Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C2015/243A/01

    Fógra folúntais CONS/AD/116

    IO C 243A, 24.7.2015, p. 1–17 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    24.7.2015   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    1


    Fógra folúntais CONS/AD/116

    EOLAS GINEARÁLTA

    Roinn

    Ard-Stiúrthóireacht G, Stiúrthóireacht 2 (Buiséad, Beartas Cánach agus Beartas Réigiúnach)

    Áit oibre

    An Bhruiséil

    Teideal an phoist

    Stiúrthóir

    Grúpa feidhme agus grád

    AD 14

    Tá imréiteach slándála riachtanach don phost

    SECRET EU

    SPRIOCDHÁTA d’IARRATAIS

    16 Meán Fómhair 2015

    CÉ SINNE

    Cuireann Ardrúnaíocht na Comhairle (ARC) tacaíocht ar fáil don Chomhairle AE agus don Chomhairle Eorpach. Tá Ard-Stiúrthóireacht G (DG G) d’ARC freagrach as réimsí beartais Gnóthaí Eacnamaíocha agus Iomaíochais. Cuireann sí tacaíocht dhíreach ar fáil don Chomhairle, dá comhlachtaí ullmhúcháin, don Uachtaránacht rothlach agus, nuair is gá, d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus don Ghrúpa Euro ina réimsí téamacha agus i gcomhar le hArd-Stiúrthóireachtaí eile in ARC. Tá trí Stiúrthóireacht inti. I Stiúrthóireacht G 2, déantar cúram de Bhuiséad, Beartas Cánach agus Beartas réigiúnach agus tá dhá Aonad inti: Buiséad agus Rialacháin Airgeadais (Aonad A) agus Beartas Cánach, Creidmheasanna Onnmhairiúcháin agus Beartas Réigiúnach (Aonad B).

    A BHFUIL Á LORG AGAINN

    Is ról é seo a mbaineann dúshlán mór leis agus tá timpeallacht dhinimiciúil atá casta ó thaobh na polaitíochta de i gceist. Tá bainisteoir á lorg againn agus an cumas aige a bheith mar cheannaire ar fhoireann de 21 duine agus a bheidh in ann an fhoireann sin a spreagadh. Cuirfidh an t-iarrthóir a roghnófar comhairle phroifisiúnta ar fáil ar an leibhéal is airde – maidir le hábhar agus le nósanna imeachta – don Ard-Stiurthóir, don Uachtaránacht rothlach, agus Chomhairle agus dá comhlachtaí ullmhúcháin agus d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí. Ina theannta sin, beidh ar an iarrthóir a roghnófar dea-chaidreamh a bhunú le contrapháirtithe in institiúidí eile de chuid an Aontais, go háirithe leis an gCoimisiún agus le Parlaimint na hEorpa, agus feidhmeoidh sé i ndlúthchomhar le ranna eile inmheánacha ARC agus le geallsealbhóirí seachtracha agus beidh eolas aige ar na réimsí a chumhdaíonn an Stiúrthóireacht. Ós rud é go spreagann ARC cultúr na soghluaisteachta i measc a bainisteoirí, ar cheart taithí leathan a bheith acu, ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh na hiarrthóirí toilteanach agus in ann dul ag obair i réimsí éagsúla gníomhaíochta le linn a ngairmréime in Ardrúnaíocht na Comhairle.

    CUSPÓIR FORIOMLÁN AN PHOIST

    Faoi údarás an Ardstiúrthóra/an Leas-Ardstiúrthóra, déanfaidh an té a cheapfar a Stiúrthóireacht a bhainistiú agus cuirfidh sé/sí comhairle ar fáil sna réimsí laistigh dá sainordú

    Comhairle beartais agus nós imeachta a chur ar fáil ar ardleibhéal, ó bhéal agus i scríbhinn, sna réimsí atá faoi chúram na hArd-Stiúrthóireachta

    CÚRAIMÍ

    Faoi údarás an Ardstiúrthóra, an Stiúrthóireacht a bhainistiú agus a gníomhaíochtaí a eagrú agus tacú leis an bhfoireann agus í a spreagadh ina cuid oibre

