EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C:2014:088A:FULL

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, CA 088, 27 Márta 2014


Display all documents published in this Official Journal
 

ISSN 1977-107X

doi:10.3000/1977107X.CA2014.088.gla

Iris Oifigiúill

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( 1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

57
27 Márta 2014


Clár

Leathanach

 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

 

An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

2014/C /01

Fógra comórtais oscailte — EPSO/AD/278/14 — Riarthóirí (AD 7) sna réimsí seo a leanas:

1

ATHBHREITHNIÚ AR IRISÍ OIFIGIÚLA C A COMÓRTAS

Anseo thíos gheobhaidh tú liosta de na heagráin C A a foilsíodh le linn na bliana reatha.

Mura gcuirtear a mhalairt in iúl, foilsítear leagan den IO i ngach teanga.

5

 

6

 

11

 

19

 

21

 

26

 

27

 

30

(PL)

35

 

41

(DE/EN/FR)

42

 

43

 

46

 

47

 

48

 

55

 

56

 

60

 

62

 

65

 

73

(DE/EN/FR)

74

 

81

 

88

 

 


 

(1)   Faoin tagairt C 88 A a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

27.3.2014   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

1


FÓGRA COMÓRTAIS OSCAILTE

EPSO/AD/278/14 — RIARTHÓIRÍ (AD 7)

sna réimsí seo a leanas:

1.

FÓIRÉINSIC DHIGITEACH

2.

ANAILÍSIÚ OIBRÍOCH

(2014/C 88 A/01)

Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtas oscailte ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha chun painéil a thiomsú óna n-earcófar riarthóirí (1).

Is é is aidhm don chomórtas seo dhá phainéal a thiomsú chun poist fholmha d'oifigigh san Oifig Eorpach Frith-Chalaoise sa Bhruiséil a líonadh.

Sula gcuirfidh tú iarratas isteach, ní mór duit na rialacha ginearálta maidir le comórtais oscailte a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 60 A an 1 Márta 2014 agus ar shuíomh gréasáin EPSO a léamh go grinn.

Is cuid dhílis den fhógra comórtais na treoracha sin agus cuideoidh siad leat rialacha na nósanna imeachta agus na bealaí ar a gcuirtear iarratas isteach a thuiscint.

AN CLÁR ÁBHAR

I.

CÚLRA

II.

DUALGAIS

III.

INCHÁILITHEACHT

IV.

TRIALACHA IONTRÁLA

V.

CEAD ISTEACH SA CHOMÓRTAS AGUS ROGHNÚ AR BHONN CÁILÍOCHTAÍ

VI.

IONAD MEASÚNAITHE

VII.

PAINÉIL

VIII.

CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH

I.   CÚLRA

1.

An líon iarrthóirí a n-éireoidh leo i ngach réimse

Réimse 1 = 16

Réimse 2 = 16

2.

Nótaí

Tá dhá réimse i gceist san fhógra seo. Ní féidir clárú ach do réimse amháin.

Ní mór an rogha sin a dhéanamh tráth an chlárúcháin ar líne agus ní féidir í a athrú i ndiaidh duit d'iarratas a dhearbhú agus a bhailíochtú ar líne.

II.   DUALGAIS

Tá trí phríomhchuspóir le misean na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF):

leas airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint trí imscrúduithe a dhéanamh ar chásanna calaoise agus éillithe agus ar gach gníomhaíocht mhídhleathach eile,

cásanna tromchúiseacha a bhrath agus a imscrúdú a bhaineann le baill nó le hoifigigh agus gníomhairí institiúidí agus chomhlachtaí an AE a ndualgais ghairmiúla a dhéanamh agus arbh fhéidir imeachtaí coiriúla nó araíonachta a bhunú orthu,

cuidiú leis an gCoimisiún Eorpach beartais choiscthe agus bhraite calaoise a dhréachtú agus a fheidhmiú.

Bíonn neamhspleáchas reachtach ag Ard-Stiúrthóir OLAF agus é i mbun imscrúduithe.

Cumhdaíonn na cumhachtaí imscrúdaithe neamhspleácha atá ag OLAF institiúidí agus eagrais uile an Aontais Eorpaigh agus na hoibreoirí eacnamaíocha a bhfuil baint acu le buiséad an Aontais, sna Ballstáit agus sna tríú tíortha araon.

Tá cur síos ar na próifílí sonracha sna hIarscríbhinní.

III.   INCHÁILITHEACHT

Ar an dáta deiridh atá leagtha síos don chlárú ar líne, ní mór duit na coinníollacha ginearálta agus sonracha seo a leanas a chomhlíonadh:

1.

