Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CN0125

Cás C-125/23, Unedic: Iarraidh ar réamhrialú ón Cour d’appel d’Aix-en-Provence (an Fhrainc) a taisceadh an 1 Márta 2023 – Association Unedic délégation AGS de Marseille v V, W, X, Y, Z, leachtaitheoir chuideachta K

IO C 189, 30.5.2023, p. 17–17 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/17


Iarraidh ar réamhrialú ón Cour d’appel d’Aix-en-Provence (an Fhrainc) a taisceadh an 1 Márta 2023 – Association Unedic délégation AGS de Marseille v V, W, X, Y, Z, leachtaitheoir chuideachta K

(Cás C-125/23, Unedic)

(2023/C 189/23)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Cour d’appel d’Aix-en-Provence

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Association Unedic délégation AGS de Marseille

Cosantóirí: V, W, X, Y, Z, leachtaitheoir chuideachta K

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An féidir Treoir 2008/94/CE (1) a léiriú sa chaoi go gceadaítear cosc ar an institiúid ráthaíochta maidir le ráthaíocht pá téarfa a ghabháil uirthi féin ar fhoirceannadh caidrimh fostaíochta i gcás ina ndearbhaíonn fostaí go bhfuil a chonradh fostaíochta foirceanta tar éis d’imeachtaí dócmhainneachta a bheith tionscanta?

2.

An bhfuil léiriú den sórt sin i gcomhréir le foclaíocht agus le críoch na Treorach sin, agus an gcumasaítear leis an léiriú sin na torthaí a shonraítear inti a bhaint amach?

3.

An bhfuil difríocht ann mar gheall ar léiriú den sórt sin, bunaithe ar an té a chuir deireadh leis an gconradh fostaíochta le linn na tréimhse dócmhainneachta, sa chaoi a gcaitear le fostaithe?

4.

Má tá difríocht sa chaoi ina gcaitear leo, an bhfuil údar oibiachtúil leis?


(1)  Treoir 2008/94/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le fostaithe a chosaint i gcás dhócmhainneacht a bhfostóra (IO 2008 L 283, lch. 36).


Top