This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62024CJ0202
Judgment of the Court (Grand Chamber) of 29 July 2024.#Minister for Justice and Equality v MA.#Request for a preliminary ruling from the Supreme Court.#Reference for a preliminary ruling – Trade and Cooperation Agreement between the European Union and the European Atomic Energy Community, of the one part, and the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland, of the other part – Surrender of a person to the United Kingdom for criminal prosecution – Competence of the executing judicial authority – Risk of breach of a fundamental right – Article 49(1) and Article 52(3) of the Charter of Fundamental Rights of the European Union – Principle that offences and penalties must be defined by law – Changes, to the detriment of that person, to the licence regime.#Case C-202/24.
Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2024 Iúil 29.
Minister for Justice and Equality v MA.
Tarchur chun réamhrialú – Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile – Duine a thabhairt suas don Ríocht Aontaithe chun críche ionchúisimh choiriúil – Inniúlacht an údaráis bhreithiúnaigh fhorghníomhaithigh – Baol go sárófar ceart bunúsach – Airteagal 49(1) agus Airteagal 52(3) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Prionsabail na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis – Modhnú ar an gcóras lena gceadaítear scaoileadh saor coinníollach chun aimhleasa an duine lena mbaineann.
Cás C-202/24.
Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2024 Iúil 29.
Minister for Justice and Equality v MA.
Tarchur chun réamhrialú – Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile – Duine a thabhairt suas don Ríocht Aontaithe chun críche ionchúisimh choiriúil – Inniúlacht an údaráis bhreithiúnaigh fhorghníomhaithigh – Baol go sárófar ceart bunúsach – Airteagal 49(1) agus Airteagal 52(3) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Prionsabail na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis – Modhnú ar an gcóras lena gceadaítear scaoileadh saor coinníollach chun aimhleasa an duine lena mbaineann.
Cás C-202/24.
Court reports – general – 'Information on unpublished decisions' section
ECLI identifier: ECLI:EU:C:2024:649
BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)
29 Iúil 2024 (*)
(Tarchur chun réamhrialú – Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile – Duine a thabhairt suas don Ríocht Aontaithe chun críche ionchúisimh choiriúil – Inniúlacht an údaráis bhreithiúnaigh fhorghníomhaithigh – Baol go sárófar ceart bunúsach – Airteagal 49(1) agus Airteagal 52(3) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Prionsabail na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis – Modhnú ar an gcóras lena gceadaítear scaoileadh saor coinníollach chun aimhleasa an duine lena mbaineann
I gCás C-202/24 [Alchaster] (i),
IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE, ón gCúirt Uachtarach (Éire), trí bhreith an 7 Márta 2024, a fuarthas ag an gCúirt an 14 Márta 2024, sna himeachtaí maidir le forghníomhú barántais ghabhála arna n-eisiúint i gcoinne
MA,
idiragraí:
An tAire Dlí agus Cirt,
tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen (Rapóirtéir), Leas-Uachtarán, K. Jürimäe, C. Lycourgos, E. Regan, T. von Danwitz, F. Biltgen agus Z. Csehi, Uachtaráin Dlísheomra, S. Rodin, A. Kumin, N. Jääskinen, M. L. Arastey Sahún agus M. Gavalec, Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: M. Szpunar,
Cláraitheoir: A. Lamote, Riarthóir,
ag féachaint don chuid i scríbhinn den nós imeachta agus tar éis éisteacht an 4 Meitheamh 2024,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:
– An tAire Dlí agus Cirt agus Éire, ag M. Browne, Príomh-Aturnae Stáit, D. Curley, S. Finnegan agus A. Joyce, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó J. Fitzgerald, Abhcóide Sinsir, agus A. Hanrahan, Abhcóide,
– MA, ag S. Brittain, Abhcóide agus M. Lynam, Abhcóide Sinsir, C. Mulholland, Aturnae, agus R. Munro, Abhcóide Sinsir,
– Rialtas na hUngáire, ag Z. Biró-Tóth agus M. Z. Fehér, i gcáil Gníomhairí,
– Rialtas na Ríochta Aontaithe, ag S. Fuller, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó V. Ailes, J. Pobjoy, barristers agus J. Eadie, KC,
– an Coimisiún Eorpach, H. Leupold, F. Ronkes Agerbeek agus J. Vondung, i gcáil Gníomhairí,
tar éis éisteacht leis an Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 27 Meitheamh 2024,
an breithiúnas seo a leanas
Breithiúnas
1 Baineann an tarchur chun réamhrialú seo, ar an gcéad dul síos, le léiriú an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (IO 2021 L 149, lch. 10, ‘CTC’) arna léamh i gcomhar le hAirteagail 49(1) agus 52(3) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’).
2 Rinneadh an iarraidh seo i ndáil le forghníomhú ceithre bharántas gabhála, in Éirinn, arna n-eisiúint ag údaráis bhreithiúnacha Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann i gcoinne MA chun críocha ionchúisimh choiriúil.
An dlí lena mbaineann
An Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint,
3 Foráiltear le hAirteagal 7(1) den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, a síníodh sa Róimh an 4 Samhain 1950 (‘CECD’):
‘Ní bhfaighfear aon duine ciontach in aon chion coiriúil i ngeall ar aon ghníomh nó neamhghníomh nár chion coiriúil é faoin dlí náisiúnta nó faoin dlí idirnáisiúnta tráth a dhéanta. Ná ní ghearrfar pionós is troime ná mar dob inghearrtha an tráth a rinneadh an cion coiriúil.’
Dlí an Aontais Eorpaigh
Cinneadh Réime 2002/584/CGB
4 Foráiltear le haithris 6 d’Airteagal 1(6) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit (IO 2002 L 190, lch. 1):
‘Is é an barántas gabhála Eorpach dá bhforáiltear sa Chinneadh Réime seo an chéad léiriú nithiúil, i réimse an dlí choiriúil, ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh ar chuir an Chomhairle Eorpach síos air mar “bhunchloch” an chomhair bhreithiúnaigh’.
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
5 Foráiltear le hAirteagal 1(1) den Chinneadh Réime sin mar seo a leanas:
‘Is cinneadh breithiúnach arna eisiúint ag Ballstát é an barántas gabhála Eorpach chun go ndéanfadh Stát eile duine iarrtha a ghabháil agus a thabhairt suas, chun críoch ionchúiseamh coiriúil a sheoladh nó pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála a fhorghníomhú.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
An Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach
6 Foráiltear le hAirteagal 126 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO 2020 L 29, lch. 7):
‘Beidh idirthréimhse nó tréimhse cur chun feidhme ann, a thosóidh ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo agus a chríochnóidh an 31 Nollaig 2020.’
CTC
7 Is mar seo a leanas atá aithris 23 de CTC:
‘DE BHRÍ go bhféadfar slándáil na Ríochta Aontaithe agus an Aontais [Eorpaigh] a neartú leis an gcomhar idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas a bhaineann le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh agus le pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí ar an tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc.’
8 Foráiltear le hAirteagal 1 de CTC:
‘Bunaítear leis an gComhaontú seo an bunús le haghaidh caidreamh leathan idir na Páirtithe, laistigh de limistéar rathúnais agus dea-chomharsanúlachta arb é is príomhthréith ann dlúthchaidreamh síochánta atá bunaithe ar chomhar, agus neamhspleáchas agus ceannasacht na bPáirtithe á n-urramú acu.’
9 Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 3(1) de CTC:
‘Tabharfaidh na Páirtithe cúnamh dá chéile, de mheon macánta agus lánurraim fhrithpháirteach á tabhairt acu dá chéile, chun na cúraimí a eascraíonn as an gComhaontú seo, agus aon chomhaontú forlíontach, a dhéanamh.’
10 Foráiltear le hAirteagal 522(1) de CTC:
‘Is é is cuspóir don Chuid seo foráil a dhéanamh maidir le forfheidhmiú an dlí agus comhar breithiúnach idir na Ballstáit agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, ar thaobh amháin, agus an Ríocht Aontaithe, ar an taobh eile, i ndáil le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh agus le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac.’
11 Foráiltear le hAirteagal 524 de CTC:
‘1. Is ar urraim sheanbhunaithe na bPáirtithe agus na mBallstát don daonlathas, don smacht reachta agus do chearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint atá an comhar dá bhforáiltear sa Chuid seo bunaithe, lena n-áirítear mar atá leagtha amach i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine [, arna ghlacadh ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 10 Nollaig 1948] agus [CECD], agus maidir lena thábhachtaí atá sé na cearta agus na saoirsí bunúsacha sa Choinbhinsiún sin a chur i bhfeidhm ar bhonn intíre.