    Na cuspóirí atá le comhlíonadh a shainiú agus cabhrú le hiad a bhaint amach trí chlár oibre na Stiúrthóireachta a bhunú agus faireachán iomchuí a áirithiú ar chur chun feidhme an chláir oibre

    Ionadaíocht a dhéanamh ar a sheirbhís/ar a seirbhís laistigh de ARC agus go seachtrach araon, go háirithe ó thaobh an chaidrimh a bheidh aici leis an Uachtaránacht rothlach, agus leis an gcaidreamh a bheidh aici leis na hinstitiúidí eile

    Cáilíocht na seirbhísí agus na dtáirgí a chuireann an Stiúrthóireacht ar fáil a áirithiú

    Bainistiú gairmiúil ar acmhainní na Stiúrthóireachta a áirithiú

    Cumarsáid agus comhar éifeachtach a áirithiú sa Stiúrthóireacht féin agus le ranna eile in Ardrúnaíocht na Comhairle

    Teagmhálacha a choimeád le hidirghabhálaithe seachtracha agus ionadaíocht a dhéanamh ar ARC i bhfóraim sheachtracha

    Comhairle agus tuairimí i scríbhinn nó ó bhéal, a chur fáil ar ardleibhéal, maidir le ceisteanna beartais agus institiúideacha, as a stuaim féin nó ar iarraidh do bhainistíocht ARC, don Chomhairle agus dá comhlachtaí ullmhúcháin agus don Uachtaránacht rothlach agus, nuair is gá, d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí faoi ghnéithe uile na sainchomhad d’fhonn teacht ar réitigh

    Ullmhú agus obair leantach cruinnithe de chuid na Comhairle, de chuid a comhlachtaí ullmhúcháin agus de chuid a coistí speisialta a chomhordú.

    Beart leantach a dhéanamh tar éis imeachtaí na Comhairle agus Coreper agus, i gcás inarb iomchuí, comhlachtaí eile ullmhúcháin, agus bheith rannpháirteach i gcruinnithe agus, i gcás inarb iomchuí, i seisiúin eolais agus/nó in idirbheartaíocht chun cuidiú le teacht ar chomhréitigh agus ar réitigh

    Tacú leis an Ard-Stiúrthóir ina chúraimí mar chomhairleoir don Uachtaránacht rothlach ar leibhéal na nAirí

    Anailísí speisialaithe a dhéanamh sna réimsí atá faoi chúram na Stiúrthóireachta

    TIMPEALLACHT AN PHOIST

    Ionad oibre: An Bhruiséil, Áras Justus Lipsius

    Is gá a bheith ar fáil lasmuigh de na gnáthuaireanta oibre, ag brath ar riachtanais na seirbhíse, go háirithe i gcomhar le cruinnithe de chuid na Comhairle Eorpaí agus le seisiúin de chuid na Comhairle maidir le saincheisteanna a thagann faoi chúram na Stiúrthóireachta

    Taisteal laistigh den Aontas a bhaineann leis an obair, chuig Lucsamburg, Strasbourg agus chuig imeachtaí Uachtaránachta den chuid is mó

    OIDEACHAS

    Oideachas: Céim ollscoile a bheith aige/aici, is é is fearr a bhaineann leis an eacnamaíocht nó an eolaíocht pholaitiúil

    INNIÚLACHTAÍ SONRACHA

    Inniúlachtaí gairmiúla

    Ós rud é gurb iad an Fhraincis agus an Béarla a úsáidtear go forleathan le haghaidh cumarsáid inmheánach in Ardrúnaíocht na Comhairle, beidh eolas maith ar an mBéarla agus ar an bhFraincis agus cumas cumarsáide sa dá theanga sin ag teastáil. Bheadh eolas ar theangacha oifigiúla eile de chuid an Aontais ina leas (1).

