This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document E2021J0001
Judgment of the Court of 14 December 2021 in Case E-1/21 ISTM International Shipping & Trucking Management GmbH v Liechtensteinische Alters- und Hinterlassenenversicherung, Liechtensteinische Invalidenversicherung, and Liechtensteinische Familienausgleichskasse (Social security – Regulation (EC) No 883/2004 – Regulation (EC) No 987/2009 – Registered office or place of business – Provisional determination – Article 3 EEA – Principle of sincere cooperation) 2022/C 153/09
Breithiúnas na Cúirte an 14 Nollaig 2021 i gCás E-1/21 ISTM International Shipping & Trucking Management GmbH v Lichtinstéinische Alters- und Hinterlassenenversicherung, Lichtinstéinische Invalidenversicherung, agus Lichtinstéinische Familienausgleichskasse (Slándáil shóisialta – Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 – Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 – Oifig chláraithe nó áit ghnó – Cinneadh sealadach – Airteagal 3 LEE – Prionsabal an chomhair dhílis) 2022/C 153/09
Breithiúnas na Cúirte an 14 Nollaig 2021 i gCás E-1/21 ISTM International Shipping & Trucking Management GmbH v Lichtinstéinische Alters- und Hinterlassenenversicherung, Lichtinstéinische Invalidenversicherung, agus Lichtinstéinische Familienausgleichskasse (Slándáil shóisialta – Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 – Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 – Oifig chláraithe nó áit ghnó – Cinneadh sealadach – Airteagal 3 LEE – Prionsabal an chomhair dhílis) 2022/C 153/09
IO C 153, 7.4.2022, p. 15–15
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
7.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 153/15 |
BREITHIÚNAS NA CÚIRTE
an 14 Nollaig 2021
i gCás E-1/21
ISTM International Shipping & Trucking Management GmbH v Lichtinstéinische Alters- und Hinterlassenenversicherung, Lichtinstéinische Invalidenversicherung, agus Lichtinstéinische Familienausgleichskasse
(Slándáil shóisialta – Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 – Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 – Oifig chláraithe nó áit ghnó – Cinneadh sealadach – Airteagal 3 LEE – Prionsabal an chomhair dhílis)
(2022/C 153/09)
I gCás E-1/21, ISTM International Shipping & Trucking Management GmbH v Liechtensteinische Alters- und Hinterlassenenversicherung, Liechtensteinische Invalidenversicherung, agus Liechtensteinische Familienausgleichskasse – IARRATAS chun na Cúirte faoi Airteagal 34 den Chomhaontú idir na Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú le Cúirt Achomhairc na Prionsachta (Fürstliches Obergericht) maidir le léirmhíniú Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta agus ar Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála a chur chun feidhme, thug an Chúirt, í comhdhéanta de Páll Hreinsson, Uachtarán (Breitheamh is Rapóirtéir), Per Christiansen agus Bernd Hammermann, na Breithiúna, a breithiúnas an 14 Nollaig 2021, arb é seo a leanas an chuid oibríochtúil de:
1.
Pointe (b)(i) d’Airteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta, arna léamh in éineacht le hAirteagal 14(5a) de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a chur chun feidhme, ní mór a léirmhíniú go gciallaíonn sé nach leor oifig chláraithe gnóthais a bheith ann chun críocha na forála sin. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le cén áit a nglactar cinntí bunriachtanacha gnóthais agus cén áit a ndéantar feidhmeanna a riaracháin lárnaigh, i gcomhréir le hAirteagal 14(5a) de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009, ní mór sraith tosca a chur san áireamh. Áirítear ar na tosca sin a oifig chláraithe, an áit ina bhfuil a riarachán lárnach, an áit a dtagann a stiúrthóirí le chéile, agus an áit, arb ionann iad de ghnáth, ina gcinntear beartas ginearálta na cuideachta sin. D’fhéadfadh sé gur ghá tosca eile a chur san áireamh chomh maith, amhail áit chónaithe na bpríomhstiúrthóirí, an áit a dtionóltar cruinnithe ginearálta, an áit a gcoimeádtar doiciméid riaracháin agus chuntasaíochta, agus an áit ina dtarlaíonn idirbhearta airgeadais na cuideachta, go háirithe idirbhearta baincéireachta.
2.
D’fhonn cinneadh cinntitheach a dhéanamh den chinneadh sealadach i gcomhréir le hAirteagal 16(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009, ní mór d’institiúid ainmnithe na háite cónaithe institiúidí ainmnithe gach Stáit LEE ina bhfuil gníomhaíocht á saothrú a chur ar an eolas. Ní leor é chun críocha Airteagal 16(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 má thagann an cinneadh sealadach chuig institiúid ainmnithe de chuid Stát LEE ina saothraítear gníomhaíocht i cibé foirm, amhail tríd an ngnóthas nó tríd an duine lena mbaineann.
3.
Ní mór a léirmhíniú go gciallaíonn Airteagal 16(4) de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 go bhféadfaidh institiúid ainmnithe de chuid Stát LEE agóid a dhéanamh fós in aghaidh cinneadh sealadach a tháinig chun bheith cinntitheach i gcomhréir le hAirteagal 16(3) den Rialachán sin mar thoradh ar éag na tréimhse dhá mhí gan é a úsáid. D’fhéadfadh sé gurb é an toradh a bheadh ar úsáid an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 16(4) go ndéanfaí cinneadh críochnaitheach i gcomhréir le hAirteagal 16(3) den Rialachán sin arna chur i leataobh go haisghníomhach.