2. Ní bheidh d’éifeacht ag aon ní dá bhfuil sa Chuid seo go modhnófar an oibleagáid cearta bunúsacha agus prionsabail dlí a urramú mar a léirítear, go háirithe, [in CECD] agus, i gcás an Aontais agus a Bhallstát, [sa Chairt].’
12 Foráiltear le hAirteagal 596 de CTC:
‘Is é is cuspóir don Teideal seo a áirithiú go mbeidh an córas eiseachadta idir na Ballstáit, de pháirt amháin, agus an Ríocht Aontaithe, den pháirt eile, bunaithe ar shásra tugtha suas de bhun barántas gabhála i gcomhréir le téarmaí an Teidil seo.’
13 Is é seo a leanas atá in Airteagal 599(3) de CTC:
‘Faoi réir Airteagal 600, pointí (b) go (h) d’Airteagal 601(1), agus Airteagail 602, 603 agus 604, ní dhiúltóidh Stát barántas gabhála a fhorghníomhú ar barántas é arna eisiúint i ndáil leis an iompar seo a leanas i gcás inarb inphionóis an t-iompar céanna le cailleadh saoirse nó le hordú coinneála ar feadh uastréimhse 12 mhí ar a laghad:
(a) iompar aon duine a rannchuidíonn le grúpa daoine ag gníomhú dóibh chun críche coitinne cion amháin nó níos mó a dhéanamh i réimse na sceimhlitheoireachta dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2 den Choinbhinsiún Eorpach chun Sceimhliú a Dhíchur, arna dhéanamh in Strasbourg an 27 Eanáir 1977 [...]; nó
b) sceimhlitheoireacht mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn 45.’
14 Foráiltear le hAirteagail 600 agus 601 de CTC, faoi seach, do liosta na bhforas le neamhfhorghníomhú sainordaitheach an bharántais gabhála agus na forais eile le neamhfhorghníomhú an bharántais gabhála.
15 Foráiltear le hAirteagal 602(1) agus (2) de CTC:
‘1. Ní féidir forghníomhú a dhiúltú ar an bhforas go bhféadfaidh an Stát forghníomhaitheach breathnú ar an gcion mar chion polaitiúil, mar chion a bhfuil baint aige le cion polaitiúil nó mar chion a bhfuil tucaidí polaitiúla leis.
2. Mar sin féin, féadfaidh an Ríocht Aontaithe agus féadfaidh an tAontas, ag gníomhú dó thar ceann aon cheann dá Bhallstáit, fógra a thabhairt don Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach nach gcuirfear mír 1 i bhfeidhm ach i ndáil le:
a) na cionta dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2 den Choinbhinsiún Eorpach chun Sceimhliú a Dhíchur;
b) cionta comhcheilge nó comhlachais cion amháin nó níos mó de na cionta dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2 den Choinbhinsiún Eorpach chun Sceimhliú a Dhíchur, más rud é go bhfreagraíonn na cionta comhcheilge nó comhlachais sin don tuairisc ar iompar dá dtagraítear in Airteagal 599(3) den Chomhaontú seo;
c) sceimhlitheoireacht mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn 45 den Chomhaontú seo.’
16 Foráiltear an méid seo a leanas le hAirteagal 603(1) agus (2) de CTC:
‘1. Ní fhéadfar eiseachadadh a dhiúltú ar an bhforas gur náisiúnach de chuid an Stáit fhorghníomhaithigh é an duine iarrtha.
‘2. Féadfaidh an Ríocht Aontaithe, ar thaobh amháin, agus an tAontas, thar ceann aon cheann dá Bhallstáit, ar an taobh eile, fógra a thabhairt don Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach nach dtabharfar suas a gcuid náisiúnach féin nó nach ndéanfar tabhairt suas a gcuid náisiúnach féin a údarú ach amháin faoi choinníollacha sonraithe áirithe. Beidh an fógra bunaithe ar chúiseanna a bhaineann le prionsabail bhunúsacha nó cleachtas dhlíchóras baile na Ríochta Aontaithe nó an Stáit ar tugadh fógra thar a cheann. I gcás den sórt sin, féadfaidh an Ríocht Aontaithe, ar thaobh amháin, nó an tAontas, thar ceann aon cheann dá Ballstáit, ar an taobh eile, fógra a thabhairt don Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach in am réasúnach tar éis fógra a fháil ón bPáirtí eile, go bhféadfaidh na húdaráis bhreithiúnacha fhorghníomhaitheacha de chuid na Ríochta Aontaithe nó de chuid Ballstáit, de réir mar a bheidh, diúltú a náisiúnaigh féin a thabhairt suas don Stát sin nó nach n-údarófar an tabhairt suas sin ach faoi choinníollacha sonraithe áirithe.’
17 Foráiltear le hAirteagal 604(c) de CTC:
‘Féadfar forghníomhú an bharántais gabhála ag an údarás breithiúnach forghníomhaitheach a chur faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
[...]
c) má tá foras substaintiúil ann lena chreidiúint go bhfuil fíor-riosca ann do chosaint chearta bunúsacha an duine iarrtha, féadfaidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach, de réir mar is iomchuí, ráthaíochtaí breise a éileamh maidir leis an gcaoi a ndéileáiltear leis an duine iarrtha tar éis é nó í a thabhairt suas sula gcinneann sé an barántas gabhála a fhorghníomhú.’
18 Tugtar an méid seo a leanas le fios in Airteagal 613(2), de CTC:
‘Más rud é go measann an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach nach leor an fhaisnéis a chuir an Stát eisiúna in iúl chun gur féidir leis cinneadh a dhéanamh maidir leis an tabhairt suas, iarrfaidh sé an fhaisnéis fhorlíontach is gá, go háirithe i ndáil le hAirteagal 597, Airteagail 600 go 602, Airteagal 604 agus Airteagal 606 a thabhairt faoi phráinn agus féadfaidh sé teorainn ama a leagan síos lena fáil [...]’
An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
19 D’eisigh an Breitheamh Dúiche de na Cúirteanna Dúiche de Thuaisceart na hÉireann (an Ríocht Aontaithe) ceithre bharántas gabhála i gcoinne MA i leith cionta maidir le sceimhlitheoireacht, a líomhnaítear go ndearnadh iad idir 18 agus 20 Iúil 2020, agus d’fhéadfadh príosúnacht saoil a bheith ag gabháil le cuid acu.
20 Le breithiúnas an 24 Deireadh Fómhair 2022 agus le horduithe dar dáta an lae chéanna agus 7 Samhain 2022, d’ordaigh an Ard-Chúirt (Éire) MA a thabhairt suas don Ríocht Aontaithe, agus dhiúltaigh sí cead achomhairc don Chúirt Achomhairc (Éire) a thabhairt dó.
21 Le cinneadh an 17 Eanáir 2023, thug an Chúirt Uachtarach (Éire), arb í an chúirt a rinne an tarchur, cead achomhairc do MA i gcoinne an bhreithiúnais sin agus na n-orduithe ón Ard-Chúirt.
22 D’áitigh MA os comhair na cúirte a rinne an tarchur go mbeadh a thabhairt suas don Ríocht Aontaithe ar neamhréir le prionsabal na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis.
23 I ndáil leis an méid sin, tugann an chúirt a rinne an tarchur faoi deara go bhforáiltear le CTC go bhfuil sásraí um thabhairt suas i bhfeidhm idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit. I bhfianaise an chomhionannais idir an sásra sin agus an sásra a bunaíodh le Cinneadh Réime 2002/584 agus na rialacháin Éireannacha lena dtrasuitear an Cinneadh Réime sin agus CTC, measann sí, agus na rialacháin Éireannacha sin agus an Cinneadh Réime á gcur i bhfeidhm, gur cheart déileáil leis an Ríocht Aontaithe amhail is dá mba Bhallstát í.
24 Shonraigh an chúirt sin, i gcás MA a bheith tugtha suas don Ríocht Aontaithe agus téarma príosúnachta a ghearradh air, go mbeadh aon scaoileadh saor coinníollach MA faoi rialú ag reachtaíocht na Ríochta Aontaithe arna glacadh tar éis na gcionta líomhainte a raibh sé á n-ionchúiseamh ina leith.
25 Is amhlaidh gur leasaíodh an córas parúil i dTuaisceart Éireann (an Ríocht Aontaithe) le héifeacht ón 30 Aibreán 2021. Sular tháinig an t-athrú seo isteach, bhí duine a ciontaíodh i gcionta a bhaineann le sceimhlitheoireacht i dteideal parúl go huathoibríoch tar éis leath dá phianbhreith a chur isteach. Faoin gcóras a bheidh i bhfeidhm ón dáta seo, caithfidh údarás speisialta scaoileadh saor coinníollach de dhuine amhail sin a cheadú agus ní fhéadtar é sin a dhéanamh ach i gcás inar chuir an duine lena mbaineann dhá thrian dá phianbhreith isteach.
