Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62024CN0457

    Cás C-457/24 P: Achomharc arna thabhairt an 26 Meitheamh 2024 ag an Rómáin i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Deichiú Dlísheomra) a fógraíodh an 17 Aibreán 2024 i gCás T-49/22 an Rómáin v an Coimisiún

    IO C, C/2024/4850, 12.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4850/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4850/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2024/4850

    12.8.2024

    Achomharc arna thabhairt an 26 Meitheamh 2024 ag an Rómáin i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Deichiú Dlísheomra) a fógraíodh an 17 Aibreán 2024 i gCás T-49/22 an Rómáin v an Coimisiún

    (Cás C-457/24 P)

    (C/2024/4850)

    Teanga an cháis: an Rómáinis,

    Páirtithe

    Achomharcóir: an Rómáin (ionadaithe: E. Gane, M. Chicu, R. Antonie, agente)

    Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach

    An t-ordú atá á lorg

    seasamh leis an achomharc, breithiúnas na Cúirte Ginearálta i gCás T-49/22 a chur ar neamhní ina iomláine, athbhreithniú a dhéanamh ar an gcás sin, seasamh leis an gcaingean le haghaidh neamhniú páirteach ar Chinneadh 2021/2020 (1) a thionscain Stát na Rómáine;

    seasamh leis an achomharc, breithiúnas na Cúirte Ginearálta i gCás T-49/22 a chur ar neamhní ina iomláine agus an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta agus, arís eile, seasamh leis an gcaingean le haghaidh neamhniú páirteach Chinneadh 2021/2020 a thionscain Stát na Rómáine;

    a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

    Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

    Mar thaca lena caingean, maíonn an Rómáin ceithre shaincheist dlí:

    A.

    Sárú ar Airteagal 52 de Rialachán 1306/2013 (2) i gcomhar le hAirteagal 34 de Rialachán 908/2014 (3) agus Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

    Áitíonn an Rómáin go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí mar seo a leanas:

    suíodh go bhféadfaí bunús dlí mhaímh an Choimisiúin a athrú le linn an nós imeachta imréitigh comhréireachta, lena n-áirítear an cruinniú déthaobhach;

    mheas sí go bhfuil feidhm ag Airteagal 52 de Rialachán 1306/2013, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 34 de Rialachán 908/2014, ní hamháin maidir le tarchur faisnéise a bhaineann le ríomh an cheartaithe airgeadais, ach freisin maidir le tarchur faisnéise a bhaineann le heaspa sárú ar dhlí an Aontais;

    mheas sí nach féidir iompar an Choimisiúin, arb é atá ann forluí páirteach idir dhá imscrúdú agus an soiléiriú déanach sa chéad cheann de na heilimintí atá ábhartha maidir leis an dara ceann, a bheith ina ‘thoisc sheachtrach’ sa dara himscrúdú sin, de réir bhrí Airteagal 34(6)(b) de Rialachán 908/2014.

    Trí na hearráidí dlí sin a dhéanamh, chuir an Chúirt Ghinearálta teorainn le ceart na Rómáine chun athbhreithniú breithiúnach éifeachtach a fháil.

    B.

    Sárú ar Airteagal 52 de Rialachán 1306/2013, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 44 (1) go (3) de Rialachán 1307/2013 (4) agus le prionsabal na comhréireachta, maidir leis an easnamh sa sainmhíniú ar thalamh a fhágtar bán i gcomparáid le féarthalamh, i gcás talamh arúil idir 10 agus 30 ha.

    Áitíonn an Rómáin gur shaobh an Chúirt Ghinearálta líomhaintí údaráis na Rómáine nuair a tháinig sí ar an gconclúid gur admhaigh siad go hintuigthe nach raibh siad in ann a ráthú nach raibh aon riosca ann do na Cistí ó thaobh talamh arúil idir 10 ha agus 30 ha.

    Áitíonn an Rómáin freisin go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí sna cásanna seo a leanas:

    diúltaigh sí don argóint, ag tagairt d’Airteagal 44(1) go (3) de Rialachán 1307/2013, nach bhfuil aon riosca ann do chistí an Aontais i gcás talamh idir 10 ha agus 30 ha, fiú má mheasctar talamh a fhágtar bán le féarach sealadach;

    mheas sí go raibh iarmhairtí cascáideacha mar thoradh ar an mearbhall idir talamh atá gan chur agus féarthalamh sealadach, rud a tharraingíonn amhras ar chur i bhfeidhm tairseacha glasaithe bunaithe ar éagsúlú barr, i gcomhréir le hAirteagal 44 de Rialachán 1307/2013;

