EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62024CN0092
Case C-92/24, Banca Mediolanum: Request for a preliminary ruling from the Corte di giustizia tributaria di secondo grado della Lombardia (Italy) lodged on 24 January 2024 – Banca Mediolanum SpA v Agenzia delle Entrate – Direzione Regionale della Lombardia
Cás C-92/24, Banca Mediolanum: Iarraidh ar réamhrialú ón Corte di giustizia tributaria di secondo grado della Lombardia (an Iodáil) an 24 Eanáir 2024 – Banca Mediolanum SpA v Agenzia delle Entrate - Direzione Regionale della Lombardia
Cás C-92/24, Banca Mediolanum: Iarraidh ar réamhrialú ón Corte di giustizia tributaria di secondo grado della Lombardia (an Iodáil) an 24 Eanáir 2024 – Banca Mediolanum SpA v Agenzia delle Entrate - Direzione Regionale della Lombardia
IO C, C/2024/2926, 6.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2926/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/2926 |
6.5.2024 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Corte di giustizia tributaria di secondo grado della Lombardia (an Iodáil) an 24 Eanáir 2024 – Banca Mediolanum SpA v Agenzia delle Entrate - Direzione Regionale della Lombardia
(Cás C-92/24, Banca Mediolanum)
(C/2024/2926)
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Corte di giustizia tributaria di secondo grado della Lombardia
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Banca Mediolanum SpA
Cosantóir: Agenzia delle Entrate - Direzione Regionale della Lombardia
An cheist a tharchuirtear
An bhfuil ceanglas Phoblacht na hIodáile, atá leagtha síos in Airteagal 6(1) d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 446/1997, a chur faoi réir cánach IRAP 50 % de na díbhinní arna bhfáil ag idirghabhálaithe airgeadais a bhfuil cónaí orthu san Iodáil a cháilíonn mar mháthairchuideachtaí chun críocha Threoir 2011/96/AE ón gComhairle an 30 Samhain 2011 (1) agus a dháiltear ag cuideachtaí a chónaíonn i mBallstáit eile de chuid an tAontas Eorpach a cháilíonn mar fhochuideachtaí de réir bhrí na Treorach sin, gan údarú a thabhairt do na máthairchuideachtaí an codán sin den cháin chorparáide a bhaineann leis na brabúis sin a d’íoc an chuideachta sin, a asbhaint ó IRAP, ar neamhréir leis an toirmeasc ar bhrabúis a ghearradh ar mháthairchuideachtaí a bhfuil cónaí orthu i mBallstát amháin óna gcuid fochuideachtaí a bhfuil cónaí orthu i mBallstáit eile ag ráta níos airde ná 5 % den mhéid ábhartha a leagtar síos in Airteagal 4 den Treoir sin?
(1) Treoir 2011/96/AE ón gComhairle an 30 Samhain 2011 maidir leis an gcóras coiteann cánachais is infheidhme ar mháthairchuideachtaí agus fochuideachtaí Ballstát éagsúil (IO 2011 L, lch. 8).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2926/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)