EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C2022/203/03

Glao ar Thograí (Uimh. IX-2023/02) “DEONTAIS DO PHÁIRTITHE POLAITIÚLA EORPACHA” 2022/C 203/03

IO C 203, 20.5.2022, p. 3–16 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

20.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 203/3


Glao ar Thograí (Uimh. IX-2023/02)

“DEONTAIS DO PHÁIRTITHE POLAITIÚLA EORPACHA”

(2022/C 203/03)

CLÁR

A.

Réamhrá agus creat dlíthiúil 3

B.

Cuspóir an ghlao 4

C.

Cuspóir, catagóir agus foirm an chistithe 5

D.

An buiséad atá ar fáil 5

E.

Ceanglais inghlacthachta maidir le hiarratais ar mhaoiniú 5

F.

Critéir chun iarratais ar chistiú a mheas 6

F.1

Critéir eisiaimh 6

F.2

Critéir incháilitheachta 6

F.3

Critéir roghnúcháin 6

F.4

Critéir maidir le dámhachtain agus dáileadh cistiúcháin 6

G.

Rialú comhpháirteach ag parlaimint na heorpa agus ag an údarás 7

H.

Téarmaí agus coinníollacha 7

I.

Uainiú 7

J.

Sonraí pearsanta a nochtadh agus a phróiseáil 8

K.

Faisnéis eile 8

A.   RÉAMHRÁ AGUS CREAT DLÍTHIÚIL

1.

Faoi Airteagal 10(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach “rannchuidíonn páirtithe polaitiúla ar leibhéal na hEorpa le feasacht pholaitiúil a fhoirmiú agus le toil shaoránaigh an Aontais a chur in iúl”.

2.

I gcomhréir le hAirteagal 224 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, leagann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle síos na rialacháin lena rialaítear páirtithe polaitiúla ar an leibhéal Eorpach agus go háirithe na rialacha a bhaineann lena gcistiú. Leagtar síos na rialacha sin i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le reacht agus maoiniú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (1), mar a leasaíodh ina dhiaidh sin.

3.

De bhun Airteagal 2(4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014, is “eintiteas fondúireacht pholaitiúil Eorpach atá cleamhnaithe go foirmiúil le páirtí polaitiúil Eorpach, atá cláraithe leis an Údarás i gcomhréir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo, agus a dhéanann trína gníomhaíochtaí, faoi réir bhrí na n-aidhmeanna agus na luachanna bunúsacha a shaothraíonn an tAontas Eorpach, bonn taca a thabhairt do chuspóirí an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh, agus na cuspóirí sin a chomhlánú, trí cheann amháin nó roinnt de na cúraimí seo a leanas a chur i gcrích”:

4.

De bhun Airteagal 17(2) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014, maidir le fondúireacht pholaitiúil Eorpach atá cleamhnaithe le páirtí polaitiúil Eorpach atá incháilithe le cur isteach ar chistiú faoi mhír 1, atá cláraithe i gcomhréir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta an leagtar síos sa rialachán agus nach bhfuil i gceann de na cásanna eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 136(1) den Rialachán Airgeadais, féadfaidh sí cur isteach ar chistiú ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha a fhoilseoidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa i nglao ar thograí.

5.

Dá bhrí sin, tá an glao seo ar thograí á sheoladh ag Parlaimint na hEorpa d’fhonn deontais a dhámhachtain d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (“glao”).

6.

Sainítear an creat bunúsach dlí sna gníomhartha dlíthiúla seo a leanas:

a)

Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014;

b)

Cinneadh ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa an 1 Iúil 2019, lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (2) (“Cinneadh ón mBiúró an 1 Iúil 2019”);

c)

Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3) (“an Rialachán Airgeadais”);

d)

Rialachán Tarmligthe (AE, Euratom) 2015/2401 ón gCoimisiún an 2 Deireadh Fómhair 2015 maidir le hinneachar agus feidhmiú Chlár na bpáirtithe agus na bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (4);

e)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2246 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2015 maidir le forálacha mionsonraithe i ndáil leis an uimhirchóras clárúcháin is infheidhme i ndáil le clár na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha agus na bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha agus le faisnéis arna soláthar ag sleachta caighdeánacha ón gclár (5);

f)

Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa (6).

An 25 Samhain 2021, thíolaic an Coimisiún Eorpach togra (7) (athmhúnlú) le haghaidh athbhreithniú ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014. Féadfaidh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa na leasuithe ar an rialachán a fhormheas roimh an mbliain airgeadais 2023 nó lena linn. Le teacht i bhfeidhm an rialacháin nua roimh an mbliain 2023 nó lena linn, d’fhéadfadh sé go spreagfaí athruithe ábhartha ar chreat bunúsach dlí an chistithe don bhliain airgeadais 2023, rud a bhféadfadh gá a bheith leis ceartúchán teicniúil a dhéanamh ar an nglao sin.

B.   CUSPÓIR AN GHLAO

7.

Is é cuspóir an ghlao seo cuireadh a thabhairt d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha cláraithe iarratais ar chistiú ó bhuiséad an Aontais a chur isteach (“iarratais ar mhaoiniú”).

