This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62023CN0051
Case C-51/23 P: Appeal brought on 1 February 2023 by Validity Foundation — Mental Disability Advocacy Centre against the order of the General Court (Seventh Chamber) delivered on 22 November 2022 in Case T-640/20, Validity v Commission
Cás C-51/23 P: Achomharc arna thabhairt an 1 Feabhra 2023 ag Validity Foundation – Mental Disability Advocacy Centre i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Seachtú Dlísheomra) a fograíodh an 22 Samhain 2022 i gCás T-640/20, Validity v an Coimisiún
Cás C-51/23 P: Achomharc arna thabhairt an 1 Feabhra 2023 ag Validity Foundation – Mental Disability Advocacy Centre i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Seachtú Dlísheomra) a fograíodh an 22 Samhain 2022 i gCás T-640/20, Validity v an Coimisiún
IO C 189, 30.5.2023, p. 8–9
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
30.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 189/8 |
Achomharc arna thabhairt an 1 Feabhra 2023 ag Validity Foundation – Mental Disability Advocacy Centre i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Seachtú Dlísheomra) a fograíodh an 22 Samhain 2022 i gCás T-640/20, Validity v an Coimisiún
(Cás C-51/23 P)
(2023/C 189/12)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóir: Validity Foundation – Mental Disability Advocacy Centre (ionadaithe: B. Van Vooren, advocaat, agus M.R. Oyarzabal Arigita, Abogada)
Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
a dhearbhú go bhfuil an t-achomharc inghlactha agus go bhfuil bunús maith leis; |
— |
Ordú na Cúirte Ginearálta a fógraíodh an 22 Samhain 2022 i gCás T-640/20, Validity v an Coimisiún, a chur ar leataobh; |
— |
neamhniú Chinneadh C(2020) 5540 final ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2020 agus Chinneadh C(2021) 2834 final an 19 Aibreán 2021 a dheonú; agus |
— |
a ordú don Choimisiún Eorpach costais an Iarratasóra a íoc; nó |
— |
de rogha air sin, an cás a tharchur chuig an gCúirt Ghinearálta le haghaidh cinneadh maidir le fiúntas, agus na costais a choimeád. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Leis an gcéad shaincheist dlí, cuireann an tIarratasóir i gcoinne chinntí na Cúirte Ginearálta nach bhfuil aon bhaol ann go sáróidh an Coimisiún Airteagal 4(3) de Rialachán 1049/2001 (an “Rialachán Trédhearcachta”) amach anseo mar:
i. |
ní toimhde ghinearálta rúndachta atá i gceist leis an bhforas “timpeallacht na hiontaoibhe frithpháirtí”; agus |
ii. |
níl aon bhaol ann go mbeidh an Coimisiún ag brath arís ar fhoras doiléir, amhail “timpeallacht na hiontaoibhe frithpháirtí”, in iarrataí ar rochtain ar dhoiciméid amach anseo. |
Leis an dara saincheist dá chuid, maíonn an tIarratasóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí nach bhfuil aon bhaol ann go ndéanfar sáruithe arís ar phrionsabail na trédhearcachta nó an dea-riaracháin nó go ndéanfar sáruithe nós imeachta ar an Rialachán Trédhearcachta mar a rinneadh sa nós imeachta as ar eascair na himeachtaí sin.