Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62024TN0090

    Cás T-90/24: Caingean arna tabhairt an 19 Feabhra 2024 – Kapitan Navi Elżbieta Stramek i Waldemar Karpiński v EUIPO – Homann Feinkost (Matjeshappen nach ‘Kolberger Art’)

    IO C, C/2024/2332, 2.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2332/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2332/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2024/2332

    2.4.2024

    Caingean arna tabhairt an 19 Feabhra 2024 – Kapitan Navi Elżbieta Stramek i Waldemar Karpiński v EUIPO – Homann Feinkost (Matjeshappen nach ‘Kolberger Art’)

    (Cás T-90/24)

    (C/2024/2332)

    Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Kapitan Navi Elżbieta Stramek i Waldemar Karpiński sp.j. (Trzebiatów, an Pholainn) (ionadaí: A. Brudnoch, Dlíodóir)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Homann Feinkost GmbH (Bad Essen, an Ghearmáin)

    Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

    Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

    Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh, Matjeshappen nach ‘Kolberger Art’ – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 11 838 125

    Nós imeachta os comhair EUIPO: imeachtaí maidir le cealú

    Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 14 Nollaig 2023 i gCás R 286/2023-5

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

    an t-iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh, Matjeshappen nach ‘Kolberger Art’ Uimh. 11 838 125 a dhiúltú;

    mar mhalairt air sin, an cás a tharchur ar ais chuig EUIPO le haghaidh athbhreithniú;

    a ordú do EUIPO agus don pháirtí eile costais na n-imeachtaí a sheasamh agus costais an iarratasóra a íoc.

    Saincheisteanna dlí arna maíomh

    Sárú ar Airteagal 59(1)(a) i gcomhar le hAirteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

    Sárú ar Airteagal 59(1)(a) i gcomhar le hAirteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

    Sárú ar Airteagal 7(3) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2332/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top