C.   CUSPÓIR, CATAGÓIR AGUS FOIRM AN CHISTITHE

8.

Is é is cuspóir don mhaoiniú tacú le clár oibre na bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha don bhliain airgeadais ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023 faoi na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar amach sa chomhaontú deontais atá le tabhairt i gcrích idir an páirtí polaitiúil Eorpach is tairbhí agus Parlaimint na hEorpa.

9.

Is ionann catagóir an chistithe agus an deontas d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, de bhun Theideal XI den Rialachán Airgeadais (“deontas”). Tá an deontas i bhfoirm aisíocaíochta ar chéatadán de na costais incháilithe arna thabhú iarbhír.

10.

Ní sháróidh an t-uasmhéid a íocfaidh Parlaimint na hEorpa leis an tairbhí 95 % de na costais incháilithe arna léiriú sa bhuiséad measta ná 95 % de na costais incháilithe a tabhaíodh iarbhír.

D.   AN BUISÉAD ATÁ AR FÁIL

11.

Is ionann an cistiú atá beartaithe don bhliain airgeadais 2023 faoi Airteagal 403 de bhuiséad Pharlaimint na hEorpa “Cistiú fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha” agus EUR 23 000 000 arna ghlacadh ag Parlaimint na hEorpa ina dréachtmheastacháin. Bunóidh an t-údarás buiséadach na leithreasaí atá ar fáil agus atá le dáileadh sa bhuiséad formheasta deiridh don bhliain 2023.

E.   CEANGLAIS INGHLACTHACHTA MAIDIR LE HIARRATAIS AR MHAOINIÚ

12.

Beidh iarratais ar chistiú inghlactha más rud é

a)

go gcuirtear isteach iad i scríbhinn agus úsáid á baint as an bhfoirm iarratais atá i gceangal leis an nglao seo, lena n-áirítear na doiciméid tacaíochta go léir a éilítear ann;

b)

go bhfuil an gealltanas iontu, a chuirtear in iúl i scríbhinn tríd an bhfoirm dearbhaithe atá i gceangal leis an nglao seo a shíniú, go n-aontaíonn an t-iarratasóir leis na téarmaí agus na coinníollacha chomh maith leis na critéir eisiaimh a shonraítear in Iarscríbhinn 1b ghabhann le Cinneadh ón mBiúró an 1 Iúil 2019;

c)

go bhfuil litir iontu ó ionadaí dlíthiúil lena ndeimhnítear an t-údarú oibleagáidí dlíthiúla a ghlacadh air féin thar ceann an iarratasóra;

d)

go seoltar iad chuig Uachtarán Pharlaimint na hEorpa faoin 30 Meán Fómhair 2022, i bhformáid pdf más féidir, mar chóip leictreonach nó mar chóip leictreonach (ina bhfuil síniú leictreonach cáilithe1), chuig an mbosca ríomhphoist feidhmiúil seo a leanas: fin.part.fond.pol@europarl.europa.eu;

Ní mór sínithe lámhscríofa nó ríomhshínithe cáilithe (QES) a bheith ar dhoiciméid na n-iarratas, i gcomhréir leis an Rialachán maidir le Ríomhaitheantas agus Seirbhísí Iontaobhais (eIDAS) (8).

Má dhéantar iarratais a thíolacadh go leictreonach agus má bhíonn sínithe lámhscríofa ar phíosaí áirithe doiciméadachta, coimeádfaidh an t-iarratasóir aon bhunchóip, go hiomlán nó go páirteach, arna iarraidh sin do sheirbhísí Pharlaimint na hEorpa, agus cuirfidh sé na bunchóipeanna sin chuig an seoladh fisiciúil seo a leanas:

Uachtarán Pharlaimint na hEorpa

Faoi bhráid: An tUasal Didier Kléthi, Ard-Stiúrthóir Airgeadais

ADENAUER 04T003

L-2929 Lucsamburg

LUCSAMBURG

13.

Más rud é, de bhun Airteagal 4(2) den Chinneadh ón mBiúró an 1 Iúil 2019, go n-iarrfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean ar an iarratasóir bundoiciméid tacaíochta nó soiléirithe a thíolacadh i bhfoirm páipéir maidir leis an iarratas, úsáidfidh an t-iarratasóir an seoladh fisiciúil a luaitear i mír 12. Glactar freisin le ríomhdhoiciméid a shínítear leis an ríomhshíniú cáilithe agus seolfar chuig an mbosca ríomhphoist feidhmiúil iad: fin.part.fond.pol@europarl.europa.eu.

Déanfar aon chomhfhreagras eile maidir leis an iarratas trí úsáid a bhaint as an mbosca ríomhphoist feidhmiúil atá luaite thuas

14.

Féadfar diúltú d’iarratais a ndearnadh measúnú orthu mar iarratais neamhiomlána.

F.   CRITEIR CHUN IARRATAIS AR CHISTIU A MHEAS

F.1   Critéir eisiaimh

15.

Déanfar iarratasóirí a eisiamh ón nós imeachta cistiúcháin, más rud é:

a)

i gceann de na staideanna eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 136(1), in Airteagal 136(2) nó in Airteagal 141 den Rialachán Airgeadais;

b)

faoi réir aon cheann de na smachtbhannaí dá bhforáiltear in Airteagal 27(1) agus i bpointí (v), (vi) agus (vii) d’Airteagal 27(2)(a) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014.

