EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CN0202

Cás C-202/23, Baabda agus páirtithe eile: Iarraidh ar réamhrialú ó Verwaltungsgericht Minden (an Ghearmáin) a taisceadh an 28 Márta 2023 – M.E.O. v Poblacht Chónaidhme na Gearmáine

IO C 261, 24.7.2023, p. 4–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

24.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 261/4


Iarraidh ar réamhrialú ó Verwaltungsgericht Minden (an Ghearmáin) a taisceadh an 28 Márta 2023 – M.E.O. v Poblacht Chónaidhme na Gearmáine

(Cás C-202/23, Baabda agus páirtithe eile (1))

(2023/C 261/10)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Verwaltungsgericht Minden

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: M.E.O.

Cosantóir: Poblacht Chónaidhme na Gearmáine

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcaithfear Airteagal 33(2)(d) de Threoir 2013/32/EU (2), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2, pointe (q), den Treoir sin, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht Bhallstáit ar dá réir ba chóir diúltú d’iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a rinneadh sa Bhallstát sin toisc é a bheith do-ghlactha i gcás ina ndearna an t-iarratasóir iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i mBallstát eile cheana roimhe sin agus gur scor an Ballstát eile an nós imeachta sin toisc gur thréig an t-iarratasóir an t-iarratas sa Bhallstát sin?

2.

Más freagra diúltach a thabharfar ar Cheist 1:

An gcaithfear Airteagal 33(2)(d) de Threoir 2013/32, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2, pointe (q), den Treoir sin, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht Bhallstáit ar dá réir ba chóir diúltú d’iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a rinneadh sa Bhallstát sin toisc é a bheith do-ghlactha i gcás ina ndearna an t-iarratasóir iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i mBallstát eile cheana roimhe sin agus gur scor an Ballstát eile an nós imeachta sin toisc gur thréig an t-iarratasóir an t-iarratas sa Bhallstát eile sin, cé gur féidir leis an mBallstát eile an nós imeachta tearmain sa Bhallstát eile sin a athoscailt, má iarrann an t-iarratasóir amhlaidh sa Bhallstát eile?

3.

Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 2:

An bhforáiltear le dlí an Aontais an dáta ábhartha, i dtaca le cinneadh maidir le hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta, chun a chinneadh an féidir nós imeachta tearmainn ar scoradh de roimhe sin i mBallstát eile a athoscailt fós nó an é an dlí náisiúnta amháin a rialaíonn an cheist sin?

4.

Más é an freagra ar Cheist 3 go ndéantar foráil chuige sin i ndlí an Aontais:

Cad é an dáta ábhartha faoi dhlí an Aontais, i dtaca le cinneadh maidir le hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta, chun a chinneadh an féidir nós imeachta tearmainn ar scoradh de roimhe sin i mBallstát eile a athoscailt fós?


(1)  Tugtar ainm bréige sa chás seo, nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon duine de na páirtithe sna príomhimeachtaí.

(2)  Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le nósanna imeachta coiteanna chun stádas cosanta idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (athmhúnlú) (IO 2013 L 180, lch. 60).


Top