26 Maidir leis sin, sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur gur dhiúltaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine don argóint go dtagann athruithe aisghníomhacha ar chórais mhaithimh nó luathscaoileadh salach ar Airteagal 7 de CECD. Mar sin féin, mheas an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, i mbreithiúnas an 21 Deireadh Fómhair 2013, Del Río Prada v an Spáinn (CE:ECHR:2013:1021JUD004275009), go bhféadfadh bearta a ghlactar le linn pianbhreith a fhorghníomhú difear a dhéanamh dá raon feidhme. Bheadh sé riachtanach, dá bhrí sin, chun rialú a thabhairt ar an díospóid sna príomhimeachtaí, a chinneadh an ionann an breithiúnas sin agus athrú ar chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine a tháinig roimhe seo.
27 Ina breithiúnas an 19 Aibreán 2023, chinn an Supreme Court of the United Kingdom (an Chúirt Uachtarach, an Ríocht Aontaithe) nach dtagann cur i bhfeidhm an chórais nua um scaoileadh saor coinníollach, ón 30 Aibreán 2021, i leith cionta a rinneadh sular cuireadh an córas i bhfeidhm, salach ar Airteagal 7 CECD, sa mhéid is nach modhnaítear leis an gcóras sin ach an tslí ina bhfuil na pianbhreitheanna coimeádta de na daoine lena mbaineann le cur i gcrích gan fad na bpianbhreitheanna coimeádta sin a mhéadú.
28 Sa chomhthéacs sin, i bhfianaise, go háirithe, na ráthaíochtaí a chuireann córas breithiúnach na Ríochta Aontaithe ar fáil maidir le cur i bhfeidhm CECD, ag féachaint d’easpa aon léiriú easnaimh chórasaigh a d’fhéadfadh a thabhairt le fios sárú dóchúil agus soiléir ar na cearta a ráthaítear le CECD i gcás tabhairt suas MA, agus mar gheall ar an bhféidearthacht atá ar fáil do MA chun iarratas a chur faoi bhráid na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, dhiúltaigh an chúirt a rinne an tarchur d’argóint MA go raibh baol go sárófar Airteagal 7 de CECD.
29 Mar sin féin, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an féidir teacht ar chonclúid den chineál céanna maidir leis an mbaol go sárófar Airteagal 49(1) den Chairt.
30 Tugann an chúirt sin faoi deara i ndáil leis sin, a mhéid is a bhaineann Airteagal 49(1) den Chairt le hAirteagal 7(1) de CECD, caithfear an raon feidhme céanna a bheith ag an dá fhoráil sin, i bprionsabal, i gcomhréir le hAirteagal 52(3) den Chairt. D’fhéadfaí a mheas, dá bhrí sin, go bhféadfaí brath ar an réasúnaíocht a úsáideadh i ndáil le hAirteagal 7(1) de CECD, gan scrúdú breise a dhéanamh.
31 Mar sin féin, níor rialaigh an Chúirt go fóill maidir le himpleachtaí Airteagal 49 den Chairt maidir le forálacha náisiúnta a leasú i dáil le scaoileadh saor coinníollach.
32 Ina theannta sin, ós rud é go bhfuil oibleagáid ar an Stát forghníomhaitheach an duine iarrtha a thabhairt suas, bheadh sé riachtanach a mheasúnú an bhfuil an Stát sin inniúil chun rialú a dhéanamh ar argóint atá bunaithe ar neamhréir le hAirteagal 49(1), den Chairt forálacha maidir le pionóis a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm sa Stát eisiúna, nuair nach bhfuil an Stát eisiúna faoi cheangal ag an gCairt agus ceanglais dhiana leagtha síos ag an gCúirt maidir leis an mbaol go sárófar cearta bunúsacha sa Bhallstát eisiúna.
33 Measann an chúirt a rinne an tarchur dá bhrí sin nach mór di fiafraí den Chúirt cad iad na critéir nach mór don údarás breithiúnach forghníomhaitheach a chur i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh an bhfuil baol ann go sárófar prionsabal dhlíthiúlacht na bpionós i gcúinsí nach bhfuil tabhairt suas coiscthe ag an mBunreacht náisiúnta ná ag CECD.
34 Sna himthosca sin, chinn an Chúirt Uachtarach (Éire) bac a chur ar na himeachtaí agus an cheist seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:
‘Más rud é, de bhun [CTC] go n iarrtar tabhairt suas chun críoch ionchúisimh ar chionta sceimhlitheoireachta, agus féachann an duine aonair le cur i gcoinne an tabhairt suas sin trína éileamh gur sárú ar Airteagal 7 de [CECD] agus ar Airteagal 49(1) den [Chairt] a bheadh ann, ar an mbonn gur tugadh isteach beart reachtach lena n-athraítear an chuid de phianbhreith a chaithfí a sheirbheáil faoi choimeád agus na socruithe maidir le scaoileadh saor ar pharúl agus gur glacadh é tar éis dháta an chiona arna líomhain a bhfuil a t[h]abhairt suas á lorg ina leith agus, i gcás ina mbeidh feidhm ag na breithnithe seo a leanas:
i) Tá an Stát iarrthach (an Ríocht Aontaithe sa chás seo) ina pháirtí de CECD agus tugann sé éifeacht don Choinbhinsiún ina dhlí náisiúnta [...];
ii) Maidir le cur i bhfeidhm na mbeart atá i gceist i dtaca le príosúnaigh a bhfuil pianbhreith arna bhforchur ag cúirt á cur isteach acu cheana féin, measann cúirteanna na Ríochta Aontaithe [...];
iii) tá cead fós ag aon duine, lena n-áirítear an duine aonair má thugtar suas é, gearán a dhéanamh leis an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine;
iv) níl aon bhunús le breithniú nach gcuirfeadh an Stát iarrthach aon chinneadh de chuid [na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine chun feidhme;
v) dá réir sin, measann [an Chúirt Uachtarach (Éire)] nach bhfuil sé cruthaithe go mbaineann riosca dáiríre le tabhairt suas [go sárófar] Airteagal 7 de CECD nó an Bunreacht;
vi) ní mheastar go gcuirtear cosc ar thabhairt suas le hAirteagal 19 den Chairt;
vii) níl feidhm ag Airteagal 49 den Chairt maidir leis an bpróiseas trialach nó pianbhreithe;
viii) níor cuireadh ina leith go bhfuil aon chúis ann chun a chreidiúint go bhfuil aon difríocht shuntasach i bhfeidhmiú Airteagal 7 CECD agus Airteagal 49 den Chairt;
An bhfuil cúirt nach bhfuil ceart achomhairc ina coinne chun críocha Airteagal 267(3) CFAE, agus ag féachaint d’Airteagal 52(3) den Chairt agus an oibleagáid dílseachta idir na Ballstáit agus idir iad sin ar a gceanglaítear tabhairt suas [ar bhonn] fhorálacha Chinneadh Réime 2002/584 agus [CTC] a oibriú, i dteideal a thabhairt i gcrích gur mhainnigh an duine iarrtha aon fhíor-riosca a shuíomh go mbeadh a [thabhairt suas] ina shárú ar Airteagal 49(1) den Chairt, nó an bhfuil dualgas ar chúirt den sórt sin imscrúdú breise a dhéanamh, agus má tá, cad é cineál agus raon feidhme an imscrúdaithe sin?’
An nós imeachta os comhair na Cúirte
35 Le hordú an 22 Aibreán 2024, in Alchaster (C-202/24, EU:C:2024:343) chinn Uachtarán na Cúirte an nós imeachta brostaithe um réamhrialú dá bhforáiltear in Airteagal 105(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais a thionscnamh.
Breithniú ar an gceist a tharchuirtear
36 Mar réamhphointe, ós rud é go ndéanann an chúirt a rinne an tarchur tagairt, i bhforas an ordaithe tarchuir agus i bhfoclaíocht a ceiste, do Chinneadh Réime 2002/584, ba cheart a mheabhrú, mar a dúirt an tAbhcóide Ginearálta i mír 33 dá Thuairim, leanann sé ó Airteagal 1(1) den Chinneadh Réime sin go bhfuil a raon feidhme teoranta d’fhorghníomhú barántais ghabhála Eorpacha arna n-eisiúint ag na Ballstáit. Dá bhrí sin, ní rialaítear leis an gCinneadh Réime sin forghníomhú barántas gabhála, amhail na cinn atá i gceist sna príomhimeachtaí, arna n-eisiúint ag an Ríocht Aontaithe tar éis dul in éag don idirthréimhse, i gcomhréir le hAirteagal 126 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, an 31 Nollaig 2020.
