EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C2016/223A/01

Fógra folúntais EUPP/1/S — Stiúrthóir an Údaráis um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha De réir bhrí Airteagal 6(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 (Grúpa Feidhme AD, grád 12) Duine den fhoireann sealadach (Fear nó Bean)

IO C 223A, 21.6.2016, p. 1–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

21.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


Fógra folúntais EUPP/1/S

Stiúrthóir an Údaráis um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha De réir bhrí Airteagal 6(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014

(Grúpa Feidhme AD, grád 12)

Duine den fhoireann sealadach

(Fear nó Bean)

 

1.   Folúntas

Tá Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach tar éis a chinneadh tús a chur leis an nós imeachta chun post mar Stiúrthóir an Údaráis um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha a líonadh, i gcomhréir le hAirteagal 6(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (1) (dá ngairtear “an Rialachán” anseo feasta).

Déanfar an nós imeachta seo a sheoladh le tacaíocht riaracháin ó Pharlaimint na hEorpa.

Déanfar an earcaíocht ar ghrád AD 12. Is é EUR 10 656,56 in aghaidh na míosa an buntuarastal. I dteannta an bhuntuarastail atá faoi réir cáin Chomhphobail agus atá díolmhaithe ó cháin náisiúnta, tá liúntais áirithe a d’fhéadfaí a íoc leis an té a cheapfar, sna himthosca a leagtar síos i gCoinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (CFSE) (2).

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach, de chomhthoil a chéile, Stiúrthóir an Údaráis a cheapadh ar feadh téarma neamh-inathnuaite cúig bliana de bhun Airteagal 2(a) CFSE.

Éilítear solúbthacht leis an bpost seo agus go ndéanfar teagmháil go rialta le daoine laistigh de na hInstitiúidí agus lasmuigh díobh. Beidh ar an Stiúrthóir taisteal go minic idir áiteanna oibre na nInstitiúidí agus go dtí áiteanna eile.

2.   Áit fostaíochta

An Bhruiséil.

3.   Comhionannas Deiseanna

Is fostóir comhionannais deiseanna iad na hinstitiúidí Eorpacha agus glacann siad le hiarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais ar bith amhail inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.

4.   Cúraimí an phoist

Beidh Stiúrthóir an Údaráis freagrach as na cúraimí a leagtar amach sa Rialachán, go háirithe clárú, rialú agus forchur smachtbhannaí ar pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus ar fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha. Déanfaidh an Stiúrthóir ionadaíocht ar an Údarás agus is é nó í an Stiúrthóir a ghlacfaidh gach cinneadh de chuid an Údaráis thar ceann an Údaráis. Chuige sin, déanfaidh sé na dualgais dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chomhall agus déanfaidh sé na cumhachtaí a dheonaítear leis an Rialachán seo a fheidhmiú.

Go háirithe, tugtar tuairisc ar chúraimí Stiúrthóir an Údaráis mar a leanas:

ionadaíocht a dhéanamh ar an Údarás um Páirtithe agus Fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha;

comhar leis na hInstitiúidí Eorpacha, le hOifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa agus leis na Ballstáit chun a áirithiú go ndéantar rialú ar na hoibleagáidí a chuirtear ar bun leis an Rialachán agus go ndéanann na páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha iad a urramú;

dréachtphlean buiséadach an Údaráis (sainiú cuspóirí agus straitéisí) a tharraingt suas agus meastóireacht a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí chun cáilíocht na seirbhísí sin a ráthú. Gníomhóidh an Stiúrthóir mar oifigeach údarúcháin trí tharmligean;

an Clár de pháirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a bhunú agus a bhainistiú;

cinneadh a dhéanamh maidir le clárú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos sa Rialachán;

cinneadh a dhéanamh maidir le dí-chlárú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha i gcomhréir leis na forálacha agus coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán;

a fhíordheimhniú go leanann na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha atá cláraithe de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha clárúcháin a leagtar síos sa Rialachán;

cinneadh a dhéanamh maidir le smachtbhannaí a fhorchur ar pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus ar fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos sa Rialachán;

tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin maidir le gníomhaíochtaí an Údaráis.