Coinníollacha ginearálta

(a)

Bheith i do shaoránach de Bhallstát den Aontas Eorpach.

(b)

Do chearta mar shaoránach a theachtadh.

(c)

Aon oibleagáid dlí atá ort i dtaca le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta agat.

(d)

Na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun na dualgais i gceist a dhéanamh.

2.

Coinníollacha sonracha

2.1.

Cáilíochtaí

Féach pointe 2 sna hIarscríbhinní.

2.2.

Taithí oibre

Féach pointe 3 sna hIarscríbhinní.

2.3.

Eolas ar theangacha (2)

Teanga 1

Príomhtheanga

Sáreolas ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

Teanga 2

Dara teanga (nach ionann agus teanga 1)

Eolas sásúil ar an mBéarla, ar an bhFraincis nó ar an nGearmáinis.

Teastaíonn tuiscint mhaith ar an mBéarla (labhartha agus scríofa) chun post a fháil in OLAF sa dá réimse gníomhaíochta i gceist (an fhóiréinsic dhigiteach agus an anailísiú oibríoch).

Is é an Béarla an phríomhtheanga atá ag na saineolaithe ar an bhfóiréinsic dhigiteach agus ag na hanailísithe oibríocha a oibríonn i réimse an fhrithéillithe agus/nó na coireachta airgeadais ar an leibhéal idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, tá sáreolas ar an mBéarla de dhíth do na cuir i láthair, do na díospóireachtaí agus d'ullmhú na dtuarascálacha chun go mbeidh an comhar agus na malartuithe faisnéise a bhíonn ar bun le húdaráis náisiúnta na mBallstát agus tríú tíortha éifeachtach.

I bhfianaise an bhreithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Mór-Dhlísheomra) i gCás C-566/10P, Poblacht na hIodáile v an Coimisiún, is mian le hinstitiúidí an Aontais a shonrú cé na fáthanna a bhfuil rogha an dara teanga teoranta acu sa chomórtas seo do líon srianta de theangacha oifigiúla an AE.

Dá bhrí sin, cuirtear in iúl do na hiarrthóirí gur roghnaíodh dara teangacha an chomórtais seo de réir leas na seirbhísí, leas a éilíonn go mbeidh na hearcaigh nua in ann dul i mbun oibre láithreach agus go mbeidh sé ar a gcumas cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le linn a n-oibre laethúla. Ina éagmais sin, bheadh baol ann go gcuirfí bac mór ar obair na n-institiúidí.

Ar bhonn an chleachtais sheanbhunaithe atá ag institiúidí an Aontais maidir leis na teangacha cumarsáide inmheánaí, agus riachtanais na seirbhísí maidir le cumarsáid sheachtrach agus próiseáil comhad á gcur san áireamh, is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na teangacha is mó a úsáidtear. Ar a bharr sin, is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na dara teangacha is leitheadaí san Aontas Eorpach agus is iad is mó a ndéantar staidéar orthu mar dhara teangacha. Is dearbhú é sin ar an méid a bhfuiltear ag súil leis faoi láthair maidir le leibhéal oideachais agus inniúlachtaí gairme iarrthóirí ar na poist in institiúidí an Aontais, mar atá, sáreolas ar cheann de na teangacha sin ar a laghad. Dá bhrí sin, agus leas na seirbhíse agus riachtanais agus inniúlachtaí na n-iarrthóirí á gcur sa mheá, agus sainréimse an chomórtais seo á chur san áireamh, tá ábhar maith ann trialacha a eagrú sna trí theanga sin chun a chinntiú go mbeidh máistreacht ag na hiarrthóirí uile, is cuma cén phríomhtheanga atá acu, ar cheann de na trí theanga oifigiúla sin mar theanga oibre. Mar sin, ligeann an measúnú ar na hinniúlachtaí sonracha d'institiúidí an Aontais a mheas cé chomh hábalta is atá na hiarrthóirí dul i mbun oibre láithreach i dtimpeallacht atá cosúil leis an timpeallacht ina n-iarrfar orthu bheith ag obair.

Ar na cúiseanna céanna, moltar an teanga chumarsáide idir na hiarrthóirí agus an institiúid a theorannú, an teanga ina scríobhtar na hiarratais san áireamh. Cinnteoidh sin, leis, go mbeidh an chomparáid idir na hiarrthóirí agus an tseiceáil a dhéanfar orthu ar bhonn a n-iarratais ar aon dul le chéile.