37 Dá réir sin, tá an chúirt a rinne an tarchur ag fiafraí, lena ceist, go bunúsach an bhfuil CTC, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 49(1) den Chairt, le léiriú sa chaoi nach mór d’údarás breithiúnach forghníomhaitheach, i gcás ina líomhnaíonn duine atá faoi réir barántas gabhála arna eisiúint ar bhonn an chomhaontaithe sin go bhfuil baol ann go sárófar Airteagal 49(1), i gcás tabhairt suas don Ríocht Aontaithe, mar gheall ar athrú, atá neamhfhabhrach don duine sin, ar na coinníollacha maidir le scaoileadh saor coinníollach, a tharla tar éis an cion a líomhnaítear a dhéanamh a bhfuil an duine sin á ionchúiseamh ina leith, measúnú a dhéanamh i dtaobh an baol sin a bheith ann sula gcinnfidh sé an barántas gabhála a fhorghníomhú, i gcás inar chuir an t-údarás breithiúnach sin as an áireamh cheana féin go bhfuil an baol ann go ndéanfaí Airteagal 7 de CECD a shárú ar bhonn na ráthaíochtaí a thairgeann an Ríocht Aontaithe, i gcoitinne, maidir le comhlíonadh CECD agus na féidearthachta atá ag an duine céanna cás a chur faoi bhráid na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine.
38 Dá bhrí sin, go foirmiúil, cé nár thagair an chúirt a rinne an tarchur ina ceist d’aon fhoráil shonrach de CTC, ní chuireann sé sin cosc ar an gCúirt Bhreithiúnais gach gné den léiriú ar dhlí an Aontais a d’fhéadfadh a bheith ina cúnamh chun an cás atá os a comhair a chinneadh a thabhairt di, bíodh nó ná bíodh gur thagair an chúirt sin dóibh i bhfoclaíocht a ceisteanna (féach, de réir analaí, breithiúnas an 18 Aibreán 2023, E.D.L. (Foras le haghaidh diúltú ar bhonn tinnis), C-699/21, EU:C:2023:295, mír 29).
39 Sonraítear in Airteagal 1 de CTC go leagann an comhaontú seo an bunús le haghaidh caidreamh leathan idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, laistigh de limistéar rathúnais agus dea- chomharsanúlachta arb é is príomhthréith an dlúthchaidrimh shíochánta atá bunaithe ar chomhar, agus neamhspleáchas agus ceannasacht na bPáirtithe á n-urramú acu.
40 Chuige sin, tá sé mar aidhm ag CTC go háirithe, mar a shonraítear in aithris 23, slándáil an Aontais agus na Ríochta Aontaithe a neartú trí chomhar a chumasú maidir le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh agus le pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí ar an tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc.
41 Tá an sainchuspóir seo, atá ina chuid de chuspóir ginearálta CTC mar atá leagtha amach in Airteagal 1 de CTC (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Samhain 2021, Governor of Cloverhill Prison agus páirtithe eile, C-479/21 PPU, EU:C:2021:929, mír 67), a chur chun feidhme i gcuid a trí den Chomhaontú seo, mar atá leagtha amach in Airteagal 522(1) den Chomhaontú sin.
42 Maidir leis na coinníollacha ginearálta chun an tríú cuid sin a chur i bhfeidhm, foráiltear le hAirteagal 524(1) de CTC go mbeidh an comhar dá bhforáiltear sa tríú cuid sin bunaithe ar urraim sheanbhunaithe an Aontais, na Ríochta Aontaithe agus na mBallstát don daonlathas, don smacht reachta agus do chearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint, lena n-áirítear mar atá leagtha amach i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus CECD, agus maidir lena thábhachtaí atá sé na cearta agus na saoirsí bunúsacha in CECD a chur i bhfeidhm ar bhonn intíre.
43 Mar chuid den chomhar sin, tá Teideal VII de chuid a trí ceaptha, faoi théarmaí Airteagal 596 de CTC, chun a áirithiú go mbeidh an córas eiseachadta idir na Ballstáit, de pháirt amháin, agus an Ríocht Aontaithe, den pháirt eile, bunaithe ar shásra um thabhairt suas de bhun barántas gabhála i gcomhréir le téarmaí an Teidil sin.
44 Leagtar amach in Airteagail 600 agus 601 de CTC na himthosca ina gcaithfear nó ina bhféadfar diúltú d’fhorghníomhú barántais gabhála arna eisiúint ar bhonn an chomhaontaithe sin.
45 Ina theannta sin, leagtar síos le hAirteagail 602 agus 603 de CTC na rialacha maidir le heisceacht i ndáil le cionta polaitiúla agus le heisceacht ar bhonn náisiúntachta faoi seach, agus sainítear in Airteagal 604 na ráthaíochtaí atá le soláthar ag an Stát eisiúna i gcásanna níos sonraí.
46 Cé nach bhforáiltear go sainráite le haon fhoráil de CTC go bhfuil oibleagáid ar na Ballstáit gníomhú ar bharántas gabhála arna eisiúint ag an Ríocht Aontaithe ar bhonn an Chomhaontaithe sin, leanann sé ó struchtúr Theideal VII de chuid a trí den Chomhaontú sin, agus go háirithe, ó fheidhmeanna Airteagail 600 go 604 de faoi seach, nach bhféadfaidh Ballstát, mar a léirigh an tAbhcóide Ginearálta i mír 69 dá Thuairim, diúltú barántas gabhála den sórt sin a fhorghníomhú ach amháin ar bhonn a thagann as CTC (féach, de réir analaí, breithiúnas an 14 Meán Fómhair 2023, Sofiyska gradska prokuratura (Barántais ghabhála i ndiaidh a chéile), (C-71/21, EU:C:2023:668, mír 48).
47 Maidir go sonrach le cás den sórt sin atá i gceist sna príomhimeachtaí, foráiltear go sonrach le hAirteagal 599(3) de CTC, faoi réir Airteagal 600, Airteagal 601(1)(b) go (h), agus Airteagail 602 go 604 den Chomhaontú sin, nach bhféadfaidh Stát diúltú do bharántas gabhála a fhorghníomhú a bhaineann, go háirithe, leis an sceimhlitheoireacht, i gcás inarb inphionóis an t-iompar sin le cailleadh saoirse nó le hordú coinneála ar feadh uastréimhse 12 mhí ar a laghad.
48 Cé go leanann sé ón méid sin roimhe seo go bhfuil oibleagáid i bprionsabal ar údarás breithiúnach forghníomhaitheach gníomhú ar bharántas gabhála amhail na cinn atá i gceist sna príomhimeachtaí, is amhlaidh fós go bhforáiltear le hAirteagal 524(2) de CTC nach modhnaítear le haon ní i gcuid a trí den Chomhaontú sin an oibleagáid cearta bunúsacha agus prionsabail dlí a urramú mar a léirítear, go háirithe, in CECD agus, i gcás an Aontais agus a Bhallstát, sa Chairt.
49 Tá an oibleagáid an Chairt a urramú, dá dtagraítear in Airteagal 524(2), ina ceangal ar na Ballstáit nuair a chinnfidh siad duine a thabhairt suas don Ríocht Aontaithe, ós rud é gurb ionann cinneadh maidir le tabhairt suas den sórt sin agus cur chun feidhme dhlí an Aontais de réir bhrí d’Airteagal 51(1) den Chairt. Ceanglaítear ar údaráis bhreithiúnacha fhorghníomhaitheacha na mBallstát, dá bhrí sin, a áirithiú, agus an cinneadh sin á ghlacadh acu, go n-urramaítear na cearta bunúsacha a aithnítear sa Chairt i leith an duine atá faoi réir barántas gabhála arna eisiúint ar bhonn CTC, gan an fíoras nach bhfuil an Chairt infheidhme maidir leis an Ríocht Aontaithe a bheith ábhartha ina leith sin (féach freisin breithiúnas an 6 Meán Fómhair 2016, Petruhhin, (C-182/15, EU:C:2016:630, míreanna 52 agus 53).
50 Áirítear ar na cearta sin, go háirithe, na cearta a eascraíonn as Airteagal 49(1) den Chairt, ina sonraítear, inter alia, nach bhforchuirfear aon phionós níos troime ná an pionós a bhí inghearrtha an tráth a rinneadh an cion coiriúil.
51 Dá bhrí sin, d’fhéadfaí go gceadófar don údarás breithiúnach forghníomhaitheach staonadh, tar éis scrúdú iomchuí, ó bharántas gabhála arna eisiúint ar bhonn CTC a chur i gcrích, i gcás ina bhfuil baol ann go sárófar na cearta sin (féach, de réir analaí, breithiúnais an 25 Iúil 2018, An tAire Dlí agus Cirt (Easnaimh sa chóras cirt), C-216/18 PPU, EU:C:2018:586, mír 59; an 31 Eanáir 2023, Puig Gordi agus páirtithe eile, C-158/21, EU:C:2023:57, mír 72, agus an 21 Nollaig 2023, GN (Foras le diúltú bunaithe ar leas an linbh), C-261/22, EU:C:2023:1017, mír 43).
