Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62024CN0234

    Cás C-234/24, Brose Prievidza: Iarraidh ar réamhrialú ón Varhoven administrativen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 27 Márta 2024 – Brose Prievidza spol. v Direktor na Direktsia Obzhalvane i danachno-osiguritelna praktika – Sóifia

    IO C, C/2024/4308, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4308/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4308/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2024/4308

    15.7.2024

    Iarraidh ar réamhrialú ón Varhoven administrativen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 27 Márta 2024 – Brose Prievidza spol. v Direktor na Direktsia ‘Obzhalvane i danachno-osiguritelna praktika’ – Sóifia

    (Cás C-234/24, Brose Prievidza)

    (C/2024/4308)

    Teanga an cháis: an Bhulgáiris

    An chúirt a rinne an tarchur

    Varhoven administrativen sad

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Achomharcóir ar phointe dlí: Brose Prievidza spol.

    Freagróir ar phointe dlí: Direktor na Direktsia ‘Obzhalvane i danachno-osiguritelna praktika’ – Sóifia

    An cheist a tharchuirtear:

    An ndéantar foráil le Treoir 2008/9 (1) maidir le ceart chun aisíocaíocht a fháil ar CBL íoctha a éilíonn faighteoir soláthair trealaimh (uirlisiú) i gcás nár fhág na hearraí atá i gceist críoch Bhallstát an tsoláthróra agus go ndearnadh soláthar na huirlise a dheighilt go saorga ó sholáthairtí earraí laistigh den Chomhphobal a monaraíodh leis an trealamh sin don fhaighteoir céanna?


    (1)  Treoir 2008/9/CE ón gComhairle an 12 Feabhra 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le haisíocaíocht cánach breisluacha, dá bhforáiltear i dTreoir 2006/112/CE, le daoine inchánach nach bhfuil bunaithe i mBallstát an aisíoca ach atá bunaithe i mBallstát eile (IO 2008 L 44, lch. 23).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4308/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top