F.2   Critéir incháilitheachta

16.

Chun a bheith incháilithe do chistiú ón Aontas, ní mór d’iarratasóirí na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 17 agus 18 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 a chomhlíonadh, i.e. maidir leis an iarratasóir

a)

ní mór é a bheith cláraithe leis an Údarás um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha (9) (“an tÚdarás”) i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014;

b)

ní mór dó a bheith cleamhnaithe le páirtí polaitiúil Eorpach a chomhlíonann na critéir go léir le haghaidh ranníocaíocht a bheith dáfa do pháirtithe polaitiúla Eorpacha (10);

c)

ní mór na hoibleagáidí a liostaítear in Airteagal 23 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 a bheith á gcomhlíonadh aige, i.e. ní mór dó na ráitis airgeadais bhliantúla (11), an tuarascáil iniúchóireachta seachtraí agus liosta na ndeontóirí agus na rannchuiditheoirí, mar atá sonraithe ann, a bheith curtha isteach aige;

F.3   Critéir roghnúcháin

17.

De bhun Airteagal 198 den Rialachán Airgeadais , ‘na foinsí cistiúcháin atá ag an iarratasóir, beidh siad cobhsaí leordhóthanach chun a ghníomhaíocht nó a gníomhaíocht a choinneáil ar siúl ar feadh na tréimhse ar lena linn a dámhadh an deontas agus chun bheith rannpháirteach ina cistiú (“cumas airgeadais”). Beidh na hinniúlachtaí gairmiúla agus na cáilíochtaí gairmiúla is gá ag an iarratasóir chun an ghníomhaíocht nó an clár oibre atá beartaithe a chur i gcrích mura bhforáiltear a mhalairt sa bhunghníomh (“acmhainn oibríochtúil”).

F.4   Critéir maidir le dámhachtain agus dáileadh cistiúcháin

18.

I gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014, déanfar na leithreasaí faoi seach atá ar fáil a dháileadh go bliantúil. Dáilfear iad ar na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha ar formheasadh a n-iarratais ar chistiú i bhfianaise na gcritéar incháilitheachta agus eisiaimh, ar bhonn na heochrach dáilte seo a leanas:

a)

dáilfear 10 % ina scaireanna comhionanna i measc na bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha is tairbhithe;

b)

dáilfear 90 % i measc na bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha is tairbhithe i gcomhréir le sciar chomhaltaí tofa Pharlaimint na hEorpa de na páirtithe polaitiúla Eorpacha is tairbhithe a bhfuil na hiarratasóirí cleamhnaithe leo.

G.   RIALÚ COMHPHÁIRTEACH AG PARLAIMINT NA HEORPA AGUS AG AN ÚDARÁS

19.

Foráiltear le hAirteagal 24(1) agus (2) (12) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 do rialú comhroinnte idir Parlaimint na hEorpa agus an tÚdarás.

20.

Más rud é, de bhun Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014, go bhfuil an tÚdarás inniúil chun comhlíonadh fhorálacha an Rialacháin sin a rialú, cuirfidh Parlaimint na hEorpa na hiarratais ar chistiú ar aghaidh chuig an Údarás.

21.

Ag gach céim den nós imeachta [dámhachtain], leanfar de cheangal ar iarratasóirí faoi Airteagal 24(4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 aon fhaisnéis is gá a sholáthar, arna iarraidh sin don Údarás, chun na rialuithe a bhfuil sé freagrach astu a chur i gcrích. Féadfar a bheith ar áireamh leis sin, go háirithe, doiciméid nó soiléirithe sa bhreis ar na hiarratais ar mhaoiniú, atá le cur isteach san fhormáid a shonróidh an tÚdarás.

22.

Cuirfidh an tÚdarás toradh a rialuithe agus a fhíoruithe in iúl do Pharlaimint na hEorpa.

H.   TEARMAI AGUS COINNIOLLACHA

23.

Tá sé d’oibleagáid ar iarratasóirí fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa faoi aon athruithe maidir leis na doiciméid a thíolacfar nó maidir le haon fhaisnéis dá dtagraítear san iarratas laistigh de choicís ón athrú sin. In éagmais fógra den sórt sin, féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin cinneadh a dhéanamh ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, d’ainneoin aon fhaisnéis a soláthraíodh ag céim níos déanaí nó a fhoilseofar trí bhealaí eile.

24.

Maidir leis an gcoinníoll go leanann an t-iarratasóir de na critéir maidir le maoiniú a chomhlíonadh, is ar an iarratasóir a bheidh an dualgas cruthúnais.

25.

Leagtar síos na téarmaí agus na coinníollacha maidir le cistiú ón Aontas atá le dámhachtain faoin nglao seo in Iarscríbhinn 1b ghabhann le Cinneadh ón mBiúró an 1 Iúil 2019.

26.