    Eolas maith a léiriú maidir le gnóthaí eacnamaíocha agus airgeadais

    Bheadh eolas ar bheartais an Aontais ina bhuntáiste, go háirithe eolas sna réimsí a bhaineann le buiséad an Aontais agus leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CMA), le beartas cánach, le beartas réigiúnach an Aontais

    Scileanna an-mhaith maidir le breithiúnas agus réiteach fadhbanna (inniúlacht ríthábhachtach)

    Cúraimí a chur i gcrích agus torthaí a bhaint amach

    An cumas chun próisis bhuiséadacha nó pholaitiúla agus/nó obair daoine eile a phleanáil agus a chomhordú

    Ardchaighdeáin a leagan síos maidir le cáilíocht na hoibre (inniúlacht ríthábhachtach)

    Cáilíochtaí pearsanta

    Tuiscint láidir ar an bhfreagracht (inniúlacht ríthábhachtach)

    Tuiscint láidir ar an tionscnaíocht agus ar a bheith réamhghníomhach (inniúlacht ríthábhachtach)

    Cumas oibriú i dtimpeallacht idirnáisiúnta ilchultúrtha

    Ábaltacht feidhmiú i réimsí éagsúla gníomhaíochta le linn ghairmréim an duine in Ardrúnaíocht na Comhairle

    Scileanna idirphearsanta

    Ábaltacht scileanna taidhleoireachta agus cumarsáide a léiriú

    Ábaltacht dea-chaidreamh oibre a chothú le raon geallsealbhóirí

    Cur chuige maith réamhbhreathnaitheach agus treoshuíomh láidir seirbhíse

    Inniúlachtaí Bainistíochta

    Obair agus acmhainní a bhainistiú, feasacht eagraíochta, cinnteoireacht, ceannaireacht agus forbairt foirne

    CÉ hIAD NA DAOINE AR FÉIDIR LEO IARRATAS A DHÉANAMH

    Caithfidh na coinníollacha iontrála a leanas a bheith á gcomhlíonadh ag na hiarrthóirí tráth a mbeidh an t-iarratas á dhéanamh:

    a)

    Coinníollacha ginearálta

    caithfidh náisiúntacht cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh a bheith acu;

    caithfidh a gcearta iomlána mar shaoránaigh a bheith á dteachtadh acu;

    caithfidh gach oibleagáid a chuirtear orthu faoi na dlíthe a bhaineann le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta acu.

    b)

    Coinníollacha sonracha

    ní mór cúrsa iomlán oideachais ollscoile a bheith críochnaithe acu arna fhianú le dioplóma (2);

    caithfidh taithí ghairmiúil 15 bliana ar a laghad a bheith acu agus ní mór 5 bliana ar a laghad den taithí sin a bheith caite acu i gceannas ar eintiteas riaracháin, agus caithfidh gur chomhlíon siad na freagrachtaí bainistithe agus eagrúcháin ar bhealach éifeachtach.

    BARÚLACHA

    Is fostóir comhionannas deiseanna í Ardrúnaíocht na Comhairle agus fáiltíonn sí roimh iarratais ó iarrthóirí fireanna agus baineanna arb as an raon geografach is leithne is féidir dóibh as measc Bhallstáit an Aontais. Cuireann ARC bearta ar fáil chun réiteach a dhéanamh idir an saol gairmiúil agus an saol príobháideach agus féadfaidh sí socruithe a dhéanamh san ionad oibre do dhaoine a bhfuil míchumas orthu (chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach Iarscríbhinn I). Ós rud é nach bhfuil líon mór ban ag na leibhéil bhainistíochta is airde, d’fháilteofaí go háirithe roimh iarratais ó mhná.

    Tá gá le himréiteach slándála don phost seo, lena gceadaítear rochtain ar dhoiciméid rúnaicmithe (go dtí an leibhéal SECRET EU). Ba bhuntáiste é dá mbeadh an t-imréiteach sin faighte cheana ag iarratasóirí. Mura mbeidh an t-imréiteach slándála faighte roimh ré, tuigfear go mbeidh na daoine a chuirfidh isteach ar an bpost seo toilteanach dul faoi scagadh slándála faoi Chinneadh 2013/488/AE ón gComhairle (3).

