Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023TN0204

    Cás T-204/23: Caingean arna tabhairt an 19 Aibreán 2023 – Studiocanal v EUIPO – Leonine Distribution (ARTHAUS)

    IO C 189, 30.5.2023, p. 43–43 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    30.5.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 189/43


    Caingean arna tabhairt an 19 Aibreán 2023 – Studiocanal v EUIPO – Leonine Distribution (ARTHAUS)

    (Cás T-204/23)

    (2023/C 189/57)

    Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis

    Páirtithe

    Iarratasóir: Studiocanal GmbH (Beirlín, an Ghearmáin) (ionadaithe: T. Dolde agus C. Zimmer, Dlíodóirí)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Leonine Distribution GmbH (München, an Ghearmáin)

    Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

    Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir

    Trádmharc atá faoi cheist: Trádmharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ARTHAUS – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 6 988 984

    Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

    Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 10 Feabhra 2023 i gCás R 1533/2022-1

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní a mhéid a dearbhaíodh ann go raibh an t-iarratas maidir le neamhbhailíocht, i bhfianaise Airteagal 59(1)(a), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7(1)(b), (c) agus (d), de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, inghlactha;

    a ordú do EUIPO na costais a íoc.

    Saincheist dlí arna maíomh

    Sárú ar Airteagal 63(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 12(1)(b) agus Airteagal 15(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1430.


    Top