Glacfaidh gach iarratasóir leis na téarmaí agus na coinníollacha dá dtagraítear i mír 25 den ghlao seo tríd an bhfoirm dhearbhúcháin atá i gceangal leis an nglao seo a shíniú. Tá na téarmaí agus coinníollacha sin ina gceangal ar an tairbhí ar bronnadh an maoiniú air agus sonraítear iad sa chomhaontú deontais.

I.   UAINIU

27.

Is é an 30 Meán Fómhair 2022 an spriocdháta chun na hiarratais ar chistiú a chur isteach.

28.

Glacfaidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa cinneadh laistigh de thrí mhí tar éis dhúnadh an ghlao ar thograí. Tar éis an chinnidh sin, cuirtear cinntí aonair arna síniú ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa in iúl do na hiarratasóirí.

29.

Foráiltear go bhfaighidh na hiarratasóirí a n-éireoidh leo an dréacht-chomhaontú deontais a bheidh le síniú acu i mí Eanáir 2023 agus go gcuirfear na hiarratasóirí a ndiúltófar dóibh ar an eolas ag an am céanna. D’fhéadfaí an comhaontú deontais a shíniú le ríomhshíniú cáilithe (RSC). Déanfar an réamh-mhaoiniú a íoc laistigh de 30 lá tar éis an comhaontú deontais a shíniú ina dhiaidh sin thar ceann Pharlaimint na hEorpa.

J.   SONRAI PEARSANTA A NOCHTADH AGUS A PHROISEAIL

30.

Foilseoidh Parlaimint na hEorpa agus an tÚdarás, lena n-áirítear ar an idirlíon, faisnéis de bhun Airteagal 32 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014.

31.

Déanfar aon sonraí pearsanta a bhaileofar i gcomhthéacs an ghlao seo a phróiseáil de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (13) agus de bhun Airteagal 33 de Rialachán (AE. Euratom) Uimh. 1141/2014.

32.

Déanfar na sonraí sin a phróiseáil chun meastóireacht a dhéanamh ar na hiarratais ar chistiú agus chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint. Tá an méid sin gan dochar d’aistriú féideartha na sonraí sin chuig na comhlachtaí atá freagrach as cúraimí fíorúcháin agus iniúchóireachta a chur i gcrích i gcomhréir le dlí an Aontais, amhail seirbhísí iniúchóireachta inmheánaí de chuid Pharlaimint na hEorpa, an Údaráis, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, nó na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF).

33.

Ar bhonn iarraidh i scríbhinn, féadfaidh aon duine nádúrtha a bhaineann leis an tairbhí rochtain a fháil ar a shonraí pearsanta nó ar a sonraí pearsanta agus aon sonraí míchruinne nó neamhiomlána a cheartú. Féadfar an iarraidh maidir le próiseáil a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta a chur faoi bhráid Ard-Stiúrthóireacht Airgeadais Pharlaimint na hEorpa nó Oifigeach Cosanta Sonraí Pharlaimint na hEorpa. Féadfaidh an duine lena mbaineann, tráth ar bith, gearán a chur faoi bhráid an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí maidir le próiseáil a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta.

34.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa sonraí pearsanta a chlárú sa Chóras Luathbhraite agus Eisiaimh i gcás ina mbeadh an tairbhí i gceann de na cásanna a luaitear in Airteagal 136(1) agus in Airteagal 141 den Rialachán Airgeadais.

K.   FAISNÉIS EILE

35.

Ba cheart aon cheisteanna a bhaineann leis an nglao seo a sheoladh trí ríomhphost, agus tagairt an fhoilseacháin á lua, chuig an seoladh ríomhphoist feidhmiúil seo: fin.part.fond.pol@europarl.europa.eu

36.

An reachtaíocht bhunúsach a shonraítear i mír 6(b) den ghlao seo agus an fhoirm iarratais ar mhaoiniú atá i gceangal leis an nglao seo, tá siad ar fáil ar láithreán gréasáin Pharlaimint na hEorpa (http://www.europarl.europa.eu/tenders/invitations.htm)

Iarscríbhinn: An fhoirm iarratais ar chistiú, lena n-áirítear an fhoirm aitheantais airgeadais, an dearbhú maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha chomh maith leis na critéir eisiaimh, samhail an bhuiséid mheasta agus an dearbhú go gcuirtear an t-iarratas isteach tríd an bpáirtí polaitiúil Eorpach cleamhnaithe.


(1)  IO L 317, 4.11.2014, lch. 1. Foilsíodh dhá leasú in IO L 114 I, 4.5.2018, lch. 1, agus in IO L 85 I, 27.3.2019, lch. 7.

(2)  IO C 249, 25.7.2019, lch. 2.

(3)  IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)  IO L 333, 19.12.2015, lch. 50.

(5)  IO L 318, 4.12.2015, lch. 28.

(6)  Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa mhí Mheán Fómhair 2021.

(7)  COM(2021) 734 final, 2021/0375(COD).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE, (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).

(9)  arna bhunú de bhun Airteagal 6 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014:

(10)  De bhun Theideal XI den Rialachán Airgeadais.

(11)  Mura raibh an t-iarratasóir faoi réir an rialaithe faoi Airteagal 23 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 (mar shampla: nuachruthaithe, etc.)

