This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62023CN0182
Case C-182/23, Makowit: Request for a preliminary ruling from the Naczelny Sąd Administracyjny (Poland) lodged on 22 March 2023 — Dyrektor Krajowej Informacji Skarbowej v J.S.
Cás C-182/23, Makowit: Iarraidh ar réamhrialú ó Naczelny Sąd Administracyjny (an Pholainn) a taisceadh an 22 Márta 2023 – Dyrektor Krajowej Informacji Skarbowej v J.S.
Cás C-182/23, Makowit: Iarraidh ar réamhrialú ó Naczelny Sąd Administracyjny (an Pholainn) a taisceadh an 22 Márta 2023 – Dyrektor Krajowej Informacji Skarbowej v J.S.
IO C 252, 17.7.2023, p. 14–14
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
17.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 252/14 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Naczelny Sąd Administracyjny (an Pholainn) a taisceadh an 22 Márta 2023 – Dyrektor Krajowej Informacji Skarbowej v J.S.
(Cás C-182/23, Makowit (1))
(2023/C 252/16)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Naczelny Sąd Administracyjny
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Dyrektor Krajowej Informacji Skarbowej
Cosantóir: J.S.
An cheist a tharchuirtear
An gceadaíonn forálacha Airteagal 9(1) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (2), i gcomhar le hAirteagal 14(2)(a) di, feirmeoir atá faoi dhliteanas CBL a íoc faoi rialacha ginearálta agus a aistríonn úinéireacht píosa talún chuig an Státchiste faoi nós imeachta díshealbhaithe mar mhalairt ar chúiteamh a bhaineann le hathrú ar an úsáid atá beartaithe di chun críoch neamhthalmhaíochta go mbreathnófar air mar cháiníocóir atá faoi oibleagáid CBL a íoc ar an gcúiteamh sin amháin toisc gur úsáideadh an ceapach níos luaithe do ghníomhaíochtaí talmhaíochta faoi réir CBL?
(1) Tá ainm bréige tugtha don chás seo nach gcomhfhreagraíonn d’ainm iarbhír aon cheann de na páirtithe sna himeachtaí.