Ina theannta sin, chun go mbeidh cothrom iomaíochta ann, ní mór do gach iarrthóir, fiú má tá ceann de na trí theanga sin ina phríomhtheanga oifigiúil aige, trialacha áirithe a dhéanamh sa dara teanga, agus beidh an dara teanga le roghnú as na trí theanga sin.

Tá na bearta seo gan dochar d'fhoghlaim tríú teanga ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 45(2) de na Rialacháin Foirne.

IV.   TRIALACHA IONTRÁLA

Is ar ríomhaire a dhéanfar na trialacha iontrála agus is é EPSO a eagróidh iad. Is é an bord roghnúcháin a chinnfidh leibhéal deacrachta na dtrialacha agus a fhaomhfaidh a mbeidh iontu ar bhonn moltaí ó EPSO.

Ní eagrófar na trialacha iontrála ach amháin má bhíonn an líon daoine a chláróidh don chomórtas os cionn tairsí áirithe. Is é stiúrthóir EPSO, ina cháil mar údarás a bhfuil cumhacht ainmniúcháin aige, a shocróidh an tairseach sin, i ndiaidh deireadh a theacht le clárú na n-iarrthóirí. D'fhéadfadh an tairseach sin bheith éagsúil ó réimse go chéile, agus cuirfear in iúl duit trí do chuntas EPSO cén tairseach a bheidh socraithe.

Ina mhalairt de chás, eagrófar trialacha inniúlachtaí san ionad measúnaithe (féach Roinn VI.2).

1.

Cuireadh chun na dtrialacha

Tabharfar cuireadh duit na trialacha a dhéanamh má bhailíochtaigh tú d'iarratas in am (féach Roinn VIII).

Tabhair do d'aire:

1.

Is ionann d'iarratas a bhailíochtú agus a dhearbhú go gcomhlíonann tú coinníollacha ginearálta agus sonracha Roinn III.

2.

Chun páirt a ghlacadh sna trialacha sin, tá sé sár-riachtanach sin a dhéanamh roimh an spriocam a chuirfear in iúl duit trí do chuntas EPSO.

2.

Cineál agus marcáil na dtrialacha

Sraith de thrialacha bunaithe ar cheisteanna ilroghnacha chun measúnú a dhéanamh ar do chuid inniúlachtaí réasúnaíochta:

Triail (a)

Réasúnaíocht bhriathartha

Marcálfar an triail seo as 20 pointe

An pasmharc: 10 bpointe

Triail (b)

Réasúnaíocht uimhriúil

Marcálfar an triail seo as 10 bpointe

Triail (c)

Réasúnaíocht theibí

Marcálfar an triail seo as 10 bpointe

 

10 bpointe an pasmharc d'iomlán thrialacha (b) agus (c)

3.

Teanga na dtrialacha

Teanga 1

V.   CEAD ISTEACH SA CHOMÓRTAS AGUS ROGHNÚ AR BHONN CÁILÍOCHTAÍ

1.   An nós imeachta

An scrúdú ar na coinníollacha ginearálta agus sonracha agus an roghnú ar bhonn cáilíochtaí, déanfar é ar bhonn na ndearbhuithe a rinne tú i d'iarratas.

(a)

Scrúdóidh an bord roghnúcháin do chuid freagraí i leith na gcoinníollacha ginearálta agus sonracha féachaint an bhfuil tú ar dhuine de na daoine a chomhlíonann coinníollacha iontrálacha uile an chomórtais.

I gcás ina réamheagrófar trialacha iontrála, déanfar na coinníollacha ginearálta agus sonracha a scrúdú, in ord íslitheach na bpointí a gnóthaíodh sna trialacha iontrála, go dtí go sroichfear an líon iarrthóirí, de réir réimse, a shocraigh an t-údarás a bhfuil cumhacht ainmniúcháin aige  (3) , ar iarrthóir iad:

a ghnóthaigh na pasmharcanna agus na marcanna is fearr sna trialacha iontrála, agus

a chomhlíonann coinníollacha iontrála an chomórtais.

Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, cuirfear iad ar fad san áireamh nuair a bheidh an roghnú ar bhonn cáilíochtaí á dhéanamh. Ní scrúdófar doiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí a bheidh faoi bhun na tairsí.

