This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62023CN0107
Case C-107/23 PPU, Lin: Request for a preliminary ruling from the Curtea de Apel Brașov (Romania) lodged on 22 February 2023 — Criminal proceedings against C.I., C.O., K.A., L.N., S.P.
Cás C-107/23 PPU, Lin: Iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Brașov (an Rómáin) a taisceadh an 22 Feabhra 2023 — Imeachtaí coiriúla in aghaidh C.I., C.O., K.A., L.N., S.P.
Cás C-107/23 PPU, Lin: Iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Brașov (an Rómáin) a taisceadh an 22 Feabhra 2023 — Imeachtaí coiriúla in aghaidh C.I., C.O., K.A., L.N., S.P.
IO C 189, 30.5.2023, p. 15–16
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
30.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 189/15 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Brașov (an Rómáin) a taisceadh an 22 Feabhra 2023 — Imeachtaí coiriúla in aghaidh C.I., C.O., K.A., L.N., S.P.
(Cás C-107/23 PPU, Lin)
(2023/C 189/21)
Teanga an cháis: an Rómáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Curtea de Apel Brașov
Imeachtaí coiriúla in aghaidh:
C.I., C.O., K.A., L.N., S.P.
Freagróir
Stát na Rómáine
Na ceisteanna a tharchuirtear
1) |
An gá Airteagal 2 CAE, an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus Airteagal 4 [(3)] CAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 325(1) CFAE agus Airteagal 2(1) de Choinbhinsiún PIF (1) agus Airteagal 2 agus Airteagal 12 de Threoir PIF, (2) chomh maith le Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, (3) i ndáil leis an bprionsabal pionóis éifeachtacha agus athchomhairleacha a bhunú i gcásanna calaoise tromchúisí a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh, agus Cinneadh 2006/928/CE (4) ón gCoimisiún a chur i bhfeidhm, ag tagairt don abairt dheireanach d'Airteagal 49(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar staid dhlíthiúil, amhail staid atá i gceist sna príomhimeachtaí ina n-iarrann na hachomharcóirí faoi phianbhreith, trí achomharc urghnách, ciontú coiriúil críochnaitheach a chur ar neamhní, agus é ag brath ar chur i bhfeidhm phrionsabal an dlí choiriúil níos trócairí, a bheadh infheidhme le linn na bpríomhimeachtaí agus lena bhforáiltear do thréimhse teorann níos giorra a bhí imithe in éag roimh réiteach deiridh an cháis, ach a tugadh chun solais tar éis an phointe ama sin, le cinneadh ón gcúirt bhunreachtúil náisiúnta lena ndearbhaítear go bhfuil foráil dhlíthiúil neamhbhunreachtúil lena gcuirtear isteach ar an tréimhse teorann le haghaidh dliteanas coiriúil (Cinneadh 2022); ag brath ar táimhe an reachtais, nach ndearna idirghabháil chun an téacs dlíthiúil a réiteach le cinneadh eile ón gcúirt bhunreachtúil chéanna a eisíodh ceithre bliana ó shin i gcomparáid leis an gcinneadh deireanach sin (Cinneadh 2018) – agus le linn an ama sin bhí cásdlí na ngnáthchúirteanna a bunaíodh i gcur i bhfeidhm an chinnidh roimhe sin bunaithe cheana féin maidir leis an téacs sin a bheith ann, i bhfoirm a thuigtear mar thoradh ar an gcéad chinneadh ón gcúirt bhunreachtúil – agus an iarmhairt phraiticiúil a bhaineann leis an tréimhse teorann a laghdú go leath na tréimhse teorann le haghaidh gach ciona choiriúil nár tugadh aon chiontú deiridh ina leith sular tugadh an chéad chinneadh ón gcúirt bhunreachtúil agus sula bhfoirceanntar na himeachtaí coiriúla i gcoinne na gcosantóirí atá i gceist dá bharr sin? |
2) |