52 Maidir le rialacha mionsonraithe an scrúdaithe sin, leanann sé ó chásdlí na Cúirte a bhaineann le Cinneadh Réime 2002/584 go ndéanfaí measúnú, le linn imeachtaí chun barántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú, ar fhírinne an bhaoil go ndéanfar sárú ar na cearta bunúsacha a ráthaítear le hAirteagail 4, 7, 24 agus 47 den Chairt, i bprionsabal, trí bhíthin scrúdú in dhá chéim ar leith nach bhféadtar iad a dhéanamh ag an am céanna, a mhéid a bhaineann siad le hanailís ar bhonn critéar éagsúil, agus nach mór, dá bhrí sin, a dhéanamh i ndiaidh a chéile (féach, chuige sin, breithiúnais an 5 Aibreán 2016, Aranyosi agus Căldăraru, C-404/15 agus C-659/15 PPU, EU:C:2016:198, míreanna 89 go 94; an 25 Iúil 2018, an tAire Dlí agus Cirt (Easnaimh sa chóras ceartais), C-216/18 PPU, EU:C:2018:586, míreanna 60, 61 agus 68; an 18 Aibreán 2023, E.D.L. (Foras le haghaidh diúltú ar bhonn tinnis), C-699/21, EU:C:2023:295, mír 55, agus an 21 Nollaig 2023, GN (Foras le diúltú bunaithe ar leas an linbh), C-261/22, EU:C:2023:1017, mír 46 agus an cásdlí dá dtagraítear).
53 Chuige sin, ní mór don údarás breithiúnach forghníomhaitheach, i gcomhthéacs na chéad chéime, a chinneadh an bhfuil fianaise oibiachtúil, iontaofa, bheacht agus chothrom le dáta go cuí ann lena léirítear go bhfuil fíorbhaol go sárófar, sa Bhallstát eisiúna, ceann de na cearta bunúsacha sin de bharr easnaimh chórasacha nó ghinearálta, nó de bharr easnaimh a dhéanann difear níos sonraí do ghrúpa daoine atá inaitheanta go hoibiachtúil (féach, chuige sin, breithiúnais an 5 Aibreán 2016, Aranyosi agus Căldăraru, C-404/15 agus C-659/15 PPU, EU:C:2016:198, mír 89; an 31 Eanáir 2023, Puig Gordi agus páirtithe eile, C-158/21, EU:C:2023:57, mír 102, agus an 21 Nollaig 2023, GN (Foras le diúltú bunaithe ar leas an linbh), C-261/22, EU:C:2023:1017, mír 47).
54 Mar chuid den dara céim, caithfidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach a chinneadh, go sonrach agus go beacht, cá mhéad is dócha go mbeidh tionchar ag na heasnaimh arna sainaithint sa chéad chéim den imscrúdú dá dtagraítear sa mhír roimhe seo den bhreithiúnas seo ar an duine is ábhar do bharántas gabhála Eorpach, agus cé acu, ag féachaint dá staid phearsanta, an bhfuil forais shubstaintiúla ann lena chreidiúint go bhfuil fíorbhaol ann go sárófar cearta bunúsacha an duine sin má thugtar suas don Bhallstát eisiúna é (féach, chuige sin, breithiúnais an 5 Aibreán 2016, Aranyosi agus Căldăraru, C-404/15 agus C-659/15 PPU, EU:C:2016:198, mír 94; an 31 Eanáir 2023, Puig Gordi agus páirtithe eile, C-158/21, EU:C:2023:57, mír 106, agus an 21 Nollaig 2023, GN (Foras le diúltú bunaithe ar leas an linbh), C-261/22, EU:C:2023:1017, mír 48).
55 Mar sin féin, mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta, go bunúsach, i mír 76 dá Thuairim, ní féidir an ceanglas chun scrúdú dhá chéim den sórt sin a dhéanamh a thrasuí chuig an measúnú, le linn an nós imeachta chun barántas gabhála arna eisiúint ar bhonn CTC a fhorghníomhú, maidir leis an mbaol go sárófar Airteagal 49(1) den Chairt.
56 Tá an córas simplithe agus éifeachtach maidir le daoine ciontaithe nó atá faoi amhras a thabhairt suas, arna leagan síos sa Chinneadh Réime 2002/584 bunaithe ar ardleibhéal muiníne riachtanach idir na Ballstát agus ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, de réir aithris 6 den Chinneadh Réime, mar ‘bhunchloch’ an chomhair bhreithiúnaigh idir na Ballstáit in ábhair choiriúla (féach, chuige sin, breithiúnais an 25 Iúil 2018, An tAire Dlí agus Cirt (Easnaimh sa chóras ceartais), C-216/18 PPU, EU:C:2018:586, míreanna 40 agus 41; agus an 21 Nollaig 2023, GN (Foras le diúltú bunaithe ar leas an linbh), C-261/22, EU:C:2023:1017, mír 35 agus 36).
57 Ceanglaítear le prionsabal na muiníne frithpháirtí ar gach ceann de na Stáit sin, go háirithe maidir leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, a mheas, ach amháin i gcúinsí eisceachtúla, go n-urramaíonn gach Ballstát eile dlí an Aontais agus, go háirithe, na cearta bunúsacha a aithnítear leis an dlí sin (féach, chuige sin, Tuairim 2/13 (Aontachas an Aontais Eorpaigh le CECD) an 18 Nollaig 2014, EU:C:2014:2454, mír 191, agus breithiúnas an 31 Eanáir 2023, Puig Gordi agus páirtithe eile, C-158/21, EU:C:2023:57, mír 93).
58 Mar sin, nuair a chuireann na Ballstáit dlí an Aontais chun feidhme, is féidir a cheangal orthu, de bhua an dlí sin, toimhde a dhéanamh go n-urramaíonn na Ballstáit eile na cearta bunúsacha sin, sa chaoi nach bhféadfaidh siad a éileamh, ní hamháin leibhéal níos airde cosanta náisiúnta do chearta bunúsacha ó Bhallstát eile ná an leibhéal a ráthaítear le dlí an Aontais, ach freisin, ach amháin i gcásanna eisceachtúla, a sheiceáil cé acu atá nó nach bhfuil, i gcás nithiúil, na cearta bunúsacha a ráthaíonn an tAontas á n-urramú ag an mBallstát eile sin (féach, chuige sin, Tuairim 2/13 (Aontachas an Aontais Eorpaigh le CECD), an 18 Nollaig 2014, EU:C:2014:2454, mír 192, agus breithiúnas an 31 Eanáir 2023, Puig Gordi agus páirtithe eile, C-158/21, EU:C:2023:57, mír 94).
59 Sa chomhthéacs sin, maidir leis an oibleagáid easnaimh amhail na heasnaimh sin dá dtagraítear i mír 53 den bhreithiúnais seo a shainaithint sular féidir a fhíorú, ar mhodh nithiúil agus beacht, an bhfuil fíorbhaol ann don duine is ábhar do bharántas gabhála Eorpach go sárófar ceart bunúsach, tá sé beartaithe go díreach cosc a chur ar fhíorú den sórt sin a dhéanamh seachas i gcásanna eisceachtúla agus is iarmhairt é dá bhrí sin ar an toimhde go n-urraíonn an Ballstát eisiúna cearta bunúsacha a leanann ó phrionsabal na muiníne frithpháirtí (féach, chuige sin, breithiúnas an 31 Eanáir 2023, Puig Gordi agus páirtithe eile, (C-158/21, EU:C:2023:57, míreanna 114 go 116).
60 Trí bhíthin an oibleagáid seo a chomhlíonadh, féadfar, go háirithe, leithdháileadh na bhfreagrachtaí idir an Ballstát eisiúna agus an Ballstát forghníomhaitheach maidir le caomhnú na gceanglas is gné dhílis de chearta bunúsacha a áirithiú, a eascraíonn ó chur i bhfeidhm iomlán phrionsabail na muiníne frithpháirtí agus an aitheantais fhrithpháirtigh is bun le hoibriú an tsásra barántais gabhála Eorpaigh (féach, chuige sin, breithiúnais an 22 Feabhra 2022, Openbaar Ministerie (Cúirt arna bunú le dlí sa Bhallstát eisiúna), C-562/21 PPU agus C-563/21 PPU, EU:C:2022:100, mír 46; an 31 Eanáir 2023, Puig Gordi agus páirtithe eile, C-158/21, EU:C:2023:57, míreanna 72 agus 96, agus an 21 Nollaig 2023, GN (Foras le diúltú bunaithe ar leas an linbh), C-261/22, EU:C:2023:1017, mír 43).
