle chomh maith.

Scrúdóidh an Chúirt Iniúchóirí na cuntais sin i gcomhréir le hAirteagal 287 den Chonradh. Foilseoidh sí tuarascáil ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta gach bliain.

4. Nuair a gheobhaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin barúlacha na Cúirte Iniúchóirí maidir le cuntais shealadacha na Gníomhaireachta, déanfaidh sé, de bhun Airteagal 148 den Rialachán Airgeadais ginearálta, cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta a tharraingt suas ar a chúram féin agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta iad chun tuairim a fháil.

5. Tabharfaidh an Bord Bainistíochta tuairim uaidh maidir le cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta.

6. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, faoi 1 Iúil ar a dhéanaí i ndiaidh gach bliana airgeadais, na cuntais chríochnaitheacha, mar aon le tuairim an Bhoird Bainistíochta, a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

7. Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha.

8. Cuirfidh an Stiúrthóir freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí maidir lena barúlacha faoin 30 Meán Fómhair tar éis gach bliana airgeadais, ar a dhéanaí. Cuirfidh sé an freagra sin chuig an mBord Bainistíochta freisin.

9. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, aon fhaisnéis is gá faoi bhráid na Parlaiminte chun an nós imeachta urscaoilte a chur i bhfeidhm go rianúil don bhliain airgeadais i dtrácht, i gcomhréir le hAirteagal 165(3) den Rialachán Airgeadais ginearálta.

10. Tabharfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, urscaoileadh don Stiúrthóir Feidhmiúcháin roimh an 30 Aibreán den bhliain n+2 i leith chur chun feidhme an bhuiséid i gcomhair na bliana N.

Airteagal 60

Rialachán Airgeadais

Glacfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní imeoidh siad ó Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002[17] mura bhfuil gá sonrach leis sin le haghaidh oibriú na Gníomhaireachta agus mura bhfuil réamhthoiliú faighte ón gCoimisiún.

CAIBIDIL 11

An Fhoireann

Airteagal 61

Forálacha ginearálta

1. Beidh feidhm ag Rialacháin Foirne agus ag Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh agus ag na rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir institiúidí an Aontais Eorpaigh chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne sin, maidir le foireann na Gníomhaireachta.

2. Chun leasa na seirbhíse, earcóidh an Ghníomhaireacht:

(a) baill foirne atá incháilithe le haghaidh conartha tréimhse éiginnte.

(b) baill foirne nach bhfuil incháilithe le haghaidh conartha tréimhse éiginnte.

Glacfar rialacha iomchuí cur chun feidhme don mhír seo i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne.

3. Glacfaidh an Ghníomhaireacht bearta riaracháin iomchuí chun a seirbhísí a eagrú le haon choinbhleacht leasa a sheachaint.

Airteagal 62

An Stiúrthóir Feidhmiúcháin

1. Ceapfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin mar ghníomhaire sealadach de chuid na gníomhaireachta faoi Airteagal 2(a) de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

2. Ceapfaidh an Bord Bainistíochta an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ó liosta iarrthóirí arna moladh ag an gCoimisiún, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach.

Chun críche chonradh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a thabhairt i gcrích, déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta ionadaíocht thar ceann na Gníomhaireachta.

Sula ndéanfar an ceapachán, féadfar a iarraidh ar an iarrthóir a roghnóidh an Bord Riaracháin ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna ó chomhaltaí an choiste sin a fhreagairt.

3. Cúig bliana a mhairfidh téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin . Faoi dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ina gcuirfear san áireamh measúnú ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus cúraimí agus dúshláin na Gníomhaireachta sa todhchaí.

4. Féadfaidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún, agus an measúnú dá dtagraítear i mír 3 á chur san áireamh, téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a shíneadh uair amháin, ar feadh cúig bliana ar a mhéid.

5. Cuirfidh an Bord Bainistíochta Parlaimint na hEorpa ar an eolas maidir lena rún téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a shíneadh. Sa mhí sula síneofar a théarma oifige, féadfar cuireadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil na Parlaiminte agus ceisteanna a chuirfidh comhaltaí an choiste a fhreagairt.

6. Ní fhéadfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin, a ndearnadh síneadh ar a chonradh, páirt a ghlacadh i nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna ag deireadh na tréimhse foriomláine.

7. Ní fhéadfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig ach amháin ar chinneadh ón mBord Bainistíochta ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún.

Airteagal 63

Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht agus baill foirne eile

Féadfaidh an Ghníomhaireacht úsáid a bhaint as Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht nó as aon bhall foirne eile nach bhfuil fostaithe ag an nGníomhaireacht faoi na Rialacháin Foirne agus na Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

Glacfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh lena leagfar síos rialacha maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht don Ghníomhaireacht.

CAIBIDIL 12

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 64

Pribhléidí agus díolúintí

Beidh feidhm ag an bPrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh maidir leis an nGníomhaireacht agus maidir lena foireann.

Airteagal 65

Comhaontú maidir le ceanncheathrú agus coinníollacha oibriúcháin

1. Na socruithe riachtanacha maidir leis an gcóiríocht a chuirfear ar fáil don Ghníomhaireacht sa Bhallstát aíochta agus na saoráidí a chuirfidh an Ballstát sin ar fáil mar aon leis na rialacha sonracha is infheidhme i mBallstát aíochta na Gníomhaireachta maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, le comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, le foireann na Gníomhaireachta agus baill dá dteaghlach, leagfar síos iad i gcomhaontú maidir le ceanncheathrú idir an Ghníomhaireacht agus an Ballstát aíochta a thabharfar i gcrích a luaithe is a gheofar formheas ón mBord Bainistíochta agus tráth nach déanaí ná 2015.

2. Déanfaidh an Ballstát aíochta na dálaí is fearr is féidir a chur ar fáil chun go bhfeidhmeoidh an Ghníomhaireacht go hiomchuí, lena n‑áirítear córas oideachais ilteangach a bhfuil gné Eorpach ag baint leis, agus naisc iomchuí iompair.

Airteagal 66

Dliteanas

1. Beidh dliteanas conarthach na Gníomhaireachta faoi rialú an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh atá i gceist.

2. Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásail eadrána atá i gconradh arna thabhairt i gcrích ag an nGníomhaireacht.

3. I gcás dliteanais neamhchonarthaigh, déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú arb iad a ranna nó a baill foirne féin is cúis leis agus iad i mbun a ndualgas.

4. Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndíospóidí a bhaineann leis an gcúiteamh as aon damáiste dá dtagraítear i mír 3.

Airteagal 67

Socruithe teanga

1. Beidh feidhm ag na forálacha atá leagtha síos i Rialachán Uimh. 1 an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear na teangacha a úsáidfidh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa[18] maidir leis an nGníomhaireacht.

2. Soláthróidh Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh na seirbhísí aistriúcháin a theastóidh chun go bhfeidhmeoidh an Ghníomhaireacht.

Airteagal 68

Rannpháirtíocht tríú tíortha in obair na Gníomhaireachta

1. Gan dochar d’Airteagal 40, beidh fáilte ag an nGníomhaireacht roimh rannpháirtíocht tríú tíortha, go háirithe tíortha laistigh de raon feidhme Bheartas Comharsanachta na hEorpa, tíortha faoin mBeartas um Méadú agus tíortha CSTE a bhfuil comhaontuithe tugtha i gcrích acu leis an Aontas faoinar ghlac na tíortha lena mbaineann reachtaíocht an Aontais nó a coibhéis de bhearta náisiúnta sa réimse arna gcumhdach faoin Rialachán seo agus faoinar chuir siad i bhfeidhm í.

2. I gcomhréir le forálacha ábhartha na gcomhaontuithe dá dtagraítear i mír 1, déanfar socruithe idir an Ghníomhaireacht agus na tríú tíortha lena sonrófar rialacha mionsonraithe rannpháirtíochta do na tíortha sin in obair na Gníomhaireachta, go háirithe cineál agus méid na rannpháirtíochta sin. Ar na socruithe seo áireofar forálacha maidir le ranníocaíochtaí airgeadais agus baill foirne. Féadfaidh siad foráil a dhéanamh maidir le hionadaíocht, gan ceart vótála, ar an mBord Bainistíochta.

Síneoidh an Ghníomhaireacht na socruithe tar éis comhaontú a fháil ón gCoimisiún agus tar éis di dul i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta.

Airteagal 69

Comhar leis na húdaráis agus na comhlachtaí náisiúnta

1. Féadfaidh an Ghníomhaireacht comhaontú a dhéanamh leis na húdaráis náisiúnta ábhartha, go háirithe na hÚdaráis Náisiúnta Sábháilteachta, agus le comhlachtaí inniúla eile, i ndáil le hAirteagail 12, 16, 17 agus 18 a chur chun feidhme.