    Cuirfear lárionad measúnaithe ar fáil chun tacú leis an mbord comhairleach roghnúcháin, mar a leagtar amach i Nóta Foirne 55/13 é. Is bailí ar feadh 2 bhliain a bheidh na tuarascálacha a bhunóidh an t-ionad measúnaithe.

    Scrúdóidh an bord comhairleach roghnúcháin cáilíochtaí, taithí agus spreagthacht na n-iarratasóirí agus cuirfidh sé liosta iarrthóirí i dtoll a chéile a dtabharfar cuireadh chucu freastal ar an gcéad agallamh. I ndiaidh an agallaimh sin, déanfaidh an bord comhairleach roghnúcháin réamh-roghnúcháin maidir leis na hiarrthóirí a rachaidh ar aghaidh go dtí ionad measúnaithe atá á riaradh ag comhairleoirí seachtracha earcaíochta agus go dtí an dara hagallamh leis an mbord comhairleach roghnúcháin.

    Is mar seo a leanas a bheidh an phleanáil shealadach maidir le hiarratasóirí a roghnú:

    Táthar ag súil go gcuirfear na hiarrthóirí a roghnófar chun agallaimh ar an eolas faoi dheireadh mhí Mheán Fómhair 2015

    Beartaítear go mbeidh na chéad agallaimh ar siúl ag tús mhí Dheireadh Fómhair 2015

    Beartaítear go bhfreastalófar ar an ionad meastóireachta i lár mhí Dheireadh Fómhair 2015

    Beartaítear go mbeidh an dara babhta agallamh ar siúl ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair 2015

    An post foilsithe i gcomhréir le hAirteagal 29(2) de na Rialacháin Foirne (post bainistíochta sinsearaí).

    CONAS IARRATAS A DHÉANAMH

    Is é an dáta deiridh le haghaidh iarratais a chur isteach an 16 Meán Fómhair 2015

    Ba cheart na hiarratais a sheoladh trí ríomhphost chuig Selection.of.Officials-Applications.Management.Posts@consilium.europa.eu tráth nach déanaí ná an dáta deiridh.

    Ní mór a áireamh sna hiarratais na nithe leanas chun go mbeidh siad bailí:

    a)

    an fhoirm iarratais (Iarscríbhinn IV) agus í comhlíonta mar is cuí agus dátaithe; is féidir an fhoirm iarratais leictreonach a fháil ar láithreán gréasáin na Comhairle faoin nasc seo a leanas: http://www.consilium.europa.eu/en/general-secretariat/jobs/job-opportunities/

    b)

    litir iarratais lena ngabhfaidh curriculum vitae mionsonraithe, i mBéarla nó i bhFraincis, de rogha i bhformáid an Europass (http://europass.cedefop.europa.eu), lena gcumhdófar gairmréim iomlán an iarratasóra agus ina sonrófar, inter alia, cáilíochtaí an iarratasóra, cur amach an iarratasóra ar theangacha, taithí an iarratasóra, na cúraimí atá faoi láthair ar an iarratasóir; agus

    c)

    fótachóipeanna dioplómaí lena ndeimhnítear oideachas agus fótachóipeanna na gcáilíochtaí agus na dteastas maidir leis an taithí ghairmiúil. Caithfidh doiciméid tacaíochta teacht ó thríú páirtí agus ní leor an CV a luaitear in (b) amháin a sheoladh.

    Is i dtéacs Word, i bhformáid pdf nó i bhformáid jpg a chaithfidh na doiciméid tacaíochta uile a ghabhann leis an iarratas a bheith agus caithfidh ainm (EN nó FR) agus uimhir a bheith orthu i seicheamh (Iarscríbhinn 1, Iarscríbhinn 2, etc). Ní mór liosta de na hiarscríbhinní ar fad a chur i gceangal freisin. Ní fhéachfar ar aon iarratas a gheofar trí réiteach stóráil sonraí néalbhunaithe nó trí chórais chomhchomhad.

    An t-iarrthóir a roghnófar don phost, iarrfar air/uirthi bunchóipeanna na ndoiciméad thuasluaite a sholáthar.

