Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02021R0954-20220630

    Consolidated text: Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID-19 AE) a eisiúint maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID-19 agus chun iad a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/954/2022-06-30

    02021R0954 — GA — 30.06.2022 — 001.001


    Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

    ►B

    RIALACHÁN (AE) 2021/954 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 14 Meitheamh 2021

    maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID-19 AE) a eisiúint maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID-19 agus chun iad a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    (IO L 211 15.6.2021, lch. 24)

    Arna leasú le:

     

     

    Iris Oifigiúil

      Uimh

    Leathanach

    Dáta

    ►M1

    RIALACHÁN (AE) 2022/1035 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 29 Meitheamh 2022

      L 173

    46

    30.6.2022




    ▼B

    RIALACHÁN (AE) 2021/954 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 14 Meitheamh 2021

    maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID-19 AE) a eisiúint maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID-19 agus chun iad a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)



    Airteagal 1

    Cuirfidh na Ballstáit na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/953 i bhfeidhm maidir le náisiúnaigh tríú tír nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin, ach atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar a gcríoch agus atá i dteideal taisteal chuig Ballstáit eile i gcomhréir le dlí an Aontais.

    Airteagal 2

    Ar choinníoll go gcuirfidh Éire in iúl don Chomhairle agus don Choimisiún go nglacfaidh sí leis na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2021/953 arna n-eisiúint ag na Ballstáit do dhaoine a chumhdaítear leis an Rialachán seo, glacfaidh na Ballstáit, faoi choinníollacha Rialachán (AE) 2021/953, le deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Éirinn san fhormáid a chomhlíonann ceanglais chreat iontaoibhe Dheimhniú Digiteach COVID AE a bunaíodh le Rialachán 2021/953 chuig náisiúnaigh tríú tír a fhéadfaidh taisteal faoi shaoirse laistigh de chríoch na mBallstát.

    ▼M1

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2021 fad is atá Rialachán (AE) 2021/953 infheidhme.

    ▼B

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

    Top