(b)

Ansin, déanfaidh an bord roghnúcháin, i gcás na n-iarrthóirí a chomhlíonann coinníollacha incháilitheachta an chomórtais, roghnú ar bhonn cáilíochtaí chun na hiarrthóirí a aithint a bhfuil na cailíochtaí is ábhartha (dioplómaí agus taithí oibre go háirithe) acu i dtaca leis na dualgais agus na critéir roghnúcháin atá leagtha síos san fhógra comórtais seo. Is ar bhonn na ndearbhuithe a rinne tú sa chluaisín “scagthóir buanna” (DE: Talentfilter, EN: talent screener, FR: évaluateur de talent), agus ar an mbonn sin amháin, a dhéanfar an roghnú sin, de réir na scéime marcála seo thíos:

tabharfar ualú ó 1 go dtí 3 do gach critéar roghnúcháin, de réir na tábhachta a mheasann an bord roghnúcháin a bheith leis,

scrúdóidh an bord roghnúcháin freagraí na n-iarrthóirí agus tabharfaidh sé marc ó 0 go dtí 4 do gach freagra, de réir cháilíochtaí an iarrthóra. Déanfar na marcanna sin, arna n-iolrú faoi ualú gach ceiste, a shuimiú chun marc foriomlán a fháil.

Ansin, tiomsóidh an bord roghnúcháin liosta de na hiarrthóirí in ord na marcanna foriomlána. An líon iarrthóirí (4) a dtabharfar cuireadh chun an ionaid mheasúnaithe (5) dóibh, beidh sé comhionann, de réir réimse, le trí oiread ar a laghad líon na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo. Foilseofar an líon sin ar shuíomh gréasáin EPSO (http://blogs.ec.europa.eu/eu-careers.info/).

2.   Dearbhuithe na n-iarrthóirí a sheiceáil

I ndiaidh thrialacha an ionaid mheasúnaithe agus de réir na dtorthaí a gnóthaíodh sna trialacha sin, déanfaidh EPSO na dearbhuithe a rinne na hiarrthóirí ina n-iarratas ar líne a sheiceáil i dtaca leis na coinníollacha ginearálta agus déanfaidh an bord roghnúcháin iad a sheiceáil i dtaca leis na coinníollacha sonracha. Maidir leis na cáilíochtaí a mheas, ní chuirfear na doiciméid tacaíochta san áireamh ach amháin chun na freagraí a tugadh cheana sa chluaisín “scagthóir buanna” a dhearbhú. Má thagann sé chun solais sa tseiceáil nach bhfuil na dearbhuithe sin (6) ag luí leis na doiciméid tacaíochta ábhartha, dícháileofar an t-iarrthóir sin den chomórtas.

Déanfar an tseiceáil, in ord íslitheach tuillteanais, ar na hiarrthóirí sin a ghnóthaigh na pasmharcanna agus na marcanna foriomlána is fearr i dtrialacha (d), (f), (g) agus (h) (féach Roinn VI.2) an ionaid mheasúnaithe. Ina theannta sin, ní mór do na hiarrthóirí sin an pasmharc a ghnóthú i dtrialacha inniúlachta (a), (b) agus (c) agus sa triail tuisceana teanga (e). Déanfar an tseiceáil sin go dtí go sroichfear an líon is mó iarrthóirí is féidir a bheith ar na painéil, ar iarrthóirí iad a chomhlíonann na coinníollacha incháilitheachta ar fad. Ní scrúdófar doiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí a bheidh faoi bhun na tairsí sin.

VI.   IONAD MEASÚNAITHE

1.

Cuireadh

Má bhíonn tú ar dhuine de na hiarrthóirí

a chomhlíonann coinníollacha iontrála ginearálta agus sonracha Roinn III, de réir na ndearbhuithe a rinneadh sa chlárú ar líne,

agus

a ghnóthaigh ceann de na marcanna is fearr sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí,

tabharfar cuireadh duit trialacha an ionaid mheasúnaithe a dhéanamh, trialacha is gnách a bheith ar siúl sa Bhruiséil (7) ar feadh lá nó dhó.

2.

Ionad measúnaithe

Déanfar trí chineál measúnaithe ort agus is é an bord roghnúcháin a dhéanfaidh a mbeidh iontu a fhormheas:

measúnú ar do chuid inniúlachtaí réasúnaíochta (mura mbeidh measúnú déanta orthu cheana sna trialacha iontrála a eagraíodh roimh ré), leis na trialacha seo a leanas:

(a)

scrúdú réasúnaíochta briathartha

(b)

scrúdú réasúnaíochta uimhriúla

(c)

scrúdú réasúnaíochta teibí.

measúnú ar do chuid inniúlachtaí sonracha, leis na trialacha seo a leanas:

(d)

agallamh struchtúrtha ar inniúlachtaí an réimse i gceist, ar bhonn an eolais a thug tú i d'iarratas sa chluaisín “scagthóir buanna”

(e)

triail tuisceana teanga.

measúnú ar do chuid inniúlachtaí ginearálta  (8) leis na trialacha seo a leanas:

(f)

cás-staidéar

(g)

gníomhaíocht i ngrúpa

(h)

agallamh struchtúrtha.