61 Gné shainiúil den chaidreamh idir na Ballstáit is ea prionsabal na muiníne frithpháirtí.
62 Tá an prionsabal sin fréamhaithe sa tuiscint bhunúsach go roinneann gach Ballstát sraith de chomhluachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe leis na Ballstáit eile go léir, agus go n-aithníonn siad go gcomhroinneann siadsan na luachanna sin leis, mar a luaitear in Airteagal 2 CAE (féach, chuige sin, Tuairim 2/13 (Aontachas an Aontais Eorpaigh le CECD), an 18 Nollaig 2014, (EU:C:2014:2454, mír 168).
63 Tá an prionsabal sin ríthábhachtach freisin don Aontas agus dá Bhallstáit, sa mhéid is go bhféadfar limistéar Eorpach gan teorainneacha inmheánacha a chruthú agus a chaomhnú (féach, chuige sin, Tuairim 2/13 (Aontachas an Aontais Eorpaigh le CECD), an 18 Nollaig 2014 EU:C:2014:2454, mír 191).
64 Shonraigh an Chúirt freisin go bhfuil baint le nádúr bunúsach an Aontais ag baint le teorannú do chásanna eisceachtúla maidir leis an bhféidearthacht a fhíorú ar urramaigh Ballstát eile, i gcás sonrach, na cearta bunúsacha atá cumhdaithe sa Chairt agus go rannchuidíonn sé leis an gcothromaíocht ar a bhfuil sé bunaithe (féach, chuige sin, Tuairim 2/13 (Aontachas an Aontais Eorpaigh le CECD), an 18 Nollaig 2014, (EU:C:2014:2454, mír 193 agus 194).
65 Ar ndóigh, ní fhéadfaí a chur as an áireamh go bhféadfadh comhaontú idirnáisiúnta leibhéal ard muiníne a bhunú idir na Ballstáit agus tríú tíortha áirithe.
66 Chinn an Chúirt mar sin gurb amhlaidh a bhí maidir leis an gcaidreamh idir na Ballstáit agus Ríocht na hIorua (féach, chuige sin, breithiúnas an 14 Meán Fómhair 2023, Sofiyska gradska prokuratura (Barántais ghabhála i ndiaidh a chéile), (C-71/21, EU:C:2023:668, míreanna 32 agus 39).
67 Mar sin féin, tá an tríú tír sin i riocht speisialta sa mhéid is go bhfuil caidreamh speisialta aici leis an Aontas, a théann thar chomhar eacnamaíoch agus tráchtála, ós rud é go bhfuil sí ina pháirtí den Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, go nglacann sí páirt sa Chomhchóras Eorpach Tearmainn, go gcuireann sí chun feidhme agus cuireann sí i bhfeidhm acquis Schengen, agus go bhfuil an Comhaontú maidir leis an nós imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit an Aontais agus an Íoslainn agus an Iorua tugtha i gcrích idir an tAontas agus an Iorua, a tháinig i bhfeidhm an 1 Samhain 2019 (féach breithiúnas an 17 Márta 2021, JR (Barántas gabhála – Ciontú i dtríú Stát, Ball de LEE), (C-488/19, EU:C:2021:206, mír 60).
68 Chuir an Chúirt in iúl freisin, ar an gcéad dul síos, i mbrollach an chomhaontaithe sin, gur léirigh na páirtithe conarthacha den chomhaontú a muinín fhrithpháirteach i struchtúr agus feidhmiú a gcóras dlí agus a gcumas chun triail chóir a áirithiú agus, ar an dara dul síos, go bhfuil forálacha an chomhaontaithe deiridh sin an-chosúil le forálacha comhfhreagracha Chinneadh Réime 2002/584 (féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Aibreán 2020, Ruska Federacija, C-897/19 PPU, EU:C:2020:262, míreanna 73 agus 74).
69 Ní féidir, áfach, an breithniú dá dtagraítear i mír 66 den bhreithiúnas seo, atá bunaithe ar an gcaidreamh sonrach idir an tAontas agus Ballstáit LEE áirithe, a leathnú chuig gach tríú tír.
70 Maidir, go sonrach, leis na socruithe a thugtar isteach le CTC, ba cheart a thabhairt faoi deara ar an gcéad dul síos nach mbunaíonn an comhaontú sin, idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, caidreamh chomh speisialta leis an gceann a ndéantar cur síos air sa chásdlí a luadh i míreanna 67 agus 68 den bhreithiúnas seo. Go háirithe, níl an Ríocht Aontaithe ina cuid den limistéar Eorpach gan teorainneacha inmheánacha, ar féidir é a fhothú, inter alia, ar phrionsabal na muiníne frithpháirtí.
71 Chomh maith leis sin, cé gur léir ó théarmaí Airteagal 524(1) de CTC, dá dtagraítear i mír 42 den bhreithiúnas seo, go bhfuil an comhar idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit bunaithe ar urraim atá ann le fada ar chearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint, ní chuirtear i láthair an comhar sin mar chomhar atá bunaithe ar chaomhnú na muiníne frithpháirtí idir na Stáit lena mbaineann a bhí ann roimh imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas an 31 Eanáir 2020.
72 Ar deireadh, tá difríochtaí suntasacha idir forálacha CTC a bhaineann leis an sásra um thabhairt suas a bhunaítear leis an gComhaontú sin agus forálacha comhfhreagracha Chinneadh Réime 2002/584.
73 I ndáil leis sin, ní mór á chur i dtreis, go háirithe, nach bhfuil sa Chinneadh Réime sin eisceachtaí a bhaineann le cineál polaitiúil na gcionta nó le náisiúntacht an duine iarrtha lena gceadaítear maoluithe ar fhorghníomhú barántas gabhála Eorpach i gcásanna atá inchomparáide leo siúd dá dtagraítear in Airteagail 602(2) agus 603(2) de CTC. Léiríonn eisceachtaí den sórt sin teorainneacha na muiníne arna bunú idir na páirtithe sa Chomhaontú sin.
74 Ar an gcuma chéanna, ní áirítear sa Chinneadh Réime foráil atá inchomparáide le hAirteagal 604(c) de CTC a shonraíonn go sainráite, má tá foras substaintiúil ann lena chreidiúint go bhfuil fíorbhaol ann do chosaint cirt bhunúsaigh amháin nó níos mó de chuid an duine iarrtha, cibé ceart é, go bhféadfaidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach, más gá, ráthaíochtaí breise a éileamh maidir leis an gcaoi a ndéileáilfear leis an duine iarrtha tar éis é nó í a thabhairt suas sula gcinneann sé an barántas gabhála a fhorghníomhú.
75 Faoi Airteagal 604(c) is féidir, dá bhrí sin, ráthaíochtaí breise a iarraidh chun féachaint le deireadh a chur le hamhrais maidir le hurraim do chearta bunúsacha sa Stát eisiúna nach féidir a ruaigeadh ar bhonn muinín idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit, gan chur chun feidhme an tsásra sin a bheith faoi réir cinneadh a dhéanamh roimh ré maidir le heasnaimh chórasacha nó ghinearálta, nó de bharr easnaimh a dhéanann difear níos sonraí do ghrúpa daoine atá inaitheanta go hoibiachtúil.
76 Is fíor nach bhforáiltear go sainráite le hAirteagal 604(c) de CTC go bhféadfaidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach gan gníomhú ar an mbarántas gabhála mura bhfuil ráthaíochtaí breise faighte aige nó más rud é nach leor na ráthaíochtaí breise a fuarthas chun na cúiseanna a bhí ann ar dtús lena chreidiúint go bhfuil fíorbhaol ann do chosaint chearta bunúsacha an duine iarrtha.
77 Mar sin féin, bhainfí aon éifeacht úsáideach ón sásra dá bhforáiltear dá ndéanfaí aon léiriú eile ar an bhforáil sin.
78 Ciallaíonn sé sin nach féidir leis an údarás breithiúnach forghníomhaitheach atá chun rialú a dhéanamh ar bharántas gabhála arna eisiúint ar bhonn CTC a ordú an duine iarrtha a thabhairt suas má mheasann sé, tar éis scrúdú nithiúil agus beacht a dhéanamh ar staid an duine sin, go bhfuil forais réasúnacha ann lena chreidiúint go mbeadh an duine sin i bhfíorbhaol maidir le cosaint a chearta bunúsacha dá dtabharfaí suas don Ríocht Aontaithe é.
