EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document E2022P0010

Caingean a thug Eviny AS in aghaidh Údarás Faireachán CSTE an 27 Meán Fómhair 2022 (Cás E-10/22) 2022/C 437/04

PUB/2022/1292

IO C 437, 17.11.2022, p. 4–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

17.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 437/4


Caingean a thug Eviny AS in aghaidh Údarás Faireachán CSTE an 27 Meán Fómhair 2022

(Cás E-10/22)

(2022/C 437/04)

An 27 Meán Fómhair 2022, thug Eviny AS caingean in aghaidh Údarás Faireacháin CSTE os comhair Chúirt CSTE, agus is iad Svein Terje Tveit agus Paul Gunnar Hagelund, Arntzen de Besche, Ruseløkkveien 30, 0251 Osló, an Iorua, na habhcóidí a bhí ag ionadaíocht dóibh.

Tá Eviny AS ag iarraidh ar chúirt CSTE an méid seo a leanas a dhéanamh:

1.

Cinneadh Uimh. 161/22/COL ó Údarás Faireacháin CSTE an 6 Iúil 2022 a neamhniú; agus

2.

Ordú a thabhairt d’Údarás Faireacháin CSTE costais na n-imeachtaí a íoc.

An cúlra dlíthiúil agus an cúlra fíorasach, mar aon le pléadálacha faoin dlí a tugadh ar aird chun tacú leis an méid sin:

Is cuideachta fuinnimh in-athnuaite Ioruach é Eviny AS (“an t-iarratasóir”), cuideachta a chorpraítear faoi dhlí na Iorua agus a dhéanann fuinnimh leictreach a tháirgeadh agus a dháileadh san Iorua Thiar.

Glacadh Cinneadh Uimh. 161/22/COL (“an cinneadh atá á chonspóid”) tar éis gearán a rinne NEFLO, comhlachas trádála Ioruach, dár dáta an 11 Bealtaine 2017, faoi státchabhair a dheonaigh Bardasacht Bergen.

Baineann na bearta atá á gconspóid le róchúiteamh ar chostais oibriúcháin agus chothabhála agus ar chaiteachas caipitiúil maidir le bonneagar soilsithe sráide in Bergen.

Iarann an t-iarratasóir go neamhneofar an Cinneadh atá á chonspóid agus bunaíonn sé a iarratas ar na pléadálacha seo a leanas:

Rinne Údarás Faireacháin CSTE earráid fhollasach mheasúnúcháin i gcur i bhfeidhm choincheap an ghnóthais nuair a tháinig sé ar an gconclúid gur gníomhaíocht eacnamaíoch é úinéireacht agus oibriú soilsithe sráide;

Rinne Údarás Faireachán CSTE earráid fhollasach mheasúnúcháin nuair a tháinig sé ar an gconclúid go bhfuair an t-iarratasóir buntáiste eacnamaíoch as an róchúiteamh;

Níl aon saobhadh ar an iomaíocht ná éifeacht ar thrádáil ann;

Ní mór an chabhair líomhnaithe a aicmiú mar chabhair atá ann cheana nach bhfuil faoi réir aisghabhála; agus

Tá an Cinneadh atá á chonspóid bunaithe ar scrúdúchán neamhleor ar na fíricí agus ní sholáthraítear leis réasúnaíocht cheart, de shárú ar Airteagal 16 den Chomhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a bhunú.


Top