Scrúdófar gach ceann de na hinniúlachtaí ginearálta mar atá léirithe sa tábla seo thíos:

 

Cás-staidéar

Gníomhaíocht i ngrúpa

Agallamh struchtúrtha

Anailísiú agus réiteach fadhbanna

x

x

 

Cumarsáid

x

 

x

Cáilíocht agus torthaí

x

 

x

Foghlaim agus forbairt

 

x

x

Tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán

x

x

 

Buanseasmhacht

 

x

x

Obair bhuíne

 

x

x

Cumas ceannaireachta

 

x

x

3.

Teanga an ionaid mheasúnaithe

Teanga 1 i gcás thrialacha (a), (b) agus (c).

An Béarla (EN) i gcás thriail (e).

Teanga 2 i gcás thrialacha (d), (f), (g) agus (h).

4.

Marcáil agus ualú

Inniúlachtaí réasúnaíochta

(a)

réasúnaíocht bhriathartha: marcálfar an triail seo as 20 pointe

An pasmharc: 10 bpointe

(b)

réasúnaíocht uimhriúil: marcálfar an triail seo as 10 bpointe

(c)

réasúnaíocht theibí: marcálfar an triail seo as 10 bpointe

An pasmharc d'iomlán thrialacha (b) agus (c): 10 bpointe

Trialacha díbeartha is ea trialacha (a), (b) agus (c) ach ní chuirfear marcanna na dtrialacha sin le marcanna eile an ionaid mheasúnaithe.

Inniúlachtaí sonracha (trialacha (d) agus (e))

Triail (d): marcálfar an triail seo as 100 pointe

An pasmharc: 50 pointe

Triail (e): marcálfar an triail seo as 10 bpointe

An pasmharc: 5 phointe

Triail díbeartha is ea triail (e) ach ní chuirfear marcanna na trialach sin le marcanna eile an ionaid mheasúnaithe.

Ualú: 60 % den mharc foriomlán

Inniúlachtaí ginearálta (trialacha (f), (g) agus (h))

Marcálfar iomlán na n-inniúlachtaí ginearálta as 80 pointe (10 bpointe do gach inniúlacht)

An pasmharc:

 

3 phointe do gach inniúlacht agus

 

40 pointe as 80 d'iomlán na 8 n-inniúlacht ghinearálta

Ualú: 40 % den mharc foriomlán

VII.   PAINÉIL

1.

Ainmneacha a chur ar phainéal

Cuirfidh an bord roghnúcháin d'ainm ar phainéal

má tá tú ar dhuine de na hiarrthóirí (9) a ghnóthaigh na pasmharcanna d'iomlán thrialacha (a) go (h) agus ceann de na marcanna foriomlána is fearr d'iomlán thrialacha measúnaithe (d), (f), (g) agus (h) (féach líon na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo, Roinn I.1)

agus más léir, i bhfianaise na ndoiciméad tacaíochta, go gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta ar fad atá leagtha síos i Roinn III agus i Roinn IV den fhógra seo.

2.

Aicmiú

Tiomsófar na liostaí de réir réimse agus beidh na hainmneacha iontu in ord aibítre.

VIII.   CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH

1.

Clárú ar líne

Ní mór duit clárú ar líne sa tslí a léirítear ar shuíomh gréasáin EPSO, agus sa treoirleabhar maidir le clárú go háirithe.

Spriocam (an bailíochtú san áireamh): 29 Aibreán 2014 ar 12 a chlog (meán lae), am na Bruiséile

2.

Comhad iarratais

Má bhíonn tú ar dhuine de na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh chun an ionaid mheasúnaithe, beidh ort an comhad iomlán a bhaineann le d'iarratas a thabhairt leat (10) (an fhoirm iarratais ar líne agus í sínithe, na doiciméid tacaíochta san áireamh) chun an ionaid mheasúnaithe.

Sonraí praiticiúla: féach pointe 2.1.7 de na rialacha ginearálta maidir le comórtais oscailte.


(1)  Gach áit anseo a bhfuil tagairt don fhirinscne, glactar leis gur ag tagairt don fhirinscne agus don bhaininscne atáthar.

(2)  Féach Comhchreat Tagartha na hEorpa (CECR) — íosleibhéal: teanga 1 = C1, teanga 2 = B2, an Béarla = B2

(http://europass.cedefop.europa.eu/europass/home/hornav/Downloads/CEF/LanguageSelfAssessmentGrid.csp)

(3)  Beidh an líon sin cothrom leis an tairseach atá luaite sa dara mír de Roinn IV.