2. Féadfar a áireamh sna comhaontuithe cuid de chúraimí na Gníomhaireachta a chonrú chuig na húdaráis náisiúnta, amhail comhaid a sheiceáil agus a ullmhú, comhoiriúnacht theicniúil a fhíorú, cuairteanna a dhéanamh agus staidéir theicniúla a dhréachtú.

3. Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go n‑áireofar sna comhaontuithe tuairisciú sonraithe ar chúraimí agus coinníollacha maidir le táirgí insoláthartha, na teorainneacha ama is infheidhme maidir lena seachadadh agus an sceideal íocaíochtaí.

4. Tá na comhaontuithe atá tuairiscithe i míreanna 1, 2 agus 3 gan dochar do fhreagracht fhoriomlán na Gníomhaireachta maidir lena cúraimí dá bhforáiltear in Airteagail 12, 16, 17 agus 18 a chomhlíonadh.

Airteagal 70

Trédhearcacht

Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[19] maidir le doiciméid i seilbh na Gníomhaireachta.

Glacfaidh an Bord Bainistíochta bearta praiticiúla chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur chun feidhme faoin […].

Féadfaidh cinntí arna nglacadh ag an nGníomhaireacht de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith ina n‑ábhar gearáin chuig an Ombudsman nó a bheith ina n‑ábhar caingne os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, faoi Airteagal 228 agus Airteagal 263 den Chonradh faoi seach.

Beidh próiseáil sonraí de chineál pearsanta arna déanamh ag an nGníomhaireacht faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

Airteagal 71

Rialacha slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe a chosaint

Déanfaidh an Ghníomhaireacht na prionsabail slándála atá i rialacha slándála an Choimisiúin le haghaidh Faisnéis Rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (EUCI) agus faisnéis neamh‑rúnaicmithe atá íogair a chosaint a chur i bhfeidhm, mar atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2001/844/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún an 29 Samhain 2001 lena leasaítear a rialacha inmheánacha nós imeachta. Cumhdófar leis sin, inter alia, foráil maidir leis an bhfaisnéis sin a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil.

Airteagal 72

Calaois a chomhrac

1. Chun an comhrac in aghaidh na calaoise, an éillithe agus gníomhaíochtaí mídhleathacha eile a éascú faoi Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999, laistigh de sé mhí ón lá a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm, aontóidh an Ghníomhaireacht do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chaloise (OLAF) agus glacfaidh sí na forálacha iomchuí is infheidhme maidir le fostaithe uile na Gníomhaireachta ag úsáid an teimpléid atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú sin.

2. Beidh cumhacht iniúchóireachta ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais ón nGníomhaireacht.

3. Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[20] agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle[21] d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a bhaineann le deontas nó conradh arna mhaoiniú ag an nGníomhaireacht.

4. Gan dochar do mhíreanna 1, 2 agus 3, beidh forálacha a thugann de chumhacht go sainráite do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus do OLAF na hiniúchtaí agus imscrúduithe sin a chur i gcrích de réir a n‑inniúlachtaí faoi seach, beidh siad sna comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gconarthaí, i gcomhaontuithe deontais agus cinntí deontais na Gníomhaireachta.

CAIBIDIL 13

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 73

Gníomhartha tarmligthe a bhaineann le hAirteagail 12, 16, 17 agus 18.

1. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 74 maidir le táillí agus muirir agus Airteagail 12, 16, 17 agus 18 á gcur i bhfeidhm.

2. Leis na bearta dá dtagraítear i mír 1 cinnfear go háirithe na cúrsaí a bhfuil táillí agus muirir dlite ina leith de bhun Airteagail 12, 16, 17 agus 18, méid na dtáillí agus na muirear agus an bealach ina mbeidh siad le híoc.

3. Toibheofar táillí agus muirir i leith an méid seo a leanas:

(a) údaruithe le haghaidh fochórais rialaithe-ordaithe agus chomharthaíochta taobh riain a chur i mbun seirbhíse a eisiúint agus a athnuachan, údaruithe le haghaidh feithiclí a chur ar an margadh agus le haghaidh cineálacha feithiclí, lena n‑áirítear an fhéidearthacht iad a bheith comhoiriúnach leis na gréasáin nó na línte a léiriú;

(b) eisiúint agus athnuachan deimhnithe sábháilteachta;

(c) soláthar seirbhísí; léireofar iontu an costas iarbhír do gach soláthar ar leith;

(d) próiseáil achomharc.

Sloinnfear gach táille agus muirear, in euro, agus beidh siad iníoctha in euro.

4. Socrófar méid na dtáillí agus na muirear ar an leibhéal sin lena n‑áiritheofar gur leor an t‑ioncam ina leith chun costas iomlán na seirbhísí arna seachadadh a chumhdach. Léireofar sa chostas sin go háirithe, caiteachais uile na Gníomhaireachta a chuirfear i leith na mball foirne dá dtagraítear i mír 3, lena n‑áireofar ranníocaíochtaí pro-rata an fhostóra leis an scéim pinsean. Más rud é go dtiocfaidh neamhchomhardú suntasach as soláthar na seirbhísí arna gclúdach le táillí agus muirir arís agus arís eile, beidh sé éigeantach athbhreithniú a dhéanamh ar leibhéal na dtáillí agus na muirear. Is éard a bheidh sna táillí agus sna muirir sin ioncaim shannta don Ghníomhaireacht.

Airteagal 74

An tarmligean a fheidhmiú

1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2. Is go ceann tréimhse éiginnte ama ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a thabharfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 73 don Choimisiún.

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 73 a chúlghairm tráth ar bith. Leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontas Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí arna shonrú ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 73 i bhfeidhm ach i gcás nár chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse [2 mhí] ó cuireadh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, i gcás inar chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún roimh dhul in éag don tréimhse sin, nach gcuirfidh siad i gcoinne an ghnímh. Cuirfear [2 mhí] leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 75

An nós imeachta coiste

Beidh an coiste a bunaíodh le hAirteagal 21 de Threoir 96/48/CE de chúnamh ag an gCoimisiún. Is é a bheidh sa choiste sin, coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás ina ndéanfar tagairt don Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 76

Meastóireacht agus athbhreithniú

1. Tráth nach déanaí ná cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, coimisiúnóidh an Coimisiún meastóireacht chun measúnú a dhéanamh, go háirithe, ar thionchar, éifeachtacht agus éifeachtúlacht na Gníomhaireachta agus a cleachtas oibre. Sa mheastóireacht díreofar, go háirithe, ar aon ghá le sainordú na Gníomhaireachta a leasú, agus impleachtaí airgeadais aon leasaithe dá leithéid.

2. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta mar aon lena gconclúidí ar an tuarascáil ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Bord Bainistíochta. Poibleofar torthaí na meastóireachta.

3. Nuair a dhéanfar gach dara meastóireacht, déanfar measúnú freisin ar na torthaí a bhain an Ghníomhaireacht amach ag féachaint dá cuspóirí, dá sainordú agus dá cúraimí.

Airteagal 77

Forálacha idirthréimhseacha:

1. Tagann an Ghníomhaireacht in ionad na Gníomhaireachta Eorpaí Iarnróid a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 881/2004 agus i gcomharbacht uirthi maidir le húinéireacht, comhaontuithe, oibleagáidí dlíthiúla, conarthaí fostaíochta, gealltanais agus dliteanais airgeadais.

2. De mhaolú ar Airteagal 43, fanfaidh Comhaltaí an Bhoird Riaracháin arna gceapadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 881/2004 roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, in oifig go dtí dáta éaga a dtéarma mar Chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta.

De mhaolú ar Airteagal 49, fanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin arna cheapadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 881/2004 in oifig go dtí dáta éaga a théarma.

3. De mhaolú ar Airteagal 61, urramófar gach conradh fostaíochta atá i bhfeidhm ar an dáta ar a dtagann an Rialachán seo i bhfeidhm, go dtí a dháta éaga.

Airteagal 78

Aisghairm

Tá Rialachán (CE) Uimh. 881/2004 aisghairthe.

Airteagal 79

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 881/2004

1.2. Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB[22]

06: Soghluaiseacht agus Iompar

0602: Beartas iompair intíre, d'aer, agus ar muir

060208: Gníomhaireacht Eorpach Iarnróid

06020801: Gníomhaireacht Eorpach Iarnróid -- Ranníocaíocht le Teideal 1 agus Teideal 2

06020802: Gníomhaireacht Eorpach Iarnróid – Ranníocaíocht le Teideal 3

1.3. An cineál togra/tionscnaimh

¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua

¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart[23]

ý Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana

¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo birt nua

1.4. Cuspóirí 1.4.1. Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Cuspóirí/breisluach an AE i gcomhréir le Eoraip 2020:

Cuidíonn an Ghníomhaireacht iompar d’iarnród atá idir-inoibritheach, sábháilte agus inbhuanaithe a chothú do gheilleagar an AE agus do shaoránaigh an AE. Tagann sé sin go hiomlán le trí thosaíocht na Straitéise Eoraip 2020:

- Fás cliste: geilleagar a fhorbairt atá bunaithe ar eolas agus ar nuálaíocht. Cuidíonn an Ghníomhaireacht na caighdeáin theicniúla is airde is féidir a fhorbairt i ndáil le bonneagar agus feithiclí iarnróid, agus ar an dóigh sin cuireann sí eolas agus nuálaíocht chun cinn.

