This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62023CN0795
Case C-795/23, konektra: Request for a preliminary ruling from the Bundesgerichtshof (Germany) lodged on 21 December 2023 — konektra GmbH and LN v USM U. Schärer Söhne AG
Cás C-795/23, konektra: Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin) a taisceadh an 21 Nollaig 2023 – konektra GmbH agus LN v USM U. Schärer Söhne AG
Cás C-795/23, konektra: Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin) a taisceadh an 21 Nollaig 2023 – konektra GmbH agus LN v USM U. Schärer Söhne AG
IO C, C/2024/1844, 11.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1844/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/1844 |
11.3.2024 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin) a taisceadh an 21 Nollaig 2023 – konektra GmbH agus LN v USM U. Schärer Söhne AG
(Cás C-795/23, konektra)
(C/2024/1844)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bundesgerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Cosantóirí, freagróirí agus achomharcóirí ar phointe dlí: konektra GmbH, LN
Iarratasóir, achomharcóir agus freagróir san achomharc ar phointe dlí: USM U. Schärer Söhne AG
Na ceisteanna a tharchuirtear
Cuirtear na ceisteanna seo a leanas faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh le haghaidh réamhrialú maidir le léiriú ar Airteagal 2(a), Airteagal 3(1) agus Airteagal 4(1) de Threoir 2001/29/CE (1):
1. |
I gcás saothair ealaíne fheidhmeach, an bhfuil gaol riail-eisceachta ann idir cosaint faoin dlí dearaidh agus cosaint faoi dhlí an chóipchirt sa chaoi is, agus úrnuacht na saothar sin á scrúdú faoi dhlí an chóipchirt, nach mór ceanglais níos airde a chur ar roghanna cruthaitheacha agus saora an chruthaitheora agus úrnuacht na saothar sin? |
2. |
Agus úrnuacht á scrúdú faoi dhlí an chóipchirt, ar cheart dearcadh suibiachtúil an chruthaitheora ar an bpróiseas cruthaithe a chur san áireamh (chomh maith) agus, go háirithe, ar cheart don chruthaitheoir na cinntí cruthaitheacha saora a dhéanamh go comhfhiosach ionas gur féidir iad a mheas mar chinntí cruthaitheacha saora de réir bhrí chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh? |
3. |
Más rud é, mar chuid den scrúdú ar an úrnuacht, go ndírítear go príomha ar cé acu ar cuireadh cruthú ealaíonta in iúl go hoibiachtúil sa saothar agus a mhéid a chuirtear sin in iúl: an féidir imthosca a tharlaíonn tar éis an ama a cruthaíodh an dearadh atá cinntitheach don mheasúnú ar úrnuacht a chur san áireamh freisin don scrúdú sin, mar shampla an dearadh a chur i láthair i dtaispeántais ealaíne nó músaeim nó aitheanteas an dearaidh i gciorcail ghairmiúla? |
(1) Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le gnéithe áirithe de chóipcheart agus de chearta gaolmhara a chomhchuibhiú sa tsochaí faisnéise (IO L 167, lch. 10).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1844/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)