79 Mar sin, i gcás ina n-éilíonn an duine is ábhar do bharántas gabhála arna eisiúint ar bhonn CTC os comhair an údaráis bhreithiúnaigh fhorghníomhaithigh sin go bhfuil baol ann go sárófar Airteagal 49(1) den Chairt má thugtar an duine sin suas don Ríocht Aontaithe, ní féidir leis an údarás breithiúnach forghníomhaitheach sin, gan neamhaird a thabhairt ar an oibleagáid cearta bunúsacha a urramú atá cumhdaithe in Airteagal 524(2) den Chomhaontú sin, tabhairt suas den sórt sin a ordú gan cinneadh sonrach a dhéanamh, tar éis scrúdú cuí de réir bhrí mhír 51 den bhreithiúnas seo, an bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint go bhfuil fíorbhaol ann don duine sin go ndéanfaí sárú den sórt sin.
80 Chun críocha an chinnidh sin, tá sé tábhachtach, sa chéad áit, a chur i bhfios, cé nach leor, ann féin, dearbhuithe a bheith ann agus glacadh conarthaí idirnáisiúnta lena ráthaítear, i bprionsabal, go n-urramaítear cearta bunúsacha, chun cosaint leordhóthanach a áirithiú i gcoinne an bhaoil go sárófar cearta agus saoirsí bunúsacha (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Meán Fómhair 2016, Petruhhin, C-182/15, EU:C:2016:630, mír 57) ní mór don údarás breithiúnach forghníomhaithe aird a thabhairt, áfach, go bhfuil cosaint ceart bunúsach agus saoirsí daoine aonair á hurramú ag an Ríocht Aontaithe le fad an lae, go háirithe mar a leagtar amach sa Dearbhú Uilechoiteann um Chearta an Duine agus in CECD, a mheabhraítear go sainráite in Airteagal 524(1) de CTC, agus leis na forálacha atá leagtha síos agus curtha chun feidhme i ndlí na Ríochta Aontaithe chun urraim do na cearta bunúsacha a leagtar amach in CECD a áirithiú (féach, de réir analaí, breithiúnas an 19 Meán Fómhair 2018, RO, C-327/18 PPU, EU:C:2018:733, mír 52).
81 Mar sin féin, ní fhéadfadh a bheith cinntitheach ann féin an fíoras gur chuir an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach sin as an áireamh cheana féin an baol go ndéanfaí Airteagal 7 de CECD a shárú, ar bhonn na ráthaíochtaí a thairgeann an Ríocht Aontaithe, i gcoitinne, maidir le comhlíonadh CECD agus an fhéidearthacht atá ag an duine iarrtha cás a chur faoi bhráid na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine.
82 Leanann sé ó mhír 78 den bhreithiúnas seo go gceanglaítear le hAirteagal 524(2) agus Airteagal 604(c) de CTC, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 49(1) den Chairt, ar an údarás breithiúnach forghníomhaitheach na gnéithe go léir ábhartha a scrúdú chun measúnú a dhéanamh ar staid intuartha an duine iarrtha sa chás go dtabharfaí suas don Ríocht Aontaithe é, agus ciallaíonn sé sin, murab ionann agus an scrúdú dhá chéim dá dtagraítear i míreanna 52 go 54 den bhreithiúnas seo, gur gá na cleachtais atá i réim go ginearálta sa tír sin agus, d’éagmais chur i bhfeidhm na bprionsabal maidir le muinín agus aitheantas frithpháirteach, saintréithe staid aonair an duine sin, a chur san áireamh go comhuaineach.
83 Dá réir sin, mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta i míreanna 78 agus 79 dá Thuairim, ní mór don údarás breithiúnach forghníomhaitheach measúnú neamhspleách a dhéanamh i bhfianaise fhorálacha na Cairte, gan bheith in ann é féin a theorannú do chásdlí Supreme Court of the United Kingdom (Cúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe), dá dtagraítear i mír 27 den bhreithiúnas seo, a chur san áireamh, nó na ráthaíochtaí ginearálta a thairgeann córas breithiúnach an Stáit sin, dá dtagraítear i mír 28 den bhreithiúnas seo.
84 Sa chomhthéacs sin, ní mór aon chinneadh go bhfuil fíorbhaol ann go sárófar Airteagal 49(1) den Chairt má thugtar suas an duine lena mbaineann go dtí an Ríocht Aontaithe a bheith bunaithe ar eilimintí fíorasacha leordhóthanacha (féach, de réir analaí, breithiúnas an 22 Feabhra 2022, Openbaar Ministerie (Cúirt arna bunú le dlí sa Bhallstát eisiúna), C-562/21 PPU agus C-563/21 PPU, EU:C:2022:100, míreanna 60 agus 61).
85 Dá bhrí sin, ní fhéadfaidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach diúltú do ghníomhú ar bharántas gabhála ar bhonn Airteagail 524(2) agus 604(c) de CTC, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 49(1) den Chairt, ach amháin má tá, maidir le staid aonair an duine iarrtha, faisnéis oibiachtúil, iontaofa, bheacht agus nuashonraithe go cuí lena mbunaítear forais réasúnacha chun a chreidiúint go bhfuil fíor-bhaol ann go sárófar Airteagal 49(1) (féach, de réir analaí, breithiúnais an 6 Meán Fómhair 2016, Petruhhin, C-182/15, EU:C:2016:630, mír 59, agus an 19 Meán Fómhair 2018, RO, C-327/18 PPU, EU:C:2018:733 mír 61).
86 Sa dara háit, i gcomhréir leis an oibleagáid maidir le lánurraim fhrithpháirteach de mheon macánta atá leagtha síos in Airteagal 3(1) de CTC, ní mór don údarás breithiúnach forghníomhaitheach, agus scrúdú á dhéanamh aige an bhfuil baol ann go sárófar Airteagal 49(1) den Chairt, úsáid iomlán a bhaint as na hionstraimí dá bhforáiltear sa chomhaontú sin d’fhonn comhar a chothú idir é féin agus an t-údarás breithiúnach eisiúna.
87 I dtaca leis sin, ar thaobh amháin, foráiltear le hAirteagal 613(2) de CTC, má mheasann an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach nach leor an fhaisnéis a chuir an Stát eisiúna in iúl chun go bhféadfaidh sé cinneadh a dhéanamh faoin tabhairt suas, go n-iarrfaidh sé go ndéanfar an fhaisnéis fhorlíontach is gá a tharchur mar ábhar práinne, go háirithe maidir le hAirteagal 604 de CTC.
88 Tá oibleagáid ar an údarás breithiúnach sin, mar sin, a iarraidh go soláthrófar, mar ábhar práinne, aon fhaisnéis fhorlíontach a mheasann sé a bheith riachtanach chun cinneadh a ghlacadh maidir le duine atá faoi réir barántas gabhála arna eisiúint ar bhonn CTC a thabhairt suas.
89 Mar sin, ós rud é gur gá go bhfuil cinneadh maidir le fíorbhaol go sárófar Airteagal 49(1) den Chairt bunaithe ar anailís ar dhlí an Bhallstáit eisiúna, ní féidir leis an údarás breithiúnach forghníomhaitheach, gan neamhaird a dhéanamh ar an oibleagáid lánurraim fhrithpháirteach de mheon macánta a leagtar síos in Airteagal 3(1) de CTC, an cinneadh sin a dhéanamh gan faisnéis a iarraidh ar an údarás breithiúnach eisiúna ar dtús maidir le rialacha an dlí sin agus an modh inar dócha go gcuirfear i bhfeidhm iad i staid aonair an duine iarrtha.
90 Ar an taobh eile, i gcomhréir le hAirteagal 604(c) de CTC, ní mór don údarás breithiúnach forghníomhaitheach ráthaíochtaí breise a iarraidh i gcás ina measann sé go bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint go bhfuil fíor-bhaol ann go sárófar Airteagal 49(1) den Chairt.
91 Dá bhrí sin, ní fhéadfaidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach diúltú do ghníomhú ar bharántas gabhála arna eisiúint ar bhonn CTC, ar an bhforas go bhfuil riosca den sórt sin ann, ach amháin i gcás ina mbeidh ráthaíochtaí breise iarrtha ag an údarás breithiúnach forghníomhaitheach agus nach bhfuil ráthaíochtaí leordhóthanacha faighte ag an údarás breithiúnach forghníomhaitheach chun an baol go sárófar Airteagal 49(1) den Chairt a shainaithin sé ar dtús a chur as an áireamh.