- Fás inbhuanaithe: geilleagar atá níos éifeachtúla ó thaobh acmhainní, níos glaise agus níos iomaíche a chur chun cinn. Cuidíonn an Ghníomhaireacht earnáil iompair an AE a dhéanamh níos inbhuanaithe agus níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol, agus cuireann sí teorainn le leibhéal foriomlán astaíochtaí agus le hídiú fuinnimh. Cuideoidh iompar d’iarnród leis na spriocanna aeráide/fuinnimh '20/20/20' agus an tionscnamh suaitheanta 'Eoraip atá tíosach ar acmhainní' a bhaint amach. Beidh ról ag an nGníomhaireacht ina chur chun feidhme sna hearnálacha éagsúla.

- Fás cuimsitheach: geilleagar ardfhostaíochta a chothú as a dtiocfaidh comhtháthú sóisialta agus críochach. Maidir le réigiúin fhorimeallacha agus an ceangal atá acu leis an gcroílár, is gné ríthábhachtach an t‑iompar d’iarnród chun comhtháthú críochach a áirithiú. Soláthraíonn sé modh iompair atá inbhuanaithe agus ar phraghas réasúnta do chodanna móra den daonra, rud a chuidíonn deiseanna níos mó a chruthú i réimse na soghluaiseachta sóisialta agus na fostaíochta, agus a chuidíonn chun an bhearna idir na réigiúin shaibhre agus bhochta agus na tíortha saibhre agus bochta san AE a líonadh.

1.4.2. Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Réimse buiséid: 06 02

Gníomhaíocht ABM/ABB lena mbaineann: 060208 Gníomhaireacht Eorpach Iarnróid

- Ceannteideal buiséid 06 02 08 01 – Gníomhaireacht Eorpach Iarnróid - Fóirdheontas faoi Theideal I agus Teideal II (caiteachas riaracháin)

- Ceannteideal buiséid 06 02 08 02 – Gníomhaireacht Eorpach Iarnróid - Fóirdheontas faoi Theideal I agus Teideal III (caiteachas riaracháin)

Cuspóirí sonracha:

Sainchuspóir 1: Éifeachtúlacht na nósanna imeachta maidir le deimhniú agus údarú sábháilteachta iarnróid a mhéadú trí dheimhnithe sábháilteachta aonair, údaruithe feithiclí lena gcur ar an margadh agus údaruithe le fochórais rialaithe-ordaithe agus comharthaíochta taobh riain a eisiúint a bheadh bailí ar fud an AE, agus chun neamh‑idirdhealú a áirithiú.

Sainchuspóir 2: Comhleanúnachas chreat iarnróid an AE a mhéadú trí fhaireachán a dhéanamh ar údaráis náisiúnta iarnróid agus trí líon na rialacha a bhaineann le hiarnróid náisiúnta a laghdú.

Sainchuspóir 3: Cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm reachtaíocht iarnróid an AE a fheabhsú trí bhreis cúnaimh a thabhairt don Choimisiún, do na Ballstáit agus do na geallsealbhóirí.

Sainchuspóir 4: Cúnamh a thabhairt don Choimisiún reachtaíocht thánaisteach maidir le hidir-inoibritheacht agus sábháilteacht iarnróid a chruthú agus a thabhairt cothrom le dáta, lena n‑áirítear cur chuige coiteann maidir le sábháilteacht a fhorbairt.

Sainchuspóir 5: Forbairt chomhleanúnach an Chórais Eorpaigh um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERTMS) san AE a áirithiú, agus an córas sin a chur chun cinn lasmuigh den AE.

Sainchuspóir 6: Deimhniú cuí tiománaithe traenach agus cúraimí bainteacha eile a áirithiú, i gcomhréir le Treoir 2007/59/CE.

Sainchuspóir 7: Cláir agus bunachair phoiblí a bhaineann le sábháilteacht agus idir‑inoibritheacht iarnróid a chothabháil agus a nuashonrú.

1.4.3. An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Torthaí atá ceangailte leis na sainchuspóirí:

Toradh chuspóir sonrach Uimh. 1: costais laghdaithe le haghaidh iarratasóirí agus tréimhse níos giorra chun deimhnithe sábháilteachta, údaruithe feithiclí lena gur ar an margadh agus údaruithe le fochórais rialaithe-ordaithe agus comharthaíochta taobh riain a eisiúint; na coinníollacha céanna do na hiarratasóirí ar fad san AE; neamh‑idirdhealú a áirithiú d'oibreoirí.

Toradh chuspóir sonrach Uimh. 2: comhchuibhiú ar chur i bhfeidhm reachtaíocht iarnróid an AE agus ar chleachtais na n‑údarás náisiúnta; breis soiléire agus trédhearcachta i ndáil le ceanglais dhlíthiúla agus coinníollacha oibriúcháin san AE trí rialacha nach bhfuil gá leo a laghdú, rud a chuirfeadh teorainn leis na deiseanna i ndáil le cleachtais idirdhealaitheacha i gcoinne oibreoirí.

Toradh chuspóir sonrach Uimh. 3: tuiscint níos fearr ag geallsealbhóirí agus ag na Ballstáit ar reachtaíocht iarnróid agus oibríocht níos rianúla an Limistéir Eorpaigh Aonair Iarnróid mar thoradh air sin; obair sheirbhísí éagsúla an Choimisiúin a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla.

Toradh chuspóir sonrach Uimh. 4: An Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid a bheith níos idir-inoibrithí agus leibhéal ard sábháilteachta ann, rud a rachadh chun sochair do ghnóthais iarnróid, do chustaiméirí agus do phaisinéirí.

Toradh chuspóir sonrach Uimh. 5: cuirtear an Córas Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid (an ERTMS) chun feidhme go comhsheasmhach ar fud an AE agus tá a chuid trealaimh ag teacht leis na sonraíochtaí atá i bhfeidhm; caighdeáin an ERTMS á gcur chun cinn lasmuigh den AE.

Toradh chuspóir sonrach Uimh. 6: caitear le tiománaithe traenacha ar bhealach comhsheasmhach san AE.

Toradh chuspóir sonrach Uimh. 7: trédhearcacht do gheallsealbhóirí iarnróid, do na Ballstáit agus don phobal go ginearálta i ndáil le sonraí tábhachtacha maidir le hidir‑inoibritheacht agus sábháilteacht iarnróid

1.4.4. Táscairí lena léirítear toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí lena léirítear an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

Táscairí chuspóir sonrach Uimh. 1:

- líon na ndeimhnithe sábháilteachta arna n‑eisiúint;

- líon na n‑údaruithe feithiclí lena gcur ar an margadh arna n‑eisiúint;

- líon na n‑údaruithe chun fochórais rialaithe‑ordaithe agus comharthaíochta taobh riain a chur i mbun seirbhíse arna n‑eisiúint.

Táscairí chuspóir sonrach Uimh. 2:

- líon thuarascálacha iniúchóireachta na n‑údarás náisiúnta arna n‑eisiúint;

- líon na rialacha náisiúnta arna dtarraingt siar;

- líon na rialacha náisiúnta arna ndearbhú go bhfuil glactha leo thar theorainneacha;

- torthaí eile a bhaineann le rialú agus faireachán.

Táscairí chuspóir sonrach Uimh. 3:

- líon na dtuarascálacha lena ndéantar meastóireacht ar chur chun feidhme na reachtaíochta iarnróid;

- líon na dtionscadal iarnróid arna measúnú;

- líon na n‑imeachtaí faisnéise agus oiliúna (ceardlanna, comhdhálacha) arna n‑eagrú;

- líon na ndoiciméad léirmhínitheach arna n‑eisiúint;

- líon na gcuairteanna cúnaimh arna ndéanamh;

- torthaí eile a bhaineann le breis cúnaimh.

