Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CN0595

    Cás C-595/23 Cuprea: Iarraidh ar réamhrialú ón Corte di appello di Napoli (an Iodáil) a taisceadh an 26 Meán Fómhair 2023 – Imeachtaí coiriúla in aghaidh EDS

    IO C, C/2023/753, 20.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/753/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/753/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2023/753

    20.11.2023

    Iarraidh ar réamhrialú ón Corte di appello di Napoli (an Iodáil) a taisceadh an 26 Meán Fómhair 2023 – Imeachtaí coiriúla in aghaidh EDS

    (Cás C-595/23 Cuprea (1))

    (C/2023/753)

    Teanga an cháis: an Iodáilis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Corte di appello di Napoli

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    EDS

    Na ceisteanna a tharchuirtear

    Iarrtar ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a dhearbhú nach mór na forálacha comhcheangailte seo a leanas:

    Airteagal 4(6) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002  (2);

    Airteagal 22(1) agus Airteagal 25 de Chinneadh Réime 2008/909/CGB ón gComhairle an 27 Samhain 2008  (3);

    Airteagail 24, 25 agus 26 agus Airteagal 55(1) de Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018  (4);

    Aithris 46 de Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018;

    a léiriú sa chiall seo a leanas:

    1)

    i gcás inar dhiúltaigh an Stát forghníomhaitheach an duine a thabhairt suas, arna iarradh ag an Stát eisiúna trí bharántas gabhála Eorpach arna eisiúint chun ciontú coiriúil a fhorghníomhú, agus go bhfuil an breithiúnas aitheanta aige agus gur ordaigh sé forghníomhú na pianbhreithe ar a chríoch i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, agus go bhfuil tús curtha leis an bhforghníomhú, tá sé d’oibleagáid ar an Stát eisiúna an foláireamh atá iontráilte in CFS a scriosadh agus an barántas gabhála Eorpach a urscaoileadh;

    2)

    go dtí go gcuirfidh an Stát eisiúna deireadh leis an bhfoláireamh agus go léirscriosfaidh sé é, beidh sé de chumhacht ag údarás breithiúnach an Stáit fhorghníomhaithigh a iarraidh ar Bhiúró SIRENE an Bhallstáit eisiúna an foláireamh a scriosadh as CFS, agus beidh sé d’oibleagáid ar Bhiúró SIRENE déanamh amhlaidh.


    (1)  Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

    (2)  Cinneadh Réime ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit – Ráitis arna ndéanamh ag Ballstáit áirithe maidir le glacadh an Chinnidh Réime (IO 2002 L 190, lch. 1).

    (3)  Cinneadh Réime 2008/909/CGB ón gComhairle an 27 Samhain 2008 maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm ar bhreithiúnais in ábhair choiriúla lena bhforchuirtear pianbhreitheanna coimeádta nó bearta a bhaineann le cailleadh saoirse chun iad a fhorfheidhmiú san Aontas Eorpach (IO 2008 L 327, lch. 27).

    (4)  Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (CFS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO 2018 L 312, lch. 56).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/753/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top