Féadfaidh an t-údarás ceapacháin cúraimí eile a shannadh ar Stiúrthóir an Údaráis, ar choinníoll nach bhfuil na cúraimí sin ar neamhréir leis an ualach oibre a éireoidh as a chuid dualgas nó a cuid dualgas mar Stiúrthóir an Údaráis agus nach dóigh go gcruthóidís aon choinbhleacht leasa nó nach gcuirfidís neamhspleáchas iomlán an Stiúrthóra i mbaol.

5.   Incháilitheacht

Tá an nós imeachta roghnúcháin ar oscailt d’iarrthóirí a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas faoin dáta deiridh chun iarratas a chur isteach:

(a)   Coinníollacha ginearálta

Faoi Airteagal 12(2) CFSE, ní mór do na hiarrthóirí:

a bheith ina náisiúnach de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh,

a lánchearta mar shaoránach a bheith á dteachtadh acu,

a ndualgais a bheith comhlíonta acu i ndáil leis na hoibleagáidí seirbhíse míleata is infheidhme de réir dlí,

na teistiméireachtaí carachtair a bheith acu is iomchuí do na cúraimí atá i gceist a chomhlíonadh.

a bheith in ann an téarma oifige cúig bliana a thabhairt i gcrích sula slánóidh siad aois scoir. I gcás daoine den fhoireann shealadach a théann i mbun seirbhíse in AE amhail ón 1 Eanáir 2014, sainmhínítear an aois scoir mar dheireadh na míosa ina slánaíonn an duine aois a 66 bliana d’aois.

(b)   Coinníollacha sonracha

(i)   Cáilíochtaí agus an taithí ghairmiúil a éilítear

Nuair is é ceithre bliana nó níos mó an ghnáth-thréimhse do chúrsa léinn san ollscoil, leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh;

nuair is é trí bliana nó níos mó an ghnáth-thréimhse do chúrsa léinn san ollscoil, leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh, mar aon le taithí ghairmiúil iomchuí d’aon bhliain amháin (3) ar a laghad i ndiaidh na céime.

Dhá bhliain déag ar a laghad de thaithí ghairmiúil a bheith bainte amach tar éis na cáilíochtaí dá dtagraítear thuas a fháil, lena n-áirítear trí bliana ar a laghad i ndualgais bhainistíochta.

(ii)   Eolas ar theangacha

Ní mór eolas sármhaith a bheith ag na hiarrthóirí ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (4), agus eolas an-mhaith a bheith acu ar cheann amháin eile ar a laghad de na teangacha sin.

(iii)   Coinbhleacht leasa agus neamhspleáchas

Ní fhéadfaidh na hiarrthóirí a bheith ina bhFeisire de Pharlaimint na hEorpa ná sainordú toghchánach a bheith acu ná a bheith ina bhfostaí reatha ná ina n-iarfhostaí de pháirtí polaitiúil Eorpach nó d’fhondúireacht pholaitiúil Eorpach. Maidir leis an iarrthóir a roghnófar, ní bheidh aon choinbhleacht leasa idir a chuid nó a cuid dualgas mar Stiúrthóir an Údaráis agus aon dualgais oifigiúla eile, go háirithe a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm fhorálacha an Rialacháin.

Beidh Stiúrthóir an Údaráis neamhspleách agus é nó í i mbun a chuid nó a cuid dualgas a chomhlíonadh. Nuair a bheidh sé nó sí ag gníomhú thar ceann an Údaráis, ní lorgóidh sé nó sí teagasc ná ní ghlacfaidh sé nó sí teagasc ó aon institiúid nó rialtas ná ó aon chomhlacht, oifig nó gníomhaireacht eile. Staonfaidh Stiúrthóir an Údaráis ó aon ghníomhaíocht atá ar neamhréir le nádúr a chuid nó a cuid cúraimí.

6.   Critéir roghnúcháin

Sárscileanna anailísithe agus breithiúnais;

taithí dheimhnithe i mbainistiú acmhainní daonna agus buiséadacha in institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht Eorpach, nó in aon eagraíocht phoiblí nó phríobháideach eile a mbíonn idirghníomhú rialta acu le hAE;

sáreolas ar chreat rialaitheach agus airgeadais páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha;

eolas maith ar an Rialachán Airgeadais agus ar na rialacha maidir lena chur i bhfeidhm;

eolas an-mhaith ar chreat institiúideach an Aontais Eorpaigh;

eolas maith ar an mBéarla nó ar an bhFraincis, i bhfianaise na riachtanas a bhaineann le cumarsáid inmheánach agus idirinstitiúideach;

