Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62024TN0092

    Cás T-92/24: Caingean arna tabhairt an 15 Feabhra 2024 – ETI Gıda Sanayi ve Ticaret v EUIPO – Star Foods Em (Pacáistí)

    IO C, C/2024/2771, 29.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2771/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2771/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2024/2771

    29.4.2024

    Caingean arna tabhairt an 15 Feabhra 2024 – ETI Gıda Sanayi ve Ticaret v EUIPO – Star Foods Em (Pacáistí)

    (Cás T-92/24)

    (C/2024/2771)

    Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: ETI Gıda Sanayi ve Ticaret AŞ (Eskişehir, an Tuirc) (ionadaí: A. Căvescu, Dlíodóir)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: SC Star Foods Em SRL (Popești Leordeni, an Rómáin)

    Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

    Dílseánach an dearaidh atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

    Dearadh atá faoi cheist: Dearadh an Aontais Eorpaigh Pacáistí – Dearadh Uimh. 757 430-0004 den Aontas Eorpach

    Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

    An cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Triú Bhord Achomhairc de EUIPO an 15 Nollag 2023 i gCás R 912/2023-3

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

    a ordú do EUIPO agus don idiragraí costais na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ghinearálta, chomh maith le costais na n-imeachtaí neamhbhailíochta agus achomhairc os comhair EUIPO, a íoc.

    Saincheisteanna dlí

    Sárú ar Airteagal 25(1)(e) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle;

    Sárú ar Airteagail 94 agus 95 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

    Sárú ar an gceart éisteacht a fháil agus ar an gceart chun triail chóir a fháil.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2771/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top