92 Sa tríú háit, maidir le raon feidhme Airteagal 49(1) den Chairt go sonrach, leanann sé as cásdlí na Cúirte go bhfuil, ar a laghad, na ráthaíochtaí céanna in Airteagal 49 den Chairt agus atá leagtha síos in Airteagal 7 de CECD, nach mór a chur san áireamh, faoi Airteagal 52(3) den Chairt, mar thairseach íosta cosanta (féach, chuige sin, breithiúnais an 28 Márta 2017, Rosneft, C-72/15, EU:C:2017:236, mír 164; an 5 Nollaig 2017, M.A.S. agus M.B., C-42/17, EU:C:2017:936, mír 54; an 2 Feabhra 2021, Consob, C-481/19, EU:C:2021:84, mír 37, agus an 10 Samhain 2022, DELTA STROY 2003, C-203/21, EU:C:2022:865, mír 46 agus an cásdlí dá dtagraítear).
93 Chuige sin, cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl, faoi reachtaíocht na Ríochta Aontaithe a glacadh tar éis déanamh líomhainte na gcionta atá i gceist sna príomhimeachtaí, nach bhfuil déantóirí cionta sceimhlitheoireachta áirithe, amhail iad siúd a bhfuil amhras faoi MA ina leith, cáilithe le haghaidh scaoileadh saor coinníollach ach amháin má tá sé ceadaithe ag sainúdarás agus go dtí tar éis dhá thrian dá phianbhreith a bheith curtha isteach acu, ach rinne an t-iarchóras foráil do scaoileadh saor coinníollach uathoibríoch tar éis don duine ciontaithe leath dá phianbhreith a chur isteach.
94 Leanann sé ó chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, chun críocha Airteagal 7 de CECD a chur i bhfeidhm, nach mór idirdhealú a dhéanamh idir beart ar ‘phianbreith’ go substaintiúil é agus beart a bhaineann le ‘cur i gcrích’ nó ‘cur i bhfeidhm’ na pianbhreithe. Mar sin, i gcás ina mbaineann cineál agus cuspóir birt le loghadh pianbhreithe nó le hathrú ar an gcóras um scaoileadh saor coinníollach, ní cuid dhílis den ‘phianbhreith’ é an beart sin de réir bhrí an Airteagail 7 sin (ECtHR, 21 Deireadh Fómhair 2013, Del Río Prada v an Spáinn, CE:ECHR:2013:1021JUD004275009, § 83).
95 Toisc nach mbíonn an t-idirdhealú idir beart ar ‘pianbhreith’ é agus beart a bhaineann le ‘forghníomhú’ pianbhreithe soiléir i gcleachtas i gcónaí, d’fhonn a chinneadh cé acu a bhaineann beart arna ghlacadh le linn cur i gcrích pianbhreithe le modh cur i gcrích na pianbhreithe amháin nó, seachas sin, lena raon feidhme, caithfear scrúdú a dhéanamh i ngach cás maidir le céard a bhí i gceist i ndáiríre leis an ‘bpianbhreith’ faoin dlí náisiúnta a bhí infheidhme ag an tráth sin nó, i bhfocail eile, cén nádúr sonrach a bhí aige (ECtHR, 21 Deireadh Fómhair 2013, Del Río Prada v an Spáinn, CE:ECHR:2013:1021JUD004275009, § 85 agus 90).
96 I ndáil leis sin, dheimhnigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine le déanaí go bhféadfadh staid níos déine maidir le cur i gcrích na pianbhreithe agus ní leis an bpianbhreith féin a bheith mar thoradh ar an méadú ar an tairseach incháilitheachta um scaoileadh saor coinníollach tar éis ciontú agus, dá bhrí sin, ní fhéadfaí tátal a bhaint as imthosca den sórt sin go mbeadh an phianbhreith a ghearrfaí níos déine ná an phianbhreith a ghearr an chúirt trialach (ECtHR, 31 Lúnasa 2021, Devriendt v an Bheilg, CE:ECHR:2021:0831DEC003556719, §29).
97 Dá réir sin, ní bheidh beart a bhaineann le pianbhreith a chur i gcrích ar neamhréir le hAirteagal 49(1) den Chairt ach amháin má tá athrú cúlghabhálach i gceist leis ar raon feidhme na pianbhreithe féin a tabhaíodh an lá a rinneadh an cion i dtrácht, a fhágann go ndéantar pianbhreith níos troime a ghearradh ná mar a tabhaíodh ar dtús. Cé nach amhlaidh, ar aon chuma, an cás sin ina bhfuil an beart teoranta don tairseach incháilitheachta maidir le scaoileadh saor coinníollach a leathnú, féadfaidh sé a bheith difriúil, go háirithe, má aisghaireann an beart sin go substaintiúil an fhéidearthacht maidir le scaoileadh saor coinníollach nó má tá sé ina chuid de shraith beart as a dtiocfaidh méadú ar nádúr intreach na pianbhreithe a tabhaíodh ar dtús.
98 I bhfianaise an mhéid sin go léir, is é an freagra ar an gceist a tharchuirtear nach mór Airteagail 524(2) agus 604(c) de CTC, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 49(1) den Chairt, a léiriú sa chaoi nach mór d’údarás breithiúnach forghníomhaitheach, i gcás ina líomhnaíonn duine atá faoi réir barántas gabhála arna eisiúint ar bhonn an chomhaontaithe sin go bhfuil baol ann go sárófar Airteagal 49(1), i gcás tabhairt suas don Ríocht Aontaithe, mar gheall ar athrú, atá neamhfhabhrach don duine sin, ar na coinníollacha maidir le scaoileadh saor coinníollach, a tharla tar éis an cion a líomhnaítear a dhéanamh a bhfuil an duine sin á ionchúiseamh ina leith, scrúdú neamhspleách a dhéanamh ar an mbaol sin a bheith ann sula dtabharfaidh sé breith ar an mbarántas gabhála a fhorghníomhú, i gcás inar chuir an t-údarás breithiúnach sin as an áireamh cheana féin go bhfuil baol go ndéanfar Airteagal 7 de CECD a shárú ar bhonn na ráthaíochtaí a thairgeann an Ríocht Aontaithe, i gcoitinne, maidir le comhlíonadh CECD agus na féidearthachta atá ag an duine céanna cás a chur faoi bhráid na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine. Tar éis an scrúdaithe sin, níor cheart don údarás breithiúnach forghníomhaitheach sin diúltú do bharántas gabhála a fhorghníomhú ach amháin, tar éis an fhaisnéis agus na ráthaíochtaí breise a iarraidh ón údarás breithiúnach eisiúna, má tá fianaise oibiachtúil, iontaofa, bheacht agus nuashonraithe go cuí lena suitear go bhfuil fíorbhaol ann go n-athrófar raon feidhme na pianbhreithe arna tabhú an lá a rinneadh an cion i dtrácht, rud a fhágann go ngearrfar pionós níos troime ná mar a tabhaíodh ar dtús.
Costais
99 Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:
Maidir le hAirteagal 524(2) agus Airteagal 604(c) den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 49(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
ní mór d’údarás breithiúnach forghníomhaitheach, i gcás ina líomhnaíonn duine atá faoi réir barántas gabhála arna eisiúint ar bhonn an chomhaontaithe sin go bhfuil baol ann go sárófar Airteagal 49(1), i gcás tabhairt suas do Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, mar gheall ar athrú, atá neamhfhabhrach don duine sin, ar na coinníollacha maidir le scaoileadh saor coinníollach, a tharla tar éis an cion a líomhnaítear a dhéanamh a bhfuil an duine sin á ionchúiseamh ina leith, scrúdú neamhspleách a dhéanamh ar an mbaol sin a bheith ann sula dtabharfaidh sé breith ar an mbarántas gabhála a fhorghníomhú, i gcás inar chuir an t-údarás breithiúnach sin as an áireamh cheana féin go bhfuil baol go ndéanfaí Airteagal 7 den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, a síníodh sa Róimh an 4 Samhain 1950, a shárú ar bhonn na ráthaíochtaí a thairgeann an Ríocht Aontaithe, i gcoitinne, maidir le comhlíonadh an chomhaontaithe sin agus na féidearthachta atá ag an duine céanna cás a chur faoi bhráid na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine. Tar éis an scrúdaithe sin, níor cheart don údarás breithiúnach forghníomhaitheach sin diúltú do bharántas gabhála a fhorghníomhú ach amháin, tar éis an fhaisnéis agus na ráthaíochtaí breise a iarraidh ón údarás breithiúnach eisiúna, má tá fianaise oibiachtúil, iontaofa, bheacht agus nuashonraithe go cuí lena suitear go bhfuil fíorbhaol ann go n-athrófar raon feidhme na pianbhreithe arna tabhú an lá a rinneadh an cion i dtrácht, rud a fhágann go ngearrfar pionós níos troime ná mar a tabhaíodh ar dtús.
Sínithe
* Teanga an cháis: an Béarla.
i Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní thagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí atá sé.