(12)  Airteagal 24(1)-(2) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 - Rialacha ginearálta maidir le rialú:

“1.   Déanfar rialú ar na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a bheith á gcomhlíonadh ag na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a fheidhmiú i gcomhar leis an Údarás, le hOifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa agus leis na Ballstáit inniúla.

2.   Déanfaidh an tÚdarás rialú ar a oibleagáidí faoin Rialachán seo a bheith á gcomhlíonadh ag na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, go háirithe maidir le hAirteagal 3, pointe (a), pointe (b), agus pointe (d) go pointe (f) d’Airteagal 4(1), pointe (a) go pointe (d) agus pointe (g) d’Airteagal 5(1), Airteagal 9(5) agus (6), agus Airteagal 20, Airteagal 21 agus Airteagal 22.

Déanfaidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa rialú ar na hoibleagáidí a bhaineann le cistiú an Aontais faoin Rialachán seo a bheith a gcomhlíonadh ag na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais. Agus an rialú sin á chur i gcrích, déanfaidh Parlaimint na hEorpa na bearta is gá i réimsí chosc agus chomhrac na calaoise a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais.”

(13)  IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.


IARSCRÍBHINN a

AN FHOIRM IARRATAIS AR CHISTIÚ

DEONTAIS (1) DO PHÁIRTITHE POLAITIÚLA EORPACHA

DON BHLIAIN AIRGEADAIS [CUIR ISTEACH]

COMHDHÉANAMH AN IARRATAIS AR CHISTIÚ

Tá an tábla seo a leanas ceaptha cabhrú leat d’iarratas ar chistiú a ullmhú. Is féidir é a úsáid mar sheicliosta lena chinntiú go bhfuil na doiciméid riachtanacha ar fad curtha isteach agat.

Uimhir an doiciméid:

Doiciméid atá le soláthar

 

 

Doiciméid nach mór a sholáthar ach nach n-áirítear sa tsamhail seo den iarratas ar chistiú

 

1.

Litir chlúdaigh ina léirítear méid na ndeontas a iarradh do bhliain airgeadais n agus í sínithe ag an ionadaí dlíthiúil

2.

Litir ó ionadaí dlíthiúil lena ndeimhnítear an t-údarú oibleagáidí dlíthiúla a ghlacadh air féin thar ceann an iarratasóra

3.

Liosta de na daoine a bhfuil cumhachtaí ionadaíochta, cinnteoireachta nó rialaithe acu ar an eagraíocht is iarratasóir, amhail an tUachtarán, comhaltaí an Bhoird, an tArdrúnaí, an Cisteoir (2)

4.

Cruthúnas ar chlárú ag an Údarás ar dháta an iarratais ar chistiú (i gcás iarratasóirí nach bhfuil an cinneadh le haghaidh clárúcháin ar fáil go fóill ina leith, i.e. nár foilsíodh fós ar shuíomh gréasáin an Údaráis ná san Iris Oifigiúil), agus dóibh siúd amháin,

5.

Clár oibre

6.

I gcás iarratasóra nua nach bhféadfadh na coinníollacha a leagtar síos le hAirteagal 23(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 a chomhlíonadh, agus sa chás sin amháin: na ráitis airgeadais is déanaí iniúchta a d’ullmhaigh cuntasóir gairmiúil

 

Doiciméid nach mór a sholáthar agus a áirítear sa tsamhail seo den iarratas ar chistiú

 

7.

Foirm aitheantais airgeadais (i gcás iarratasóra nua amháin, nó i gcás athruithe ar ainm, seoladh nó cuntas bainc)

8.

Dearbhú maidir le téarmaí agus coinníollacha ginearálta maille le critéir eisiaimh

9.

Buiséad measta comhardaithe

10.

Dearbhú go bhfuil an t-iarratas á thíolacadh trí pháirtí polaitiúil Eorpach cleamhnaithe

FOIRM UM SHAINAITHINT AIRGEADAIS

Image 1

DEARBHÚ MAIDIR LE TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA GINEARÁLTA MAILLE LE CRITÉIR EISIAIMH

Déanaimse, a bhfuil mo shíniú anseo thíos, ionadaí dlíthiúil [cuir isteach ainm an iarratasóra] a dheimhniú:

Tá na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta mar a leagtar síos sa samhail-chomhaontú deontais léite agam agus go nglacaim leo,

níl an t-iarratasóir i gceann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagail 136(1)(*) agus 141(*) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“an Rialachán Airgeadais”) (3),

níl an t-iarratasóir faoi réir aon cheann de na smachtbhannaí dá bhforáiltear in Airteagal 27(1)(*) agus i bpointí (v), (vi) agus (vii) d’Airteagal 27(2)(a)(*) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 (4) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ,

go bhfuil an cumas airgeadais agus eagrúcháin ag an eagraíocht is iarratasóir an comhaontú deontais a chur chun feidhme,

go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear san iarratas seo agus sna hiarscríbhinní a ghabhann leis cruinn agus nach ndearnadh aon fhaisnéis a choinneáil siar, go hiomlán ná go páirteach, ó Pharlaimint na hEorpa.