an cumas fís a fhorbairt agus a chur in iúl, smaoineamh go huileaghabhálach i dtaca le córais agus próisis, agus moltaí nithiúla mar aon le réitigh phraiticiúla a mholadh;

ardleibhéal de thaithí bhainistíochta agus na scileanna ceannaireachta is gá chun foireann agus buiséad a bhainistiú, chomh maith le bainistiú a dhéanamh ar phobal ilghnéitheach geallsealbhóirí;

an cumas gníomhú go neamhspleách;

taithí i gcumarsáid agus i líonrú, chun ionadaíocht a dhéanamh ar an Údarás um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha ar na leibhéil is airde agus chun caidreamh éifeachtach a choimeád le geallsealbhóirí sna hInstitiúidí eile den Aontas Eorpach agus sna Ballstáit.

7.   Nós imeachta roghnúcháin

Beidh an Coiste Roghnúcháin comhdhéanta d’Ard-Rúnaithe Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin Eorpaigh agus is é Ard-Rúnaí Pharlaimint na hEorpa a bheidh mar chathaoirleach air. Bunóidh an Coiste Roghnúcháin painéal réamhroghnúcháin riaracháin a bheidh comhdhéanta d’ionadaí amháin as gach ceann de na trí Institiúid agus a thabharfaidh cúnamh don Choiste Roghnúcháin i measúnú na n-iarratas i scríbhinn go léir, á meas sin dóibh de réir na gcritéar incháilitheachta ábhartha agus i sainaithint na n-iarrthóirí sin is fearr a bhfuil a bpróifíl ag teacht leis na critéir roghnúcháin.

Bunaithe ar an réamhroghnúchán seo, tarraingeoidh an Coiste Roghnúcháin suas liosta de na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh chun agallaimh dóibh.

Bunaithe ar thoradh an nós imeachta réamhroghnúcháin agus ar thoradh na n-agallamh, tarraingeoidh an Coiste Roghnúcháin suas liosta ar a mbeidh suas le triúr iarrthóirí, arna liostú in ord tosaíochta, agus cuirfear an liosta sin ar aghaidh chuig na trí institiúid chun go ndéanfaidh siad é a fhormheas go críochnaitheach.

8.   Iarratais a chur isteach

Is é an sprioc-am le haghaidh na n-iarratas:

12.00 (meán-lae), am na Bruiséile, an 4 Iúil 2016.

Iarrtar ar iarrthóirí ráiteas pearsanta i bhformáid pdf, (agus é marcáilte “Le haghaidh Ardrúnaí Pharlaimint na hEorpa, Fógra Folúntais EUPP/1/S”) chomh maith le curriculum vitae (i bhformáid Europass (5)) a sheoladh trí ríomhphost, agus ar an tslí sin amháin, agus an uimhir thagartha don nós imeachta seo (EUPP/1/S) a bheith i líne an ábhair sa teachtaireacht, chuig an seoladh seo a leanas:

EP-SENIOR-MANAGEMENT@ep.europa.eu.

Is é dáta agus am seolta an ríomhphoist a ghlacfar mar an dáta agus an t-am a ndearnadh an t-iarratas.

Ní mó do dhoiciméid scanta a bheith soléite.

Ní mór do na hiarrthóirí a fhaigheann glao chun agallaimh, faoi dháta an agallaimh, cóipeanna de dhoiciméid tacaíochta a bhaineann lena staidéir, lena dtaithí ghairmiúil agus lena bhfreagrachtaí reatha a thabhairt ar aird. Ní thabharfar na doiciméid sin ar ais do na hiarrthóirí.

Sonraí pearsanta a sholáthraítear chun críocha an nós imeachta roghnúcháin seo, déanfar iad a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 i dtaca le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (6).


(1)  IO L 317, 4.11.2014, lch. 1.

(2)  Féach Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1) arna leasú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 723/2004 (IO L 124, 27.4.2004, lch. 1) agus arna leasú go deireanach le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (IO L 287, 29.10.2013, lch. 15).

(3)  Ní chuirfear an bhliain sin de thaithí san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar an taithí ghairmiúil a éilítear faoin gcéad fhleasc eile.

(4)  Is iad teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh: an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis agus an Ungáiris.

(5)  http://europass.cedefop.europa.eu/

(6)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.


Top