(4)  Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, tabharfar cuireadh dóibh go léir chun an ionaid mheasúnaithe.

(5)  Na hiarrthóirí nach bhfuair cuireadh chun an ionaid mheasúnaithe, féadfaidh siad torthaí a measúnaithe a fháil, chomh maith leis an ualú a thug an bord roghnúcháin do gach ceist.

(6)  Seiceálfar an fhaisnéis sin, trí scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid tacaíochta, sula dtiomsófar an painéal (féach Roinn VII.1 agus Roinn VIII.2).

(7)  Ar chúiseanna eagrúcháin, d'fhéadfadh na trialacha inniúlachta bheith ar siúl in ionaid scrúdúcháin sna Ballstáit, is cuma cá mbeidh trialacha eile an ionaid mheasúnaithe ar siúl.

(8)  Tá cur síos ar na hinniúlachtaí sin i bpointe 1.2 de na treoracha do chomórtais oscailte.

(9)  Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, cuirfear ainmneacha na n-iarrthóirí sin ar fad ar an bpainéal.

(10)  Déanfar dáta do choinne san ionad measúnaithe a chur in iúl duit in am agus i dtráth trí do chuntas EPSO.


IARSCRÍBHINN I

RÉIMSE 1: FÓIRÉINSIC DHIGITEACH

1.   Dualgais

Tá an comórtas oscailte seo á eagrú chun Riarthóirí (AD 7) i réimse na fóiréinsice digití a earcú.

Ag seo príomhdhualgais an phoist:

dul in éineacht leis na himscrúdaitheoirí agus iad ar misean chun oibríochtaí fóiréinsice a dhéanamh le linn seiceálacha ar an láthair agus scrúduithe ar shuíomhanna,

comhairle a thabhairt do na himscrúdaitheoirí maidir leis na nósanna imeachta nach mór a leanúint maidir le slabhra caomhnaithe na fianaise fóiréinsice chun go mbeidh sí inghlactha sa chúirt,

sonraí a aimsiú, de réir rialacha na fóiréinsice, i ngach cineál meán digiteach (cuimhní ríomhaire, dioscaí crua, téipeanna, fóin chliste, etc.),

sainscrúduithe fóiréinsice digití a dhéanamh, e.g. sonraí/doiciméid arna scriosadh a chuardach i spás neamh-leithdháilte, chun teacht ar fhianaise dhigiteach,

fianaise dhigiteach a fháil do na himscrúdaitheoirí trí shonraí/doiciméad a bhaint as an íomhá fóiréinsice ar bhonn cuardaigh de réir eochairfhocal agus de réir ama chomh maith le teicnící cuardaigh níos sofaisticiúla,

bheith bord ar bhord le forás sa teicneolaíocht fóiréinsice (bogearraí agus crua-earraí) chun go mbeidh trealamh fóiréinsice úrscothach ar fáil ag OLAF,

tuarascálacha a dhréachtú, i mBéarla, ar oibríochtaí agus ar thuairimí saineolaithe fóiréinsice digití chun tacú le himscrúduithe OLAF,

fianaise a thabhairt sa chúirt nó le linn éisteachta araíonachta, faoi réir údarú an Ard-Stiúrthóra.

2.   Cáilíochtaí

Oideachas is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile ceithre bliana ar a laghad agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh a bhaineann le dualgais an phoist, nó oiliúint/cáilíocht ghairmiúil arna haithint/dearbhú ag eagras údaraithe poiblí/idirnáisiúnta (e.g. coláiste póilíneachta, coláiste custaim, International Association of Computer Investigative Specialists, International Society of Forensic Computer Examiners) a bhaineann le dualgais an phoist agus ar leibhéal atá comhionann leo.

Oideachas is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile trí bliana ar a laghad agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh a bhaineann le dualgais an phoist nó oiliúint/cáilíocht ghairmiúil arna haithint/dearbhú ag eagras údaraithe poiblí/idirnáisiúnta (e.g. coláiste póilíneachta, coláiste custaim, International Association of Computer Investigative Specialists, International Society of Forensic Computer Examiners) a bhaineann le dualgais an phoist agus ar leibhéal atá comhionann leo agus taithí oibre aon bhliana a fuarthas ina dhiaidh sin a bhaineann go díreach le dualgais an phoist.

NB: Cuid dhílis den dioplóma is ea an taithí oibre bliana sin, agus ní féidir í a áireamh ar na blianta de thaithí oibre a iarrtar thíos.