Táscairí chuspóir sonrach Uimh. 4:

- líon na moltaí i ndáil le Sonraíochtaí nua Teicniúla Idir-inoibritheacha (STInna) arna seoladh chuig an gCoimisiún;

- líon na moltaí i ndáil le hathbhreithniú a dhéanamh ar Shonraíochtaí nua Teicniúla Idir-inoibritheacha arna seoladh chuig an gCoimisiún;

- líon na moltaí i ndáil le Modhanna nua Sábháilteachta Comhchoiteanna (MSCanna) arna seoladh chuig an gCoimisiún;

- líon na moltaí i ndáil le hathbhreithniú ar na Modhanna nua Sábháilteachta Comhchoiteanna arna seoladh chuig an gCoimisiún;

- líon na dtuairimí arna soláthar don Choimisiún, do na Ballstáit agus do gheallsealbhóirí eile;

- líon na measúnuithe tionchair agus na n‑anailísí costais‑sochair arna n‑eisiúint;

- torthaí eile a bhaineann le tuilleadh idir-inoibritheachta agus sábháilteachta.

Táscairí chuspóir sonrach Uimh. 5:

- líon na moltaí a bhaineann le hathruithe agus leaganacha nua an ERTMS arna n‑eisiúint;

- líon na dtuarascálacha arna soláthar don Choimisiún ina ndéantar meastóireacht ar chur chun feidhme an mheasúnaithe comhréireachta agus ar nós imeachta fíorúcháin an CE ar threalamh an ERTMS;

- líon na moltaí i ndáil le neamhréireachtaí teicniúla thionscadail an ERTMS arna seoladh chuig an gCoimisiún;

- torthaí eile a bhaineann le forbairt chomhleanúnach agus úsáid an ERTMS a áirithiú.

Táscairí chuspóir sonrach Uimh. 6:

- líon na dtiománaithe traenach arna ndeimhniú i gcomhréir leis an Treoir maidir le tiománaithe traenach;

- torthaí eile a bhaineann le coinníollacha tiománaithe traenach a chomhchuibhiú.

Táscairí chuspóir sonrach Uimh. 7:

- líon na mbunachar sonraí poiblí agus na gclár arna mbunú agus arna mbainistiú;

- torthaí eile a bhaineann le trédhearcacht sonraí a bhaineann le hiarnród.

1.5. An foras atá leis an togra/tionscnamh 1.5.1. Na ceanglais is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Ceadú don Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid dul i mbun gníomhaíochtaí nua agus leanúint de chúraimí atá orthu cheana a chumhdach, ar cúraimí iad a bhfuil gá leo chun margadh inmheánach iarnróid atá idir‑inoibritheach ina iomláine agus sábháilte a bhaint amach (Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid).

1.5.2. Luach breise a bhaineann le rannpháirtíocht an AE

Tá ról an AE faoi láthair (cúraimí na Gníomhaireachta Eorpaí Iarnróid) leagtha síos i Rialachán Bunaidh na Gníomhaireachta Eorpaí Iarnróid 881/2004. Ina theannta sin, le Treoir 2004/49/CE, Treoir 2008/57/CE agus Treoir 2007/59/CE, tá cúraimí eile tugtha go díreach agus go hindíreach don Ghníomhaireacht. Ar an mbealach céanna, bhí tionchar ag roinnt reachtaíochta tánaistí arna glacadh ag an gCoimisiún faoi na treoracha thuasluaite, go háirithe na Sonraíochtaí Teicniúla Idir-inoibritheacha (TSInna), na Modhanna Sábháilteachta Comhchoiteanna (MSCanna) agus na Spriocanna Sábháilteachta Comhchoiteanna (SSCanna), ar ghníomhaíochtaí agus ar obair na Gníomhaireachta Eorpaí Iarnróid. Tá an Rialachán seo dírithe ar chúraimí ar fad na Gníomhaireachta faoi láthair a chur le chéile in aon ghníomh dlíthiúil amháin, agus ról na Gníomhaireachta Eorpaí Iarnróid a leathnú go réimsí eile ina bhfuil údar leis.

I gcomhréir leis an bPáipéar Bán um Iompair 2011 (Treochlár um Limistéar Eorpach Aonair Iompair – I dtreo córais iompair atá iomaíoch agus tíosach ar acmhainní) agus le torthaí an mheasúnaithe tionchair a ghabhann leis an tionscnamh seo, cuirfidh an togra seo le breisluach an AE trí fháil réidh le bacainní teicniúla agus riaracháin atá san earnáil iarnróid cheana, go háirithe ar na bealaí seo a leanas:

- trí údarú feithiclí iarnróid agus deimhniú sábháilteachta gnóthas iarnróid a dhéanamh níos éifeachtúla (níos saoire agus níos tapa) agus níos neamhchlaonta, ach iad a aistriú go dtí leibhéal an AE;

- trí chomhleanúnachas agus cur i bhfeidhm acquis iarnróid an AE a mhéadú trí ligean don Ghníomhaireacht faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú údarás náisiúnta atá gníomhach i réimsí idir-inoibritheachta agus sábháilteachta iarnróid;

- dul chun cinn níos tapa a éascú i dtreo caighdeán iarnróid don AE a bheadh coiteann i bhfírinne, trí chur le bearta na Gníomhaireachta Eorpaí Iarnróid i ndáil le rialacha d'iarnróid náisiúnta a laghdú;

- caitheamh chistí an AE ar na hiarnróid a fheabhsú (TEN, an Ciste Comhtháthaithe, Cistí Struchtúrtha, cláir thaighde, etc.).

Beidh breisluach ann de thoradh rannpháirtíocht an AE trí bhíthin na Gníomhaireachta Eorpaí Iarnróid a bhuí leis an méid seo a leanas:

- úsáid struchtúir thiomnaithe agus foirne cáilithe, a bhfuil cuid acu ar fáil cheana féin;

- taithí dhearfach le modhanna seanbhunaithe (mar shampla, trí ghréasán bunaithe agus oibríochtúil na n‑údarás náisiúnta sábháilteachta a úsáid);

- a oibiachtúil agus a neamhchlaonta is atá sé, rud a shásaíonn na geallsealbhóirí.

1.5.3. Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile dá leithéid san am a chuaigh thart

Léirigh an mheastóireacht ar Rialachán na Gníomhaireachta Eorpaí Iarnróid agus ar fheidhmiú na Gníomhaireachta (2009‑2010) mar aon leis an meastóireacht ghinearálta ar Ghníomhaireachtaí an AE in 2009 an breisluach a sholáthraíonn an Ghníomhaireacht.

Déanann an tionscnamh iarracht (trí leasú a dhéanamh ar Rialachán na Gníomhaireachta Eorpaí Iarnróid) na moltaí a fuarthas ón meastóireacht ar an nGníomhaireacht Eorpach Iarnróid, ón gCúirt Iniúchóirí, ón tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach agus ó Chomhráiteas an Choimisiúin, Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le gníomhaireachtaí díláraithe a chur i bhfeidhm, go háirithe i ndáil le struchtúr inmheánach, rialachas agus feidhmiú.

1.5.4. Comhoiriúnacht d'ionstraimí ábhartha eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Tá an togra ag teacht leis an bPáipéar Bán um Iompair 2011, go háirithe le tionscnamh 1 agus tionscamh 19:

- "Údarú cineáil feithiclí aonair agus deimhniú sábháilteachta gnóthais aonair iarnróid a bhaint amach trí ról na Gníomhaireachta Eorpaí Iarnóid (ERA) a threisiú";

- "Cur le ról an ERA i réimse na sábháilteachta iarnróid, go háirithe maidir le maoirseacht a dhéanamh ar bhearta náisiúnta sábháilteachta arna nglacadh ag na hÚdaráis Náisiúnta Sábháilteachta agus a gcomhchuibhiú de réir a chéile."

Tá an togra ag teacht le beartas agus reachtaíocht an AE maidir le hidir‑inoibritheacht agus sábháilteacht iarnród, go háirithe Treoir 2004/49 (Treoir maidir le Sábháilteacht Iarnróid) agus Treoir 2008/57 (Treoir maidir le hIdir‑inoibritheacht Iarnróid), a dhéanfar a leasú mar chuid den tionscnamh seo freisin. Tá na trí ghníomh sin idirnasctha agus tá siad dírithe ar dheireadh a chur leis na bacainní riaracháin agus teicniúla atá ann fós, go háirithe trí chur chuige comhchoiteann maidir le rialacha sábháilteachta agus idir‑inoibritheachta a bhunú chun barainneachtaí scála a mhéadú i dtaca le gnóthais iarnróid atá gníomhach ar fud an AE, ar chostais riaracháin a ísliú agus ar dhlús a chur faoi na nósanna imeachta riaracháin, chomh maith le hidirdhealú faoi cheilt a sheachaint.

Ina theannta sin, tá an tionscnamh seo mar chuid den Cheathrú Pacáiste Iarnróid, ar pacáiste níos leithne é a bheidh dírithe – sa bhreis ar an gcuspóir thuasluaite - ar an margadh intíre paisinéirí d’iarnród a oscailt agus rialachas na bainistíochta bonneagair a bharrfheabhsú; táthar ag súil go háirithe le sineirgíochtaí i ndáil le hidirdhealú a laghdú i dtaca le rochtain ar bhonneagar, agus na bacainní atá ar rochtain a ísliú d'iontrálaithe nua dá réir sin.

