EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document L:2012:344:FULL

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, L 344, 14 Nollaig 2012


Display all documents published in this Official Journal
 

ISSN 1977-0839

doi:10.3000/19770839.L_2012.344.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

55
14 Nollaig 2012


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1168/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach comhaltaí den Chomhphobal Eorpach iad

1

 

 

Ceartúchán

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar an 4 Iúil 2012 maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla agus iad a fhorfheidhmiú in ábhair chomharbais agus maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a chruthú (IO L 201, 27.7.2012) (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L – Eagrán Speisialta Gaeilge)

3

 


 

(1)   Faoin tagairt L 344 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

14.12.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1168/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Nollaig 2012

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach comhaltaí den Chomhphobal Eorpach iad

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I gCás C-249/10 P (2), rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais nach bhféadfar an teicníc samplála dá bhforáiltear in Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 (3) a chur chun feidhme chun críocha éilimh a chinneadh maidir le cóir gheilleagair mhargaidh atá le déanamh de bhun fhomhír (c) d’Airteagal 2(7) den Rialachán sin.

(2)

Chuirfeadh an rialú ón gCúirt Bhreithiúnais de cheangal ar an gCoimisiún go scrúdódh sé na héilimh go léir ar chóir gheilleagair mhargaidh a dhéanfadh táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha nach n-áirítear sa sampla iad a chur isteach, bíodh líon na dtáirgeoirí comhoibríocha mór nó beag. Chuirfeadh an cleachtas sin ualach díréireach ar údaráis imscrúdúcháin an Aontais, áfach. Is iomchuí, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 a leasú.

(3)

Thairis sin, ceadaítear úsáid na teicníce samplála dá bhforáiltear in Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 chun críocha éilimh a chinneadh maidir le cóir gheilleagair mhargaidh de bhun fhomhír (c) d’Airteagal 2(7) den Rialachán sin faoi rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála. Mar shampla, chinn painéal Chomhlacht um Réiteach Díospóide na hEagraíochta Domhanda Trádála i ndíospóid DS405 “an tAontas Eorpach — Bearta Frithdhumpála maidir le Coisbhearta Áirithe ón tSín” (4) (tuarascáil a glacadh an 22 Feabhra 2012) nár shuigh an tSín gur ghníomhaigh an tAontas ar bhealach nach raibh comhsheasmhach le hAirteagal 2.4 ná le hAirteagal 6.10.2 den Chomhaontas Frithdhumpála, Mír 15(a)(ii) de Phrótacal Aontachas na Síne, agus Mír 151(e) agus (f) de Thuarascáil Meithle faoi Aontachas na Síne, tríd an gcaoi ar mhainnigh sé na hiarratais ar chóir gheilleagair mhargaidh a rinne táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha Síneacha nár áiríodh sa sampla le haghaidh an imscrúdaithe bhunaidh, a chur isteach.

(4)

Ar an ábhar sin, tar éis an cúlra sin a chur san áireamh agus ar chúiseanna maidir le deimhneacht dhlíthiúil, meastar gur iomchuí foráil a thabhairt isteach chun a shoiléiriú go bhfuil an cinneadh sin nach ndéanfaí imscrúdú ach ar líon réasúnta páirtithe trí shamplaí a úsáid ar bhonn Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 infheidhme fosta maidir leis na páirtithe atá faoi réir scrúdú i gcomhréir le fomhír (b) agus le fomhír (c) d’Airteagal 2(7) den Rialachán sin. Dá bharr sin, is iomchuí fosta a shoiléiriú nár cheart cinneadh faoi fhomhír (c) d’Airteagal 2(7) a dhéanamh maidir le táirgeoirí onnmhairiúcháin nach n-áirítear sa sampla iad mura n-iarrfaidh na táirgeoirí sin imscrúdú aonair agus mura lámhálfar an t-iarratas i gcomhréir le hAirteagal 17(3) de.

