Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023TN0118

    Cás T-118/23: Caingean arna tabhairt an 3 Márta 2023 – House of Prince v EUIPO – Biały (AROMA KING)

    IO C 134, 17.4.2023, p. 22–23 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    17.4.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 134/22


    Caingean arna tabhairt an 3 Márta 2023 – House of Prince v EUIPO – Biały (AROMA KING)

    (Cás T-118/23)

    (2023/C 134/30)

    Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: House of Prince A/S (Cóbanhávan, an Danmhairg) (ionadaithe: I. Fowler, I. Junkar agus B. Worbes, Dlíodóirí)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Andrzej Biały (Myszków, an Pholainn)

    Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

    Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

    Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “AROMA KING” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 285 909

    Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

    Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 21 Nollaig 2022 i gCás R 777/2022-1

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

    a ordú do EUIPO agus, i gcás idirghabhála ag an bpáirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc, don idirghabhálaí na costais a íoc.

    Saincheist dlí arna maíomh

    Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


    Top