EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023TN0117

Cás T-117/23: Caingean arna tabhairt an 3 Márta 2023 – Kantstraße Paris Bar v EUIPO – Superstudio21 (Bar Paris)

IO C 134, 17.4.2023, p. 21–22 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

17.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 134/21


Caingean arna tabhairt an 3 Márta 2023 – Kantstraße Paris Bar v EUIPO – Superstudio21 (Bar Paris)

(Cás T-117/23)

(2023/C 134/29)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Kantstraße Paris Bar GmBH (Beirlín, an Ghearmáin) (ionadaithe: U. Hildebrandt agus A. Wulff, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Superstudio21 GmbH (Köln, an Ghearmáin)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Clárú an mhairc fhíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “Bar Paris” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 088 718

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 21 Nollaig 2022 i gCás R 299/2022-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


Top