3.   Taithí oibre

Taithí oibre sé bliana ar a laghad, ar an leibhéal cuí, mar shaineolaí fóiréinsice digití, ar bheith ag tacú le himscrúduithe a bhí bainteach leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe phoiblí agus/nó na coireachta airgeadais.

Ní áireofar mar thaithí oibre ach an taithí a fuarthas le húdarás forfheidhmithe dlí i mBallstát nó le heagraíocht idirnáisiúnta.

Ina theannta sin, ní mór inniúlachtaí praiticiúla ríomhaireachta dearbhaithe a bheith ag na hiarrthóirí maidir le feistí digiteacha a roghnú agus a thástáil, taithí ar uirlisí ar nós FTK, Encase agus X-Ways go háirithe.

Níl an taithí oibre sin ábhartha ach amháin má fuarthas í i ndiaidh bhaint amach na céime atá riachtanach ag an iarrthóir chun cur isteach ar an gcomórtas.

4.   Critéir roghnúcháin

Sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí, cuirfidh an bord roghnúcháin na critéir seo a leanas san áireamh:

1.

dioplóma ollscoile, nach í an dioplóma í a theastaíonn le cur isteach ar an gcomórtas seo, i gceann de na réimsí seo: fóiréinsic dhigiteach, ríomhaireacht, teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide nó innealtóireacht;

2.

teastas san fhóiréinsic dhigiteach agus/nó teastais in úsáid uirlisí sonracha imscrúdaithe fóiréinsice ar nós Encase, FTK agus X-Ways;

3.

taithí oibre a bhaineann le tacaíocht fóiréinsice digití a chur ar fáil d'imscrúduithe riaracháin agus/nó coiriúla, sna seirbhísí póilíneachta, custaim nó comhraic frithéillithe, mar shampla;

4.

misin fóiréinsice digití a bhaineann le tacaíocht a chur ar fáil d'imscrúduithe thar lear;

5.

taithí oibre ar ardteicnící cuardaigh (seachas cuardach le heochairfhocail nó de réir ama) a úsáidtear chun fianaise dhigiteach a bhaint as íomhá fóiréinsice;

6.

taithí oibre maidir le tuarascálacha a dhréachtú i réimse na fóiréinsice digití;

7.

taithí oibre maidir le hinfreastruchtúir ríomhaireachta fóiréinsice digití a cheapadh nó a chur ar obair;

8.

taithí oibre maidir le hinfreastruchtúir ríomhaireachta fóiréinsice digití a chothabháil;

9.

taithí oibre maidir le cúrsaí oiliúna ar an bhfóiréinsic dhigiteach a eagrú;

10.

taithí oibre ar ábhair a bhaineann leis an bhfóiréinsic dhigiteach a chur i láthair le linn comhdhálacha, léachtaí nó ceardlann;

11.

taithí ar bheith ag obair i dtimpeallacht idirnáisiúnta a bhaineann leis an bhfóiréinsic dhigiteach.


IARSCRÍBHINN II

RÉIMSE 2: ANAILÍSIÚ OIBRÍOCH

1.   Dualgais

Tá an comórtas oscailte seo á eagrú chun Riarthóirí (AD 7) a earcú i réimse na hanailíse oibríche a dhéantar chun tacú le himscrúduithe OLAF.

Ag seo príomhdhualgais an phoist:

faisnéis agus tacaíocht don anailísiú a chur ar fáil d'imscrúdaitheoirí OLAF chun cuidiú leo na himscrúduithe a dhéantar faoi choimirce OLAF a chur i gcrích,

faisnéis a bhailiú, a stóráil, a phróiseáil, a anailísiú agus a mhalartú,

faisnéis agus tacaíocht don anailísiú a chur ar fáil d'imscrúduithe ar le comhleas na gcomhpháirtithe sna Ballstáit, na n-institiúidí Eorpacha agus na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta iad,

tacaíocht a thabhairt do na hArd-Stiúrthóireachtaí oibríocha a gcuid straitéisí iniúchóireachta riosca-bhunaithe a shaothrú, le huirlisí agus modhanna anailísithe,

measúnuithe ar bhagairtí, anailísí straitéiseacha agus tuarascálacha ginearálta a bhaineann le sainordú OLAF a dhréachtú i mBéarla,

páirt a ghlacadh i dtionscnaimh bheartais an Choimisiúin Eorpaigh ar nós na straitéise frithchalaoise agus an phlean gníomhaíochta i gcoinne smuigleála a dhéantar thar theorainn oirthearach an AE,

imscrúdaitheoirí OLAF a oiliúint ar ghníomhaíochtaí cuardaigh agus anailísithe faisnéise a bhaintear as bunachair shonraí thráchtála agus as foinsí poiblí,

fianaise a thabhairt sa chúirt nó le linn éisteachta araíonachta, faoi réir údarú an Ard-Stiúrthóra.

