This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62023TN0297
Case T-297/23: Action brought on 24 May 2023 — Timchenko v Council
Cás T-297/23: Caingean arna tabhairt an 24 Bealtaine 2023 – Timchenko v an Chomhairle
Cás T-297/23: Caingean arna tabhairt an 24 Bealtaine 2023 – Timchenko v an Chomhairle
IO C 296, 21.8.2023, p. 34–34
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
21.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 296/34 |
Caingean arna tabhairt an 24 Bealtaine 2023 – Timchenko v an Chomhairle
(Cás T-297/23)
(2023/C 296/38)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Gennady Nikolayevich Timchenko (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: T. Bontinck, L. Burguin, S. Bonifassi, E. Fedorova agus J. Goffin, Dlíodóirí)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
Cinneadh (CBES) 2023/572 ón gComhairle an 13 Márta 2023 a chur ar neamhní a mhéid a chuirtear síneadh leis le cur i bhfeidhm na mbeart sriantach a glacadh i gcoinne an iarratasóra le Cinneadh (CBES) 2022/337 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/336 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022; |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/571 ón gComhairle an 13 Márta 2023 a chur ar neamhní a mhéid a chuirtear síneadh leis le cur i bhfeidhm na mbeart sriantach a glacadh i gcoinne an iarratasóra le Cinneadh (CBES) 2022/337 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/336 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022; |
— |
a ordú don Chomhairle EUR 1 000 000 a íoc go sealadach as an damáiste neamhábhartha a bhain don iarratasóir; |
— |
a ordú don Chomhairle na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir sé shaincheist dlí.
1. |
An chéad shaincheist dlí, lena n-éilítear earráid fhollasach mheasúnaithe maidir leis na cúiseanna ar a bhfuil an Chomhairle ag brath, agus go háirithe na critéir le haghaidh ainmniúcháin a cuireadh i bhfeidhm ar an iarratasóir agus cineál na mbeart a glacadh. |
2. |
An dara saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar oibleagáid na Comhairle cúiseanna a lua. |
3. |
An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar an gceart chun éisteacht a fháil. |
4. |
An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta. |
5. |
An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar na cearta bunúsacha a fhaigheann an t-iarratasóir as a stádas bunúsach mar shaoránach Eorpach. Áitíonn an t-iarratasóir nach bhfuil bunús dlí le cur isteach ar a shaoirse gluaiseachta laistigh de chríoch an Aontais Eorpaigh, dá ráthaítear leis na Conarthaí, ar bhonn CBES, agus go bhfuil sé díréireach agus neamhriachtanach. |
6. |
An séú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar chearta bunúsacha eile an iarratasóra a ráthaítear leis an gCairt um Chearta Bunúsacha agus leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, go háirithe sárú ar a cheart chun maoine agus ar a cheart go n-urramófaí a shaol príobháideach agus a shaol teaghlaigh. |