This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62023TN0542
Case T-542/23: Action brought on 29 August 2023 — Uss v Council
Cás T-542/23: Caingean arna taisceadh an 29 Lúnasa 2023 – Uss v an Chomhairle
Cás T-542/23: Caingean arna taisceadh an 29 Lúnasa 2023 – Uss v an Chomhairle
IO C, C/2023/344, 30.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/344/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2023/344 |
30.10.2023 |
Caingean arna taisceadh an 29 Lúnasa 2023 – Uss v an Chomhairle
(Cás T-542/23)
(C/2023/344)
Teanga an cháis: an Ollainnis
Páirtithe
Iarratasóir: Artem Alexandrovich Uss (Moscó, an Rúis) (ionadaí: R. Moeyersons, Dlíodóir)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
Cinneadh (CBES) 2023/1094 (1) ón gComhairle an 5 Meitheamh 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, agus Rialachán (AE) 2023/1089 (2) ón gComhairle an 5 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a chur ar neamhní; |
— |
a ordú don Chomhairle na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, ardaítear na saincheisteanna dlí seo a leanas:
1. |
An chéad saincheist dlí: sárú ar thoimhde na neamhchiontachta agus ar an gceart chun cosaint a fháil (Airteagal 48 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh [‘an Chairt’])
|
2. |
An dara saincheist dlí: Sárú ar phrionsabal na comhréireachta (Airteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach)
|
3. |
An tríú saincheist dlí: Sárú ar phionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus na n-ionchas dlisteanach
|
4. |
An ceathrú saincheist dlí: Sárú ar an gceart bunúsach chun comhionannais agus neamhidirdhealaithe (Airteagail 20 agus 21 den Chairt)
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/344/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)