    suíodh, maidir le hAirteagal 34(6) de Rialachán 908/2014, nach raibh sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún faisnéis a chur san áireamh maidir leis an easpa sáraithe ar dhlí an Aontais i leith talún idir 10 ha agus 30 ha;

    thángthas ar an gconclúid, agus tagairt á déanamh do phrionsabal na comhréireachta, gur éilíodh, i gcás na mblianta éilimh 2017 agus 2018, go raibh ceartúchán ar ráta comhréidh níos mó ná dhá oiread an cheartúcháin a cuireadh i bhfeidhm i gcás na mblianta éilimh 2015 agus 2016. córas aitheantais an Chomhbheartais Talmhaíochta le haghaidh dáileachtaí talún (LPIS) agus an fhaisnéis a ghintear leis an bpróiseas deimhniúchá

    C.

    Sárú ar Airteagal 52 de Rialachán 1306/2013 agus ar Threoirlínte an Choimisiúin maidir le ceartuithe airgeadais a ríomh (5) i ndáil leis an easnamh ‘nuashonrú ar cháilíocht CADT’ (6)

    Áitíonn an Rómáin gur shainmhínigh an Chúirt Ghinearálta, ar bhealach contrártha, an t-easnamh sa ‘nuashonrú ar cháilíocht CADT’ agus chinn sí go mícheart go raibh:

    mainneachtain CADT a thabhairt cothrom le dáta ar feadh 3 bliana in éagmais bunús dlí chun é sin a dhéanamh,

    earráidí a eascraíonn as an mainneachtain CADT a nuashonrú, in éagmais earráidí den sórt sin a aimsiú le linn fhiosrúchán 2018.

    D.

    Sárú ar Airteagail 31 agus 34 go 35 de Rialachán 809/2014, (7) Airteagail 23 go 26 de Rialachán 640/2014 (8) agus doiciméad oibre DS/CDP/2015/19 (9) maidir leis an easnamh chun líon leordhóthanach seiceálacha ar an láthair a dhéanamh ar an scéim íocaíochta glasaithe.

    Aitíonn an Rómáin go raibh an Chúirt Ghinearálta mícheart a mheas nach mór an limistéar nach bhfuil incháilithe do SIAL (10) a chur san áireamh agus an laghdú iomlán ar Ghlasú i heicteáir á ríomh chun an ráta do sheiceálacha ar an láthair a mhéadú. Sa chomhthéacs sin, b’ionann an Chúirt Ghinearálta, go mícheart, agus limistéar neamh-incháilithe SIAL i gcás laghdú ar an íocaíocht ghlasaithe.


    (1)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2020 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2021 lena n-eisiatar ó mhaoiniú an Aontais Eorpaigh caiteachas áirithe arna thabhú ag na Ballstáit faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (IO 2021 L 413, lch. 10).

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, Uimh. 165/94 (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1200/2005, (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO 2013 L 347, lch. 549).

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán Uimh. 1306/2013 maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, rialacha maidir le seiceálacha, urrúis agus trédhearcacht (IO 2014 L 255, lch. 59).

    (4)  Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO 2013 L 347, lch. 608).

    (5)  Teachtaireacht ón gCoimisiún C (2015) 3675 final an 8 Meitheamh 2015 dar teideal ‘Treoirlínte maidir le ríomh ceartúcháin airgeadais i nósanna imeachta fíoraithe comhlíontachta agus dúnadh airgeadais’.

    (6)  Córas Aitheantais an Chomhbheartais Talmhaíochta le haghaidh dáileachtaí talún (‘LPIS’).

    (7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2014 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Rialachán Uimh. 1306/2013 maidir leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe, bearta forbartha tuaithe agus tras-chomhlíonadh (IO 2014 L 227, lch. 69).

    (8)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán Uimh. 1306/2013 maidir leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe agus coinníollacha chun íocaíochtaí agus pionóis riaracháin is infheidhme maidir le híocaíochtaí díreacha, tacaíocht forbartha tuaithe agus tras-chomhlíonadh a dhiúltú nó a aistarraingt (IO 2014 L 181, lch. 48).

    (9)  Doiciméad oibre DS/CDP/2015/19 ón gCoimisiún maidir leis an méadú ar chéatadán na dtairbhithe atá le seiceáil faoin mbeart glasaithe i gcás ina n-aimsítear neamhchomhlíontachtaí suntasacha.

    (10)  An scéim íocaíochta aonair limistéir.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4850/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top