Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023TN0496

    Cás T-496/23: Caingean arna tabhairt an 11 Lúnasa 2023 – Mhana v an Chomhairle

    IO C, C/2023/62, 9.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/62/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/62/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2023/62

    9.10.2023

    Caingean arna tabhairt an 11 Lúnasa 2023 – Mhana v an Chomhairle

    (Cás T-496/23)

    (C/2023/62)

    Teanga an cháis: an Fhraincis

    Páithithe

    Iarratasóir: Ghada Mhana (Dubai, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha) (ionadaithe: G. Karouni agus K. Assogba, Dlíodóirí)

    Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    na gníomhartha seo, a mhéid a bhaineann siad leis an iarratasóir, a chur ar neamhní,

    Cinneadh (CBES) 2023/1035 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2023 lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria;

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1027 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria;

    a ordú don Chomhairle suim EUR 10 000 a íoc mar dhamáistí agus ús mar chúiteamh ar gach caillteanas le chéile;

    a ordú don Chomhairle a costais féin chomh maith leis na costais arna dtabhú ag an iarratasóir a íoc, dá bhféadfar fianaise thacaíochta a thaispeáint le linn na n-imeachtaí.

    Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

    Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí atá, go bunúsach, mar an gcéanna nó cosúil leis na cinn a bhí á maíomh sa chás T-490/23, Makhloufan Chomhairle.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/62/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top