Tá sineirgíocht thábhachtach ann freisin idir cúraimí leasaithe na Gníomhaireachta Eorpaí Iarnróid agus Gníomhaireacht Feidhmiúcháin TEN‑T i ndáil le meastóireacht a dhéanamh ar thionscadail iarnróid, maidir le luach níos fearr ar airgead agus éifeachtúlacht tionscadal arna maoiniú ó chistí an AE.

Sa bhreis air sin, tá an tionscnamh seo ag teacht le moltaí na Cúirte Iniúchóirí, na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach agus Comhráiteas an Choimisiúin, Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le gníomhaireachtaí díláraithe, agus le meastóireacht na Gníomhaireachta Eorpaí Iarnróid, agus cuireann sé na moltaí sin chun feidhme.

Ar deireadh, déanann an tionscnamh seo iarracht roinnt cúraimí agus gníomhaíochtaí a áireamh i Rialachán na Gníomhaireachta Eorpaí Iarnróid, a sannadh don Ghníomhaireacht le gníomhartha eile, go háirithe Treoir 2007/59/CE, Cinntí an Choimisiúin maidir le Sonraíochtaí Teicniúla Idir-inoibritheachta, agus Modhanna Sábháilteachta Comhchoiteanna.

1.6. Fad agus tionchar airgeadais

x Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

– Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh 2015 go 2020,

– cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7. Modhanna bainistíochta atá beartaithe[24]

¨ Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún

x Bainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig:

– ¨  gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

– x comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail[25]

– ¨  comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu

– ¨  daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta ar leith a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den Rialachán Airgeadais

¨ Bainistíocht chomhroinnte leis na Ballstáit

¨ Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha

¨ Comhbhainistíocht le heagraíochtaí idirnáisiúnta (tabhair sonraí)

2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh cé chomh minic, agus na coinníollacha.

Tá gníomhaireachtaí ar fad an AE ag obair faoi dhianchóras faireacháin lena mbaineann inniúlacht iniúchóireachta inmheánaí, Seirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach an Choimisiúin, an Bord Riaracháin, an Coimisiún, an Chúirt Iniúchóirí agus an tÚdarás Buiséadach. Leanfar d'fheidhm a bheith ag an gcóras sin mar atá leagtha síos i Rialachán bunaidh na Gníomhaireachta Eorpaí Iarnróid.

2.2. Córas bainistíochta agus rialaithe 2.2.1. Na rioscaí a aithníodh

Tada

2.2.2. Modhanna rialaithe atá beartaithe

Neamhbhainteach

2.3. Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Áirítear bearta frithchalaoise faoi Airteagal 41 de Rialachán bunaidh na Gníomhaireachta Eorpaí Iarnróid, agus leanfar d'fheidhm a bheith acu amach anseo.

3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

· Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht

Uimhir [Tuairisc] || LD/LN ([26]) || ó thíortha CSTE[27] || ó thíortha is iarrthóirí[28] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais

1.1 || 06.02.08 [líne buiséid na Gníomhaireachta Eorpaí Iarnróid] || Neamhdhifreáilte || TÁ || NÍL || NÍL || NÍL

3.2. An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

Roimh chur síos mionsonraithe a dhéanamh ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra seo, tá sé tábhachtach a rá go bhfuil an meastachán seo sealadach i láthair na huaire ó tá sé faoi réir an tÚdarás Buiséadach an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile (2014–2020) a ghlacadh.

3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin (praghsanna reatha, go dtí an 3ú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 1 || Fás Cliste agus Uilechuimsitheach

DG: MOVE || || || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN 2015-2020

Ÿ Leithreasuithe de chineál riaracháin || || || || || || ||

Uimhir na líne buiséid 06.02.08 [Líne buiséid na Gníomhaireachta Eorpaí Iarnróid ] Bunús: - Túsphointe - DB 2013 ag EUR 25M, - 2 % cánachas arna chur i bhfeidhm ar an bhfoireann 2014-2017, - méadú 1 % ar an mbuiséad bliantúil de bharr an choigeartaithe bliantúil. Ó 2017 amach, beidh ioncam seachtrach ó tháillí agus ó mhuirir i bhfeidhm agus mar sin ní bheidh aon éileamh ar bhuiséad an AE i ndáil le foireann nua. || Gealltanais || (1) || 25.613 (lena n‑áirítear 0.113 do chúraimí nua) || 26 (lena n‑áirítear 0.3 do thascanna nua) || 26 (0 do chúraimí nua) || 26.25 (0 do chúraimí nua) || 26.5 (0 do chúraimí nua) || 26.75 (0 do chúraimí nua) || 157.113 (ar cumhdach do chúraimí nua in 2015-2016 é 0.413 de sin)

Íocaíochtaí || (2) || 25.613 || 26 || 26 || 26.25 || 26.5 || 26.75 || 157.113

IOMLÁN leithreasuithe do DG MOVE || Gealltanais || (5)=1+3 || 25.613 || 26 || 26 || 26.25 || 26.5 || 26.75 || 157.113 (ar cumhdach do chúraimí nua in 2015-2016 é 0.413 de sin)

Íocaíochtaí || (6)=2+4 || 25.613 || 26 || 26 || 26.25 || 26.5 || 26.75 || 157.113

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 1 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || =5 || 25.613 || 26 || 26 || 26.25 || 26.5 || 26.75 || 157.113 (ar cumhdach do chúraimí nua in 2015-2016 é 0.413 de sin)

Íocaíochtaí || =6 || 25.613 || 26 || 26 || 26.25 || 26.5 || 26.75 || 157.113

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || 'Caiteachas riaracháin'

EUR milliúin, praghsanna reatha (go dtí an 3ú deachúil)

|| || || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN 2015-2020

DG: MOVE ||

Ÿ Acmhainní daonna Bunús: leibhéal reatha buiséid d'fhoireann DG MOVE atá ag plé le saincheisteanna a bhaineann leis an nGníomhaireacht Eorpach Iarnróid (EUR 0.655 M – cúigear ball foirne) arna chur i bhfeidhm gach bliain + coigeartú bliantúil 1 % || 0.655 || 0.66 || 0.665 || 0.67 || 0.675 || 0.68 || 4.005

Ÿ Caiteachas riaracháin eile || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

IOMLÁN DG MOVE || Leithreasuithe || 0.655 || 0.66 || 0.665 || 0.67 || 0.675 || 0.68 || 4.005

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán leithreasuithe = Iomlán íocaíochtaí) || 0.655 || 0.66 || 0.665 || 0.67 || 0.675 || 0.68 || 4.005

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| || || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || 26.268 || 26.66 || 26.665 || 26.92 || 27.175 || 27.43 || 161.118

Íocaíochtaí || 26.268 || 26.66 || 26.665 || 26.92 || 27.175 || 27.43 || 161.118

3.2.2. Dréachtphlean bunaíochta atá beartaithe don Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid 2015-2020

MAOINEOFAR AN FHOIREANN NUA AR FAD LE TÁILLÍ AGUS MUIRIR SEACHTRACHA Ó 2017 AMACH:

An fhoireann atá beartaithe don Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid 2015-2020 [Bunús: 143 ball foirne plean bunaíochta in 2013 agus 2 % cánachais faoi 2017 (-2-3 duine in aghaidh na bliana)] || || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020

Gráid AD || || 101 || 100 || 99 || 99 || 99 || 99

Gráid nua AD || || 0 || 0 || 12 || 14 || 14 || 14

Iomlán AD || || 101 || 100 || 111 || 113 || 113 || 113

Gráid AST || || 37 || 36 || 34 || 34 || 34 || 34

Gráid nua AST || || 0 || 0 || 4 || 4 || 4 || 4

Iomlán AST || || 37 || 36 || 38 || 38 || 38 || 38

Fo-iomlán na bpost don Phlean Bunaíochta || || 138 || 136 || 149 || 151 || 151 || 151

SNInna || || 6 || 6 || 6 || 6 || 6 || 6

SNInna nua || || 2 || 5 || 12 || 13 || 13 || 13

Iomlán SNInna || || 8 || 11 || 18 || 19 || 19 || 19

Gníomhairí ar conradh || || 15 || 15 || 15 || 15 || 15 || 15

Gníomhairí nua ar conradh || || 1 || 3 || 7 || 9 || 10 || 12

Iomlán gníomhairí ar conradh || || 16 || 18 || 22 || 24 || 25 || 27

Líon iomlán post nua || || 5 || 10 || 35 || 40 || 41 || 43

Tionchar ar phoist don phlean bunaíochta || || 0 || 0 || 16 || 18 || 18 || 18

IOMLÁN GINEARÁLTA || || 162 || 165 || 189 || 194 || 195 || 197

|| || || || || || ||

3.2.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe riaracháin agus ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

– ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

– x Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí agus leithreasuithe riaracháin mar a mhínítear thíos:

– Tabhair faoi deara go mbaineann na haschuir a luaitear thíos le buiséad iomlán na Gníomhaireachta Eorpaí Iarnróid (Teideal 1, 2 agus 3).