Síniú údaraithe

Teideal (B. Uasal, F. Uasal, an tOllamh, etc) ainm agus céadainm:

 

Feidhm san eagraíocht atá ag déanamh iarratais ar chistiú:

 

Áit/Dáta:

 

Síniú:

 

(*)

Déantar tagairt anseo thíos do na hAirteagail atá liostaithe thuas:

 

Airteagal 136(1) den Rialachán Airgeadais:

 

Eisiafaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach duine nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 135(2) ó pháirt a ghlacadh i nósanna imeachta um dhámhachtain atá á rialú leis an Rialachán seo nó ó bheith roghnaithe chun cistí de chuid an Aontais a chur chun feidhme sa chás go bhfuil an duine nó an t-eintiteas sin i gceann amháin nó níos mó de na staideanna eisiaimh seo a leanas:

(a)

tá an duine nó an t-eintiteas ina fhéimheach, faoi réir nósanna imeachta dócmhainneachta nó imeachtaí foirceanta, tá a sócmhainní á riaradh ag leachtaitheoir nó ag cúirt, i gcomhshocraíocht le creidiúnaithe, tá a ngníomhaíochtaí gnó curtha ar fionraí, nó tá sé in aon chás analógach a eascraíonn as nós imeachta den chineál céanna dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta;

(b)

suíodh le breithiúnas críochnaitheach nó le cinneadh riaracháin críochnaitheach go raibh an duine nó an t-eintiteas ag sárú a chuid oibleagáidí i ndáil le cánacha a íoc nó ranníocaíochtaí slándála sóisialta a dhéanamh gcomhréir leis an dlí is infheidhme;

(c)

suíodh le breithiúnas críochnaitheach nó le cinneadh riaracháin críochnaitheach go raibh an duine nó an t-eintiteas ciontach i mí-iompar gairmiúil tromchúiseach trí dhlíthe nó rialacháin nó caighdeáin eiticiúla infheidhme na gairme lena mbaineann an duine nó an t-eintiteas a shárú, nó go raibh sé i mbun aon iompair éagóraigh a bhfuil tionchar aige ar a inchreidteacht ghairmiúil i gcás ina léirítear leis an iompar sin intinn éagórach nó mórfhaillí, lena n-áirítear, go háirithe, aon cheann de na nithe seo a leanas:

(i)

thug an duine nó an t-eintiteas bréagléiriú go calaoiseach nó go faillíoch ar fhaisnéis a theastaíonn chun a fhíorú nach bhfuil foras eisiaimh ann nó chun na critéir roghnúcháin nó incháilitheachta a chomhlíonadh nó i gcomhlíonadh an ghealltanais dhlíthiúil;

(ii)

chuaigh sé i mbun comhaontú le daoine nó eintitis eile chun iomaíocht a shaobhadh;

(iii)

sháraigh sé cearta maoine intleachtúla;

(iv)

rinne sé iarracht tionchar a imirt ar phróiseas cinnteoireachta an oifigigh atá freagrach le linn an nós imeachta um dhámhachtain;

(v)

rinne sé iarracht teacht ar fhaisnéis rúnda a d’fhéadfadh buntáistí míchuí a thabhairt dó sa nós imeachta um dhámhachtain;

(d)

suíodh le breithiúnas críochnaitheach go raibh an duine nó an t-eintiteas ciontach in aon cheann díobh seo a leanas:

(i)

calaois, de réir bhrí Airteagal 3 de Threoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Airteagal 1 den Choinbhinsiún maidir le cosaint leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach, a tarraingíodh suas le Gníomh an 26 Iúil 1995 ón gComhairle;

(ii)

éilliú, mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(2) de Threoir (AE) 2017/1371 agus éilliú gníomhach de réir bhrí Airteagal 3 den Choinbhinsiún maidir leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh páirteach ann, a tarraingíodh suas le Gníomh an 26 Bealtaine 1997 ón gComhairle agus iompar dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Chinneadh Réime 2003/568/CGB ón gComhairle , chomh maith le héilliú mar a shainmhínítear i ndlíthe infheidhme eile é;

(iii)

iompar a bhaineann le heagraíocht choiriúil, amhail dá dtagraítear in Airteagal 2 de Chinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle;

(iv)

sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta, de réir bhrí Airteagal 1(3), (4) agus (5) de Threoir (AE)2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

(v)

cionta sceimhlitheoireachta nó cionta a bhaineann le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta, mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1 agus Airteagal 3 de Chinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle, faoi seach, nó na cionta sin a spreagadh, cabhrú leo, iad a neartú nó ag féachaint leis na cionta sin a dhéanamh, amhail dá dtagraítear in Airteagal 4 den Chinneadh sin;

(vi)

saothar leanaí nó cionta eile a bhaineann le gáinneáil ar dhaoine amhail dá dtagraítear in Airteagal 2 de Threoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

(e)

léirigh an duine nó an t-eintiteas easnaimh shuntasacha maidir leis na príomhoibleagáidí a chomhlíonadh atá ag baint le gealltanas dlíthiúil a chomhlíonadh arna mhaoiniú ag buiséad an Aontais agus gur eascair ceann de na torthaí seo a leanas as:

(i)

d’eascair luath-fhoirceannadh gealltanais dhlíthiúil as;