(5)

Lena chois sin, meastar gur iomchuí a shoiléiriú, maidir leis an dleacht frithdhumpála atá le cur i bhfeidhm ar allmhairí ó onnmhaireoirí nó ó tháirgeoirí a chuir iad féin in aithne de réir Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ach nár áiríodh sa scrúdú, nach rachaidh sé thar an meánchorrlach ualaithe dumpála arna shocrú do na páirtithe sa sampla, is cuma cé acu ar cinneadh an gnáthluach a socraíodh do na páirtithe sin ar bhonn Airteagail 2(1) go (6) nó fhomhír (a) d’Airteagal 2(7) den Rialachán sin nó nár cinneadh.

(6)

Ar deireadh, léiríodh nárbh fhéidir cinneadh de bhun fhomhír (c) d’Airteagal 2(7) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 a dhéanamh laistigh den teorainn thrí mhí, mar a bhí ceangailte, i gcás nósanna imeachta, go háirithe má bhí sampláil a bhí i gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán sin á cur i bhfeidhm. Meastar, dá bhrí sin, gurb iomchuí an teorainn sin a fhadú.

(7)

Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus prionsabal an dea-riaracháin, is gá foráil a dhéanamh go dtiocfaidh na leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 dá bhforáiltear sa Rialachán seo i bhfeidhm a luaithe is féidir maidir leis na himscrúduithe nua go léir agus maidir leis na himscrúduithe go léir atá ar feitheamh.

(8)

Ba cheart, da bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 leis seo mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 2(7) mar a leanas:

(a)

san abairt leathdheireanach d’fhomhír (c), cuirtear na focail seo a leanas in ionad na bhfocal “déanfar é faoi cheann trí mhí ó thionscnamh an imscrúdaithe”“déanfar é, de ghnáth, faoi cheann sheacht mhí ach tráth nach déanaí, in aon chás, ná faoi cheann ocht mí tar éis an imscrudú a thionscnamh”;

(b)

cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“(d)

Nuair a bheidh teorainn curtha ag an gCoimisiún lena scrúdú i gcomhréir le hAirteagal 17, ní bhainfidh cinneadh de bhun fhomhír (b) agus fhomhír (c) den mhír seo ach leis na páirtithe a áiríodh sa scrúdú agus le haon táirgeoir dá dtugtar cóir aonair de bhun Airteagal 17(3).”;

(2)

in Airteagal 9(6), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

“Nuair a bheidh teorainn curtha ag an gCoimisiún lena scrúdú i gcomhréir le hAirteagal 17, ní rachaidh aon dleacht frithdhumpála a chuirfear i bhfeidhm ar allmhairí ó onnmhaireoirí nó ó tháirgeoirí a chuir iad féin in aithne de réir Airteagal 17 ach nár áiríodh sa scrúdú thar an meánchorrlach ualaithe dumpála arna shocrú do na páirtithe sa sampla, is cuma cé acu ar cinneadh an gnáthluach do na páirtithe sin ar bhonn Airteagail 2(1) go (6) nó ar bhonn fhomhír (a) d’Airteagal 2(7) nó nár cinneadh.”.

Airteagal 2

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na himscrúduithe nua go léir agus maidir leis na himscrúduithe go léir a bheidh ar feitheamh an 15 Nollaig 2012.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 12 Nollaig 2012.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. D. MAVROYIANNIS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Deireadh Fómhair 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 6 Nollaig 2012.

(2)  Cás C-249/10 P Brosmann Footwear (HK) agus cuid eile v an Chomhairle, breithiúnas an 2 Feabhra 2012.

(3)  IO L 343, 22.12.2009, lch. 51.

(4)  EDT, Tuarascáil ón bPainéal, WT/DS405/R, 28 Deireadh Fómhair 2011.


Ceartúchán

14.12.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/3


Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar an 4 Iúil 2012 maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla agus iad a fhorfheidhmiú in ábhair chomharbais agus maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a chruthú

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 201 an 27 Iúil 2012 )

(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L – Eagrán Speisialta Gaeilge)

Ar leathanach 134, Airteagal 84, an dara mír:

in ionad:

“… seachas i gcás Airteagal 77 agus Airteagal 78, a mbeidh feidhm acu ón 16 Eanáir 2014 …”

léitear:

“… seachas i gcás Airteagal 77 agus Airteagal 78, a mbeidh feidhm acu ón 16 Samhain 2014 …”.


Top