– Tabhair faoi deara gur ioncam don Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid a bheidh i gcostas na n‑aschur i gCuspóir Sonrach Uimh. 1: gearrfaidh an Ghníomhaireacht táille ar iarratasóirí seachtracha as na doiciméid sin a eisiúint. Dá bhrí sin, cuirtear idir lúibíní iad agus ní chuirtear iad le suim iomlán chostais na n‑aschur ar fad.

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || || || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN ||

||

Saghas aschuir[29] || Meánchostas na n‑aschur || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon iomlán na n‑aschur || Iomlán iomlán ||

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1[30]: Éifeachtúlacht na nósanna imeachta maidir le deimhniú agus údarú sábháilteachta iarnróid a mhéadú trí dheimhnithe sábháilteachta aonair, údaruithe feithiclí lena gcur ar an margadh agus údaruithe le fochórais rialaithe-ordaithe agus comharthaíochta taobh riain a eisiúint a bheadh bailí ar fud an AE, agus chun neamh‑idirdhealú a áirithiú. || || || || || || || || || || || || || ||

Deimhnithe sábháilteachta aonair || Líon na ndeimhnithe sábháilteachta arna n‑eisiúint; || (0.01) – a chumhdófar le táillí agus le muirir || 0 || || 0 || || 110 || (1.1) || 110 || (1.1) || 110 || (1.1) || 110 || (1.1) || 440 || (4.4) (4.4) – a chumhdófar le táillí agus le muirir

Údaruithe feithiclí lena gcur ar an margadh || Líon na n‑údaruithe feithicle lena gcur ar an margadh arna eisiúint; || (0.017) – a chumhdófar le táillí agus le muirir || 0 || || 0 || || 456 || (7.752) || 452 || (7.684) || 449 || (7.632) || 447 || (7.598) || 1804 || (30.67) – a chumhdófar le táillí agus le muirir

Údarás córas don ERTMS || Líon na n‑údaruithe chun fochórais rialaithe-ordaithe agus comharthaíochta taobh riain a chur i mbun seirbhíse arna n‑eisiúint. || (0.05) (0.05) – a chumhdófar le táillí agus le muirir || 0 || || 0 || || 30 || (1.5) || 32 || (1.6) || 35 || (1.75) || 40 || (2) || 137 || (6.85) – a chumhdófar le táillí agus le muirir

Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 1 || || || || || || (10.352) || || (10.384) || || (10.482) || || (10.698) || || (41.92)

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2: Comhleanúnachas chreat iarnróid an AE a mhéadú trí fhaireachán a dhéanamh ar údaráis náisiúnta iarnróid agus trí líon na rialacha a bhaineann le hiarnróid náisiúnta a laghdú || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon iomlán na n‑aschur || Iomlán iomlán

Údaráis náisiúnta faireacháin || Líon na dtuarascálacha iniúchóireachta arna n‑eisiúint || 0.2 || 2 || 0.4 || 3 || 0.6 || 5 || 1 || 5 || 1 || 5 || 1 || 5 || 1 || 25 || 5

Laghdú ar rialacha dibhéirseacha náisiúnta agus glacadh le rialacha thar theorainneacha a mhéadú || Líon na rialacha náisiúnta arna dtarraingt siar || 0.0015 || 1000 || 1.5 || 1500 || 2.25 || 1500 || 2.25 || 2000 || 3 || 1500 || 2.25 || 1500 || 2.25 || 9000 || 13.5

Líon na rialacha náisiúnta a dhearbhaítear a nglacadh thar theorainneacha || 0.001 || 1000 || 1.0 || 1000 || 1.0 || 1000 || 1.0 || 1000 || 1.0 || 1000 || 1.0 || 1000 || 1.0 || 8000 || 6.0

Eile || Torthaí eile a bhaineann le rialú agus faireachán || 0.001 || 100 || 0.1 || 100 || 0.1 || 125 || 0.125 || 125 || 0.125 || 150 || 0.15 || 150 || 0.15 || 750 || 0.75

Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 2 || || || || || || || || || || || || || || 25.25

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 3: Cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm reachtaíocht iarnróid an AE a fheabhsú trí bhreis cúnaimh a thabhairt don Choimisiún, do na Ballstáit agus do na geallsealbhóirí, agus cúraimí eile || || || || || || || || || || || || || ||

Cúnamh don Choimisiún || Líon na dtuarascálacha lena ndéantar meastóireacht ar chur chun feidhme na reachtaíochta iarnróid || 0.1 || 3 || 0.3 || 5 || 0.5 || 7 || 0.7 || 10 || 1 || 14 || 1 || 18 || 1 || 57 || 5.7

Líon na dtionscadal iarnróid a ndéantar meastóireacht orthu || 0.05 || 5 || 0.25 || 7 || 0.35 || 10 || 0.5 || 15 || 0.75 || 20 || 1 || 25 || 1.25 || 82 || 4.1

Cúnamh do na Ballstáit agus do gheallsealbhóirí eile || Lon na n‑imeachtaí faisnéise agus oiliúna (ceardlanna, comhdhálacha) arna n‑eagrú || 0.1 || 5 || 0.5 || 7 || 0.7 || 10 || 1 || 12 || 1.2 || 14 || 1.4 || 16 || 1.6 || 64 || 6.4

Líon na ndoiciméad léirmhínitheach arna n‑eisiúint || 0.1 || 2 || 0.2 || 2 || 0.2 || 4 || 0.4 || 8 || 0.8 || 10 || 1 || 10 || 1 || 36 || 3.6

Líon na gcuairteanna cúnaimh arna ndéanamh || 0.1 || 2 || 0.2 || 4 || 0.4 || 8 || 0.8 || 10 || 1 || 10 || 1 || 12 || 1.2 || 46 || 4.6

Cúraimí eile || Torthaí eile a bhaineann le breis cúnaimh || 0.001 || 100 || 0.1 || 100 || 0.1 || 100 || 0.1 || 100 || 0.1 || 100 || 0.1 || 100 || 0.1 || 600 || 0.6

Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 3 || || || || || || || || || || || || || || 25

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 4: Cúnamh a thabhairt don Choimisiún reachtaíocht thánaisteach maidir le hidir-inoibritheacht agus sábháilteacht iarnróid a chruthú agus a thabhairt cothrom le dáta, lena n‑áirítear cur chuige coiteann maidir le sábháilteacht a fhorbairt. || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon iomlán na n‑aschur || Costas iomlán

Tuilleadh idir-inoibritheachta || Líon na STInna nua arna seoladh chuig an gCoimisiún || 1 || 0 || 0 || 0 || 0 || 1 || 1 || 1 || 1 || 1 || 1 || 1 || 1 || 4 || 4

Líon na STInna arna seoladh chuig an gCoimisiún || 0.6 || 4 || 2.4 || 4 || 2.4 || 4 || 2.4 || 4 || 2.4 || 4 || 2.4 || 4 || 2.4 || 24 || 14.4

Leibhéal méadaitheach sábháilteachta || Líon na MSCanna arna seoladh chuig an gCoimisiún || 1 || 0 || 0 || 0 || 0 || 1 || 1 || 1 || 1 || 1 || 1 || 1 || 1 || 4 || 4

Líon na MSCanna athbhreithnithe arna seoladh chuig an gCoimisiún || 0.6 || 4 || 2.4 || 4 || 2.4 || 4 || 2.4 || 4 || 2.4 || 4 || 2.4 || 4 || 2.4 || 24 || 14.4

Oibríocht Limistéir Eorpaigh Aonair Iarnróid a éascú || Líon na dtuairimí arna soláthar don Choimisiún, do na Ballstáit agus do gheallsealbhóirí || 0.2 || 6 || 1.2 || 6 || 1.2 || 8 || 1.6 || 8 || 1.6 || 8 || 1.6 || 8 || 1.6 || 44 || 8.8

Líon na measúnuithe tionchair agus na n‑anailísí costais‑sochair arna n‑eisiúint || 0.06 || 20 || 1.2 || 20 || 12 || 25 || 1.5 || 27 || 1.62 || 29 || 1.74 || 30 || 1.8 || 151 || 9.06

Eile || Torthaí eile a bhaineann le hidir-inoibritheacht agus sábháilteacht mhéadaitheach || 0.006 || 50 || 0.3 || 80 || 0.48 || 80 || 0.48 || 80 || 0.48 || 80 || 0.48 || 80 || 0.48 || 450 || 2.7

Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 4 || || || || || || || || || || || || || || 57.36

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 5: Forbairt chomhleanúnach an ERTMS san AE a áirithiú, agus an córas sin a chur chun cinn lasmuigh den AE. || || || || || || || || || || || || || ||

