Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CN0252

    Cás C-252/23 P: Achomharc arna thabhairt an 17 Aibreán 2023 ag European Association of Non-Integrated Metal Importers & distributors (Euranimi) i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Tríú Dlísheomra) a fógraíodh an 7 Feabhra 2023 i gCás T-81/22, Euranimi v an Coimisiún

    IO C 189, 30.5.2023, p. 26–27 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    30.5.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 189/26


    Achomharc arna thabhairt an 17 Aibreán 2023 ag European Association of Non-Integrated Metal Importers & distributors (Euranimi) i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Tríú Dlísheomra) a fógraíodh an 7 Feabhra 2023 i gCás T-81/22, Euranimi v an Coimisiún

    (Cás C-252/23 P)

    (2023/C 189/35)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Achomharcóir: European Association of Non-Integrated Metal Importers & distributors (Euranimi) (ionadaithe: M. Campa, D. Rovetta, V. Villante, avvocati, P. Gjørtler, advokat)

    Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach

    An t-ordú atá á lorg

    Iarann an t-achomharcóir ar an gCúirt:

    a dhearbhú go bhfuil an t-achomharc seo inghlactha;

    an t-ordú faoi achomharc a chur ar ceal agus a dhearbhú go bhfuil an chaingean arna tabhairt ag Euranimi inghlactha;

    an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta chun substaint chaingean Euranimi a scrúdú;

    a ordú don Choimisiún Eorpach costas dlíthiúil an achomhairc seo agus an nós imeachta ag an gcéad chéim a íoc.

    Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

    Mar thaca leis an achomharc, maíonn an t-achomharcóir trí phríomhshaincheist dlí:

    An chéad saincheist dlí: earráid sa dlí maidir le léiriú Airteagal 263(4) CFAE agus go háirithe an ceanglas atá le “(h)ábhar imní díreach agus aonair” – cáiliú mícheart ar na fíorais.

    An dara saincheist dlí: earráid sa dlí maidir le léiriú na habairte deireanaí d'Airteagal 263(4) CFAE agus cheanglas agus choincheap an ghnímh rialúcháin nach bhfuil bearta cur chun feidhme i gceist leis – cáiliú mícheart ar na fíoraís agus saobhadh fianaise.

    An tríú saincheist dlí: cáiliú mícheart ar na fíorais agus saobhadh fianaise.


    Top