    ATHSCRÚDÚ AR IARRATAIS

    Leagtar amach na nósanna imeachta maidir le hiarratais le haghaidh athbhreithnithe, achomhairc agus tarchur chuig an Ombudsman Eorpach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an bhfógra folúntais seo.

    COSAINT SONRAÍ

    Leagtar amach na rialacha lena rialaítear próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis an nós imeachta roghnúcháin seo in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an bhfógra seo.


    (1)  Is iad teangacha de chuid an Aontais Eorpaigh: Béarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómainis, Seicis, Slóvaicis, Slóivéinis, Spáinnis, Sualainnis, Ungáiris.

    (2)  Ceanglaítear le hAirteagal 5(3) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (na Rialacháin Foirne) nach mór do na hiarrthóirí an méid a leanas a bheith acu ar a laghad:

    (i)

    leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa ollscoile críochnaithe acu agus sin á fhianú ag dioplóma nuair is é 4 bliana nó níos mó gnáth-thréimhse an oideachais ollscoile, nó

    (ii)

    leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa ollscoile críochnaithe acu agus sin á fhianú ag dioplóma agus taithí ghairmiúil iomchuí bliana ar a laghad nuair is 3 bliana ar a laghad atá sa ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile.

    (3)  IO L 274, 15.10.2013, lch. 1.


    IARSCRÍBHINN I

    Comhionannas Deiseanna ag Ardrúnaíocht na Comhairle

    Mar fhostóir, tá ARC freagrach as comhionannas deiseanna idir fir agus mná a áirithiú agus idirdhealú ar aon fhoras a chosc.

    Is iad seo a leanas príomhaidhmeanna an Bheartais Comhdheiseanna atá aici:

    urraim na mbeartas acmhainní daonna agus bainistithe pearsanra atá aici ar phrionsabail an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe a áirithiú;

    ionadaíocht chothrom idir fir agus mná a bhaint amach, go háirithe i bpoist bhainistithe;

    staid daoine atá faoi mhíchumas a fheabhsú, ó thaobh inrochtana ar a foirgnimh agus timpeallachta oibre atá cuimsitheach agus oiriúnaithe dá riachtanais:

    D’fhéadfadh athchóiriú ar dhualgais nó ar fhreagracht, áiseanna teicniúla a chur ar fáil agus coigeartuithe eile ar an timpeallacht oibre a bheith i gceist i gcoigeartuithe do dhaoine atá faoi mhíchumas (“cóiríocht réasúnach”). Déanfar bearta den sórt sin ach amháin más rud é go gcuirfidh siad ualach míchuí ar acmhainní na hinstitiúide.

    an fhoireann atá aici a chosaint ó chiapadh san áit oibre;

    riachtanais foirne chun cothromaíocht a aimsiú idir tiomantais oibre agus teaghlaigh a chur san áireamh trí phacáiste maith beart atá fabhrach do theaghlaigh, lena n-áirítear fleisc-am, teilea-obair agus comhroinnt poist, a thairiscint.

    Bearta cothromaíochta oibre agus saoil

    Tá córas Fleisc-ama i bhfeidhm ar fud ARC i gcomhréir le seachtain oibre 40-uair, le deiseanna fleisc-saoire ar fáil don fhoireann neamh-bhainistíochta. Is féidir amchlár indibhidiúil, laistigh d’uaireanta creata 07.00 go dtí 20.00, a aontú i líon mór timpeallachtaí oibre.

    Is féidir obair pháirtaimsire a dheonú, mar shampla chun aire a thabhairt do leanbh cleithiúnach suas go dtí aois 12 bhliain nó 14 bliana nuair is tuismitheoir aonair an t-oifigeach.