(ii)

cur i bhfeidhm damáistí leachtaithe nó pionós conarthach eile; nó

(iii)

fuair oifigeach údarúcháin, OLAF nó an Chúirt Iniúchóirí na heasnaimh sin amach tar éis seiceálacha, iniúchtaí nó imscrúduithe;

(f)

suíodh le breithiúnas críochnaitheach nó le cinneadh riaracháin críochnaitheach go ndearna an duine nó an t-eintiteas neamhrialtacht de réir bhrí Airteagal 1(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle;

(g)

suíodh le breithiúnas críochnaitheach nó le cinneadh riaracháin críochnaitheach gur chruthaigh an duine nó an t-eintiteas eintiteas i ndlínse eile agus é mar aidhm aige dul timpeall ar oibleagáidí fioscacha, sóisialta nó oibleagáidí dlíthiúla eile i ndlínse a oifige cláraithe, a riaracháin lárnaigh nó a lárionaid riaracháin;

(h)

suíodh le breithiúnas críochnaitheach nó cinneadh riaracháin críochnaitheach gur cruthaíodh eintiteas leis an intinn dá dtagraítear i bpointe (g).

 

Airteagal 141(1) den Rialachán Airgeadais

 

Déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach rannpháirtí a dhiúltú i gcás nós imeachta um dhámhachtain más fíor i gcás an rannpháirtí sin:

(a)

go bhfuil sé i staid eisiaimh arna bunú i gcomhréir le hAirteagal 136;

(b)

gur thug sé bréagléiriú ar an bhfaisnéis a éilítear mar choinníoll le páirt a ghlacadh sa nós imeachta, nó mhainnigh sé an fhaisnéis sin a sholáthar;

(c)

go raibh baint aige cheana le doiciméid a ullmhú a úsáideadh i nós imeachta um dhámhachtain agus gur sáraíodh, tríd sin, prionsabal na córa comhionainne, lena n-áirítear saobhadh iomaíochta nach féidir a leigheas ar shlí eile.

I gcomhréir le hAirteagal 18(2) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014, ní fhéadfaidh an t-iarratasóir a bheith faoi réir aon cheann de na smachtbhannaí dá bhforáiltear in Airteagal 27(1) agus i bpointí (a)(v), (vi) agus (vii) d’Airteagal 27(2).

 

Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 - Airteagal 27(1);

 

I gcomhréir le hAirteagal 16, déanfaidh an tÚdarás cinneadh páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach a bhaint den Chlár trí bhíthin smachtbhanna in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás inár cinneadh i mbreithiúnas a bhfuil fórsa res judicata aige go raibh an páirtí nó an fhondúireacht lena mbaineann páirteach i ngníomhaíochtaí neamhdhleathacha atá díobhálach do leasanna airgeadais an Aontais mar a shainmhínítear in Airteagal 106(1) den Rialachán Airgeadais;

(b)

i gcás ina suífear, de réir na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 10(2) go (5), nach gcomhlíonann sé a thuilleadh ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3(1) nó (2);

(ba)

i gcás ina bhfuil cinneadh an páirtí nó an fhondúireacht lena mbaineann a chlárú bunaithe ar fhaisnéis mhícheart nó mhíthreorach as a bhfuil an t-iarratasóir freagrach, nó i gcás ina bhfuarthas cinneadh den sórt sin trí mheabhlach; nó

(c)

nuair a thagann iarraidh ó Bhallstát ar dhíchlárú ar bhonn mainneachtain thromchúiseach oibleagáidí faoin dlí náisiúnta a chomhlíonadh agus go gcomhlíonann an iarraidh sin na ceanglais a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 16(3).

 

Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 - Airteagal 27(2)(a)(v), (vi) agus (vii);

 

Forchuirfidh an tÚdarás smachtbhannaí airgeadais sna cásanna seo a leanas:

(a)

sáruithe neamh-inchainníochtaithe:

(v)

i gcás ina bhfuil páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach faoi réir breithiúnais a bhfuil fórsa res judicata aige i gcás gníomhaíochtaí neamhdhleathacha atá díobhálach do leasanna airgeadais an Aontais mar a shainmhínítear in Airteagal 106(1) den Rialachán Airgeadais;

(vi)

sna cásanna ina ndearna páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann, tráth ar bith agus d’aon ghnó faisnéis a fhágáil ar lár nó faisnéis mhícheart nó mhíthreorach a thabhairt nó i gcás ina mbraitheann na comhlachtaí atá údaraithe leis an Rialachán seo chun tairbhithe an chistithe ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a iniúchadh nó seiceálacha a dhéanamh orthu míchruinnis sna ráitis airgeadais bhliantúla a mheastar a bheith ina n-easnaimh ábhartha nó ina míráitis d’ítimí i gcomhréir leis na caighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 iad;

(vii)

i gcás ina suífear, i gcomhréir leis an nós imeachta fíorúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 10ú, gur imir páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach tionchar d’aon gnó nó gur fhéach sé nó sí le tionchar a imirt ar thoradh toghchán do Pharlaimint na hEorpa trí leas a bhaint as sárú ar na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta.