An gá Airteagal 2 CAE maidir le luachanna an smachta reachta agus urraim do chearta an duine i sochaí arb iad is sainairíonna é an ceartas agus Airteagal 4 [(3)] CAE maidir le prionsabal an chomhair dhílis idir an tAontas agus na Ballstáit, agus Cinneadh 2006/928/CE ón gCoimisiún maidir leis an ngealltanas éifeachtúlacht chóras breithiúnach na Rómáine a áirithiú, ag féachaint don abairt deiridh d’Airteagal 49 [(1)] den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, lena cumhdaítear prionsabal an dlí choiriúil níos trócairí a léiriú, maidir leis an gcóras breithiúnach náisiúnta ina iomláine, sa chaoi go gcuirtear cosc ar staid dhlíthiúil, amhail staid atá i gceist sna príomhimeachtaí ina n-iarrann na hachomharcóirí faoi phianbhreith., trí achomharc urghnách, ciontú coiriúil críochnaitheach a chur ar neamhní, agus é ag brath ar chur i bhfeidhm phrionsabal an dlí choiriúil níos trócairí, a bheadh infheidhme le linn na bpríomhimeachtaí agus lena bhforáiltear do thréimhse teorann níos giorra a bhí imithe in éag roimh réiteach deiridh an cháis, ach a tugadh chun solais tar éis an phointe ama sin, le cinneadh ón gcúirt bhunreachtúil náisiúnta lena ndearbhaítear go bhfuil foráil dhlíthiúil neamhbhunreachtúil lena gcuirtear isteach ar an tréimhse teorann le haghaidh dliteanas coiriúil (Cinneadh 2022); ag brath ar táimhe an reachtais, nach ndearna idirghabháil chun an téacs dlíthiúil a réiteach le cinneadh eile ón gcúirt bhunreachtúil chéanna a eisíodh ceithre bliana ó shin i gcomparáid leis an gcinneadh deireanach sin (cinneadh 2018) – agus le linn an ama sin bhí cásdlí na ngnáthchúirteanna a bunaíodh i gcur i bhfeidhm an chinnidh roimhe sin bunaithe cheana féin maidir leis an téacs sin a bheith ann, i bhfoirm a thuigtear mar thoradh ar an gcéad chinneadh ón gcúirt bhunreachtúil – agus an iarmhairt phraiticiúil a bhaineann leis an tréimhse teorann a laghdú go leath na tréimhse teorann le haghaidh gach ciona choiriúil nár tugadh aon chiontú deiridh ina leith sular tugadh an chéad chinneadh ón gcúirt bhunreachtúil agus sula bhfoirceanntar na himeachtaí coiriúla i gcoinne na gcosantóirí atá i gceist dá bharr sin? |
3) |
Más amhlaidh atá, agus sa chás sin amháin nach féidir léiriú atá comhsheasmhach le dlí an Aontais a thabhairt, ní mór prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais a léiriú mar chosc ar reachtaíocht náisiúnta nó ar chleachtas náisiúnta faoina bhfuil gnáthchúirteanna náisiúnta faoi cheangal ag breitheanna ón gcúirt bhunreachtúil náisiúnta agus ag breitheanna ceangailteacha ón gcúirt uachtarach náisiúnta agus ní féidir, ar an gcúis sin agus ar an mbaol cion araíonachta a dhéanamh, an cásdlí a eascraíonn as na cinntí sin a dhífheidhmiú as a stuaim féin, fiú má mheasann siad: i bhfianaise breithiúnais ón gCúirt Bhreithiúnais, an bhfuil an cásdlí sin ar neamhréir go príomha le hAirteagal 2 CAE, leis an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus le hAirteagal 4 [(3)] CAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 325(1) CFAE, uile le cur i bhfeidhm Chinneadh 2006/928/CE ón gCoimisiún, ag féachaint don abairt deiridh d’Airteagal 49 [(1)] den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, mar atá sna príomhimeachtaí? |
(1) Coinbhinsiún arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO 1995 C 316, lch. 49).
(2) Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO 2017 L 198, lch. 29).
(3) Treoir 2006/112 ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. l) (IO 3 L, lch. 7).
(4) Cinneadh ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2006 lena mbunaítear sásra um chomhar agus um fhíorú ar dhul chun cinn sa Rómáin chun aghaidh a thabhairt ar thagarmharcanna sonracha i réimsí an athchóirithe bhreithiúnaigh agus an chomhraic i gcoinne an éillithe(IO 2006 L 354, L. 56).