    Tá 20 seachtain de shaoire mháithreachais reachtúil agus is féidir suas go dtí 2 uair an chloig sa lá a dheonú do bheathú cíche. Tá sé de cheart ag aithreacha 10 lá de shaoire atharthachta le pá a ghlacadh. Saoire thuismitheoirí suas go dtí 6 mhí in aghaidh an pháiste, nó go dtí 12 mhí do thuismitheoirí aonair, is féidir í a dheonú le liúntas ar ráta comhréidh. I gcás breoiteacht thromchúiseach a bheith ar pháiste nó i gcás é nó í a bheith faoi mhíchumas, tá saoire mháithreachais, atharthachta agus thuismitheoirí níos faide. Is féidir saoire theaghlaigh le liúntas ar ráta comhréidh a bheith ann i gcás ball teaghlaigh le breoiteacht thromchúiseach nó faoi mhíchumas. Deonaítear saoire speisialta i gcásanna amhail pósadh, breith nó uchtú linbh, agus bás nó breoiteacht thromchúiseach baill teaghlaigh. I gcásanna eisceachtúla, is féidir saoire gan phá ar fhorais phearsanta (CCP) a thabhairt.

    Ag brath ar chúraimí agus ar thimpeallacht oibre, is féidir teilea-oibriú a dhéanamh faoin gcóras caighdeánach teilea-oibre (60 % sa bhaile agus 40 % san oifig) nó faoin gcóras ócáideach teilea-oibre (suas go dtí 20 lá sa bhliain).

    Tá na háiseanna cúraim leanaí ar fáil do bhaill foirne le leanaí, de réir critéir thosaíochta: Creis ARC do leanaí idir 0 agus 4 bliana, áiseanna cúraim tar éis na scoile agus saoire arna n-eagrú ag an gCoimisiún Eorpach agus gníomhaíochtaí tar éis na scoile ag na scoileanna Eorpacha.

    Le haghaidh tuilleadh faisnéise, cuir ríomhphost chuig egalite-des-chances@consilium.europa.eu


    IARSCRÍBHINN II

    IARRATAIS AR ATHBHREITHNIÚ – NÓSANNA IMEACHTA ACHOMHAIRC — GEARÁIN A DHÉANAMH LEIS AN OMBUDSMAN EORPACH

    Má mheasann tú, tráth ar bith le linn an nós imeachta roghnúcháin, go bhfuil tú thíos le cinneadh éigin a rinneadh, féadfaidh tú dul i muinín na modhanna seo a leanas:

    Athbhreithniú a iarraidh ar na cinntí a rinne an bord comhairleach roghnúcháin

    Laistigh de 10 lá ón dáta a bheidh ar an litir lena dtugtar fógra faoi chinneadh a rinne an bord comhairleach roghnúcháin, féadfaidh tú iarratas i scríbhinn ar athbhreithniú ar an gcinneadh sin a thíolacadh, ina leagfar amach na cúiseanna atá le d’iarratas, chuig an seoladh a leanas:

    Conseil de l’Union européenne

    Service “Recrutement”

    Rue de la Loi/Wetstraat, 175

    1048 Bruxelles/Brussel

    BELGIQUE/BELGIË

    Seoladh ríomhphoist: selection.of.officials@consilium.europa.eu

    Nós imeachta achomhairc

    Is féidir gearán a thaisceadh i gcoinne chinneadh an Údaráis Ainmniúcháin, faoi Airteagal 90(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, laistigh de 3 mhí tar éis fógra a fháil faoin gcinneadh sin, chuig:

    Conseil de l’Union européenne

    Unité des conseillers, DGA 1

    Rue de la Loi/Wetstraat 175

    1048 Bruxelles/Brussel

    BELGIQUE/BELGIË

    Is féidir achomharc breithiúnach a chur isteach faoi Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne chuig:

    Tribunal de la fonction publique de l’Union européenne

    Rue du Fort Niedergrünewald

    2925 Luxembourg

    LUCSAMBURG/LUXEMBOURG

    Gearáin chuig an Ombudsman Eorpach

    Is féidir, ar aon dul le gach saoránach eile an Aontais, gearán a dhéanamh le:

    Médiateur européen

    1, avenue du Président Robert Schuman – BP 403

    67001 Strasbourg Cedex

    AN FHRAINC/FRANCE

    faoi Airteagal 228(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa Chinneadh 94/262/CEGC, CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 1994 maidir leis na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman (1).

