Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62024CN0161

    Cás C-161/24, OSA: Iarraidh ar réamhrialú ó Krajský soud v Brně (Poblacht na Seice) a taisceadh an 29 Feabhra 2024 - OSA - Ochranný svaz autorský pro práva k dílům hudebním, z.s. v Úřad pro ochranu hospodářské soutěže

    IO C, C/2024/3736, 24.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3736/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3736/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2024/3736

    24.6.2024

    Iarraidh ar réamhrialú ó Krajský soud v Brně (Poblacht na Seice) a taisceadh an 29 Feabhra 2024 - OSA - Ochranný svaz autorský pro práva k dílům hudebním, z.s. v Úřad pro ochranu hospodářské soutěže

    (Cás C-161/24, OSA)

    (C/2024/3736)

    Teanga an cháis: an tSeicis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Krajský soud v Brně

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: OSA – Ochranný svaz autorský pro práva k dílům hudebním, z.s.

    Cosantóir: Úřad pro ochranu hospodářské soutěže

    Na ceisteanna a tharchuirtear

    1.

    An bhféadfaí léiriú a dhéanamh ar Airteagal 102(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh sa chaoi gur mí-úsáid ceannasachta de réir bhrí an Airteagail sin atá i gcleachtas cumainn bailithe dleachtanna a bhfuil monaplacht de facto aige i mBallstát ar dá réir a ghearrann sé praghsanna ar oibreoirí saoráidí lóistín as ceadúnas a sholáthar chun saothair atá faoi chóipcheart a chur ar fáil trí ghlacadóirí teilifíse agus raidió atá lonnaithe i seomraí a bheartaítear chun lóistín a thabhairt d’aíonna, gan beann ar áitíocht iarbhír na seomraí ar leith?

    2.

    Má tá freagra dearfach ar an gcéad cheist, cé acu cur i bhfeidhm (a) dálaí mí-chóra trádála nó (b) praghsanna iomarcacha a bhfuil measúnú le déanamh ar a leithéid de chleachtas dá réir?

    – Más cur i bhfeidhm dálaí mí-chóra trádála atá ceart, cad í an tástáil shonrach atá le cur i bhfeidhm le measúnú a dhéanamh air?

    – Más cur i bhfeidhm praghsanna iomarcacha atá ceart, cad í an tástáil shonrach atá le cur i bhfeidhm – gnáththástáil ‘ United Brands ’ nó leagan modhnaithe áirithe de?

    3.

    Agus sárú á chruthú ar Airteagal 102(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i ndáil leis an gcleachtas dá dtagraítear sa chéad cheist, an gá droch-éifeachtaí iarbhíre nó féideartha ar iomaíocht a chruthú (lena n-áirítear éifeachtaí ar leas na dtomhaltóirí agus éifeachtaí dúshaothraithe chleachtas an ghnóthais cheannasaigh)?

    4.

    Agus sárú á chruthú ar Airteagal 102(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i ndáil leis an gcleachtas dá dtagraítear sa chéad cheist, an gá a chruthú go bhfuil éifeacht shuntasach ag an gcleachtas ar thrádáil idir Ballstáit, nó an leor go bhfuil sé réasúnta a bheith ag súil lena leithéid d’éifeacht a bheith ann gan gá le scrúdú a dhéanamh ar a méid iarbhíre?


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3736/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top