This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62024TN0256
Case T-256/24: Action brought on 14 May 2024 – RMC-Consulting and Others v Parliament
Cás T-256/24: Caingean arna tabhairt an 14 Bealtaine 2024 – RMC-Consulting agus páirtithe eile v an Pharlaimint
Cás T-256/24: Caingean arna tabhairt an 14 Bealtaine 2024 – RMC-Consulting agus páirtithe eile v an Pharlaimint
IO C, C/2024/4601, 29.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4601/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/4601 |
29.7.2024 |
Caingean arna tabhairt an 14 Bealtaine 2024 – RMC-Consulting agus páirtithe eile v an Pharlaimint
(Cás T-256/24)
(C/2024/4601)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóirí: RMC-Consulting Sàrl (Lucsamburg, Lucsamburg), Felgen & Associés Engineering SA (Lucsamburg) agus Egis Bâtiments International (Montreuil, an Fhrainc) (ionadaí: J. Wolter, Dlíodóir)
Cosantóir: Parlaimint na hEorpa
An t-ordú atá á lorg
Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
a ordú do Pharlaimint na hEorpa suim EUR 4 998 850,54 a íoc leis na hiarratasóirí réamhcháilithe, i bpríomhshuim móide ús réamhshocraithe ar gach sonrasc dá bhforáiltear de réir conartha i gcás íocaíocht dhéanach, i.e. ús mainneachtana arna ríomh ar bhonn an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ar a phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, agus ocht bpointe céatadáin curtha leis, an bunráta is infheidhme an chéad lá den mhí ina raibh an íocaíocht dlite; |
— |
a dhearbhú go ndéantar an ús mainneachtana a ríomh ar gach sonrasc ón lá a bhfuil sé dlite, eadhon (i) an 2 Feabhra 2023 le haghaidh na sonrasc [rúnda] (1), agus (ii) le haghaidh an tsonraisc [rúnda] ón 13 Feabhra 2023, go dáta na híocaíochta, murach sin ón dáta a fhógraíodh go foirmiúil an 20 Meitheamh 2023 sa litir fógra fhoirmiúil an 5 Meitheamh 2023, murach sin ón dáta an iarratais, go híocaíocht an iarmhéid; |
— |
a ordú don Pharlaimint an ráthaíocht um fheidhmíocht bhainc do tréimhse 1 i méid EUR 466 116 a aisíoc; |
— |
a dhearbhú go bhfuil an Pharlaimint faoi dhliteanas ar bhonn conarthach murach sin ar bhonn torta de réir Airteagail 1382 agus 1383 den Chód Sibhialta Lucsamburgach as an damáiste a rinneadh de thoradh ar a diúltú na sonraisc dlite a íoc agus an ráthaíocht in éag a thabhairt ar ais murach sin trína diúltú idirbheartaíocht a dhéanamh ar shocrú idirbhirt; |
— |
a ordú don Pharlaimint suim EUR 35 855,20 a íoc leis na hiarratasóirí réamhcháilithe le haghaidh táillí dlíodóirí a íocadh; |
— |
a ordú don Pharlaimint na costais go léir arna dtabhú ag na hiarratasóirí réamhcháilithe a íoc chun críocha an nós imeachta i gcomhréir le hAirteagal 133 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, a bheadh éagórach é a fhágáil chun a urscaoileadh ina aonair, i bhfianaise sheasamh an chosantóra, a raibh an díospóid mar thoradh air; |
— |
a ordú don Pharlaimint suim EUR 15 000 a íoc leis na h-iarratasóirí réamhcháilithe le haghaidh na costais riachtanacha uilig arna dtabhú chun críocha na n-imeachtaí, faoi Airteagal 140 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, a bheadh éagórach é a fhágáil chun a urscaoileadh ina aonair, i bhfianaise sheasamh an chosantóra, a raibh an díospóid mar thoradh air; |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí, bunaithe ar neamhchomhlíonadh oibleagáidí conarthacha na Parlaiminte, ar an bhforas go gceanglaítear ar an bParlaimint, i gcomhréir leis na forálacha conarthacha, na hiarratasóirí a íoc as na seirbhísí a chuir siad i gcrích. |
2. |
An dara saincheist dlí, bunaithe ar na suimeanna sonrascadh. Maíonn na hiarratasóirí gur phléadh na sonraisc go léir idir na páirtithe agus nach raibh na suimeanna faoi dhíospóid. |
3. |
An tríú saincheist dlí, bunaithe ar an easpa fianaise ar aon neamh-chomhlíonadh conarthach ar thaobh na n-iarratasóirí. |
4. |
An ceathrú saincheist dlí, maidir leis an iarraidh ar aisíoc na ráthaíochta um fheidhmíocht. Maíonn na hiarratasóirí go scaoilfear an ráthaíocht um fheidhmíocht maidir le comhlíonadh cur chun feidhme le suim EUR 466 116. |
5. |
An cúigiú saincheist dlí, maidir leis an dochar a rinneadh do na hiarratasóirí a mheasann go n-eascraíonn dliteanas as na hearráidí nó na faille a rinne an Pharlaimint, ar bhonn conarthach nó ar bhonn torta faoi Airteagail 1382 agus 1383 den Chód Sibhialta Lucsamburgach. |
(1) Sonraí rúnda fágtha ar lár.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4601/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)