    Tabhair faoi deara, maidir le gearáin a thíolacfar don Ombudsman Eorpach, nach mbeidh éifeacht fionraíochta ar bith acu maidir leis an tréimhse a leagtar síos in Airteagal 90(2) agus in Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne i ndáil le gearáin nó achomhairc a thíolacadh do Bhinse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh faoi Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


    (1)  IO L 113, 4.5.1994, lch. 15.


    IARSCRÍBHINN III

    COSAINT SONRAÍ

    Ós í Ardrúnaíocht na Comhairle an institiúid a bhfuil freagracht uirthi as an nós imeachta roghnúcháin a eagrú, áirithíonn sí go bpróiseáiltear sonraí pearsanta na n-iarratasóirí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Aontais Eorpaigh agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (1).

    Is é an bunús dlí don nós imeachta roghnúcháin Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus an Cinneadh ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe an Aontais a chosaint (2013/488/AE). Is faoi fhreagracht na Stiúrthóireachta Acmhainní Daonna (DG A I A) an tAonad Foirne agus Soghluaisteachta, a dhéantar an nós imeachta roghnúcháin a reáchtáil, agus is é ceann an aonaid sin an rialaitheoir. Beidh rochtain ag comhaltaí na hoifige um roghnú oifigeach agus ag a n-oifigigh uachtaracha, ag comhaltaí an Choiste Chomhairligh Roghnúcháin agus, más gá, ag comhaltaí aonad na gcomhairleoirí dlí, ar an bhfaisnéis a chuireann iarratasóirí ar fáil. An fhaisnéis riaracháin lena sainaithnítear iarratasóir agus/nó eagrúchán praiticiúil an nós imeachta féin, féadfar í a sheachadadh chuig ionad measúnaithe.

    Is é an cuspóir atá leis an oibríocht phróiseála sonraí a bhailiú lena sainaithneofar gach iarratasóir ar phost le hArdrúnaíocht na Comhairle agus duine a roghnú as measc na n-iarratasóirí sin.

    Seo a leanas na sonraí atá i gceist:

    sonraí pearsanta lena bhféadfar na hiarratasóirí a shainaithint (sloinne, céadainm, dáta breithe, inscne, náisiúntacht);

    faisnéis a chuireann na hiarratasóirí ar fáil chun eagrúchán praiticiúil an nós imeachta a éascú (seoladh poist, seoladh ríomhphoist, uimhir theileafóin);

    faisnéis a chuireann na hiarratasóirí ar fáil chun go mbeifear in ann a mheas an gcomhlíonann siad na coinníollacha iontrála a leagtar síos i bhfógra an fholúntais (náisiúntacht; teangacha; cáilíochtaí na n-iarratasóirí agus an bhliain ar bronnadh iad, cineál dioplóma/céime, ainm na hinstitiúide bronnta; taithí ghairmiúil);

    más infheidhme, faisnéis ar chineál agus ar fhad imréiteach slándála na n-iarratasóirí;

    torthaí na scrúduithe a rinne na hiarratasóirí, lena n-áirítear na meastóireachtaí a rinne comhairleoirí an ionaid mheastóireachta a tharraingt suas thar ceann an bhoird roghnúcháin.

    Cuirfear tús leis an bpróiseáil ar an dáta a fhaightear an t-iarratas. Cuirtear na hiarratais i gcomhad agus stóráiltear iad sa chartlann ar feadh 2 bhliain.

    Féadfaidh gach iarratasóir a gceart rochtana ar na sonraí pearsanta a fheidhmiú chomh maith leis an gceart na sonraí sin a cheartú. Ba cheart achainíocha réasúnaithe a sheoladh tríd an r-phost chuig an oifig um roghnú oifigeach ag selection.of.officials@consilium.europa.eu

    Féadfaidh iarratasóirí dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí tráth ar bith (edps@edps.europa.eu).


    (1)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.


    IARSCRÍBHINN IV

    Image

    Image

    Image

    Image

    Image

    Image

    Image

    Image

    Image

    Image


    Top