Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C2022/484/14

    Aghaidh náisiúnta nua bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht 2022/C 484/14

    PUB/2022/1414

    IO C 484, 20.12.2022, p. 32–32 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    20.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 484/32


    Aghaidh náisiúnta nua bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht

    (2022/C 484/14)

    Image 1

    Aghaidh náisiúnta an bhoinn nua chomórtha 2 euro atá ceaptha lena chur i gcúrsaíocht agus arna eisiúint ag an Andóra

    Tá stádas dlíthairisceana ar fud an limistéir euro ag boinn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht. Foilsíonn an Coimisiún tuairisc ar dhearadh na mbonn nua uile chun an pobal agus na páirtithe uile a úsáideann na boinn a chur ar an eolas (1). I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 10 Feabhra 2009 (2), ceadaítear do na Ballstáit sa limistéir euro agus do thíortha a bhfuil comhaontú airgeadaíochta tugtha i gcrích acu leis an Aontas Eorpach lena ndéantar foráil maidir le boinn euro a eisiúint, ceadaítear dóibh boinn chomórtha euro a eisiúint, boinn atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, go háirithe nach n-úsáidtear ach an ainmníocht 2-euro. Is ionann na saintréithe teicniúla a bhíonn ag na boinn sin agus na saintréithe a bhíonn ag boinn 2-euro eile, ach tá dearadh comórtha ar a n-aghaidh náisiúnta, dearadh lena mbaineann siombalachas nach beag ó thaobh an náisiúin agus na hEorpa de.

    Tír is eisitheoir: Andóra

    Ábhar an chomórtha: Finscéal Charlemagne

    Tuairisc ar an dearadh: De réir an fhinscéil, bhunaigh an tImpire Charlemagne Andóra sa bhliain 805 agus dheonaigh sé a stádas dlíthiúil féin do na háitritheoirí. Is léiriú é dearadh an bhoinn ar an bhfinscéal seo atá fréamhaithe go domhain i stair agus i gcultúr Andóra agus, sa chúlra, taispeántar tírdhreach ina bhfuil sléibhte agus abhainn, rud a sheasann do radharcra saibhir ár dtíre, le hainm na tíre eisiúna “ANDORRA”. I dtulra an dearaidh, léirítear macasamhail pháirteach den phortráid aitheanta d’Impire Charlemagne leis an ealaíontóir Albrecht Dürer agus bliain na heisiúna “2022”.

    Taispeántar 12 réalta bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

    Líon measta na mbonn atá le heisiúint:70 000

    Dáta eisiúna: An ráithe dheireanach de 2022


    (1)  Féach IO C 373, 28.12.2001, lch. 1 le haghaidh aghaidh náisiúnta na mbonn uile a eisíodh in 2002.

    (2)  Féach conclúidí na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an 10 Feabhra 2009 agus an Moladh ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 maidir le treoirlínte comhchoiteanna i dtaca le haghaidh náisiúnta agus eisiúint bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (IO L 9, 14.1.2009, lch. 52).


    Top