2.   Cáilíochtaí

Oideachas is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile ceithre bliana ar a laghad agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh a bhaineann le dualgais an phoist, nó oiliúint/cáilíocht ghairmiúil arna haithint/dearbhú ag eagras údaraithe poiblí/idirnáisiúnta (e.g. coláiste póilíneachta, coláiste custaim, International Association of Computer Investigative Specialists, International Society of Forensic Computer Examiners) a bhaineann le dualgais an phoist agus ar leibhéal atá comhionann leo.

Oideachas is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile trí bliana ar a laghad agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh a bhaineann le dualgais an phoist nó oiliúint/cáilíocht ghairmiúil arna haithint/dearbhú ag eagras údaraithe poiblí/idirnáisiúnta (e.g. coláiste póilíneachta, coláiste custaim, International Association of Computer Investigative Specialists, International Society of Forensic Computer Examiners) a bhaineann le dualgais an phoist agus ar leibhéal atá comhionann leo agus taithí aon bhliana a fuarthas ina dhiaidh sin a bhaineann go díreach le dualgais an phoist.

NB: Cuid dhílis den dioplóma is ea an taithí oibre bliana sin, agus ní féidir í a áireamh ar na blianta de thaithí oibre a iarrtar thíos.

3.   Taithí oibre

Taithí oibre sé bliana ar a laghad, ar an leibhéal cuí, mar shaineolaí fóiréinsice digití, ar bheith ag tacú le himscrúduithe a bhí bainteach leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe phoiblí agus/nó na coireachta airgeadais.

Ní áireofar mar thaithí oibre ach an taithí a fuarthas le húdarás forfheidhmithe dlí i mBallstát nó le heagraíocht idirnáisiúnta.

Ina theannta sin, ní mór inniúlachtaí praiticiúla dearbhaithe ríomhaireachta a bheith acu maidir le faisnéis a bhailiú agus a anailísiú, taithí maidir le ceistiú agus láimhseáil bunachar sonraí le huirlisí ar nós MS-Access, SQL Server nó Oracle go háirithe; maidir le hamharcléiriú le huirlisí ar nós Business Objects nó Tableau; agus maidir le huirlisí faisnéise sonracha, ar nós iBase nó Analyst Notebook.

Níl an taithí oibre sin ábhartha ach amháin má fuarthas í i ndiaidh bhaint amach na céime atá riachtanach ag an iarrthóir chun cur isteach ar an gcomórtas.

4.   Critéir roghnúcháin

Sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí, cuirfidh an bord roghnúcháin na critéir seo a leanas san áireamh:

1.

dioplóma ollscoile, seachas an dioplóma a theastaíonn le cur isteach ar an gcomórtas, i gceann de na réimsí seo: coireolaíocht, eacnamaíocht, airgeadas, teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, dlí, matamaitic nó staidreamh;

2.

teastas in úsáid feidhmchlár faisnéise sonrach, ar nós iBase agus Analyst Notebook;

3.

taithí oibre maidir le tacaíocht oibríoch a thabhairt d'imscrúduithe riaracháin agus/nó coiriúla, sna seirbhísí póilíneachta, custaim nó comhraic frithéillithe, mar shampla;

4.

taithí oibre maidir le himscrúduithe riaracháin agus/nó coiriúla inar úsáideadh uirlisí asbhainte sonraí agus téacsanna chun mórchodanna sonraí oibríocha a anailísiú;

5.

taithí oibre maidir le tuarascálacha a dhréachtú ar anailísiú oibríoch a dhéanamh i réimse a bhaineann le hinniúlacht OLAF;

6.

taithí oibre maidir le hinfreastruchtúir ríomhaireachta a cheapadh nó a chur ar obair chun faisnéis a bhailiú agus a mhalartú;

7.

taithí oibre maidir le hinfreastruchtúir ríomhaireachta le haghaidh faisnéis a bhailiú agus a mhalartú a chothabháil;

8.

taithí oibre ar chúrsaí oiliúna a eagrú maidir le gníomhaíochtaí cuardaigh agus anailísithe faisnéise a bhaintear as bunachair shonraí thráchtála agus as foinsí poiblí;

9.

taithí oibre ar thorthaí anailíse a chur i láthair le linn comhdhálacha, léachtaí nó ceardlann;

10.

taithí oibre i dtimpeallacht idirnáisiúnta a bhaineann le hanailísiú oibríoch.


Top