(1)  Is ionann catagóir an chistithe agus an ranníocaíocht le páirtithe polaitiúla Eorpacha, de bhun Theideal XI den Rialachán Airgeadais (IO L 193, 30.7.2018. lch. 1).

(2)  Mar shampla, maidir le forálacha ábhartha reachtanna an iarratasóra, i gcás inarb infheidhme.

(3)  IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)  IO L 317, 4.11.2014, lch. 1.


IARSCRÍBHINN b

BUISÉAD MEASTA

Costais

 

Ioncam

Costais incháilithe

Buiséad

Iarbhír

 

 

Buiséad

Iarbhír

A.1:

Costais phearsanra

1.

Tuarastail

2.

Ranníocaíochtaí

3.

Oiliúint ghairmiúil

4.

Speansais mhisin na foirne

5.

Costais phearsanra eile

 

 

 

D.1

Díscaoileadh i dtaca le: “Foráil chun costais incháilithe na chéad ráithe de bhliain N+1 a chlúdach”

n/b

 

D.2

Cistiú arna dhámhachtain le haghaidh bliain N ag Parlaimint na hEorpa

 

 

D.3

Ranníocaíochtaí comhaltaí

 

 

3.1

ó bhalleagraíochtaí

3.2

ó chomhaltaí aonair

 

 

A.2:

Bonneagar agus costais oibriúcháin

1.

Cíos, muirir agus costais chothabhála

2.

Costais a bhaineann le trealamh a shuiteáil, a oibriú agus a chothabháil

3.

Dímheas maoine sochorraithe agus dochorraithe

4.

Stáiseanóireacht agus soláthairtí oifige

5.

Muirir phoist agus theileachumarsáide

6.

Costais chlódóireachta, aistriúcháin agus atáirgthe

7.

Costais bhonneagair eile

 

 

D.4

Deonacháin

 

 

 

 

 

D.5

Acmhainní dílse

 

 

(le sonrú)

 

 

A.3:

Costais riaracháin

1.

Costais doiciméadachta (nuachtáin, gníomhaireachtaí preasa, bunachair sonraí)

2.

Costais ar staidéir agus taighde

3.

Costais dlí

4.

Costais chuntasaíochta agus iniúchta

5.

Costais ilghnéitheacha riaracháin

6.

Tacaíocht do thríú páirtithe

 

 

A.4:

Costais cruinnithe agus ionadaíochta

1.

Costais cruinnithe

2.

Rannpháirtíocht i seimineáir agus comhdhálacha

3.

Costais ionadaíochta

4.

Costais cuirí

5.

Aon chostais eile a bhaineann le cruinnithe

 

 

A.5:

Costais faisnéise agus foilsitheoireachta

1.

Costais na bhfoilseachán

2.

Cruthú agus oibriú suíomhanna Idirlín

3.

Costais phoiblíochta

4.

Trealamh cumarsáide (giuirléidí)

5.

Seimineáir agus taispeántais

6.

Costais eile a bhaineann le faisnéis

 

 

A.6:

Leithdháileadh chuig: “Foráil chun costais incháilithe na chéad ráithe de bhliain N+1 a chlúdach”

 

 

A.

IOMLÁN NA GCOSTAS INCHÁILITHE

 

 

Costais neamh-incháilithe

1.

Leithdháileadh chuig forálacha eile

2.

Muirir airgeadais

3.

Caillteanais mhalairte

4.

Éilimh amhrasacha ar thríú páirtithe

5.

Eile (le sonrú)

6.

Ranníocaíochtaí comhchineáil

 

 

B.

IOMLÁN NA GCOSTAS NEAMH-INCHÁILITHE

 

 

C.

IOMLÁN NA GCOSTAS

 

 

D.6.

Ús ó réamh-mhaoiniú

 

 

D.7.

Ranníocaíochtaí comhchineáil

 

 

 

D.

IOMLÁN AN IONCAIM

 

 

E.

Brabús/Caillteanas (D-C)

 

 

 

F.

Acmhainní dílse a leithdháileadh chuig an gcuntas cúlchistí

 

 

G.

Brabús/Caillteanas as a fhíorú an bhfuiltear ag comhlíonadh na rialacha gan brabús a dhéanamh (E-F)

 

 

DEARBHÚ GO BHFUIL AN T-IARRATAS Á THÍOLACADH TRÍ PHÁIRTÍ POLAITIÚIL EORPACH CLEAMHNAITHE

Déanaimse, a bhfuil mo shíniú anseo thíos, ionadaí dlíthiúil [cuir isteach ainm an pháirtí], a dhearbhú go ndéantar, de bhun Airteagal 18(5) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014, an t-iarratas seo ar mhaoiniú [cuir isteach ainm an iarratasóra] don bhliain airgeadais 2022 a thíolacadh trína pháirtí polaitiúil Eorpach cleamhnaithe [cuir isteach ainm an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh chleamhnaithe].

Síniú údaraithe

Teideal (B. Uasal, F. Uasal, an tOllamh, etc) ainm agus céadainm:

 

Feidhm sa pháirtí polaitiúil Eorpach:

 

Áit/Dáta:

 

Síniú:

 


Top