Údarás córais don ERTMS || Líon na moltaí i ndáil le hathruithe agus leaganacha nua an ERTMS arna eisiúint || 0.7 || 2 || 1.4 || 2 || 1.4 || 4 || 2.8 || 5 || 3.5 || 6 || 4.2 || 8 || 5.6 || 27 || 18.9

Fíorú ar chur chun feidhme an ERTMS || Líon na dtuarascálacha ina ndéantar meastóireacht ar chur chun feidhme an mheasúnaithe comhréireachta agus ar nós imeachta fíorúcháin an CE ar threalamh an ERTMS arna n‑eisiúint || 0.04 || 8 || 0.32 || 12 || 0.48 || 20 || 0.8           || 25 || 1 || 30 || 1.2 || 30 || 1.2 || 125 || 5

Líon na moltaí a bhaineann le neamhréireachtaí teicniúla thionscadail an ERTMS arna n‑eisiúint || 0.1 || 3 || 0.3 || 3 || 0.3 || 5 || 0.5 || 8 || 0.8 || 10 || 1 || 12 || 1.2 || 41 || 4.1

Cúraimí eile || Torthaí eile a bhaineann le forbairt chomhleanúnach agus úsáid an ERTMS a áirithiú. || 0.001 || 100 || 0.1 || 100 || 0.1 || 100 || 0.1 || 100 || 0.1 || 100 || 0.1 || 100 || 0.1 || 600 || 0.6

Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 5 || || || || || || || || || || || || || || 28.6

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 6: Deimhniú cuí tiománaithe traenach agus cúraimí bainteacha eile a áirithiú, i gcomhréir le Treoir 2007/59/CE || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon iomlán na n‑aschur || Costas iomlán

Comhchuibhiú ar na critéir do thiománaithe traenach || Líon na mbeart a dhéanann comhchuibhiú ar choinníollacha na dtiománaithe traenach arna n‑eisiúint i gcomhréir leis an Treoir maidir le tiománaithe traenach || 0.6 || 2 || 1.2 || 2 || 1.2 || 2 || 1.2 || 2 || 1.2 || 2 || 1.2 || 2 || 1.2 || 12 || 7.2

Torthaí eile || 0.001 || 10 || 0.01 || 10 || 0.01 || 10 || 0.01 || 10 || 0.01 || 10 || 0.01 || 10 || 0.01 || 60 || 0.6

Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 6 || || || || || || || || || || || || || || 7.8

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 7: Cláir agus bunachair phoiblí a bhaineann le sábháilteacht agus idir-inoibritheacht iarnróid a chothabháil agus a nuashonrú || || || || || || || || || || || || || ||

Trédhearcacht do gheallsealbhóirí agus don phobal i ndáil le sonraí maidir le hidir-inoibritheacht agus sábháilteacht || Líon na mbunachar sonraí poiblí agus na gclár arna mbunú agus arna mbainistiú || 0.1 || 15 || 1.5 || 17 || 1.7 || 20 || 2 || 20 || 2 || 25 || 2.5 || 25 || 2.5 || 122 || 12.2

Torthaí eile || 0.001 || 10 || 0.01 || 10 || 0.01 || 15 || 0.015 || 15 || 0.015 || 15 || 0.015 || 15 || 0.015 || 80 || 0.8

Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 7 || || || || || || || || || || || || || || 13

COSTAS IOMLÁN || || || || || || || || || || || || || || 157.01

3.2.4. An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin 3.2.4.1. Achoimre

– ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

– x Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

Bunús leis an ríomh: an fhoireann reatha ag Ard‑Stiúrthóireacht MOVE a phléann le saincheisteanna a bhaineann leis an nGníomhaireacht Eorpach Iarnróid (cúigear, EUR 0.131 M in aghaidh an duine/na bliana agus coigeartú bliantúil 1 %) i gcás gach bliana; méadú ar bith mar gheall ar chumhachtaí neartaithe na Gníomhaireachta Eorpaí Iarnróid

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN 2015-2020

Oifigigh (Gráid AD) Oifigigh (Gráid AST) || 0.655 || 0.66 || 0.665 || 0.67 || 0.675 || 0.68 || 4.005

Gníomhaire ar conradh || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

Gníomhairí sealadacha || || || || || || ||

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht IOMLÁN || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

IOMLÁN || 0.655 || 0.66 || 0.665 || 0.67 || 0.675 || 0.68 || 4.005

3.2.4.2.  Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

– ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna

– x Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Bunús leis an ríomh: an fhoireann reatha ag Ard‑Stiúrthóireacht MOVE a phléann le saincheisteanna a bhaineann leis an nGníomhaireacht Eorpach Iarnróid (cúigear, EUR 0.131 M in aghaidh an duine/na bliana) i gcás gach bliana; méadú ar bith mar gheall ar chumhachtaí neartaithe na Gníomhaireachta Eorpaí Iarnróid

Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána (nó go dtí an 1ú deachúil ar a mhéad)

|| 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020

Ÿ Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha)

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || 5 || 5 || 5 || 5 || 5 || 5

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

XX 01 05 01 (Taighde indíreach) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

10 01 05 01 (Taighde díreach) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

Ÿ Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)[31]

XX 01 02 01 (CA, INT, SNE ón ‘gclúdach domhanda’) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

XX 01 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

XX 01 04 yy [32] || sa Cheanncheathrú[33] || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

i dtoscaireachtaí || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

XX 01 05 02 (CA, INT, SNE - Taighde indíreach) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

10 01 05 02 (CA, INT, SNE - Taighde díreach) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

Línte buiséid eile (sonraigh) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

IOMLÁN || 5 || 5 || 5 || 5 || 5 || 5

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Comhlíonfar na riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina cúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe taobh istigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Tuairisc ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus gníomhairí sealadacha || Pléann an fhoireann atá in Ard‑Stiúrthóireacht MOVE faoi láthair le saincheisteanna a bhaineann leis an nGníomhaireacht Eorpach Iarnróid, lena n‑áirítear: - bearta cur chun feidhme a glacadh mar thoradh ar mholtaí na Gníomhaireachta a bhainistiú (Cinntí agus Rialacháin an Choimisiúin) i réimse na sábháilteachta agus na hidir-inoibritheachta iarnróid; - comhordú agus rialú riaracháin ar an nGníomhaireacht Eorpach Iarnróid: cláir oibre, pleananna beartais foirne ilbhliantúla, cruinnithe an Bhoird Bainistíochta agus a fhochoiste buiséad; - comhordú beartais: rannpháirtíocht i meithleacha oibre na Gníomhaireachta Eorpaí Iarnróid, ábhar an chláir oibre, sainorduithe ón gCoimisiún chuig an nGníomhaireacht Eorpach Iarnróid, cruinnithe ar an leibhéal oibre; - tuairimí na Gníomhaireachta Eorpaí Iarnróid a bhainistiú; - freagrachtaí airgeadais agus cuntasóireachta a bhaineann leis an nGníomhaireacht Eorpach Iarnróid ar thaobh an Choimisiúin (buiséad, urscaoileadh etc.)

Pearsanra seachtrach ||

3.2.5. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

– ¨  Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

– x Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

Níor mhór líne buiséid na Gníomhaireachta Eorpaí Iarnróid (06.02.08) a athrú go dtí an méid atá sonraithe sa ráiteas airgeadais seo (iomlán EUR 157.113 M don tréimhse 2015-2020).

Faoi láthair, ní áirítear ach méideanna táscacha do na gníomhaireachtaí atá san áireamh sa chreat airgeadais. Measadh an méid táscach don Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid sular foilsíodh torthaí an mheasúnaithe tionchair agus na ríomhanna eile a raibh baint acu leis an tionscnamh seo.

Don tréimhse 2015-2020, athrófar stádas na Gníomhaireachta Eorpaí Iarnróid ó 'ghníomhaireacht ar luas cúrsála' go 'gníomhaireacht cúraimí nua'.

– ¨  Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[34].

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.6. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

– Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || Iomlán

Ranníocaíocht CSTE ón Iorua agus ón Íoslainn arna ríomh ag 2 % den bhuiséad || 0.5 || 0.5 || 0.5 || 0.5 || 0.5 || 0.5 || 3

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe || 0.5 || 0.5 || 0.5 || 0.5 || 0.5 || 0.5 || 3

3.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

– ¨ Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

– x Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

– x ar acmhainní dílse

– ¨ ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Líne buiséid ioncaim || Leithreasuithe atá ar fáil don tréimhse bhuiséadach leanúnach || Tionchar an togra/tionscnaimh[35]

2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020

06.02.08 líne buiséid na Gníomhaireachta Eorpaí Iarnróid || || || || 10.352 || 10.384 || 10.482 || 10.698

Sonraigh an modh le haghaidh an tionchar ar ioncam a ríomh.

I gcás roinnt de na cúraimí nua arna mbeartú don Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid (deimhnithe sábháilteachta, údaruithe feithiclí lena gcur ar an margadh agus údaruithe chun fochóras rialaithe-ordaithe agus comharthaíochta taobh riain a chur i mbun seirbhíse), beifear in ann muirir a ghearradh ar na hiarratasóirí seachtracha as iad a eisiúint.

De réir an mheasúnaithe tionchair, cuirfear tús leis na cúraimí nua sin in 2017 agus ríomhadh an t‑ioncam don Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ar an mbealach seo a leanas:

          - costas ar dheimhniú sábháilteachta a eisiúint: EUR 0.01m

          - costas ar údarú feithicle a eisiúint: EUR 0.017m

          - costas ar údaruithe a eisiúint chun fochóras rialaithe-ordaithe agus comharthaíochta taobh riain a chur i mbun seirbhíse: EUR 0.05m

          - i dtábla 3.2.3 tá líon ábhartha na gcineálacha cinntí a eisítear gach bliain

Achoimre ar an modh ríomha:

Ríomhadh na táillí atá leagtha amach sa tuarascáil ar an measúnú tionchair trí mheán na dtáillí reatha arna n‑íoc ag oibreoirí a dteastaíonn uathu deimhniú sábháilteachta nó údarú feithicle a fháil san AE a oibriú amach; cur chuige cosúil a bhí ann i gcás údaruithe chun fochóras rialaithe-ordaithe agus comharthaíochta taobh riain a chur i mbun seirbhíse. Bhí éagsúlacht mhór i méid na dtáillí a íocadh, agus difríocht shuntasach idir na táillí a íocadh sna Ballstáit AE 15 (thart ar EUR 20 000 do dheimhnithe sábháilteachta agus EUR 28 000 d'údaruithe) agus na táillí a íocadh sna Ballstáit AE 12 (thart ar EUR 3 000 do dheimhnithe sábháilteachta agus EUR 17 000 d'údaruithe). Chun luach na dtáillí amach anseo a chinneadh glacadh leis, i bhfianaise chostas na foirne sa Ghníomhaireacht agus na bpróiseas níos cuíchóirithe i ndéileáil le hiarratais, gurbh é luach a bheadh i ngiorracht do mheánphointe an mheánluacha ísil agus an mheánluacha aird an luach b'iomchuí amach anseo.

Is tábhachtach a thabhairt faoi deara gur meánluachanna iad na ríomhanna atá leagtha amach do na táillí i gcás gach cineál deimhnithe sábháilteachta agus údaruithe feithiclí; sonraíodh 4 chineál deimhnithe sábháilteachta agus 20 cineál údaruithe feithiclí i staidéar tacaíochta an mheasúnaithe tionchair. Cé go dtiocfaidh laghdú ar líon na ndeimhnithe agus na n‑údaruithe de dheasca an phróisis "láraithe" leis an nGníomhaireacht Eorpach Iarnróid, beidh iliomad catagóirí ann fós. Mar shampla, beidh próiséas éagsúil ann fós chun inneall féinghluaiste agus vaigín a údarú. Ar an gcaoi sin, ní mór na táillí a éagsúlú don dá chatagóir sin. Go háirithe, beidh na táillí chun vaigín a údarú níos ísle ná an meán agus beidh na táillí d'innill fhéinghluaiste agus d'ilaonaid níos airde.

Ba cheart gur mheán é an uimhir (praghas in aghaidh an údarúcháin/deimhniúcháin) a ríomhadh sa tuarascáil ar an measúnú tionchair; faoin nGníomhaireacht a bheadh sé na táillí beachta a shainiú do na catagóirí éagsúla lena áirithiú go bhfuil meán na dtáillí a bhailítear ionann leis an meán sin, nó níos mó ná é. Mar sin féin, is é aidhm an ríomha meastachán réalaíoch ach coimeádach a thabhairt ar ioncam don Ghníomhaireacht, agus ní chuirtear as an áireamh go bhféadfadh meánluach níos airde a theacht ar na táillí atá le gearradh, más gá sin agus má tá údar leis.

I dtéarmaí líon na n‑údaruithe agus na ndeimhnithe, ríomhadh iad sin ó leibhéal reatha na n‑údaruithe agus na ndeimhnithe. Amach anseo, i ndáil le deimhnithe sábháilteachta, glacadh leis go mbeadh toradh ar líon na ndeimhnithe sábháilteachta arna n‑eisiúint mar thoradh ar líon na n‑iontrálaithe nua a bhí ag teacht isteach sa mhargadh, agus d'fhéadfadh laghdú a theacht ar líon na ndeimhnithe sábháilteachta arna n‑eisiúint de bharr athrú ar na cineálacha deimhnithe sábháilteachta. Dá bhrí sin, mar mheastachán coimeádach glactar leis nach dtiocfaidh aon athrú ar líon iomlán bliantúil na ndeimhnithe sábháilteachta.

Cur chuige beagán éagsúil a bhí ann le haghaidh údaruithe feithiclí, áfach; bunaítear an tsamhail ar leibhéil údarúcháin atá ann cheana, arna soláthar ag geallsealbhóirí agus trí bhíthin staidéar éagsúil. Mar sin féin, cé gur dócha go dtiocfadh níos mó iontrálaithe nua isteach sa mhargadh agus dá bhrí sin go mbeidh níos mó feithiclí ann le húdarú, i ndearbhthéarmaí, is mó seans go gcloífidh na hiontráluithe nua sin le teicneolaíochtaí a bhfuil a bhfiúntas cruthaithe agus ar an mbealach sin le rothstoc a deimhníodh cheana féin. Ina theannta sin, de réir mar a dhéantar caighdeánú ar an tionscal, amach anseo is dócha nach mbeidh an méid céanna feithiclí le húdarú, agus beidh titim bheag ar líon na n‑údaruithe dá bhrí sin. Arís, roinn an tsamhail an measúnú idir na Ballstáit AE 15 agus AE 12.

Measann Ard‑Stiúrthóireacht MOVE go bhfuil na ríomhanna láidir agus bunaithe go cuí ar shonraí atá ann cheana agus atá infhíoraithe agus a fuarthas ó gheallsealbhóirí agus ón nGníomhaireacht Eorpach Iarnróid. Cuirtear níos mó faisnéise maidir le modheolaíocht ar fáil sa tuarascáil ar an measúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo, go háirithe Iarscríbhinn VII.

[1]               http://www.consilium.europa.eu/uedocs/cms_data/docs/pressdata/en/ec/127599.pdf.

[2]               COM(2012) 299 final.

[3]               COM(2012) 259 final.

[4]               http://ec.europa.eu/transport/evaluations/doc/2011_era-evaluation‑881-2004.pdf.

[5]               OJ C … p ….

[6]               OJ C … p ….

[7]               IO L 164, 30.04.04, lch 1.

[8]               IO L 228, 09.09.96, lch 1.

[9]               IO L 136, 31.05.99, lch 1.

[10]               IO L 136, 31.05.99, lch 15.

[11]               Cinneadh 98/500/CE ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 1998 ag bunú Coistí um Agallamh Earnálach a chuireann an t-agallamh ar aghaidh idir na comhpháirtithe sóisialta ar leibhéal Eorpach (IO L 225, 12.8.1998, lch 27).

[12]               IO L 260, 30.09.08, lch 13

[13]               IO L 51, 23.02.12, lch 1

[14]             IO L 276, 20.10.10, lch 22

[15]             IO L 218, 13.08.08, lch 30.

[16]             IO L 315, 3.12.2007, lch 51.

[17]             Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2002 maidir leis an gcreat-Rialachán Airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 185 den Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (IO L 357, 31.12.2002, lch. 72) .

[18]             IO 17, 6.10.1958, lch. 385.

[19]             IO L 145, 31.5.2001, lch 43.

[20]             IO L 136, 31.5.1999, p. 1

[21]             IO L 292, 15.11.1996, lch. 2

[22]             ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí.

[23]             Dá dtagraítear in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais

[24]             Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin DG Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html.

[25]             Dá dtagraítear in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais.

[26]               LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.

[27]               CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa. .

[28]               Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí.

[29]               Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn arna maoiniú, líon km de bhóithre arna thógáil, etc.).

[30]               Mar a thuairiscítear i Roinn 1.4.2. "‘"Cuspóirí sonracha...".

[31]               CA= Gníomhaire ar conradh; FG = foireann gníomhaireachta, ('Intérimaire'); JED = "Jeune Expert en Délégation" (Saineolaí Óg i dToscaireacht); LA= Gníomhaire áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; .

[32]               Faoin uasteorainn do phearsanra seachtrach ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").

[33]               Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh (CEI) go bunúsach.

[34]               Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.

[35]               A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de chostais bhailiúcháin a bheith bainte astu.

Top